02013R0575 — GA — 30.09.2021 — 011.002
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN (AE) Uimh. 575/2013 Ó PHARLAIMINT NAhEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 26 Meitheamh 2013 (IO L 176 27.6.2013, lch. 1) |
Arna leasú le:
Arna cheartú le:
|
(*) |
Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 575/2013 Ó PHARLAIMINT NAhEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 26 Meitheamh 2013
maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012
CUID A hAON
FORÁLACHA GINEARÁLTA
TEIDEAL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
Airteagal 1
Raon feidhme
Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha aonfhoirmeacha maidir le ceanglais stuamachta ghinearálta nach mór d'institiúidí, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha atá faoi mhaoirsiú Threoir 2013/36/AE a chomhlíonadh i ndáil leis na nithe seo a leanas:
ceanglais cistí dílse a bhaineann le gnéithe de phriacal creidmheasa, priacal margaidh, priacal oibriúcháin, priacal socraíochta agus luamhánú atá go hiomlán inchainníochtaithe, aonfhoirmeach agus caighdeánaithe;
ceanglais a chuireann teorainneacha le risíochtaí móra;
ceanglais leachtachta a bhaineann le priacal leachtachta atá go hiomlán inchainníochtaithe, aonfhoirmeach agus caighdeánaithe;
ceanglais tuairiscithe a bhaineann le pointí (a), (b) agus (c);
ceanglais maidir le nochtadh poiblí.
Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha aonfhoirmeacha maidir leis na ceanglais cistí dílse agus dliteanas incháilithe a chomhlíonfaidh eintitis réitigh ar institiúidí domhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo (G-SIInna) iad nó cuid de G-SIInna agus fochuideachtaí suntasacha de G-SIInna neamh-AE.
Ní rialaítear leis an Rialachán seo na ceanglais atá ar údaráis inniúla maidir le nochtadh i réimse na rialála stuamachta agus na maoirseachta institiúidí mar a leagtar amach i dTreoir 2013/36/AE.
Airteagal 2
Cumhachtaí maoirseachta
Airteagal 3
Cur i bhfeidhm ceanglas níos déine ag institiúidí
Ní chuirfidh an Rialachán seo cosc ar institiúidí cistí dílse agus a gcomhpháirteanna de bhreis orthu siúd a cheanglaítear leis an Rialachán seo a bheith ina seilbh acu, ná bearta a chur i bhfeidhm atá níos déine ná iad siúd a cheanglaítear leis an Rialachán seo.
Airteagal 4
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn 'institiúid creidmheasa' gnóthas arb é a ghnó aon cheann de na nithe seo a leanas:
taiscí nó cistí inaisíoctha eile a ghlacadh ón bpobal agus creidmheasanna a dheonú dá cuntas féin;
aon cheann de na gníomhaíochtaí a dhéanamh dá dtagraítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 ), i gcás ina bhfuil feidhm ag ceann amháin de na nithe seo a leanas, ach nach déileálaí tráchtearraí agus lamháltas astaíochtaí, gnóthas comhinfheistíochta ná gnóthas árachais é an gnóthas:
is ionann agus EUR 30 billiún nó is mó ná sin luach iomlán shócmhainní comhdhlúite an ghnóthais;
is lú luach iomlán shócmhainní an ghnóthais ná EUR 30 billiún, agus tá an gnóthas ina chuid de ghrúpa inarb ionann agus EUR 30 billiún nó inar mó ná EUR 30 billiún luach iomlán shócmhainní comhdhlúite na ngnóthas uile sa ghrúpa sin ar lú ná EUR 15 bhilliún na sócmhainní iomlána atá ag gach ceann acu ar bhonn aonair agus a dhéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE; nó
is lú luach iomlán shócmhainní an ghnóthais ná EUR 30 billiún, agus tá an gnóthas ina chuid de ghrúpa inarb ionann agus EUR 30 billiún nó inar mó ná EUR 30 billiún luach iomlán shócmhainní comhdhlúite na ngnóthas uile sa ghrúpa a dhéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, i gcás ina gcinnfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe i gcomhairle leis an gcoláiste maoirseachta amhlaidh chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol a d'fhéadfadh a bheith ann go bhféadfaí dul timpeall ar an riail agus chun aghaidh a thabhairt ar phriacail a d'fhéadfadh a bheith ann do chobhsaíocht airgeadais an Aontais;
chun críocha phointí (b)(ii) agus (b)(iii), i gcás ina bhfuil an gnóthas ina chuid de ghrúpa tríú tír, déanfar sócmhainní iomlána gach brainse den ghrúpa tríú tír arna údarú san Aontas a áireamh i gcomhluach iomlán shócmhainní na ngnóthas uile sa ghrúpa.
ciallaíonn 'gnólacht infheistíochta' gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear é i bpointe (1) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE atá údaraithe faoin Treoir sin ach ní áirítear leis institiúid creidmheasa;
ciallaíonn 'institiúid' institiúid creidmheasa atá údaraithe faoi Airteagal 8 de Threoir 2013/36/AE nó gnóthas dá dtagraítear in Airteagal 8a(3) di;
▼M9 —————
ciallaíonn 'gnóthas árachais' gnóthas áracháis mar a shainmhínítear faoi phointe (1) d'Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an árachais agus an athárachais, agus leanúint den ghnó sin (Sócmhainneacht II) ( 7 );
ciallaíonn 'gnóthas athárachais' gnóthas árachais mar a shainmhínítear faoi phointe (4) d'Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE;
ciallaíonn 'gnóthas comhinfheistíochta' nó '(GC)' GCUI mar a shainmhínítear é in Airteagal 1 de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 ) nó ciste infheistíochta malartach (CIM) mar a shainmhínítear é i bpointe (a) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 );
ciallaíonn 'eintiteas earnála poiblí' comhlacht riaracháin neamh-thráchtála atá freagrach do rialtais láir, do rialtais áitiúla nó d'údaráis áitiúla, nó d'údaráis a fheidhmíonn na freagrachtaí céanna a fheidhmíonn rialtais réigiúnacha agus údaráis áitiúla; nó gnóthas neamh-thráchtála atá faoi úinéireacht nó bunaithe agus urraithe ag rialtais láir, ag rialtais réigiúnacha nó ag údaráis áitiúla agus ag a bhfuil socruithe ráthaíochta follasacha, agus féadfaidh comhlachtaí féinriartha arna rialú ag dlí atá faoi mhaoirseach phoiblí a áireamh leo;
ciallaíonn 'comhlacht bainistíochta' comhlacht bainistíochta mara shainmhínítear é i bpointe 7 d'Airteagal 3(1) de Threoir 2013/36/(AE)
ciallaíonn 'bainistíocht shinsearach' bainistíocht shinsearach mar a shainmhínítear í i bpointe (9) Airteagal 43(1) de Threoir 2013/36/(AE);
ciallaíonn "priacal sistéamach" priacal sistéamach mar a shainmhínítear é i bpointe (10) d'Airteagal 3(1) de Threoir 2013/36/(AE)
ciallaíonn "priacal samhla" priacal samhla mar a shainmhíntear éi bpointe (11) d'Airteagal 3(1) de Threoir 2013/36/(AE);
ciallaíonn 'tionscnóir' tionscnóir mar a shainmhínítear i bpointe (3) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402 ( 10 );
ciallaíonn 'urraitheoir' urraitheoir mar a shainmhínítear i bpointe (5) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;
ciallaíonn 'iasachtóir bunaidh' iasachtóir bunaidh mar a shainmhínítear i bpointe (20) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;
ciallaíonn 'máthairghnóthas':
máthairghnóthas de réir bhrí Airteagal 1 agus Airteagal 2 de Threoir 83/349/CEE;
chun críocha Chuid 2 de Chaibidlí 3 agus 4 de Theideal VII, agus Theideal VIII de Threoir 2013/36/(AE) agus Chuid a Cúig den Rialachán seo, máthairghnóthas de réir bhrí Airteagal 1(1) de Threoir 83/349/CEE agus aon ghnóthas a bhfuil tionchar ceannasach aige ar aon ghnóthas eile;
ciallaíonn 'fochuideachta':
gnóthas fochuideachta de réir bhrí Airteagal 1 agus Airteagal 2 de Threoir 83/349/CEE;
gnóthas fochuideachta de réir bhrí Airteagal 1(1) de Threoir 83/349/CEE agus aon ghnóthas ar a bhfuil tionchar ceannasach ag máthairghnóthas;
Fochuideachtaí de chuid fochuideachta, measfar gur fochuideachta í de chuid an ghnóthais atá ina mháthairghnóthas bunaidh aici;
ciallaíonn 'brainse' áit ghnó atá ina cuid spleách de réir dlí d'institiúid agus a dhéanann go díreach na hidirbhearta uile nó cuid díobh ar cuid dhílis iad de ghnó na n-institiúidí;
ciallaíonn 'gnóthas seirbhísí coimhdeacha' gnóthas arb é a phríomhghníomhaíocht bheith i seilbh maoine nó maoin a bhainistiú, seirbhísí próiseála sonraí a bhainistiú, nó gníomhaíocht chomhchosúil atá coimhdeach le príomhghníomhaíocht institiúid creidmheasa amháin nó níos mó;
ciallaíonn 'cuideachta bhainistíochta sócmhainní' cuideachta bhainistíochta sócmhainní mar a shainmhínítear í i bpointe (5) d'Airteagal 2 de Threoir 2002/87/CE nó BCIM mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(b) de Threoir 2011/61/AE, lena n-áirítear, mura bhforáiltear a mhalairt, eintitis de chuid tríú tíortha a dhéanann gníomhaíochtaí comhchosúla agus atá faoi réir dhlíthe tríú tír a chuireann ceanglais mhaoirseachta agus rialála i bhfeidhm, ar ceanglais iad atá ar a laghad cóibhéiseach leo siúd a chuirtear i bhfeidhm san Aontas;
ciallaíonn 'cuideachta shealbhaíochta airgeadais' institiúid airgeadais ar institiúidí airgeadais a fochuideachtaí uile nó an chuid is mó díobh agus nach cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha í; is éard is fochuideachtaí de chuid institiúid airgeadais ann, institiúidí nó institiúidí airgeadais, den chuid is mó, ar institiúid ceann amháin díobh ar a laghad agus a mbaineann níos mó ná 50 % de chothromas, de shócmhainní comhdhlúite, d'ioncam nó de phearsanra na hinstitiúide airgeadais nó de tháscaire eile de chuid na hinstitiúide airgeadais sin a mheasann a húdarás inniúil atá ábhartha, le fochuideachtaí ar institiúidí nó institiúidí airgeadais iad;
ciallaíonn 'cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha' cuideacht sealbhaíocht mheasctha mar a shainmhínítear í i bpointe 15 d'Airteagal 2de Threoir 2002/87/CE;
ciallaíonn 'cuideachta shealbhaíochta ghníomhaíochtaí measctha' máthairghnóthas nach cuideachta shealbhaíochta airgeadais ná institiúid ná cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha í, a bhfuil institiúid amháin ar a laghad i measc a fochuideachtaí
ciallaíonn 'gnóthas árachais tríú tír' gnóthas árachais tríú tír mar a shainmhínítear é i bpointe (6) d'Airteagal 13de Threoir 2009/138/CE;
ciallaíonn 'gnóthas athárachais tríú tír' gnóthas athárachais tríú tír mar a shainmhínítear i bpointe 3 d'Airteagal 13de Threoir 2009/138/CE;
ciallaíonn 'gnólacht infheistíochta aitheanta de chuid tríú tíortha' gnólacht a chomhlíonann gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
bheadh sé cumhdaithe ag an sainmhíniú ar ghnólacht infheistíochta, dá mbeadh sé bunaithe laistigh den Aontas;
tá sé údaraithe i dtríú tír;
tá sé faoi réir rialacha stuamachta a mheasann na húdaráis inniúla a bheith ar a laghad chomh dian leo siúd a leagtar síos sa Rialachán seo nó le Treoir2013/36/AE agus a chomhlíonann na rialacha sin;
ciallaíonn 'institiúid airgeadais' gnóthas nach institiúid é agus nach cuideachta sealbhaíochta tiomnaithe don tionsclaíocht amháin é, arb é a phríomhghníomhaíocht sealúchais a fháil nó ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí a liostaítear i bpointe 2 go pointe 12 agus i bpointe 15 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE a shaothrú, lena n-áirítear gnólacht infheistíochta, cuideachta sealbhaíochta airgeadais, cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, cuideachta sealbhaíochta infheistíochta, institiúid íocaíochta de réir bhrí Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 ), agus cuideachta bainistíochta sócmhainní, ach ní áirítear leis cuideachtaí sealbhaíochta árachais ná cuideachtaí sealbhaíochta árachais gníomhaíochtaí measctha mar a shainmhínítear i bpointí (f) agus (g) d'Airteagal 212(1) de Threoir 2009/138/CE iad;
ciallaíonn 'eintiteas earnála airgeadais' aon cheann díobh seo a leanas:
institiúid;
institiúid airgeadais;
gnóthas seirbhísí coimhdeacha a áirítear i staid chomhdhlúite airgeadais institiúide;
gnóthas árachais;
gnóthas árachais tríú tír;
gnóthas athárachais;
gnóthas athárachais tríú tír;
cuideachta sealbhaíochta árachais mar a shainmhínítear i bpointe (f) d'Airteagal 212(1) de Threoir 2009/138/CE í;
gnóthas atá eisiata ó raon feidhme Threoir 2009/138/CE i gcomhréir le hAirteagal 4 den Treoir sin;
gnóthas tríú tíre a bhfuil príomhghnó aige atá inchomparáide le haon cheann de na heintitis dá dtagraítear i bpointe (a) go (k) thuas.
ciallaíonn 'máthairinstitiúid i mBallstát' institiúid i mBallstát a bhfuil institiúid nó institiúid airgeadais nó gnóthas seirbhísí coimhdeacha mar fhochuideachta aici, a bhfuil rannpháirtíocht aici in institiúid, in institiúid airgeadais nó i ngnóthas seirbhísí coimhdeacha, agus nach bhfuil ina fochuideachta de chuid institiúid eile atá údaraithe sa Bhallstát céanna, ná ina fochuideachta de chuid cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó de chuid cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha atá bunaithe sa Bhallstát céanna;
ciallaíonn 'máthairinstitiúid AE' máthairinstitiúid i mBallstát nach bhfuil ina fochuideachta ag institiúid eile atá údaraithe in aon Bhallstát, ná ina fochuideachta de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha atá bunaithe in aon Bhallstát;
ciallaíonn 'máthairghnólacht infheistíochta i mBallstát' máthairghnóthas i mBallstát ar gnólacht infheistíochta é;
ciallaíonn 'máthairghnólacht infheistíochta AE' máthairghnóthas AE ar gnólacht infheistíochta é;
ciallaíonn 'máthairinstitiúid chreidmheasa i mBallstát' máthairinstitiúid i mBallstát ar institiúid creidmheasa í;
ciallaíonn 'máthairinstitiúid creidmheasa AE' máthairinstitiúid AE ar institiúid creidmheasa í;
ciallaíonn 'máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais i mBallstát' cuideachta shealbhaíochta airgeadais nach bhfuil ina fochuideachta ag institiúid eile atá údaraithe sa Bhallstát céanna, ná ina fochuideachta de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha atá bunaithe sa Bhallstát céanna;
ciallaíonn 'máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE' máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais i mBallstát nach bhfuil ina fochuideachta ag institiúid atá údaraithe in aon Bhallstát, ná ina fochuideachta de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha eile atá bunaithe in aon Bhallstát;
ciallaíonn 'máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha i mBallstát' cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha nach bhfuil ina fochuideachta ag institiúid eile atá údaraithe sa Bhallstát céanna, ná ina fochuideachta de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha atá bunaithe sa Bhallstát céanna.
ciallaíonn 'máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais measctha AE' máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais measctha i mBallstát nach bhfuil ina fochuideachta ag institiúid atá údaraithe in aon Bhallstát, ná ina fochuideachta de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha eile atá bunaithe in aon Bhallstát;
ciallaíonn 'contrapháirtí lárnach' nó 'CL' CL mar atá sainmhínithe i bpointe 1 d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimhir 648/2012;
ciallaíonn 'rannpháirtíocht' rannpháirtíocht de réir bhrí na chéad abairte in Airteagal 17 de Cheathrú Treoir 78/660/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1978 maidir le cuntais bhliantúla cineálacha áirithe cuideachtaí ( 12 ), nó úinéireacht, díreach nó indíreach, 20 % nó níos mó de na cearta vótála nó de chaipiteal gnóthais;
ciallaíonn 'sealúchas cáilitheach' sealúchas díreach nó indíreach i ngnóthas arb ionann é agus 10 % nó níos mó den chaipiteal nó de na cearta vótála i gceist nó a fhágann gur féidir tionchar suntasach a imirt ar bhainistiú an ghnóthais sin;
ciallaíonn 'rialú' an caidreamh idir máthairghnóthas agus fochuideachta, mar atá sainmhínithe in Airteagal 1 de Threoir 83/349/CEE ón gComhairle nó na caighdeáin chuntasaíochta a bhfuil institiúid faoina réir faoi Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002, nó caidreamh atá cosúil leis idir aon duine nádúrtha nó dlítheanach agus gnóthas;
ciallaíonn 'dlúthnaisc' staid ina bhfuil dhá dhuine nádúrtha nó dlítheanacha, nó níos mó, nasctha le chéile ar cheann de na bealaí seo a leanas:
rannpháirtíocht i bhfoirm úinéireachta, bíodh sé díreach nó i bhfoirm rialaithe, ar 20 % nó níos mó de na cearta vótála nó de chaipiteal an ghnóthais;
smacht;
an dá duine nádúrtha nó dlítheanacha nó iad go léir a bheith buan-nasctha leis an tríú duine trí ghaolmhaireacht rialaithe;
ciallaíonn 'grúpa cliant nasctha' aon cheann díobh seo a leanas:
dhá dhuine nádúrtha nó dhlítheanacha, nó níos mó, ar aon priacal amháin iad, mura léirítear a mhalairt, toisc go bhfuil rialú ag duine acu, go díreach nó go hindíreach, ar an duine nó ar na daoine eile;
dhá dhuine nádúrtha nó dhlítheanacha, nó níos mó, nach bhfuil aon ghaol rialaithe den chineál a dtagraítear dó i bpointe (a) eatarthu, ach atá le meas mar aon priacal amháin toisc go bhfuil an nasc chomh dlúth sin eatarthu gur dócha, dá mbeadh fadhbanna airgeadais ag duine amháin acu, go háirithe deacrachtaí maoinithe nó aisíocaíochta, go mbeadh deacrachtaí airgeadais ag an duine eile nó ag na daoine eile go léir;
D'ainneoin phointe (a) agus do phointe (b),sa chás go bhfuil rialú díreach ag rialtas láir ar níos mó ná duine nádúrtha nó dlítheanach amháin nó go bhfuil sé idirnasctha go díreach leo, féadfar, maidir leis an tacar arb éard atá ann an rialtas láir agus na daoine nádúrtha nó dlítheanacha uile atá faoina rialú díreach nó indíreach i gcomhréir le pointe (a) nó atá idirnasctha leis i gcomhréir le pointe (b), an tacar sin a mheas mar ghrúpa nach bhfuil cliaint nasctha ann. Ina ionad sin, féadfar measúnú ar leith a dhéanamh, ina measfaí an ann do ghrúpa cliant nasctha ina bhfuil an rialtas láir agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile, ar measúnú do gach duine ar leith é atá faoina rialú díreach i gcomhréir le pointe (a) nó atá idirnasctha go díreach leis i gcomhréir le pointe (b), agus do na daoine nádúrtha nó dlítheanacha uile atá faoi rialú an duine sin i gcomhréir le pointe (a) nó atá idirnasctha leis an duine sin i gcomhréir le pointe (b), lena n-áirítear an rialtas láir. Tá feidhm ag an méid sin freisin i gcás rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil a bhfuil feidhm ag Airteagal 115(2) ina leith.
Ní mheastar gur grúpa cliant nasctha iad beirt nó triúr daoine nádúrtha nó dlítheanacha a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) nó (b) mar go bhfuil siad risíochta go díreach ar CPL céanna chun críocha gníomhaíochtaí imréitigh;
ciallaíonn 'udarás inniúil' údarás poiblí nó comhlacht atá aitheanta go hoifigiúil ag an dlí náisiúnta, agus a dtugann an dlí náisiúnta an chumhacht dó maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí mar chuid den chóras maoirseachta atá i bhfeidhm sa Bhallstát lena mbaineann;
ciallaíonn 'maoirseoir comhdhlúthaithe' údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 111 de Threoir 2013/36/AE;
ciallaíonn 'údarú' ionstraim arna heisiúint i bhfoirm ar bith ag na húdaráis ar ar deonaíodh an ceart an gnó a dhéanamh;
ciallaíonn 'Ballstát baile' an Ballstát ar tugadh údarú d'institiúid ann;
ciallaíonn 'Ballstát óstaigh' an Ballstát a bhfuil brainse ag institiúid ann nó ina gcuireann sí seirbhísí ar fáil;
ciallaíonn 'bainc cheannais CEBC' na bainc cheannais náisiúnta atá ina gcomhaltaí den Chóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC) agus den Bhanc Ceannais Eorpach (BCE);
ciallaíonn 'bainc cheannais' bainc cheannais CEBC agus bainc cheannais tríú tíortha
ciallaíonn 'cás comhdhlúite' an cás a thagann as ceanglais an rialacháin seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Cuid a hAon, Teideal II de Chaibidil 2 ar institiúid amhail dá mba institiúid amháin í agus eintiteas amháin eile nó níos mó;
ciallaíonn 'bonn comhdhlúite' ar bhonn an cháis chomhdhlúite;
ciallaíonn 'ar bhonn fo-chomhdhlúite' ar bhonn cháis chomhdhlúite máthairinstitiúide, na cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó na cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha gan fo-ghrúpa eintiteas san áireamh nó ar bhonn cháis chomhdhlúite máthairinstitiúide, cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha nach an mháthairinstitiúid dheiridh, an chuideachta sealbhaíochta airgeadais dheiridh nó an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha dheiridh í.
ciallaíonn 'ionstraim airgeadais' aon cheann díobh seo a leanas:
conradh a bhfuil mar thoradh air sócmhainn airgeadais i gcás páirtí amháin agus dliteanas airgeadais nó ionstraim cothromais i gcás an pháirtí eile;
ionstraim a shainítear i Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE;
ionstraim airgeadais dhíorthach;
ionstraim phríomhúil airgeadais;
ionstraim airgid.
Ní ionstraimí airgeadais na hionstraimí dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) ach amháin sa chás go ndíorthaítear a luach ó phraghas ionstraime airgeadais fholuitigh, ó ítim eile fholuiteach, ó ráta, nó ó innéacs;
ciallaíonn 'caipiteal tosaigh' méideanna agus cineálacha na gcistí dílse a shainítear in Airteagal 12 de Threoir 2013/36/AE;
ciallaíonn 'priacal oibriúcháin' an priacal caillteanais a eascraíonn ó chórais, ó dhaoine nó ó phróisis inmheánaigh ar theip orthu nó nach raibh leormhaith, nó ó theagmhais sheachtracha, agus tá priacal dlíthiúil san áireamh freisin;
ciallaíonn 'priacal caolúcháin' an priacal go laghdófaí suim infhála trí chreidmheasanna airgid nó neamh-airgid chuig an bhféichiúnaí;
ciallaíonn 'dóchúlacht mainneachtana' nó 'DM' an dóchúlacht mainneachtana a bhaineann le contrapháirtí ar feadh tréimhse bliana;
ciallaíonn 'caillteanas i gcás mainneachtana' nó LGD cóimheas an chaillteanais ar risíocht de thoradh mainneachtana chontrapháirtí leis an tsuim gan íoc tráth na mainneachtana;
ciallaíonn 'fachtóir coinbhéartaithe' cóimheas mhéid an ghealltanais atá gan tarraingt go fóill agus a d'fhéadfaí a tharraingt agus a bheadh gan íoc, dá bhrí sin, tráth na mainneachtana, le méid an ghealltanais atá gan tarraingt go fóill. Is í an teorainn mholta a chinnfidh fairsinge an ghealltanais, ach amháin má tá an teorainn neamh-mholta níos airde;
ciallaíonn 'maolú priacal creidmheasa' teicníc a úsáideann institiúid chun an priacal creidmheasa a bhaineann le risíocht nó risíochtaí atá fós i seilbh na hinstitiúide a laghdú;
ciallaíonn 'cosaint creidmheasa chistithe' teicníc maolaithe priacal creidmheasa ina dtagann an laghdú ar priacal creidmheasa ar risíocht institiúide as ceart na hinstitiúide sin,i gcás mainneachtana an chontrapháirtí nó i gcás teagmhais chreidmheasa sainithe eile a bhaineann leis an gcontrapháirtí,sócmhainní nó méideanna áirithe a leachtú nó iad a chur á n-aistriú nó á leithreasú, iad a choinneáil, nó an risíocht orthu a laghdú, nó an difear idir méid na risíochta agus méid éilimh ar an institiúid a chur ina n-ionad;
ciallaíonn 'cosaint neamhchistithe creidmheasa' teicníc maolaithe priacal creidmheasa ina dtagann an laghdú ar priacal creidmheasa ar risíocht institiúide as oibleagáid tríú páirtí suim a íoc i gcás mainneachtana an iasachtaí nó i gcás teagmhas creidmheasa sainithe eile;
ciallaíonn 'ionstraim chomhshamhlaithe airgid' deimhniú taiscthe, banna, lena n-áirítear banna faoi chumhdach, nó aon ionstraim neamh-fho-ordaithe eile atá eisithe ag institiúid nó gnólacht infheistíochta, a bhfuil íocaíocht iomlán faighte ag an institiúid nó ag an gnólacht infheistíochta ina leith cheana féin agus a aisíocfaidh an institiúid nó an gnólacht infheistíochta gan choinníoll ag a luach ainmniúil;
ciallaíonn 'urrúsú' urrúsú mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;
ciallaíonn 'suíomh urrúsúcháin' suíomh urrúsúcháin mar a shainmhínítear i bpointe (19) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;
ciallaíonn 'ath-urrúsú' ath-urrúsú mar a shainmhínítear i bpointe (4) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;
ciallaíonn 'suíomh ath-urrúsúcháin' risíocht ar ath-urrúsúchán;
ciallaíonn 'feabhsú creidmheasa' socrú conarthach trína ndéantar cáilíocht chreidmheasa suímh atá in urrúsú a fheabhsú le hais mar a bheadh sé murach sin, lena n-áirítear feabhsú a thagann as tráinsí níos sóisearaí san urrúsú agus as cineálacha eile cosanta creidmheasa;
ciallaíonn 'eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin' nó 'SSPE' eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin nó SSPE mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;
ciallaíonn 'tráinse' tráinse mar a shainmhínítear i bpointe (6) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;
ciallaíonn 'marcáil ón margadh' luacháil suíomh ag praghsanna thráth dúnta an mhargaidh atá ar fáil gan dua agus a bhfuil foinse neamhspleách acu, lena n-áirítear praghsanna malartaithe, praghsanna scáileáin nó meastacháin ó roinnt bróicéirí neamhspleácha creidiúnacha;
ciallaíonn 'marcáil de réir samhla' aon luacháil is gá a thagarmharcáil, a eachtarshuí nó a ríomh ar bhealach eile ó ionchur margaidh amháin nó níos mó;
ciallaíonn 'fíorú neamhspleách ar phraghsanna' próiseas ina ndéantar praghsanna an mhargaidh nó ionchuir marcáil de réir samhla a fhíorú go rialta maidir le cruinneas agus neamhspleáchas;
ciallaíonn 'caipiteal incháilithe' na nithe seo a leanas:
chun críocha Theideal III de Chuid a Dó, ciallaíonn sé suim na nithe seo a leanas:
caipiteal Leibhéal 1 dá dtagraítear in Airteagal 25, gan an asbhaint atá in Airteagal 36(1)(k)(i) a chur i bhfeidhm;
caipiteal Leibhéal 2 dá dtagraítear in Airteagal 71 atá cothrom le haon trian de chaipiteal Leibhéal 1 nó níos lú ná sin faoi mar a ríomhtar é de bhun phointe (i) den phointe seo;
ciallaíonn 'malartán aitheanta' malartán a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas go léir:
is margadh rialáilte nó margadh tríú tír é a mheastar a bheith coibhéiseach le margadh rialáilte i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 25(4) de Threoir 2014/65/AE;
tá sásra imréitigh aige trína ndéantar conarthaí atá liostaithe in Iarscríbhinn II a chur faoi réir ceanglas corrlaigh laethúil a chuireann cosaint iomchuí ar fáil, i dtuairim na n-údarás inniúil;
ciallaíonn 'sochair phinsin lánroghnacha' sochair phinsin fheabhsaithe arna dtabhairt ar bhonn lánroghnach ag institiúid d'fhostaí mar chuid dá phacáiste luach saothair inathraithe, nach gcuimsíonn sochar fabhraithe a tugadh d'fhostaí faoi théarmaí scéim pinsean na cuideachta;
ciallaíonn 'luach iasachta morgáiste' luach maoine dochorraithe arna chinneadh ag measúnú stuama ar indíoltacht na maoine sa todhchaí, ag cur san áireamh gnéithe inbhuanaithe fadtéarmacha na maoine, gnáthchoinníollacha an mhargaidh áitiúil, úsáid reatha agus úsáidí malartacha iomchuí na maoine;
Ciallaíonn 'maoin chónaithe' áit chónaithe atá áitithe ag an úinéir nó ag léasaí na háite cónaithe, lena n-áirítear an ceart chun cónaí in árasán i gcomharchumainn tithíochtaatá lonnaithe sa tSualainn;
ciallaíonn 'margadhluach', chun críocha maoine dochorraithe, an méid measta ba cheart a bheith ar an mhaoin ar í a mhalartú ar an dáta luachála idir ceannaitheoir toilteanach agus díoltóir toilteanach in idirbheart ar neamhthuilleamaí tar éis margaíochta cuí ina raibh na páirtithe ag gníomhú go heolasach, go stuama agus gan bheith faoi éigeantas;
ciallaíonn 'creat cuntasaíochta infheidhme' na caighdeáin chuntasaíochta a bhfuil an institiúid faoina réir faoi Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 nó Treoir 86/635/CCE;
ciallaíonn 'ráta mainneachtana aon bhliana' cóimheas an lín mainneachtana a thit amach i rith tréimhse dar tús aon bhliain amháin roimh dáta T leis an líon féichiúnaithe a shanntar don ghrád nó don líon sin aon bhliain amháin roimh an dáta sin;
ciallaíonn 'maoiniú amhantrach maoine dochorraithe' iasachtaí ar mhaithe le héadáil nó forbairt nó tógáil ar thalamh a bhaineann leis an maoin dhochorraithe sin, nó a bhaineann leis an maoin sin, d'fhonn í a athdhíol chun brabús a dhéanamh;
ciallaíonn 'maoiniú trádála' maoiniú, lena n-áirítear ráthaíochtaí, a bhaineann le malartú earraí nó seirbhísí trí tháirgí airgeadais d'aibíocht sheasta ghearrthéarmach, níos lú ná bliain amháin go hiondúil, gan tar-rolladh uathoibríoch,risíochtaí;
Ciallaíonn 'creidmheasanna onnmhairiúcháin a fhaigheann tacaíocht oifigiúil' iasachtaí nó creidmheasanna chun onnmhairiú earraí agus seirbhísí a mhaoiniú a sholáthraíonn gníomhaireacht chreidmheasa onnmhairiúcháin oifigiúil ráthaíochtaí, árachas nó maoiniú díreach ina leith;
ciallaíonn 'comhaontú athcheannaigh' agus 'comhaontú athcheannaigh droim ar ais' aon chomhaontú ina n- aistríonn institiúid nó a contrapháirtí urrúis nó tráchtearraí nó cearta ráthaithe a bhaineann le teideal ar urrúis nó ar thráchtearraí nuair is malartán aitheanta a shealbhaíonn cearta na n-urrúis nó na dtráchtearraí a eisíonn an ráthaíocht sin, agus nuair nach dtugann an comhaontú cead don institiúid urrús nó tráchtearra ar leith a aistriú chuig níos mó ná contrapháirtí amháin san am céanna, faoi réir tiomantais iad a athcheannach, nó le hurrúis nó tráchtearraí athsholáthraithe den chineál céanna ag praghas agus ar dháta sa todhchaí atá sainithe ag an aistreoir, nó ag praghas agus ar dháta a shaineoidh sé, agus arb é atá iontu comhaontú athcheannaigh ag an institiúid atá ag díol na n-urrús nó na dtráchtearraí agus comhaontú ceannaigh droim ar ais ag an institiúid atá á gceannach;
ciallaíonn 'idirbheart athcheannaigh' aon idirbheart arna rialú ag comhaontú athcheannaigh nó comhaontú athcheannaigh droim ar ais;
ciallaíonn 'comhaontú simplí athcheannaigh' idirbheart athcheannaigh ar shócmhainn aonair nó ar shócmhainní chomhchosúla, neamhchasta seachas bascaed sócmhainní;
ciallaíonn 'suímh arna sealbhú le hintinn iad a thrádáil' aon cheann díobh seo a leanas:
suímh dhílsithe agus suímh a eascraíonn ó sheirbhísiú cliaint agus ó dhéanamh margaí;
suímh atá ceaptha lena n-athdhíol sa ghearrtéarma;
suímh atá ceaptha leas a bhaint as difríochtaí praghais gearrthéarmacha iarbhír nó ionchais idir praghsanna ceannaigh agus praghsanna díola nó as athróga eile ar phraghsanna nó as athróga ar an ráta úis;]
ciallaíonn 'leabhar trádála' gach suíomh in ionstraimí airgeadais agus i dtráchtearraí arna sealbhú ag institiúid le hintinn trádála, nó d'fhonn suíomhanna arna sealbhú le hintinn iad a thrádáil a fhálú, i gcomhréir le hAirteagal 104;
ciallaíonn 'saoráid trádála iltaobhach' saoráid trádála iltaobhach mar a shainmhíníter í i bpointe 15 d'Airteagal 4 de Threoir 2004/39/CE;]
ciallaíonn 'contrapháirtí lárnach cáilitheach' nó 'CLC' contrapháirtí lárnach atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó atá aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 25 den Rialachán sin;
ciallaíonn 'ciste mainneachtana' ciste arna bhunú ag contrapháirtí lárnach i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) Uimh 648/2012 agus arna úsáid i gcomhréir le hAirteagal 45 den Rialachán sin;
ciallaíonn 'ranníocaíocht réamh-mhaoinithe le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh' ranníocaíocht le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh a íocann institiúid;
ciallaíonn 'risíocht trádála' risíocht reatha, lena n-áirítear corrlach athrúcháin atá dlite don chomhalta imréitigh ach nach bhfuarthas fós agus aon risíocht a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo de chuid comhalta imréitigh nó de chuid cliaint ar CPL a eascraíonn as conarthaí agus idirbhearta a liostaítear i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 301(1), mar aon le corrlach tosaigh;
ciallaíonn 'margadh rialáilte' margadh rialtáilte mar a shainmhínítear é i bpointe (14) d'Airteagal 4 de Threoir 2004/39/CE;
ciallaíonn 'luamhánú' méid choibhneasta sócmhainní institiúide, oibleagáidí atá lasmuigh den chlár comhardaithe agus oibleagáidí teagmhasacha comhthaobhacht a íoc nó a sheachadadh nó a sholáthar, lena n-áirítear oibleagáidí ó mhaoiniú faighte, tiomantais déanta, díorthaigh nó comhaontuithe athcheannaigh, cé is moite d'oibleagáidí nach féidir a chur i bhfeidhm ach amháin le linn leachtú institiúide, i gcomparáid le cistí dílse na hinstitiúide sin;
ciallaíonn "priacal luamhánaithe iomarcaigh" an priacal a eascraíonn as leochaileacht institiúide mar gheall ar luamhán nó ar luamhán teagmhasach lena bhféadfaí bearta ceartaitheacha neamhbheartaithe a éileamh i ndáil lena phlean gnó, lena n-áirítear díol tochsail sócmhainní a bhféadfadh caillteanais nó coigeartuithe luachála ar na sócmhainní atá fós aige a bheith mar thoradh air;
ciallaíonn 'coigeartú ar priacal creidmheasa' méid an tsoláthair shonraigh agus ghinearálta do chaillteanas ar iasachtaí i gcomhair priacail creidmheasa, ar méid é ar tugadh aitheantas ina leith i ráitis airgeadais na hinstitiúide i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme;
ciallaíonn 'fálú inmheánach' suíomh lena bhfritháirítear na heilimintí priacail comhpháirtí idir suíomh sa leabhar trádála agus suíomh amháin nó níos mó sa leabhar neamhthrádála nó idir dhá dheasca trádála;
ciallaíonn 'oibleagáid tagartha' oibleagáid a mbaintear úsáid aisti chun an luach socraíochta a bheidh ag díorthach creidmheasa a chinneadh.
Ciallaíonn institiúidí um measúnú creidmheasa seachtrach nó IMCS gníomhaireacht rátála creidmheasa atá cláraithe nó deimhnithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa ( 13 ) nó banc ceannais a eisíonn rátálacha creidmheasa atá díolmhaithe ó fheidhm Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009.
Ciallaíonn "IMCS ainmnithe" IMCS a ainmníonn institiúid;
tá le 'ioncam cuimsitheach carntha eile' an bhrí atá leis faoin gCaighdeán Cuntasaíochta Idirnáisiúnta (CCI) 1, de réir mar is infheidhme faoi Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002;
ciallaíonn 'cistí dílse bunúsacha' cistí dílse bunúsacha de réir bhrí Airteagal 88 de Threoir 2009/138/CE;
ciallaíonn 'ítimí árachais chistí dílse Leibhéal 1' ítimí bunúsacha cistí dílse de chuid gnóthas atá faoi réir cheanglais Threoir 2009/138/CE i gcás ina n-aicmítear na hítimí sin i Leibhéal 1 de réir bhrí Threoir 2009/138/CE i gcomhréir le mír 1 d'Airteagal 94 den Treoir sin;
ciallaíonn 'ítimí breise d'árachas cistí dílse de Leibhéal 1' ítimí bunúsacha cistí dílse de chuid gnóthas atá faoi réir cheanglais Threoir 2009/138/CE i gcás ina n-aicmítear na hítimí sin mar chaipiteal Leibhéal 1 de réir bhrí Threoir 2009/138/CE de réir Airteagal 94(1) den Treoir sin, agus ina bhfuil teorainn ar áirithiú na hítimí sin de bhun ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 99 den Treoir sin;
ciallaíonn 'ítimí árachais chistí dílse Leibhéal 2' ítimí bunúsacha cistí dílse de chuid gnóthas atá faoi réir cheanglais Threoir 2009/138/CE i gcás ina n-aicmítear na hítimí sin i Leibhéal 2 de réir bhrí Threoir 2009/138/CE i gcomhréir le mír 2 d'Airteagal 94 den Treoir sin;
ciallaíonn 'ítimí d'árachas cistí dílse de Leibhéal 3' ítimí árachais bunúsacha chistí dílse ghnóthais atá faoi réir cheanglais Threoir 2009/138/CE i gcás ina n-aicmítear na hítimí sin i Leibhéal 3 de réir bhrí Threoir 2009/138/CE i gcomhréir le mír 3 d'Airteagal 94 den Treoir sin;
tá le 'sócmhainní cánach iarchurtha' an bhrí atá leis faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme;
ciallaíonn ‘sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí sócmhainní cánach iarchurtha nach bhféadfar a luach todhchaí a réadú ach amháin sa chás go ngineann an institiúid brabús inchánach sa todhchaí;
tá le 'dliteanais cánach iarchurtha' an bhrí atá leis faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme
ciallaíonn 'sócmhainní ciste pinsin le sochar sainithe' sócmhainní ciste pinsean sainithe nó sócmhainní plean pinsean sainithe, de réir mar is infheidhme, arna ríomh tar éis iad a laghdú le méid na n-oibleagáidí faoin bplean nó faoin gciste sin;
ciallaíonn 'dáileacháin' íocaíocht díbhinní nó leas i bhfoirm ar bith;
tá le 'gnóthas airgeadais' an bhrí atá leis faoi phointí (b) agus (d) d'Airteagal 13(25) de Threoir 2009/138/CE;
tá le 'cistí do priacail baincéireachta ginearálta' an bhrí atá leis faoi Airteagal 38 de Threoir 86/635/CEE;
tá le 'cáilmheas' an bhrí atá leis faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme;
ciallaíonn 'sealúchas indíreach' risíocht ar bith d'eintiteas idirmheánach a bhfuil risíocht aige ar ionstraimí caipitil arna n-eisiúint ag eintiteas earnála airgeadais más rud é, sa chás go ndíscríobhtar ionstraimí caipitil arna eisiúint ag an eintiteas earnála airgeadais go buan, nach mbeadh aon difear ábharach idir an caillteanas a thabhódh an institiúid mar thoradh ar an díscríobh agus an caillteanas a thabhódh an institiúid ó shealúchas díreach na n-ionstraimí caipitil sin arna n-eisiúint ag an eintiteas earnála airgeadais;
tá le 'sócmhainní doláimhsithe' an bhrí atá leis faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme agus áirítear leis cáilmheas;
ciallaíonn 'ionstraimí caipitil eile' ionstraimí caipitil arna n-eisiúint ag eintitis ábhartha san earnáil airgeadais nach gcáilíonn mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, ionstraimí Breise Leibhéal 1, ionstraimí Breise Leibhéal 2, ítimí d'árachas cistí dílse de Leibhéal 1, ítimí breise d'árachas cistí dílse Leibhéal 1, ítimí d'árachas cistí dílse Leibhéal 2, ná ítimí árachais chistí dílse Leibhéal 3;
ciallaíonn 'cúlchistí eile' cúlchistí de réir bhrí an chreata cuntasaíochta is infheidhme nach foláir a nochtadh faoin gcaighdeán cuntasaíochta is infheidhme, cé is moite d'aon mhéideanna ar áireamh cheana féin in ioncam cuimsitheach carntha eile nó i dtuilleamh coimeádta;
ciallaíonn 'cistí dílse' suim chaipiteal Leibhéal 1 agus caipiteal Leibhéal 2;
ciallaíonn 'ionstraimí cistí dílse' ionstraimí chaipitil arna n-eisiúint ag an institiúid a cháilíonn mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, ionstraimí Breise Leibhéal 1 nó ionstraimí Breise Leibhéal 2;
ciallaíonn 'leas mionlaigh' an méid de chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 de chuid fochuideachta institiúide atá inchurtha i leith duine nádúrtha nó dlítheanach seachas iad siúd a áirítear i raon feidhme comhdhlúthaithe stuamachta na hinstitiúide;
tá le 'brabús' an bhrí atá leis faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme;
ciallaíonn 'tras-shealúchas cómhalartach' sealúchas chuid institiúide ar ionstraimí cistí dílse nó ionstraimí caipitil eile arna n-eisiúint ag eintitis earnála airgeadais i gcás ina bhfuil ionstraimí cistí dílse arna n-eisiúint ag an institiúid i seilbh na n-eintiteas sin freisin;
ciallaíonn 'tuilleamh coimeádta' brabúis agus caillteanais a thugtar ar aghaidh mar thoradh ar chur chun feidhme deiridh an bhrabúis nó an chaillteanais faoi na creataí cuntasaíochta is infheidhme;
tá le 'cuntas scairbhisigh' an bhrí atá leis faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme;
tá le 'difríochtaí sealadacha' an bhrí atá leis faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme.
ciallaíonn 'sealúchas sintéiseach' infheistíocht a dhéanfaidh institiúid in ionstraim airgeadais a bhfuil nasc díreach ag luach na hionstraime le luach na n-ionstraimí caipitil arna n-eisiúint ag eintiteas earnála airgeadais.
ciallaíonn 'scéim trasráthaíochta' scéim lena gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
tá na hinstitiúidí faoi chuimsiú na scéime cosanta institiúidí céanna dá dtagraítear in Airteagal 113(7) nó tá siad cleamhnaithe go buan le comhlacht lárnach trí bhíthin líonra;
tá na hinstitiúidí comhdhlúite go hiomlán i gcomhréir le hAirteagal 1(1)(b), (c) nó (d) nó le hAirteagal1 (2) den Seachtú Treoir 83/349/CEE ón gComhairle maidir le cuntais chomhdhlúite agus áirítear iad sa mhaoirseacht a dhéantar, ar bhonn comhdhlúite, ar an institiúid arb é máthairinstitiúid i mBallstát é de réir Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon agus atá faoi réir an cheanglais cistí dílse;
bunaítear máthairinstitiúid agus na fochuideachtaí sa Bhallstát céanna agus tá siad faoi réir údaraithe agus maoirseachta ag an údarás inniúil céanna;
tá comhaontú dliteanais conarthach nó reachtúil ag an máthairinstitiúid i mBallstát agus ag na fochuideachtaí a thugann cosaint do na hinstitiúidí sin agus a áirithíonn a gcuid leachtachta agus a gcuid sócmhainneachta go háirithe d'fhonn féimheacht a sheachaint i gcás ina bhfuil gá sin a dhéanamh;
tá socruithe i bhfeidhm lena áirithiú go gcuifear acmhainn airgeadais ar fáil go pras i dtéarmaí caipitil agus leachtachta más gá faoin gcomhaontú dliteanais conarthach nó reachtúil dá dtagraítear i bpointe (d);
déanann an t-údarás inniúil faireachán ar leordhóthanacht na socruithe dá dtagraítear i bpointe (d) agus (e) go rialta;
tá íostréimhse fógartha10 mbliana ag fochuideachta imeacht dá deoin féin ón socrú dliteanais;
tá sé de chumhacht ag an údarás inniúil cosc a chur ar fhochuideachta imeacht dá deoin féin ón socrú dliteanais;
ciallaíonn 'ítimí indáilte' méid an bhrabúis ag deireadh na bliana airgeadais deiridh móide aon bhrabús a thugtar ar aghaidh agus aon chúlchistí atá ar fáil chuige sin sula ndéanfar dáileacháin ar shealbhóirí ionstraimí cistí dílse lúide aon chaillteanais a thugtar ar aghaidh, aon bhrabúis atá neamh-indáilte de bhun dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta nó fhodhlíthe na hinstitiúide, agus aon suimeanna a chuirtear i gcúlchistí neamh-indáilte i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is nó le reachtanna na hinstitiúide, i ngach cás maidir le catagóir sonrach na n-ionstraimí cistí dílse lena mbaineann dlí an Aontais, an dlí náisiúnta, fodhlíthe na n-institiúidí nó reachtanna; agus brabúis, caillteanais agus cúlchistí den chineál sin á gcinneadh ar bhonn chuntas aonair na hinstitiúide seachas ar bhonn na gcuntas comhdhlúite;
ciallaíonn 'seirbhíseoir' seirbhíseoir mar a shainmhínítear i bpointe (13) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;
ciallaíonn 'údarás réitigh' údarás réitigh mar a shainmhínítear é i bpointe (18) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE;
ciallaíonn 'eintiteas réitigh' eintiteas réitigh mar a shainmhínítear é i bpointe (83a) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE;
ciallaíonn 'grúpa réitigh' grúpa réitigh mar a shainmhínítear é i bpointe (83b) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE;
ciallaíonn 'institiúid dhomhanda a bhfuil tábhacht shistéamach léi' nó 'G-SII' G-SII a sainaithníodh i gcomhréir le hAirteagal 131(1) agus (2) de Threoir 2013/36/AE;
ciallaíonn 'institiúid dhomhanda neamh-AE a bhfuil tábhacht shistéamach léi 'nó' G-SII neamh-'AE grúpa banc domhanda lena bhfuil tábhacht shistéamach nó banc (G-SIBanna) nach G-SII é agus atá ar liosta na G-SIBanna a fhoilsíonn an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais, liosta a thabharfar cothrom le dáta go rialta;
ciallaíonn 'fochuideachta ábhartha' fochuideachta a chomhlíonann, ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite, aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
sealbhaíonn an fhochuideachta níos mó ná 5 % de shócmhainní comhdhlúite atá ualaithe ó thaobh priacal a máthairghnóthais bunaidh;
gineann an fhochuideachta níos mó ná 5 % d'ioncam oibriúcháin iomlán a máthairghnóthais bunaidh;
is mó tomhas iomlán na risíochtaí, dá dtagraítear in Airteagal 429(4) den Rialachán seo, atá ag an bhfochuideachta ná 5 % de thomhas comhdhlúite iomlán na risíochtaí atá ag a máthairghnóthas bunaidh;
chun cinneadh cé hí an fhochuideachta ábhartha, i gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 21b(2) de Threoir 2013/36/AE, glacfar leis an dá mháthairghnóthas idirmheánacha de chuid an Aontais mar fhochuideachta aonair ar bhonn a gcáis chomhdhlúite;
ciallaíonn 'eintiteas G-SII' eintiteas ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach agus ar G-SII nó cuid de G-SII nó de G-SII neamh-AE é;
ciallaíonn 'uirlis díluachála fiachais' uirlis díluachála fiachais mar a shainmhínítear í i bpointe (57) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/(AE);
ciallaíonn 'grúpa' grúpa de ghnóthais ar institiúid é gnóthas amháin acu ar a laghad agus atá déanta de mháthairghnóthas agus dá fochuideachtaí, nó de ghnóthais a bhfuil baint acu lena chéile mar a leagtar amach ina Airteagal 22 de Threoir 2013/34/AE de Pharlaimint na hEorpa agus den Chomhairle ( 14 );
ciallaíonn 'idirbheart maoinithe urrús' 'idirbheart athcheannaigh', idirbheart lena dtugtar nó lena bhfaightear urrúis nó tráchtearraí ar iasacht, nó idirbheart lena dtugtar corrlach ar iasacht;
ciallaíonn 'corrlach tosaigh' nó 'CT' aon chomhthaobhacht, seachas an corrlach athrúcháin, a bailíodh ó eintiteas nó a postáladh chuige chun an risíocht atá ann faoi láthair agus an risíocht a d'fhéadfadh a bheith ann sa todhchaí ar idirbheart nó punann idirbheart le linn na tréimhse is gá chun na hidirbhearta sin a leachtú nó chun a bpriacal margaidh a athfhálú, tar éis mhainneachtain an chontrapháirtí san idirbheart nó i bpunann na n-idirbheart;
ciallaíonn 'priacal margaidh' an priacal go dtiocfadh caillteanais as athruithe ar phraghsanna margaidh, lena n-áirítear rátaí malairte eachtraí nó praghsanna tráchtearraí;
ciallaíonn 'priacal malairte eachtraí' an priacal go dtiocfadh caillteanais as athruithe ar rátaí malairte eachtraí;
ciallaíonn 'priacal tráchtearraí' an priacal go dtiocfadh caillteanais as athruithe ar phraghsanna tráchtearraí;
ciallaíonn 'deasc trádála', grúpa déileálaithe léir-shainaitheanta arna chur ar bun ag an institiúid chun comhbhainistiú a dhéanamh ar phunann de shuíomhanna leabhair trádála i gcomhréir le straitéis ghnó chomhsheasmhach dhea-shainithe agus é ag oibriú faoin aon struchtúr bainistithe priacail amháin;
ciallaíonn 'institiúid bheag neamhchasta' institiúid a chomhlíonann gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
nach institiúid mhór í;
tá luach iomlán a sócmhainní ar bhonn aonair nó, más infheidhme, ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Treoir 2013/36/AE, ar an meán, cothrom le tairseach EUR 5 bhilliún thar an tréimhse ceithre bliana atá díreach roimh an tréimhse bhliantúil reatha tuairiscithe nó níos lú ná an tairseach sin; Is ceadmhach do Bhallstáit an tairseach sin a ísliú;
níl sí faoi réir aon oibleagáidí, nó tá sí faoi réir oibleagáidí simplithe, i ndáil leis an bpleanáil téarnaimh agus réitigh i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2014/59/AE;
rangaítear a gnó leabhar trádála mar ghnó beag de réir bhrí Airteagal 94(1);
ní mó luach iomlán a suíomhanna díorthacha arna sealbhú le hintinn iad a thrádáil ná 2 % d'iomlán á sócmhainní laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe agus ní mó luach iomlán a suíomhanna díorthach ná 5 %, i gcás ina ríomhfar an dá luach sin i gcomhréir le hAirteagal 273a(3);
baineann corradh le 75 % de shócmhainní iomlána agus comhdhlúite na hinstitiúide agus de dhliteanais iomlána chomhdhlúite na hinstitiúide, cé is moite de na risíochtaí laistigh de ghrúpa sa dá chás, baineann siad le gníomhaíochtaí le contrapháirtithe atá lonnaithe sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch;
ní úsáideann an institiúid samhlacha inmheánacha chun freastal ar na ceanglais stuamachta i gcomhréir leis an Rialachán seo cé is moite d'fhochuideachtaí a bhaineann úsáid as samhlacha inmheánacha a forbraíodh ar leibhéal an ghrúpa, ar choinníoll go bhfuil an grúpa faoi réir na gceanglas maidir le nochtadh a leagtar síos in Airteagal 433a nó in Airteagal 433c ar leibhéal comhdhlúite;
níor cuireadh agóid in iúl don údarás inniúil ag an institiúid i gcoinne a rangaithe mar institiúid bheag neamhchasta;
ní dhearna an t-údarás inniúil cinneadh nach measfar an institiúid a bheith mar institiúid bheag neamhchasta ar bhonn anailís ar a méid, a hidirnascacht, a castacht nó ar a próifíl priacail;
ciallaíonn 'institiúid mhór' institiúid a chomhlíonann aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
is 'G-SII' í;
sainaithníodh í mar institiúid eile a bhfuil tábhacht shistéamach léi (O-SII) i gcomhréir le hAirteagal 131(1) agus (2) de Threoir 2013/36/AE;
tá sí, sa Bhallstát ina bhfuil sí bunaithe, ar na trí institiúid is mó de réir luach iomlán na sócmhainní;
is comhionann le EUR 30 billiún nó níos mó ná sin é luach iomlán a sócmhainní ar bhonn aonair nó, más infheidhme, ar bhonn a cáis chomhdhlúite i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Treoir 2013/36/AE;
ciallaíonn 'fochuideachta mhór' cuideachta a cháilíonn mar institiúid mhór;
ciallaíonn 'institiúid neamhliostaithe' institiúid nár eisigh urrúis a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte d'aon Bhallstát, de réir bhrí phointe (21) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;
ciallaíonn 'tuarascáil airgeadais', chun chríocha Chuid a hOcht, tuarascáil airgeadais de réir bhrí Airteagail 4 agus 5 de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 15 );
ciallaíonn 'déileálaí tráchtearraí agus lamháltas astaíochtaí' gnóthas arb é a phríomhghnó eisiach seirbhísí nó gníomhaíochtaí infheistíochta a sholáthar i dtaca leis na díorthaigh tráchtearraí nó na conarthaí díorthach tráchtearraí dá dtagraítear i bpointí (5), (6), (7), (9) agus (10), díorthaigh lamháltas astaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (4), nó lamháltais astaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (11) de Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Meitheamh 2020.
Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 5
Sainmhínithe is sonrach do cheaglais caipitil le haghaidh pricail chreidmheasa
Chun críocha Chuid a Trí, Theideal II, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn 'neamhchosaint', sócmhainn nó ítim atá lasmuigh den chlár comhardaithe.
ciallaíonn 'caillteanas' caillteanas eacnamaíoch, lena n-áirítear éifeachtaí lascainí móra, agus costais ábhartha dhíreacha agus indíreacha a bhaineann le hathghnóthú na hionstraime;
ciallaíonn 'caillteanas ionchasach' nó CI, cóimheas na méide a cheaptar a chaillfear ar risíocht i ngeall ar mhainneachtain chontrapháirtí nó caolúchán thar thréimhse bliana leis an tsuim gan íoc tráth na mainneachtana;
TEIDEAL II
LEIBHÉAL CUR I BHFEIDHM CEANGLAS
CAIBIDIL 1
Cur i bhfeidhm ceanglas ar bhonn aonair
Airteagal 6
Prionsabail ghinearálta
Comhlíonfaidh fochuideachtaí ábhartha de G-SII neamh-AE Airteagal 92b ar bhonn aonair i gcás ina gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha uile seo a leanas:
ní eintitis réitigh iad;
níl fochuideachtaí acu;
ní fochuideachtaí iad de mháthairinstitiúid AE.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, comhlíonfaidh na hinstitiúidí dá dtagraítear i mír 1a den Airteagal seo Airteagal 437a agus pointe (h) d'Airteagal 447 ar bhonn aonair.
Comhlíonfaidh institiúidí na hoibleagáidí a leagtar síos i gCuid a Sé agus i bpointe (d) d'Airteagal 430(1) den Rialachán seo ar bhonn aonair.
Ní bheidh sé de cheangal ar na hinstitiúidí seo a leanas cloí le hAirteagal 413(1) agus na ceanglais tuairiscithe leachtachta bhainteacha a leagtar síos i gCuid a Seacht A den Rialachán seo:
institiúidí a údaraítear freisin i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
institiúidí a údaraítear freisin i gcomhréir le hAirteagal 16 agus pointe (a) d'Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 16 ), ar choinníoll nach ndéanann siad aon tiontuithe aibíochta suntasacha; agus
institiúidí a ainmnítear i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, ar choinníoll:
go bhfuil a gcuid gníomhaíochtaí teoranta chuig seirbhísí de chineál baincéireachta, amhail dá dtagraítear i Roinn C den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin, a thairiscint do sheirbhísí do thaisclanna lárnacha urrús a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán sin,; agus
nach ndéanann siad aon tiontuithe aibíochta suntasacha.
Airteagal 7
Maolú ar chur chun feidhme ceanglas stuamachta ar bhonn aonair
Féadfaidh na húdaráis inniúla cur chun feidhme Airteagal 6(1) a tharscaoileadh i leith aon fhochuideachta de chuid institiúide, i gcás ina bhfuil an fhochuideachta agus an institiúid faoi réir údarú agus maoirseachta an Bhallstáit lena mbaineann, agus i gcás ina bhfuil an fhochuideachta ar áireamh sa mhaoirseacht ar bhonn comhdhlúite ar an institiúid arb í an mháthairghnóthas í, agus i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir, d'fhonn a áirithiú go ndáiltear cistí dílse go leordhóthanach idir an máthairghnóthas agus na fochuideachtaí:
ní ann d'aon bhac dlíthiúil, praiticiúil ná ábharach, ná súil le bac den sórt sin, leis an máthairghnóthas cistí dílse a aistriú agus dliteanais a aisíoc go pras;
sásaíonn an máthairghnóthas an t-údarás inniúil maidir le bainistíocht stuama na fochuideachta agus tá sé fógartha aige, le cead ón údarás inniúil, go ráthaíonn sé na gealltanais arna ndéanamh ag an bhfochuideachta, nó neachtar acu tá priacail an fhochuideachta diomaibhseach;
cuimsíonn nósanna imeachta rialaithe, tomhais agus meastóireachta priacal na máthairchuideachta an fhochuideachta freisin;
tá os cionn 50 % de na cearta vótála a bhaineann le scaireanna i gcaipiteal na fochuideachta i seilbh na máthairchuideachta nó neachtar acu tá sé de cheart ag an máthairchuideachta formhór bhaill de chomhlacht bainistíochta na fochuideachta a cheapadh nó a chur as oifig.
Féadfaidh na húdaráis inniúla cur chun feidhme Airteagal 6(1) a tharscaoileadh maidir le máthairinstitiúid i mBallstát, i gcás go bhfuil an institiúid sin faoi réir údarú agus maoirseachta an Bhallstáit lena mbaineann, go bhfuil sí cuimsithe faoin maoirseacht ar bhonn comhdhlúite, agus go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas, d'fhonn a áirithiú go ndáiltear na cistí dílse go leormhaith ar an máthairchuideachta agus ar na fochuideachtaí:
ní ann d'aon bhac dlíthiúil, praiticiúil ná ábharach, ná súil le bac den sórt sin, leis an máthairinstitiúid i mBallstát cistí dílse a aistriú agus dliteanais a aisíoc go pras;
cuimsítear an mháthairinstitiúid i mBallstát leis na nósanna imeachta rialaithe, tomhais agus meastóireachta priacal atá ábhartha don mhaoirseacht chomhdhlúite;
An t-údarás inniúil a bhaineann úsáid as an mír seo, cuirfidh sé údaráis inniúla na mBallstát eile go léir ar an eolas ina leith.
Airteagal 8
Maolú ar chur chun feidhme ceanglas leachtachta ar bhonn aonair
Féadfaidh na húdaráis inniúla cur chun feidhme Chuid a Sé a tharscaoileadh i bpáirt nó ina iomláine maidir le hinstitiúid agus maidir lena fochuideachtaí go léir san Aontas, nó maidir le cuid acu, agus féadfaidh siad maoirseacht a dhéanamh orthu mar fhoghrúpa leachtachta aonair, fad a chomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas go léir:
déanann an mháthairinstitiúid ar bhonn comhdhlúite nó institiúid fochuideachta ar bhonn fochomhdhlúite na hoibleagáidí a leagtar síos i gCuid a Sé a chomhlíonadh;
déanfaidh an mháthairinstitiúid ar bhonn comhdhlúite nó an institiúid fochuideachta ar bhonn fo-chomhdhlúite, maoirseacht i gcónaí ar shuíomhanna leachtachta gach institiúide den ghrúpa nó den fhoghrúpa atá faoi réir na tarscaoilte, déanfaidh sí faireachán agus maoirseacht i gcónaí ar shuíomhanna cistiúcháin gach institiúide den ghrúpa nó den fhoghrúpa i gcás ina dtarscaoilfear an ceanglas cóimheasa glanchistiúcháin chobhsaí (CGCC) a leagtar amach i dteideal IV de Chuid a Sé, agus áiritheoidh sí go mbeidh leibhéal leordhóthanach leachtachta ann agus, i gcás ina dtarscaoilfear ceanglas CGCC a leagtar amach i dteideal IV de Chuid a Sé, go mbeidh leibhéal leordhóthanach cistiúcháin chobhsaí ann i gcomhair na n-institiúidí sin uile;
tá na hinstitiúidí tar éis dul i gconarthaí atá chun sástacht na n-údarás inniúil ina ndéantar foráil maidir le saorghluaiseacht maoine eatarthu chun cur ar a gcumas a n-oibleagáidí aonair agus comhpháirteacha a chomhlíonadh de réir mar a bhíonn siad dlite;
ní ann d'aon bhac dlíthiúil, praiticiúil ná ábharach, ná súil le bac den sórt sin, maidir le comhlíonadh na gconarthaí dá dtagraítear i (c).
Faoin 1 Eanáir 2014, tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le constaicí dlí ar bith a bhféadfadh sé dá mbarr gur dodhéanta a bheadh sé pointe (c) den chéad fhomhír a chur i bhfeidhm agus iarrtar air togra reachtach a dhéanamh, más iomchuí, faoin 31 Nollaig 2015 maidir le cé acu de na na constaicí sin ba cheart a bhaint.
I gcás ina bhfuil institiúidí uile an fhoghrúpa leachtachta aonair údaraithe i roinnt Ballstát, ní chuirfear mír 1 i bhfeidhm ach amháin tar éis an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 21 a leanúint, agus ní dhéanfar é sin ach amháin i gcás institiúidí a n-aontaíonn a n-údaráis inniúla maidir leis na gnéithe seo a leanas:
a measúnú ar chomhlíonadh na heagraíochta agus ar láimhseáil an priacal leachtachta leis na coinníollacha a cheanglaítear le hAirteagal 86 de Threoir (AE)201336 thar an bhfoghrúpa leachtachta aonair;
dáileadh méideanna, láthair agus úinéireacht na sócmhainní leachtacha arna gceangal atá le sealbhú laistigh den fhoghrúpa leachtachta aonair i gcás ina dtarscaoilfear an ceanglas maidir le cóimheas cumhdaigh ar leachtacht (LCR) mar a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), agus dáileadh méideanna agus suíomh an chistiúcháin chobhsaí atá ar fáil laistigh den fhoghrúpa leachtachta aonair i gcás ina dtarscaoilfear ceanglas CGCC a leagtar amach i dTeideal IV de Chuid a Sé;
cinneadh a dhéanamh i ndáil le híosmhéid sócmhainní leachtacha atá le sealbhú ag institiúidí ar ina leith a tharscaoilfear cur chun feidhme cheanglas LCR a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) agus cinneadh a dhéanamh i ndáil le híosmhéid cistiúcháin chobhsaí atá ar fáil atá le sealbhú ag institiúidí ar ina leith a tharscaoilfear cur chun feidhme cheanglas CGCC a leagtar amach i dTeideal IV de Chuid a Sé;
an gá atá le paraiméadair níos déine ná iad sin atá leagtha amach i gCuid a Sé;
roinnt neamhshrianta faisnéise iomláine idir na húdaráis inniúla.
tuiscint iomlán ar impleachtaí tarscaoilte den sórt sin.
Airteagal 9
An modh comhdhlúthaithe aonair
Airteagal 10
Tarscaoileadh maidir le hinstitiúidí creidmheasa atá cleamhnaithe go buan le comhlacht lárnach
Féadfaidh údaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, cur i bhfeidhm na gceanglas a leagtar amach i gCodanna a Dó go hOcht den Rialachán seo agus i gCaibidil 2 de Rialachán (AE) 2017/2402 a tharscaoileadh go páirteach nó go hiomlán d'institiúid chreidmheasa amháin nó níos mó atá suite sa Bhallstát céanna agus atá cleamhnaithe go buan le comhlacht lárnach a dhéanann maoirseacht orthu agus atá bunaithe sa Bhallstát céanna, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
is dliteanais chomhpháirteacha agus leithleacha iad gealltanais an chomhlachta lárnaigh agus institiúidí cleamhnaithe, nó tá gealltanais a institiúidí cleamhnaithe ráthaithe go hiomlán ag an gcomhlacht lárnach;
déantar faireachán ar shócmhainneacht agus ar leachtacht an chomhlachta lárnaigh agus na n-institiúidí cleamhnaithe uile ina n-iomlán ar bhonn chuntais chomhdhlúite na n-institiúidí sin;
tá sé de chumhacht ag bainistíocht an chomhlachta lárnaigh treoracha a eisiúint do bhainistíocht na n-institiúidí cleamhnaithe.
Féadfaidh Ballstáit an dlí náisiúnta atá ann cheana féin a choinneáil agus leas a bhaint as maidir leis an tarscaoileadhdá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm a mhéid is nach mbeidh sé ag teacht salach ar an Rialachán sin nó ar Threoir 2013/36/AE.
CAIBIDIL 2
Comhdhlúthú stuamachta
Airteagal 10a
Ceanglais stuamachta a chur i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite i gcás inar máthairghnóthais na gnólachtaí infheistíochta
Chun an chaibidil seo a chur i bhfeidhm, measfar gur máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais i mBallstát nó máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais de chuid an Aontais gnólachtaí infheistíochta i gcás inar máthairghnóthais institiúide nó gnólachta infheistíochta na gnólachtaí infheistíochta sin faoi réir an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó (5) de Rialachán (AE) 2019/2033.
Airteagal 11
Láimhseáil ghinearálta
Chun a áirithiú go gcuirfear ceanglais an Rialacháin seo i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite, déanfaidh na téarmaí “institiúid”, “máthairinstitiúid i mBallstát”, “máthairinstitiúid AE” agus “máthairghnóthas”, de réir an cháis, tagairt freisin don mhéid a leanas:
cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha arna formheas i gcomhréir le hAirteagal 21a de Threoir 2013/36/AE;
institiúid ainmnithe a rialaíonn máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha i gcás nach mbíonn an mháthairchuideachta sin faoi réir formheasa i gcomhréir le hAirteagal 21a(4) de Threoir 2013/36/AE;
cuideachta shealbhaíochta airgeadais, cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha nó institiúid a ainmnítear i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 21a(6) de Threoir 2013/36/AE.
Is é cás comhdhlúite na máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó na máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha nach mbíonn faoi réir formheasa i gcomhréir le hAirteagal 21a(4) de Threoir 2013/36/AE a bheidh i gcás comhdhlúite gnóthais dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo. Is é cás comhdhlúite na máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó na máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha a bheidh i gcás comhdhlúite gnóthais dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír den mhír seo.
▼M8 —————
Is máthairghnóthais de chuid an Aontais Eorpaigh ar fochuideachta iad de G-SII neamh-AE agus nach eintitis réitigh iad, agus iadsan amháin, a chomhlíonfaidh Airteagal 92b den Rialachán seo ar bhonn comhdhlúite a mhéid agus ar an modh a leagtar amach in Airteagal 18 den Rialachán seo. I gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 21b(2) de Threoir 2013/36/AE, comhlíonfaidh an dá mháthairghnóthas idirmheánacha AE faoi seach, ar sainaithníodh go comhpháirteach iad mar fhochuideachta ábhartha, Airteagal 92b den Rialachán seo ar bhonn a gcáis chomhdhlúite.
Comhlíonfaidh máthairinstitiúidí AE Cuid a Sé agus pointe (d) d'Airteagal 430(1) den Rialachán seo ar bhonn a staide comhdhlúite i gcás ina bhfuil institiúid creidmheasa nó gnólacht infheistíochta amháin nó níos mó sa ghrúpa atá údaraithe na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí infheistíochta a liostaítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE a sholáthar.
I gcás inar tugadh tarscaoileadh faoi Airteagal 8(1) go (5), déanfaidh na hinstitiúidí agus, i gcás inarb infheidhme, na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais nó na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, ar cuid d'fhoghrúpa leachtachta iad, Cuid a Sé agus pointe (d) d'Airteagal 430(1) den Rialachán seo a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite nó ar bhonn fo‐chomhdhlúite an fhoghrúpa leachtachta.
Beidh cur i bhfeidhm an chur chuige a leagtar amach sa chéad fhomhír gan dochar do mhaoirseacht éifeachtach ar bhonn comhdhlúite agus ní bheidh éifeachtaí díobhálacha díréireacha i gceist don chóras airgeadais i bpáirt nó ina iomláine i mBallstáit eile nó san Aontas ina iomláine ná ní fhoirmeoidh sé ná ní chruthóidh sé constaic i gcoinne fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.
▼M8 —————
Airteagal 12a
Ríomh comhdhlúite le haghaidh G-SIInna ag a bhfuil il-eintitis réitigh
I gcás inar eintiteas réitigh dhá eintiteas G-SII ar a laghad ar leis an aon G-SII iad, ríomhfaidh máthairinstitiúid AE an G-SII sin an méid cistí dílse agus dliteanas incháilithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 92a(1) den Rialachán seo. Déanfar an ríomh sin ar bhonn chás comhdhlúite mháthairinstitiúid AE amhail dá mba é an t-aon eintiteas réitigh amháin de chuid an G-SII sin é.
I gcás ina mbeidh an méid a ríomhadh i gcomhréir leis an gcéad mhír den Rialachán seo níos lú ná suim na méideanna cistí dílse agus dliteanas incháilithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 92a(1) den Rialachán seo atá ag na heintitis uile ar leis an G-SII sin iad, gníomhóidh na húdaráis réitigh i gcomhréir le hAirteagail 45d(4) agus 45h(2) de Threoir 2014/59/AE.
I gcás ina mbeidh an méid a ríomhadh i gcomhréir leis an gcéad mhír den Airteagal seo níos mó ná suim na méideanna cistí dílse agus dliteanas incháilithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 92a(1) den Rialachán seo atá ag na heintitis uile ar leis an G-SII sin iad, féadfaidh na húdaráis réitigh gníomhú i gcomhréir le hAirteagail 45d(4) agus 45h(2) de Threoir 2014/59/AE.
Airteagal 13
Cur i bhfeidhm ceanglais maidir le nochtadh ar bhonn comhdhlúite
Nochtfaidh fochuideachtaí móra máthairinstitiúidí AE an fhaisnéis a shonraítear in Airteagail 437, 438, 440, 442, 450, 451, 451a agus 453 ar bhonn aonair nó, más infheidhme i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Treoir 2013/36/AE, ar bhonn fo-chomhdhlúite.
Beidh feidhm ag an dara fomhír de mhír 1 maidir le fochuideachtaí máthairghnóthas atá suite i dtríú tír ina bhfuil na fochuideachtaí sin cáilithe mar fhochuideachtaí móra.
Airteagal 14
Ceanglais Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2017/2402 a chur i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite
▼M9 —————
Airteagal 18
Modhanna comhdhlúthaithe stuamachta
Chun críocha Airteagal 11(3a), na hinstitiúidí nach mór dóibh na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 92a nó 92b a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite, déanfaidh siad comhdhlúthú ar na hinstitiúidí agus na hinstitiúidí airgeadais uile arb iad a bhfochuideachtaí iad sna grúpaí réitigh ábhartha.
Cinnfidh na húdaráis inniúla an bhfuil comhdhlúthú le déanamh agus conas a dhéanfar é sna cásanna seo a leanas:
i gcás ina bhfuil, i dtuairim na n-údarás inniúil, tionchar suntasach ag institiúid ar institiúid amháin nó ar institiúid airgeadais amháin nó níos mó, ach gan seilbh a bheith aici ar rannpháirtíocht ná naisc chaipitiúla eile sna hinstitiúidí sin; agus
i gcás ina bhfuil dhá institiúid nó dhá institiúid airgeadais nó níos mó curtha faoi bhainistíocht aonair ach amháin más de bhun conartha, ar bhonn clásail atá ina meabhráin nó ar bhonn a n-airteagal comhlachais a dhéantar an méid sin.
Go háirithe, féadfaidh na húdaráis inniúla úsáid an mhodha a ndéantar foráil dó in Airteagal 22(7), (8) agus (9) de Threoir 2013/34/CEE a cheadú nó a éileamh. Ní hionann an modh sin a úsáid agus na gnóthais lena mbaineann a bheith ar áireamh faoin maoirseacht ar bhonn comhdhlúite.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh údaráis inniúla a cheadú d'institiúidí nó a éileamh orthu modh éagsúil a chur i bhfeidhm ar fhochuideachtaí nó rannpháirtíochtaí den chineál sin, lena n-áirítear an modh a cheanglaítear faoin gcreat cuntasaíochta infheidhme, ar choinníoll go ndéanfar an méid a leanas:
nach bhfuil an modh cothromais á chur i bhfeidhm cheana ar an 28 Nollaig 2020;
gur róthrom an t-ualach an modh cothromais a chur i bhfeidhm nó nach léirítear go leordhóthanach leis an modh cothromais na priacail don institiúid ón ngnóthas dá dtagraítear sa chéad fhomhír; agus
nach mbíonn comhdhlúthú iomlán nó cionmhar ar an ngnóthas sin mar thoradh ar an modh a chuirtear i bhfeidhm.
Féadfaidh údaráis inniúla comhdhlúthú iomlán nó cionmhar a cheangal ar fhochuideachta nó ar ghnóthas ina bhfuil rannpháirtíocht ag institiúid i gcás nach institiúid, institiúid airgeadais nó gnóthas seirbhísí coimhdeacha é agus i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
ní gnóthas árachais, gnóthas árachais tríú tír, gnóthas athárachais, gnóthas athárachais tríú tír, cuideachta shealbhaíochta árachais nó gnóthas atá eisiata ó raon feidhme Threoir 2009/138/CE i gcomhréir le hAirteagal 4 den Treoir sin é an gnóthas;
tá baol suntasach ann go gcinnfidh an institiúid tacaíocht airgeadais a chur ar fáil don ghnóthas sin agus é i gcruachás, in éagmais aon oibleagáidí conarthacha nó sa bhreis ar aon oibleagáidí conarthacha maidir le tacaíocht den sórt sin a chur ar fáil.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2020.
Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 19
Eintitis arna n-eisiamh ó raon feidhme an chomhdhlúthaithe stuamachta
Aon institiúid, institiúid airgeadais nó gnóthas seirbhísí coimhdeacha atá ina fhochuideachta nó ina ghnóthas ina bhfuil seilbh ar rannpháirtíocht, ní gá í a áirithiú sa chomhdhlúthú i gcás ina bhfuil méid iomlán shócmhainní agus ítimí lasmuigh de chlár comhardaithe an ghnóthais lena mbaineann níos lú ná an ceann is ísle den dá shuim seo a leanas:
EUR 10 milliún;
1 % de shuim iomlán shócmhainní agus ítimí lasmuigh de chlár comhardaithe an mháthairchuideachta nó an ghnóthais a shealbhaíonn an rannpháirtíocht.
Sna cásanna thíos féadfaidh na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar bhonn comhdhlúite de réir Airteagal 111 de Threoir (AE)201336 cinneadh a dhéanamh, ag meas gach cás ar a fhiúntas féin, nach gá a áirithiú sa chomhdhlúthú institiúid, institiúid airgeadais nó gnóthas seirbhísí coimhdeacha atá ina fhochuideachta nó ina sealbhaítear rannpháirtíocht:
i gcás ina bhfuil an gnóthas lena mbaineann lonnaithe i dtríú tír ina bhfuil baic dhlíthiúla le haistriú na faisnéise is gá;
i gcás nach bhfuil ach tábhacht dhiomaibhseach ag an ngnóthas lena mbaineann i leith chuspóirí an fhaireacháin ar institiúidí;
i gcás ina mbeadh sé mí-oiriúnach nó míthreorach comhdhlúthú a dhéanamh ar shuíomh airgeadais an ghnóthais lena mbaineann, a fhad a bhaineann le cuspóirí an fhaireacháin ar institiúidí ◄ , dar leis an údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a fheidhmiú ar bhonn comhdhlúite.
Airteagal 20
Cinntí comhpháirteacha maidir le ceanglais stuamachta
Oibreoidh na húdaráis inniúla lena chéile agus iad i lánchomhairle le chéile:
i gcás iarratas ar an gcead dá dtagraítear in Airteagail 143(1), 151(4), 151(9), 283, 312(2), 363, faoi seach, arna chur isteach ag máthairinstitiúid AE agus a fhochuideachtaí, nó i gcomhpháirt a chéile ag fochuideachtaí mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE, chun cinneadh a dhéanamh cé acu a thabharfar nó nach dtabharfar an cead atá á lorg agus chun na téarmaí agus na coinníollacha, más ann dóibh, a chinneadh, a mbeadh cead den chineál seo faoina réir;.
chun a dhéanamh amach an bhfuil na critéir maidir le láimhseáil shonrach idirghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 422(9) agus in Airteagal 425(5) arna gcomhlánú le caighdeáin teicniúla rialála an ÚBE dá dtagraítear in Airteagal 422(10) agus in Airteagal 425(6) á gcomhlíonadh.
Chuig an maoirseoir comhdhlúthaithe amháin a chuirfear iarratais isteach.
Beidh san iarratas dá dtagraítear in Airteagal 312(2) cur síos ar an modheolaíocht a úsáideadh chun caipiteal priacal oibriúcháin a leithdháileadh ar eintitis éagsúla an ghrúpa. Cuirfidh an t-iarratas in iúl an bhfuil sé beartaithe éifeachtaí an éagsúlaithe a chur san áireamh sa chóras chun priacal a thomhas, agus má tá, cén chaoi a ndéanfar sin.
Déanfaidh na húdaráis inniúla gach ní ar a gcumas chun teacht ar cheadh comhpháirteach laistigh de shé mhí maidir leis na nithe seo:
an t-iarratas dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1;
na critéir a mheas agus an láimhseáil shonrach dá dtagraítear i mír 1(b) a dhéanamh amach;
Beidh an cinneadh comhpháirteach seo leagtha amach i ndoiciméad ina mbeidh an cinneadh lán-réasúnaithe, doiciméad a chuirfidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 ar fáil don iarratasóir.
Tosóidh an tréimhse dá dtagraítear i mír 2:
an dáta a fhaigheann an maoirseoir comhdhlúthaithe an t-iarratas iomlán dá dtagraítear i mír 1(a). Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe an t-iarratas iomlán ar aghaidh chuid na húdaráis inniúla eile gan mhoill;
an dáta a fhaigheann na húdaráis inniúla tuarascáil arna hullmhú ag an maoirseoir comhdhlúthaithe ag déanamh anailíse ar thiomantais idirghrúpa laistigh den ghrúpa.
Beidh an cinneadh leagtha amach i ndoiciméad ina bhfuil an cinneadh lán-réasúnaithe agus cuirfear san áireamh ann tuairimí agus cúiseanna imní na n-údaráis inniúla eile, arna gcur in iúl le linn na tréimhse sé mhí.
Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe an cinneadh seo ar fáil don mháthairinstitiúid AE, don mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó don mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE agus do na húdaráis inniúla eile.
Más rud é, ag deireadh na tréimhse sé mhí, go bhfuil aon cheann de na húdaráis inniúla tar éis an t-ábhar a chur faoi bhráid an ÚBE de réir Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe a chinneadh maidir le mír 1(a) siar agus fanfaidh sé ar aon chinneadh a d'fhéadfadh an ÚBE a dhéanamh de réir Airteagal 19(3) den Rialachán sin maidir lenachinneadh, agus déanfaidh sé a chinneadh i gcomhréir le cinneadh an ÚBE. Measfar gurb é an tréimhse sé mhí an tréimhse idir-réitigh de réir bhrí an Rialacháin sin. Déanfaidh an ÚBE an cinneadh laistigh d'aon mhí amháin. Ní chuirfear an t-ábhar faoi bhráid an ÚBE tar éis dheireadh na tréimhse sé mhí ná tar éis cinneadh comhpháirteach a bheith déanta.
Beidh an cinneadh leagtha amach i ndoiciméad ina bhfuil an cinneadh lán-réasúnaithe agus cuirfear san áireamh ann tuairimí agus cúiseanna imní na n -údaráis inniúla eile, arna gcur in iúl le linn na tréimhse sé mhí.
Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe an cinneadh seo ar fáil don mhaoirseoir comhdhlúthaithe a thugann fógra don máthairinstitiúid AE, don mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó don mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE.
Más rud é, ag deireadh na tréimhse sé mhí, go bhfuil an maoirseoir comhdhlúthaithe tar éis an t-ábhar a chur faoi bhráid an ÚBE de réir Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, cuirfidh an t-údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an bhfochuideachta ar bhonn aonair a chinneadh maidir le mír 1(b) den Airteagal seo siar agus fanfaidh sé ar aon chinneadh a fhéadfaidh an ÚBE a dhéanamh de réir Airteagal 19(3) den Rialachán sin maidir leis an gcinneadh sin, agus déanfaidh sé a chinneadh i gcomhréir le cinneadh an ÚBE. Measfar gurb é an tréimhse sé mhí an tréimhse idir-réitigh de réir bhrí an Rialacháin sin. Déanfaidh an ÚBE an cinneadh laistigh d'aon mhí amháin. Ní chuirfear an t-ábhar faoi bhráid an ÚBE tar éis dheireadh na tréimhse sé mhí ná tar éis cinneadh comhpháirteach a bheith déanta.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 21
Cinntí comhpháirteacha maidir le leibhéal cur i bhfeidhm na gceanglas leachtachta
Déanfar an cinneadh comhpháirteach laistigh de sé mhí ón dáta a sheolann an maoirseoir comhdhlúthaithe isteach tuarascáil a shainaithníonn foghrúpaí leachtachta aonair ar bhonn na gcritéar atá leagtha síos in Airteagal 8. I gcás easaontú i rith na tréimhse sé mhí, rachaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe i gcomhairle leis an ÚBE arna iarraidh sin d'aon cheann de na húdaráis inniúla eile atá i gceist. Féadfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe dul i gcomhairle leis an ÚBE as a stuaim féin.
Féadfaidh an cinneadh comhpháirteach srianta a chur freisin ar láthair agus ar úinéireacht sócmhainní leachtacha agus a cheangal go mbeidh íoslíon sócmhainní leachtacha ina seilbh ag institiúidí atá díolmhaithe ó chur chun feidhme Chuid a Sé.
Leagfar an cinneadh comhpháirteach amach i ndoiciméad ina léireofar an cinneadh lán-réasúnaithe a thíolacfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe do mháthairinstitiúid an fhoghrúpa leachtachta.
Mar sin féin, féadfaidh aon údarás inniúil ábhartha dul i gcomhairle leis an ÚBE i rith na tréimhse sé mhí maidir le cé acu atá coinníollacha (a) go (d) d'Airteagal 8(1) á gcomhlíonadh nó nach bhfuil. Sa chás sin, is féidir leis an ÚBE idirghabháil neamhcheangailteach a dhéanamh de réir Airteagal 31(c) de Rialachán Uimh (AE) 1093/2010 agus Sa chás sin, cuirfidh na húdaráis inniúla go léir lena mbaineann a gcinntí siar go dtí go dtabharfar i gcrích an idirghabháil neamhcheangailteach. Más rud é nach dtagann na húdaráis inniúla ar chinneadh laistigh de thrí mhí, i rith na hidirghabhála, tiocfaidh gach údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar bhonn aonair ar a chinneadh féin, agus comhréireacht na sochar agus na bpriacal ar leibhéal Bhallstáit na máthairinstitiúide á cur san áireamh mar aon le comhréireacht na sochar agus na bpriacal ar leibhéal Bhallstát na fochuideachta. Ní chuirfear an t-ábhar faoi bhráid an ÚBE tar éis dheireadh na tréimhse sé mhí ná tar éis cinneadh comhpháirteach a bheith déanta.
Beidh an cinneadh comhpháirteach dá dtagraítear i mír 1 agus na cinntí dá dtagraítear a dara fomhír den mhír seo ceangailteach.
Airteagal 22
Fo-chomhdhlúthú i gcás eintitis i dtríú tíortha
Airteagal 23
Gnóthais i dtríú tíortha
Chun críocha maoirseacht a chur i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite de réir na Caibidle seo, beidh feidhm ag na téarmaí 'gnólacht infheistíochta', 'institiúid chreidmheasa', 'institiúid airgeadais' agus 'institiúid' maidir le gnóthais atá bunaithe i dtríú tíortha freisin, ar gnóthais iad a chomhlíonfadh sainiú na dtéarmaí sin in Airteagal 4 dá mba san Aontas a bheidís bunaithe.
Airteagal 24
Luacháil na sócmhainní agus na n-ítimí lasmuigh den chlár-comhardaithe
CUID A DÓ
CISTÍ DÍLSE AGUS DLITEANAIS INCHÁILITHE
TEIDEAL I
EILIMINTÍ DE CHISTÍ DÍLSE
CAIBIDIL 1
Caipiteal Leibhéal 1
Airteagal 25
Caipiteal Leibhéal 1
Is éard atá i gcaipiteal Leibhéal 1 institiúide suim chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus chaipiteal breise Leibhéal 1 na hinstitiúide.
CAIBIDIL 2
Caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1
Airteagal 26
Ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1
Is éard atá in ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 institiúidí na nithe seo a leanas:
ionstraimí caipitil, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 28, nó, i gcás inarb infhedhme,Airteagal 29;
na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a);
tuilleamh coimeádta;
ioncam cuimsitheach carntha eile;
cúlchistí eile
cistí do priacail baincéireachta ginearálta.
Ní aithneofar na hítimí dá dtagraítear i bpointe (c) go pointe (f) mar Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ach amháin má tá siad ar fáil don institiúid lena úsáid láithreach, gan srian, chun priacail nó caillteanais a chumhdach a luaithe a thagann siad chun cinn.
Chun críocha phointe (c) de mhír 1, mura mbeidh cead faighte roimh ré ón údarás inniúil ní fhéadfaidh institiúidí brabúis eatramhacha nó brabúis dheireadh na bliana a chur ar áireamh i gcaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 sula mbeidh cinneadh foirmiúil déanta ag an institiúid á dhearbhú brabús nó caillteanas deiridh na hinstitiúide don bhliain. Tabharfaidh an t-údarás inniúil cead i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
go mbeidh fíorú déanta ar na brabúis sin ag daoine atá neamhspleách ar an institiúid atá freagrach as iniúchadh a dhéanamh ar chuntais na hinstitiúide sin;
go mbeidh sé léirithe ag an institiúid chun shásamh an údaráis inniúil go bhfuil aon mhuirear nó díbhinn intuartha asbhainte ó mhéid na mbrabús sin.
Tabharfaidh fíorú ar bhrabúis eatramhacha nó ar bhrabúis deiridh bliana na hinstitiúide leibhéal leormhaith forchinntithe go bhfuil meastóireacht déanta ar na brabúis sin de réir na bprionsabal atá leagtha amach sa chreat cuntasaíochta is infheidhme.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh na hinstitiúidí eisiúintí a dhéanfar ina dhiaidh sin i bhfoirm ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 dár tugadh cead don institiúid cheana féin, a aicmiú mar ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, ar choinníoll go gcomhlíontar ar dá choinníoll seo a leanas:
gurb ionann, a bheag nó a mhór, na forálacha lena rialaítear na heisiúintí sin a dhéanfar ina dhiaidh sin agus na forálacha lena rialaítear na heisiúintí sin dár tugadh cead don institiúid cheana féin;
gur thug na hinstitiúidí fógra luath go leor do na húdaráis inniúla faoi na heisiúintí sin a dhéanfar ina dhiaidh sin sula ndéanfar iad a aicmiú mar ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1.
Rachaidh na húdaráis inniúla i gcomhairle le ÚBE sula dtabharfaidh siad an cead sin le haghaidh cineálacha nua ionstraimí caipitil a aicmiú mar ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1. Tabharfaidh na húdaráis inniúla aird chuí ar thuairim ÚBE agus, i gcás ina gcinnfidh siad imeacht uaithi, scríobhfaidh siad chuig ÚBE laistigh de thrí mhí ón dáta a bhfaighidh siad tuairim ÚBE, d'fhonn an réasúnaíocht ba bhun leis an imeacht sin uaithi a leagan amach. Níl feidhm ag an bhfomhír seo maidir leis na hionstraimí caipitil dá dtagraítear in Airteagal 31.
Ar bhonn na faisnéise a bhailítear ó na húdaráis inniúla, déanfaidh ÚBE liosta d'fhoirmeacha uile ionstraimí caipitil a bhunú, a chothabháil agus a fhoilsiú i ngach Ballstát, ar ionstraimí iad a cháilíonn mar ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1. I gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, féadfaidh ÚBE aon fhaisnéis a bhailiú i ndáil le hionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 a mheasann sé is gá chun a bhunú go gcomhlíonfar na critéir a leagtar amach in Airteagal 28, nó i gcás inarb infheidhme, in Airteagal 29 den Rialachán seo, agus d'fhonn an liosta dá dtagraítear san fhomhír seo a chothabháil agus a nuashonrú.
I ndiaidh athbhreithniú a dhéanamh de réir an phróisis a leagtar amach in Airteagal 80, agus i gcás ina bhfuil fianaise leordhóthanach nach gcomhlíonann na hionstraimí caipitil ábhartha na critéir a leagtar amach in Airteagal 28, nó, i gcás inarb infheidhme, in Airteagal 29, nó gur scoir siad den chomhlíonadh sin, is ceadmhach do ÚBE a chinneadh gan na hionstraimí dá dtagraítear sa cheathrú fomhír a chur leis an liosta sin nó iad a bhaint den liosta, de réir an cháis. Tabharfaidh ÚBE fógra chun na críche sin ina dtagrófar freisin do sheasamh an údaráis inniúil ábhartha i leith an ábhair féin. Níl feidhm ag an bhfomhír seo maidir leis na hionstraimí caipitil dá dtagraítear in Airteagal 31.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 27
Ionstraimí caipitil cumann frithpháirteach, comharchumann, institiúidí coigiltis nó institiúidí comhchosúla in ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1
Cuimseoidh ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 aon ionstraim chaipitil arna heisiúint ag institiúid faoina théarmaí reachtúla ar na gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
tá an institiúid den chineál sin a shainítear faoin dlí náisiúnta infheidhme agus a mheasann údaráis inniúla a bheith mar cheann ar bith díobh seo a leanas:
cumann frithpháirteach;
comharchumann;
institiúid coigiltis;
institiúid den chineál sin;
institiúid chreidmheasa atá faoi úinéireacht iomlán cheann amháin de na hinstitiúidí dá dtagraitear i bpointí (i) go (iv), agus a bhfuil cead faighte aici ón údarás inniúil ábhartha leas a bhaint as forálacha an Airteagail seo ar an gcoinníoll agus a mhéid is go bhfuil 100 % de na gnáthscaireanna atá eisithe san institiúid chreidmheasa á sealbhú, go díreach nó go neamhdhíreach, ag institiúid dá dtagraítear sna pointí sin;
comhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 28 nó, i gcás inarb infheidhme Airteagal 29;
Na cumainn frithpháirteacha, na comharchumainn, na hinstitiúidí coigiltis nó na hinstitiúidí cosúla sin a aithníodh amhlaidh faoin dlí náisiúnta ab infheidhme roimh an 31 Nollaig 2012, leanfar dá n-aicmiú amhlaidh chun críocha na Coda seo, ar choinníoll go mbeidh na critéir lenar cinneadh an t-aitheantas sin á gcomhlíonadh acu i gcónaí.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréacht caighdeáin theicniúla rialála sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 28
Ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1
Ní cháileoidh ionstraimí caipitil mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
is í an institiúid féin a eisíonn na hionstraimí le cead roimh ré ó úinéirí na hinstitiúide, nó, i gcás ina bhfuil sé ceadmhach faoin dlí náisiúnta infheidhme, is é comhlacht bainistíochta na hinstitiúide a eisíonn;
tá na hionstraimí láníoctha agus ní dhéanann an institiúid, go díreach nó go hindíreach, éadáil úinéireacht na n-ionstraimí sin a chistiú;
comhlíonann na hionstraimí na coinníollacha seo a leanas go léir maidir lena n-aicmiú:
cáilíonn siad mar chaipiteal de réir bhrí Airteagal 22 de Threoir 86/635/CEE;
tá siad aicmithe mar chothromas de réir bhrí an chreata chuntasaíochta is infheidhme;
tá siad aicmithe mar chaipiteal cothromais chun críocha dócmhainneacht chlár comhardaithe a chinneadh, nuair is infheidhme faoin dlí dócmhainneachta náisiúnta;
tá na hionstraimí nochta go soiléir agus go leithleach ar an gclár comhardaithe i ráitis airgeadais na hinstitiúide;
is ionstraimí síoraí iad;
ní féidir príomhshuim na n-ionstraimí a laghdú ná a aisíoc, seachas i gceann de na cásanna seo a leanas:
leachtú na hinstitiúide;
athcheannach lánroghnach na n-ionstraimí nó bealaí lánroghnacha eile chun caipiteal a laghdú, i gcás ina bhfuil cead faighte roimh ré ag an institiúid ón údarás inniúil i gcomhréir le Airteagal 77;
ní thugtar le fios go sainráite nó go hintuigthe sna forálacha a rialaíonn na hionstraimí go ndéanfaí nó go bhféadfaí príomhmhéid na n-ionstraimí a laghdú nó a aisíoc seachas trí leachtú na hinstitiúide, agus ní thugann an institiúid é sin le fios ar aon slí eile roimh ná le linn eisiúint na n-ionstraimí, cé is moite de chás na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 27 ina bhfuil toirmeasc faoin dlí náisiúnta infheidhme ar an institiúid diúltú ionstraimín chineál sin a fhuascailt;
comhlíonann na hionstraimí na coinníollacha seo a leanas maidir le dáileacháin:
ní hann do láimhseáil fhabhrach dáileacháin maidir le hord na n-íocaíochtaí dáileacháin, lena n-áirítear i leith ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, agus ní chuirtear ar fáil leis na téarmaí lena rialaítear na hionstraimí cearta fabhracha i leith íoc na ndáileachán;
is as ítimí indáilte amháin is féidir dáileacháin ar shealbhóirí na n-ionstraimí a íoc;
níl caidhp ná srian eile ar an uasleibhéal dáileacháin sna coinníollacha lena rialaítear na hionstraimí, seachas i gcás na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 27.
ní chinntear an leibhéal dáileachán ar bhonn na méide a íocadh as na hionstraimí tráth a n-eisithe, seachas i gcás na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 27;
sna coinníollacha lena rialaítear na hionstraimí níl aon oibleagáid ar an institiúid dáileacháin a dhéanamh ar a sealbhóirí, agus níl aon oibleagáid den chineál sin ar an institiúid ar aon slí eile;
ní ionann neamhíoc na ndáileachán agus mainneachtain na hinstitiúide;
ní fhorchuireann an cealú dáileachán aon srianta ar an institiúid;
i gcomparáid leis na hionstraimí caipitil uile arna n-eisiúint ag an institiúid, ionsúnn na hionstraimí an chéad sciar caillteanas, is é sin an sciar is mó go comhréireach, de réir mar a tharlaíonn siad, agus ionsúnn gach ionstraim caillteanais sa mhéid chéanna is a ionsúnn gach ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1 eile iad;
tá na hionstraimí aicmithe faoi bhun gach éileamh eile i gcás dhócmhainneacht nó leachtacht na hinstitiúide;
tugann na hionstraimí an teidlíocht do na húinéirí éileamh a dhéanamh ar shócmhainní iarmharacha na hinstitiúidí, éileamh atá, i gcás leachtachta agus tar éis gach éileamh sinsearach a bheith íoctha, comhréireach le méid na n-ionstraimí a eisíodh agus nach bhfuil socraithe nó faoi réir caidhpe, seachas i gcás na n-ionstraimí caipitil dá dtagraítear in Airteagal 27;
níl na hionstraimí urraithe, ná faoi réir ráthaíochta lena gcuirtear le sinsearacht an éilimh ag aon cheann díobh seo a leanas:
an institiúid nó a fochuideachtaí;
máthairghnóthas na hinstitiúide nó fochuideachtaí na hinstitiúide;
an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó a fochuideachtaí;
an chuideachta shealbhaíochta ghníomhaíochtaí measctha nó a fochuideachtaí;
an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha agus a fochuideachtaí;
aon ghnóthas a bhfuil dlúthnaisc aige leis na heintitis dá dtagraítear i bpointe (i) go pointe (v);
níl na hionstraimí faoi réir aon socrú, is cuma cé acu socrú conarthach nó conradh de chineál eile é, a chuireann le sinsearacht na n-éileamh faoi na hionstraimí i gcás dócmhainneachta nó leachtachta.
Measfar go gcomhlíontar an coinníoll a leagtar amach i bpointe (j) den chéad fhomhír, d'ainneoin go n-áirítear na hionstraimí i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 agus i gCaipiteal Leibhéal 2 de bhua Airteagal 484(3), ar choinníoll go bhfuil siad ar chomhchéim.
Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, ní bheidh ach an chuid den ionstraim chaipitil atá láníoctha i dteideal a cháilithe mar ionstraim Gnáthchothromais Leibhéal 1.
Measfar go gcomhlíontar an coinníoll atá leagtha síos i bpointe (f) de mhír 1 d'ainneoin an laghdú ar phríomhshuim na hionstraime caipitil laistigh de nós imeachta réitigh nó mar thoradh ar díluacháil ar ionstraimí caipitil a éilíonn an t-údarás réitigh atá freagrach as an institiúid.
Measfar go gcomhlíontar an coinníoll atá leagtha síos i bpointe (g) de mhír 1 d'ainneoin na bhforálacha lena rialaítear an ionstraim caipitil ina dtugtar le fios go sainráite nó go hintuigthe go ndéanfaí nó go bhféadfaí príomhmhéid na hionstraime a laghdú laistigh de nós imeachta réitigh nó mar thoradh ar díluacháil ar ionstraimí caipitil a éilíonn an t-údarás réitigh atá freagrach as an institiúid.
Measfar go gcomhlíonfar an coinníoll a leagtar amach i bpointe (h)(v) den chéad fhomhír de mhír 1 d'ainneoin fochuideachta a bheith faoi réir comhaontú leis an máthairghnóthas maidir le brabús agus caillteanas a aistriú, ar dá réir a bhfuil sé d'oibleagáid ar an bhfochuideachta an toradh bliantúil a aistriú chuig an máthairghnóthas, tar éis di a ráitis airgeadais bhliantúla a ullmhú, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile a leanas:
gur leis an máthairghnóthas 90 %, nó níos mó, de chearta vótála agus de chaipiteal na fochuideachta;
go bhfuil an máthairghnóthas agus an fhochuideachta lonnaithe sa Bhallstát céanna;
gur chun críocha dlisteanacha cánach a tugadh an comhaontú i gcrích;
go bhfuil sé de rogha ag an bhfochuideachta suim na ndáileachán a laghdú, agus an ráiteas airgeadais bliantúil á ullmhú aici, trí chuid dá brabús nó an brabús ar fad a leithdháileadh ar a cúlchistí dílse nó ar a cistí do phriacal baincéireachta ginearálta sula ndéanfaidh sí aon íocaíocht leis an máthairghnóthas;
go bhfuil sé d'oibleagáid ar an máthairghnóthas faoin gcomhaontú sin an fhochuideachta a chúiteamh go hiomlán ar na caillteanais uile a thabhaíonn sí;
go bhfuil an comhaontú faoi réir tréimhse fógra ar dá réir is féidir an comhaontú a fhoirceannadh faoi dheireadh na bliana cuntasaíochta, agus faoi sin amháin, agus éifeacht ag an bhfoirceannadh sin tráth nach luaithe ná tosach na bliana cuntastaíochta dár gcionn, rud a fhágann nach dtagann aon athrú ar an oibleagáid atá ar an máthairghnóthas an fhochuideachta a chúiteamh go hiomlán ar na caillteanais uile a thabhaíonn sí le linn na bliana cuntasaíochta reatha.
I gcás ina bhfuil comhaontú maidir le brabús agus caillteanas a aistriú déanta ag institiúid, tabharfaidh sí fógra don údarás inniúil gan mhoill agus cuirfidh sí cóip den chomhaontú ar fáil don údarás inniúil. Tabharfaidh an institiúid fógra freisin don údarás inniúil gan mhoill má thagann aon athrú ar an gcomhaontú maidir le brabús agus caillteanas a aistriú agus má fhoirceanntar é. Ní dhéanfaidh institiúid níos mó ná aon chomhaontú amháin maidir le brabús agus caillteanas a aistriú.
Forbróidh an ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
leaganacha agus cineálacha maoinithe indírigh ionstraimí caipitil is infheidhme;
Cé acu a gcuirfeadh ildáileacháin ró-ualach díréireach ar chistí dílse agus dá gcuirfeadh, cathain;
an bhrí atá le dáileacháin fhabhracha;
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 29
Ionstraimí caipitil arna n-eisiúint ag cumainn fhrithpháirteacha, ag comharchumainn, ag institiúidí coigiltis agus ag institiúidí atá cosúil leo
Comhlíonfar na coinníollacha seo a leanas maidir le fuascailt na n-ionstraimí caipitil:
seachas i gcás ina dtoirmeasctear é faoin dlí náisiúnta infheidhme, beidh sé ar chumas na hinstitiúide fuascailte na n-ionstraimí a dhiúltú;
i gcás ina bhfuil toirmeasc faoin dlí náisiúnta infheidhme ar an institiúid diúltú ionstraimí a fhuascailt, cuirfidh na forálacha a rialaíonn na hionstraimí ar chumas na hinstitiúide a bhfuascailt a theorannú;
ní teagmhas mainneachtana de chuid na hinstitiúide a bheidh i ndiúltú na hionstraimí a fhuascailt, ná i dteorainn a chur le fuascailt na n-ionstraimí nuair is infheidhme.
