02013R1301 — GA — 24.04.2020 — 003.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 1301/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Nollaig 2013

maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir le forálacha sonracha a bhaineann le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006

(IO L 347 20.12.2013, lch. 289)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE, Euratom) 2018/1046 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 18 Iúil 2018

  L 193

1

30.7.2018

►M2

RIALACHÁN (AE) 2020/460 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 30 Márta 2020

  L 99

5

31.3.2020

►M3

RIALACHÁN (AE) 2020/558 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE an 23 Aibreán 2020

  L 130

1

24.4.2020


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 330, 3.12.2016, lch.  18 (1301/2013)




▼B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 1301/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Nollaig 2013

maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir le forálacha sonracha a bhaineann le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006



CAIBIDIL I

Forálacha coiteanna

▼C1

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo cúraimí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), raon feidhme a thacaíochta maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh agus forálacha sonracha maidir le tacaíocht CFRE do sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post.

▼B

Airteagal 2

Cúraimí CFRE

Rannchuideoidh CFRE le maoiniú tacaíochta a bhfuil sé d'aidhm aici comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a atreisiú trí na príomh-mhíchothromaíochtaí réigiúnacha san Aontas a chur ina gceart trí thacú le forbairt inbhuanaithe agus coigeartú struchtúrach geilleagar réigiúnach, lena n-áirítear comhshó réigiún ina bhfuil meath tionsclaíoch ag tarlú agus réigiún ina bhfuil a bhforbairt ag titim ar chúl.

Airteagal 3

Raon feidhme na tacaíochta ó CFRE

1.  Tacóidh CFRE leis na gníomhaíochtaí seo a leanas chun rannchuidiú leis na tosaíochtaí infheistíochta a leagtar amach in Airteagal 5:

(a) 

infheistíocht tháirgiúil a rannchuidíonn le cruthú agus cosaint post inbhuanaithe, trí chabhair dhíreach d'infheistíocht in FBManna;

(b) 

infheistíocht tháirgiúil, gan beann ar mhéid an fhiontair lena mbaineann, a rannchuidíonn leis na tosaíochtaí infheistíochta a leagtar amach i bpointe (1) agus i bpointe (4) d'Airteagal 5, agus, i gcás ina bhfuil comhar idir fiontair mhóra agus FBManna i gceist leis an infheistíocht sin, i bpointe (2) Airteagal 5;

(c) 

infheistíocht i mbonneagar a chuireann seirbhísí bunúsacha ar fáil do shaoránaigh i réimsí an fhuinnimh, an chomhshaoil, an iompair agus TFC;

(d) 

infheistíocht i mbonneagar sóisialta, sláinte, taighde, nuálaíochta, gnó agus oideachais;

▼M1

(e) 

infheistíocht i bhforbairt na hacmhainneachta inginiúla trí infheistíocht sheasta i dtrealamh agus i mbonneagar, lena n-áirítear bonneagar cultúrtha agus tuarasóireachta inbhuanaithe, seirbhísí d’fhiontair, tacaíocht do chomhlachtaí taighde agus nuálaíochta agus infheistíocht i dteicneolaíocht agus i dtaighde feidhmeach i bhfiontair;

▼B

(f) 

líonrú, comhoibriú agus malartú taithí idir údaráis inniúla réigiúnacha, áitiúla, uirbeacha agus údaráis phoiblí eile, comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta, agus comhlachtaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht thar ceann na sochaí sibhialta, mar a thagraítear di in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, staidéir, gníomhaíochtaí ullmhúcháin agus forbairt acmhainní.

▼M1

Measfar infheistíocht i mbonneagar tuarasóireachta cultúrtha agus inbhuanaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (e) den chéad fhomhír den mhír seo a bheith ar mhionscála agus incháilithe le haghaidh tacaíochta, más rud nach mó ná EUR 10 000 000 ranníocaíocht CFRE don oibríocht. Ardófar an uasteorainn sin go EUR 20 000 000 i gcás bonneagar a mheasfar a bheith ina oidhreacht chultúrtha de réir bhrí Airteagal 1 den Choinbhinsiún 1972 Unesco maidir leis an Oidhreacht Dhomhanda, Chultúrtha agus Nádúrtha a Chosaint.

▼M2

5. Ina theannta sin, féadfaidh CRFE tacú le maoiniú caipitil oibre in FBManna i gcás inar gá, mar bheart sealadach, chun freagairt éifeachtach a thabhairt ar ghéarchéim sláinte poiblí.

▼B

2.  Faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh, féadfaidh CFRE tacú freisin le saoráidí agus le hacmhainní daonna agus gach cineál bonneagar a roinnt thar theorainneacha i ngach réigiún.