An coinníoll a leagtar síos sa chéad fhomhír, ní dochar é don deis a bheith ag cumann frithpháirteach, ag comharchumann, ag institiúid coigiltis nó ag institiúid atá cosúil leis ionstraimí a aithint laistigh de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 nach mbronntar cearta vótála don sealbhóir leo agus lena gcomhlíontar an dá choinníoll seo araon a leanas:
éileamh shealbhóirí na n-ionstraimí neamh-vótala i ndócmhainneacht nó i leachtacht na hinstitiúide, is comhréireach é le scair na n-ionstraimí iomlána sin de chuid Ghnáthchothromas Leibhéal 1 arb ionann í agus na hionstraimí neamh-vótála sin;
cáilíonn na hionstraimí ar shlí eile mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir lehAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 30
Na hiarmhairtí nuair a scoirtear de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le hionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1
Beidh feidhm acu seo a leanas, i gcás ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1, nuair a scoirtear de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 28 nó, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 29:
scoirfidh an ionstraim láithreach bonn de bheith cáilithe mar ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1;
scoirfidh na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis an ionstraim sin de bheith cáilithe mar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, láithreach bonn.
Airteagal 31
Ionstraimí caipitil suibscríofa ag údaráis phoiblí i gcásanna géarchéime
I gcásanna éigeandála, féadfaidh na húdaráis inniúla cead a thabhairt d'institiúidí ionstraimí caipitil a chomhlíonann ar a laghad na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (b) go (e) d'Airteagal 28(1) a áireamh i nGnáthchothromas Leibhéal 1, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
Gur eisíodh na hionstraimí tar éis 1 Eanáir 2014.
Go measann an Coimisiún gur Státchabhair atá sna hionstraimí caipitil.
Go n-eisítear na hionstraimí caipitil i gcomhthéacs scéime athchaipitlithe de bhun na rialacha maidir le Státchabhair atá ann ag an am.
Go bhfuil na hionstraimí caipitil suibscríofa go hiomlán agus ina seilbh ag an Stát nó ag údarás ábhartha poiblí nó ag eintiteas faoi úinéireacht phoiblí.
Go bhfuil na hionstraimí caipitil in ann caillteanais a sheasamh.
Ach amháin i gcás na n-ionstraimí caipitil dá dtagraítear in Airteagal 25, go dtabharfaidh na hionstraimí an teidlíocht do na húinéirí éileamh a dhéanamh ar shócmhainní iarmharacha na hinstitiúidí, i gcás leachtaithe, tar éis gach éileamh sinsearach a bheith íoctha.
Go bhfuil sásraí leordhóthanacha um imeacht ann don Stáit, nó i gcás inarb infheidhme, don údarás ábhartha poiblí nó don eintiteas faoi úinéireacht phoiblí.
Go mbeidh cead tugtha roimh ré ag an údarás inniúil agus go mbeidh a chinneadh foilsithe aige in éineacht le míniú ar an gcinneadh sin.
Airteagal 32
Sócmhainní urrúsaithe
Déanfaidh institiúid aon mhéadú ar a cothromas faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme a eascraíonn as sócmhainní urrúsaithe a eisiamh ó aon eilimint de na cistí dílse, iad seo a leanas san áireamh:
méadú den chineál sin atá gaolmhar le hioncam corrlaigh todhchaí a mbíonn gnóthachan ar dhíolachán don institiúid mar thoradh air;
i gcás gur tionscnóir an urrúsaithe an institiúid, gnóthachain ghlana a eascraíonn as caipitliú ioncaim todhchaí ó na sócmhainní urrúsaithe a chuireann feabhsú creidmheasa ar fáil do shuímh san urrúsú.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 33
Fálú sreabhadh airgid agus athruithe ar luach dliteanas dílis
Ní áireoidh institiúidí na hítimí seo a leanas in aon eilimint de na cistí dílse:
na cúlchistí luacha chóir a bhaineann le gnóthachain nó caillteanais ar fhálú sreabhadh airgid d'ionstraimí airgeadais nach bhfuil luacháilte ag luach cóir, lena n-áirítear sreabhadh airgid réamh-mheasta;
gnóthachain nó caillteanais ar dhliteanais na hinstitiúide atá luacháilte ag luach cóir a eascraíonn ó athruithe ar acmhainneacht creidmheasa dílse na hinstitiúide.
gnóthachain agus caillteanais ar luach cóir ar dhliteanais díorthach de chuid na hinstitiúide as a dtagann athruithe ar priacal creidmheasa dhílis na hinstitiúide sin.
Gan dochar do phointe (b) de mhír 1, féadfaidh institiúidí méid na ngnóthachan agus na gcaillteanas ar a dhliteanais a áireamh i gcistí dílse i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
is i bhfoirm bannaí dá dtagraítear in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE iad atá na dliteanais;
is mar thoradh ar na hathruithe céanna i seasamh creidmheasa dílse na hinstitiúide na hathruithe ar luach sócmhainní agus dliteanas na hinstitiúide;
tá luach na mbannaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus luach sócmhainní na hinstitiúide ag teacht go dlúth le chéile;
is féidir na hiasachtaí morgáiste a fhuascailt trí na bannaí atá ag maoiniú na hiasachtaí morgáiste a cheannach ar ais ar luach an mhargaidh nó ar an luach ainmniúil.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúinfaoin 30 Meán Fómhair 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 34
Coigeartuithe luacha breise
Cuirfidh institiúidí ceanglais Airteagal 105 i bhfeidhm ar a sócmhainní uile arna dtomhas ag luach cóir nuair a ríomhtar méid a gcistí dílse agus asbhainfidh siad méid aon choigeartuithe luacha breise is gá ó chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1.
Airteagal 35
Gnóthachain agus caillteanais neamhréadaithe arna dtomhas ag luach cóir
Seachas i gcás na n-ítimí dá dtagraítear in Airteagal 33, ní dhéanfaidh institiúidí coigeartuithe chun gnóthachain nó caillteanais neamhréadaithe ar a sócmhainní nó ar a dliteanais arna dtomhas ag luach cóir a bhaint óna gcistí dílse.
Airteagal 36
Asbhaintí as Ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1
Asbhainfidh institiúidí na nithe seo a leanas as ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1:
caillteanais don bhliain airgeadais reatha;
sócmhainní doláimhsithe cé is moite de bhogearraí a luacháiltear go stuama agus nach mbíonn tionchar diúltach ag réiteach, ag dócmhainneacht nó ag leachtú na hinstitiúide ar a luach;
sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí;
i gcás institiúidí a ríomhann méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal trí úsáid a bhaint as an gCur Chuige Inmheánach Bunaithe ar Rátálacha (Cur Chuige IBR), méideanna diúltacha a thig ó ríomh méideanna an chaillteanais ionchasaigh atá leagtha síos in Airteagal 158 agus Airteagal 159;
sócmhainní cistí pinsin le sochar sainithe ar chlár comhardaithe na hinstitiúide.
sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag institiúid, lena n-áirítear ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá d'oibleagáid iarbhír nó theagmhasach ar institiúid a cheannach de bhua oibleagáide conarthaí atá ann cheana;
sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais sa chás ina bhfuil tras-sealúchas cómhalartach ag an institiúid leis na heintitis sin a measann an t-údarás inniúil gur ceapadh é chun cistí dílse na hinstitiúide a bhoilsciú go saorga;
méid infheidhme na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais atá ag an institiúid i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin;
méid infheidhme na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais atá ag an institiúid i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin;
méid na n-ítimí is gá a asbhaint as ítimí Breise Leibhéal 1 de bhun Airteagal 56 a sháraíonn ítimí Breise Leibhéal 1 na hinstitiúide;
méid risíochta na n-ítimí seo a leanas a cháilíonn i gcomhair ualú priacal 1 250 %, i gcás ina n-asbhaineann an institiúid an méid risíochta sin ó mhéid Chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 mar mhalairt ar ualú priacal 1 250 % a chur i bhfeidhm:
sealúchais cháilitheacha lasmuigh den earnáil airgeadais;
suíomhanna urrúsúcháin, i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 244(1), le pointe (b) d’Airteagal 245(1) agus le hAirteagal 253;
seachadtaí in aisce, i gcomhréir le hAirteagal 379(3);
suímh i mbascaed nach bhféadfaidh institiúid an t-ualú priacal a chinneadh ina leith faoi chur chuige IRB, i gcomhréir le hAirteagal 153(8);
risíochtaí ar chothromas faoi chur chuige na samhlacha inmheánacha, i gcomhréir le hAirteagal 155(4).
aon mhuirear cánach a bhaineann le hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a bheidh intuartha tráth a ríofa, cé is moite de chás ina ndéanann an institiúid oiriúnú cuí ar mhéid na n-ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a mhéid is a laghdaíonn muirir chánach den sórt sin an t-uasmhéid ar féidir na hítimí sin a chur i bhfeidhm air chun priacail nó caillteanais a chumhdach;
méid infheidhme an chumhdaigh neamhdhóthanaigh le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha;
i gcás gealltanas íosluacha dá dtagraítear in Airteagal 132c(2), suim ar bith lena dtagann margadhluach reatha i gcás aonad nó scaireanna in GCanna agus a fholuíonn an gealltanas íosluacha, lena dtagann sin gann ar luach reatha an ghealltanais íosluacha agus nach bhfuil laghdú aitheanta cheana féin ag an institiúid ina leith i gcás ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn sonrú a dhéanamh ar na cineálacha ionstraimí caipitil atá ag institiúidí airgeadais agus, i gcomhairle leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) UAPGE, arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh.1094/2010 ( 17 ) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010., ag gnóthais árachais agus athárachais tríú tíre, agus ag gnóthais arna n-eisiamh ó raon feidhme Threoir 2009/138/CE de réir Airteagal 4 den Treoir sin, agus a asbhainfear as na gnéithe seo a leanas de chistí dílse:
Ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1;
Ítimí Breise Leibhéal 1;
Ítimí Leibhéal 2.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Meitheamh 2020.
Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 37
Sócmhainní doláimhsithe a asbhaint
Déanfaidh na hinstitiúidí méid na sócmhainní doláimhsithe a bheidh le hasbhaint a chinneadh mar seo a leanas:
laghdófar an méid atá le hasbhaint de réir mhéid na ndliteanas cánach iarchurtha gaolmhar a mhúchfaí dá dtiocfadh lagú ar na sócmhainní doláimhsithe nó dá mbainfí den chlár comhardaithe iad faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme;
cuimseoidh an méid atá le hasbhaint cáilmheas arna áireamh sa luacháil ar infheistíochtaí suntasacha na hinstitiúide;
bainfear méid na hathluachála cuntasaíochta ar shócmhainní doláimhsithe na gcuideachtaí arna dhíorthú ó chomhdhlúthú fochuideachtaí is inchurtha i leith daoine seachas na gnóthais atá sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon, bainfear an méid sin den mhéid atá le hasbhaint.
Airteagal 38
Sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí a asbhaint
Féadfar méid na sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí a laghdú de réir mhéid na ndliteanas cánach iarchurtha gaolmhar atá ag an institiúid, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
tá ceart ag an eintiteas faoin dlí náisiúnta is infheidhme, ar ceart é atá infhorghníomhaithe ó thaobh dlí de, chun na sócmhainní cánach reatha sin a fhritháireamh in aghaidh dliteanas cánach reatha;
baineann na sócmhainní cánach iarchurtha sin agus na dliteanais chánach iarchurtha le cánacha ioncaim a ghearrann an t-údarás cánachais céanna ar an eintiteas inchánach céanna.
Déanfar méid na ndliteanas cánach iarchurtha gaolmhar dá dtagraítear i mír 4 a leithdháileadh orthu seo a leanas:
sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus a thagann ó dhifríochtaí sealadacha nach n-asbhaintear i gcomhréir le hAirteagal 48(1);
na sócmhainní cánach iarchurtha eile go léir atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí.
Déanfaidh institiúidí na dliteanais chánach iarchurtha ghaolmhara a leithdháileadh de réir an chion de shócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí a bhfuil na hítimí dá dtagraítear i bpointí (a), (b),agus (c) in ionannas leis.
Airteagal 39
Ró-íocaíochtaí cánach, tabhairt siar caillteanais chánach agus sócmhainní cánach iarchurtha nach bhfuil ag brath ar bhrabúsacht todhchaí
Ní asbhainfear na hítimí a leanas ó na cistí dílse agus beidh siad faoi réir ualú priacal i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme,:
ró-íocaíochtaí cánach a rinne an institiúid sa bhliain reatha;
caillteanais chánach na hinstitiúide sa bhliain reatha arna dtabhairt siar go blianta roimhe sin as a dtig éileamh ar, nó earra infhaighte ó, rialtas láir, rialtas réigiúnach nó údarás cánach áitiúil.
►M8 Beidh na sócmhainní cánach iarchurtha nach bhfuil ag brath ar bhrabúsacht todhchaí teoranta do shócmhainní cánach iarchurtha a cruthaíodh roimh 23 Samhain 2016 agus a eascraíonn as difríochtaí sealadacha, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad: ◄
cuirtear creidmheas cánach ina n-ionad go huathoibríoch agus go héigeantach gan mhoill, i gcás ina dtuairiscíonn an institiúid caillteanas nuair a fhormheastar ráitis airgeadais bhliantúla na hinstitiúide go foirmiúil, agus i gcás leachtú nó dócmhainneacht na hinstitiúide;
beidh an institiúid in ann, de réir an dlí cánach náisiúnta is infheidhme, creidmheas cánach dá dtagraítear in bpointe (a) a fhritháireamh i gcoinne aon dliteanais chánach atá ag an institiúid nó aon ghnóthais eile ar áireamh sa chomhdhlúthú céanna agus an institiúid chun críocha cánach de réir an dlí sin nó aon ghnóthais eile faoi réir na maoirseachta ar bhonn comhdhlúthaithe i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon;
i gcás ina sáraíonn méid na gcreidmheasanna cánach dá dtagraítear i bpointe (b) na dliteanais chánach dá dtagraítear sa phointe sin, cuirtear éileamh díreach ar rialtas láir an Bhallstáit ina ionchorpraítear an institiúid in ionad barrachais den chineál sin gan mhoill.
Cuirfidh na hinstitiúidí ualú priacal de 100 % i bhfeidhm maidir le sócmhainní cánach iarchurtha i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos i bpointí a) b) agus c).
Airteagal 40
Méideanna diúltacha a thig ó ríomh méideanna an chaillteanais ionchasaigh a asbhaint
Ní dhéanfar an méid a bheidh le hasbhaint i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 36(1) a laghdú trí mhéadú i leibhéal na sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí, nó trí éifeacht chánach bhreise eile, a d'fhéadfadh a bheith ann dá dtarlódh sé go méadódh soláthairtí go leibhéal an chaillteanais ionchasaigh dá dtagraítear i Roinn 3 de Chaibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí.
Airteagal 41
Sócmhainní cistí pinsin le sochar sainithe a asbhaint
Chun críocha phointe (e) d'Airteagal 36(1), déanfar méid na sócmhainní cistí pinsin le sochar sainithe a bheidh le hasbhaint a laghdú an méid seo leanas:
méid aon dliteanais cánach iarchurtha ghaolmhair arbh fhéidir go múchfaí é dá dtiocfadh lagú ar na sócmhainní nó dá ndéanfaí iad a bhaint den chlár comhardaithe faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme;
méid na sócmhainní sa chiste pinsin le sochar sainithe nach bhfuil srian ar chumas na hinstitiúide iad a úsáid, ar an gcoinníoll go bhfuil cead roimh ré faighte ag an institiúid ón údarás inniúil.
Na sócmhainní sin a úsáidtear chun an méid a asbhainfear a laghdú, cuirfear ualú priacal leo i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 42
Sealúchais ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a asbhaint
Chun críocha phointe (f) d'Airteagal 36(1) i gcomhréir le hAirteagal 36, ríomhfaidh institiúidí sealúchais d'ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ar bhonn ollsuíomh fada faoi réir na n-eisceachtaí seo a leanas:
féadfaidh institiúidí méid na sealúchas d'ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:
go bhfuil an risíocht fholuiteach chéanna ag na suímh fhada agus ghearra agus nach bhfuil aon priacal contrapháirtí ag baint leis na suímh ghearra;
go gcoimeádtar na suímh ghearra nó na suímh fhada araon sa leabhar trádála, nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar neamhthrádála;
déanfaidh institiúidí an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'urrúis innéacsanna a chinneadh tríd an risíocht fholuiteach ar ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 sna hinnéacsanna sin a ríomh;
féadfaidh institiúidí ollsuímh fhada in ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a thig ó shealúchais d'urrúis innéacsanna a ghlanluacháil i gcoinne suíomh gearr in ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a thig ó shuímh ghearra sna hinnéacsanna foluiteacha, lena n-áirítear an cás ina bhfuil priacal contrapháirtí ag baint leis na suímh ghearra sin, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
go bhfuil na suímh fhada agus na suímh ghearra sna hinnéacsanna foluiteacha céanna;
go gcoimeádtar na suímh ghearra nó na suímh fhada araon sa leabhar trádála, nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar neamhthrádála.
Airteagal 43
Infheistíocht shuntasach in eintiteas earnála airgeadais
Chun críocha asbhaint a dhéanamh, tiocfaidh infheistíocht shuntasach institiúide in eintiteas earnála airgeadais chun cinn sa chás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas
tá os cionn 10 % de na hionstraimí ghnáthchothromas Leibhéal 1 arna n-eisiúint ag an eintiteas sin faoi úinéireacht na hinstitiúide;
tá dlúthnaisc ag an institiúid leis an eintiteas sin agus tá ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 arna n-eisiúint ag an eintiteas sin faoi úinéireacht na hinstitiúide;
tá ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 arna n-eisiúint ag an eintiteas sin faoi úinéireacht na hinstitiúide agus ní áirítear an t-eintiteas sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon, ach áirítear é sa chomhdhlúthú cuntasaíochta céanna leis an institiúid ar mhaithe le tuairisciú airgeadais faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme.
Airteagal 44
Sealúchais d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 eintiteas na hearnála airgeadais a asbhaint i gcás ina bhfuil tras-sealúchas cómhalartach a ceapadh go saorga chun cistí dílse a bhoilsciú ag institiúid
Déanfaidh institiúidí na hasbhaintí dá dtagraítear i bpointí (g), (h) agus (i) d'Airteagal 36(1) i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
déanfar sealúchais d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus d'ionstraimí caipitil eile arna n-eisiúint ag eintitis earnála airgeadais a ríomh ar bhonn na n-ollsuíomh fada;
déanfar ítimí chistí dílse d'árachas Leibhéal 1 a láimhseáil mar shealúchais d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 chun críocha asbhainte.
Airteagal 45
Sealúchais d'ionstraimí ghnáthchothromas Leibhéal 1 de chuid eintiteas earnála airgeadais a asbhaint
Déanfaidh institiúidí na hasbhaintí a cheanglaítear faoi phointe (h) agus pointe (i) d'Airteagal 36(1) i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
féadfaidh siad sealúchais dhíreacha, indíreacha agus sintéiseacha d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1eintiteas earnála airgeadais a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada atá sa risíocht fholuiteach chéanna ar an gcoinníoll go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
dáta aibíochta an tsuímh ghearr, is ionann é agus dáta aibíochta an tsuímh fhada nó is déanaí é ná an dáta sin, nó is é bliain amháin, ar a laghad, aibíocht iarmhair an tsuímh ghearr;
go gcoimeádtar na suímh ghearra agus na suímh fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó go gcoimeádtar iad araonsa leabhar trádála;
déanfaidh institiúidí an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'urrúis innéacsanna a chinneadh tríd an risíocht fholuiteach ar ionstraimí caipitil na n-eintiteas earnála airgeadais sna hinnéacsanna sin a ríomh.
Airteagal 46
Sealúchais ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1a asbhaint i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid in eintiteas earnála airgeadais
Chun críocha phointe (h) d'Airteagal 36(1), ríomhfaidh institiúidí an méid is infheidhme a asbhainfear tríd an méid dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a iolrú faoin bhfachtóir a dhíorthaítear ón ríomh dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo:
an méid comhiomlán a sháraítear leis na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu 10 % de chomhiomláin na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid agus ríomhtar an méid comhiomlán sin tar éis iad seo a leanas a chur i bhfeidhm maidir leis na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1:
Airteagail 32 go 35;
na hasbhaintí dá dtagraítear i bpointí (a) go (g), i bpointí k(ii) go k(v) agus i bpointe (l) d'Airteagal 36(1), cé is moite den mhéid a bheidh le hasbhaint i dtaca le sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus a thig ó dhifríochtaí sealadacha;
Airteagal 44 agus Airteagal 45
an méid comhiomlán a sháraítear le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 d'eintitis earnála airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu a ►C2 roinnt faoi mhéid foriomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach atá i seilbh na hinstitiúide d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal Breise 1 agus Leibhéal Breise 2 na n-eintiteas sin san earnáil airgeadais. ◄
Déanfar an méid atá le hasbhaint de bhun mhír 1 a chionroinnt thar gach ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1 arna sealbhú. Déanfaidh institiúidí méid gach ionstraime Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a asbhaintear de bhun mhír 1 a chinneadh tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) den mhír seo a mhéadú faoin gcion atá sonraithe i bpointe (b) den mhír seo:
méid na sealúchas is gá a asbhaint de bhun mhír 1;
an méid comhiomlán de na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha atá i seilbh na hinstitiúide d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 d'eintitis earnála airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu a léirítear le gach ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá sealbhaithe.
Déanfaidh institiúidí méid gach ionstraime Ghnáthchothromais Leibhéal 1 atá ualaithe de réir priacal de bhun mhír 4 a chinneadh tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) den mhír seo a iolrú leis an méid atá sonraithe i bpointe (b) den mhír seo:
méid na sealúchas is gá a ualú de réir priacal de bhun mhír 4;
an cion a eascraíonn as an ríomh i bpointe (b) de mhír 3.
Airteagal 47
Sealúchais ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a asbhaint i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid in eintiteas earnála airgeadais
Chun críocha phointe (i) d'Airteagal 36(1), ní dhéanfar suímh frithgheallta arna sealbhú ar feadh cúig lá oibre nó níos giorra a áireamh sa mhéid infheidhme a asbhainfear as ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus socrófar iad i gcomhréir le hAirteagal 44 agus Airteagal 45 agus le foroinn 2.
Airteagal 47a
Risíochtaí neamhthuillmheacha
Chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1), áireofar le risíocht aon cheann de na hítimí seo a leanas, ar choinníoll nach gcuirtear iad ar áireamh i leabhar trádála na hinstitiúide:
ionstraim fiachais, lena n-áirítear urrús fiachais, iasacht, airleacan, agus taisce phrapéilimh;
gealltanas iasachta a tugadh, ráthaíocht airgeadais a tugadh nó aon ghealltanas eile a tugadh, is cuma cé acu atá sé in-chúlghairthe nó neamh-inchúlghairthe, cé is moite de shaoráidí creidmheasa neamhtharraingthe a fhéadfar a chur ar ceal gan choinníoll tráth ar bith gan fógra, nó a bhforáiltear go héifeachtach iontu d'uathchealú mar thoradh ar mheathlú in acmhainneacht chreidmheasa an iasachtaí.
Chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1), áireofar an difríocht idir an luach ceannaigh agus an méid atá dlite ón bhféichiúnaí ar luach risíochta ionstraime fiachais a ceannaíodh ar phraghas níos ísle ná an méid atá dlite ón bhféichiúnaí.
Chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1), beidh luach risíochta aon cheangaltais iasachta a thugtar, aon ráthaíochta airgeadais a thugtar nó aon cheangaltas eile a thugtar dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo cothrom leis an luach ainmniúil atá air nó uirthi, rud a bheidh cothrom le risíocht uasta na hinstitiúide ar phriacal creidmheasa gan aird a thabhairt ar aon chosaint chreidmheasa chistithe nó neamhchistithe. Beidh luach ainmniúil aon cheangaltais iasachta a tugadh cothrom leis an méid neamhtharraingthe ar gheall an institiúid go dtabharfadh sí ar iasacht é agus beidh luach ainmniúil aon ráthaíochta airgeadais a tugadh cothrom leis an méid uasta a d'fhéadfadh a bheith ar an eintiteas a íoc dá nglaofaí an ráthaíocht.
Ní chuirfear san áireamh leis an luach ainmniúil dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo aon choigeartú sonrach i leith priacal creidmheasa, aon choigeartuithe luacha breise i gcomhréir le hAirteagail 34 agus 105, méideanna arna n-asbhaint i gcomhréir le pointe (m) d'Airteagal 36(1) nó laghduithe eile ar chistí dílse a bhaineann leis an risíocht.
Chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1), aicmeofar na risíochtaí seo a leanas mar risíochtaí neamhthuillmheacha:
risíocht ar ina leith a mheastar go raibh mainneachtain ann i gcomhréir le hAirteagal 178;
risíocht a mheastar a bheith lagaithe i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme;
risíocht atá faoi phromhadh de bhun mhír 7, i gcás ina ndeonaítear bearta staonta breise nó ina bhfuil an risíocht thar téarma níos faide ná 30 lá;
risíocht atá i bhfoirm ceangaltas ar dóigh nach n-aisíocfaí ina hiomláine é gan comhthaobhacht a réadú dá dtarraingeofaí anuas é nó dá n-úsáidfí ar shlí eile é;
risíocht atá i bhfoirm ráthaíocht airgeadais ar dóigh go nglaofaidh an páirtí ráthaithe í, lena n-áirítear i gcás ina gcomhlíonann an risíocht ráthaithe fholuiteach na critéir maidir lena meas mar bheith neamhthuillmheach.
Chun críche phointe (a), i gcás ina bhfuil risíochtaí sa chlár comhardaithe ag institiúid ar oibleagáideoir, ar risíochtaí iad atá thar téarma níos faide ná 90 lá agus a chomhfhreagraíonn do níos mó ná 20 % de na risíochtaí uile sa chlár comhardaithe ar an oibleagáideoir sin, measfar gach risíocht sa chlár comhardaithe agus lasmuigh den chlár comhardaithe ar an oibleagáideoir sin a bheith neamhthuillmheach.
Maidir le risíochtaí nach bhfuil faoi réir aon bhirt staonta, scoirfear dá n-aicmiú mar risíochtaí neamhthuillmheacha chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1) i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
comhlíonann an risíocht na critéir imeachta a chuireann an institiúid i bhfeidhm chun scor de risíocht a aicmiú mar risíocht lagaithe i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme agus chun scor de risíocht a aicmiú mar risíocht a mhainnigh i gcomhréir le hAirteagal 178;
tá an oiread sin feabhais tagtha ar staid an oibleagáideora gur deimhin leis an institiúid gur dócha go ndéanfar aisíocaíocht iomlán thráthúil;
ní ag an oibleagáideoir aon mhéid atá thar téarma níos faide ná 90 lá.
Maidir le risíochtaí neamhthuillmheacha atá faoi réir bearta staonta, scoirfear dá n-aicmiú mar risíochtaí neamhthuillmheacha chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1) i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
tá scortha ag na risíochtaí sin de bheith i staid a d'fhágfadh go n-aicmeofaí iad mar risíochtaí neamhthuillmheacha faoi mhír 3;
tá bliain amháin ar a laghad imithe thart ón dáta a deonaíodh na bearta staonta nó ón dáta a aicmíodh na risíochtaí mar risíochtaí neamhthuillmheacha, cibé tráth acu is déanaí;
níl aon mhéid thar téarma ann tar éis na mbeart staonta agus is deimhin leis an institiúid, bunaithe ar an anailís ar staid airgeadais an oibleagáideora, gur dócha go ndéanfar aisíocaíocht iomlán thráthúil i leith na risíochta.
Féadfar a mheas gur dócha go ndéanfar aisíocaíocht iomlán thráthúil i gcás ina ndéanann an t‐oibleagáideoir íocaíochtaí rialta tráthúla atá cothrom le ceann amháin díobh seo a leanas:
an méid a bhí thar téarma sular deonaíodh an beart staonta, i gcás ina raibh méideanna thar téarma ann;
an méid a díscríobhadh faoi na bearta staonta a deonaíodh, i gcás nach raibh aon mhéideanna thar téarma ann.
I gcás ina scoirfear de risíocht a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach de bhun mhír 6, beidh an risíocht sin faoi phromhadh go dtí go gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
chuaigh dhá bhliain ar a laghad thart ón dáta a athaicmíodh an risíocht atá faoi réir bearta staonta mar risíocht thuillmheach;
rinneadh íocaíochtaí rialta tráthúla le linn leath na tréimhse ar a laghad ina raibh an risíocht faoi phromhadh, rud a d'fhág gur íocadh méid comhiomlán suntasach príomhshuime nó úis;
níl aon cheann de na risíochtaí ar an oibleagáideoir thar téarma níos faide ná 30 lá.
Airteagal 47b
Bearta staonta
Is é atá i gceist le beart staonta aon lamháltas a dhéanfaidh institiúid i leith oibleagáideoir a bhfuil deacrachtaí aige a ghealltanais airgeadais a shásamh nó ar dócha go mbeidh deacrachtaí den sórt sin aige. Féadfar caillteanas don iasachtóir a bheith i gceist le lamháltas agus bainfidh sé le ceann amháin de na gníomhaíochtaí seo a leanas:
athrú ar théarmaí agus ar choinníollacha oibleagáide fiachais, i gcás nach ndeonófaí athrú den sórt sin murach deacrachtaí a bheith ag an oibleagáideoir a ghealltanais airgeadais a shásamh;
athmhaoiniú iomlán nó páirteach oibleagáide fiachais, i gcás nach ndeonófaí athmhaoiniú den sórt sin murach deacrachtaí a bheith ag an oibleagáideoir a ghealltanais airgeadais a shásamh.
Measfar gur bearta staonta iad na staideanna seo a leanas ar a laghad:
téarmaí conartha nua atá níos fabhraí don oibleagáideoir ná na téarmaí conartha roimhe sin, i gcás ina bhfuil deacrachtaí ag an oibleagáideoir a ghealltanais airgeadais a shásamh nó ar dócha go mbeidh deacrachtaí den sórt sin aige;
téarmaí conartha nua atá níos fabhraí don oibleagáideoir ná na téarmaí conartha arna dtairiscint ag an institiúid chéanna d'oibleagáideoirí a raibh próifíl priacal den chineál céanna acu ag an am sin, i gcás ina bhfuil deacrachtaí ag an oibleagáideoir a ghealltanais airgeadais a shásamh nó ar dócha go mbeidh deacrachtaí den sórt sin aige;
bhí an risíocht faoi na téarmaí conartha tosaigh aicmithe mar risíocht neamhthuillmheach sula ndearnadh an t-athrú ar na téarmaí conartha nó bheadh an risíocht aicmithe mar risíocht neamhthuillmheach dá mba rud é nach ndearnadh aon athrú ar na téarmaí conartha;
is é an toradh atá ar an mbeart gur cuireadh an oibleagáid fiachais iomlán nó cuid di ar ceal;
formheasann an institiúid feidhmiú clásal lena gcumasaítear don oibleagáideoir téarmaí an chonartha a athrú agus bhí an risíocht aicmithe mar risíocht neamhthuillmheach sular feidhmíodh na clásail sin, nó d'aicmeofaí an risíocht mar risíocht neamhthuillmheach mura bhfeidhmeofaí na clásail sin;
tráth a deonaíodh an fiachas, nó gar don tráth sin, rinne an t-oibleagáideoir íocaíochtaí príomhshuime nó úis ar oibleagáid fiachais eile leis an institiúid chéanna, ar oibleagáid í a bhí aicmithe mar risíocht neamhthuillmheach nó a bheadh aicmithe mar risíocht neamhthuillmheach mura ndéanfaí na híocaíochtaí sin;
is é atá i gceist leis an athrú ar théarmaí an chonartha aisíocaíochtaí a dhéanamh trí sheilbh a ghlacadh ar chomhthaobhacht, i gcás inarb ionann athrú den sórt sin agus lamháltas.
Tá na himthosca seo a leanas ina dtáscairí á léiriú go bhféadfadh gur glacadh bearta staonta:
bhí an conradh tosaigh thar téarma níos faide ná 30 lá uair amháin ar a laghad le linn na dtrí mhí sula ndearnadh athrú air nó bheadh sé thar téarma níos faide ná 30 lá mura ndéanfaí aon athrú air;
tráth a tugadh an comhaontú creidmheasa i gcrích, nó gar don tráth sin, rinne an t-oibleagáideoir íocaíochtaí príomhshuime nó úis ar oibleagáid fiachais eile leis an institiúid chéanna, ar oibleagáid í a bhí thar téarma níos faide ná 30 lá uair amháin ar a laghad le linn na dtrí mhí sular deonaíodh an fiachas nua;
formheasann an institiúid feidhmiú clásal lena gcumasaítear don oibleagáideoir téarmaí an chonartha a athrú agus tá an risíocht thar téarma 30 lá nó bheadh an risíocht thar téarma 30 lá mura bhfeidhmeofaí na clásail sin.
Airteagal 47c
Asbhaint le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha
Chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1), is tríd an méid a chinnfear i bpointe (b) den mhír seo a dhealú ón méid a chinnfear i bpointe (a) den mhír seo a chinnfidh institiúidí an méid cumhdaigh neamhdhóthanaigh is infheidhme le haghaidh gach risíochta neamhthuillmhí ar leithligh a asbhainfear ó ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, i gcás inar mó an tsuim dá dtagraítear i bpointe (a) ná an tsuim dá dtagraítear i bpointe (b):
suim na nithe seo a leanas:
an chuid neamhurraithe de gach risíocht neamhthuillmheach, más ann di, arna hiolrú faoin bhfachtóir is infheidhme dá dtagraítear i mír 2;
an chuid urraithe de gach risíocht neamhthuillmheach, más ann di, arna hiolrú faoin bhfachtóir is infheidhme dá dtagraítear i mír 3;
suim na n-ítimí seo a leanas ar choinníoll go mbaineann siad leis an risíocht neamhthuillmheach chéanna:
coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa;
coigeartuithe luacha breise i gcomhréir le hAirteagail 34 agus 105;
laghduithe eile ar chistí dílse;
i gcás institiúidí a ríomhann méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal trí úsáid a bhaint as an gCur Chuige Bunaithe ar Rátálacha Inmheánacha, dearbhluach na méideanna arna n-asbhaint de bhun phointe (d) d'Airteagal 36(1) a bhaineann le risíochtaí neamhthuillmheacha, i gcás ina gcinnfear an dearbhluach is inchurtha i leith gach risíochta neamhthuillmhí trí na méideanna arna n-asbhaint de bhun phointe (d) d'Airteagal 36(1) a iolrú faoin rannchuidiú a dhéanfaidh an méid caillteanais ionchasaigh le haghaidh na risíochta neamhthuillmhí maidir leis na méideanna iomlána caillteanais ionchasaigh le haghaidh risíochtaí a mhainnigh nó nár mhainnigh, de réir mar is infheidhme;
i gcás ina gceannófar risíocht neamhthuillmheach ar phraghas níos ísle ná an méid atá dlite ón bhféichiúnaí, an difríocht idir an luach ceannaigh agus an méid atá dlite ón bhféichiúnaí;
méideanna a dhíscríobh an institiúid ó aicmíodh an risíocht mar risíocht neamhthuillmheach.
Is í an chuid urraithe de risíocht neamhthuillmheach an chuid den risíocht a mheastar, chun críche ceanglais cistí dílse de bhun Theideal II de Chuid a Trí a ríomh, go bhfuil sí cumhdaithe le cosaint chreidmheasa chistithe nó neamhchistithe nó urraithe go huile agus go hiomlán le morgáistí.
Comhfhreagraíonn an chuid neamhurraithe de risíocht neamhthuillmheach don difríocht, más ann di, idir luach na risíochta dá dtagraítear in Airteagal 47a(1) agus an chuid urraithe den risíocht, más ann di.
Chun críocha phointe (a)(i) de mhír 1, beidh feidhm ag na fachtóirí seo a leanas:
0,35 don chuid neamhurraithe de risíocht neamhthuillmheach a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir an chéad lá agus an lá deireanach den tríú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;
1 don chuid neamhurraithe de risíocht neamhthuillmheach a chuirfear i bhfeidhm amhail ón gcéad lá den cheathrú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach.
Chun críocha phointe (a)(ii) de mhír 1, beidh feidhm ag na fachtóirí seo a leanas:
0,25 don chuid urraithe de risíocht neamhthuillmheach a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir an chéad lá agus an lá deireanach den cheathrú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;
0,35 don chuid urraithe de risíocht neamhthuillmheach a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir an chéad lá agus an lá deireanach den chúigiú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;
0,55 don chuid urraithe de risíocht neamhthuillmheach a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir an chéad lá agus an lá deireanach den séú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;
0,70 don chuid de risíocht neamhthuillmheach arna hurrú ag maoin dhochorraithe de bhun Theideal II de Chuid a Trí nó ar iasacht chónaitheach í arna rathú ag soláthraí cosanta incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 201, a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir an chéad lá agus an lá deireanach den seachtú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;
0,80 don chuid de risíocht neamhthuillmheach arna hurrú ag cosaint chreidmheasa chistithe nó neamhchistithe eile de bhun Theideal II de Chuid a Trí a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir an chéad lá agus an lá deireanach den seachtú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;
0,80 don chuid de risíocht neamhthuillmheach arna hurrú ag maoin dhochorraithe de bhun Theideal II de Chuid a Trí nó ar iasacht chónaitheach í arna rathú ag soláthraí cosanta incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 201, a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir an chéad lá agus an lá deireanach den ochtú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;
1 don chuid de risíocht neamhthuillmheach arna hurrú ag cosaint chreidmheasa chistithe nó neamhchistithe eile de bhun Theideal II de Chuid a Trí a chuirfear i bhfeidhm amhail ón gcéad lá den ochtú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;
0,85 don chuid de risíocht neamhthuillmheach arna hurrú ag maoin dhochorraithe de bhun Theideal II de Chuid a Trí nó ar iasacht chónaitheach í arna rathú ag soláthraí cosanta incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 201, a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir an chéad lá agus an lá deireanach den naoú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;
1 don chuid de risíocht neamhthuillmheach arna hurrú ag maoin dhochorraithe de bhun Theideal II de Chuid a Trí nó ar iasacht chónaitheach í arna rathú ag soláthraí cosanta incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 201, a chuirfear i bhfeidhm amhail ón gcéad lá den deichiú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach.
De mhaolú ar mhír 3 den Airteagal seo, beidh feidhm ag na fachtóirí seo a leanas maidir leis an gcuid den risíocht neamhthuillmheach arna ráthú nó arna hárachú ag gníomhaireacht creidmheasa onnmhairiúcháin oifigiúil nó arna ráthú nó arna frithráthú ag soláthraí cosanta incháilithe dá dtagraítear i bpointí (a) go (e) d’Airteagal 201(1), risíochtaí neamhurraithe a sannfaí ualú priacail 0 % dóibh faoi Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí:
0 don chuid urraithe den risíocht neamhthuillmheach a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir bliain amháin agus seacht mbliana tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach; agus
1 don chuid urraithe den risíocht neamhthuillmheach a chuirfear i bhfeidhm amhail ón gcéad lá den ochtú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach.
Eiseofar na treoirlínte sin i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
De mhaolú ar mhír 3, i gcás inar deonaíodh beart staonta do risíocht idir dhá bhliain agus sé bliana tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach, an fachtóir is infheidhme i gcomhréir le mír 3 an dáta a ndeonófar an beart staonta, beidh sé infheidhme go ceann bliain bhreise.
Ní bheidh feidhm ag an mír seo ach amháin maidir leis an gcéad bheart staonta a deonaíodh ón tráth ar aicmíodh an risíocht mar risíocht neamhthuillmheach.
Airteagal 48
Díolúintí tairsí ó asbhaint as ítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1
Le linn dóibh na hasbhaintí is gá de bhun phointí (c) agus (i) d'Airteagal 36(1) a dhéanamh, níl sé de cheanglas ar na hinstitiúidí méideanna na n-ítimí atá liostaithe i bpointí (a) agus (b) den mhír seo atá, i bhfoirm chomhiomlán, cothrom le, nó níos lú ná, an méid na tairsí dá dtagraítear i mír 2:
sócmhainní cánach iarchurtha atá spleách ar bhrabúsacht todhchaí agus a thig ó dhifríochtaí sealadacha, agus atá, i bhfoirm chomhiomlán, cothrom le nó níos lú ná 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid a ríomhtar tar éis iad seo a leanas a chur i bhfeidhm:
Airteagail 32 go 35;
pointí (a) go (h), pointí (k)(ii) go k(v) agus pointe (1) d'Airteagal 36(1), cé is moite de shócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus a thig ó dhifríochtaí sealadacha.
i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid in eintiteas earnála airgeadais, sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na n-eintiteas sin atá ag an institiúid atá, i bhfoirm chomhiomlán, cothrom le nó níos lú ná 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid a ríomhtar tar éis iad seo a leanas a chur i bhfeidhm:
Airteagail 32 go 35;
pointí (a) go (h) agus pointí (k)(ii) go k(v) agus pointe (1)d'Airtegal 36(1) cé is moite de shócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus a thig ó dhifríochtaí sealadacha.
Chun críocha mhír 1, beidh méid na tairsí comhionann leis an méid dá dtagraítear ii bpointe (a) den mhír seo iolraithe faoin gcéatadán dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo:
méid iarmharach maidir le hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 tar éis na coigeartuithe agus na hasbhaintí in Airteagal 32 gohAirteagal 35 a chur i bhfeidhm ina n-iomláine agus gan na díolúintí a shonraítear san Airteagal seo a chur i bhfeidhm;
17.65 %.
Chun críocha mhír 1, cinnfidh institiúid an cion de shócmhainní cánach iarchurtha as méid iomlán na n-ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 nach gá a asbhaint tríd an méid a shonraítear i bpointe (a) den mhír seo a roinnt ar an méid a shonraítear i bpointe (b):
sócmhainní cánach iarchurtha atá spleách ar bhrabúsacht todhchaí agus a thig ó dhifríochtaí sealadacha, agus atá, i bhfoirm chomhiomlán, cothrom le 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid nó níos lú ná 10 % de na hítimí sin;
suim na nithe seo a leanas:
an méid dá dtagraítear i bpointe (a);
méid na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí cistí dílse d'eintitis earnála airgeadais a bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu agus atá, i bhfoirm chomhiomlán, cothrom le 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid nó níos lú ná 10 % de na hítimí sin.
Tá an cion d'infheistíochtaí suntasacha as méid iomlán na n-ítimí nach gá a asbhaint cothrom lena a haon lúide an cion dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
Airteagal 49
Ceanglas ar asbhaint i gcás ina gcuirtear comhdhlúthú, maoirseacht fhorlíontach nó scéimeanna cosanta institiúideacha i bhfeidhm
Chun críocha cistí dílse a ríomh ar bhonn aonair, ar bhonn fo-chomhdhlúite agus ar bhonn comhdhlúite, sa chás ina gcuirfidh na húdaráis inniúla de cheangal ar institiúidí nó ina gceadóidh siad d'institiúidí modh 1, modh 2 nó modh 3 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2002/87/CE a chur i bhfeidhm, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheadú d'institiúidí gan sealúchais ionstraimí cistí dílse de chuid eintitis earnála airgeadais a asbhaint, ar eintiteas é ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an máthairinstitiúid, ag an máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais, ag an máthairchuideachta nó ag máthairinstitiúid shealbhaíochta airgeadais mheasctha, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a) go pointe (e) den mhír seo:
is gnóthas árachais, gnóthas ath-árachais nó cuideachta shealbhaíochta árachais é an t-eintiteas earnála airgeadais;
áirítear an gnóthas árachais sin, an gnóthas ath-árachais sin nó an chuideachta shealbhaíochta árachais sin sa mhaoirseacht fhorlíontach chéanna faoi Threoir 2002/87/CE agus atá an mháthairinstitiúid, an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó an mháthairchuideachta nó máthairinstitiúid shealbhaíochta airgeadais mheasctha a bhfuil an sealúchas aici;
fuair an institiúid cead roimh ré ó na húdaráis inniúla;
sula ndeonóidh siad an cead sin dá dtagraítear i bpointe (c), agus ar bhonn leanúnach, tá na húdaráis inniúla sásta gur leor leibhéal na bainistíochta comhtháite, na bainistíochta priacal agus na rialaithe inmheánaí maidir leis na heintitis a chuirfí san áireamh faoi chuimsiú mhodh 1, mhodh 2 nó mhodh 3;
is le ceann díobh seo a leanas na sealúchais san eintiteas:
an mháthairinstitiúid chreidmheasa;
an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais;
an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha;
an institiúid;
fochuideachta ceann de na heintitis dá dtagraítear i bpointe (i) go pointe (iv) a áirítear sa raon feidhme comhdhlúthúcháin de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon;
Déanfar an modh a roghnófar a chur i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach thar am.
Agus an cur chuige seo dá dtagraítear sa chéad fhomhír á chur i bhfeidhm ní fhéadfaidh go mbeidh éifeachtaí díobhálacha díréireacha i gceist don chóras airgeadais i bpáirt nó ina iomláine i mBallstáit eile nó de chuid an AE ina iomláine ina fhoirmeoidh nó ina chruthóidh sé constaic i gcoinne fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.
Ní bheidh feidhm ag an mír seo nuair a bheifear ag ríomh cistí dílse chun críocha na gceanglas a leagtar síos in Airteagail 92a agus 92b, rud a ríomhfar i gcomhréir leis an gcreat asbhainte a leagtar amach in Airteagal 72e(4).
Chun críocha cistí dílse a ríomh ar bhonn aonair nó ar bhonn fo-chomhdhlúite, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheadú do na hinstitiúidí gan sealúchais ionstraimí cistí dílse a asbhaint sna cásanna a leanas:
áit a bhfuil sealúchas ag institiúid in institiúid eile agus áit a gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointí (i) go (v);
tá na hinstitiúidí faoi chuimsiú na scéime cosanta institiúideach céanna dá dtagraítear in Airteagal 113(7);
tá an cead dá dtagraítear in Airteagal 113(7) tugtha ag na húdaráis inniúla;
comhlíonadh na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 113(7);
leis an scéim chosanta institiúideach déantar clár comhardaithe comhdhlúite dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 113(7) a tharraingt suas, áit nach gceanglaítear é cuntais chomhdhlúite a tharraingt suas, déanfar ríomh comhiomlán leathnaithe atá, chun sástachta na n-údarás inniúil, coibhéiseach leis na forálacha i dTreoir 86/635/CCE, Treoir a ionchorpraíonn oiriúnuithe áirithe a rinneadh ar fhorálacha Sheachtú Treoir 83/349/CEE ón gComhairle an 13 Meitheamh 1983 nó Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002, a rialaíonn cuntais chomhdhlúite na n-institiúidí creidmheasa. Déanfar coibhéise an ríomha chomhiomláin leathnaithe a fhíorú trí iniúchóir seachtrach agus fíorófar go háirithe go ngeofar réidh le hil-úsáidí gnéithe atá incháilithe chun cistí dílse a ríomh chomh maith le cistí dílse ar bith a chruthaítear go míchuí idir comhaltaí na scéime cosanta institiúid maidir leis an ríomh sin; ►M8 Déanfar an clár comhardaithe comhdhlúite nó an ríomh comhiomlán leathnaithe a thuairisciú chuig na húdaráis inniúla chomh minic agus a leagtar amach sna ceanglais theicniúla chur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 430(7); ◄
comhlíonann na hinstitiúidí atá ar áireamh i scéim chosanta institiúideach na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 92 ar bhonn comhdhlúite nó ar bhonn comhiomlán fadaithe agus déanann siad comhlíonadh na gceanglas sin a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 430. ◄ Laistigh de scéim chosanta institiúideach, níl sé de cheangal ús na gcomhaltaí comharchumainn nó na n-eintiteas dlíthiúil a asbhaint, nach comhaltaí den Scéim Chosanta Institiúideach iad, ar an gcoinníoll go bhfaighfear réidh le hil-úsáidí gnéithe atá incháilithe chun cistí dílse a ríomh chomh maith le cistí dílse ar bith a chruthaítear go míchuí idir comhaltaí na scéime cosanta institiúidí agus an scairshealbhóir mionlaigh, nuair atá institiúid i gceist.
i gás ina bhfuil sealúchas ag institiúid chreidmheasa réigiúnach ina hinstitiúid chreidmheasa lárnach nó in institiúid chreidmheasa réigiúnach eile agus go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos i bpointí (a)(i) go (v).
Cuirfidh an ÚBE, an ÚAPGE agus an tÚdarás Eorpach Urrús na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, faoi seach.
Airteagal 50
Gnáthchothromas Leibhéal 1
Is é atá i gCaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 institiúide ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 tar éis na coigeartuithe is gá de réir Airteagail 32 go 35, na hasbhaintí de bhun Airteagal 36 agus na díolúintí agus na roghanna eile asbhainte atá leagtha síos in Airteagal 48, in Airteagal 49 agus in Airteagal 79 a chur i bhfeidhm.
CAIBIDIL 3
Caipiteal Breise Leibhéal 1
Airteagal 51
Ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1
Is iad seo a leanas atá in ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1:
ionstraimí caipitil, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 52(1);
na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a).
Ionstraimí a chuimsítear faoi phointe (a), ní cháileoidh siad mar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ná mar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 2.
Airteagal 52
Ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1
Cáileoidh na hionstraimí mar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
eisíonn institiúid na hionstraimí go díreach agus tá siad íoctha go hiomlán;
ní le haon cheann díobh seo a leanas na hionstraimí:
an institiúid nó a fochuideachtaí;
gnóthas ina bhfuil rannpháirtíocht ag an institiúid ann i bhfoirm úinéireachta dhíreach ar 20 % nó níos mó de na cearta vótála nó de chaipiteal an ghnóthais sin, nó i bhfoirm úinéireachta trí na nithe sin a rialú;
ní dhéanann an institiúid éadáil úinéireacht na n-ionstraimí a chistiú go díreach nó go hindíreach;
tá na hionstraimí aicmithe níos ísle ná ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 i gcás dhócmhainneacht na hinstitiúide;
níl na hionstraimí urraithe, ná faoi réir ráthaíochta lena gcuirtear le sinsearacht na n-éileamh ag aon cheann díobh seo a leanas:
an institiúid nó a fochuideachtaí;
máthairghnóthas na hinstitiúide nó fochuideachtaí na hinstitiúide;
an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó a fochuideachtaí;
an chuideachta shealbhaíochta ghníomhaíochtaí measctha nó a fochuideachtaí;
an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha agus a fochuideachtaí;
aon ghnóthas a bhfuil dlúthnaisc aige le heintitis dá dtagraítear i bpointe (i) go pointe (v)
níl na hionstraimí faoi réir ag aon socrú, idir shocrú conarthach nó eile, a chuireann le sinsearacht an éilimh faoi na hionstraimí atá dócmhainneach nó faoi leachtú;
is ionstraimí síoraí iad agus níl aon dreasacht áirithe sna forálacha lena rialaítear iad ionas go mbeidh an institiúid in ann iad a fhuascailt;
i gcás ina n-áirítear leis na hionstraimí luathrogha amháin ar fhuascailt, nó níos mó, lena n-áirítear céadroghanna ar cheannach, féadfar na roghanna a fheidhmiú de réir lánrogha iomlán an eisitheora;
ní fhéadfar na hionstraimí a ghlaoch, a fhuascailt nó a athcheannach ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 77, agus tráth nach túisce ná cúig bliana tar éis na heisiúna ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 78(4);
ní thugtar le fios go sainráite ná go hintuigthe sna forálacha lena rialaítear na hionstraimí go ndéanfadh an institiúid ionstraimí a cheannach, a fhuascailt nó a athcheannach, de réir mar is infheidhme, ach amháin i gcás dhócmhainneacht nó leachtú na hinstitiúide agus nach dtugann an institiúid an méid sin le fios ar aon tslí eile;
ní thugann an institiúid le fios go sainráite nó go hintuigthe go dtabharfadh an t-údarás inniúil toiliú d'iarratas chun na hionstraimí a ghlaoch, a fhuascailt nó a athcheannach;
comhlíonann dáileacháin faoi na hionstraimí na coinníollacha seo a leanas:
íoctar amach as ítimí indáilte iad;
ní leasófar leibhéal na ndáileachán a dhéanfar faoi na hionstraimí ar bhonn sheasamh creidmheasa na hinstitiúide nó a máthairghnóthas;
tugann na forálacha lena rialaítear na hionstraimí lánrogha don institiúid tráth ar bith na dáileacháin faoi na hionstraimí a chur ar ceal ar feadh tréimhse gan teorainn agus ar bhonn neamhcharnach, agus féadfaidh an institiúid íocaíochtaí cealaithe den sórt sin a úsáid gan srian chun a cuid oibleagáidí a chomhlíonadh de réir mar a bheidh siad dlite;
ní hionann cealú na ndáileachán agus mainneachtain na hinstitiúide;
ní fhorchuireann an cealú dáileachán aon srianta ar an institiúid;
ní rannchuidíonn na hionstraimí le cinneadh go sáraíonn dliteanais institiúide a cuid sócmhainní, i gcás ina gcuimsíonn cinneadh den sórt sin tástáil dócmhainneachta faoin dlí náisiúnta is infheidhme;
ceanglaíonn na forálacha lena rialaítear na hionstraimí go ndéanfaí, tráth a dtarlaíonn eachtra thucaide, díluacháil ar bhonn buan nó sealadach ar mhéid phríomhshuim na n-ionstraimí, nó go ndéanfaí na hionstraimí a chomhshó ina n-ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1,.
ní áirítear leis na forálacha lena rialaí tear na hionstraimí aon ghné a d'fhéadfadh bac a chur ar athchaipitliú na hinstitiúide;
i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i dtríú tír agus ar ainmníodh é i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/59/AE mar chuid de ghrúpa réitigh a bhfuil a eintiteas réitigh bunaithe san Aontas, nó i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i mBallstát, de réir an dlí nó de réir forálacha conartha lena rialaítear na hionstraimí, ní mór, ar chinneadh ón údarás réitigh an chumhacht díluachála agus comhshó dá dtagraítear in Airteagal 59 den Treoir sin a fheidhmiú, príomhshuim na n-ionstraimí a dhíluacháil ar bhonn buan nó na hionstraimí a chomhshó ina n-ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1;
i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i dtríú tír agus nár ainmníodh é i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/59/AE mar chuid de ghrúpa réitigh a bhfuil a eintitis réitigh bunaithe san Aontas, ceanglaítear leis an dlí, nó le forálacha conartha, lena rialaítear na hionstraimí, nach mór, ar chinneadh ón údarás ábhartha sa tríú tír, príomhshuim na n-ionstraimí a dhíluacháil ar bhonn buan nó na hionstraimí a chomhshó ina n-ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1;
i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i dtríú tír agus ar ainmníodh é i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/59/AE mar chuid de ghrúpa réitigh a bhfuil a eintiteas réitigh bunaithe san Aontas, nó i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i mBallstát, is i gcás ina bhfuil feidhmiú na cumhachta díluachála agus comhshó dá dtagraítear in Airteagal 59 den Treoir sin de réir dlíthe tríú tír, ina bhfuil an feidhmiú sin éifeachtach agus infheidhmithe ar bhonn forálacha reachtacha nó forálacha conartha a aithníonn gníomhartha réitigh nó gníomhartha díluachála nó comhshó eile, agus sa chás sin amháin, a fhéadfar ionstraimí a eisiúint faoi dhlíthe tríú tír nó a chur faoi réir na ndlíthe sin ar dhóigh eile;
níl na hionstraimí faoi réir socruithe fritháirimh nó socruithe glanluachála a chuirfeadh isteach ar a n-acmhainn ionsúite caillteanas.
Measfar go gcomhlíonfar an coinníoll a leagtar amach i bpointe (d) den chéad fhomhír, d'ainneoin go n-áirítear na hionstraimí i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 agus i gCaipiteal Leibhéal 2 de bhua Airteagal 484(3), ar choinníoll go bhfuil siad ar chomhchéim.
Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, ní bheidh ach an chuid den ionstraim chaipitil atá láníoctha i dteideal a cháilithe mar ionstraim de Chaipiteal Breise Leibhéal 1.
Forbróidh an ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
foirm agus cineál na ndreasachtaí fuascailte;
cineál aon uasluachála mhéid na príomhshuime d'ionstraim de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 tar éis mhéid a príomhshuime a dhíluacháil ar bhonn sealadach.
na nósanna imeachta agus an t-uainiú dóibh seo a leanas:
cinneadh a dhéanamh gur tharla eachtra thucaide;
uasluacháil mhéid na príomhshuime d'ionstraim de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 tar éis mhéid a príomhshuime a dhíluacháil ar bhonn sealadach;
gnéithe d'ionstraimí a d'fhéadfadh bac a chur ar athchaipitliú na hinstitiúide;
eintitis shainchuspóireacha a úsáid chun ionstraimí cistí dílse a eisiúint go hindíreach.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 53
Srianta ar dháileacháin faoi ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a chur ar ceal agus gnéithe a d'fhéadfadh bac a chur ar athchaipitliú na hinstitiúide
Chun críocha phointí (l)(v) agus (o) d'Airteagal 52(1), ní áireofar iad seo a leanas go háirithe sna forálacha lena rialaítear ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1:
ceanglas maidir le dáileacháin faoi na hionstraimí a dhéanamh i gcás ina ndéantar dáileachán faoi ionstraim arna heisiúint ag an institiúid atá aicmithe ar chomhchéim, nó níos ísle ná, ionstraim de Chaipiteal Breise Leibhéal 1, lena n-áirítear ionstraim de Ghnáthchothromas Leibhéal 1;
ceanglas chun íocaíocht dáileacháin faoi ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó de Chaipiteal Leibhéal 2 a chur ar ceal i gcás nach ndéantar dáileacháin faoi na hionstraimí sin de Chaipiteal Breise Leibhéal 1;
oibleagáid maidir le híocaíocht in aon fhoirm eile a chur in ionad na híocaíochta úis nó díbhinne. Ní bheidh an institiúid faoi réir ag oibleagáid den sórt sin ar aon shlí eile.
Airteagal 54
Ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a dhíluacháil nó a chomhshó
Chun críocha phointe (n) d'Airteagal 52(1), beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le hionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1:
tarlóidh eachtra thucaide nuair a thitfidh an cóimheas de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 92(1) faoi bhun ceachtar díobh seo a leanas:
5.125 %;
leibhéal níos airde ná 5.125 %, i gcás inar chinntigh an institiúid é agus inar sonraíodh é sna forálacha lena rialaítear an ionstraim;
Féadfaidh institiúidí eachtra thucaide amháin nó níos mó a shonrú sna forálacha lena rialaítear an ionstraim, de bhreis ar an eachtra a dtagraítear di i bpointe(a);
i gcás ina gceanglaíonn na forálacha lena rialaítear na hionstraimí iad a chomhshó ina ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, tráth a dtarlaíonn eachtra thucaide, sonróidh na forálacha sin ceachtar díobh seo a leanas:
ráta comhshóite den sórt sin agus teorainn ar an méid comhshóite a cheadófar;
raon, ar laistigh de, a chomhshóidh na hionstraimí ina n-ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1;
i gcás ina gceanglaíonn na forálacha lena rialaítear na hionstraimí méid a bpríomhshuime a dhíluacháil tráth a dtarlaíonn eachtra thucaide, laghdófar na nithe seo a leanas ar fad sa díluacháil:
éileamh shealbhóir na hionstraime i ndócmhainneacht nó i leachtú na hinstitiúide;
an méid a cheanglaítear a íoc i gcás ina ndéantar an ionstraim a ghlaoch nó a fhuascailt;
na dáileacháin a dhéantar faoin ionstraim;
i gcás ina n-eisíonn gnóthas fochuideachta atá bunaithe i dtríú tír na hionstraimí Leibhéal 1 Breise, déanfar an truicear dar méid 5,125 % nó níos airde, dá dtagraítear i bpointe (a) a ríomh i gcomhréir le dlí náisiúnta an tríú tír sin nó leis na forálacha conarthacha lena rialaítear na hionstraimí, ar choinníoll gur deimhin leis an údarás inniúil, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚBE, go bhfuil na forálacha sin comhionann, ar a laghad, leis na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo.
Maidir le méid comhiomlán ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nach mór a dhíluacháil nó a chomhshó tráth a dtarlaíonn eachtra thucaide, ní bheidh sé níos lú ná an ceann is ísle de na méideanna seo a leanas:
an méid a theastaíonn chun an cóimheas caipitil de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 institiúide a chur ar ais go hiomlán go 5.125 %;
méid iomlán phríomhshuim na hionstraime.
Nuair a tharlóidh eachtra thucaide déanfaidh institiúidí an méid seo a leanas:
na hinstitiúidí inniúla a chur ar an eolas láithreach bonn;
sealbhóirí na nIonstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a chur ar an eolas;
príomhshuim na n-ionstraimí a dhíluacháil, nó na hionstraimí a chomhshó ina n-ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 gan mhoill, ach tráth nach déanaí ná i gceann mí amháin, i gcomhréir leis an gceanglas a leagtar síos san Airteagal seo.
Airteagal 55
Na hiarmhairtí nuair a scoirtear de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le hionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1
Beidh feidhm ag an méid seo a leanas i gcás ina scoirtear, i gcás ionstraime de Chaipiteal Breise Leibhéal 1, de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 52(1):
scoirfidh an ionstraim láithreach bonn de bheith cáilithe mar ionstraim de Chaipiteal Breise Leibhéal 1;
scoirfidh an chuid sin de na cuntais scairbhisigh, ar cuid í a bhaineann leis an ionstraim sin, láithreach bonn de bheith cáilithe mar ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1.
Airteagal 56
Asbhaintí as ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1
Asbhainfidh institiúidí na nithe seo a leanas as ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1:
sealúchais dhíreacha, indíreacha agus sintéiseacha d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 atá ag institiúid, lena n-áirítear ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a d'fhéadfadh a bheith d'oibleagáid ar institiúid a cheannach mar thoradh ar oibleagáidí conarthacha atá ann cheana;
sealúchais, bíodh siad díreach, indíreach nó sintéiseach, d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais ina bhfuil tras-sealúchais chómhalartacha ag an institiúid leis na heintitis sin agus a mheasann an t-údarás inniúil gur ceapadh iad chun cistí dílse na hinstitiúide a bhoilsciú go saorga;
méid infheidhme, a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 60, na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais, i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid sna heintitis sin;
sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais atá ag an institiúid i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin, cé is moite de shuímh frithgheallta arna sealbhú ar feadh chúig lá oibre nó níos giorra;
méid na n-ítimí is gá a asbhaint as ítimí Breise Leibhéal 2 de bhun Airteagal 66 a sháraíonn ítimí Leibhéal 2 na hinstitiúide;
aon mhuirear cánach a bhaineann le hítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a bheidh intuartha tráth a ríofa, cé is moite de chás ina ndéanann an institiúid oiriúnú cuí ar mhéid na n-ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a mhéid is a laghdaíonn muirir chánach den sórt sin an t-uasmhéid ar féidir na hítimí sin a chur i bhfeidhm air chun priacail nó caillteanais a chumhdach.
Airteagal 57
Sealúchais d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a asbhaint
Chun críocha phointe (a) d'Airteagal 56, ríomhfaidh institiúidí sealúchais d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 ar bhonn ollsuíomh fada faoi réir na n-eisceachtaí seo a leanas:
féadfaidh institiúidí méid na sealúchas d'ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:
go bhfuil an risíocht fholuiteach chéanna ag na suímh fhada agus ghearra agus nach bhfuil aon priacal contrapháirtí ag baint leis na suímh ghearra;
go gcoimeádtar suímh ghearra agus fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar trádála;
déanfaidh institiúidí an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha nó shintéiseacha d'urrúis innéacsanna a chinneadh tríd an risíocht fholuiteach ar ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 sna hinnéacsanna sin a ríomh;
féadfaidh institiúidí ollsuímh fhada in ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a thig ó shealúchais d'urrúis innéacsanna a ghlanluacháil i gcoinne suíomh gearr in ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a thig ó shuímh ghearra sna hinnéacsanna foluiteacha, lena n-áirítear an cás ina bhfuil priacal contrapháirtí ag baint leis na suímh ghearra sin, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:
go bhfuil na suímh fhada agus ghearra sna hinnéacsanna foluiteacha céanna;
go gcoimeádtar na suímh ghearra agus na suímh fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó sa leabhar trádála;
Airteagal 58
Sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 de chuid eintiteas earnála airgeadais a asbhaint i gcás ina bhfuil tras-sealúchas cómhalartach a ceapadh go saorga chun cistí dílse a bhoilsciú ag institiúid
Déanfaidh institiúidí na hasbhaintí a cheanglaítear faoi phointe (b), phointe (c) agus phointe (d) d'Airteagal 53 i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
déanfar sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a ríomh ar bhonn na n-ollsuíomh fada;
déanfar ítimí chistí dílse d'árachas breise Leibhéal 1 a láimhseáil mar shealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 chun críocha asbhainte.
Airteagal 59
Sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 de chuid eintiteas earnála airgeadais a asbhaint
Déanfaidh institiúidí na hasbhaintí a cheanglaítear faoi phointe (c) agus faoi phointe (d) d'Airteagal 56 i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
féadfaidh siad sealúchais dhíreacha, indíreacha agus sintéiseacha d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1eintiteas earnála airgeadais a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada atá sa risíocht fholuiteach chéanna ar an gcoinníoll go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
dáta aibíochta an tsuímh ghearr, is ionann é agus dáta aibíochta an tsuímh fhada nó is déanaí é ná an dáta sin, nó is é bliain amháin, ar a laghad, aibíocht iarmhair an tsuímh ghearr;
go gcoimeádtar suímh ghearra agus fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar trádála;
déanfaidh institiúidí an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'urrúis innéacsanna a chinneadh tríd an risíocht fholuiteach ar ionstraimí caipitil na n-eintiteas earnála airgeadais sna hinnéacsanna sin a ríomh;
Airteagal 60
Sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a asbhaint i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid in eintiteas earnála airgeadais
Chun críocha phointe (c) d'Airteagal 56, ríomhfaidh institiúidí an méid is infheidhme a asbhainfear tríd an méid dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a iolrú faoin bhfachtóir a dhíorthaítear ón ríomh dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo:
an méid comhiomlán a sháraíonn na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid agus ríomhtar an méid comhiomlán sin tar éis iad seo a leanas a chur i bhfeidhm:
Airteagail 32 go 35;
pointí (a) go (g) agus pointe (k)(ii) go pointe k(v) agus mír (1) d'Airteagal 36(1), cé is moite de shócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus a thig ó dhifríochtaí sealadacha;
Airteagal 44 agus Airteagal 45;
an méid comhiomlán a sháraítear leis na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 d'eintitis sin na hearnála airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu a roinnt faoi mhéid foriomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach atá i seilbh na hinstitiúide d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal Breise 2 n-eintiteas earnála airgeadais sin.
Déanfar an méid atá le hasbhaint de bhun mhír 1 a chionroinnt thar gach ionstraim de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 arna sealbhú. Déanfaidh na hinstitiúidí an méid a bheidh le hasbhaint ó gach ionstraim de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 de bhun mhír 1 a chinneadh tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) den mhír seo a iolrú leis an gcion atá sonraithe i bpointe (b) den mhír seo:
méid na sealúchas is gá a asbhaint de bhun mhír 1;
cion mhéid comhiomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais atá ag an institiúid agus nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin atá in ionannas le gach ionstraim Chaipiteal Breise Leibhéal 1 arna sealbhú.
Déanfaidh institiúidí méid gach ionstraim Chaipiteal Breise Leibhéal 1 atá ualaithe de réir priacal de bhun mhír 4 a chinneadh tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) den mhír seo a iolrú leis an méid atá sonraithe i bpointe (b) den mhír seo:
méid na sealúchas is gá a ualú de réir priacal de bhun mhír 4;
an cion a eascraíonn as an ríomh i bpointe (b) de mhír 3.
Airteagal 61
Caipiteal Breise Leibhéal 1
Is é atá i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 institiúide ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 tar éis na hítimí dá dtagraítear in Airteagal 56 a asbhaint agus tar éis Airteagal 79 a chur i bhfeidhm.
CAIBIDIL 4
Caipiteal Leibhéal 2
Airteagal 62
Ítimí Leibhéal 2
Is iad seo a leanas atá in ítimí Chaipiteal Leibhéal 2:
ionstraimí caipitil, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 63, agus a mhéid a shonraítear in Airteagal 64;
na cuntais scairbhisigh a bhaineann le hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a);
maidir le hinstitiúidí a ríomhann méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí, coigeartuithe ginearálta i leith priacal creidmheasa, agus éifeachtaí cánach san áireamh, go dtí 1.25 % de mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal arna ríomh i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí;
maidir le hinstitiúidí a dhéanann méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh faoi Chaibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí méideanna deimhneacha, agus éifeachtaí cánach san áireamh, a thig ón ríomh atá leagtha síos in Airteagal 158 agus Airteagal 158 go dtí 0.6 % de mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomhtar faoi Chaibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí.
Ní cháileoidh ítimí a áirítear faoi phointe (a) mar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ná Chaipiteal Breise Leibhéal 1.
Airteagal 63
Ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2
Cáileoidh ionstraimí caipitil mar ionstraimí Leibhéal 2 ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
eisíonn institiúid na hionstraimí go díreach agus tá siad íoctha ina n-iomláine;
ní le haon cheann díobh seo a leanas na hionstraimí:
an institiúid nó a fochuideachtaí;
gnóthas ina bhfuil rannpháirtíocht ag an institiúid ann i bhfoirm úinéireachta dhíreach ar 20 % nó níos mó de na cearta vótála nó de chaipiteal an ghnóthais sin, nó i bhfoirm úinéireachta trí na nithe sin a rialú;
ní dhéanann an institiúid éadáil úinéireacht na n-ionstraimí a chistiú go díreach nó go hindíreach;
tá an t-éileamh ar mhéid phríomhshuim na n-ionstraimí faoi na forálacha lena rialaítear na hionstraimí rangaithe faoi bhun aon éilimh ó ionstraimí dliteanas incháilithe;
níl na hionstraimí urraithe, ná faoi réir ráthaíocht lena gcuirtear le sinsearacht an éilimh ag aon cheann díobh seo a leanas:
an institiúid nó a fochuideachtaí;
máthairghnóthas na hinstitiúide nó fochuideachtaí na hinstitiúide;
an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó a fochuideachtaí;
an chuideachta shealbhaíochta ghníomhaíochtaí measctha nó a fochuideachtaí;
an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha nó a fochuideachtaí;
aon ghnóthas a bhfuil dlúthnaisc aige le heintitis dá dtagraítear i bpointe (i) go pointe (v);
níl na hionstraimí faoi réir aon socrú a chuireann le sinsearacht an éilimh faoi na hionstraimí;
tá aibíocht bunaidh cúig bliana ar a laghad ag na hionstraimí;
sna forálacha lena rialaítear na hionstraimí, níl aon dreasacht do na hinstitiúidí chun a méid príomhshuime a fhuascailt nó a aisíoc, mar is infheidhme, roimh thráth a n-aibíochta;
i gcás ina n-áirítear leis na hionstraimí luathrogha amháin ar aisíoc, nó níos mó, lena n-áirítear céadroghanna ar cheannach, féadfar na roghanna a fheidhmiú de réir lánrogha iomlán an eisitheora;
ní fhéadfar na hionstraimí a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach go luath, ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 77, agus tráth nach túisce ná cúig bliana tar éis an dáta eisiúna ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 78(4);
ní thugtar le fios go sainráite ná go hintuigthe sna forálacha lena rialaítear na hionstraimí go ndéanfadh an institiúid ionstraimí a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach go luath, de réir mar is infheidhme, ach amháin i gcás dhócmhainneacht nó leachtú na hinstitiúide agus nach dtugann an institiúid an méid sin le fios ar aon tslí eile;
ní thugann na forálacha lena rialaítear na hionstraimí an ceart don sealbhóir dlús a chur faoi íocaíocht sceidealta an úis nó na príomhshuime amach anseo, ach amháin i gcás dhócmhainneacht nó leachtú na hinstitiúide;
ní leasófar an leibhéal úis nó na híocaíochtaí díbhinne, de réir mar is infheidhme, a bheidh dlite ar na hionstraimí ar bhonn sheasamh creidmheasa na hinstitiúide nó a máthairghnóthas;
i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i dtríú tír agus ar ainmníodh é i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/59/AE mar chuid de ghrúpa réitigh a bhfuil a eintiteas réitigh bunaithe san Aontas, nó i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i mBallstát, de réir an dlí nó de réir forálacha conartha lena rialaítear na hionstraimí, ní mór, ar chinneadh ón údarás réitigh an chumhacht díluachála agus comhshó dá dtagraítear in Airteagal 59 den Treoir sin a fheidhmiú, príomhshuim na n-ionstraimí a dhíluacháil ar bhonn buan nó na hionstraimí a chomhshó ina n-ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1;
i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i dtríú tír agus nár ainmníodh é i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/59/AE mar chuid de ghrúpa réitigh a bhfuil a eintitis réitigh bunaithe san Aontas, ceanglaítear leis an dlí, nó le forálacha conartha, lena rialaítear na hionstraimí, nach mór, ar chinneadh ón údarás ábhartha sa tríú tír, príomhshuim na n-ionstraimí a dhíluacháil ar bhonn buan nó na hionstraimí a chomhshó ina n-ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1;
i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i dtríú tír agus ar ainmníodh é i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/59/AE mar chuid de ghrúpa réitigh a bhfuil a eintiteas réitigh bunaithe san Aontas, nó i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i mBallstát, is i gcás ina bhfuil feidhmiú na cumhachta díluachála agus comhshó dá dtagraítear in Airteagal 59 den Treoir sin de réir dlíthe tríú tír, ina bhfuil an feidhmiú sin éifeachtach agus infheidhmithe ar bhonn forálacha reachtacha nó forálacha conartha a aithníonn gníomhartha réitigh nó gníomhartha díluachála nó comhshó eile, agus sa chás sin amháin, a fhéadfar ionstraimí a eisiúint faoi dhlíthe tríú tír nó a chur faoi réir na ndlíthe sin ar dhóigh eile;
níl na hionstraimí faoi réir socruithe fritháirimh nó socruithe glanluachála a chuirfeadh isteach ar a n-acmhainn ionsúite caillteanas.
Chun críocha phointe (a) den chéad mhír, ní bheidh ach an chuid den ionstraim chaipitil atá láníoctha i dteideal a cháilithe mar ionstraim Leibhéal 2.
Airteagal 64
Ionstraimí de Chaipiteal Leibhéal 2 a amúchadh
Déantar an méid a cháilíonn ionstraimí Leibhéal 2 mar ítimí Leibhéal 2 sna cúig bliana deireanacha d'aibíocht na n-ionstraimí a ríomh tríd an toradh a dhíorthaítear ón ríomh dá dtagraítear i bpointe (a) a iolrú faoin méid dá dtagraítear i bpointe (b) mar seo a leanas:
roinntear suim ainmniúil na n-ionstraimí ar an gcéad lá den tréimhse deiridh cúig bliana dá n-aibíocht chonarthach ar líon na laethanta sa tréimhse sin;
líon na laethanta d'aibíocht chonarthach atá fágtha maidir leis na hionstraimí.
Airteagal 65
Na hiarmhairtí nuair a scoirtear de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le hionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2
Beidh feidhm ag an méid seo a leanas i gcás ina scoirtear de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 63:
scoirfidh an ionstraim sin láithreach bonn de bheith cáilithe mar ionstraim de Chaipiteal Leibhéal 2;
scoirfidh an chuid de na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis an ionstraim sin de bheith cáilithe mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2, láithreach bonn.
Airteagal 66
Asbhaintí as ítimí Chaipiteal Leibhéal 2
Asbhainfear na nithe seo a leanas as ítimí Chaipiteal Leibhéal 2:
sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 atá ag institiúid, lena n-áirítear ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 a d'fhéadfadh a bheith d'oibleagáid ar institiúid a cheannach mar thoradh ar oibleagáidí conarthacha atá ann cheana;
sealúchais, bíodh siad díreach, indíreach nó sintéiseach, d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais ina bhfuil tras-sealúchais chómhalartacha ag an institiúid leis na heintitis sin agus a mheasann an t-údarás inniúil a gur ceapadh iad chun cistí dílse na hinstitiúide a bhoilsciú go saorga;
méid infheidhme, a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 70, sealúchas díreach, indíreach agus shintéiseach d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais, i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid sna heintitis sin;
sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais atá ag an institiúid i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin, cé is moite de shuímh frithgheallta arna sealbhú ar feadh tréimhse níos giorra ná cúig lá oibre;
méid na n-ítimí is gá a asbhaint as ítimí dliteanas incháilithe de bhun Airteagal 72e a sháraíonn ítimí dliteanas incháilithe na hinstitiúide.
Airteagal 67
Sealúchais d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 a asbhaint
Chun críocha phointe (a) d'Airteagal 66, déanfaidh institiúidí sealúchais a ríomh ar bhonn ollsuíomh fada faoi réir na n-eisceachtaí seo a leanas:
féadfaidh institiúidí méid na sealúchas sa leabhar trádála a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada ar an gcoinníoll go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
go bhfuil an risíocht fholuiteach chéanna ag na suímh fhada agus na suímh fhada ghearra agus nach bhfuil aon priacal contrapháirtí ag baint leis na suímh ghearra;
go gcoimeádtar na suímh ghearra agus na suímh fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar trádála;
déanfaidh institiúidí an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha atá mar shealúchais d'urrúis innéacsanna a chinneadh tríd an risíocht fholuiteach ar ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 sna hinnéacsanna sin a ríomh;
féadfaidh institiúidí ollsuímh fhada in ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 a thig ó shealúchais d'urrúis innéacsanna a ghlanluacháil i gcoinne suíomh gearr in ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 a thig ó shuímh ghearra sna hinnéacsanna foluiteacha, lena n-áirítear an cás ina bhfuil priacal contrapháirtí ag baint leis na suímh ghearra sin.; ar an gcoinníoll go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
go bhfuil an suíomh gearr agus an suíomh fada sna hinnéacsanna foluiteacha céanna;
go gcoimeádtar na suímh ghearra agus na suímh fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar trádála.
Airteagal 68
Sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais a asbhaint i gcás ina bhfuil tras-sealúchas cómhalartach a ceapadh go saorga chun cistí dílse a bhoilsciú ag institiúid
Déanfaidh institiúidí na hasbhaintí a cheanglaítear faoi pointí (b), (c) agus (d) d'Airteagal 66 i gcomhréir leis na forálacha seo a leanas:
déanfar sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 a ríomh ar bhonn na n-ollshuíomh fada;
déanfar sealúchais d'ítimí chistí dílse d'árachas Leibhéal 2 agus Leibhéal 3 a láimhseáil mar shealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 chun críocha asbhainte.
Airteagal 69
Sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 de chuid eintiteas earnála airgeadais a asbhaint
Déanfaidh institiúidí na hasbhaintí a cheanglaítear faoi phointí (c) agus (d) d'Airteagal 66 i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
féadfaidh siad sealúchais dhíreacha, indíreacha agus sintéiseacha d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas de chuid na hearnála airgeadais a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada atá sa risíocht fholuiteach chéanna ar an gcoinníoll go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
dáta aibíochta an tsuímh ghearr, is ionann é agus dáta aibíochta an tsuímh fhada nó is déanaí é ná an dáta sin, nó is é bliain amháin, ar a laghad, aibíocht iarmhair an tsuímh ghearr;
go gcoimeádtar suímh ghearra agus fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar trádála;
déanfaidh siad an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'urrúis innéacsanna a chinneadh ar bhonn na risíochta bunúsaí ar ionstraimí caipitil na n-eintiteas earnála airgeadais ábhartha sna hinnéacsanna sin.
Airteagal 70
Ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 a asbhaint i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid in eintiteas ábhartha
Chun críocha phointe (c) d'Airteagal 66, ríomhfaidh institiúidí an méid is infheidhme a asbhainfear tríd an méid dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a iolrú faoin bhfachtóir a dhíorthaítear ón ríomh dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo:
an méid comhiomlán a sháraíonn na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid agus ríomhtar an méid comhiomlán sin tar éis iad seo a leanas a chur i bhfeidhm:
Airteagail 32 go 35;
pointí (a) go (g), pointe k(ii) go (v) agus (l) d'Airteagal 36(1), cé is moite den mhéid a bheidh le hasbhaint i dtaca le sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus a thig ó dhifríochtaí sealadacha;
Airteagal 44 agus Airteagal 45;
méid na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais atá ag institiúid arna roinnt ar mhéid comhiomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach go léir nach bhfuil infheistíocht shuntasach iontu ag an institiúid d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2 na n-eintiteas earnála airgeadais sin.
Déanfar an méid atá le hasbhaint de bhun mhír 1 a chionroinnt thar gach ionstraim Leibhéal 2 arna sealbhú. Déanfaidh institiúidí an méid a bheidh le hasbhaint as gach ionstraim Chaipiteal Leibhéal 2 a asbhaintear de bhun mhír 1 a chinneadh tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) den mhír seo a iolrú faoin gcion atá sonraithe i bpointe (b) den mhír seo:
méid iomlán na sealúchas is gá a asbhaint de bhun mhír 1;
cion mhéid comhiomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais atá ag an institiúid agus nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin atá in ionannas le gach ionstraim arna sealbhú.
Déanfaidh institiúidí méíd gach ionstraim Leibhéal 2 atá ualaithe de réir priacal de bhun mhír 4 a chinneadh tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) den mhír seo a roinnt ar an méid atá sonraithe i bpointe (b) den mhír seo:
méid na sealúchas is gá a ualú de réir priacal de bhun mhír 4;
an cion a eascraíonn as an ríomh ata i bpointe (b) de mhír 3.
Airteagal 71
Caipiteal Leibhéal 2
Is é atá i gCaipiteal Leibhéal 2 institiúide ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 na hinstitiúide tar éis na hítimí dá dtagraítear in Airteagal 66 a asbhaint agus tar éis Airteagal 79 a chur chun feidhme.
CAIBIDIL 5
Cistí dílse
Airteagal 72
Cistí dílse
Is é atá i gcistí dílse institiúide suim Chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide agus Chaipiteal Leibhéal 2 na hinstitiúide.
CAIBIDIL 5a
Dliteanais incháilithe
Airteagal 72a
Ítimí dliteanas incháilithe
Is iad na nithe seo a leanas a bheidh ina n-ítimí dliteanas incháilithe, mura bhfuil siad in aon cheann de na catagóirí de dhliteanais eisiata a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo, agus a mhéid a shonraítear in Airteagal 72c:
ionstraimí dliteanas incháilithe má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 72b, a mhéid nach gcáilíonn siad mar ítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal 1 Breise nó Leibhéal 2;
Ionstraimí Leibhéal 2 ag a bhfuil aibíocht iarmhair bliana amháin ar a laghad, a mhéid nach gcáilíonn siad mar ítimí Leibhéal 2 i gcomhréir le hAirteagal 64.
Eisiafar na dliteanais seo a leanas ó ítimí dliteanas incháilithe:
taiscí cumhdaithe;
taiscí ar amharc agus taiscí gearrthéarma a bhfuil a n-aibíocht bunaidh faoi bhun bliain amháin;
an chuid sin de thaiscí incháilithe ó dhaoine nádúrtha agus ó mhicreaghnóthais, gnóthais bheaga agus gnóthais mheánmhéide a sháraíonn an leibhéal cumhdaigh dá dtagraítear in Airteagal 6 de Threoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 19 );
taiscí a bheadh ina dtaiscí incháilithe ó dhaoine nádúrtha agus ó mhicreafhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide, gur taisceadh iad trí bhrainsí a bhí lonnaithe lasmuigh den Aontas ó institiúidí atá bunaithe san Aontas;
dliteanais urraithe lena n-áirítear bannaí cumhdaithe agus dliteanais i bhfoirm ionstraimí airgeadais a úsáidtear chun críocha fálaithe agus ar cuid lárnach iad den chomhthiomsú cumhdaigh agus dhéantar a urrú, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar bhealach comhchosúil le bannaí cumhdaithe, ar choinníoll nach ndéanfar difear d'aon sócmhainní urraithe a bhaineann le comhthiomsú cumhdaigh agus go leanfar dá ndóthain cistiúcháin a thabhairt dóibh agus seachas aon chuid de dhliteanas urraithe nó de dhliteanas a mbeidh comhthaobhacht geallta ina leith ar mó é ná luach na sócmhainní, an ghealltáin, an liain nó na comhthaobhachta lena bhfuil sé urraithe;
aon dliteanas a thagann chun cinn mar gheall ar shócmhainní cliaint nó airgead cliaint i seilbh lena n-áirítear sócmhainní cliaint agus airgead cliaint atá i seilbh ar son gnóthais chomhinfheistíochta, ar choinníoll ar choinníoll go mbeidh an cliant sin faoi chosaint an dlí dócmhainneachta is infheidhme;
aon dliteanais a eascraíonn de bhua caidrimh mhuinínigh idir an t-eintiteas réitigh nó aon cheann dá fhochuideachtaí (mar mhuiníneach) agus duine eile (mar thairbhí), ar choinníoll go mbeidh an tairbhí sin faoi chosaint an dlí dócmhainneachta nó sibhialta is infheidhme;
dliteanais d'institiúidí, gan dliteanais d'eintitis ar cuid den ghrúpa céanna iad a áireamh, a bhfuil aibíocht bunaidh níos lú ná seacht lá acu;
dliteanais a bhfuil aibíocht níos lú ná seacht lá fágtha iontu, atá dlite do na heintitis seo a leanas:
córais nó oibreoirí córas a ainmnítear i gcomhréir le Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 20 );
rannpháirtithe i gcóras a ainmnítear i gcomhréir le Treoir 98/26/CE agus a eascraíonn as rannpháirtíocht i gcóras den sórt sin; nó
CPL tríú tír a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
dliteanas i leith aon cheann díobh seo a leanas:
Fostaí, maidir le tuarastal fabhraithe, sochair phinsin nó luach saothair socraithe eile, seachas comhpháirt athraitheach an luacha saothair nach bhfuil rialáilte le comhaontú cómhargála agus seachas an chomhchuid inathraithe de luach saothair glacadóirí priacail ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 92(2) de Threoir 2013/36/AE;
creidiúnaí tráchtála nó trádála má thagann an dliteanas as soláthar, don institiúid nó don mháthairghnóthas, earraí nó seirbhísí a bhfuil gá leo chun go bhfeidhmeodh oibríochtaí na hinstitiúide nó an mháthairghnóthais, lena n-áirítear seirbhísí TF, fóntais agus cíos, seirbhísiú agus cothabháil an áitribh;
údaráis chánach agus údaráis slándála sóisialta, ar choinníoll go mbeidh tosaíocht ag na dliteanais sin faoin dlí is infheidhme;
scéimeanna ráthaithe taiscí má thagann an dliteanas as ranníocaíochtaí atá dlite i gcomhréir le Treoir 2014/49/AE;
dliteanais a thagann as díorthaigh;
dliteanais a thagann as ionstraimí fiachais ag a bhfuil díorthaigh leabaithe.
Chun críocha phointe (l) den chéad fhomhír, ionstraimí fiachais ina bhfuil roghanna ar luathfhuascailt is féidir a fheidhmiú de réir rogha an eisitheora nó an tsealbhóra, agus ionstraimí fiachais ag a bhfuil ús athraitheach a dhíorthaítear ó ráta tagartha a úsáidtear go leitheadach amhail Euribor nó Libor, ní mheasfar gur ionstraimí fiachais ag a bhfuil díorthaigh leabaithe iad ar bhonn gnéithe den sórt sin amháin.
Airteagal 72b
Ionstraimí dliteanas incháilithe
Cáileoidh dliteanais mar ionstraimí dliteanas incháilithe ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas uile:
eisíonn institiúid go díreach nó faigheann institiúid na dliteanais, de réir mar is infheidhme, agus tá siad íoctha go hiomlán;
ní le haon cheann díobh seo a leanas na dliteanais:
institiúid nó eintiteas atá sa ghrúpa réitigh céanna;
gnóthas ina bhfuil rannpháirtíocht dhíreach nó indíreach ag an institiúid ann i bhfoirm úinéireacht dhíreach, nó i bhfoirm rialaithe, ar 20 % nó níos mó de na cearta vótála nó de chaipiteal an ghnóthais sin;
ní dhéanann an t-eintiteas réitigh éadáil úinéireacht na ndliteanas a chistiú go díreach nó go hindíreach;
tá an t-éileamh ar phríomhshuim na ndliteanas faoi na forálacha lena rialaítear na hionstraimí go hiomlán fo-ordaithe maidir le héilimh a thagann as na dliteanais eisiata dá dtagraítear in Airteagal 72a(2); measfar gur comhlíonadh an ceanglas fo-ordúcháin sin in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
sonraíonn na forálacha conartha lena rialaítear na dliteanais go mbeidh, i gcás gnáthimeachtaí dócmhainneachta mar a shainmhínítear iad i bpointe (47) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE, an t-éileamh ar phríomhshuim na n-ionstraimí rangaithe faoi bhun na n-éileamh a thagann as aon cheann de na dliteanais eisiata dá dtagraítear in Airteagal 72a(2) den Rialachán seo;
sonraítear sa dlí is infheidhme go mbeidh, i gcás gnáthimeachtaí dócmhainneachta mar a shainmhínítear iad i bpointe (47) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE, an t-éileamh ar phríomhshuim na n-ionstraimí rangaithe faoi bhun na n-éileamh a thagann as aon cheann de na dliteanais eisiata dá dtagraítear in Airteagal 72a(2) den Rialachán seo;
is eintiteas réitigh nach bhfuil aon dliteanais eisiata dá dtagraítear in Airteagal 72a(2) den Rialachán seo a rangaítear pari passu le hionstraimí dliteanas incháilithe nó níos sóisearaí ná iad ar a chlár comhordaithe a eisíonn na hionstraimí;
níl na dliteanais urraithe, ná faoi réir ráthaíochta ná aon socrú eile lena gcuirtear le sinsearacht an éilimh, ag aon cheann díobh seo a leanas:
institiúid nó a fochuideachtaí;
máthairghnóthas na hinstitiúide nó fochuideachtaí na hinstitiúide;
aon ghnóthas a bhfuil dlúthnaisc aige le heintitis dá dtagraítear i bpointí (i) agus (ii);
níl na dliteanais faoi réir socruithe fritháirimh nó socruithe glanluachála a chuirfeadh isteach ar a n-acmhainn ionsúite caillteanas i gcás réitigh;
ní áirítear sna forálacha lena rialaítear na dliteanais aon dreasacht don institiúid chun a méid príomhshuime a cheannach, a fhuascailt nó a athcheannach roimh a n-aibíocht nó a aisíoc, de réir mar is infheidhme, ach amháin sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 72c(3);
níl féidir le sealbhóirí na n-ionstraimí na dliteanais a fhuascailt roimh thráth a n-aibíochta, ach amháin sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 72c(2);
faoi réir Airteagal 72c(3) agus (4), i gcás ina n-áirítear leis na dliteanais luathrogha amháin ar aisíoc, nó níos mó, lena n-áirítear céadroghanna ar cheannach, féadfar na roghanna a fheidhmiú de réir lánrogha iomlán an eisitheora, ach amháin sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 72c(2);
ní fhéadfar na dliteanais a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach go luath ach i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagail 77 agus 78a;
ní thugtar le fios go sainráite ná go hintuigthe sna forálacha lena rialaítear na dliteanais go ndéanfadh an t-eintiteas réitigh dliteanais a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach go luath, de réir mar is infheidhme, ach amháin i gcás dhócmhainneacht nó leachtú na hinstitiúide agus nach dtugann an institiúid an méid sin le fios ar aon tslí eile;
ní thugann na forálacha lena rialaítear na dliteanais an ceart don sealbhóir dlús a chur faoi íocaíocht sceidealta an úis nó na príomhshuime amach anseo, ach amháin i gcás dhócmhainneacht nó leachtú an eintitis réitigh;
ní leasófar an leibhéal úis nó na híocaíochtaí díbhinne, de réir mar is infheidhme, a bheidh dlite ar na dliteanais, de réir mar is infheidhme, ar bhonn sheasamh creidmheasa an eintitis réitigh nó a mháthairghnóthas;
i gcás ionstraimí a eisítear tar éis 28 Meitheamh 2021, luafar go sainráite sa doiciméadacht chonarthach ábhartha agus, i gcás inarb infheidhme, sa réamheolaire a bhaineann leis an eisiúint, go bhféadfaí an chumhacht díluachála agus comhshó a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 48 de Threoir 2014/59/AE.
Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, ní bheidh ach na codanna sin de na dliteanais atá íoctha go hiomlán i dteideal a gcáilithe mar ionstraimí dliteanais incháilithe.
Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír den Airteagal seo, i gcás ina bhfuil roinnt de na dliteanais eisiata dá dtagraítear in Airteagal 72a(2) fo-ordaithe maidir le gnáthéilimh neamhurraithe faoin dlí dócmhainneachta náisiúnta, ar an ábhar, inter alia, go bhfuil siad á sealbhú ag creidiúnaí a bhfuil dlúthnaisc aige leis an bhféichiúnaí, go bhfuil, nó go raibh, an creidiúnaí ina scairshealbhóir, i ngaolmhaireacht rialaithe nó grúpa, gur comhalta den chomhlacht bainistíochta an creidiúnaí nó go bhfuil an creidiúnaí bainteach le haon duine de na daoine sin, ní dhéanfar an fo-ordú a mheas trí thagairt d'éilimh a éiríonn as dliteanais eisiata den sórt sin.
Le cois na ndliteanas dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh an t-údarás réitigh ligean do dhliteanais a bheith incháilithe mar ionstraimí dliteanas go dtí méid comhiomlán nach mó ná 3,5 % de mhéid iomlán na risíochta ar phriacal arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) agus (4), ar choinníoll:
go gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar amach i mír 2 cé is moite den choinníoll i bpointe (d) den chéad fhomhír de mhír 2;
go rangaítear na dliteanais pari passu leis na dliteanais eisiata is ísle rangú dá dtagraítear in Airteagal 72a(2) cé is moite de dhliteanais eisiata atá fo-ordaithe maidir le gnáthéilimh neamhurraithe faoin dlí dócmhainneachta náisiúnta dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 2 den Airteagal seo; agus
nach dtiocfadh, mar thoradh ar na dliteanais sin a áireamh in ítimí dliteanas incháilithe, priacal ábhartha d'agóid dhlíthiúil rathúil ná d'éilimh bhailí ar chúiteamh mar a mheas an t-údarás réitigh iad i ndáil leis na prionsabail dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 34(1) agus d'Airteagal 75 de Threoir 2014/59/AE.
Féadfaidh an t-údarás réitigh ligean do dhliteanais a bheith incháilithe mar ionstraimí dliteanais incháilithe sa bhreis ar na dliteanais dá dtagraítear i mír 2 ar choinníoll go ndéantar an méid a leanas:
nach gceadaítear don institiúid dliteanais dá dtagraítear i mír 3 a áireamh i ndliteanais incháilithe;
go gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar amach i mír 2 cé is moite den choinníoll i bpointe (d) den chéad fhomhír de mhír 2 den Airteagal seo;
go rangaítear na dliteanais pari passu leis na dliteanais eisiata is ísle rangú dá dtagraítear in Airteagal 72a(2), nó gur sinsearaí na dliteanais ná iad, cé is moite de na dliteanais eisiata atá fo-ordaithe maidir le gnáthéilimh neamhurraithe faoin dlí dócmhainneachta náisiúnta dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 2;
ar chlár comhordaithe na hinstitiúide, nach mó ná 5 % de mhéid cistí dílse agus dliteanas incháilithe na hinstitiúide an méid dliteanas eisiata dá dtagraítear in Airteagal 72a(2) a rangaítear pari passu leis na dliteanais sin i ndócmhainneacht nó níos ísle ná iad;
nach dtiocfadh, mar thoradh ar na dliteanais sin a áireamh in ítimí dliteanas incháilithe, priacal ábhartha d'agóid dhlíthiúil rathúil ná d'éilimh bhailí ar chúiteamh mar a mheas an t-údarás réitigh iad i ndáil leis na prionsabail dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 34(1) agus d'Airteagal 75 de Threoir 2014/59/AE.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
leaganacha agus cineálacha maoinithe indírigh infheidhme na n-ionstraimí dliteanas incháilithe;
foirm agus cineál na ndreasachtaí atá le fuascailt chun críocha an choinníll a leagtar amach i bpointe (g) den chéad fhomhír de mhír 2 den Airteagal seo agus chun críocha Airteagal 72c(3).
Déanfar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a ailíniú go hiomlán leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 28(5) agus i bpointe (a) d'Airteagal 52(2).
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Nollaig 2019.
Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 72c
Ionstraimí dliteanas incháilithe a amúchadh
Ionstraimí dliteanas incháilithe ag a bhfuil aibíocht iarmhair faoi bhun bliain amháin, ní cháileoidh siad go mar ítimí dliteanas incháilithe.
Airteagal 72d
Na hiarmhairtí le deireadh a bheith le comhlíonadh na gcoinníollacha incháilitheachta
Más rud é, i gcás ionstraim dliteanas incháilithe, gur stadadh de chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 72b, stadfaidh na dliteanais láithreach de cháiliú mar ionstraimí dliteanas incháilithe.
Féadfar glacadh le dliteanais dá dtagraítear in Airteagal 72b(2) mar ionstraimí dliteanas incháilithe ar choinníoll go gcáilíonn siad mar ionstraimí dliteanas incháilithe faoi Airteagal 72b(3) nó (4).
Airteagal 72e
Asbhaintí as ítimí dliteanas incháilithe
Asbhainfidh institiúidí atá faoi réir Airteagal 92a an méid seo a leanas as ítimí dliteanas incháilithe:
sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí dílse atá ag an institiúid, lena n-áirítear dliteanais dhílse a bhfeadfadh oibleagáid a bheith ar an institiúid iad a cheannach mar thoradh ar oibleagáidí conarthacha atá ann cheana;
sealúchais, bíodh siad díreach, indíreach nó sintéiseach, atá ag an institiúid ar ionstraimí de chuid eintitis G-SII agus ina bhfuil tras-sealúchais chómhalartacha ag an institiúid leis na heintitis sin agus a mheasann an t-údarás inniúil gur ceapadh iad chun cumas ionsúcháin caillteanas agus cumas athchaipitlithe na hinstitiúide a mhéadú go saorga;
méid infheidhme, a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 72i, sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach ionstraimí dliteanas incháilithe de chuid eintitis G-SII, i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin;
sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha atá ag an institiúid ar ionstraimí de chuid eintitis G-SII i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin, cé is moite de shuíomhanna frithgheallta arna sealbhú ar feadh tréimhse níos giorra ná cúig lá gnó.
Chun críocha na Roinne seo, féadfaidh institiúidí méid sealúchas na n-ionstraimí dliteanas incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 72b(3) a ríomh mar a leanas:
nuair:
|
h |
= |
méid sealúchas na n-ionstraimí dliteanas incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 72b(3); |
|
i |
= |
an t-innéacs lena gcuirtear institiúid eisiúna in iúl; |
|
Hi |
= |
méid sealúchas dhliteanais incháilithe na hinstitiúide eisiúna i dá dtagraítear in Airteagal 72b(3); |
|
li |
= |
méid na sealúchas a áiríonn an institiúid eisiúna i in ítimí dliteanas incháilithe laistigh de na teorainneacha a shonraítear in Airteagal 72b(3) de réir an nochta is déanaí ón institiúid eisiúna; agus |
|
Li |
= |
méid iomlán dhliteanais gan íoc na hinstitiúide eisiúna i dá dtagraítear in Airteagal 72b(3) de réir an nochta is déanaí ón institiúid eisiúna. |
I gcás ina bhfuil sealúchais dhíreacha, indíreacha nó shintéiseacha ar ionstraimí cistí dílse nó ar ionstraimí dliteanas incháilithe ó fhochuideachta amháin nó níos mó nach bhfuil in aon ghrúpa réitigh amháin léi ag máthairinstitiúid AE nó máthairinstitiúid i mBallstát atá faoi réir Airteagal 92a, féadfaidh sí, tar éis di barúil údaráis réitigh aon fhochuideachtaí lena mbaineann a thabhairt ar aird mar ba chuí, cead a thabhairt don mháthairchuideachta na sealúchais sin a asbhaint, trí mhéid níos lú arna shonrú ag údarás réitigh na máthairchuideachta sin a asbhaint. Beidh an méid coigeartaithe sin ar a laghad cothrom leis an méid (m) a ríomhfar mar a leanas:
|
i |
= |
an t-innéacs lena gcuirtear an fhochuideachta in iúl; |
|
OPi |
= |
an méid ionstraimí cistí dílse atá eisithe ag fochuideachta i agus atá i seilbh na máthairinstitiúide; |
|
LPi |
= |
an méid ionstraimí dliteanas incháilithe atá eisithe ag fochuideachta i agus atá i seilbh na máthairinstitiúide; |
|
β |
= |
céatadán na n-ionstraimí cistí dílse agus na n-ionstraimí dliteanas incháilithe atá eisithe ag fochuideachta i agus atá i seilbh an mháthairghnóthais, a ríomhfar mar a leanas:
|
|
Oi |
= |
méid chistí dílse fhochuideachta i, gan an asbhaint a ríomhtar i gcomhréir leis an mír seo a chur san áireamh; |
|
Li |
= |
méid dhliteanais incháilithe fhochuideachta i, gan an asbhaint a ríomhtar i gcomhréir leis an mír seo a chur san áireamh; |
|
ri |
= |
an cóimheas is infheidhme maidir le fochuideachta i ar leibhéal a grúpa réitigh i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 92a(1) den Rialachán seo agus pointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 45c(3) de Threoir 2014/59/AE; agus |
|
aRWAi |
= |
méid iomlán risíochta ar phriacal an eintitis G-SII, ar méid é a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 92(3) agus (4), agus coigeartuithe a leagtar amach in Airteagal 12a á gcur san áireamh. |
I gcás ina bhfuil cead ag an máthairinstitiúid an méid coigeartaithe a asbhaint i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, asbhainfidh an fhochuideachta an difríocht idir méid shealúchas na n-ionstraimí cistí dílse agus na n-ionstraimí dliteanas incháilithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus an méid coigeartaithe sin.
Airteagal 72f
Sealúchais ionstraimí dílse dliteanas incháilithe a asbhaint
Chun críocha phointe (a) d'Airteagal 72e(1), ríomhfaidh institiúidí sealúchais ar bhonn ollsuíomhanna fada faoi réir na n-eisceachtaí seo a leanas:
féadfaidh institiúidí méid na sealúchas sa leabhar trádála a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:
tá an risíocht fholuiteach chéanna ag na suíomhanna fada agus na suíomhanna gearra agus níl aon phriacal contrapháirtí ag baint leis na suíomhanna gearra;
coimeádtar na suíomhanna gearra agus na suíomhanna fada araon sa leabhar trádála nó coimeádtar iad araon sa leabhar neamhthrádála;
déanfaidh institiúidí an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha atá mar shealúchais d'urrúis innéacsanna a chinneadh tríd an risíocht fholuiteach ar ionstraimí dliteanas dílis incháilithe sna hinnéacsanna sin a ríomh;
féadfaidh institiúidí ollsuíomhanna fada in ionstraimí dílse dliteanas incháilithe a thagann as sealúchais d'urrúis innéacsanna a ghlanluacháil i gcoinne suíomhanna gearra in ionstraimí dílse 72e(1) a thagann as suíomhanna gearra sna hinnéacsanna foluiteacha, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil priacal contrapháirtí ag baint leis na suíomhanna gearra sin. ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:
tá an suíomh gearr agus an suíomh fada sna hinnéacsanna foluiteacha céanna;
coimeádtar na suíomhanna gearra agus na suíomhanna fada araon sa leabhar trádála nó coimeádtar iad araon sa leabhar neamhthrádála.