3.  Ní thacóidh CFRE leis an méid seo a leanas:

(a) 

díchoimisiúnú nó tógáil cumhachtstáisiún núicléach;

(b) 

infheistíochtaí chun an laghdú ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa a bhaint amach sna gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE;

(c) 

monarú, próiseáil agus margú tobac agus táirgí tobac;

▼M3

(d) 

maidir le gnóthais a bhfuil deacracht acu mar a shainmhínítear i rialacha an Aontais a bhaineann le Státchabhair; gnóthais a fhaigheann tacaíocht i gcomhréir leis an gCreat Sealadach maidir le bearta Státchabhrach ( 1 ) nó Rialacháin (AE) Uimh. 1407/2013 ( 2 ), (AE) Uimh. 1408/2013 ( 3 ) agus (AE) Uimh. 717/2014 ( 4 ) ón gCoimisiún, ní mheasfar gur gnóthais iad a bhfuil deacracht acu chun críoch an phointe seo;

▼B

(e) 

infheistíocht i mbonneagar aerfoirt mura rud é go bhfuil baint aige sin le cosaint an chomhshaoil nó mura rud é go bhfuil infheistíocht ag gabháil leis sin is gá chun an tionchar diúltach a bheidh aige sin ar an gcomhshaol a mhaolú nó a laghdú.

Airteagal 4

Díriú téamach

1.  Díreofar na cuspóirí téamacha a leagtar amach sa chéad mhír d'Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus na tosaíochtaí infheistíochta comhfhreagracha a leagtar amach in Airteagal 5 den Rialachán seo lena bhféadfaidh CFRE rannchuidiú faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, mar seo a leanas:

(a) 

i réigiúin níos forbartha:

(i) 

leithdháilfear 80 % ar a laghad d'acmhainní iomlána CFRE ar an leibhéal náisiúnta ar dhá cheann nó níos mó de na cuspóirí téamacha a leagtar amach i bpointí 1, 2, 3 agus 4 den chéad mhír d'Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013; agus

(ii) 

leithdháilfear 20 % ar a laghad d'acmhainní iomlána CFRE ar an leibhéal náisiúnta ar an gcuspóir téamach a leagtar amach i bpointe 4 den chéad mhír d'Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013;

(b) 

i réigiúin trasdula:

(i) 

leithdháilfear 60 % ar a laghad d'acmhainní iomlána CFRE ar an leibhéal náisiúnta ar dhá cheann nó níos mó de na cuspóirí téamacha a leagtar amach i bpointí 1, 2, 3 agus 4 den chéad mhír d'Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013; agus

(ii) 

leithdháilfear 15 % ar a laghad d'acmhainní iomlána CFRE ar an leibhéal náisiúnta ar an gcuspóir téamach a leagtar amach i bpointe 4 den chéad mhír d'Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013;

(c) 

i réigiúin lagfhorbartha:

(i) 

leithdháilfear 50 % ar a laghad d'acmhainní iomlána CFRE ar an leibhéal náisiúnta ar dhá cheann nó níos mó de na cuspóirí téamacha a leagtar amach i bpointí 1, 2, 3 agus 4 den chéad mhír d'Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013; agus

(ii) 

leithdháilfear 12 % ar a laghad d'acmhainní iomlána CFRE ar an leibhéal náisiúnta ar an gcuspóir téamach a leagtar amach i bpointe 4 den chéad mhír d'Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

Chun críche an Airteagail seo, maidir leis na réigiúin sin a raibh OTI per capita acu arna úsáid mar chritéar incháilitheachta do chlárthréimhse 2007-2013 a bhí faoi bhun 75 % de mheán-OTI AE-25 don tréimhse thagartha, agus na réigiúin atá ainmnithe leis an stádas céimnithe amach i gclárthréimhse 2007-2013 ach atá incháilithe faoi chatagóir na réigiún atá níos forbartha dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír d'Airteagal 90(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 i gclárthréimhse 2014-2020, measfar gur réigiúin trasdula iad.

Chun críche an Airteagail seo, maidir le gach réigiún leibhéal NUTS 2 arb é amháin atá iontu Ballstáit oileánacha nó oileáin atá mar chuid de Bhallstáit a fhaigheann tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe, agus na réigiúin uile is forimeallaí, measfar gur réigiúin lagfhorbartha iad.

2.  De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh an sciar íosta CFRE a leithdháiltear ar chatagóir réigiúin a bheith níos ísle ná an méid a leagtar amach sa mhír sin, ar choinníoll go ndéantar an laghdú a chúiteamh le méadú sa sciar a leithdháiltear ar chatagóirí eile réigiún. Mar sin, ní bheidh an tsuim deiridh ar an leibhéal náisiúnta de na méideanna le haghaidh gach catagóire réigiún faoi seach i dtaca leis na cuspóirí téamacha a leagtar amach i bpointí 1, 2, 3 agus 4 den chéad mhír d'Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1300/2013 agus na cuspóirí téamacha a leagtar amach i bpointe 4 den chéad mhír d'Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 níos lú dá réir sin ná an tsuim ar an leibhéal náisiúnta mar thoradh ar sciartha íosta CFRE a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm.

3.  De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfar acmhainní faoin gCiste Comhtháthaithe a leithdháiltear chun tacú leis na tosaíochtaí infheistíochta a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1300/2013 a ríomh le haghaidh na sciartha íosta a leagtar amach i bpointí (a)(ii), (b)(ii) agus (c)(ii) den chéad fomhír de mhír 1 den Airteagal seo a bhaint amach. I gcás den sórt sin, méadófar an sciar dá dtagraítear i bpointe (c)(ii) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo go dtí 15 %. I gcás inarb infheidhme, leithdháilfear na hacmhainní sin, ar bhonn pro rata, ar na catagóirí éagsúla réigiún bunaithe ar an sciar ábhartha atá iontu de dhaonra iomlán an Bhallstáit lena mbaineann.