Airteagal 72g
Bunachar asbhainte le haghaidh ítimí dliteanas incháilithe
Chun críocha phointe (b), phointe (c) agus phointe (d) d'Airteagal 723(1), asbhainfidh institiúidí na hollsuíomhanna fada faoi réir na n-eisceachtaí a leagtar síos in Airteagal 72h agus 72i.
Airteagal 72h
Sealúchais de dhliteanais incháilithe de chuid eintitis G-SII eile a asbhaint
Institiúidí nach bhfuil ag úsáid na heisceachta a leagtar síos in Airteagal 72j, déanfaidh siad na hasbhaintí dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) d'Airteagal 72e(1) i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
féadfaidh siad sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha ionstraimí dliteanas incháilithe a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada atá sa risíocht bhunúsach chéanna ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leanas:
dáta aibíochta an tsuímh ghearr, is ionann é agus dáta aibíochta an tsuímh fhada nó is déanaí é ná an dáta sin, nó is é bliain amháin, ar a laghad, aibíocht iarmhair an tsuímh ghearr;
go gcoimeádtar suímh ghearra agus fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar trádála;
déanfaidh siad an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha atá mar shealúchais d'urrúis innéacsanna a chinneadh trí dhearcadh ar an risíocht fholuiteach ar ionstraimí dliteanas incháilithe sna hinnéacsanna sin.
Airteagal 72i
Dliteanais incháilithe a asbhaint i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid in eintitis G-SII
Chun críocha phointe (c) d'Airteagal 72e(1), ríomhfaidh institiúidí an méid is infheidhme a asbhainfear tríd an méid dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a iolrú faoin bhfachtóir a díorthaíodh ón ríomh dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo:
an méid comhiomlán a sháraíonn na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal 1 Breise, Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais agus eintitis, ionstraimí dliteanas de chuid eintiteas G-SII nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid in aon cheann acu, a sháraíonn 10 % de na hítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid agus ríomhfar an méid comhiomlán sin tar éis iad seo a leanas a chur i bhfeidhm:
Airteagail 32 go 35;
pointí (a) go (g), pointí k(ii) go k(v) agus pointe (l) d'Airteagal 36(1), cé is moite den mhéid a bheidh le hasbhaint i dtaca le sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus a thig ó dhifríochtaí sealadacha;
Airteagail 44 agus 45;
an méid comhiomlán sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach ar ionstraimí dliteanas incháilithe atá ag eintitis G-SII nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu arna roinnt ar mhéid foriomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach atá ag an institiúid d'ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal 1 breise agus Leibhéal 2 de chuid eintiteas san earnáil airgeadais agus ionstraimí dliteanas de chuid eintitis G-SII nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an eintiteas réitigh in aon cheann acu.
Dáilfear an méid atá le hasbhaint de bhun mhír 1 ar gach ionstraim dliteanas incháilithe de chuid eintiteas G-SII. Déanfaidh institiúidí méid gach ionstraime dliteanas incháilithe a asbhaintear de bhun mhír 1 a chinneadh tríd an méid a shonraítear i bpointe (a) a mhéadú faoin gcion a shonraítear i bpointe (b) den mhír seo:
méid na sealúchas is gá a asbhaint de bhun mhír 1;
an méid comhiomlán de na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha atá i seilbh na hinstitiúide d'ionstraimí dliteanas incháilithe de chuid eintitis G-SII nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu arna léiriú ag gach ionstraim dliteanas incháilithe atá i seilbh na hinstitiúide.
Airteagal 72j
Díolmhú leabhair trádála ó asbhaintí as ítimí dliteanas incháilithe
Féadfaidh institiúidí cinneadh a dhéanamh gan cuid ainmnithe dá sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha ar ionstraimí dliteanas incháilithe, atá, ina méid comhiomlán agus arna thomhas ar bhonn comhlán fada, cothrom le nó níos lú ná 5 % d'ítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 de chuid na hinstitiúide tar éis dóibh Airteagail 32 go 36, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:
tá na sealúchais sa leabhar trádála;
ní choinnítear na hionstraimí dliteanas incháilithe níos faide ná 30 lá gnó.
Airteagal 72k
Ionstraimí dliteanas incháilithe
Is éard a bheidh i ndliteanais incháilithe institiúide, ítimí dliteanais incháilithe na hinstitiúide tar éis na n-asbhaintí dá dtagraítear in Airteagal 72e.
Airteagal 72l
Cistí dílse agus dliteanais incháilithe
Is éard a bheidh i gcistí dílse agus dliteanais incháilithe, suim a cistí dílse agus a dliteanais incháilithe.
CAIBIDIL 6
Ceanglais ghinearálta maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe
Airteagal 73
Dáileacháin ar ionstraimí
Ní thabharfaidh na húdaráis inniúla an réamhchead dá dtagraítear i mír 1 ach amháin i gcás ina measann siad go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
nach ndéanfadh an rogha dá dtagraítear i mír 1, nó an fhoirm ina bhféadfaí dáileacháin a dhéanamh, dochar do chumas na hinstitiúide íocaíochtaí a chur ar ceal faoin ionstraim;
nach ndéanfadh an rogha dá dtagraítear i mír 1, nó an fhoirm ina bhféadfaí dáileacháin a dhéanamh, dochar do chumas na hionstraime caipitil nó an dliteanais caillteanais a sheasamh;
nach laghdódh an rogha dá dtagraítear i mír 1 nó an fhoirm ina bhféadfaí na dáileacháin a dhéanamh cáilíocht na hionstraime caipitil nó an dliteanais ar aon slí eile.
Rachaidh an t-údarás inniúil i gcomhairle leis an údarás réitigh maidir leis an institiúid a bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha sin sula dtabharfaidh sé an réamhchead dá dtagraítear i mír 1.
Ní bheidh feidhm ag mír 4 sa chás gurb eintiteas tagartha í an institiúid in innéacs leathan an mhargaidh sin ach amháin sa chás go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas
measann an institiúid nach bhfuil na gluaiseachtaí in innéacs leathan an mhargaidh comhghaolaithe go suntasach le seasamh creidmheasa na hinstitiúide, a máthairinstitiúide nó na máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais nó na máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha nó na máthairchuideachta sealbhaíochta gníomhaíochta measctha;
nár bhain an t-údarás inniúil amach cinneadh atá éagsúil ón gcinneadh dá dtagraítear i bpointe (a).
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 74
Sealúchas d'ionstraimí caipitil arna n-eisiúint ag eintitis earnála airgeadais nach gcáilíonn mar chaipiteal rialála
Ní dhéanfaidh nstitiúidí aon eilimint a asbhaint dá gcistí féin, bíodh siad ina sealúchais dhíreacha, indíreacha nó shintéiseacha d'ionstraimí caipitil arna n-eisiúint ag eintiteas rialaithe na hearnála airgeadais nach gcáilíonn mar chaipiteal rialála an eintitis sin. Cuirfidh institiúidí ualuithe priacal i bhfeidhm maidir le sealúchais den sórt sin i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.
Airteagal 75
Ceanglais i ndáil le hasbhaint agus aibíocht le haghaidh suíomh gearr
Measfar go gcomhlíontar na ceanglais aibíochta i ndáil le suíomhanna gearra dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 45(a), pointe (a) d'Airteagal 59, pointe (a) d'Airteagal 69 agus pointe (a) d'Airteagal 72h maidir le suíomhanna a thógtar nuair a chomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas go léir:
tá sé de cheart conarthach ag an institiúid an suíomh fada atá á fhálú a dhíol leis an gcontrapháirtí a chuireann an fálú ar fáil, ar dháta ar leith sa todhchaí;
tá oibleagáid chonarthach ar chontrapháirtí a chuireann an fálú ar fáil don institiúid an suíomh fada dá dtagraítear i bpointe (a) a cheannach ón institiúid ar an dáta sin ar leith sa todhchaí
Airteagal 76
Sealúchais innéacsanna d'ionstraimí caipitil agus de dhliteanais
Chun críocha phointe (a) d'Airteagal 42, phointe (a) d'Airteagal 45, phointe (a) d'Airteagal 57, phointe (a) d'Airteagal 59, phointe (a) d'Airteagal 67, phointe (a) d'Airteagal 69, pointe (a) d'Airteagal 72f agus phointe (a) d'Airteagal 72h, féadfaidh institiúidí méid suímh fhada in ionstraim chaipitil nó i ndliteanas a laghdú le cion innéacs atá comhdhéanta den risíocht fholuiteach chéanna atá á fálú, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
sealbhaítear an suíomh fada atá á fhálú, agus coimeádtar an suíomh gearr arna úsáid in innéacs chun an suíomh fada sin a fhálú sa leabhar trádála nó sealbhaítear iad araon sna leabhair neamhthrádála;
sealbhaítear na suímh dá dtagraítear i bpointe (a) ag luach chóir ar chlár comhordaithe na hinstitiúide;
cáilíonn an suíomh gearr dá dtagraítear i bpointe (a) mar fhálú éifeachtach faoi phróisis rialaithe inmheánaigh na hinstitiúide;
déanann na húdaráis inniúla measúnú ar leordhóthanacht na bpróiseas inmheánach rialaithe dá dtagraítear i bpointe (c) ar bhonn bliantúil ar a laghad agus tá siad sásta lena oiriúnaí atá na próisis i gcónaí.
Féadfaidh institiúid, i gcás inar dheonaigh an t-údarás inniúil réamhchead, meastachán coimeádach a úsáid ar risíocht fholuiteach na hinstitiúide ar ionstraimí caipitil nó ar dhliteanais a áirítear sna hinnéacsanna mar rogha eile ar institiúid a bheith ag ríomh na risíochta atá aici ar na hítimí dá dtagraítear i gceann amháin nó níos mó de na pointí seo a leanas:
ionstraimí dílse Gnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal 1 Breise, Leibhéal 2 agus ionstraimí dliteanas incháilithe, a áirítear sna hinnéacsanna;
ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal 1 Breise agus Leibhéal 2 de chuid eintiteas san earnáil airgeadais, a áirítear sna hinnéacsanna;
ionstraimí dliteanas incháilithe, a áirítear sna hinnéacsanna.
Forbróidh an ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
cén uair a bheidh meastachán a úsáidtear mar rogha eile chun an risíocht fholuiteach dá dtagraítear i mír 2 a ríomh coimeádach go leordhóthanach;
an bhrí atá le ródhian ó thaobh na hoibre de chun críocha mhír 3.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 77
Coinníollacha maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a laghdú
Gheobhaidh institiúid réamhchead ón údarás inniúil chun aon cheann acu seo a leanas a dhéanamh:
ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 arna n-eisiúint ag an institiúid ar shlí a cheadaítear faoin dlí náisiúnta is infheidhme a laghdú, a fhuascailt nó a athcheannach;
na cuntais scairbhisigh a bhaineann le hionstraimí cistí dílse a laghdú, a dháileadh nó a athaicmiú mar ítim cistí dílse;
ceannach, fuascailt, aisíoc nó athcheannach ionstraimí Leibhéal 1 Breise nó ionstraimí Leibhéal 2, a chur i gcrích roimh dháta a n-aibíochta conarthaí.
Airteagal 78
Cead maoirseachta chun cistí dílse a laghdú
Tabharfaidh an t-údarás inniúil cead d'institiúid chun ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal 1 Breise nó Leibhéal 2 a laghdú, a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc, nó a athcheannach, nó na cuntais scairbhisigh ghaolmhara a laghdú, a dháileadh nó a athaicmiú, i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
tráth roimh beart ar bith dá dtagraítear in Airteagal 77(1), nó an tráth céanna le beart ar bith acu sin, déanfaidh an institiúid na hionstraimí nó na cuntais scairbhisigh ghaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 77(1) a ionadú le hionstraimí cistí dílse a mbeidh an cháilíocht chéanna nó cáilíocht níos airde iontu faoi théarmaí atá inbhuanaithe maidir le hinniúlacht ioncaim na hinstitiúide;
léirigh an institiúid chun sástacht an údaráis inniúil go sáródh cistí dílse agus dliteanais incháilithe na hinstitiúide, tar éis an bhirt dá dtagraítear in Airteagal 77(1) den Rialachán seo, na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, agus i dTreoir 2013/36/AE agus i dTreoir 2014/59/AE de chorrlach a mheasann an t-údarás inniúil a bheith riachtanach.
Má thugann institiúid ráthaíochtaí leordhóthanacha maidir lena cumas oibriú le cístí dílse os cionn na méideanna a cheanglaítear sa Rialachán seo agus i dTreoir 2013/36/AE, féadfaidh an t-údarás inniúil réamhchead ginearálta a thabhairt don institiúid sin aon cheann de na gníomhartha a leagtar síos in Airteagal 77(1) den Rialachán seo a dhéanamh, faoi réir critéir lena n-áiritheofar go mbeidh aon ghníomh den sórt sin i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) den mhír seo. Ní thabharfar an réamhchead ginearálta sin ach le haghaidh tréimhse sonrach nach mó ná bliain amháin, agus féadfar é a athnuachan tar a éis sin. Tabharfar an réamhchead ginearálta le haghaidh méid áirithe réamhchinnte a shocróidh an t-údarás inniúil. ►C7 I gcás ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, ní sháróidh an méid réamhchinnte sin 3 % den aschur ábhartha agus ní sháróidh sé 10 % den mhéid a sháraíonn caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 suim na gceanglas maidir maidir le caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 a leagtar amach sa Rialachán seo, i dTreoir 2013/36/AE agus i dTreoir 2014/59/AE agus corrlach a mheasann an t-údarás inniúil atá riachtanach. I gcás ionstraimí Leibhéal 1 Breise nó Leibhéal 2, ní sháróidh an méid réamhchinnte sin 10 % den aschur ábhartha agus ní sháróidh sé 3 % de mhéid iomlán ionstraimí Leibhéal 1 Breise nó Leibhéal 2 gan íoc, de réir mar is infheidhme. ◄
Aistarraingeoidh na húdaráis inniúla an réamhchead ginearálta má sháraíonn institiúid aon cheann de na critéir a tugadh chun críocha an cheada sin.
Féadfaidh na húdaráis inniúla cead a thabhairt d'institiúidí ionstraimí Leibhéal 1 Breise nó Leibhéal 2 nó cuntais scairbhisigh ghaolmhara a cheannach, a fhuascailt, a athcheannach nó a aisíoc le linn na gcúig bliana tar éis a ndáta eisiúna má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 agus ceann de na coinníollacha seo a leanas:
tháinig athrú ar aicmiú rialála na n-ionstraimí sin ar dóigh go mbeadh mar thoradh air eisiamh na n-ionstraimí ó chistí dílse nó athaicmiú mar chistí dílse de chineál cáilíochta níos ísle, agus comhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
measann an t-údarás inniúil gur leor an chinnteacht a bhaineann leis an athrú sin;
léiríonn an institiúid chun sástacht na n-údarás inniúil nach raibh athaicmiú rialála na n-ionstraimí sin intuartha go réasúnach tráth a n-eisiúna;
tháinig athrú ar an láimhseáil cánach is infheidhme i ndáil leis na hionstraimí sin a léiríonn an institiúid chun sástacht na n-údarás inniúil gur athrú ábhartha é agus nach raibh sé intuartha go réasúnach tráth a n-eisiúna;
déantar na hionstraimí agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara a mharthanú faoi Airteagal 494b;
tráth roimh an mbeart nó an tráth céanna leis an mbeart dá dtagraítear in Airteagal 77(1), déanfaidh an institiúid na hionstraimí nó na cuntais scairbhisigh ghaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 77(1) a ionadú le hionstraimí cistí dílse ar an gcáilíocht chéanna nó ar cháilíocht níos airde faoi théarmaí atá inbhuanaithe maidir le hacmhainn ioncaim na hinstitiúide agus cheadaigh an t-údarás inniúil an gníomh sin ar bhonn an chinnidh go mbainfeadh sochar leis ó thaobh na stuamachta de agus go mbeadh údar leis de bharr cás eisceachtúil a bheith ann;
athcheannaítear ionstraimí Leibhéal 1 Breise nó Leibhéal 2 chun críocha cruthaithe margaidh.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
an bhrí atá le “inbhuanaithe maidir le hinniúlacht ioncaim na hinstitiúide”;
na bunúis iomchuí le teorannú na fuascailte dá dtagraítear i mír 3;
an próiseas, lena n-áirítear na teorainneacha agus na nósanna imeachta maidir leis na húdaráis inniúil an formheas a dhéanamh roimh ré i gcás beart atá liostaithe in Airteagal 77(1), agus na ceanglais sonraí a theastóidh nuair a dhéanfaidh institiúid iarratas ar chead an údaráis inniúil chun beart atá liostaithe ann a dhéanamh, lena n-áirítear an próiseas atá le cur i bhfeidhm i gcás fhuascailt na scaireanna arna n-eisiúint do chomhaltaí comharchumann, agus an teorainn ama atá leis an iarratas sin a phróiseáil.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 78a
Cead ionstraimí dliteanas incháilithe a laghdú
Tabharfaidh an t-údarás réitigh cead d'institiúid ionstraimí dliteanas incháilithe a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach i gcás ina gcomhlíontar ceann de na coinníollacha seo a leanas:
tráth níos luaithe ná an beart nó an tráth céanna le ceann ar bith de na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 77(2), déanann an institiúid na hionstraimí dliteanas incháilithe a ionadú le hionstraimí cistí dílse nó le hionstraimí dliteanas incháilithe atá ar an gcáilíocht chéanna nó ar cháilíocht níos airde faoi théarmaí atá inbhuanaithe maidir le hinniúlacht ioncaim na hinstitiúide;
léirigh an institiúid chun sástacht an údaráis réitigh go sáródh cistí dílse agus dliteanais incháilithe na hinstitiúide, tar éis an bhirt dá dtagraítear in Airteagal 77(2) den Rialachán seo, na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo agus i dTreoracha 2013/36/AE agus 2014/59/AE, de chorrlach a mheasann an t-údarás réitigh, agus an t-údarás inniúil ar aon intinn leis, atá riachtanach;
léirigh an institiúid chun sástacht an údaráis réitigh gur gá ionstraimí cistí dílse a chur in ionad dliteanais incháilithe, go hiomlán nó go páirteach, d'fhonn a áirithiú go gcomhlíontar na ceanglais maidir le cistí dílse a leagtar amach sa Rialachán seo agus i dTreoir 2013/36/AE, ionas go leanfar leis an údarú.
Má thugann institiúid ráthaíochtaí leordhóthanacha maidir lena cumas oibriú le cístí dílse agus le dliteanais incháilithe os cionn mhéid na gceanglas a leagtar amach sa Rialachán seo agus i dTreoracha 2013/36/AE agus 2014/59/AE, féadfaidh an t-údarás réitigh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, réamhchead ginearálta a thabhairt don institiúid sin ceannach, fuascailt, aisíoc nó athcheannach ionstraimí dliteanas incháilithe a dhéanamh, faoi réir critéir lena n-áiritheofar go mbeidh aon ghníomh den sórt sin i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) den mhír seo. Ní thabharfar an réamhchead ginearálta sin ach le haghaidh tréimhse sonrach nach mó ná bliain amháin, agus féadfar é a athnuachan tar a éis sin. Tabharfar an réamhchead ginearálta le haghaidh méid áirithe réamhchinnte a shocróidh an t-údarás réitigh. Cuirfidh na húdaráis réitigh na húdaráis inniúla ar an eolas faoi aon réamhchead ginearálta a tugadh.
Aistarraingeoidh an t-údarás réitigh an réamhchead ginearálta má sháraíonn institiúid aon cheann de na critéir a tugadh chun críocha an cheada sin.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
an próiseas don chomhordú idir an t-údarás inniúil agus an t-údarás réitigh;
an nós imeachta, lena n-áirítear na teorainneacha ama agus na ceanglais faisnéise, chun cead a dheonú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír de mhír 1;
an nós imeachta, lena n-áirítear na teorainneacha ama agus na ceanglais faisnéise, chun an réamhchead ginearálta a dheonú i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1;
an bhrí atá le “inbhuanaithe d'acmhainn ioncaim na hinstitiúide”.
Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír den mhír seo, déanfar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a ailíniú go hiomlán leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 78.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Nollaig 2019.
Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 79
Tarscaoileadh sealadach ó asbhaint ó chistí dílse agus ó dhliteanais incháilithe
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 79a
Measúnú ar chomhlíonadh na gcoinníollacha maidir le cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe
Is ar ghnéithe substaintiúla na n-ionstraimí agus ní ar a bhfoirm dhlíthiúil amháin a thabharfaidh na hinstitiúidí aird agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos i gCuid a Dó. Áireofar sa mheasúnú ar ghnéithe substaintiúla ionstraime na socruithe go léir a bhaineann leis na hionstraimí, fiú i gcás socruithe nach leagtar amach go sainráite i dtéarmaí agus i gcoinníollacha na n-ionstraimí féin, d'fhonn a chinneadh an gcomhlíontar cuspóir na bhforálacha ábhartha le héifeachtaí comhcheangailte eacnamaíocha na socruithe sin.
Airteagal 80
Athbhreithniú leantach ar cháilíocht cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe
Ar iarratas ó ÚBE agus gan aon mhoill, cuirfidh údaráis inniúla gach faisnéis ar aghaidh chuig ÚBE a mheasann ÚBE a bhaineann le hábhar i ndáil le hionstraimí nua caipitil nó cineálacha nua dliteanas a eisíodh chun é a chur ar chumas ÚBE faireachán a dhéanamh ar cháilíocht ionstraimí cistí dílse agus dliteanas incháilithe arna n-eisiúint ag institiúidí ar fud an Aontais.
Beidh an méid seo a leanas ar áireamh san fhógra:
míniú mionsonraithe ar chineál agus ar mhéid an easnaimh atá aitheanta;
comhairle theicniúil maidir leis an mbeart de chuid an Choimisiúin a mheasann an ÚBE a bheith riachtanach.
forbairtí móra sa mhodheolaíocht a úsáideann an ÚBE chun tástáil struis a dhéanamh ar shócmhainneacht institiúidí.
Tabharfaidh ÚBE comhairle theicniúil don Choimisiún maidir le haon athruithe suntasacha a mheasann sé a theastaíonn don sainmhíniú ar chistí dílse mar thoradh ar aon cheann díobh seo a leanas:
forbairtí ábhartha i gcaighdeáin nó i gcleachtais an mhargaidh;
athruithe i gcaighdeáin ábhartha dlí nó cuntasaíochta;
forbairtí móra sa mhodheolaíocht a úsáideann an ÚBE chun tástáil struis a dhéanamh ar shócmhainneacht institiúidí.
TEIDEAL II
LEAS MIONLAIGH AGUS IONSTRAIMÍ CHAIPITEAL BREISE LEIBHÉAL 1 AGUS DE CHAIPITEAL LEIBHÉAL 2 ARNA N-EISIÚINT AG FOCHUIDEACHTAÍ
Airteagal 81
Leasanna mionlaigh atá cáilithe mar Ghnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite
Is leasanna mionlaigh iad suim na n-ítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 de chuid fochuideachta, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
is ceann díobh seo a leanas an fhochuideachta:
institiúid;
gnóthas atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo agus Threoir 2013/36/AE, de bhua an dlí náisiúnta is infheidhme;
cuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais nó cuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais measctha atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo ar bhonn fo-chomhdhlúite, nó cuideachta idirmheánach sealbhaíochta infheistíochta atá faoi réir ceanglais Rialachán (AE) 2019/2033 ar bhonn comhdhlúite;
gnólacht infheistíochta;
cuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais i dtríú tír, ar choinníoll go bhfuil an chuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais sin faoi réir ceanglais stuamachta atá chomh dian céanna leis na ceanglais stuamachta a bhfuil institiúidí creidmheasa an tríú tír sin faoina réir agus ar choinníoll gur ghlac an Coimisiún cinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 107(4), á chinneadh go bhfuil na ceanglais stuamachta sin coibhéiseach, ar a laghad, le ceanglais stuamachta an Rialacháin seo;
tá an fhochuideachta áirithe go hiomlán sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon;
is le daoine seachas na gnóthais a áirítear sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon na hítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 dá dtagraítear sa chuid réamhráiteach den mhír seo.
Airteagal 82
Caipiteal cáilitheach Breise Leibhéal 1, caipiteal Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 agus cistí dílse cáilitheacha
Is é a bheidh i gcaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 Breise, Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 agus i gcistí dílse cáilitheacha, an leas mionlaigh, ionstraimí Leibhéal 1 Breise, Leibhéal 1 nó Leibhéal 2, de réir mar is infheidhme, móide na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, de chuid fochuideachta, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
is ceann díobh seo a leanas an fhochuideachta:
institiúid;
gnóthas atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo agus Threoir 2013/36/AE, de bhua an dlí náisiúnta is infheidhme;
cuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais nó cuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais measctha atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo ar bhonn fo-chomhdhlúite, nó cuideachta idirmheánach sealbhaíochta infheistíochta atá faoi réir ceanglais Rialachán (AE) 2019/2033 ar bhonn comhdhlúite;
gnólacht infheistíochta;
cuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais i dtríú tír, ar choinníoll go bhfuil an chuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais sin faoi réir ceanglais stuamachta atá chomh dian céanna leis na ceanglais stuamachta a bhfuil institiúidí creidmheasa an tríú tír sin faoina réir agus i gcás inar ghlac an Coimisiún cinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 107(4), á chinneadh go bhfuil na ceanglais stuamachta sin coibhéiseach, ar a laghad, le ceanglais stuamachta an Rialacháin seo;
tá an fhochuideachta áirithe go hiomlán faoi raon feidhme an chomhdhlúthaithe de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon;
is le daoine seachas na gnóthais a áirítear sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon na hítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, na hítimí Leibhéal 1 Breise agus na hítimí Leibhéal 2.
Airteagal 83
Caipiteal cáilitheach Breise Leibhéal 1 agus Caipiteal cáilitheach Leibhéal 2 arna eisiúint ag eintiteas sainchuspóireach
Go dtí an 31 Nollaig 2021, níl ionstraimí Leibhéal 1 Breise agus Leibhéal 2 arna n-eisiúint ag eintiteas sainchuspóireach, agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara ar áireamh i gcaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 Breise nó i Leibhéal 1 nó Leibhéal 2 nó i gcistí dílse cáilitheacha, de réir mar is infheidhme, ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
toisc nach bhfuil an fhochuideachta áirithe go hiomlán sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon.
níl na hionstraimí, agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, ar áireamh i gCaipiteal cáilitheach Breise Leibhéal 1 ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 52(1);
níl na hionstraimí, agus na cuntais scairbhisigh ghaomhara, ar áireamh i gCaipiteal cáilitheach Leibhéal 2 ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 63;
is í an t-aon sócmhainn atá ag an eintiteas sainchuspóireach a infheistíocht i gcistí dílse an mháthairghnóthais nó fhochuideachta an mháthairghnóthais a áirítear go hiomlán sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2, Theideal II de Chuid a hAon, agus comhlíonann a foirm na coinníollacha iomchuí atá leagtha amach in Airteagal 52(1) nó Airteagal 63, de réir mar is infheidhme.
I gcás ina measann an t-údarás inniúil gur mionsócmhainní agus sócmhainní neamhthábhachtacha i gcás eintitis shainchuspóirigh iad na sócmhainní atá ag eintiteas sainchuspóireach seachas a infheistíocht i gcistí dílse an mháthairghnóthais nó fhochuideachta an mháthairghnóthais a áirítear i raon feidhme an chomhdhlúthaithe de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon, féadfaidh an t-údarás inniúil an coinníoll a shonraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír a tharscaoileadh.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 84
Leasanna mionlaigh atá ar áireamh i nGnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite
Déanfaidh institiúidí méid na leasanna mionlaigh a bheidh ag fochuideachta i gcaipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite a chinneadh tríd an toradh a bheidh ar an méid dá dtagraítear i bpointe (a) agus é iolraithe faoin gcéatadán dá dtagraítear i bpointe (b) a dhealú ó leasanna mionlaigh an ghnóthais sin mar a leanas:
caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 na fochuideachta lúide an ceann is ísle díobh seo a leanas:
an méid de chaipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an bhfochuideachta sin a theastaíonn chun an méid seo a leanas a chomhlíonadh:
an méid de chaipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite a bhaineann leis an bhfochuideachta sin atá faoi cheangal ar bhonn comhdhlúite an tsuim atá sa cheanglas a leagtar síos i bpointe (a) d’Airteagal 92(1) den Rialachán seo a chomhlíonadh, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 458 agus 459 den Rialachán seo, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, an ceanglas maoláin comhcheangailte a shainmhínítear i bpointe (6) d’Airteagal 128 den Treoir sin, agus aon rialacháin mhaoirseachta áitiúla bhreise i dtríú tíortha a mhéid atá na ceanglais sin le comhlíonadh le caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1;
leasanna mionlaigh na fochuideachta arna sloinneadh mar chéatadán d’ítimí uile de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 an ghnóthais sin.
Féadfaidh institiúid rogha a dhéanamh gan an ríomh sin a dhéanamh le haghaidh fochuideachta dá dtagraítear in Airteagal 81(1). I gcás ina ndéanann institiúid cinneadh mar sin, d'fhéadfaí nach n-áireofaí leas mionlach na fochuideachta sin i gcaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir lehAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Féadfaidh údaráis inniúla tarscaoileadh ó fheidhmiú an Airteagail seo a thabhairt do mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais a chomhlíonann na coinníollacha seo go léir:
is é a príomhghníomhaíocht sealúchas a fháil;
tá sé faoi réir maoirseachta stuamachta ar bhonn comhdhlúite;
déanann sí comhdhlúthú ar fho-institiúid nach bhfuil ach sealbhaíocht mhionlach aici inti de bhua na gaolmhaireacht rialaithe a shainítear in Airteagal 1 den Seachtú Treoir 83/349/CEE ón gComhairle;
tagann níos mó ná 90 % den chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite a éilítear ón bhfo-institiúid dá dtagraítear i pointe c) agus a ríomhtar ar bhonn fho-chomhdhlúite.
►C1 I gcás, tar éis an 28 Meitheamh 2013, ina n-éireoidh máthairchuideachta ◄ shealbhaíochta airgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos sa chéad fhomhír, ina máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, féadfaidh údaráis inniúla an tarscaoileadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dheonú don mháthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha sin ar an gcoinníoll go gcomhlíonann sí na coinníollacha a leagtar síos san fhomhír sin.
Airteagal 85
Ionstraimí cáilitheacha Leibhéal 1 atá ar áireamh i gCaipiteal Leibhéal 1 comhdhlúite
Déanfaidh institiúidí an méid de chaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 a bheidh ag fochuideachta i gcistí dílse comhdhlúite a chinneadh tríd an toradh a bheidh ar an méid dá dtagraítear i bpointe (a) agus é iolraithe faoin gcéatadán dá dtagraítear i bpointe (b) a dhealú ó chaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 an ghnóthais sin mar a leanas:
caipiteal Leibhéal 1 atá ag an bhfochuideachta lúide an ceann is ísle díobh seo a leanas:
an méid de chaipiteal Leibhéal 1 atá ag an bhfochuideachta sin a theastaíonn chun an méid seo a leanas a chomhlíonadh:
an méid de Chaipiteal Leibhéal 1 comhdhlúite a bhaineann leis an bhfochuideachta sin atá faoi cheangal ar bhonn comhdhlúite an tsuim atá sa cheanglas a leagtar síos i bpointe (b) d’Airteagal 92(1) den Rialachán seo a chomhlíonadh, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 458 agus 459 den Rialachán seo, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, an ceanglas maoláin comhcheangailte a shainmhínítear i bpointe (6) d’Airteagal 128 den Treoir sin, agus aon rialacháin mhaoirseachta áitiúla bhreise i dtríú tíortha a mhéid agus atá na ceanglais sin le comhlíonadh le Caipiteal Leibhéal 1;
caipiteal cáilitheach Leibhéal 1 na fochuideachta arna shloinneadh mar chéatadán d’ítimí uile Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus ítimí Leibhéal 1 Breise an ghnóthais sin.
Féadfaidh institiúid rogha a dhéanamh gan an ríomh sin a dhéanamh le haghaidh fochuideachta dá dtagraítear in Airteagal 81(1). I gcás ina ndéanfaidh institiúid cinneadh mar sin, ní fhéadfar caipiteal cáilitheach Leibhéal 1 na fochuideachta sin a áireamh sa chaipiteal Leibhéal 1 comhdhlúite.
Airteagal 86
Caipiteal cáilitheach Leibhéal 1 atá ar áireamh i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 comhdhlúite
Gan dochar d'Airteagal 84 (5) agus (6), déanfaidh institiúidí an méid de chaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 a bheidh ag fochuideachta a áireofar i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 comhdhlúite a chinneadh trí leasanna mionlaigh an ghnóthais sin atá ar áireamh i nGnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite a dhealú ó chaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 an ghnóthais sin atá ar áireamh i gCaipiteal Leibhéal 1 comhdhlúite.
Airteagal 87
Cistí dílse cáilitheacha atá ar áireamh i gcistí dílse comhdhlúite
Déanfaidh institiúidí méid na gcistí dílse cáilitheacha a bheidh ag fochuideachta i gcistí dílse comhdhlúite a chinneadh tríd an toradh a bheidh ar an méid dá dtagraítear i bpointe (a) agus é iolraithe faoin gcéatadán dá dtagraítear i bpointe (b) a dhealú ó chistí dílse cáilitheacha an ghnóthais sin mar a leanas:
cistí dílse na fochuideachta lúide an ceann is ísle díobh seo a leanas:
an méid de chistí dílse na fochuideachta a theastaíonn chun an méid seo a leanas a chomhlíonadh:
an méid de chistí dílse a bhaineann leis an bhfochuideachta atá faoi cheangal ar bhonn comhdhlúite an tsuim atá sa cheanglas a leagtar amach i bpointe (c) d’Airteagal 92(1) den Rialachán seo a chomhlíonadh, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 458 agus 459 den Rialachán seo, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, an ceanglas maoláin comhcheangailte a shainmhínítear i bpointe (6) d’Airteagal 128 den Treoir sin, agus aon rialacháin mhaoirseachta áitiúla bhreise i dtríú tíortha;
cistí dílse cáilitheacha an ghnóthais, arna sloinneadh mar chéatadán de shuim na n-ítimí uile de Ghnáthchothromas Leibhéal 1, ítimí Leibhéal 1 Breise agus ítimí Leibhéal 2, seachas na méideanna dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) d’Airteagal 62, an ghnóthais sin.
Féadfaidh institiúid rogha a dhéanamh gan an ríomh sin a dhéanamh le haghaidh fochuideachta dá dtagraítear in Airteagal 81(1). I gcás ina nglacfaidh institiúid cinneadh mar sin, ní fhéadfar leas mionlaigh na fochuideachta sin a chur san áireamh i nGnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite.
Airteagal 88
Ionstraimí cáilitheacha de chistí dílse atá ar áireamh i gCaipiteal Leibhéal 2 comhdhlúite
Gan dochar d'Airteagal 84 (5) agus (6), déanfaidh institiúidí an méid de chistí dílse cáilitheacha a bheidh ag fochuideachta a áireofar i gCaipiteal Leibhéal 2 comhdhlúite a chinneadh trí chaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 an ghnóthais atá ar áireamh i gCaipiteal Leibhéal 1 comhdhlúite a dhealú ó chistí dílse cáilitheacha an ghnóthais sin atá ar áireamh i gcistí dílse comhdhlúite.
Airteagal 88a
Ionstraimí dliteanas cáilitheacha incháilithe
Maidir le dliteanais a eiseoidh fochuideachta atá bunaithe san Aontas ar cuid den ghrúpa réitigh céanna í leis an eintiteas réitigh, beidh siad cáilithe a áireamh i measc ionstraimí dliteanas incháilithe chomhdhlúthaithe institiúide faoi réir Airteagal 92a ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
eiseofar iad i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 45f(2) de Threoir 2014/59/AE;
ceannóidh scairshealbhóir atá ann cheana iad nach cuid den ghrúpa réitigh céanna é chomh fada agus nach ndéanfar difear, le feidhmiú na gcumhachtaí díluachála nó comhshó i gcomhréir le hAirteagail 59 go 62 de Threoir 2014/59/AE, don rialú a dhéanfaidh an t-eintiteas réitigh ar an bhfochuideachta;
ní mó iad ná méid a chinnfear tríd an méid dá dtagraítear i bpointe (i) a dhealú ón méid dá dtagraítear i bpointe (ii):
suim na ndliteanas a eiseofar don eintiteas réitigh agus a cheannóidh an t-eintiteas réitigh sin go díreach nó go hindíreach trí eintitis eile sa ghrúpa réitigh céanna agus méid na gcistí dílse a eiseofar i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 45f(2) de Threoir 2014/59/AE;
an méid is gá i gcomhréir le hAirteagal 45f(1) de Threoir 2014/59/AE
TEIDEAL III
SEALÚCHAIS CHÁILITHEACHA LASMUIGH DEN EARNÁIL AIRGEADAIS
Airteagal 89
Ualú priacal agus toirmeasc ar shealúchais cháilitheacha lasmuigh den earnáil airgeadais
Beidh sealúchas cáilitheach, ar mó a mhéid ná 15 % de chaipiteal incháilithe na hinstitiúide, i ngnóthas nach ceann díobh seo a leanas é faoi réir ag na forálacha atá leagtha amach i mír 3:
eintiteas earnála airgeadais;
gnóthas, nach eintiteas earnála airgeadais é, a bhfuil gníomhaíochtaí ar bun aige a measann an t-údarás inniúil gurb ionann iad agus aon cheann de na nithe seo a leanas:
síneadh díreach ar bhaincéireacht;
seirbhísí atá coimhdeach le baincéireacht;
léasú, fachtóireacht, bainistiú ar iontaobhais aonad, bainistiú ar sheirbhísí próiseála sonraí nó aon ghníomhaíocht eile dá samhail.
Cuirfidh údaráis inniúla na ceanglais atá leagtha amach i bpointe (a) nó i bpointe (b) i bhfeidhm maidir le sealúchais cháilitheacha na n-institiúidí dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2:
chun an ceanglas caipitil a ríomh i gcomhréir le Cuid a Trí cuirfidh institiúidí ualú priacal 1 250 % leis an gceann is mó de na cinn a leanas:
méid na sealúchas cáilitheach dá dtagraítear i mír 1 ar mó iad ná 15 % den chaipiteal incháilithe;
méid iomlán na sealúchas cáilitheach dá dtagraítear i mír 2 ar mó iad ná 60 % de chaipiteal incháilithe na hinstitiúide;
cuirfidh na húdaráis inniúla toirmeasc ar institiúidí sealúchais cháilitheacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a bheith acu nuair is mó é a méid ná na céatadáin de chaipiteal incháilithe atá leagtha amach sna míreanna sin.
Foilseoidh na húdaráis inniúla a rogha idir (a) nó (b).
Chun críoch phointe (b) de mhír 1, eiseoidh an ÚBE treoirlínte lena sonraítear na coincheapa seo a leanas:
gníomhaíochtaí ar síneadh díreach ar bhaincéireacht iad;
gníomhaíochtaí atá coimhdeach le baincéireacht;
gníomhaíochtaí comhchosúla.
Glacfar na treoirlínte sin i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 90
Rogha eile ar ualú priacal 1 250 %
Mar rogha eile ar ualú priacal 1 250 % a chur i bhfeidhm maidir leis na méideanna ar mó iad ná na teorainneacha atá sonraithe i mír 1 agus mír 2 d'Airteagal 89, féadfaidh institiúidí na méideanna sin a asbhaint as ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le pointe (k) d'Airteagal 36(1).
Airteagal 91
Eisceachtaí
Ní dhéanfar scaireanna gnóthas nach dtagraítear dóibh i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 d'Airteagal 89 a áireamh nuair a ríomhfar na teorainneacha do chaipiteal incháilithe atá sonraithe san Airteagal sin i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
sealbhaítear na scaireanna sin go sealadach le linn oibríocht tarrthála airgeadais a bheith ar bun, dá dtagraítear in Airteagal 79;
is suíomh frithgheallta arna shealbhú ar feadh chúig lá oibre nó níos giorra é sealúchas na scaireanna sin;
sealbhaítear na scaireanna sin in ainm na hinstitiúide féin agus thar ceann daoine eile.
CUID A TRÍ
CEANGLAIS CHAIPITIL
TEIDEAL I
CEANGLAIS GHINEARÁLTA, LUACHÁIL AGUS TUAIRISCIÚ
CAIBIDIL 1
Leibhéal cistí dílse arna cheangal
Airteagal 92
Ceanglais cistí dílse
Ríomhfaidh institiúidí a gcóimheasa caipitil mar seo a leanas:
is ionann cóimheas caipitil Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na hinstitiúide, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na risíochta ar priacal;
is ionann cóimheas caipitil Leibhéal 1 agus Caipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na risíochta ar priacal;
is ionann an cóimheas caipitil iomlán agus cistí dílse na hinstitiúide, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na risíochta ar priacal.
Ríomhfar méid iomlán na risíochta ar priacal mar shuim phointí (a) go (f) den mhír seo tar éis na forálacha atá leagtha amach i mír 4 a chur san áireamh:
na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i gcás priacal creidmheasa agus priacal caolúcháin, arna ríomh i gcomhréir le Teideal II agus Airteagal 379, maidir le gníomhaíochtaí gnó uile institiúide, cé is moite de mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal ó ghnó na hinstitiúide a bhaineann leis an leabhar trádála;
ceanglais cistí dílse gnó institiúide, ar gnó é sin a bhaineann leis an leabhar trádála, i gcás an mhéid seo a leanas:
priacail mhargaidh arna gcinneadh i gcomhréir le Teideal IV den Chuid seo, cé is moite de na cur chuige a leagtar amach i gCaibidlí 1a agus 1b den Teideal sin;
risíochtaí móra a sháraíonn na teorainneacha a shonraítear in Airteagal 395 go hAirteagal 401, a mhéid is ceadmhach d'institiúid na teorainneacha sin a shárú, arna gcinneadh i gcomhréir le Cuid a Ceathair;
na ceanglais cistí dílse do priacal margaidh arna gcinneadh i dTeideal IV den Chuid seo, cé is moite de na cur chuige a leagtar amach i gCaibidlí 1a agus 1b den Teideal sin, do gach gníomhaíocht ghnó atá faoi réir priacal malairte eachtraí nó priacal tráchtearraí;
na ceanglais cistí dílse arna ríomh i gcomhréir le Teideal V den Chuid seo, cé is moite d'Airteagal 379 le haghaidh priacal socraíochta;
na ceanglais cistí dílse arna ríomh i gcomhréir le Teideal VI i gcás priacal a bhaineann le coigeartú luachála creidmheasa na n-ionstraimí díorthach thar an gcuntar seachas díorthaigh chreidmheasa atá aitheanta chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a laghdú le haghaidh priacal creidmheasa;
ceanglais cistí dílse arna gcinneadh i gcomhréir le Teideal III le haghaidh priacal oibriúcháin;
na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal arna gcinneadh i gcomhréir le Teideal II le haghaidh priacal contrapháirtí a thig as gnó na hinstitiúide a bhaineann leis an leabhar trádála do na cineálacha idirbheart agus comhaontuithe a leanas:
conarthaí a liostaitear in Iarscríbhinn II agus díorthaigh chreidmheasa;
idirbhearta athcheannaigh, idirbhearta iasachtaithe nó iasachtaíochta urrús nó tráchearraí bunaithe ar urrúis nó ar thráchtearraí;
idirbhearta iasachtaithe corrlaigh bunaithe ar urrúis nó ar thráchtearraí;
idirbhearta socraíochta iarchurtha.
Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas nuair a bheidh an méid iomlán risíochta priacail dá dtagraítear i mír 3 á ríomh:
áireofar sna ceanglais cistí dílse dá dtagraítear i bpointí (c), (d) agus(e) den mhír sin na ceanglais sin a thig ó ghníomhaíochtaí gnó uile institiúide;
déanfaidh institiúidí na ceanglais cistí dílse atá leagtha amach i bpointí (b) go (e) den mhír sin a iolrú faoi 12,5.
Airteagal 92a
Ceanglais ar G-SIInna maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe
Faoi réir Airteagail 93 agus 94 agus na n-eisceachtaí a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo, comhlíonfaidh na hinstitiúidí a shainaithnítear mar eintitis réitigh agus ar eintitis G-SII iad na ceanglais seo a leanas i gcónaí maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe:
cóimheas priacalbhunaithe 18 %, a bhaineann le cistí dílse agus dliteanais incháilithe na hinstitiúide arna sloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na risíochta ar phriacal a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 92(3) agus (4);
cóimheas 6.75 % nach cóimheas priacalbhunaithe é, a bhaineann le cistí dílse agus dliteanais incháilithe na hinstitiúide arna sloinneadh mar chéatadán den tomhas iomlán risíochta dá dtagraítear in Airteagal 492(4).
Ní bheidh feidhm leis na ceanglais a leagtar síos i mír 1 sna cásanna seo a leanas:
faoi cheann thrí bliana i ndiaidh an dáta ar sainaithníodh an institiúid nó an grúpa ar cuid den institiúid é mar G-SII;
faoi cheann dhá bhliain tar éis an dáta ar chuir an t-údarás réitigh an uirlis díluachála fiachais i bhfeidhm i gcomhréir le Treoir 2014/59/EU;
faoi cheann an dá bhliain tar éis an dáta ar chuir an t-eintiteas réitigh beart malartach ón earnáil phríobháideach i bhfeidhm dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 32(1) de Threoir 2014/59/EU lena ndearnadh ionstraimí caipitil agus dliteanais eile a dhíluacháil nó a chomhshó ina n-ítimí de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 chun an t-eintiteas réitigh a athchaipitliú gan uirlisí réitigh a chur i bhfeidhm.
Airteagal 92b
Ceanglais ar G-SIInna neamh-AE maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe
Ní chuirfear aon ionstraim dliteanas incháilithe san áireamh chun mír 1 a chomhlíonadh ach amháin i gcás ina gcomhlíonfaidh sí gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
i gcás gnáthimeachtaí dócmhainneachta mar a shainmhínítear i bpointe (47) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE, beidh an t-éileamh a eascróidh ón dliteanas rangaithe faoi bhun na n-éileamh a thiocfaidh as dliteanais nach gcomhlíonfaidh na coinníollach a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo nach bhfuil incháilithe mar ionstraimí cistí dílse;
tá sí faoi réir na gcumhachtaí díluachála nó comhshó i gcomhréir le hAirteagal 59 go hAirteagal 61 de Threoir 2014/59/AE.
Airteagal 93
Ceanglas caipitil tosaigh ar ghnóthas leantach
▼M9 —————
Airteagal 94
Maolú do ghnó beag a bhaineann leis an leabhar trádála
De mhaolú ar phointe (b) d'Airteagal 92(3), féadfaidh institiúidí an ceanglas maidir le cistí dílse a ngnó a bhaineann leis an leabhar trádála a ríomh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo ar choinníoll gur lú méid gnó na n-institiúidí a bhaineann leis an leabhar trádála laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe ná an dá thairseach seo a leanas, nó go mbeidh siad cothrom leo, ar bhonn measúnú a dhéanfar orthu go míosúil agus na sonraí ón lá deireanach den mhí á n-úsáid:
5 % de shócmhainní iomlána na hinstitiúide;
EUR 50 milliún.
I gcás ina gcomhlíonfar an dá choinníoll a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) de mhír 1, féadfaidh institiúidí an ceanglas maidir le cistí dílse a ngnó a bhaineann leis an leabhar trádála a ríomh mar seo a leanas:
maidir leis na conarthaí a liostaítear i bpointe 1 d'Iarscríbhinn II, ar conarthaí iad a bhaineann le cothromais dá dtagraítear i bpointe 3 den ‘ Iarscríbhinn sin agus díorthaigh chreidmheasa, féadfaidh institiúidí na suíomhanna sin a dhíolmhú ón gceanglas maidir le cistí dílse dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 92(3);
maidir le suíomhanna leabhair trádála, seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, féadfaidh institiúidí an ceanglas a ríomhfar i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 92(3) a chur in ionad an cheanglais maidir le cistí dílse dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 92(3).
Déanfaidh institiúidí méid an ghnó leabhair trádála atá acu laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe a ríomh bunaithe ar shonraí ón lá deireanach de gach mí chun críocha mhír 1 i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:
beidh na suíomhanna uile a shannfar don leabhar trádála i gcomhréir le hAirteagal 104 ar áireamh sa ríomh seachas sna cásanna seo a leanas:
suíomhanna a bhaineann le malairt eachtrach agus tráchtearraí;
suíomhanna i ndíorthaigh chreidmheasa a aithnítear mar fháluithe inmheánacha ar risíochtaí leabhair neamhthrádála ar phriacal creidmheasa nó risíochtaí ar phriacal contrapháirtí agus na hidirbhearta díorthaigh chreidmheasa a fhritháiríonn go hiomlán priacal margaidh na bhfáluithe inmheánacha sin dá dtagraítear in Airteagal 106(3);
déanfar gach suíomh a áireofar sa ríomh i gcomhréir le pointe (a) a luacháil ag a margadhluach ar an dáta áirithe sin, i gcás nach mbeidh margadhluach suímh ar fáil ar dháta áirithe, tógfaidh institiúidí luach cóir don suíomh ar an dáta sin; i gcás nach mbeidh margadhluach ná an luach cóir ar shuíomh ar fáil ar dháta áirithe, tógfaidh institiúidí an margadhluach nó an luach cóir is déanaí don suíomh sin;
déanfar luach absalóideach suíomhanna fada agus luach absalóideach suíomhanna gearra a shuimiú le chéile.
Scoirfidh institiúid de cheanglais cistí dílse a gnó a bhaineann leis an leabhar trádála a ríomh i gcomhréir le mír 2 laistigh de thrí mhí tar éis do cheann amháin de na cásanna seo a leanas tarlú:
ní chomhlíonfaidh na hinstitiúidí na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) nó (b) de mhír 1 ar feadh trí mhí as a chéile;
ní chomhlíonfaidh an institiúid na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) nó i bpointe (b) de mhír 1 ar feadh níos mó ná 6 mhí de na 12 mhí dheireanacha.
Airteagal 95
Ceanglais cistí dílse i gcomhair gnólachtaí infheistíochta a bhfuil údarú teoranta acu seirbhísí infheistíochta a sholáthar
Déanfaidh na gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus gnólachtaí dá dtagraítear i bpointe (c) de phointe (2) d'Airteagal 4(1) a chuireann na seirbhísí infheistíochta agus na gníomhaíochtaí a liostáitear i bpointe (2) agus i bpointe (4) de Roinn A d'Iarscríbhinn 1 de Threoir 2004/39/CE méid iomlán na risíochta ar priacal a ríomh mar a bheith níos airde ná an méid a leanas:
méid na n-ítimí dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) agus (f) d'Airteagal 92(3) tar éis d'Airteagal 92(4) a chur i bhfeidhm;
12,5 iolraithe faoin méid atá sonraithe in Airteagal 97.
Déanfaidh na gnólachtaí dá dtagraítear i bpointe (c) de phointe (2) d'Airteagal 4(1) a chuireann na seirbhísí infheistíochta agus na gníomhaíochtaí atá liostaithe i bpointe (2) agus i bpointe (4) de Roinn A d'Iarscríbhinn 1 de Threoir 2004/39/CE na ceanglais atá in Airteagal 92(1) agus (2) a chomhlíonadh, bunaithe ar mhéid iomlán na risíochta ar priacal dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
Féadfaidh údaráis inniúla na ceanglais cistí dílse le haghaidh gnólachtaí dá dtagraítear i bpointe (c) de phointe (2) d'Airteagal 4(1) lena bhforáiltear go mbeidh na seirbhísí infheistíochta agus na gníomhaíochta atá liostaithe in uimhir (2) agus (4) de Roinn A d'Iarscríbhinn 1 de Threoir 2004/39/CE mar na ceanglais cistí dílse a cheanglófar ar na gnólachtaí sin i gcomhréir leis na bearta náisiúnta trasuímh a bheidh i bhfeidhm an 31 Nollaig 2013 le haghaidh Threoir 2006/49/CE agus Threoir 2006/48/CE.