Airteagal 5

Tosaíochtaí infheistíochta

Tacóidh CFRE leis na tosaíochtaí infheistíochta seo a leanas laistigh de na cuspóirí téamacha a leagtar amach sa chéad mhír d'Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 i gcomhréir leis na riachtanais forbartha agus leis an bpoitéinseal fáis dá dtagraítear i bpointe (a)(i) d'Airteagal 15(1) den Rialachán sin agus a leagtar amach sa Chomhaontú Comhpháirtíochta:

(1) 

taighde, forbairt theicneolaíoch agus nuálaíocht a neartú trí:

(a) 

fheabhas a chur ar bhonneagar taighde agus nuálaíochta (T&N) agus ar acmhainní chun barr feabhais T&N a fhorbairt agus ionaid inniúlachta a chur chun cinn, go háirithe iad siúd a bhfuil leas Eorpach ag baint leo;

▼M2

(b) 

infheistíocht ghnó a chur chun cinn i réimse na teicneolaíochta agus na nuálaíochta, agus naisc agus sineirgí a fhorbairt idir fiontair, ionaid taighde agus forbartha agus earnáil an ardoideachais, go háirithe trí infheistíocht a chur chun cinn i bhforbairt táirgí agus seirbhísí, aistriú teicneolaíochta, nuálaíocht shóisialta, éiceanuálaíocht, feidhmchláir don tseirbhís phoiblí, cothú éilimh, líonrú, braislí agus nuálaíocht oscailte trí speisialtóireacht chliste, agus trí thacú le taighde teicneolaíochta agus feidhmeach, línte píolótacha, bearta luathbhailíochtaithe táirge, ardchumas monaraíochta agus céadtáirgeadh, go háirithe in eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin agus scaipeadh teicneolaíochtaí ilfheidhmeacha, chomh maith leis an infheistíocht is gá a chothú chun acmhainneachtaí freagartha ar ghéarchéimeanna sna seirbhísí sláinte a neartú;

▼B

(2) 

úsáid agus cáilíocht TFC agus rochtain orthu a fheabhsú trí:

(a) 

úsáid leathanbhanda agus feidhmiú céimneach líonraí ardluais a leathnú agus tacú le glacadh teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus líonraí don gheilleagar digiteach;

(b) 

sheirbhísí agus táirgí TFC agus ríomhthráchtáil a fhorbairt agus éileamh ar TFC a fheabhsú;

(c) 

fheidhmchláir TFC le haghaidh ríomhsheirbhísí rialtais, ríomhfhoghlaim, ríomhchuimsiú, ríomhchultúr agus ríomhshláinte a neartú;

(3) 

iomaíochas FBManna a fheabhsú trí:

(a) 

fhiontraíocht a chur chun cinn, go háirithe trí shaothrú eacnamaíoch smaointe nua a éascú agus cruthú gnólachtaí nua a chothú, lena n-áirítear trí ghorlanna gnó;

(b) 

shamhlacha nua gnó a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm do FBManna, go háirithe maidir leis an idirnáisiúnú;

(c) 

thacú le cruthú agus leathnú acmhainní ardfhorbartha d'fhorbairt táirgí agus seirbhísí;

(d) 

thacú le hacmhainn FBManna fás a dhéanamh i margaí réigiúnacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus páirt a ghlacadh i bpróisis nuálaíochta;

(4) 

tacú leis an aistriú i dtreo geilleagair ísealcharbóin sna hearnálacha uile trí:

(a) 

tháirgeadh agus dáileadh fuinnimh a fhaightear ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn;

(b) 

éifeachtúlacht fuinnimh agus úsáid fuinnimh inathnuaite a chur chun cinn i bhfiontair;

(c) 

thacú le héifeachtúlacht fuinnimh, bainistiú cliste fuinnimh agus úsáid fuinnimh inathnuaite i mbonneagair phoiblí, lena n-áirítear i bhfoirgnimh phoiblí, agus san earnáil tithíochta;

(d) 

chórais dáilte chliste a oibríonn ar leibhéil ísealvoltais agus meánvoltais a fhorbairt agus a chur chun feidhme;

(e) 

straitéisí ísealcharbóin do gach cineál críoch, go háirithe ceantair uirbeacha, lena n-áirítear soghluaisteacht ilmhódach inbhuanaithe uirbeach, a chur chun cinn agus bearta oiriúnaithe ábhartha um maolú a chur chun cinn freisin;

(f) 

thaighde agus nuálaíocht i dteicneolaíochtaí ísealcharbóin agus glacadh na dteicneolaíochtaí sin a chur chun cinn;

(g) 

úsáid ardéifeachtúil teasa agus fuinnimh comhghinte a chur chun cinn bunaithe ar éileamh úsáideach teasa;

(5) 

oiriúnú don athrú aeráide, cosc ar riosca agus bainistíocht riosca a chur chun cinn trí:

(a) 

thacú le hinfheistíocht le haghaidh oiriúnú don athrú aeráide, lena n-áirítear cineálacha cur chuige bunaithe ar éiceachórais;

(b) 

infheistíocht a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sonracha, athléimneacht ó thubaistí a áirithiú agus córais bhainistithe tubaistí a fhorbairt;

(6) 

an comhshaol a chaomhnú agus a chosaint agus éifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn trí:

(a) 

infheistiú san earnáil dramhaíola chun ceanglais acquis comhshaoil an Aontais a chomhlíonadh agus chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais, arna sainaithint ag na Ballstáit, maidir le hinfheistíocht a théann níos faide ná na ceanglais sin;

(b) 

infheistiú san earnáil uisce chun ceanglais acquis comhshaoil an Aontais a chomhlíonadh agus chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais, arna sainaithint ag na Ballstáit, maidir le hinfheistíocht a théann níos faide ná na ceanglais sin;

(c) 

oidhreacht nádúrtha agus chultúrtha a chaomhnú, a chosaint, a chur chun cinn agus a fhorbairt;

(d) 

bhithéagsúlacht agus ithir a chosaint agus a athneartú agus seirbhísí éiceachórais a chur chun cinn, lena n-áirítear trí Natura 2000 agus bonneagair ghlasa;

(e) 

ghníomhú chun an comhshaol uirbeach a fheabhsú, chun cathracha a athbheochan, chun láithreán athfhorbraíochta (lena n-áirítear limistéir atá á dtiontú) a athghiniúint agus a dhí-éiliú, chun truailliú aeir a laghdú agus chun bearta laghdaithe torainn a chur chun cinn;

(f) 

theicneolaíochtaí nuálacha a chur chun cinn chun cosaint an chomhshaoil agus éifeachtúlacht acmhainní a fheabhsú san earnáil dramhaíola, san earnáil uisce, agus maidir le hithir, nó chun truailliú aeir a laghdú;

(g) 

thacú le trasdul tionsclaíoch i dtreo geilleagair atá tíosach ar acmhainní, fás glas, éiceanuálaíocht agus bainistíocht feidhmíochta comhshaoil a chur chun cinn san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach;

(7) 

iompar inbhuanaithe a chur chun cinn agus scrogaill i bpríomhbonneagair ghréasáin a bhaint, trí:

(a) 

thacú le Limistéar Iompair Eorpach Aonair ilmhódach trí infheistíocht a dhéanamh in TEN-T;

(b) 

shoghluaisteacht réigiúnach a fheabhsú trí nóid thánaisteacha agus threasacha a nascadh le bonneagar TEN-T, lena n-áirítear nóid ilmhódacha;

(c) 

chórais iompair ísealcharbóin atá neamhdhíobhálach don chomhshaol (lena n-áirítear ar thorann íseal) a fhorbairt agus a fheabhsú, lena n-áirítear uiscebhealaí intíre agus iompar muirí, calafoirt, naisc ilmhódacha agus bonneagar aerfoirt, chun soghluaisteacht inbhuanaithe réigiúnach agus áitiúil a chur chun cinn;

(d) 

chórais iarnróid ►C1  chuimsitheacha ◄ , ardcháilíochta agus idir-inoibritheacha a fhorbairt agus a athshlánú, agus bearta laghdaithe torainn a chur chun cinn;

(e) 

éifeachtúlacht fuinnimh agus cinnteacht soláthair a fheabhsú trí chórais chliste a fhorbairt chun fuinneamh a dháileadh, a stóráil agus a tharchur agus trí ghiniúint dháilte ó fhoinsí in-athnuaite a chomhtháthú;

(8) 

fostaíocht inbhuanaithe agus ar ardcháilíocht a chur chun cinn agus tacú le soghluaisteacht lucht saothair trí:

(a) 

thacú le gorlanna gnó a fhorbairt agus tacaíocht infheistíochta a thabhairt d'fhéinfhostaíocht, do mhicrifhiontair agus do chruthú gnó;

(b) 

thacú le fás a spreagann fostaíocht tríd an acmhainneacht inginiúil a fhorbairt mar chuid de straitéis chríochach do réigiúin shonracha, lena n-áirítear comhshó réigiún ina bhfuil meath tionsclaíoch ag tarlú agus rochtain ar acmhainní cultúrtha agus nádúrtha sonracha a fhorbairt agus a fheabhsú;

(c) 

thacú le tionscnaimh forbartha áitiúla agus cabhair do struchtúir a chuireann seirbhísí comharsanachta ar fáil chun poist nua a chruthú, i gcás ina bhfuil gníomhaíochtaí den sórt sin taobh amuigh de raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 );

(d) 

infheistiú i mbonneagar do sheirbhísí fostaíochta;

(9) 

cuimsiú sóisialta a chur chun cinn, an bhochtaineacht agus aon idirdhealú a chomhrac trí:

(a) 

infheistiú i mbonneagar sláinte agus sóisialta a rannchuidíonn le forbairt náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, sa chaoi sin ag laghdú éagothroime i dtéarmaí stádais sláinte, ag cur cuimsithe shóisialta chun cinn trí rochtain fheabhsaithe ar sheirbhísí sóisialta, cultúrtha agus áineasa agus leis an trasdul ó sheirbhísí institiúide go seirbhísí bunaithe sa phobal;