Airteagal 96
Ceanglais cistí dílse i gcomhair gnólachtaí infheistíochta ina sealbhaítear caipiteal tosaigh mar atá leagtha amach in Airteagal 28(2) de Threoir 36 (AE)2013
Chun críocha Airteagal 92(3), úsáidfidh na catagóirí seo a leanas de ghnólachtaí infheistíochta ina sealbhaítear caipiteal tosaigh i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Threoir 2013/36/AE an ríomh maidir le méid iomlán na risíochta ar priacal atá sonraithe i mír 2 den Airteagal seo:
gnólachtaí infheistíochta a dhéileálann ar a gcuntas féin amháin ar mhaithe le hordú cliaint a chomhlíonadh nó a chur i bhfeidhm nó ar mhaithe le dul isteach i gcóras socraíochta agus imréitigh nó i malartán aitheanta nuair a bheidh siad ag gníomhú i gcáil gníomhaireachta nó ag cur ordú cliaint i bhfeidhm;
gnólachtaí infheistíochta a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas uile:
nach bhfuil airgead nó urrúis cliant ina seilbh;
a ghabhann de dhéileáil ar a gcuntas féin amháin;
nach bhfuil aon chustaiméirí seachtracha acu;
a ndéantar feidhmiú agus socrú na n-idirbheart sin ina leith faoi chúram institiúide imréitigh agus atá ráthaithe ag an institiúid imréitigh sin.
Maidir le gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear i mír 1, ríomhfar méid iomlán na risíochta ar priacal mar shuim na nithe seo a leanas:
pointí (a) go (d) agus (f) d'Airteagal 92(3) tar éis Airteagal 92(4) a chur i bhfeidhm;
an méid dá dtagraítear in Airteagal 97 a iolrú faoi 12,5.
Airteagal 97
Cistí dílse bunaithe ar Fhorchostais Sheasta
Forbróidh an ÚBE, i gcomhairle leis an ÚEÚM, dréacht-chaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn an méid seo a leanas a shonrú ar bhealach níos mionsonraithe:
ríomh an cheanglais caipiteal incháilithe d'aon cheathrú ar a laghad d'fhorchostais sheasta na bliana roimhe sin a shealbhú;
na coinníollacha ina ndéanfaidh an t-údarás inniúil coigeartú ar an gceanglas caipiteal incháilithe d'aon cheathrú ar a laghad d'fhorchostais na bliana roimhe sin a shealbhú;
forchostais sheasta réamh-mheasta a ríomh i gcás gnólachta infheistíochta nár chuir aon ghnó i gcrích ar feadh bliana amháin.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Márta 2014.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 98
Cistí dílse do ghnólachtaí infheistíochta ar bhonn comhdhlúite
I gcás gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 95(1) i ngrúpa, i gcás nach n-áirítear institiúidí creidmheasa sa ghrúpa sin, cuirfidh máthairghnólacht infheistíochta i mBallstát Airteagal 92 i bhfeidhm ag leibhéal comhdhlúite mar seo a leanas:
úsáidfidh sé an ríomh ar mhéid iomlán na risíochta ar priacal atá sonraithe in Airteagal 95(2);
cistí dílse arna ríomh ar bhonn staid chomhdhlúite an mháthairghnólachta infheistíochta, na cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó na cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, de réir mar is infheidhme.
I gcás gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 96(1) i ngrúpa, i gcás nach n-áirítear institiúidí creidmheasa sa ghrúpa sin, cuirfidh máthairghnólacht infheistíochta i mBallstát agus gnólacht infheistíochta arna rialú ag cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó ag cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha Airteagal 92 i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite mar seo a leanas:
úsáidfidh sé an ríomh ar mhéid iomlán na risíochta ar priacal atá sonraithe in Airteagal 96(2);
úsáidfidh sé cistí dílse arna ríomh ar bhonn staid chomhdhlúite an mháthairghnólachta infheistíochta nó staid na cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó staid na cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, de réir mar is infheidhme, agus Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon á chomhlíonadh go hiomlán.
▼M8 —————
CAIBIDIL 3
Leabhar trádála
Airteagal 102
Ceanglais maidir leis an Leabhar Trádála
Airteagal 103
An leabhar trádála a bhainistiú
Beidh beartais agus nósanna imeachta a bheidh sainmhínithe go soiléir i bhfeidhm ag institiúidí maidir le bainistiú foriomlán an leabhair trádála. Rachaidh na beartais agus na nósanna imeachta sin i ngleic leis na nithe seo a leanas ar a laghad:
na gníomhaíochtaí a mheasann an institiúid gur gníomhaíochtaí trádála iad agus gur cuid den leabhar trádála iad chun críocha ceanglas cistí dílse;
a mhéid is féidir suíomh a mharcáil go laethúil ón margadh trí thagairt a dhéanamh do mhargadh dhá-threo leachtach, gníomhach;
maidir le suíomhanna atá marcáilte de réir samhla, an méid is féidir leis an institiúid na nithe seo a leanas a dhéanamh:
priacail ábhartha uile an tsuímh a shainaithint;
priacail ábhartha uile an tsuímh a fhálú le hionstraimí a bhfuil margadh dhá threo leachtach, gníomhach ann ina leith;
meastacháin iontaofa a dhíorthú do na príomhthoimhdí agus do na paraiméadair a úsáidtear sa tsamhail;
a mhéid is féidir leis an institiúid, agus a mhéid a cheanglaítear uirthi, luachálacha a ghiniúint don suíomh, luachálacha is féidir a bhailíochtú go seachtrach agus go comhleanúnach;
a mhéid a chuirfeadh srianta dlí nó ceanglais oibriúcháin eile bac ar chumas na hinstitiúide an suíomh a leachtú nó a fhálú go gearrthéarmach;
a mhéid is féidir leis an institiúid, agus a mhéid a cheanglaítear uirthi, priacail na suíomhanna laistigh dá hoibríocht trádála a bhainistiú;
a mhéid a fhéadfaidh an institiúid priacal nó suíomhanna a athaicmiú idir na leabhair neamhthrádála agus na leabhair thrádála agus na ceanglais maidir leis na hathaicmithe sin dá dtagraítear in Airteagal 104a.
Agus í ag bainistiú a cuid suíomhanna nó a punanna suíomhanna sa leabhar trádála, comhlíonfaidh an institiúid na ceanglais seo a leanas ar fad:
beidh straitéis trádála a bheidh doiciméadaithe go soiléir, agus formheasta ag an mbainistíocht shinsearach, i bhfeidhm ag an institiúid don suíomh nó do na punanna sa leabhar trádála, agus áireofar an tréimhse shealbhaíochta ionchasach ann;
beidh beartais agus nósanna imeachta a bheidh sainmhínithe go soiléir i bhfeidhm ag an institiúid d'fhonn bainistíocht ghníomhach a dhéanamh ar shuíomhanna nó ar phunanna sa leabhar trádála; áireofar na nithe seo a leanas sna beartais agus sna nósanna imeachta sin:
cé na suíomhanna nó na punanna ar féidir le gach deasc trádála nó, de réir mar a bheidh, déileálaithe ainmnithe dul isteach iontu;
teorainneacha suímh a shocrú agus faireachán a dhéanamh orthu féachaint cé chomh hoiriúnach is atá siad;
áiritheofar go mbeidh an uathriail ag déileálaithe dul isteach i suíomh agus é a bhainistiú laistigh de theorainneacha a bheidh comhaontaithe agus de réir na straitéise formheasta;
áiritheofar go dtuairisceofar suíomhanna don bhainistíocht shinsearach mar chuid lárnach de phróiseas bainistithe priacail na hinstitiúide;
áiritheofar go ndéanfar faireachán gníomhach ar shuíomhanna agus tabharfar aird ar fhoinsí faisnéise an mhargaidh agus ar mheasúnú a dhéanfar ar an gcumas an suíomh, nó na priacail chomhpháirte a bhaineann leis, a mhargú nó a fhálú, lena n-áirítear measúnú, cáilíocht agus infhaighteacht ionchuir an mhargaidh sa phróiseas luachála, leibhéal láimhdeachais an mhargaidh, méideanna na suíomh a dhéantar a thrádáil ar an margadh;
nósanna imeachta agus rialuithe gníomhacha frithchalaoise;
beidh beartais agus nósanna imeachta a bheidh sainmhínithe go soiléir i bhfeidhm ag an institiúid chun faireachán a dhéanamh ar na suíomhanna i gcomparáid le straitéis trádála na hinstitiúide lena n-áirítear faireachán ar láimhdeachas agus ar shuíomhanna ar saraíodh an tréimhse shealbhaíochta a bhí i gceist leo ag an tús ina leith.
Airteagal 104
Áireamh sa Leabhar Trádála
▼M8 —————
Airteagal 104b
Ceanglais le haghaidh na deisce trádála
Comhlíonfaidh deasca trádála na n-institiúidí na ceanglais seo a leanas i gcónaí:
beidh ag gach deasc trádála straitéis ghnó atá soiléir sainiúil agus struchtúr bainistithe priacail atá oiriúnach dá straitéis ghnó;
beidh ag gach deasc trádála struchtúr soiléir eagrúcháin; déanfaidh déileálaithe ainmnithe de chuid na hinstitiúide na suíomhanna in aon deasc trádála ar leith a bhainistiú; beidh a shainfheidhmeanna féin ag gach déileálaí i dtaca leis an deasc trádála; ní shannfar d'aon deasc trádála ar leith ach an t-aon déileálaí amháin;
socrófar teorainneacha suímh laistigh de gach deasc trádála de réir straitéis gnó na deisce trádála sin;
déanfar tuarascálacha ar na gníomhaíochtaí, ar an mbrabúsacht, ar an mbainistiú priacail agus ar na ceanglais rialála ar leibhéal na deisce trádála a sholáthar ar bhonn seachtainiúil ar a laghad agus cuirfear iad in iúl don chomhlacht bainistíochta ar bhonn rialta;
beidh plean gnó bliantúil soiléir ag gach deasc trádála lena n-áireofar beartas dea-shainithe luacha saothair bunaithe ar chritéir fhónta a úsáidtear chun feidhmíocht a thomhas;
ullmhófar tuarascálacha maidir le suíomhanna a aibíonn go laethúil, sáruithe teorann trádála ionlae agus laethúla agus gníomhaíochtaí a dhéanann an institiúid chun aghaidh a thabhairt ar na sáruithe sin, chomh maith le measúnú ar leachtacht an mhargaidh le haghaidh gach deisce trádála ar bhonn míosúil agus cuirfear ar fáil do na húdaráis inniúla iad.
Airteagal 105
Ceanglas maidir le Luacháil Stuama
Déanfaidh institiúidí córais agus rialuithe a bheidh leordhóthanach chun meastacháin luachála stuama agus iontaofa a sholáthar a bhunú agus a choimeád ar bun. Áireofar na gnéithe seo a leanas ar a laghad sna córais agus sna rialuithe sin:
beartais agus nósanna imeachta doiciméadaithe don phróiseas luachála, lena n-áirítear freagrachtaí a bheidh sainmhínithe go soiléir maidir leis na réimsí éagsúla a bhaineann leis an luacháil a chinneadh, foinsí faisnéise an mhargaidh agus athbhreithniú ar cé chomh hoiriúnach is atá siad, treoirlínte maidir le hionchuir dhobhraite a úsáid, a léiríonn toimhdí na hinstitiúide maidir le cad a d'úsáidfeadh rannpháirtithe sa mhargadh agus an suíomh á phraghsáil acu, minicíocht na luachála neamhspleáiche, uainiú na bpraghsanna scoir, nósanna imeachta chun luachálacha a choigeartú, nósanna imeachta fíorúcháin ad-hoc agus deireadh míosa;
línte tuairiscithe don roinn a bheidh freagrach as an bpróiseas luachála a bheidh soiléir agus neamhspleách ón oifig thosaigh, ar línte chuig an gcomhlacht bainistíochta a bheidh iontu sa deireadh.
Comhlíonfaidh institiúidí na ceanglais seo a leanas nuair a bheidh siad ag marcáil de réir samhla:
beidh eolas ag an lucht bainistíochta sinsearaí ar na gnéithe den leabhar trádála nó de shuímh eile a bhfuil luach cóir ag gabháil leo agus atá faoi réir ag marcáil de réir samhla agus tuigfidh siad ábharthacht na neamhchinnteachta a chruthófar leis sin sa tuairisciú ar an bpriacal /ar fheidhmíocht an ghnó;
déanfaidh institiúidí na hionchuir mhargaidh a fhoinsiú, nuair is féidir, i gcomhréir le praghsanna an mhargaidh, agus déanfaidh siad measúnú ar cé chomh hoiriúnach is atá ionchuir mhargaidh an tsuímh áirithe a bhfuil luach á chur air agus ar pharaiméadair na samhla agus déanfar é sin go minic;
nuair a bheidh fáil orthu, bainfidh institiúidí úsáid as modheolaíochtaí luachála atá glactha mar chleachtas ar an margadh i gcás ionstraimí nó tráchtearraí airgeadais áirithe;
i gcás gurb í an institiúid féin a fhorbraíonn an tsamhail, beidh sí bunaithe ar thoimhdí iomchuí, a bhfuil measúnú déanta orthu agus a bhfuil a ndúshlán tugtha ag páirtithe atá cáilithe go cuí agus atá neamhspleách ar an bpróiseas forbartha;
beidh nósanna imeachta foirmiúla i bhfeidhm ag institiúidí chun athruithe a rialú agus beidh cóip shlán den tsamhail ina seilbh acu agus úsáidfear í go tréimhsiúil chun luachálacha a sheiceáil;
tabharfar faoi deara i mbainistíocht priacal na laigeachtaí atá ag na samhlacha atá in úsáid agus conas is féidir na laigeachtaí sin a léiriú san aschur luachála; agus
beidh samhlacha institiúidí faoi réir ag athbhreithniú tréimhsiúil chun cruinneas a bhfeidhmíochta a chinneadh, agus áireofar leis sin measúnú ar cé chomh hoiriúnach is atá na toimhdí ar bhonn leanúnach, anailís ar bhrabús agus ar chaillteanas i gcoinne fachtóirí priacail, luachanna glanta cuntais iarbhír a chur i gcomparáid le haschuir na samhla.
Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír, ceapfar nó formheasfar an tsamhail go neamhspleách ar na deasca trádála agus déanfar tástáil neamhspleách uirthi, lena n-áirítear bailíochtú ar an matamaitic, ar na toimhdí agus ar chur chun feidhme na mbogearraí.
Déanfaidh institiúidí nósanna imeachta chun coigeartú don luacháil reatha ar aon suímh bheagleachtacha a ríomh a bhunú agus a choimeád ar bun, ar suímh iad ar féidir leo go háirithe teacht ó theagmhais ar an margadh nó cásanna a bhaineann le hinstitiúid amhail suímh chomhchruinnithe agus/nó suímh a bhfuil an tréimhse shealbhaíochta a bhí leagtha amach dóibh ag an tús sáraithe. Déanfaidh institiúidí, más gá, coigeartuithe den sórt sin anuas ar aon athruithe ar luach an tsuímh a bheidh riachtanach chun críocha tuairiscithe airgeadais agus dearfar coigeartuithe den sórt sin mar léiriú ar neamhleachtacht an tsuímh. Faoi na nósanna imeachta sin, breithneoidh institiúidí roinnt fachtóirí nuair a bheifear ag cinneadh an bhfuil gá le coigeartú luachála ar shuímh bheagleachtacha. Áirítear leis na fachtóirí sin:
an méid breise ama a thógfadh sé an suíomh nó na priacail laistigh den suíomh sin a fhálú amach i ndiaidh na dtréimhsí leachtachta a sannadh d'fhachtóirí priacail an tsuímh i gcomhréir le hAirteagal 325bd;
luaineacht agus meán raonta difríochta tairisceana/atairisceana;
infhaighteacht na gcuótaí margaidh (líon agus céannacht na gcruthaitheoirí margaidh) agus luaineacht agus meán na méideanna trádála lena n-áirítear méideanna trádála le linn tréimhsí struis sa mhargadh;
comhdhlúthacht an mhargaidh;
aosú na suíomh;
a mhéid a bhíonn luacháil ag brath ar mharcáil de réir samhla;
an tionchar a bhíonn ag priacail eile de bharr samhaltaithe.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 106
Fálú Inmheánach
Comhlíonfaidh fálú inmheánach go háirithe na ceanglais seo a leanas:
ní bheidh sé i gceist go príomha ceanglais cistí dílse a sheachaint nó a laghdú leis;
déanfar é a dhoiciméadú i gceart agus beidh sé faoi réir faomhadh inmheánach áirithe agus nósanna imeachta iniúchta;
déileálfar leis ag coinníollacha an mhargaidh;
déanfar bainistiú dinimiciúil sa leabhar trádála ar an bpriacal margaidh a ghinfear leis an bhfálú inmheánach agus déanfar an bainistiú sin laistigh de na teorainneacha údaraithe;
déanfar faireachán cúramach air i gcomhréir le nósanna imeachta dóthanacha.
Áiritheofar go ndéanfar faireachán air trí nósanna imeachta leordhóthanacha.
TEIDEAL II
CEANGLAIS CHAIPITIL LE HAGHAIDH PRIACAL CREIDMHEASA
CAIBIDIL 1
Prionsabail ghinearálta
Airteagal 107
Cineálacha cur chuige maidir le priacal creidmheasa
I gcás risíochtaí trádála ar ranníocaíochtaí an chiste mainneachtana le contrapháirtí lárnach, cuirfidh institiúidí i bhfeidhm an láimhseáil a leagtar amach i gCaibidil 6, Roinn 9 chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh ar mhaithe le pointí (a) go (f) d'Airteagal 92(3). I gcás gach cineál eile risíochta ar chontrapháirtí lárnach, déanfaidh institiúidí iad a láimhseáil mar a leanas:.
mar risíochtaí ar institiúid i gcás gach cineáil eile risíochta ar chontrapháirtí cáilitheach;
mar risíochtaí ar chorparáid i gcás gach cineáil eile risíochta ar chontrapháirtí neamhcháilitheach.
Airteagal 108
Teicníc um maolú priacal creidmheasa a úsáid faoin gCur Chuige Caighdeánaithe agus faoin gCur Chuige IRB
Airteagal 109
Láimhseáil suíomhanna urrúsúcháin
Ríomhfaidh institiúidí méid na risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail i gcás suíomh atá ina seilbh in urrúsú i gcomhréir le Caibidil 5.
Airteagal 110
Coigeartú ginearálta i leith priacal creidmheasa a láimhseáil
Chun críocha an Airteagail seo agus Chaibidil 2 agus Chaibidil 3, ní bheidh cistí le haghaidh priacal ginearálta baincéireachta san áireamh i gcoigeartuithe ginearálta agus sonracha i leith priacal creidmheasa.
Déanfaidh institiúidí a úsáideann an Cur Chuige IRB agus a chuireann an Cur Chuige Caighdeánaithe i bhfeidhm maidir le cuid dá risíochtaí ar bhonn comhdhlúite nó aonair, cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 148 agus Airteagal 150 faoin gcuid sin den choigeartú ginearálta i leith priacal creidmheasa a shannfar chun coigeartú ginearálta i leith priacal creidmheasa a láimhseáil faoin gCur Chuige Caighdeánaithe agus chun coigeartú ginearálta i leith priacal creidmheasa a láimhseáil faoin gCur Chuige IRB mar seo a leanas:
nuair is infheidhme, i gcás ina gcuireann institiúid atá ar áireamh sa chomhdhlúthú an Cur Chuige IRB i bhfeidhm go heisiach, sannfar coigeartuithe ginearálta i leith priacal creidmheasa na hinstitiúide don láimhseáil atá leagtha amach i mír 2;
nuair is infheidhme, i gcás ina gcuireann institiúid atá ar áireamh sa chomhdhlúthú an Cur Chuige Caighdeánaithe i bhfeidhm go heisiach, sannfar coigeartú ginearálta i leith priacal creidmheasa na hinstitiúide don láimhseáil atá leagtha amach i mír 1;
Sannfar an t-iarmhar den choigeartú i leith priacal creidmheasa ar bhonn pro rata de réir an chion de na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal atá faoi réir ag an gCur Chuige Caighdeánaithe agus atá faoi réir ag an gCur Chuige IRB.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun ríomh na gcoigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa agus na gcoigeartuithe ginearálta i leith priacal creidmheasa a shonrú faoin gcreat infheidhme cuntasaíochta maidir leo seo a leanas:
luach na risíochta faoin gCur Chuige Caighdeánaithe dá dtagraítear in Airteagal 111;
luach na risíochta faoin gCur Chuige IRB dá dtagraítear in Airteagail 166 go 168;
láimhseáil méideanna an chaillteanais ionchasaigh dá dtagraítear in Airteagal 159;
luach na risíochta chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh i dtaca leis an suíomh urrúsaithe dá dtagraítear in Airteagal 246 agus Airteagal 266;
mainneachtain a chinneadh faoi Airteagal 178;
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
CAIBIDIL 2
Cur Chuige Caighdeánaithe
Airteagal 111
Luach na risíochta
Beidh luach na risíochta ar ítim shócmhainne cothrom leis an luach cuntasaíochta a bheidh fágtha tar éis na gcoigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 110, na coigeartuithe luacha breise i gcomhréir le hAirteagail 34 agus 105, méideanna arna n-asbhaint i gcomhréir le pointe (m) d'Airteagal 36(1) agus laghduithe eile i leith cistí dílse a bhaineann leis an ítim shócmhainne a chur i bhfeidhm. Beidh luach na risíochta ar ítim shócmhainne lasmuigh den chlár comhardaithe atá liostaithe in Iarscríbhinn I cothrom leis an gcéatadán seo a leanas dá luach ainmniúil tar éis coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa a laghdú agus méideanna a asbhaint i gcomhréir le pointe (m) d'Airteagal 36(1):
100 % más ítim lánpriacal atá i gceist;
50 % más ítim mheánpriacal atá i gceist;
20 % más ítim mheánpriacal /íospriacal atá i gceist;
0 % más ítim íospriacal atá i gceist.
Déanfar na hítimí lasmuigh den chlár comhardaithe dá dtagraítear sa dara habairt den chéad fhomhír a shannadh do chatagóirí priacal mar a thugtar le fios in Iarscríbhinn I.
Nuair a bheidh an Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais faoi Airteagal 223 in úsáid ag institiúid, déanfar luach risíochta na n-urrús nó na dtráchtearraí a dhíolfar, a bhreacfar nó a thabharfar ar iasacht faoi idirbheart athcheannaigh nó faoi idirbheart iasachtaithe nó iasachtaíochta urrús nó tráchtearraí, agus idirbhearta iasachtaithe corrlaigh, a mhéadú ag brath ar an gcoigeartú luaineachta a bheidh oiriúnach d'urrúis nó do thráchtearraí den sórt sin arna leagan síos in Airteagail 223 go 225.
Airteagal 112
Aicmí risíochta
Déanfar gach risíocht a shannadh do cheann de na haicmí risíochta seo a leanas:
risíochtaí ar rialtais láir nó bainc cheannais
risíochtaí ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla;
risíochtaí ar eintitis san earnáil phoiblí;
risíochtaí ar bhainc forbartha iltaobhacha;
risíochtaí ar eagraíochtaí idirnáisiúnta;
risíochtaí ar institiúidí;
risíochtaí ar chorparáidí;
risíochtaí ar mhiondíol;
risíochtaí arna n-urrú le morgáistí ar mhaoin dhochorraithe;
risíochtaí ar mhainneachtain;
risíochtaí a bhaineann le priacal atá fíor-ard;
risíochtaí i bhfoirm bannaí faoi chumhdach;
ítimí atá in ionannas le suímh urrúsaithe;
risíochtaí ar institiúidí agus ar chorparáidí a bhfuil measúnú creidmheasa gearrthéarmach acu;
risíochtaí i bhfoirm aonad nó scaireanna i ngnóthais chomhinfheistíochta (GCanna);
risíochtaí ar chothromas;
ítimí eile.
Airteagal 113
Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh
Cé is moite de risíochtaí as a dtagann Gnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó de Chaipiteal Leibhéal 2, féadfaidh institiúid, faoi réir fhaomhadh na n-údarás inniúil a fháil roimh ré, cinneadh a dhéanamh gan ceanglais mhír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm maidir le risíochtaí na hinstitiúide sin ar chontrapháirtí arb é a máthairghnóthas, a fochuideachta, fochuideachta de chuid a máthairghnóthas nó gnóthas atá nasctha trí ghaol de réir bhrí Airteagal 12(1) de Threoir 83/349/CEE é. Tá sé de chumhacht ag údaráis inniúla faomhadh a dheonú má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
is é atá sa chontrapháirtí institiúid, institiúid airgeadais nó gnóthas seirbhísí coimhdeacha faoi réir ceanglas stuamachta iomchuí;
tá an contrapháirtí ar áireamh sa chomhdhlúthú céanna leis an institiúid ar bhonn iomlán;
tá an contrapháirtí faoi réir ag an meastóireacht chéanna ar priacail, agus ag na nósanna imeachta tomhais agus rialaithe céanna leis an institiúid;
tá an contrapháirtí bunaithe sa Bhallstát céanna leis an institiúid;
níl aon bhac praiticiúil ná dlíthiúil ábhartha reatha ná ionchais ann maidir le haistriú pras cistí dílse nó aisíocaíocht dliteanas ón gcontrapháirtí chuig an institiúid.
I gcás ina bhfuil institiúid údaraithe, i gcomhréir leis an mír seo, gan ceanglais mhír 1 a chur i bhfeidhm, féadfaidh sí ualú priacal 0 % a shannadh.
Cé is moite de risíochtaí as a dtagann Gnáthchothromas Leibhéal 1, itimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus Leibhéal 2, féadfaidh institiúidí, faoi réir chead na n-údarás inniúil a fháil roimh ré, gan ceanglais mhír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm maidir le risíochtaí ar chontrapháirtithe a bhfuil scéim chosanta institiúideach déanta ag an institiúid leo ar comhaontú dliteanais conarthach nó reachtúil é a thugann cosaint do na hinstitiúidí agus a áirithíonn a gcuid leachtachta agus a gcuid sócmhainneachta go háirithe d'fhonn féimheacht a sheachaint más gá. Tá sé de chumhacht ag údaráis inniúla cead a dheonú má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
níl na ceanglais atá leagtha amach i bpointí (a), (d) agus (e) de mhír 6 comhlíonta;
áirithíonn na socruithe go bhfuil an scéim chosanta institiúideach in ann tacaíocht a thabhairt atá riachtanach faoina thiomantas ó chistí atá ar fáil go héasca dó;
tá córais chonarthacha oiriúnacha agus aonfhoirmeacha sa scéim chosanta institiúideach chun faireachán agus aicmiú a dhéanamh ar priacal, agus a thugann léargas iomlán ar staid priacal gach comhalta aonair agus na scéime cosanta institiúidí trí chéile, agus féidearthachtaí ag gabháil leis chun tionchar a imirt; déanfaidh na córais sin faireachán iomchuí ar risíochtaí a mhainnigh i gcomhréir le hAirteagal 178(1);
déanann an scéim chosanta institiúideach a athbhreithniú féin ar priacal a chuirtear in iúl do na comhaltaí aonair;
déanann an scéim chosanta institiúideach ceachtar den dá thuarascáil seo a leanas a tharraingt suas agus a fhoilsiú gach bliain: tuarascáil chomhdhlúite ina mbeidh an clár comhardaithe, an cuntas brabúis agus caillteanais, an tuarascáil staide agus an tuarascáil ar priacal, a bhaineann leis an scéim chosanta institiúideach trí chéile; nó tuarascáil ina mbeidh an clár comhardaithe comhiomlánaithe, an cuntas brabúis agus caillteanais comhiomlánaithe, an tuarascáil staide agus an tuarascáil ar priacal, a bhaineann leis an scéim chosanta institiúideach trí chéile;
tá sé de dhualgas ar chomhaltaí na scéime cosanta institiúidí fógra roimh ré a thabhairt 24 mí ar a laghad más mian leo deireadh a chur leis an scéim chosanta institiúideach;
gheofar réidh le hil-úsáidí gnéithe atá incháilithe chun cistí dílse a ríomh (dá ngairtear 'ilghiaráil' anseo feasta) chomh maith le cistí dílse ar bith a chruthaítear go míchuí idir comhaltaí na scéime cosanta institiúidí;
Beidh an scéim chosanta institiúideach bunaithe ar bhallraíocht leathan d'institiúidí creidmheasa a mbeidh próifíl ghnó aonchineálach acu den chuid is mó;
déanann na húdaráis inniúla ábhartha leordhóthanacht na gcóras dá dtagraítear i bpointe (c) and (d) a fhaomhadh go rialta agus déanann siad faireachán orthu go rialta.
I gcás ina gcinnfidh institiúid, i gcomhréir leis an mír seo, gan ceanglais mhír 1 a chur i bhfeidhm, féadfaidh sí ualú priacal 0 % a shannadh.
Airteagal 114
Risíochtaí ar rialtais láir nó ar bhainc cheannais
Déanfar ualú priacal i gcomhréir le Tábla 1 a shannadh do risíochtaí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais a bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith agus comhfhreagraíonn an t-ualú sin don mheasúnú creidmheasa a rinne IMCS i gcomhréir le hAirteagal 136.
Tábla 1
|
Céim na cáilíochta creidmheasa |
1 |
2 |
3 |
4 |
5 |
6 |
|
Ualú priacal |
0 % |
20 % |
50 % |
100 % |
100 % |
150 % |
▼M10 —————
Chun críocha na míre seo, féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme a úsáid, agus faoi réir an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 464(2), cinneadh a ghlacadh maidir lena gcuirfidh tríú tír socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá cothrom ar a laghad leis na socruithe sin atá i bhfeidhm san Aontas. In éagmais cinnidh den sórt sin, féadfaidh institiúidí leanúint den láimhseáil atá leagtha amach sa mhír seo a chur i bhfeidhm maidir leis na risíochtaí ar rialtas láir nó ar bhanc ceannais de chuid tríú tíre, go dtí an 1 Eanáir 2015, i gcás ina bhfuil an tríú tír sin faofa ag na húdaráis inniúla iomchuí mar thír atá incháilithe don láimhseáil sin roimh an 1 Eanáir 2014.
Airteagal 115
Risíochtaí ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla
Coimeádfaidh ÚBE bunachar sonraí a bheidh ar fáil don phobal ina mbeidh na rialtais réigiúnacha uile agus na húdaráis áitiúla uile san Aontas a dhéanann na húdaráis inniúla ábhartha a láimhseáil mar risíochtaí ar a rialtais lárnacha.
Chun críocha na míre seo, féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme a úsáid, agus faoi réir an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 464(2), cinneadh a ghlacadh maidir lena gcuirfidh tríú tír socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá cothrom ar a laghad leis na socruithe sin atá i bhfeidhm san Aontas. In éagmais cinnidh den sórt sin, féadfaidh institiúidí leanúint den láimhseáil atá leagtha amach sa mhír seo a chur i bhfeidhm, go dtí an 1 Eanáir 2015, maidir leis an tríú tír ina bhfuil an tríú tír sin faofa ag na húdaráis inniúla iomchuí mar thír atá incháilithe don láimhseáil sin roimh an 1 Eanáir 2014.
Airteagal 116
Risíochtaí ar eintitis san earnáil phoiblí
I gcás risíochtaí ar eintitis san earnáil phoiblí nach bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú priacal a shannadh dóibh de réir na céime cáilíochta creidmheasa a bhfuil risíochtaí ar rialtas láir na dlínse ina bhfuil an t-eintiteas sin den earnáil phoiblí corpraithe sannta dó i gcomhréir le Tábla 2 seo a leanas:
Tábla 2
|
Céim cáilíochta creidmheasa a bhfuil an rialtas láir sannta dó |
1 |
2 |
3 |
4 |
5 |
6 |
|
Ualú priacal |
20 % |
50 % |
100 % |
100 % |
100 % |
150 % |
I gcás risíochtaí ar eintitis san earnáil phoiblí atá corpraithe i dtíortha ina bhfuil an rialtas láir gan rátáil, beidh an t-ualú priacal cothrom le 100 %.
Chun críocha na míre seo, féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme a úsáid, agus faoi réir an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 464(2), cinneadh a ghlacadh maidir lena gcuirfidh tríú tír socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá cothrom ar a laghad leis na socruithe sin atá i bhfeidhm san Aontas. In éagmais cinnidh den sórt sin, féadfaidh institiúidí leanúint den láimhseáil atá leagtha amach sa mhír seo a chur i bhfeidhm, go dtí an 1 Eanáir 2015, maidir leis an tríú tír ina bhfuil an tríú tír sin faofa ag na húdaráis inniúla iomchuí mar thír atá incháilithe don láimhseáil sin roimh an 1 Eanáir 2014.
Airteagal 117
Risíochtaí ar bhainc forbartha iltaobhacha
Measfar gur bainc forbartha iltaobhacha iad an Chorparáid Idir-Mheiriceánach Infheistíochta, Banc Trádála agus Forbartha na Mara Duibhe, an Banc Lár-Mheiriceánach um Lánpháirtíocht Eacnamaíoch agus CAF-Banc Forbartha Mheiriceá Laidineach.
Déanfar ualú priacal 0 % a shannadh do risíochtaí ar na bainc forbartha iltaobhacha seo a leanas:
an Banc Idirnáisiúnta Athfhoirgníochta agus Forbartha;
an Chorparáid Airgeadais Idirnáisiúnta;
an Banc Forbartha Idir-Mheiriceánach;
Banc Forbartha na hÁise;
Banc Forbartha na hAfraice;
Banc Forbartha Chomhairle na hEorpa;
an Banc Nordach Infheistíochta;
Banc Forbartha Mhuir Chairib;
an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha;
an Banc Eorpach Infheistíochta;
an Ciste Eorpach Infheistíochta;
an Ghníomhaireacht Iltaobhach Rathaithe Infheistíochtaí;
an tSaoráid Airgeadais Idirnáisiúnta um Imdhíonadh;
an Banc Ioslamach um Fhorbraíocht;
an Comhlachas Forbartha Idirnáisiúnta;
Banc na hÁise don Infheistiú sa Bhonneagar.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a leasú trí ghníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 462 lena leasítear, i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, liosta na mbanc forbartha iltaobhach dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
Airteagal 118
Risíochtaí ar eagraíochtaí idirnáisiúnta
Déanfar ualú priacal 0 % a shannadh do risíochtaí ar na heagraíochtaí idirnáisiúnta seo a leanas:
an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach;
an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta;
an Banc le haghaidh Socruithe Idirnáisiúnta;
an tSaoráid um Chobhsaíocht Airgeadais;
an Sásra Cobhsaíochta Eorpach;
institiúid airgeadais idirnáisiúnta arna bhunú ag dhá Bhallstát nó níos mó, a bhfuil sé mar aidhm aici cistiú a chur ar bun agus cúnamh airgeadais a thabhairt ar mhaithe lena cuid comhaltaí a bhfuil deacrachtaí móra maoinithe acu nó atá i mbaol deacrachtaí móra maoinithe.
Airteagal 119
Risíochtaí ar institiúidí
Féadfar risíocht ar institiúid i bhfoirm cúlchistí íosta a cheanglaíonn BCE nó banc ceannais Ballstáit iad a bheith sealbhaithe ag institiúid a ualú ó thaobh priacal mar risíochtaí ar bhanc ceannais an Bhallstáit atá i gceist ar an gcoinníoll:
go sealbhaítear na cúlchistí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1745/2003 ón mBanc Ceannais Eorpach an 12 Meán Fómhair 2003 maidir le cur i bhfeidhm na gcúlchistí íosta ( 21 )nó i gcomhréir leis na ceanglais náisiúnta i ngach cás ábhartha atá coibhéiseach leis an Rialachán sin;
i gcás féimheachta nó dócmhainneachta na hinstitiúide ina sealbhaítear na cúlchistí, déantar na cúlchistí a aisíoc go hiomlán leis an institiúid ar shlí thráthúil agus ní chuirtear ar fáil iad chun fónamh do dhliteanais eile na hinstitiúide.
Risíochtaí ar institiúidí airgeadais arna n-údarú agus arna maoirsiú ag na húdaráis inniúla agus atá faoi réir ceanglais stuamachta atá inchomparáide leo sin a chuirtear i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí i dtéarmaí stóinseachta, déanfar iad a láimhseáil mar risíochtaí ar institiúidí.
Chun críocha na míre seo, measfar na ceanglais stuamachta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/2033 a bheith inchomparáide leis na ceanglais a chuirtear i bhfeidhm ar institiúidí ó thaobh stóinseachta de.
Airteagal 120
Risíochtaí ar institiúidí rátáilte
I gcás risíochtaí ar institiúidí a bhfuil aibíocht iarmhair breis is trí mhí iontu a bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú priacal a shannadh dóibh i gcomhréir le Tábla 3 a chomhfhreagraíonn don mheasúnú creidmheasa a rinne IMCS i gcomhréir le hAirteagal 136.
Tábla 3
|
Céim na cáilíochta creidmheasa |
1 |
2 |
3 |
4 |
5 |
6 |
|
Ualú priacal |
20 % |
50 % |
50 % |
100 % |
100 % |
150 % |
I gcás risíochtaí ar institiúid a bhfuil aibíocht iarmhair suas le trí mhí iontu agus a bhfuil measúnú creidmheasa a rinne an IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú priacal a shannadh dóibh i gcomhréir le Tábla 4 a chomhfhreagraíonn don mheasúnú creidmheasa a rinne an IMCS i gcomhréir le hAirteagal 136:
Tábla 4
|
Céim na cáilíochta creidmheasa |
1 |
2 |
3 |
4 |
5 |
6 |
|
Ualú priacal |
20 % |
20 % |
20 % |
50 % |
50 % |
150 % |
Is mar seo a leanas a bheidh an idirghníomhaíocht idir an tslí ina láimhseáiltear measúnú creidmheasa gearrthéarmach faoi Airteagal 131 agus an láimhseáil fhabhrach ghinearálta a chuirtear i bhfeidhm maidir le risíochtaí gearrthéarmacha atá leagtha amach i mír 2:
Mura ndéantar aon mheasúnú ar risíocht ghearrthéarmach, beidh feidhm ag an láimhseáil fhabhrach ghinearálta do risíochtaí gearrthéarmacha mar atá sonraithe i mír 2 maidir le gach risíocht ar institiúidí a bhfuil aibíocht iarmhair suas le trí mhí iontu;
Má dhéantar measúnú gearrthéarmach agus má chinntear le measúnú den sórt sin go gcuirfear ualú priacal níos fabhraí nó ualú priacal comhionann i bhfeidhm seachas an láimhseáil fhabhrach ghinearálta do risíochtaí gearrthéarmacha, mar atá sonraithe i mír 2, úsáidfear an measúnú gearrthéarmach i gcás na risíochta sonraí sin amháin. Cuirfear an láimhseáil fhabhrach ghinearálta do risíochtaí gearrthéarmacha, mar atá sonraithe i mír 2, i bhfeidhm maidir le risíochtaí gearrthéarmacha eile;
Má dhéantar measúnú gearrthéarmach agus má chinntear le measúnú den sórt sin go gcuirfear ualú priacal nach lú fabhar ná an láimhseáil fhabhrach ghinearálta do risíochtaí gearrthéarmacha, mar atá sonraithe i mír 2, i bhfeidhm, ní úsáidfear an láimhseáil fhabhrach ghinearálta do risíochtaí gearrthéarmacha agus déanfar an t-ualú priacal céanna is a chuirtear i bhfeidhm leis an measúnú gearrthéarmach sonrach a shannadh do gach éileamh gearrthéarmach gan rátáil.
Airteagal 121
Risíochtaí ar institiúidí gan rátáil
I gcás risíochtaí ar institiúidí nach bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú priacal a shannadh dóibh de réir na céime cáilíochta creidmheasa a bhfuil risíochtaí ar rialtas láir na dlínse ina bhfuil an institiúid corpraithe sannta dó i gcomhréir le Tábla 5.
Tábla 5
|
Céim cáilíochta creidmheasa a bhfuil an rialtas láir sannta dó |
1 |
2 |
3 |
4 |
5 |
6 |
|
Ualú priacal na risíochta |
20 % |
50 % |
100 % |
100 % |
100 % |
150 % |
Airteagal 122
Risíochtaí ar chorparáidí
I gcás risíochtaí a bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú priacal a shannadh dóibh i gcomhréir le Tábla 6 a chomhfhreagraíonn don mheasúnú creidmheasa a rinne an IMCS i gcomhréir le hAirteagal 136.
Tábla 6
|
Céim na cáilíochta creidmheasa |
1 |
2 |
3 |
4 |
5 |
6 |
|
Ualú priacal |
20 % |
50 % |
100 % |
100 % |
150 % |
150 % |
Airteagal 123
Risíochtaí ar mhiondíol
Déanfar ualú priacal cothrom le 75 % a shannadh do risíochtaí a chomhlíonann na critéir seo a leanas:
is ar dhuine nó ar dhaoine nádúrtha, nó ar fhiontar beag nó meánmhéide (FBM), a bheidh risíocht;
beidh an risíocht ar cheann amháin de líon suntasach risíochtaí a mbeidh tréithe cosúla acu sa mhéid is go laghdaítear go mór na priacail a bhaineann le hiasachtú den sórt sin;
i gcás an mhéid iomlán a bheidh dlite don institiúid agus do na máthairghnóthais agus a fochuideachtaí, lena n-áirítear aon risíocht ar mainneachtain, ag an oibleagáideoir cliant nó ag grúpa cliant nasctha, gan risíochtaí atá urraithe go hiomlán agus ar fad ar chomhthaobhacht a bhaineann le maoin chónaithe a áireamh, ar éilimh iad a sannadh d'aicme na risíochta a leagtar síos in Airteagal 112 (i), ní sháróidh sé, a mhéid is feasach don institiúid, EUR 1 milliún. Déanfaidh an institiúid bearta réasúnta chun an t-eolas sin a fháil.
Ní bheidh urrúis incháilithe mar risíocht ar mhiondíol.
Ní bheidh risíochtaí nach gcomhlíonann na critéir dá dtagraítear i bpointe (a) go (c) den chéad fhomhír incháilithe mar risíocht ar mhiondíol.
Beidh luach láithreach na n-íocaíochtaí léasa íosta ar mhiondíol incháilithe mar risíocht ar mhiondíol.
Risíochtaí i ngeall ar iasachtaí arna ndeonú ag institiúid chreidmheasa do phinsinéirí nó d'fhostaithe a bhfuil conradh buan in aghaidh aistriú neamhchoinníollach cuid de phinsean nó de thuarastal an iasachtaí chuig an institiúid chreidmheasa sin, sannfar ualú priacail 35 % dóibh, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha ar fad seo a leanas:
chun an iasacht a aisíoc, údaraíonn an t-iasachtaí go neamhchoinníollach don chiste pinsin nó don fhostóir íocaíochtaí díreacha a dhéanamh leis an institiúid chreidmheasa trí na híocaíochtaí míosúla ar an iasacht a bhaint as tuarastal míosúil nó pinsean an iasachtaí;
go gclúdaítear go cuí na priacail ar bhás, éagumas chun oibre, dífhostaíocht nó laghdú ar phinsean nó tuarastal glan míosúil an iasachtaí le polasaí árachais a bheidh frithgheallta ag an iasachtaí chun tairbhe na hinstitiúide creidmheasa;
nach mó ná 20 % de phinsean nó tuarastal glan míosúil an iasachtaí na híocaíochtaí míosúla atá le déanamh ag an iasachtaí ar na hiasachtaí uile a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) agus (b);
go bhfuil uastréimhse aibíochta bunaidh na hiasachta cothrom le deich mbliana nó níos giorra ná sin.
Airteagal 124
Risíochtaí arna n-urrú le morgáistí ar maoin dhochorraithe
Ní bheidh an chuid sin de risíocht a láimhseáiltear mar risíocht atá urraithe go hiomlán le maoin dhochorraithe níos mó ná an méid atá curtha i ngeall den mhargadhluach nó, sna Ballstáit sin a bhfuil critéir dhiana leagtha síos acu i bhforálacha reachtúla nó rialála chun measúnú a dhéanamh ar an luach iasachta morgáiste, luach iasachta morgáiste na maoine dochorraithe atá i gceist.
I gcás inarb é an t-údarás inniúil an t-údarás arna ainmniú ag an mBallstát chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm, áiritheoidh sé go gcuirfear na comhlachtaí agus údaráis ábhartha náisiúnta ag a bhfuil sainordú macrastuamachta ar an eolas go cuí maidir le rún an údaráis inniúil úsáid a bhaint as an Airteagal seo, agus go mbeidh siad rannpháirteach go hiomchuí i measúnú na n-ábhar imní maidir le cobhsaíocht airgeadais ina Bhallstát i gcomhréir le mír 2.
I gcás nach é an t-údarás inniúil an t-údarás arna ainmniú ag an mBallstát chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm, glacfaidh an Ballstát na forálacha is gá chun comhordú agus malartú cuí faisnéise idir an t-údarás inniúil agus an t-údarás ainmnithe a áirithiú le go gcuirfear an tAirteagal seo i bhfeidhm go cuí. Go háirithe, ceanglófar ar údaráis comhoibriú go dlúth agus an fhaisnéis ar fad a chomhroinnt a d'fhéadfadh a bheith riachtanach chun go ndéanfaidh siad go leordhóthanach na dualgais a fhorchuirtear ar an údarás ainmnithe de bhun an Airteagail seo. Beidh sé d'aidhm leis an gcomhar sin aon chineál gníomhaíochta dúbailtí nó neamh-chomhsheasmhaí idir an t-údarás inniúil agus an t-údarás ainmnithe a sheachaint, agus a áirithiú go gcuirfear san áireamh go cuí aon idirghníomhaíocht le bearta eile, go háirithe na bearta arna nglacadh faoi Airteagal 458 den Rialachán seo agus faoi Airteagal 133 de Threoir 2013/36/AE.
Bunaithe ar na sonraí a bailíodh faoi Airteagal 430a, agus ar aon táscairí ábhartha eile, déanfaidh an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 1a den Airteagal seo measúnú, go tréimhsiúil, agus go bliantúil ar a laghad, an bhfuil an t-ualú priacail 35 % oiriúnach i gcás risíochtaí ar dheighleog amháin maoine nó níos mó atá urraithe le morgáistí ar mhaoin chónaithe dá dtagraítear in Airteagal 125 atá suite i gcuid amháin nó i gcodanna de chríoch Bhallstáit an údaráis ábhartha agus an bhfuil an t-ualú priacail 50 % i gcás oiriúnach risíochtaí atá urraithe ag morgáistí ar mhaoin tráchtála dhochorraithe dá dtagraítear in Airteagal 126 atá suite i gcuid amháin nó i gcodanna de chríoch Bhallstáit an údaráis ábhartha, agus an measúnú sin bunaithe ar an méid a leanas:
caillteanas taithí na risíochtaí atá urraithe le maoin dhochorraithe;
forbairtí réamhbhreathnaitheacha sna margaí maoine dochorraithe.
I gcás ina mbeidh an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 1a den Airteagal seo den tuairim, bunaithe ar an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, nach léireofar go leordhóthanach sna hualuithe priacail a leagtar amach in Airteagal 125(2) nó in 126(2) na priacail iarbhír a bhaineann le risíochtaí maidir le deighleog amháin maoine nó maidir le níos mó deighleog maoine risíochtaí arna n-urrú go hiomlán le morgáistí ar mhaoin chónaithe nó ar réadmhaoin tráchtála dhochorraithe a lonnaítear i gcuid amháin nó i gcodanna de chríoch Bhallstát an údaráis ábhartha, agus má mheasann sé go bhféadfadh neamhleordhóthanacht na n-ualuithe priacail difear díobhálach a dhéanamh ar chobhsaíocht airgeadais faoi láthair nó amach anseo ina Bhallstát, féadfaidh sé na hualuithe priacail is infheidhme ar na risíochtaí sin a mhéadú laistigh de na raonta a socraítear sa cheathrú fomhír den mhír seo nó féadfaidh sé critéir a fhorchur atá níos déine ná na critéir a leagtar amach in Airteagal 125(2) nó 126(2).
Tabharfaidh an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 1a den Airteagal seo fógra do ÚBE agus do BERS faoi aon choigeartuithe ar na hualuithe priacail agus ar na critéir a chuirfear i bhfeidhm de bhun na míre seo. Faoi cheann mí amháin ón bhfógra réamhluaite a fháil, cuirfidh ÚBE agus BERS a dtuairimí in iúl don Bhallstát lena mbaineann. Foilseoidh ÚBE agus BERS na hualuithe priacail agus na critéir le haghaidh risíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 125, Airteagal 126 agus i bpointe (a) d'Airteagal 199(1) mar a chuir an t-údarás ábhartha chun feidhme iad.
Chun críocha an dara fomhír den mhír seo féadfaidh an t-údarás arna inmniú i gcomhréir le mír 1a na hualuithe priacail a shocrú faoi na raonta seo a leanas:
35 % go 150 % do risíochtaí arna n-urrú le morgáistí ar mhaoin chónaithe;
50 % go 150 % do risíochtaí arna n-urrú le morgáistí ar mhaoin tráchtála dhochorraithe.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2019.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Féadfaidh BERS, trí bhíthin moltaí i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010, agus i ndlúthchomhar le ÚBE, treoir a thabhairt do na húdaráis a ainmneofar i gcomhréir le mír 1a den Airteagal seo maidir leis an méid seo a leanas:
fachtóirí a d'fhéadfadh “difear díobhálach a dhéanamh do chobhsaíocht airgeadais faoi láthair nó amach anseo” dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 2; agus
tagarmharcanna táscacha atá le cur san áireamh ag an údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 1a agus ualuithe priacail níos airde á socrú.
Airteagal 125
Risíochtaí arna n-urrú go hiomlán le morgáistí ar mhaoin chónaithe
Mura gcinneann na húdaráis inniúla a mhalairt i gcomhréir le hAirteagal 124(2), is mar seo a leanas a láimhseálfar risíochtaí arna n-urrú go hiomlán le morgáistí ar mhaoin chónaithe:
déanfar ualú priacal 35 % a shannadh do risíochtaí nó d'aon chuid de risíocht arna n-urrú go hiomlán le morgáistí ar mhaoin chónaithe atá nó a bheidh áitithe nó ar cíos ag an úinéir, nó ag an úinéir tairbhiúil i gcás cuideachtaí infheistíochta pearsanta;
déanfar ualú priacal cothrom le 35 % a shannadh do risíochtaí ar thionónta faoi idirbheart léasaithe maoine maidir le maoin chónaithe faoinarb í an institiúid an léasóir agus tá sé de rogha ag an tionónta í a cheannach, ar an gcoinníoll go bhfuil an risíocht ar an institiúid urraithe go hiomlán lena húinéireacht ar an maoin.
Ní mheasfaidh institiúidí go bhfuil risíocht nó aon chuid de risíocht urraithe go hiomlán chun críocha mhír 1, ach amháin nuair a chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
ní bheidh luach na maoine ag brath go hábhartha ar cháilíocht chreidmheasa an iasachtaí. Féadfaidh institiúidí cásanna a fhágáil ar lár i gcás go mbíonn tionchar ag tosca atá go hiomlán maicreacnamaíoch ar luach na maoine agus ar fheidhmíocht an iasachtaí araon óna gcinneadh maidir le hábharthacht spleáchais den sórt sin;
ní bheidh priacal an iasachtaí ag brath go hábhartha ar fheidhmíocht na maoine nó an tionscadail a fholuíonn é, ach ar chumas foluiteach an iasachtaí an fiachas a aisíoc ó fhoinsí eile, agus mar iarmhairt air sin, ní bheidh aisíoc na saoráide ag brath go hábhartha ar aon sreabhadh airgid arna ghiniúint ag an maoin fholuiteach agus í ag fónamh mar chomhthaobhacht. Maidir leis na foinsí eile sin, déanfaidh institiúidí na cóimheasa uasta iasachta/ioncaim mar chuid dá mbeartas iasachtaithe agus gheobhaidh siad fianaise oiriúnach ar an ioncam iomchuí nuair a thabharfaidh siad an iasacht.
comhlíontar na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 208 agus na rialacha luachála atá leagtha amach in Airteagal 229(1);
mura gcinntear a mhalairt faoi Airteagal 124(2), an chuid den iasacht a bhfuil ualú priacal cothrom le 35 % sannta di, ní sháróidh sí 80 % de mhargadhluach na maoine atá i gceist, nó 80 % de luach iasachta morgáiste na maoine atá i gceist sna Ballstáit sin inar leagadh síos critéir dhiana i bhforálacha reachtúla nó rialála chun measúnú a dhéanamh ar an luach iasachta morgáiste.