(b) 

thacaíocht d'athghiniúint fhisiciúil, eacnamaíoch agus shóisialta pobal díothach a sholáthar i limistéir uirbeacha agus tuaithe;

(c) 

thacaíocht d'fhiontair shóisialta a sholáthar;

(d) 

infheistíochtaí a dhéanamh i gcomhthéacs straitéisí forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail;

▼M1

(e) 

tacú leis an nglacadh agus leis an lánpháirtiú eacnamaíoch agus sóisialta imirceach agus dídeanaithe;

▼B

(10) 

infheistiú in oideachas, in oiliúint agus i ngairmoiliúint chun scileanna a fhoghlaim agus i bhfoghlaim ar feadh an tsaoil trí bhonneagar oideachais agus oiliúna a fhorbairt;

(11) 

feabhas a chur ar acmhainn institiúideach údarás poiblí agus geallsealbhóirí agus riarachán éifeachtúil poiblí trí ghníomhaíochtaí chun acmhainn institiúideach agus éifeachtúlacht ranna riaracháin phoiblí agus seirbhísí poiblí a bhaineann le cur chun feidhme CFRE a neartú, agus trí thacú le gníomhaíochtaí faoi CSE chun acmhainn institiúideach agus le héifeachtúlacht na ranna riaracháin phoiblí a neartú.

Airteagal 6

Táscairí maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post

1.  Bainfear úsáid as comhtháscairí aschuir de réir mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, as táscairí toraidh clár-shonracha agus, i gcás inarb ábhartha, as táscairí aschuir clár-shonracha i gcomhréir le hAirteagal 27(4) agus pointe (b)(ii) agus (iv) agus pointe (c)(ii) agus (iv) d'Airteagal 96(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

2.  Maidir le comhtháscairí agus táscairí aschuir clár-shonracha, socrófar na bonnlínte ag nialas. Socrófar spriocluachanna cainníochtaithe carnacha le haghaidh na dtáscairí sin do 2023.

3.  Maidir le táscairí toraidh clár-shonracha, a bhaineann le tosaíochtaí infheistíochta, bainfidh na bonnlínte úsáid as na sonraí is déanaí atá ar fáil agus socrófar spriocanna do 2023. Féadfar spriocanna a shloinneadh i dtéarmaí cainníochtúla nó cáilíochtúla.

4.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 chun an liosta de chomhtháscairí aschuir a leagtar amach in Iarscríbhinn I a leasú, chun coigeartuithe a dhéanamh, i gcás ina bhfuil bonn cirt leo chun measúnú éifeachtach ar an dul chun cinn i gcur chun feidhme na gclár oibríochtúil a áirithiú.



CAIBIDIL II

Forálacha sonracha maidir le gnéithe ar leith a láimhseáil

Airteagal 7

Forbairt inbhuanaithe uirbeach

1.  Tacóidh CFRE, laistigh de chláir oibríochtúla, le forbairt inbhuanaithe uirbeach trí straitéisí lenar leag amach gníomhaíochtaí comhtháite chun dul i ngleic leis na dúshláin eacnamaíocha, chomhshaoil, aeráide, dhéimeagrafacha agus shóisialta a dhéanann difear do limistéir uirbeacha, agus an gá naisc uirbeacha-thuaithe a chur chun cinn á chur san áireamh.

2.  Tabharfar faoi fhorbairt inbhuanaithe uirbeach trí Infheistíocht chríochach chomhtháite dá tagraítear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, nó trí chlár sonrach oibríochtúil, nó tríd ais shonrach tosaíochta i gcomhréir le pointe (c) den chéad fhomhír d'Airteagal 96(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

3.  Agus a staid chríochach shonrach á cur san áireamh acu, bunóidh gach Ballstát ina Chomhaontú Comhpháirtíochta na prionsabail a bhaineann le limistéir uirbeacha a roghnú ina gcuirfear gníomhaíochtaí comhtháite maidir le forbairt inbhuanaithe uirbeach chun feidhme agus leithdháileadh táscach do na gníomhaíochtaí sin ar an leibhéal náisiúnta.

4.  Leithdháilfear 5 % ar a laghad d'acmhainní CFRE arna leithdháileadh ar an leibhéal náisiúnta faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post ar ghníomhaíochtaí comhtháite d'fhorbairt inbhuanaithe uirbeach ina mbeidh cathracha, comhlachtaí fo-réigiúnacha nó áitiúla atá freagrach as straitéisí inbhuanaithe uirbeacha a chur chun feidhme ("údaráis uirbeacha") freagrach as cúraimí a bhaineann, ar a laghad, le hoibríochtaí a roghnú i gcomhréir le hAirteagal 123(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, nó, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 123(7) den Rialachán sin. Leagfar amach an méid táscach atáthar le tiomnú chun críocha mhír 2 den Airteagal seo sa chlár oibríochtúil nó sna cláir oibríochtúla lena mbaineann.

5.  Cinnfidh an t-údarás bainistíochta, i gcomhairle leis an údarás uirbeach, raon feidhme na gcúraimí, a bheidh le déanamh ag údaráis uirbeacha, a bhaineann le bainistiú gníomhaíochtaí comhtháite d'fhorbairt inbhuanaithe uirbeach atá le déanamh ag údaráis uirbeacha. Déanfaidh an t-údarás bainistíochta a chinneadh a thaifeadadh go foirmiúil i scríbhinn. Beidh ag an údarás bainistíochta an ceart chun fíorú deiridh a dhéanamh ar incháilitheacht oibríochtaí sula ndéanfar iad a fhormheas.

Airteagal 8

Gníomhaíochtaí nuálacha i réimse na forbartha inbhuanaithe uirbí

1.  Ar thionscnamh ón gCoimisiún, féadfaidh CFRE tacú le gníomhaíochtaí nuálacha i réimse na forbartha inbhuanaithe uirbí i gcomhréir le hAirteagal 92(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1303 /2013. Áireofar i ngníomhaíochtaí den sórt sin staidéir agus treoirthionscadail chun réitigh nua a thugann aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann le forbairt inbhuanaithe uirbeach agus atá ábhartha ar leibhéal an Aontais a shainaithint nó a thástáil. Spreagfaidh an Coimisiún rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe ábhartha ó na catagóirí dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 i ngníomhaíochtaí nuálacha a ullmhú agus a chur chun feidhme.

2.  De mhaolú ar Airteagal 4 den Rialachán seo, féadfaidh gníomhaíochtaí nuálacha tacú le gach gníomhaíocht is gá chun na cuspóirí téamacha a leagtar amach sa chéad mhír d'Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus na tosaíochtaí infheistíochta comhfhreagracha a leagtar amach in Airteagal 5 den Rialachán seo a bhaint amach.

3.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 lena leagfar síos rialacha mionsonraithe maidir leis na prionsabail a bhaineann le roghnú agus bainistiú na ngníomhaíochtaí nuálacha atá le tacaíocht a fháil ó CFRE i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 9

Gréasán forbartha uirbí

1.  Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 58 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 líonra forbartha uirbí a bhunú chun forbairt acmhainní, líonrú agus malartú taithí a chur chun cinn ar leibhéal an Aontais idir údaráis uirbeacha atá freagrach as straitéisí forbartha inbhuanaithe uirbí a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 7(4) agus (5) den Rialachán seo agus údaráis atá freagrach as gníomhaíochtaí nuálacha i réimse na forbartha inbhuanaithe uirbí i gcomhréir le hAirteagal 8 den Rialachán seo.

2.  Beidh gníomhaíochtaí an ghréasáin forbartha uirbí comhlántach leis na gníomhaíochtaí sin a chuirtear i gcrích faoin gcomhar idir-réigiúnach de bhun phointe (3)(b) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 ).

Airteagal 10

Limistéir a bhfuil míbhuntáistí nádúrtha nó déimeagrafacha acu

Maidir le cláir oibríochtúla arna gcómhaoiniú ag CFRE, ina gcuimsítear limistéir a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu mar a thagraítear i bpointe 4 d'Airteagal 121 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 tabharfar aird ar leith ar thabhairt faoi na deacrachtaí sonracha atá ag na limistéir sin.

Airteagal 11

Na réigiún is faide ó thuaidh a bhfuil dlús fíoríseal daonra iontu

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 maidir leis an leithdháileadh sonrach breise do na réigiúin is faide ó thuaidh a bhfuil dlús fíoríseal daonra iontu. Leithdháilfear an leithdháileadh sin ar na cuspóirí téamacha a leagtar amach i bpointí 1, 2, 3, 4 agus 7 den chéad mhír d'Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

Airteagal 12

Na réigiúin is forimeallaí

1.  Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 maidir leis an leithdháileadh sonrach breise do na réigiúin is forimeallaí. Bainfear úsáid as an leithdháileadh sin chun na costais bhreise a fhritháireamh, atá nasctha leis na gnéithe agus srianta speisialta dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE, arna dtabhú sna réigiúin is forimeallaí chun tacaíocht a chur ar fáil don méid seo a leanas:

(a) 

na cuspóirí téamacha a leagtar amach sa chéad mhír d'Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013;

(b) 

seirbhísí iompair lasta agus cabhair tosaithe do sheirbhísí iompair;

(c) 

oibríochtaí atá nasctha le srianta stórais, méid iomarcach agus cothabháil uirlisí táirgthe, agus an easpa caipitil dhaonna sa mhargadh áitiúil.

2.  Féadfar an leithdháileadh sonrach breise dá dtagraítear i mír 1 a úsáid freisin chun cabhrú le cabhair oibriúcháin agus caiteachas lena gcumhdaítear conarthaí agus oibleagáidí seirbhíse poiblí sna réigiúin is forimeallaí a mhaoiniú.

3.  Beidh an méid a mbeidh feidhm ag an ráta cómhaoinithe maidir leis comhréireach leis na costais bhreise dá dtagraítear i mír 1, arna dtabhú ag an tairbhí, i gcás cabhrach oibriúcháin agus caiteachais lena gcumhdaítear conarthaí agus oibleagáidí seirbhíse poiblí amháin, ach féadfaidh sé na costais iomlána incháilithe i gcás caiteachais le haghaidh infheistíochta a chumhdach.

4.  Ní bhainfear úsáid as an leithdháileadh sonrach breise dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo chun tacú leis an méid seo a leanas:

(a) 

oibríochtaí a bhaineann le táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le CFAE;

(b) 

cabhair le haghaidh iompair do dhaoine atá údaraithe faoi phointe (a) d'Airteagal 107(2) CFAE;

(c) 

díolúintí cánacha agus díolúine ó mhuirir shóisialta.