Féadfaidh institiúidí pointe (b) de mhír 2 a mhaolú i gcás risíochtaí arna n-urrú go hiomlán le morgáistí ar mhaoin chónaithe atá suite laistigh de chríoch Ballstáit, i gcás inar fhoilsigh údarás inniúil an Bhallstáit sin fianaise a léiríonn go bhfuil margadh maoine cónaithe atá dea-fhorbartha agus seanbhunaithe sa chríoch sin ag a bhfuil rátaí caillteanais nach mó ná na teorainneacha seo a leanas:
caillteanais a eascraíonn ó iasachtú atá comhthaobhaithe le maoin chónaithe suas go dtí 80 % den mhargadhluach nó ní sháraíonn 80 % den luach iasachta morgáiste, mura gcinntear a mhalairt faoi Airteagal 124(2), 0.3 % de na hiasachtaí gan íoc atá comhthaobhaithe le maoin chónaithe in aon bhliain faoi leith;
caillteanais fhoriomlána a eascraíonn ó iasachtú atá comhthaobhaithe le maoin chónaithe nach mó ná 0.5 % de na hiasachtaí gan íoc atá comhthaobhaithe le maoin chónaithe in aon bhliain faoi leith.
Airteagal 126
Risíochtaí arna n-urrú go hiomlán le morgáistí ar mhaoin thráchtála dhochorraithe
Mura gcinneann na húdaráis inniúla a mhalairt i gcomhréir le hAirteagal 124(2), is mar seo a leanas a láimhseálfar risíochtaí arna n-urrú go hiomlán le morgáistí ar mhaoin thráchtála dhochorraithe:
féadfar ualú priacal cothrom le 50 % a shannadh do risíochtaí nó d'aon chuid de risíocht arna n-urrú go hiomlán le morgáistí ar oifigí nó ar áitribh thráchtála eile;
féadfar ualú priacal cothrom le 50 % a shannadh do risíochtaí a bhaineann le hidirbhearta léasaithe maoine maidir le hoifigí nó áitribh thráchtála eile faoinarb í an institiúid an léasóir agus tá sé de rogha ag an tionónta í a cheannach, ar an gcoinníoll go bhfuil an risíocht ar an institiúid urraithe go hiomlán lena húinéireacht ar an maoin.
Ní mheasfaidh institiúidí go bhfuil risíocht nó aon chuid de risíocht urraithe go hiomlán chun críocha mhír 1, ach amháin nuair a chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
ní bheidh luach na maoine ag brath go hábhartha ar cháilíocht chreidmheasa an iasachtaí. Féadfaidh institiúidí cásanna a fhágáil ar lár i gcás go mbíonn tionchar ag tosca atá go hiomlán maicreacnamaíoch ar luach na maoine agus ar fheidhmíocht an iasachtaí araon óna gcinneadh maidir le hábharthacht spleáchais den sórt sin;
ní bheidh priacal an iasachtaí ag brath go hábhartha ar fheidhmíocht na maoine nó an tionscadail a fholuíonn é, ach ar chumas foluiteach an iasachtaí an fiachas a aisíoc ó fhoinsí eile, agus mar iarmhairt air sin, ní bheidh aisíoc na saoráide ag brath go hábhartha ar aon sreabhadh airgid arna ghiniúint ag an maoin fholuiteach agus í ag fónamh mar chomhthaobhacht.
comhlíontar na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 208 agus na rialacha luachála atá leagtha amach in Airteagal 229(1);
Déanfar ualú priacal cothrom le 50 %, mura bhforáiltear a mhalairt faoi Airteagal 124(2), a shannadh don chuid sin den iasacht nach mó ná 50 % de mhargadhluach na maoine nó 60 %, mura bhforáiltear a mhalairt faoi Airteagal 124(2), de luach iasachta morgáiste na maoine atá i gceist sna Ballstáit sin inar leagadh síos critéir dhiana i bhforálacha reachtúla nó rialála chun measúnú a dhéanamh ar an luach iasachta morgáiste.
Féadfaidh institiúidí pointe (b) de mhír 2 a mhaolú i gcás risíochtaí arna n-urrú go hiomlán le morgáistí ar mhaoin thráchtála dhochorraithe atá suite laistigh de chríoch Ballstáit, i gcás inar fhoilsigh údarás inniúil an Bhallstáit sin fianaise a léiríonn go bhfuil margadh maoine dochorraithe atá dea-fhorbartha agus seanbhunaithe sa chríoch sin ag a bhfuil rátaí caillteanais nach sáraíonn na teorainneacha seo a leanas:
caillteanais a eascraíonn ó iasachtú atá comhthaobhaithe le maoin thráchtála dhochorraithe suas go dtí 50 % den mhargadhluach nó nach sáraíonn 60 % den luach iasachta morgáiste mura gcinntear a mhalairt faoi Airteagal 124(2) 0,3 % de na hiasachtaí gan íoc atá comhthaobhaithe le maoin thráchtála dhochorraithe;
caillteanais fhoriomlána a eascraíonn ó iasachtú atá comhthaobhaithe le maoin thráchtála dhochorraithe nach mó ná 0.5 % de na hiasachtaí gan íoc atá comhthaobhaithe le maoin thráchtála dhochorraithe.
Airteagal 127
Risíocht ar mhainneachtain
I gcás na coda neamhurraithe d'aon ítim ar ina leith a mhainnigh an t-oibleagáideoir i gcomhréir le hAirteagal 178, nó i gcás risíochtaí ar mhiondíol, sannfar ualú priacail atá cothrom leis na nithe seo a leanas don chuid neamhurraithe d'aon saoráid chreidmheasa a mhainnigh i gcomhréir le hAirteagal 178:
150 %, i gcás ina mbeadh suim na gcoigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa agus na méideanna arna n-asbhaint i gcomhréir le pointe (m) d'Airteagal 36(1) níos lú ná 20 % den chuid neamhurraithe de luach na risíochta dá mba rud é nár cuireadh na coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa agus na hasbhaintí sin i bhfeidhm;
100 %, i gcás nach mbeadh suim na gcoigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa agus na méideanna arna n-asbhaint i gcomhréir le pointe (m) d'Airteagal 36(1) níos lú ná 20 % den chuid neamhurraithe de luach na risíochta dá mba rud é nár cuireadh na coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa agus na hasbhaintí sin i bhfeidhm.
Airteagal 128
Ítimí a mbaineann priacal fíor-ard leo
Chun críocha an Airteagail seo, láimhseálfaidh institiúidí aon cheann de na risíochtaí seo a leanas ar aon dul le risíochtaí a mbaineann priacal fíor-ard leo:
infheistíochtaí i ngnólachtaí caipitil fiontair, ach amháin i gcás ina láimhseáiltear na hinfheistíochtaí sin i gcomhréir le hAirteagal 132;
infheistíochtaí i gcothromas príobháideach, ach amháin i gcás ina láimhseáiltear na hinfheistíochtaí sin i gcomhréir le hAirteagal 132;
maoiniú amhantrach maoine dochorraithe.
Agus measúnú á dhéanamh féachaint an bhfuil baint ag risíocht seachas risíochtaí dá dtagraítear i mír 2 le priacal fíor-ard, cuirfidh institiúidí na saintréithe priacal seo a leanas san áireamh:
tá priacal ard caillteanais ann mar thoradh ar mhainneachtain an oibleagáideora;
ní féidir a mheas go leormhaith an dtagann an risíocht faoi phointe (a).
Eiseoidh ÚBE treoirlínte ag sonrú cé na cineálacha risíochtaí a bhfuil priacal fíor-ard ag baint leo agus na dálaí faoina bhfuil sé sin amhlaidh.
Glacfar leis na treoirlínte sin i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 129
Risíochtaí i bhfoirm bannaí faoi chumhdach
Le bheith incháilithe don láimhseáil fhabhrach atá leagtha amach i mír 4 agus i mír 5, comhlíonfar leis na bannaí dá dtagraítear in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE (bannaí faoi chumhdach) na ceanglais a leagtar amach i mír 7 agus déanfar iad a chomhthaobhú le haon cheann de na sócmhainní incháilithe seo a leanas:
risíochtaí ar nó ráthaithe ag rialtais láir, bainc cheannais CEBC, eintitis san earnáil phoiblí, rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla san Aontas;
risíochtaí ar nó ráthaithe ag rialtais láir tríú tíortha, bainc cheannais tríú tíortha, bainc forbartha iltaobhacha, eagraíochtaí idirnáisiúnta a cháilíonn do bheart cáilíochta creidmheasa 1 mar atá leagtha amach sa Chaibidil seo, agus risíochtaí ar nó ráthaithe ag eintitits na hearnála poiblí tríú tíortha, rialtais réigiúnacha tríú tíortha nó údaráis áitiúla tríú tíortha atá ualaithe ó thaobh priacal mar risíochtaí ar institiúidí nó ar rialtais láir nó ar bhainc cheannais i gcomhréir le hAirteagal 115(1) nó (2), nó le hAirteagal 116(1), (2) nó (4) faoi seach agus a cháilíonn don bheart cáilíochta creidmheasa 1 mar atá leagtha amach sa Chaibidil seo, agus risíochtaí i gcomhthéacs an phointe seo a cháilíonn do bheart cáilíochta creidmheasa 2 mar atá leagtha amach sa Chaibidil seo, ar an gcoinníoll nach mó iad ná 20 % de mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag institiúidí eisiúna;
risíochtaí ar institiúidí a cháilíonn do bheart cáilíochta creidmheasa 1 mar atá leagtha amach sa Chaibidil seo. Ní bheidh risíocht iomlán den sórt sin níos mó ná 15 % de mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag an institiúid eisiúna. Ní bheidh risíochtaí ar institiúidí san Aontas a bhfuil aibíocht nach mó ná 100 lá ag gabháil leo cuimsithe faoi cheanglas bheart 1 ach cáileoidh na hinstitiúidí sin ar a laghad do bheart cáilíochta creidmheasa 2 mar atá leagtha amach sa Chaibidil seo;
iasachtaí a urraítear leis an méid a leanas:
maoin chónaithe suas go dtí an méid is ísle as méideanna phríomhshuimeanna na lian atá cónasctha le haon lian roimhe sin agus 80 % de luach na maoine atá curtha i ngeall; nó
aonaid shinsearacha a eiseoidh Fonds Communs de Titrisation na Fraince nó eintitis urrúsaithe coibhéiseacha a rialaítear le dlíthe Ballstáit a dhéanann urrúsú ar risíochtaí ar mhaoin chónaithe. I gcás ina n-úsáidtear aonaid shinsearacha den sórt sin mar chomhthaobhacht, áiritheoidh an mhaoirseacht phoiblí speisialta chun sealbhóirí bannaí a chosaint mar a ndéantar foráil di in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE go mbeidh na sócmhainní a fholuíonn aonaid den sórt sin, aon tráth le linn dóibh a bheidh áirithe sa chomhthiomsú cumhdaigh, comhdhéanta de 90 % ar a laghad de mhorgáistí ar mhaoin chónaithe atá cónasctha le haon lian roimhe sin suas go dtí an méid is ísle as méideanna na bpríomhshuimeanna atá dlite faoi na haonaid, méideanna phríomhshuimeanna na lian, agus 80 % de luach na maoine atá curtha i ngeall, go gcáileoidh na haonaid do bheart cáilíochta creidmheasa 1 mar atá leagtha amach sa Chaibidil seo agus nach mó aonaid den sórt sin ná 10 % de mhéid ainmniúil na heisiúna gan íoc.
iasachtaí cónaithe arna n-urrú ag soláthraí cosanta incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 201, a cháilíonn le haghaidh céim 2 den cháilíocht chreidmheasa nó os a chionn, mar a leagtar amach sa Chaibidil seo, i gcás nach mbeidh an chuid de gach ceann de na hiasachtaí a úsáidtear chun an gceanglas a leagtar amach sa mhír seo maidir le hurrús comhthaobhach an bhanna faoi chumhdach a chomhlíonadh níos mó ná 80 % de luach na maoine cónaithe comhfhreagraí a bheidh lonnaithe sa Fhrainc, agus i gcás ina n-urramaítear cóimheas iasacht/ioncaim 33 % ar a mhéid i gcás ina gceadaítear iasacht. Ní bheidh níos mó lian morgáiste ar an maoin chónaithe nuair a cheadófar an iasacht, agus i gcás na n-iasachtaí a cheadófar ón 1 Eanáir 2014, beidh an t-iasachtaí faoi cheangal conarthach gan liain mar sin a cheadú gan toiliú ón institiúid chreidmheasa a cheadaíonn an iasacht. Seasann an cóimheas iasachta/ioncaim do sciar d'ollioncam an iasachtaí lena gcumhdaítear aisíoc na hiasachta, ús san áireamh. Is institiúid airgeadais a bheidh údaraithe ag na húdaráis inniúla agus a ndéanfaidh na húdaráis maoirseacht orthu a bheidh i soláthraí na cosanta agus beidh sí faoi réir ceanglas stuamachta atá inchomparáide leo sin a chuirtear i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí i dtéarmaí stóinseachta institiúide nó gnóthais árachais. Bunóidh sé comhchiste ráthaíochta nó cosaint choibhéiseach do ghnóthais árachais chun caillteanais priacal creidmheas a sheasamh, agus déanfaidh na húdaráis inniúla an calabrú a athbhreithniú ar bhonn tréimhsiúil. ►C2 Déanfaidh an institiúid chreidmheasa agus soláthraí na cosanta araon measúnú ar acmhainneacht creidmheasa ar an iasachtaí; ◄
iasachtaí a urraítear leis an méid a leanas:
maoin thráchtála dhochorraithe suas go dtí an méid is ísle as méideanna phríomhshuimeanna na lian atá cónasctha le haon lian roimhe sin agus 60 % de luach na maoine atá curtha i ngeall; nó
aonaid shinsearacha a eiseoidh Fonds Communs de Titrisation na Fraince nó eintitis urrúsaithe coibhéiseacha a rialaítear le dlíthe Ballstáit a dhéanann urrúsú ar risíochtaí ar mhaoin thráchtála dhochorraithe. I gcás ina n-úsáidtear aonaid shinsearacha den sórt sin mar chomhthaobhacht, áiritheoidh an mhaoirseacht phoiblí speisialta chun sealbhóirí bannaí a chosaint mar a ndéantar foráil di in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE go mbeidh na sócmhainní a fholuíonn aonaid den sórt sin, aon tráth le linn dóibh a bheidh áirithe sa chomhthiomsú cumhdaigh, comhdhéanta de 90 % ar a laghad de mhorgáistí ar mhaoin thráchtála atá cónasctha le haon lian roimhe sin suas go dtí an méid is ísle as méideanna na bpríomhshuimeanna atá dlite faoi na haonaid, méideanna phríomhshuimeanna na lian, agus 60 % de luach na maoine atá curtha i ngeall, go gcáileoidh na haonaid do bheart cáilíochta creidmheasa 1 mar atá leagtha amach sa Chaibidil seo agus nach mó aonaid den sórt sin ná 10 % de mhéid ainmniúil na heisiúna gan íoc.
Tá iasachtaí arna n-urrú le maoin thráchtála dhochorraithe incháilithe i gcás ina ndéantar an cóimheas Iasachta/Luacha 60 % a shárú suas go dtí uasleibhéal 70 % más mó ná 10 % ar a laghad an sárú a dhéanann luach na sócmhainní iomlána atá curtha i ngeall mar chomhthaobhacht do na bannaí faoi chumhdach ar an méid ainmniúil gan íoc ar an mbanna faoi chumhdach, agus go gcomhlíonann éileamh na sealbhóirí bannaí na ceanglais maidir le deimhneacht dhlíthiúil atá leagtha amach i gCaibidil 4. Beidh tús áite ag éileamh na sealbhóirí bannaí thar gach éileamh eile a dhéanfar ar an gcomhthaobhacht.
iasachtaí a urraítear le liain mhuirí ar longa suas go dtí an difríocht idir 60 % de luach na longa atá curtha i ngeall agus luach aon lian muirí a bhí ann roimhe sin.
Chun críocha phointí (c), (d)(ii) agus (f)(ii) den chéad fhomhír, ní bheidh ceangal na teorainneacha dá dtagraítear thuas a ríomh i gcás a tharla de dhroim tharchur agus bhainistiú íocaíochtaí na n-oibleagáideoirí i leith iasachtaí, nó de bharr fáltais leachtacha maidir le hiasachtaí, arna n-urrú le maoin na n-aonad sinsearach atá curtha i ngeall nó na n-urrús fiachais.
Féadfaidh na húdaráis inniúla, tar éis dul i gcomhairle le ÚBE, cur i bhfeidhm pointe (c) den chéad fhomhír a tharscaoileadh i bpáirt agus céim 2 den cháilíocht chreidmheasa a cheadú suas go dtí 10 % den risíocht iomlán ar mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag an institiúid eisiúna, ar an gcoinníoll gur féidir fadhbanna móra comhchruinnithe a d'fhéadfadh tarlú sna Ballstáit lena mbaineann a dhoiciméadú mar gheall ar fheidhmiú an cheanglais faoi bheart cáilíochta creidmheasa 1 dá dtagraítear sa phointe sin.
I gcás bannaí faoi chumhdach a bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú priacal a shannadh dóibh i gcomhréir le Tábla 6a a chomhfhreagraíonn don mheasúnú creidmheasa a rinne an IMCS i gcomhréir le hAirteagal 136.
Tábla 6a
|
Céim na cáilíochta creidmheasa |
1 |
2 |
3 |
4 |
5 |
6 |
|
Ualú priacal |
10 % |
20 % |
20 % |
50 % |
50 % |
100 % |
I gcás bannaí faoi chumhdach nach bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú priacal a shannadh dóibh ar bhonn an ualaithe priacal a sannadh do risíochtaí neamhurraithe sinsearacha ar an institiúid a eisíonn iad. Beidh feidhm ag an gcomhfhreagairt seo a leanas idir ualaí priacal:
má dhéantar ualú priacal 20 % a shannadh do na risíochtaí ar an institiúid, déanfar ualú priacal 10 % a shannadh don bhanna faoi chumhdach;
má dhéantar ualú priacal 50 % a shannadh do na risíochtaí ar an institiúid, déanfar ualú priacal 20 % a shannadh don bhanna faoi chumhdach;
má dhéantar ualú priacal 100 % a shannadh do na risíochtaí ar an institiúid, déanfar ualú priacal 50 % a shannadh don bhanna faoi chumhdach;
má dhéantar ualú priacal 150 % a shannadh do na risíochtaí ar an institiúid, déanfar ualú priacal 100 % a shannadh don bhanna faoi chumhdach.
Tá risíochtaí i bhfoirm bannaí faoi chumhdach incháilithe don láimhseáil fhabhrach, ar an gcoinníoll go mbeidh an institiúid a bhfuil infheistíocht á déanamh aici sna bannaí faoi chumhdach in ann an méid a leanas a léiriú do na húdaráis inniúla:
go bhfaigheann sí faisnéis punainne maidir leis an méid a leanas ar a laghad:
luach an chomhthiomsaithe chumhdaigh agus na mbannaí faoi chumhdach gan íoc;
dáileadh geografach agus cineál na sócmhainní cumhdaigh, méid na hiasachta, an ráta úis agus priacail airgeadra;
struchtúr aibíochta na sócmhainní cumhdaigh agus na bannaí faoi chumhdach; agus
céatadán na n-iasachtaí atá níos mó ná nócha lá thar téarma;
cuireann an t-eisitheoir an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) ar fáil don institiúid ar a laghad dhá uair sa bhliain.
Airteagal 130
Ítimí atá in ionannas le suímh urrúsaithe
Déanfar méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i dtaca le suímh urrúsaithe a chinneadh i gcomhréir le Caibidil 5.
Airteagal 131
Risíochtaí ar institiúidí agus ar chorparáidí a bhfuil measúnú creidmheasa gearrthéarmach acu
I gcás risíochtaí ar institiúidí agus ar chorparáidí a bhfuil measúnú creidmheasa gearrthéarmach a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú priacal a shannadh dóibh i gcomhréir le Tábla 7 a chomhfhreagraíonn don mheasúnú creidmheasa a rinne an IMCS i gcomhréir le hAirteagal 136.
Tábla 7
|
Céim Cáilíochta Creidmheasa |
1 |
2 |
3 |
4 |
5 |
6 |
|
Ualú priacal |
20 % |
50 % |
100 % |
150 % |
150 % |
150 % |
Airteagal 132
Ceanglais cistí dílse do risíochtaí atá i bhfoirm aonad nó scaireanna i GCanna
Faoi réir Airteagal 132b(2), na hinstitiúidí sin nach gcuirfidh cur chuige na trédhearcachta ná an cur chuige bunaithe ar shainordú i bhfeidhm, sannfaidh siad ualú priacail 1 250 % (“cur chuige cúltaca”) ar na risíochtaí sin dá gcuid atá i bhfoirm aonad nó scaireanna i GC.
Féadfaidh institiúidí méid risíochta a risíochtaí féin atá ualaithe ó thaobh priacal i bhfoirm aonad nó scaireanna i GC a ríomh trí na cineálacha cur chuige dá dtagraítear sa mhír seo a chomhcheangal, ar chuntar go gcomhlíonfar na coinníollacha maidir leis na cineálacha cur chuige sin a úsáid.
Féadfaidh institiúidí méid risíochta risíochtaí GC atá ualaithe ó thaobh priacal a chinneadh i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige a leagtar amach in Airteagal 132a i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
is ceann díobh seo a leanas an GC sin:
gnóthas le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) atá faoi rialú ag Treoir 2009/65/CE;
ciste infheistíochta malartach (CIM) faoi bhainistiú bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha de chuid an Aontais Eorpaigh (BCIM AE) atá cláraithe faoi Airteagal 3(3) de Threoir 2011/61/AE;
CIM faoi bhainistiú BCIM AE atá údaraithe faoi Airteagal 6 de Threoir 2011/61/AE;
CIM faoi bhainistiú BCIM neamh-AE atá údaraithe faoi Airteagal 37 de Threoir 2011/61/AE;
CIM neamh-AE faoi bhainistiú BCIM neamh-AE atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 42 de Threoir 2011/61/AE;
CIM neamh-AE nach margaítear san Aontas faoi bhainistiú BCIM neamh-AE atá bunaithe i dtríú tír a chumhdaítear faoi ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 67(6) de Threoir 2011/61/AE;
áirítear an méid seo a leanas i réamheolaire an GC sin nó ina choibhéis de dhoiciméad:
na catagóirí sócmhainní a bhfuil údarú ag an GC sin infheistiú iontu;
na teorainneacha coibhneasta agus na modheolaíochtaí chun iad a ríomh, más rud é go bhfuil feidhm ag teorainneacha infheistíochta;
tá nósanna tuairiscithe an GC nó chuideachta bainistíochta an GC sin don institiúid i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:
déanfar risíochtaí an GC sin a thuairisciú chomh minic céanna, ar a laghad, le risíochtaí na hinstitiúide;
is leor gráinneacht na faisnéise airgeadais le gur féidir leis an institiúid méid risíochta an GC sin atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige a roghnóidh an institiúid;
déanfaidh tríú páirtí neamhspleách faisnéis faoi na risíochtaí foluiteacha a fhíorú i gcás ina gcuirfidh an institiúid cur chuige na trédhearcachta i bhfeidhm.
De mhaolú ar phointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh bainc forbartha iltaobhacha agus bainc forbartha déthaobhacha agus institiúidí eile a chomhinfheistíonn i GC le bainc forbartha iltaobhacha nó déthaobhacha méid risíochta risíochtaí GC atá ualaithe ó thaobh priacal a chinneadh i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach in Airteagal 132a, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (b) agus (c) den chéad fhomhír den mhír seo agus de réir teorannacha i sainordú infheistíochta GC nach féidir leis an GC sin infheistiú a dhéanamh in aon chineál sócmhainní eile seachas sócmhainní a chuireann forbairt inbhuanaithe chun cinn i dtíortha atá i mbéal forbartha.
Tabharfaidh institiúidí fógra dá n-údarás inniúil faoi na GCanna sin a gcuireann siad na coinníollacha dá dtagraítear sa dara fomhír i bhfeidhm orthu.
De mhaolú ar phointe (c)(i) den chéad fhomhír, i gcás ina gcinnfidh an institiúid méid risíochta risíochtaí GC atá ualaithe ó thaobh priacal i gcomhréir leis an gcur chuige sainordú-bhunaithe, féadfar tuairisciú an GC sin nó chuideachta bainistíochta an GC sin don institiúid a theorannú do shainordú infheistíochta an GC sin agus d'aon athruithe ina leith agus ní fhéadfar an tuairisciú a dhéanamh ach amháin i gcás ina dtabhóidh an institiúid an risíocht don GC sin den chéad uair agus nuair a bheidh athrú ar shainordú infheistíochta an GC sin.
Féadfaidh institiúidí nach bhfuil leordhóthain sonraí nó faisnéise acu chun méid risíochta risíochtaí GC atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige a leagtar amach in Airteagal 132a, féadfaidh siad brath ar ríomhanna atá déanta ag tríú páirtí, ar chuntar go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
is ceann díobh seo a leanas an tríú páirtí:
institiúid taisclainne nó institiúid taisclainne airgeadais an GC ar chuntar go ndéanfaidh an GC infheistíocht eisiach in urrúis agus go ndéanfaidh sí gach urrús a chur i dtaisce san institiúid taisclainne sin nó san institiúid taisclainne airgeadais sin;
maidir le GCanna nach gcumhdaítear le pointe (i) den phointe seo, cuideachta bainistíochta an GC sin, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an chuideachta an coinníoll a leagtar amach i bpointe (a) de mhír 3;
déanfaidh an tríú páirtí an ríomh i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige a leagtar amach in Airteagal 132a(1), (2) nó (3) de réir mar is infheidhme;
deimhneoidh iniúchóir seachtrach cruinneas an ríomha a rinne an tríú páirtí.
Institiúidí a bheidh ag brath ar ríomhanna atá déanta ag tríú páirtí, déanfaidh siad an méid risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, de risíochtaí GC a thiocfaidh as na ríomhanna sin a iolrú faoi fhachtóir 1,2.
De mhaolú ar an dara fomhír, i gcás ina mbeidh rochtain neamhshrianta ag an institiúid ar ríomhanna mionsonraithe arna ndéanamh ag an tríú páirtí, ní bheidh feidhm ag an bhfachtóir 1,2. Tabharfaidh an institiúid na ríomhanna sin dá húdarás inniúil arna iarraidh sin uirthi.
déanfaidh na hinstitiúidí luach a n-aonad nó scaireanna i GC a thomhas ar chostas stairiúil ach déanfaidh siad luach sócmhainní foluiteacha an GC a thomhas ar luach cóir má chuireann siad cur chuige na trédhearcachta i bhfeidhm;
ní dhéanfaidh athrú i margadhluach na n-aonad nó na scaireanna ar a ndéanfaidh na hinstitiúidí an luach ar chostas stairiúil a thomhas aon difríocht do mhéid chistí dílse na n-institiúidí sin ná don luach risíochta a bhaineann leis na sealúchais sin.
Airteagal 132a
Cineálacha cur chuige chun na méideanna risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, de GCanna a ríomh
Chun críocha na chéad fhomhíre, déanfaidh na hinstitiúidí na ríomhanna, á ghlacadh leis go dtabhóidh an GC sin ar dtús risíochtaí go dtí an t-uasmhéid a cheadaítear dó faoina shainordú nó faoin reachtaíocht ábhartha sna risíochtaí a mbaineann an ceanglas cistí dílse is airde leo agus go leanfaidh siad de bheith ag tabhú risíochtaí in ord íslitheach go dtí go sroichfear an uasteorainn risíochta iomlán, agus go gcuirfidh an GC sin luamhánú i bhfeidhm go dtí an t-uasmhéid a cheadaítear dó faoina shainordú nó faoin dlí ábhartha, i gcás inarb infheidhme.
Déanfaidh institiúidí na ríomhanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach sa Chaibidil seo, i gCaibidil 5 den Teideal seo, agus i Roinn 3, i Roinn 4 nó i Roinn 5 de Chaibidil 6 den Teideal seo.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, agus an ceanglas cistí dísle do dhíorthach priacail ó choigeartú luachála creidmheasa á ríomh aici, féadfaidh institiúid risíochtaí a eisiamh ón ríomh sin nach mbeadh faoi réir an cheanglais i gcás inar thabhaigh an institiúid go díreach iad.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Márta 2020.
Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 132b
Eisiaimh ó na cineálacha cur chuige chun na méideanna risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, de chuid GCanna a ríomh
Airteagal 132c
Risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe ar GCanna a láimhseáil
Ríomhfaidh institiúidí méid na risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal maidir lena n-ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe ag a bhfuil an fhéidearthacht risíochtaí a chomhshó i bhfoirm aonad nó scaireanna i GC trí luachanna risíochta na risíochtaí sin a iolrú, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 111, ag a bhfuil an t-ualú priacail seo a leanas:
►C7 do gach risíocht a mbaineann na hinstitiúidí úsáid as ceann de na cineálacha cur chuige a leagtar amach in Airteagal 132a ina leith: ◄
nuair:
|
|
= |
an t-ualú priacail; |
|
i |
= |
an t-innéacs lena gcuirtear an GC in iúl: |
|
RWAEi |
= |
an tsuim arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 132a maidir le GCi; |
|
|
= |
luach risíochta na risíochtaí GCi; |
|
Ai |
= |
luach cuntasaíochta na sócmhainní GCi; agus |
|
EQi |
= |
luach cuntasaíochta chothromas GCi. |
Ríomhfaidh institiúidí an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe a thagann as na gealltanais íosluacha a chomhlíonfaidh na coinníollacha go léir a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo trí luach risíochta na risíochtaí a iolrú faoi fhachtóir coinbhéartaithe de 20 % agus an t-ualú priacail a dhíorthaítear faoi Airteagal 132 nó 152.
Cinnfidh institiúidí an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe a eascraíonn ó ghealltanais íosluacha i gcomhréir le mír 2 i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
is ionann risíocht lasmuigh de chlár comhardaithe na hinstitiúide agus gealltanas íosluacha chun infheistíocht a dhéanamh in aonaid nó scaireanna de chuid GC amháin nó níos mó nach bhfuil oibleagáid dá réir ar an institiúid ach íocaíocht a dhéanamh de réir an ghealltanais íosluacha i gcás ina bhfuil margadhluach risíochtaí foluiteacha an GC nó na GCanna faoi bhun tairseach réamhshocraithe ag ceann amháin nó níos mó de na pointí in am, mar a shonraítear sa chonradh;
is GC é aon cheann díobh seo a leanas:
GCUI mar a shainmhínítear i dTreoir 2009/65/CE; nó
CIM mar a shainmhínítear i bpointe (a) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE nach n-infheistíonn ach in urrúis inaistrithe amháin nó i sócmhainní so-aistrithe airgeadais eile dá dtagraítear in Airteagal 50(1) de Threoir 2009/65/CE, i gcás nach gceadaítear faoi shainordú an CIM luamhánú níos airde ná mar a cheadaítear faoi Airteagal 51(3) de Threoir 2009/65/CE;
cumhdaíonn nó sáraíonn margadhluach reatha risíochtaí foluiteacha an GC is bun leis an ngealltanas íosluacha gan aird a thabhairt ar éifeacht gealltanais íosluacha atá lasmuigh den chlár comhardaithe an luach reatha atá ar an tairseach a shonraítear sa ghealltanas íosluacha;
i gcás ina laghdóidh barrachas margadhluacha risíochtaí foluiteacha an GC nó na GCanna i gcomparáid le luach reatha an ghealltanais íosluacha, féadfaidh an institiúid, nó gnóthas eile a mhéid is atá sé clúdaithe ag an maoirseacht ar bhonn comhdhlúite a bhfuil an institiúid féin faoina réir, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Treoir 2013/36/AE nó Treoir 2002/87/CE, tionchar a imirt ar chomhdhéanamh risíochtaí foluiteacha an GC nó na GCanna nó teorainn a chur leis na féidearthachtaí maidir le laghdú breise ar an mbarrachas i slite eile;
is cliant miondíola mar a shainmhínítear i bpointe 11 d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE é de ghnáth tairbhí deiridh díreach nó indíreach an ghealltanais íosluacha.
Airteagal 133
Risíochtaí ar chothromas
Measfar gur risíochtaí ar chothromas iad na risíochtaí seo a leanas:
risíochtaí ar neamhfhiachas a chuireann fo-éileamh iarmharach in iúl ar shócmhainní nó ar ioncam an eisitheora;
risíochtaí ar fhiachas agus urrúis eile, comhpháirtíochtaí, díorthaigh, nó uirlisí eile, a bhfuil a dtábhacht eacnamaíoch cosúil leis na risíochtaí atá sonraithe i bpointe (a).
Airteagal 134
Ítimí eile
Airteagal 135
Measúnuithe creidmheasa á n-úsáid ag IMCSanna
Airteagal 136
Measúnuithe creidmheasa an IMCS a mhapáil
Cuirfidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Iúil 2014 agus cuirfidh sé dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme athbhreithnithe faoi bhráid an Choimisiúin más gá.
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 faoi seach.
Nuair a bheidh mapáil na measúnuithe creidmheasa á cinneadh, comhlíonfaidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM na ceanglais seo a leanas:
d'fhonn idirdhealú a dhéanamh idir na céimeanna coibhneasta priacal a dhéantar le gach measúnú creidmheasa, déanfaidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM fachtóirí cainníochtúla a mheas amhail an ráta mainneachtana fadtéarmach a bhaineann le gach ítim a sanntar an measúnú creidmheasa céanna orthu. I gcás IMCSanna a bunaíodh le déanaí agus i gcás na IMCSanna sin nár thiomsaigh ach taifead gearr de shonraí mainneachtana, fiafróidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM den IMCS cad a chreideann sé an ráta mainneachtana fadtéarmach a bhaineann le gach ítim ar a sanntar an measúnú creidmheasa céanna a bheith;
d'fhonn idirdhealú a dhéanamh idir na céimeanna coibhneasta priacal arna sloinneadh ag gach measúnú creidmheasa, déanfaidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM fachtóirí cailíochtúla a mheas amhail an comhthiomsú eisitheoirí arna chumhdach ag an IMCS, raon na measúnuithe creidmheasa arna sannadh ag an IMCS, an bhrí atá le gach measúnú creidmheasa agus an sainmhíniú a thugann an IMCS ar mhainneachtain;
cuirfidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM na rátaí mainneachtana a bhí mar thoradh ar gach measúnú creidmheasa IMCS áirithe i gcomparáid le tagarmharc atá tógtha ar bhonn na rátaí mainneachtana a bhí mar thoradh ag IMCSanna eile maidir le líon eisitheoirí a léiríonn leibhéal coibhéiseach priacal creidmheasa;
i gcás ina bhfuil na rátaí mainneachtana a bhí mar thoradh ar mheasúnú creidmheasa IMCS áirithe níos airde ar bhonn ábhartha agus ar bhonn córasach ná an tagarmharc, déanfaidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM céim cáilíochta creidmheasa níos airde sa scála measúnaithe cáilíochta creidmheasa a shannadh do mheasúnú creidmheasa an IMCS;
i gcás ina bhfuil an t-ualú priacal gaolmhar ardaithe ag ÚBE, ag UAPGE agus ag ÚEUM do mheasúnú creidmheasa sonrach IMCS áirithe, agus i gcás nach bhfuil na rátaí mainneachtana a bhí mar thoradh ar mheasúnú creidmheasa an IMCS sin níos airde a thuilleadh ar bhonn ábhartha agus ar bhonn córasach ná an tagarmharc, féadfaidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM an chéim cáilíochta creidmheasa bhunaidh a chur ar ais sa scála measúnaithe cáilíochta creidmheasa do mheasúnú creidmheasa an IMCS.
Cuirfidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid na Choimisiúin faoin 1 Iúil 2014.
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 faoi seach.
Airteagal 137
Measúnuithe creidmheasa ó Ghníomhaireachtaí Creidmheasa Onnmhairiúcháin a úsáid
Chun críocha Airteagal 114, féadfaidh institiúidí measúnuithe creidmheasa ó Ghníomhaireacht Chreidmheasa Onnmhairiúcháin a d'ainmnigh an institiúid a úsáid, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
is scór priacal na coitiantachta é ó Ghníomhaireachtaí Creidmheasa Onnmhairiúcháin atá rannpháirteach sa 'Socrú maidir le Treoirlínte do Chreidmheasanna Onnmhairiúcháin a Fhaigheann Tacaíocht Oifigiúil' de chuid an ECFE;
foilsíonn an Ghníomhaireacht Chreidmheasa Onnmhairiúcháin a measúnuithe creidmheasa, agus glacann an Ghníomhaireacht Chreidmheasa Onnmhairiúcháin le modheolaíocht chomhaontaithe an ECFE, agus tá baint ag an measúnú creidmheasa le ceann de na hocht íosphréimheanna árachais onnmhairiúcháin a bhunaítear le modheolaíocht chomhaontaithe an ECFE. Féadfaidh institiúid a hainmniúchán de Ghníomhaireacht Chreidmheasa Onnmhairiúcháin a chúlghairm. Tabharfaidh institiúid bunús leis an gcúlghairm sin má tá tásca nithiúla ann gurb é atá mar aidhm bhunúsach aici na ceanglais maidir le leordhóthanacht chaipitil a laghdú.
I gcás risíochtaí a n-aithnítear measúnú creidmheasa ó Ghníomhaireacht Chreidmheasa Onnmhairiúcháin ina leith chun críocha ualaithe priacal, déanfar ualú priacal a shannadh dóibh i gcomhréir le Tábla 9.
Tábla 9
|
MEIP |
0 |
1 |
2 |
3 |
4 |
5 |
6 |
7 |
|
Ualú priacal |
0 % |
0 % |
20 % |
50 % |
100 % |
100 % |
100 % |
150 % |
Airteagal 138
Ceanglais ghinearálta
Féadfaidh institiúid IMCS amháin nó níos mó a ainmniú a úsáidfear chun ualú priacal a bheidh le sannadh d'ítimí sócmhainne agus d'ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe a chinneadh. Féadfaidh institiúid a hainmniúchán de Ghníomhaireacht Chreidmheasa Onnmhairiúcháin a chúlghairm. Tabharfaidh institiúid bunús leis an gcúlghairm sin má tá tásca nithiúla ann gurb é atá mar aidhm bhunúsach aici na ceanglais maidir le leordhóthanacht chaipitil a laghdú. Ní úsáidfear na measúnuithe creidmheasa ar bhonn roghnaitheach. Úsáidfidh institiúid measúnuithe creidmheasa atá iarrtha. Ní fhéadfaidh sí measúnuithe creidmheasa gan iarraidh a úsáid, áfach, ach amháin má tá sé deimhnithe ag ÚBE nach bhfuil difríocht ó thaobh cáilíochta idir measúnuithe creidmheasa gan iarraidh de IMCS agus measúnuithe creidmheasa den IMCS sin atá iarrtha. Diúltóidh ÚBE nó cúlghairfidh sé an deimhniú sin go háirithe má tá measúnú creidmheasa gan iarraidh úsáidte ag an IMCS chun brú a chur ar an eintiteas rátáilte ord a chur isteach le haghaidh measúnaithe creidmheasa nó seirbhísí eile. Agus measúnú creidmheasa á úsáid, comhlíonfaidh institiúidí na ceanglais seo a leanas:
maidir le hinstitiúid a chinnfidh na measúnuithe creidmheasa arna ndéanamh ag IMCS a úsáid d'aicme áirithe ítimí, úsáidfidh sí na measúnuithe creidmheasa sin ar bhonn comhsheasmhach maidir leis na risíochtaí go léir atá san aicme sin;
maidir le hinstitiúid a chinnfidh na measúnuithe creidmheasa arna ndéanamh ag IMCS a úsáid, úsáidfidh sí iad ar bhealach leanúnach agus comhsheasmhach le himeacht ama;
ní úsáidfidh institiúid ach measúnuithe creidmheasa de chuid IMCS ina gcuirtear san áireamh na méideanna go léir, i bhfoirm príomhshuime agus úis, atá dlite di;
i gcás nach bhfuil ach measúnú creidmheasa amháin ar fáil ó IMCS ainmnithe a bhaineann le hítim rátáilte, úsáidfear an measúnú creidmheasa sin chun an t-ualú priacal don ítim sin a chinneadh;
i gcás ina bhfuil dhá mheasúnú creidmheasa ar fáil ó IMCSanna ainmnithe agus go gcomhfhreagraíonn an dá cheann d'ualú priacal éagsúil le haghaidh ítime rátáilte, déanfar an t-ualú priacal is airde a shannadh;
i gcás ina bhfuil níos mó ná dhá mheasúnú creidmheasa ar fáil ó IMCSanna ainmnithe a bhaineann le hítim rátáilte, tagrófar don dá mheasúnú a ghineann an dá ualú priacal is ísle. Má tá an dá ualú priacal is ísle éagsúil, déanfar an t-ualú priacal is airde díobh a shannadh. Más ionann an dá ualú priacal is ísle, déanfar an t-ualú priacal sin a shannadh.
Airteagal 139
Measúnú creidmheasa an eisitheora agus na heisiúna
I gcás nach bhfuil aon mheasúnú creidmheasa atá infheidhme go díreach ann a bhaineann le hítim áirithe, ach go bhfuil measúnú creidmheasa ann a bhaineann le clár sonrach nó le saoráid shonrach eisiúna nach leis nó léi an ítim arb í an risíocht í nó go bhfuil measúnú ginearálta creidmheasa ann a bhaineann leis an eisitheoir, úsáidfear an measúnú creidmheasa sin i gceachtar de na cásanna seo a leanas:
léiríonn sé ualú priacal níos airde ná mar a bheadh amhlaidh thairis sin agus rangaítear an risíocht atá i gceist ar chomhchéim nó ar chéim níos sóisearaí i ngach cás i gcomparáid leis an gclár sonrach nó leis an tsaoráid shonrach eisiúna nó le risíochtaí neamhurraithe sinsearacha an eisitheora sin, de réir mar is iomchuí;
léiríonn sé ualú priacal níos ísle agus rangaítear an risíocht atá i gceist ar chomhchéim nó ar chéim níos sinsearaí i ngach cás i gcomparáid leis an gclár sonrach nó leis an tsaoráid shonrach eisiúna nó le risíochtaí neamhurraithe sinsearacha an eisitheora sin, de réir mar is iomchuí.
I ngach cás eile, láimhseálfar an risíocht mar risíocht gan rátáil.
Airteagal 140
Measúnuithe creidmheasa fadtéarmacha agus gearrthéarmacha
Ní bheidh feidhm ag aon mheasúnú creidmheasa gearrthéarmach ach amháin maidir leis an ítim a dtagraíonn an measúnú creidmheasa gearrthéarmach dó, agus ní úsáidfear é chun ualú priacal a dhíorthú maidir le hítim eile, cé is moite de na cásanna seo a leanas:
má dhéantar ualú priacal 150 % a shannadh do shaoráid rátáilte ghearrthéarmach, déanfar ualú priacal 150 % a shannadh freisin do gach risíocht neamhurraithe gan rátáil maidir leis an oibleagáideoir sin, bíodh siad gearrthéarmach nó fadtéarmach;
má dhéantar ualú priacal 50 % a shannadh do shaoráid rátáilte ghearrthéarmach, ní dhéanfar ualú priacal níos ísle ná 100 % a shannadh d'aon risíocht ghearrthéarmach gan rátáil.
Airteagal 141
Ítimí airgeadra intíre agus eachtraigh
Ní féidir measúnú creidmheasa a thagraíonn d'ítim atá ainmnithe in airgeadra intíre an oibleagáideora a úsáid chun ualú priacal a dhíorthú do risíocht eile maidir leis an oibleagáideoir céanna sin atá ainmnithe in airgeadra eachtrach.
Nuair a thagann risíocht chun cinn trí rannpháirtíocht institiúide in iasacht arna shíneadh ag banc forbartha iltaobhach a n-aithnítear a stádas mar chreidiúnaí tosaíochta sa mhargadh, féadfar an measúnú creidmheasa ar ítim airgeadra intíre an oibleagáideora a úsáid ar mhaithe le hualú ó thaobh priacal a dhéanamh.
CAIBIDIL 3
Cur Chuige Bunaithe ar Rátálacha Inmheánacha
Airteagal 142
Sainmhínithe
Chun críocha na Coda seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn 'córas rátála' gach modh, próiseas, rialuithe, córas bailiúcháin sonraí agus TF a thacaíonn le priacal creidmheasa a mheasúnú, risíochtaí a shannadh do ghráid nó do chomhthiomsuithe rátála, agus meastacháin ar mhainneachtain agus ar chaillteanais a forbraíodh le haghaidh cineálacha áirithe risíochtaí a chainníochtú;
ciallaíonn cineál risíochtaí' grúpa risíochtaí arna mbainistiú go haonchineálach agus atá foirmithe ag cineál áirithe saoráidí agus a fhéadfaidh a bheith teoranta d'eintiteas amháin nó d'fho-fhoireann aonair eintiteas laistigh de ghrúpa ar an gcoinníoll go ndéantar bainistiú éagsúil ar an gcineál céanna risíochtaí in eintitis eile den ghrúpa;
ciallaíonn 'aonad gnó' aon eintiteas eagraíochtúil nó dlíthiúil faoi leith, réimeanna gnó, suímh thíreolaíocha
ciallaíonn 'mór-eintiteas earnála airgeadais' aon eintiteas earnála airgeadais a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:
ar mó ná, nó cothrom leis, an tairseach EUR 70 billiún iomlán a chuid sócmhainní, a ríomhtar ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite, agus leas á bhaint as an ráiteas airgeadais iniúchta is déanaí nó as an ráiteas airgeadais chomhdhlúite d'fhonn méid na sócmhainne a chinneadh; agus
tá an t-eintiteas féin nó ceann dá fhochuideachtaí faoi réir rialála stuamachta san Aontas nó faoi réir dhlíthe tríú tíre a chuireann ceanglais faireacháin agus rialála stuamachta i bhfeidhm, a bheidh coibhéiseach ar a laghad leo siúd a chuirtear i bhfeidhm san Aontas;
ciallaíonn 'eintiteas earnála airgeadais neamhrialáilte' aon eintiteas eile nach eintiteas earnála airgeadais rialáilte é ◄ ach a dhéanann, mar phríomhghnó dá chuid, ceann nó níos mó de na gníomhaíochtaí atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE nó atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE;
ciallaíonn 'grád oibleagáideora catagóir priacal laistigh de scála rátála oibleagáideora de chóras rátála, a sanntar d'oibleagáideoirí ar bhonn sraith critéar rátála sonrach agus sainiúil, óna ndíorthaítear meastacháin ar dhóchúlacht mainneachtana (PD);
ciallaíonn 'grád saoráide' catagóir priacal laistigh den scála saoráide atá ag córas rátála, a sanntar risíochtaí dó ar bhonn sraith critéar rátála sonrach agus sainiúil, óna ndíorthaítear meastacháin dhílse ar LGDanna.
▼M5 —————
Airteagal 143
Cead chun an Cur Chuige IRB a úsáid
Gheobhaidh institiúidí cead na n-údarás inniúil dóibh seo a leanas roimh ré:
athruithe ábharacha ar raon feidhme córais rátála nó mhodh na samhlacha inmheánacha maidir le risíochtaí ar chothromas a bhfuair an institiúid cead a úsáid;
athruithe ábhartha ar chóras rátála nó ar mhodh na samhlacha inmheánacha maidir le risíochtaí ar chothromas a bhfuair an institiúid cead a úsáid.
Beidh raon feidhme córais rátála comhdhéanta de na risíochtaí go léir den cineál ábhartha risíochta ar forbraíodh an córas rátála sin lena aghaidh.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 144
Measúnú na n-údarás inniúil ar iarratas chun an Cur Chuige IRB a úsáid
Ní thabharfaidh an t-údarás inniúil cead d'institiúid, de bhun Airteagal 143, an Cur Chuige IRB a úsáid, lena n-áirítear a meastacháin féin ar LGD agus fachtóirí coinbhéartachta a úsáid, ach amháin má tá an t-údarás inniúil sásta gur comhlíonadh na ceanglais atá leagtha síos sa Chaibidil seo, go háirithe na ceanglais sin a leagadh síos i Roinn 6, agus go bhfuil córais na hinstitiúide chun risíochtaí ar priacal creidmheasa a bhainistiú agus a rátáil fónta agus curtha chun feidhme ina n-iomláine agus, go háirithe, gur léirigh an institiúid chun sástachta an údaráis inniúil gur comhlíonadh na caighdeáin seo a leanas:
tugann córais rátála na hinstitiúide deis measúnú fóinteach a dhéanamh ar thréithe an oibleagáideora agus na n-idirbheart, idirdhealú fóinteach a dhéanamh ar priacal agus meastacháin bheachta agus chomhsheasmhacha chainníochtúla a dhéanamh ar priacal;
tá rátálacha inmheánacha agus meastacháin ar mhainneachtain agus ar chaillteanas, a úsáidtear chun ceanglais cistí dílse agus córais agus próisis ghaolmhara a ríomh, fíor-riachtanach don phróiseas bainistíochta priacal agus cinnteoireachta, agus d'fheidhmeanna na hinstitiúide a bhaineann le formheas creidmheasa, leithdháileadh caipitil inmheánaigh agus rialachas corparáideach;
tá aonad rialaithe priacal creidmheasa san institiúid atá freagrach as córais rátála na hinstitiúide agus atá neamhspleách go hiomchuí agus saor ó thionchar míchuí;
bailíonn agus stórálann an institiúid na sonraí ábhartha go léir chun tacaíocht éifeachtach a thabhairt dá próiseas chun priacal creidmheasa a thomhas agus a bhainistiú;
déanann an institiúid doiciméadú ar a córais rátála agus ar an réasúnaíocht a bhaineann lena ndearadh agus déanann sí bailíochtú ar a córais rátála;
rinne an institiúid bailíochtú ar gach córas rátála agus ar gach modh na samhlacha inmheánacha i gcás risíochtaí ar chothromas i dtréimhse ama iomchuí sula bhfaighidh sí cead an córas rátála sin nó modh na samhlacha inmheánacha a úsáid i gcás risíochtaí ar chothromas, rinne sí measúnú le linn na tréimhse sin féachaint an oireann an córas rátála nó modhanna na samhlacha inmheánacha i gcás risíochtaí ar chothromas do raon feidhme an chórais rátála nó modha na samhlacha inmheánacha i gcás risíochtaí ar chothromas, agus, bunaithe ar an measúnú a rinne sí, rinne sí athruithe is gá ar na córais rátála sin nó ar mhodhanna sin na samhlacha inmheánacha i gcás risíochtaí ar chothromas;
rinne an institiúid na ceanglais cistí dílse a thagann óna cuid meastachán ar pharaiméadair phriacail a ríomh faoin gCur Chuige IRB agus tá sí in ann an tuairisciú a cheanglaítear le hAirteagal 430 a chur isteach;
tá an institiúid tar éis gach risíocht a shannadh, agus leanfaidh sé den sannadh sin, i réimse chur i bhfeidhm córais rátála maidir le grád rátála nó comhthiomsú an chórais rátála seo; tá an institiúid tar éis gach risíocht a shannadh agus leanfaidh sé den sannadh sin i réimse chur i bhfeidhm an chur chuige do risíochtaí cothromais maidir le cur chuige na samhlacha inmheánacha seo.