5.  De mhaolú ar phointe (a) agus phointe (b) d'Airteagal 3(1), féadfaidh CFRE tacú le hinfheistíocht táirgiúil i bhfiontair sna réigiúin is forimeallaí, gan beann ar mhéid na bhfiontar sin.

6.  Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 maidir le cuid CFRE den imchlúdach arna leithdháileadh ar Mayotte mar réigiún is forimeallaí de réir bhrí Airteagal 349 CFAE, agus leithdháilfear 50 % ar a laghad de chuid CFRE sin ar na cuspóirí téamacha a leagtar amach i bpointí 1, 2, 3, 4 agus 6 den chéad mhír d'Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.



CAIBIDIL III

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 13

Forálacha idirthréimhseacha

1.  Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúint de chúnamh nó do mhodhnú cúnaimh, lena n-áirítear é a chur ar ceal i bpáirt nó ina iomláine, ar cúnamh é a d'fhormheas an Coimisiún a fhormheas ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 nó ar bhonn aon reachtaíochta eile a bhfuil feidhm aici maidir leis an gcúnamh sin an 31 Nollaig 2013. Dá dhroim sin, leanfaidh an Rialachán sin nó cibé reachtaíocht eile den sórt sin is infheidhme d'fheidhm a bheith aige nó aici maidir leis an gcúnamh sin nó leis na hoibríochtaí lena mbaineann ina dhiaidh sin go dtí go ndúnfar iad. Chun críocha na míre seo cumhdófar le cúnamh cláir oibríochtúla agus mórthionscadail.

2.  Maidir le hiarratais ar chúnamh a fháil a rinneadh nó a formheasadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006, leanfaidh siad de bheith bailí.

Airteagal 14

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6(4)agus in Airteagal 8(3) a thabhairt don Choimisiún ón 21 Nollaig 2013 go dtí an 31 Nollaig 2020.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 6(4) agus in Airteagal 8(3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ag dáta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 6(4) agus Airteagal 8(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 15

Aisghairm

Gan dochar d'Airteagal 13 den Rialachán seo, aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006, le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

Déanfar na tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Airteagal 16

Athbhreithniú

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle athbhreithniú ar an Rialachán seo faoin 31 Nollaig 2020, i gcomhréir le hAirteagal 177 CFAE.

Airteagal 17

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 12(6) le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I



COMHTHÁSCAIRÍ ASCHUIR MAIDIR LE TACAÍOCHT Ó CFRE FAOI SPRIOC NA HINFHEISTÍOCHTA LE HAGHAIDH FÁIS AGUS POST (AIRTEAGAL 6)

 

AONAD

AINM

Infheistíocht tháirgiúil

 

fiontair

Líon na bhfiontar a fhaigheann tacaíocht

 

fiontair

Líon na bhfiontar a fhaigheann deontais

 

fiontair

Líon na bhfiontar a fhaigheann tacaíocht airgeadais seachas deontais

 

fiontair

Líon na bhfiontar a fhaigheann tacaíocht neamhairgeadais

 

fiontair

Líon na bhfiontar nua a fhaigheann tacaíocht

 

EUR

Infheistíocht phríobháideach atá ar aon dul le tacaíocht phoiblí d'fhiontair (deontais)

 

EUR

Infheistíocht phríobháideach atá ar aon dul le tacaíocht phoiblí d'fhiontair (nach deontais atá inti)

 

coibhéisí lánaimseartha

Méadú fostaíochta i bhfiontair a fhaigheann tacaíocht

Turasóireacht inbhuanaithe

cuairteanna/bliana

Méadú i líon na gcuairteanna a mbeifear ag súil leo ar shuímh oidhreachta cultúrtha agus nádúrtha agus ar nithe is díol spéise do thurasóirí iad a fhaigheann tacaíocht

Bonneagar TFC

líonta tí

Líonta tí breise a bhfuil rochtain leathanbhanda 30 Mbps ar a laghad acu

Iompar

Iarnród

ciliméadair

Fad iomlán na línte iarnróid nua ar de sin: TEN-T

ciliméadair

Fad iomlán na línte iarnróid atógtha nó uasghrádaithe ar de sin: TEN-T

Bóithre

ciliméadair

Fad iomlán na mbóithre nuathógtha ar de sin: TEN-T

ciliméadair

Fad iomlán na mbóithre atógtha nó uasghrádaithe ar de sin: TEN-T

Iompar uirbeach

ciliméadair

Fad iomlán na dtrambhealaí nó na línte meitreo atá nua nó feabhsaithe

Uiscebhealaí intíre

ciliméadair

Fad iomlán na n-uiscebhealaí intíre atá nua nó feabhsaithe

Comhshaol

Dramhaíl sholadach

tonaí/bliana

Acmhainn athchúrsála dramhaíola breise

Soláthar uisce

daoine

Daonra breise a gcuirtear soláthar uisce feabhsaithe ar fáil dó

Cóireáil fuíolluisce

coibhéis áitritheora

Daonra breise a gcuirtear cóireáil fuíolluisce feabhsaithe ar fáil dó

Cosc ar riosca agus bainistíocht riosca

daoine

Daonra a bhaineann tairbhe as bearta um chosaint ar thuilte

daoine

Daonra a bhaineann tairbhe as bearta cosanta dóiteáin foraoise

Athshlánú talún

heicteáir

Achar dromchla iomlán na talún athshlánaithe

An Nádúr agus an Bhithéagsúlacht

heicteáir

Achar dromchla gnáthóg a fhaigheann tacaíocht d'fhonn stádas caomhnaithe níos fearr a bhaint amach

Taighde, Nuálaíocht

 

coibhéisí lánaimseartha

Líon na dtaighdeoirí nua in eintitis a fhaigheann tacaíocht

 

coibhéisí lánaimseartha

Líon na dtaighdeoirí a oibríonn i saoráidí bonneagair taighde atá feabhsaithe

 

fiontair

Líon na bhfiontar atá ag comhoibriú le hinstitiúidí taighde

 

EUR

Infheistíocht phríobháideach atá ar aon dul le tacaíocht phoiblí do thionscadail nuálaíochta nó T&F

 

fiontair

Líon na bhfiontar a fhaigheann tacaíocht chun táirgí a thabhairt isteach atá nua ar an margadh

 

fiontair

Líon na bhfiontar a fhaigheann tacaíocht chun táirgí a thabhairt isteach atá nua don ghnólacht

Fuinneamh agus athrú aeráide

Foinsí inathnuaite fuinnimh

MW

Acmhainn bhreise maidir le fuinneamh inathnuaite a tháirgeadh

Éifeachtúlacht fuinnimh

líonta tí

Líon na líonta tí a bhfuil aicmiú ídithe fuinnimh feabhsaithe acu

 

kWh/bliana

Laghdú ar ídiú fuinnimh phríomhúil bliantúil i bhfoirgnimh phoiblí

 

úsáideoirí

Líon na n-úsáideoirí breise fuinnimh atá nasctha le heangacha cliste

Laghdú ar ghás ceaptha teasa

tonaí de choibhéisí CO2

Laghdú measta bliantúil ar ghás ceaptha teasa

▼M1

Bonneagar sóisialta

Cúram leanaí agus oideachas

daoine

Acmhainn an bhonneagair cúraim leanaí nó oideachais a fhaigheann tacaíocht

Sláinte

daoine

Daonra atá cuimsithe ag seirbhísí sláinte feabhsaithe

Tithíocht

aonaid tithíochta

Tithíocht athshlánaithe

 

aonaid tithíochta

Tithíocht athchóirithe, d’imircigh agus do dhídeanaithe (gan ionaid ghlactha san áireamh)

Imircigh agus dídeanaithe

daoine

Acmhainn an bhonneagair lena dtacaítear le himircigh agus le dídeanaithe (seachas tithíocht)

Táscairí sonracha maidir leis an bhforbairt uirbeach

 

daoine

Daonra a bhfuil cónaí air i limistéir a bhfuil straitéisí comhtháite forbartha uirbí acu

 

méadair chearnacha

Spás oscailte atá cruthaithe nó athshlánaithe i limistéir uirbeacha

 

méadair chearnacha

Foirgnimh phoiblí nó thráchtála atá tógtha nó athchóirithe i limistéir uirbeacha

▼B




IARSCRIBHINN II



TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 6

Airteagal 8

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 16

Airteagal 17

Airteagal 18

Airteagal 19

Airteagal 20

Airteagal 21

Airteagal 22

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 23

Airteagal 15

Airteagal 24

Airteagal 16

Airteagal 25

Airteagal 17




Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 6 den Rialachán CFRE, Airteagal 15 den Rialachán CCE agus Airteagal 4 den Rialachán maidir leis an gCiste Comhtháthaithe

Tugann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar aird maidir leis an ráthaíocht a sholáthraigh an Coimisiún don reachtas AE gurb éard atá sna táscairí comhchoiteanna aschuir don Rialachán CFRE, don Rialachán CCE agus don Rialachán maidir leis an gCiste Comhtháthaithe atá le cuimsiú in iarscríbhinn a ghabhfaidh le gach rialachán díobh faoi seach, toradh phróiseas fada ullmhúcháin lena n áirítear meastóireachtaí ó shaineolaithe ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit agus táthar ag súil, i bprionsabail, go bhfanfaidh siad cobhsaí.



( 1 ) IO C 91 I, 20.3.2020, lch. 1.

( 2 ) Rialachán (AE) Uimh. 1407/2013 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le cabhair de minimus (IO L 352, 24.12.2013, lch. 1).

( 3 ) Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le cabhair de minimus in earnáil na talmhaíochta (IO L 352, 24.12.2013, lch. 9).

( 4 ) Rialachán (AE) Uimh. 717/2014 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2014 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le cabhair de minimus in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe (IO L 190, 28.6.2014, lch. 45).

( 5 ) Rialachán (AE) Uimh 1304/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 ón gComhairle (Féach leathanach 470 den Iris Oifigiúil seo).

( 6 ) Rialachán (AE) Uimh 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le forálacha sonracha i dtaca le tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa do sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Féach leathanach 259 den Iris Oifigiúil seo).