Tá feidhm freisin leis na ceanglais chun an Cur Chuige IRB a úsáid, lena n-áirítear a meastacháin féin ar LGD agus fachtóirí coinbhéartachta, i gcás inar chuir institiúid córas rátála, nó samhail arna húsáid laistigh de chóras rátála, a cheannaigh sí ó dhíoltóir tríú-páirtí, i bhfeidhm.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 145
Taithí roimhe seo maidir le cur chuige IRB a úsáid
Airteagal 146
Bearta a ghlacfar i gcás ina scoirfear de bheith ag comhlíonadh cheanglais na Caibidle seo
I gcás ina scoireann institiúid de chomhlíonadh na gceanglas atá leagtha amach sa Roinn seo, tabharfaidh sí fógra don údarás inniúil agus déanfaidh sí ceann de na nithe seo a leanas:
tíolacfaidh sí plean chun sástacht an údaráis inniúil ionas go gcomhlíonfar na ceanglais arís go tráthúil agus bainfidh sí amach an plean sin laistigh de thréimhse ama a chomhaontóidh an t-údarás inniúil;
taispeánfaidh sí chun sástachta an údaráis inniúil go bhfuil éifeacht an neamhchomhlíonta neamhábhartha.
Airteagal 147
Modheolaíocht chun risíocht a shannadh d'aicmí risíochta
Déanfar gach risíocht a shannadh do cheann de na haicmí risíochta seo a leanas:
risíochtaí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais;
risíochtaí ar institiúidí;
risíochtaí ar chorparáidí;
risíochtaí ar mhiondíol;
risíochtaí ar chothromas;
ítimí atá in ionannas le suímh urrúsaithe;
sócmhainní eile oibleagáide neamhchreidmheasa.
Déanfar na risíochtaí seo a leanas a shannadh don aicme atá leagtha amach i bpointe (a) de mhír 2:
risíochtaí ar rialtais réigiúnacha, ar údaráis áitiúla nó ar eintitis san earnáil phoiblí a láimhseáiltear mar risíochtaí ar rialtais láir faoi Airteagal 115 agus Airteagal 116.
risíochtaí ar bhainc forbartha iltaobhacha dá dtagraítear in Airteagal 117(2);
risíochtaí ar Eagraíochtaí Idirnáisiúnta, dá dtagraítear in Airteagal 118, a mheallann ualú priacal 0 % faoi na hAirteagail sin.
Déanfar na risíochtaí seo a leanas a shannadh don aicme atá leagtha amach i bpointe (b) de mhír 2:
risíochtaí ar rialtais réigiúnacha agus ar údaráis áitiúla nach láimhseáiltear mar risíochtaí ar rialtais láir i gcomhréir le hAirteagal 115(2) agus (4);
risíochtaí ar Eintitis san Earnáil Phoiblí nach láimhseáiltear mar risíochtaí ar rialtais láir i gcomhréir le hAirteagal 116(4);
risíochtaí ar bhainc forbartha iltaobhacha nach sanntar ualú priacal 0 % dóibh faoi Airteagal 117; agus
risíochtaí ar institiúidí airgeadais a láimhseáiltear mar risíochtaí ar institiúidí i gcomhréir le hAirteagal 119(5).
Le bheith incháilithe d'aicme na risíochtaí ar mhiondíol atá leagtha amach i bpointe (d) de mhír 2, comhlíonfaidh risíochtaí na critéir seo a leanas:
beidh ceann díobh seo a leanas i gceist leo:
risíochtaí ar dhuine nádúrtha amháin nó níos mó;
risíochtaí ar FBM, ar an gcoinníoll sa chás sin nach sáróidh an méid iomlán a bheidh dlite don institiúid agus do na máthairghnóthais agus a fochuideachtaí, lena n-áirítear aon risíocht atá thar téarma, ag an oibleagáideoir cliant nó ag an ngrúpa cliant nasctha, gan risíochtaí atá urraithe ar chomhthaobhacht a bhaineann le maoin chónaithe a áireamh, a mhéid is feasach don institiúid, a rinne bearta réasúnta chun an cás a dheimhniú, EUR 1 milliún;
déanann an institiúid iad a láimhseáil sa bhainistíocht priacal a bhíonn ar bun aici agus déantar é sin go comhsheasmhach le himeacht ama agus ar bhealach dá samhail;
ní dhéantar bainistiú orthu chomh haonair is a dhéantar ar risíochtaí in aicme na risíochtaí ar chorparáidí;
tá gach ceann in ionannas le ceann as líon suntasach risíochtaí a bhainistítear ar an gcaoi chéanna.
Anuas ar na risíochtaí atá liostaithe sa chéad fhomhír, áireofar luach láithreach na n-íocaíochtaí léasa íosta ar mhiondíol in aicme na risíochtaí ar mhiondíol.
Déanfar na risíochtaí seo a leanas a shannadh d'aicme na risíochtaí ar chothromas atá leagtha amach i bpointe (e) de mhír 2;
risíochtaí ar neamhfhiachas a chuireann fo-éileamh iarmharach in iúl ar shócmhainní nó ar ioncam an eisitheora;
risíochtaí ar fhiachas agus urrúis eile, comhpháirtíochtaí, díorthaigh, nó uirlisí eile, a bhfuil a dtábhacht eacnamaíoch cosúil leis na risíochtaí atá sonraithe i bpointe (a).
Laistigh d'aicme na risíochtaí ar chorparáidí atá leagtha amach i bpointe (c) de mhír 2, déanfaidh institiúidí risíochtaí a bhfuil na tréithe seo a leanas acu a aithint ar leithligh mar risíochtaí ar iasachtú speisialaithe:
is risíocht ar eintiteas a cruthaíodh go sonrach chun sócmhainní fisiciúla a mhaoiniú nó a oibriú atá i gceist nó is risíocht í atá inchomparáide go heacnamaíoch;
tugann na socruithe conarthacha roinnt mhaith rialaithe don iasachtóir ar na sócmhainní agus ar an ioncam a ghintear leo;
is é príomhfhoinse aisíocaíochta na hoibleagáide an t-ioncam a ghintear leis na sócmhainní a bheith maoinithe, seachas an cumas neamhspleách atá ag fiontar tráchtála níos leithne.
Airteagal 148
Coinníollacha maidir leis an gCur Chuige IRB a chur chun feidhme thar aicmí éagsúla risíochta agus aonad gnó
Faoi réir réamhchead na n-údarás inniúil, féadfar an cur chun feidhme a dhéanamh go seicheamhach feadh na n-aicmí éagsúla risíochta, dá dtagraítear in Airteagal 147, laistigh den aonad gnó céanna, feadh aonad éagsúil gnó sa ghrúpa céanna nó ar mhaithe lena meastacháin féin ar LGDanna nó fachtóirí coinbhéartachta a úsáid chun ualaí priacal a ríomh le haghaidh risíochtaí ar chorparáidí, risíochtaí ar institiúidí, agus ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais.
I gcás aicme na risíochtaí ar mhiondíol dá dtagraítear in Airteagal 147(5), féadfar an cur chun feidhme a dhéanamh go seicheamhach feadh na gcatagóirí risíochtaí lena gcomhfhreagraíonn an comhghaol éagsúil in Airteagal 154.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 149
Coinníollacha chun filleadh ar chur chuige nach bhfuil chomh sofaisticiúil céanna a úsáid
Institiúid atá ag úsáid an Cur Chuige IRB le haghaidh aicme risíochtaí nó chineál risíochta ar leith, ní stadfaidh sí den chur chuige sin a úsáid agus an gCur Chuige Caighdeánaithe a úsáid ina ionad chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh, mura gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
tá sé léirithe ag an institiúid chun sástachta an údaráis inniúil nach bhfuil sé beartaithe an Cur Chuige Caighdéanaithe a úsáid d'fhonn ceanglais chistí dílse na hinstitiúide a laghdú, go bhfuil sé riachtanach ar bhonn chineál agus chastacht na risíochtaí ar fad den chineál sin atá ag an institiúid agus nach mbeadh tionchar díobhálach ábhartha aige ar shócmhainneacht na hinstitiúide ná ar an gcumas atá inti priacal a bhainistiú go héifeachtach;
fuair an institiúid cead roimh ré ón údarás inniúil.
Maidir le hinstitiúidí a fuair cead faoi Airteagal 151(9) chun a meastacháin féin ar LGDanna agus fachtóirí coinbhéartachta a úsáid, ní fhillfidh siad ar luachanna LGD agus fachtóirí coinbhéartachta dá dtagraítear in Airteagal 151(8) a úsáid, mura gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
léirigh an institiúid chun sástachta an údaráis inniúil nach bhfuil sé i gceist na LGDanna agus na fachtóirí coinbhéartachta atá leagtha amach in Airteagal 151(8) le haghaidh aicme risíochtaí nó cineál risíochta ar leith a úsáid d'fhonn ceanglas cistí dílse na hinstitiúide a laghdú amháin, go bhfuil sé riachtanach ar bhonn chineál agus chastacht na risíochtaí ar fad den chineál sin atá ag an institiúid agus nach mbeadh tionchar díobhálach ábhartha aige ar shócmhainneacht na hinstitiúide ná ar an gcumas atá inti priacal a bhainistiú go héifeachtach;
fuair an institiúid cead roimh ré ón údarás inniúil.
Airteagal 150
Coinníollacha maidir le páirtúsáid bhuan
I gcás ina bhfuair institiúidí cead roimh ré ó na húdaráis inniúla, féadfaidh institiúidí a bhfuil cead faighte acu an Cur Chuige IRB a úsáid chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh d'aicme risíochta amháin nó níos mó a ríomh, féadfaidh siad an Cur Chuige Caighdeánaithe a chur i bhfeidhm maidir leis na risíochtaí seo a leanas:
an aicme risíochta atá leagtha amach in Airteagal 147(2)(a), i gcás ina bhfuil teorainn le líon na gcontrapháirtithe ábhartha agus go mbeadh sé ródhian ar an institiúid córas rátála a chur chun feidhme do na contrapháirtithe sin;
an aicme risíochta atá leagtha amach in Airteagal 147(2)(b), i gcás ina bhfuil teorainn le líon na gcontrapháirtithe ábhartha agus go mbeadh sé ródhian ar an institiúid córas rátála a chur chun feidhme do na contrapháirtithe sin;
risíochtaí in aonaid ghnó nach bhfuil tábhachtach chomh maith le haicmí risíochta nó cineálacha risíochtaí atá neamhábhartha ó thaobh méide agus na próifíle priacal a bhraitear leo;
risíochtaí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais na mBallstát agus a gcuid rialtas réigiúnach, údarás áitiúil, comhlachtaí riaracháin agus a n-eintitis san earnáil phoiblí ar an gcoinníoll:
nach bhfuil aon difríocht ó thaobh priacal idir na risíochtaí ar an rialtas láir sin agus ar na bainc cheannais agus na risíochtaí eile sin i ngeall ar shocruithe poiblí sonracha, agus
go ndéantar ualú priacail 0 % a shannadh do risíochtaí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais faoi Airteagal 114(2) nó (4);
risíochtaí institiúide ar chontrapháirtí arb é a máthairghnóthas, a fochuideachtaí nó fochuideachta a máthairghnóthais é ar an gcoinníoll gurb é atá sa chontrapháirtí ná institiúid nó cuideachta shealbhaíochta airgeadais, cuideachta shealbhaíochta airgeadais atá ag plé le gníomhaíochtaí measctha, institiúid airgeadais, cuideachta bhainistíochta sócmhainní nó gnóthas seirbhísí coimhdeacha atá faoi réir ag ceanglais stuamachta iomchuí nó gnóthas atá nasctha trí ghaolmhaireacht de réir bhrí Airteagal 12(1) de Threoir 83/349/CEE;
risíochtaí idir institiúidí a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 113(7);
risíochtaí cothromais ar eintitis a sanntar ualú priacal 0 % ar a gcuid oibleagáidí creidmheasa faoi Chaibidil 2 lena n-áirítear na heintitis sin atá urraithe go poiblí áit is féidir ualú priacal 0 % a chur i bhfeidhm;
risíochtaí ar chothromas arna dtabhú faoi chláir reachtacha chun earnálacha sonraithe den gheilleagar a chur chun cinn a sholáthraíonn fóirdheontais mhóra le hinfheistiú don institiúid agus lena mbaineann roinnt formhaoirseachta agus srianta a chuireann an rialtas ar na hinfheistíochtaí cothromais áit a bhféadfaí risíochtaí den sórt sin a eisiamh, i bhfoirm chomhiomlán, ón gCur Chuige IRB suas go dtí teorainn 10 % de chistí dílse amháin;
risíochtaí a aithníodh in Airteagal 119(4) a chomhlíonann na coinníollacha atá sonraithe ann;
ráthaíochtaí Stáit agus ráthaíochtaí ath-árachaithe Stáit dá dtagraítear in Airteagal 215(2).
Ceadóidh na húdaráis inniúla an Cur Chuige Caighdeánaithe a chur i bhfeidhm maidir le risíochtaí ar chothromas dá dtagraítear i bpointí (g) agus (h) den chéad fhomhír a ceadaíodh a láimhseáil mar sin i mBallstáit eile. Déanfaidh ÚBE liosta ina bhfuil na risíochtaí dá dtagraítear sna pointí sin agus atá le láimhseáil i gcomhréir leis an gCur Chuige Caighdeánaithe a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin agus a nuashonrú go rialta.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Glacfar leis na treoirlínte sin i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 151
Láimhseáil de réir aicme risíochta
Airteagal 152
Risíochtaí i bhfoirm aonad nó scaireanna in GCanna a láimhseáil
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, agus an ceanglas cistí dísle do dhíorthach priacail ó choigeartú luachála creidmheasa á ríomh aici, féadfaidh institiúid risíochtaí a eisiamh ón ríomh sin nach mbeadh faoi réir an cheanglais i gcás inar thabhaigh an institiúid go díreach iad.
Maidir le hinstitiúidí a chuireann cur chuige na trédhearcachta i bhfeidhm i gcomhréir le mír 2 agus le mír 3 den Airteagal seo agus a chomhlíonann na coinníollacha maidir le páirtúsáid bhuan i gcomhréir le hAirteagal 150, nó nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir leis na modhanna a leagtar amach sa Chaibidil seo nó ceann amháin nó níos mó de na modhanna a leagtar amach i gCaibidil 5 a úsáid do risíochtaí foluiteacha uile an GC nó do chodanna díobh, ríomhfaidh na hinstitiúidí sin méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:
maidir le risíochtaí a shanntar d'aicme na risíochta ar chothromas dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 147(2), cuirfidh institiúidí an cur chuige simplí maidir le hualú priacail i bhfeidhm a leagtar amach in Airteagal 155(2);
maidir le risíochtaí a shanntar do na hítimí a ionadaíonn do shuíomhanna urrúsúcháin dá dtagraítear i bpointe (f) d'Airteagal 147(2), cuirfidh institiúidí an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 254 i bhfeidhm amhail is dá mbeadh na risíochtaí sin i seilbh na n-institiúidí sin go díreach;
maidir le gach risíocht fhorluiteach eile, cuirfidh institiúidí i bhfeidhm an Cur Chuige Caighdeánaithe a leagtar síos i gCaibidil 2 den Teideal seo.
Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, i gcás nach mbeidh an institiúid in ann idirdhealú a dhéanamh idir risíochtaí ar chothromas príobháideach, risíochtaí a thrádáiltear ar an malartán agus risíochtaí eile cothromais, láimhseálfaidh sí na risíochtaí lena mbaineann mar risíochtaí cothromais eile.
Féadfaidh institiúidí nach bhfuil leordhóthain sonraí nó faisnéise acu chun méid risíochta, ualaithe ó thaobh priacail de chuid GC a ríomh i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige a leagtar amach i míreanna 2, 3, 4 agus 5, féadfaidh siad brath ar ríomhanna atá déanta ag tríú páirtí, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
is ceann díobh seo a leanas an tríú páirtí:
institiúid taisclainne nó institiúid taisclainne airgeadais an GC sin, ar chuntar go ndéanfaidh an GC infheistíocht eisiach in urrúis agus go ndéanfaidh sí gach urrús a chur i dtaisce san institiúid taisclainne sin nó san institiúid taisclainne airgeadais sin;
maidir le GCanna nach gcumhdaítear le pointe (i) den phointe seo, an chuideachta bainistíochta GC, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh cuideachta bainistíochta an GC sin na critéir a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 132(3);
maidir le risíochtaí seachas iad siúd a liostaítear i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 4 den Airteagal seo, déanfaidh an tríú páirtí an ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach in Airteagal 132a(1);
maidir leis na risíochtaí a liostaítear i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 4, déanfaidh an tríú páirtí an ríomh i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige a leagtar amach inti;
daingneoidh iniúchóir seachtrach cruinneas an ríomha a rinne an tríú páirtí.
Déanfaidh institiúidí a bheidh ag brath ar ríomhanna atá déanta ag tríú páirtí na méideanna risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, de risíochtaí GCa thagann as na ríomhanna sin a iolrú faoi fhachtóir 1,2.
De mhaolú ar an dara fomhír, i gcás ina mbeidh rochtain neamhshrianta ag an institiúid ar ríomhanna mionsonraithe arna ndéanamh ag an tríú páirtí, ní bheidh feidhm ag an bhfachtóir 1,2. Tabharfaidh an institiúid na ríomhanna sin dá húdarás inniúil arna iarraidh sin uirthi.
Airteagal 153
Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i gcás risíochtaí ar chorparáidí, institiúidí agus rialtais láir agus ar bhainc cheannais.
Faoi réir ag cur chun feidhme na láimhseálacha sonracha atá leagtha amach i míreanna 2, 3 agus 4, déanfar na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i gcás risíochtaí ar chorparáidí, institiúidí agus rialtais láir agus ar bhainc cheannais a ríomh de réir na foirmle seo a leanas:
mar a bhfuil an t-ualú priacal RW arna shainiú mar a leanas:
má tá PD = 0, beidh RW cothrom le 0;
má tá PD = 1, i.e. le haghaidh risíochtaí a mhainnigh:
mar a mbeidh an meastachán is fearr maidir leis an gcaillteanas ionchasach (dá ngairtear 'ELBE' anseo feasta) ionann leis an meastachán is fearr atá ag an institiúid ar chaillteanas ionchasach don risíochta mhainnigh i gcomhréir le hAirteagal 181(1)(h);
má tá 0 < PD < 1
nuair atá
|
N(x) |
= |
an fheidhm dáileacháin charnaigh d’athróg randamach normálta caighdeánach (i.e. an dóchúlacht go bhfuil athróg randamach normálta le meán de nialas agus athraitheas d’aon níos lú ná, nó cothrom le, x); |
|
G (Z) |
= |
an fheidhm dáileacháin charnaigh inbhéartaigh d'athróg randamach normálta caighdeánach (i.e. luach x sa chaoi is go bhfuil N(x) = z); |
|
R |
= |
an chomhéifeacht comhghaolúcháin, arna sainiú mar
|
|
b |
= |
an fachtóir coinbhéartachta aibíochta, arna shainiú mar.
|
Féadfar an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal maidir le gach risíochta chomhlíonann na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 202 agus 217 a choigeartú de réir na foirmle seo a leanas:
nuair atá:
|
PDpp |
= |
PD sholáthraí na cosanta. |
Déanfar RW a ríomh ag úsáid na foirmle ábhartha maidir le hualú priacal atá leagtha amach i bpointe 1 i gcás na risíochta, PD an oibleagáideora agus LGD ó risíocht dhíreach inchomparáide ar sholáthraí na cosanta. Ríomhfar an fachtóir aibíochta (b) ag úsáid an PD is ísle as measc PD sholáthraí na cosanta agus PD an oibleagáideora.
Maidir le risíochtaí ar chuideachtaí ina bhfuil líon na ndíolachán bliantúil don ghrúpa comhdhlúite a bhfuil an gnólacht ina chuid de níos lú ná EUR 50 milliún, féadfaidh institiúidí an fhoirmle chomhghaoil seo a leanas i mír 1 (iii) a úsáid chun ualaí priacal ar risíochtaí ar chorparáidí a ríomh. San fhoirmle seo sloinntear S mar an díolachán bliantúil iomlán i milliúin Euro, mar a bhfuil EUR 5 milliún ≤ S ≤ EUR 50 milliún. Déanfar díolacháin thuairiscithe níos ísle ná EUR 5 milliún a láimhseáil amhail is go raibh siad ionann le EUR 5 milliún. I gcás earra infhaighte ceannaithe beidh an díolachán bliantúil iomlán ionann leis an meán ualaithe de réir risíochtaí aonair an chomhthiomsaithe.
Déanfaidh institiúidí an díolachán bliantúil iomlán a chur in ionad shócmhainní iomlána an ghrúpa chomhdhlúite nuair nach táscaire fóinteach é an díolachán bliantúil iomlán ar mhéid an ghnólachta agus nuair is táscaire níos fóintí iad iomlán na sócmhainní ná an díolachán bliantúil iomlán.
Maidir le risíochtaí ar iasachtú speisialaithe nach bhfuil institiúid in ann meastachán a thabhairt ar PDanna ina leith nó nach gcomhlíonann meastacháin PD na n-institiúidí na ceanglais atá leagtha amach i Roinn 6, déanfaidh an institiúid ualaí priacal a shannadh do na risíochtaí sin de réir Thábla 1, mar seo a leanas:
Tábla 1
|
Aibíocht Iarmhair |
Catagóir 1 |
Catagóir 2 |
Catagóir 3 |
Catagóir 4 |
Catagóir 5 |
|
Níos lú ná 2.5 bliain |
50 % |
70 % |
115 % |
250 % |
0 % |
|
Cothrom le, nó níos mó ná, 2,5 bliain |
70 % |
90 % |
115 % |
250 % |
0 % |
Agus ualaí priacal á sannadh do risíochtaí ar iasachtú speisialaithe, cuirfidh institiúidí na fachtóirí seo a leanas san áireamh: láidreacht airgeadais, an timpeallacht pholaitiúil agus dhlíthiúil, tréithe idirbhirt agus/nó sócmhainne, láidreacht an urraitheora agus an fhorbróra, lena n-áirítear aon sruth ioncaim ó chomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí, agus pacáiste slándála.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le HAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 154
Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i gcás risíochtaí ar mhiondíol
Déanfar méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i gcás risíochtaí ar mhiondíol a ríomh de réir na foirmle seo a leanas:
mar a bhfuil an t-ualú priacal RW arna shainiú mar a leanas:
má tá PD = 1, i.e. le haghaidh risíochtaí a mhainnigh, beidh RW amhail le
mar a mbeidh ELBE ionann leis an meastachán is fearr atá ag an institiúid ar chaillteanas ionchasach don risíochta mhainnigh i gcomhréir le hAirteagal 181(1)(h);
má tá 0 < PD < 1, i.e., maidir le haon luach do PD seachas mar atá faoi (i)
nuair atá
|
N(x) |
= |
an fheidhm dáileacháin charnaigh d'athróg randamach normálta caighdeánach (i.e. an dóchúlacht go bhfuil athróg randamach normálta le meán de nialas agus athraitheas d'aon níos lú ná, nó cothrom le, x); |
|
G (Z) |
= |
an fheidhm dáileacháin charnaigh inbhéartaigh d'athróg randamach normálta caighdeánach (i.e. luach x sa chaoi is go bhfuil N(x) = z); |
|
R |
= |
an chomhéifeacht comhghaolúcháin, arna sainiú mar
|
Cáileoidh risíochtaí mar risíochtaí imrothlacha cáilitheacha ar mhiondíol má chomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas:
is ar dhaoine aonair a dhéantar na risíochtaí;
is risíochtaí imrothlacha iad, tá siad neamhurraithe, agus sa mhéid is nach dtarraingítear láithreach iad agus iad inchealaithe go neamhchoinníollach ag an institiúid. Sa chomhthéacs sin, sainmhínítear risíochtaí imrothlacha mar risíochtaí ina gceadaítear iarmhéideanna custaiméirí luainiú bunaithe ar a gcuid cinntí iasacht a fháil agus a aisíoc, suas go dtí teorainn arna leagan síos ag an institiúid. Féadfar a mheas go bhfuil na línte creidmheasa miondíola inchealaithe go neamhchoinníollach má cheadaíonn na téarmaí don institiúid na línte sin a chealú an oiread atá ceadaithe faoi reachtaíocht cosanta tomhaltóirí agus faoi reachtaíocht ghaolmhar;
is ionann an risíocht uasta ar dhuine aonair san fho-phunann agus EUR 100 000 nó níos lú;
tá úsáid an chomhghaoil sa mhír seo teoranta do phunanna a thaispeáin luaineacht íseal maidir le rátaí caillteanais, i gcoibhneas lena meánleibhéal rátaí caillteanais, go háirithe laistigh de bhannaí íseal PD;
beidh an láimhseáil mar risíocht imrothlach cháilitheach ar mhiondíol comhsheasmhach le saintréithe fholuiteacha priacal na fo-phunainne.
De mhaolú ar phointe (b), ní bheidh feidhm ag an gceanglas a bheith neamhurraithe maidir le saoráidí creidmheasa comhthaobhaithe atá nasctha le cuntas pá. Sa chás sin, ní chuirfear san áireamh méideanna a ghnóthófar ón gcomhthaobhacht sa mheastachán LGD.
Déanfaidh údaráis inniúla athbhreithniú ar luaineacht choibhneasta na rátaí caillteanais ar fud na bhfo-phunann de risíochtaí imrothlacha cáilitheacha ar mhiondíol, chomh maith leis an bpunann comhiomlán de risíochtaí imrothlacha cáilitheacha ar mhiondíol, agus roinnfidh siad faisnéis faoi ghnáth-shaintréithe na rátaí caillteanais de risíochtaí imrothlacha cáilitheacha ar mhiondíol ar fud na mBallstát.
Le bheith incháilithe don láimhseáil mhiondíola, comhlíonfaidh na hearraí infhaighte ceannaithe na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 184 agus na coinníollacha seo a leanas:
cheannaigh an institiúid na hearraí infhaighte ó dhíoltóirí tríú páirtí neamhghaolmhara, agus ní áirítear lena risíocht ar oibleagáideoir an earra infhaighte aon risíochtaí arna dtionscnamh go díreach nó go hindíreach ag an institiúid féin;
ginfear na hearraí infhaighte ceannaithe ar neamhthuilleamaí idir an díoltóir agus an t-oibleagáideoir. Dá bhrí sin, ní bheidh cuntais infhála idir chuideachtaí ná earraí infhaighte faoi réir ag cuntais chontra idir gnólachtaí a cheannaíonn óna chéile agus a dhíolann lena chéile incháilithe;
tá éileamh ag an institiúid cheannaigh ar gach fáltas ó na hearraí infhaighte ceannaithe nó tá ús pro-rata aici sna fáltais; agus
tá punann na n-earraí infhaighte ceannaithe éagsúlaithe a dhóthain.
Airteagal 155
Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i gcás risíochtaí ar chothromas
Féadfaidh institiúidí risíochtaí cothromais ar ghnóthais seirbhísí coimhdeacha a láimhseáil de réir mar a láimhseáiltear sócmhainní eile nach oibleagáid chreidmheasa iad.
Faoin gcur chuige ualaithe priacal Simplí, ríomhfar méid na risíochta ualaithe ó thaobh priacal de réir na foirmle seo:
Ualú priacal (RW) = 190 % i gcás risíochtaí ar chothromas príobháideach i bpunanna atá éagsúlaithe a ndóthain.
Ualú priacal (RW) = 290 % i gcás risíochtaí ar chothromas atá trádáilte ar an malartán.
Ualú priacal (RW) = 370 % do risíochtaí uile eile ar chothromas.
I gcás suíomh gearr airgid agus ionstraimí díorthacha arna sealbhú sa leabhar neamhthrádála, féadfaidh siad suímh fhada a fhritháireamh sna stoic aonair chéanna ar an gcoinníoll gur ainmníodh go sainráite na hionstraimí sin mar fhálú ar risíochtaí ar chothromas sonrach agus go dtabharfaidh siad fálú ar feadh bliana eile ar a laghad. Láimhseálfar suímh ghearra eile amhail is gur suímh fhada iad agus beidh an t-ualú priacal ábhartha sannta do luach absalóideach gach suímh. I gcomhthéacs na suímh mhí-oiriúnaithe maidir le haibíocht, is é an modh a úsáidfear ná an modh sin a úsáidtear i gcás risíochtaí ar chorparáidí mar atá leagtha amach in Airteagal 162(5).
Féadfaidh institiúidí cosaint neamhchistithe creidmheasa a aithint a fuarthas ar risíocht ar chothromas i gcomhréir leis na modhanna atá leagtha amach i gCaibidil 4.
Ar leibhéal na risíochta aonair, ní bheidh méid an chaillteanais ionchasaigh arna iolrú faoi 12,5 móide méid na risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal níos airde ná luach na risíochta arna iolrú faoi 12,5.
Féadfaidh institiúidí cosaint neamhchistithe creidmheasa a aithint a fuarthas ar risíocht ar chothromas i gcomhréir leis na modhanna atá leagtha amach i gCaibidil 4. Beidh sé sin faoi réir LGD 90 % ar an risíocht ar sholáthraí an fhálaithe. Maidir le risíochtaí ar chothromas príobháideach i bpunanna atá éagsúlaithe a ndóthain, féadfar LGD 65 % a úsáid. Chun na críocha sin beidh M cothrom le cúig bliana.
Faoi mhodh na samhlacha inmheánacha, beidh méid na risíochta ualaithe ó thaobh priacal cothrom leis an gcaillteanas ionchasach ar risíochtaí na hinstitiúide ar chothromas arna dhíorthú ag úsáid na samhlacha inmheánacha den luach faoi phriacal faoi réir ag an 99ú peircintíl, eatramh muiníne aonfhoircneach den difríocht idir tuairisceáin ráithiúla agus ráta saor ó priacal iomchuí arna ríomh thar thréimhse shamplach fhadtéarmach, arna iolrú faoi 12,5. Ní bheidh na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal ar leibhéal na punainne cothromais níos lú ná iomlán na suimeanna seo a leanas:
na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal atá ceangailte faoin gCur Chuige PD/LGD; agus
méideanna comhfhreagracha an chaillteanais ionchasaigh arna iolrú faoi 12,5.
Déanfar na méideanna dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) a ríomh ar bhonn na luachanna PD atá leagtha amach in Airteagal 165(1) agus na luachanna LGD comhfhreagracha atá leagtha amach in Airteagal 165(2).
Féadfaidh institiúidí cosaint neamhchistithe creidmheasa a aithint a fuarthas ar shuímh chothromais.
Airteagal 156
Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i gcás sócmhainní eile nach oibleagáid chreidmheasa iad
Déanfar méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i gcás sócmhainní eile nach oibleagáid chreidmheasa iad a ríomh de réir na foirmle seo a leanas:
,
ach amháin sna cásanna seo a leanas:
airgead ar láimh agus ítimí coibhéiseacha airgid chomh maith le hórbhuillean arna shealbhú ina bhoghtaí féin nó ar bhonn leithdháilte, sa mhéid is go bhfuil sé cumhdaithe ag dliteanais bhuillin, déanfar ualú priacal 0 % a shannadh dóibh;
nuair is luach iarmharach de shócmhainní léasaithe í an risíocht, is mar seo a leanas a ríomhfar í:
i gcás ina bhfuil t ar an méid is airde idir 1 agus an líon is gaire de bhlianta iomlána atá fágtha sa léas.
Airteagal 157
Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh priacal caolúcháin ar earraí infhaighte ceannaithe
Airteagal 158
Láimhseáil de réir chineál na risíochta
Ríomhfar an caillteanas ionchasach (EL) agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh i gcás risíochtaí ar chorparáidí, ar institiúidí, ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais agus ar risíochtaí ar mhiondíol de réir na bhfoirmlí seo a leanas:
Méid an chaillteanais ionchasaigh = EL [iolraithe faoi] luach na risíochta.
I gcás risíochtaí a mhainnigh (PD =100 %) nuair a úsáideann institiúidí a meastacháin féin ar LGD, beidh EL cothrom le ELBE, an meastachán is fearr de chuid na hinstitiúide ar an gcaillteanas ionchasach i gcás na risíochta a mhainnigh, i gcomhréir le hAirteagal 181(1)(h).
I gcás risíochtaí atá faoi réir na láimhseála atá leagtha amach in Airteagal 153(3), beidh EL cothrom le 0 %.
Is de réir Thábla 2 a shannfar luachanna EL na risíochtaí ar iasachtú speisialaithe i gcás ina n-úsáideann institiúidí na modhanna atá leagtha amach in Airteagal 153(5) maidir le hualuithe priacal a shannadh.
Tábla 2
|
Aibíocht Iarmhair |
Catagóir 1 |
Catagóir 2 |
Catagóir 3 |
Catagóir 4 |
Catagóir 5 |
|
Níos lú ná 2.5 bliain |
0 % |
0,4 % |
2,8 % |
8 % |
50 % |
|
Cothrom le 2.5 bliain nó níos mó ná sin |
0,4 % |
0,8 % |
2,8 % |
8 % |
50 % |
Is de réir na foirmle seo thíos a ríomhfar méideanna an chaillteanais ionchasaigh maidir le risíochtaí ar chothromas i gcás ina ríomhtar na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal de réir chur chuige simplí an ualaithe priacal:
Is iad seo a leanas luachanna EL:
Caillteanas ionchasach (EL) = 0.8 % do risíochtaí ar chothromas príobháideach i bpunanna atá éagsúlaithe a ndóthain.
Caillteanas ionchasach (EL) = 0.8 % do risíochtaí ar chothromas arna thrádáil ar an stocmhalartán.
Caillteanas ionchasach (EL) = 2.4 % do gach risíocht eile ar chothromas.
Is de réir na bhfoirmlí seo thíos a ríomhfar an caillteanas ionchasach agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh maidir le risíochtaí ar chothromas sa chás ina ríomhtar na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal de réir an chuir chuige PD/LGD:
Ríomhfar méideanna an chaillteanais ionchasaigh maidir le priacal caolúcháin na n-earraí infhaighte ceannaithe de réir na foirmle seo a leanas:
Airteagal 159
Láimhseáil mhéideanna an chaillteanais ionchasaigh
Dealóidh na hinstitiúidí méideanna an chaillteanais ionchasaigh arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 158(5), (6) agus (10) ó na coigeartuithe ginearálta agus sonracha i leith priacal creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 110, ó choigeartuithe luacha breise i gcomhréir le hAirteagail 34 agus 105 agus laghduithe eile i leith cistí dílse a bhaineann leis na risíochtaí sin, ach amháin i gcás na n-asbhaintí arna ndéanamh i gcomhréir le pointe (m) d'Airteagal 36(1). Láimhseálfar lascainí ar risíochtaí sa chlár comhardaithe arna gceannach agus iad ar mainneachtain i gcomhréir le pointe (m) d'Airteagal 166(1) ar an mbealach céanna a láimhseálfar coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa. Ní úsáidfear coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa ar risíochtaí ar mainneachtain chun méideanna caillteanais ionchasaigh ar risíochtaí eile a chumhdach. Ní áireofar sa ríomh sin méideanna caillteanais ionchasaigh le haghaidh risíochtaí urrúsaithe agus le haghaidh coigeartuithe ginearálta agus sonracha i leith priacal creidmheasa a bhaineann leis na risíochtaí sin.
Airteagal 160
Dóchúlacht mainneachtana (PD)
I gcás earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe nach bhfuil institiúid in ann meastachán a dhéanamh ar PDanna ina leith nó i gcás nach gcomhlíonann meastacháin PD na hinstitiúide do na ceanglais atá leagtha amach i Roinn 6, cinnfear PDanna na risíochtaí sin de réir na modhanna seo mar a leanas:
i gcás éileamh sinsearach ar earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe, is éard a bheidh in PD meastachán EL na hinstitiúide arna roinnt ar LGD do na hearraí infhaighte sin;
i gcás fo-éileamh ar earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe, is é meastachán EL na hinstitiúide a bheidh in PD;
institiúid a mbeidh cead faighte aici ón údarás inniúil úsáid a bhaint as a meastacháin féin ar LGD le haghaidh risíochtaí corparáideacha de bhun Airteagal 143 agus a fhéadfaidh a meastacháin EL le haghaidh earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe a mhiondealú ina PDanna agus ina LGDanna ar shlí a mheasfaidh an t-údarás inniúil a bheith iontaofa, féadfaidh sí úsáid a bhaint as an meastachán PD a thig ón miondealú seo.
Féadfaidh institiúidí cosaint neamhchistithe creidmheasa sa PD a chur san áireamh i gcomhréir le forálacha Chaibidil 4. I gcás priacal caolúcháin, mar aon le soláthraithe na cosanta dá dtagraítear in Airteagal 201(1)(g), tá díoltóir na n-earraí infhaighte ceannaithe incháilithe má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
tá measúnú creidmheasa ag an eintiteas corparáideach ó IMCS a bhfuil sé deimhnithe ag ÚBE go mbaineann sé le beart cáilíochta creidmheasa 3 nó le beart níos airde, de réir na rialacha ualaithe priacal maidir le risíochtaí ar chorparáidí faoi Chaibidil 2;
i gcás institiúidí a dhéanann méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh de réir an Chuir Chuige IRB, níl measúnú creidmheasa ó IMCS aitheanta ag an eintiteas corparáideach agus tá sé rátáilte go hinmheánach mar chorparáidí a bhfuil PD acu atá coibhéiseach leis an PD a bhaineann le measúnuithe creidmheasa IMCSanna a bhfuil sé deimhnithe ag ÚBE go mbaineann siad le beart cáilíochta creidmheasa 3 nó le beart níos airde de réir na rialacha ualaithe priacal maidir le risíochtaí ar chorparáidí faoi Chaibidil 2;
Aon institiúid a mbeidh cead faighte aici ón údarás inniúil de bhun Airteagal 143 a meastacháin LGD féin a úsáid do priacal caolúcháin i leith earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe, féadfaidh sí cosaint neamhchistithe creidmheasa a aithint trí bhíthin na PDanna a choigeartú faoi réir Airteagal 161(3).
Airteagal 161
Caillteanas i gcás Mainneachtana (LGD)
Úsáidfidh na hinstitiúidí na luachanna LGD a leanas:
risíochtaí sinsearacha gan comhthaobhacht incháilithe: 45 %;
fo-risíochtaí gan comhthaobhacht incháilithe: 75 %;
féadfaidh institiúidí cosaint chistithe creidmheasa agus cosaint neamhchistithe creidmheasa a aithint san LGD i gcomhréir le Caibidil 4;
is féidir luach LGD 11.25 % a shannadh do bhannaí faoi chumhdach atá incháilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 129(4) nó in Airteagal 129(5);
i gcás risíochtaí sinsearacha ar earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe, i gcás nach mbeidh an institiúid in ann PDanna a mheas nó nuair nach gcomhlíonann meastacháin PD na hinstitiúide na ceanglais atá leagtha amach i Roinn 6: 45 %;
i gcás fo-risíochtaí ar earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe, nuair nach féidir le hinstitiúid meastachán a dhéanamh ar PDanna nó i gcás nach gcomhlíonann meastacháin PD na hinstitiúide na ceanglais atá leagtha amach i Roinn 6: 100 %;
I gcás priacal caolúcháin i leith earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe: 75 %.
Airteagal 162
Aibíocht
De rogha air sin, mar chuid den chead dá dtagraítear in Airteagal 143, cinnfidh na húdaráis inniúla cé acu a úsáidfidh nó nach n-úsáidfidh an institiúid aibíocht (M) do gach risíocht, mar atá leagtha amach faoi mhír 2.
Institiúidí a bhfuil cead faighte acu ón údarás inniúil úsáid a bhaint as a LGDanna agus fachtóirí coinbhéartachta féin le haghaidh risíochtaí ar chorparáidí, institiúidí nó rialtais láir agus ar bhainc cheannais de bhun Airteagal 143, ríomhfaidh siad M do gach ceann de na risíochtaí sin mar atá leagtha amach i bpointe (a) go (e) den mhír seo agus faoi réir mhír 3 go mír 5 den Airteagal seo. Ní bheidh M níos mó ná cúig bliana seachas i gcásanna a shonraítear in Airteagal 384(1) áit a úsáidfear M mar a shonraítear ansin é:
I gcás ionstraime atá faoi réir sceideal sreafa airgid, ríomhfar M de réir na foirmle seo a leanas:
mar a gciallaíonn CFt na sreafaí airgid (an phríomhshuim, íocaíochtaí úis agus táillí), a bhfuil oibleagáid chonarthach ar an oibleagáideoir a íoc i dtréimhse t;
i gcás díorthach atá faoi réir máistir-chomhaontú glanluachála, is éard a bheidh in M meánaibíocht ualaithe iarmhair na risíochta, mar a mbeidh aon bhliain amháin ar a laghad in M, agus úsáidfear méid barúlach gach risíochta chun an aibíocht a ualú;
i gcás risíochtaí a thagann as ionstraimí díorthacha atá lánchomhthaobhaithe, nó geall leis, arna liostú in Iarscríbhinn II, agus as idirbhearta iasachta corrlaigh atá lánchomhthaobhaithe, nó geall leis, agus atá faoi réir máistir-chomhaontú glanluachála, is éard a bheidh in M meánaibíocht ualaithe iarmhair na n-idirbheart, mar a mbeidh 10 lá ar a laghad in M;
i gcás idirbheart athcheannaigh nó idirbheart i leith urrús nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht atá faoi réir máistir-chomhaontú glanluachála, is éard a bheidh in M meánaibíocht ualaithe iarmhair na n-idirbheart mar a mbeidh 5 lá ar a laghad in M. Úsáidfear méid barúlach gach idirbhirt d'fhonn an aibíocht a ualú;
maidir le hinstitiúid a bhfuil cead faighte aici ón údarás inniúil de bhun Airteagal 143 a meastacháin PD féin a úsáid le haghaidh earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe, i gcás méideanna a tarraingíodh beidh M cothrom le meánaibíocht ualaithe na risíochta ar earraí infhaighte ceannaithe, mar a mbeidh 90 lá ar a laghad in M. Úsáidfear luach céanna seo M do mhéideanna neamhtharraingthe faoi shaoráid thiomanta ceannaigh ar an gcoinníoll go bhfuil sa tsaoráid cúnaint éifeachtacha, truicir um luathamúcadh, nó gnéithe eile a chosnaíonn an institiúid ceannaigh ar aon mheath suntasach ar cháilíocht na n-earraí infhaighte todhchaí a cheanglófar uirthi a cheannach le linn théarma na saoráide. In éagmais cosaintí éifeachtacha den sórt sin, ríomhfar M do mhéideanna neamhtharraingthe mar shuim an infháltais fhéideartha is faide ó dháta de réir an chomhaontaithe ceannaigh agus aibíocht iarmhair na saoráide ceannaigh, mar a mbeidh 90 lá ar a laghad in M;
i gcás aon ionstraime seachas iad siúd atá luaite sa mhír seo nó i gcás nach bhfuil an institiúid in ann M a ríomh mar atá leagtha amach in (a), is éard a bheidh in M an tréimhse is faide a bheidh fágtha (i mblianta) a bheidh ceadaithe don oibleagáideoir le go gcomhlíonfadh sé a oibleagáidí conarthacha, mar a mbeidh aon bhliain amháin ar a laghad in M;
i gcás institiúidí a úsáideann Modh na Samhla Inmheánaí mar atá leagtha amach i Roinn 6 de Chaibidil 6 chun luachanna na risíochta a ríomh, ríomhfar M do na risíochtaí ar a gcuireann siad an modh sin i bhfeidhm agus ar mó ná bliain amháin aibíocht an chonartha is faide ó dháta acu sa tacar glanluachála, de réir na foirmle seo a leanas:
nuair atá:
|
|
= |
athróg táscaire arb ionann a luach sa tréimhse todhchaí tk agus 0 má tá tk > 1 bliain agus 1 má tá tk ≤ 1; |
|
|
= |
an risíocht ionchasach ag tréimhse todhchaí tk; |
|
|
= |
an risíocht ionchasach éifeachtach ag tréimhse todhchaí tk; |
|
|
= |
an fachtóir lascaine saor ó priacal don tréimhse todhchaí tk; |
féadfaidh institiúid a úsáideann samhail inmheánach chun coigeartú leataobhach ar luacháil creidmheasa a ríomh úsáid a bhaint as an ré iarbhír creidmheasa arna meas ag an tsamhail inmheánach mar M, faoi réir chead na n-údarás inniúil.
Faoi réir mhír 2, cuirfear an fhoirmle atá i bpointe (a) i bhfeidhm maidir le tacair ghlanluachála ar lú ná bliain amháin an aibíocht tosaigh acu;
i gcás institiúidí a úsáideann Modh na Samhla Inmheánaí atá leagtha amach i Roinn 6 de Chaibidil 6, chun luachanna na risíochta a ríomh, agus a bhfuil cead samhla inmheánaí acu le haghaidh an priacal shonraigh a bhaineann le suímh fhiachais arna dtrádáil i gcomhréir le Roinn a Trí, Teideal IV, Caibidil 5, socrófar M ar 1 san fhoirmle atá leagtha amach in Airteagal 153(1), ar an gcoinníoll gur féidir leis an institiúid a thaispeáint do na húdaráis inniúla go bhfuil iarmhairtí imirce rátála ar áireamh sa tsamhail inmheánach don Priacal sonrach a bhaineann le suímh fhiachais intrádála, a chuirtear i bhfeidhm in Airteagal 383;
chun críocha Airteagal 153(3), beidh M cothrom le haibíocht iarmhír na cosanta creidmheasa ach gan é a bheith níos giorra ná bliain amháin.
Nuair is gá an doiciméadacht a ataisceadh agus a athluacháil gach lá agus go bhfuil forálacha inti lena gceadaítear leachtú nó fritháireamh pras na comhthaobhachta i gcás mainneachtana nó i gcás nach ndéantar an t-ataisceadh, beidh M cothrom le lá amháin ar a laghad i gcás na nithe seo a leanas:
ionstraimí díorthacha atá lánchomhthaobhaithe, nó geall leis, arna liostú in Iarscríbhinn II;
idirbhearta iasachta corrlaigh atá lánchomhthaobhaithe nó geall leis;
idirbhearta athcheannaigh, idirbhearta iasachtaithe agus iasachtaíochta i leith urrús agus tráchtearraí;
Ina theannta sin, i gcás risíochtaí gearrthéarmacha cáilitheacha nach cuid iad de mhaoiniú leanúnach an oibleagáideora ar an institiúid, beidh M cothrom le lá amháin ar a laghad. Áireofar iad seo a leanas ar risíochtaí gearrthéarmacha cáilitheacha:
risíochtaí ar institiúidí nó gnólachtaí infheistíochta a thagann as oibleagáidí malairte eachtraí a ghlantar;
idirbhearta maoiniúcháin trádála gearrthéarmacha atá féinleachtaitheach a bhaineann le malartú earraí nó seirbhísí ag a bhfuil aibíocht iarmhair suas le bliain amháin dá dtagraítear i bpointe (80)d'Airteagal 4 (1);
risíochtaí a thagann as díol agus ceannach urrús a ghlantar laistigh den ghnáth-thréimhse sheachadta nó laistigh de dhá lá gnó;
risíochtaí a thagann as aistrithe socraíochtaí airgid de shreang agus socraíochtaí idirbhearta ríomhíocaíochta agus costais réamhíoctha, lena n-áirítear rótharraingtí a thagann as idirbhearta loicthe nach faide iad ná líon gearr, socruithe de laethanta gnó arna chomhaontú.
Airteagal 163
Dóchúlacht mainneachtana (PD)
Airteagal 164
Caillteanas i gcás Mainneachtana (LGD)
An meánluach LGD ualaithe ó thaobh na risíochta do gach risíocht ar mhiondíol arna hurrú le maoin tráchtála dhochorraithe agus gan ráthaíochtaí ó rialtais láir acu, ní bheidh sé níos ísle ná 15 %.
I gcás inarb é an t-údarás inniúil é an t-údarás a ainmneoidh an Ballstát chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm, áiritheoidh an t-údarás inniúil sin go gcuirfear na comhlachtaí agus údaráis ábhartha náisiúnta ag a bhfuil sainordú macrastuamachta ar an eolas go cuí maidir le rún an údaráis inniúil úsáid a bhaint as an Airteagal seo, agus go mbeidh siad rannpháirteach go hiomchuí i measúnú na n-ábhar imní maidir le cobhsaíocht airgeadais ina Bhallstát i gcomhréir le mír 6.
I gcás nach é an t-údarás inniúil é an t-údarás a ainmneoidh an Ballstát chun an Airteagal seo a chur i bhfeidhm, glacfaidh an Ballstát na forálacha is gá chun comhordú agus malartú ceart faisnéise idir an t-údarás inniúil agus an t-údarás ainmnithe a áirithiú le go gcuirfear an tAirteagal seo i bhfeidhm go cuí. Go háirithe, ceanglófar ar na húdaráis comhoibriú go dlúth agus an fhaisnéis ar fad a chomhroinnt a d'fhéadfadh a bheith riachtanach chun go ndéanfaidh an t-údarás ainmnithe na dualgais a fhorchuirtear air, de bhun an Airteagail seo, ar bhealach leordhóthanach. Beidh sé d'aidhm leis an gcomhar sin aon chineál gníomhaíochtaí dúblailteacha nó neamh-chomhsheasmhacha idir an t-údaráis inniúla agus an t-údarás ainmnithe a sheachaint, agus a áirithiú go gcuirfear san áireamh go cuí aon idirghníomhaíocht le bearta eile, go háirithe faoi Airteagal 458 den Rialachán seo agus faoi Airteagal 133 de Threoir 2013/36/AE.
I gcás ina mbeidh an t-údarás a ainmneofar i gcomhréir le mír 5 den tuairim, ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, nach leordhóthanach na luachanna íosta LGD dá dtagraítear i mír 4, agus ina measfaidh sé go bhféadfadh neamhleordhóthanacht na luachanna LGD difear díobhálach a dhéanamh ar chobhsaíocht airgeadais faoi láthair nó amach anseo ina Bhallstát, féadfaidh sé luachanna íosta LGD níos airde a shocrú i dtaca leis na risíochtaí sin atá lonnaithe i gcuid amháin nó níos mó de chríoch Bhallstát an údaráis ábhartha. Féadfar na íosluachanna níos airde sin a chur i bhfeidhm freisin ar leibhéal ceann amháin nó níos mó de na deighleoga maoine den sórt sin.
Tabharfaidh an t-údarás a ainmneofar i gcomhréir le mír 5 fógra do ÚBE agus do BERS roimh an gcinneadh dá dtagraítear sa mhír seo a dhéanamh. Faoi cheann mí amháin ón bhfógra réamhluaite a fháil, cuirfidh BERS agus ÚBE a dtuairimí in iúl don Bhallstát lena mbaineann. Foilseoidh ÚBE agus BERS na luachanna LGD sin.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2019.
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Féadfaidh BERS trí nhithín moltaí i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010, agus i ndlúthchomhar le ÚBE, treoir a thabhairt do na húdaráis a ainmneofar i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo maidir leis an méid seo a leanas:
na fachtóirí a d'fhéadfadh “difear díobhálach a dhéanamh do chobhsaíocht airgeadais faoi láthair nó amach anseo” dá dtagraítear i mír 6; agus
tagarmharcanna táscacha a chuirfidh an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 5 san áireamh agus luachanna LGD níos airde á socrú.
Airteagal 165
Risíochtaí ar chothromas faoi réir an mhodha PD/LGD
Beidh feidhm ag na PDanna íosta seo a leanas:
0,09 % i gcás risíochtaí ar chothromas arna thrádáil ar an stocmhalartán i gcás gur cuid de chaidreamh fadtéarmach leis an gcustaiméir í an infheistíocht;
0,09 % i gcás risíochtaí nach risíochtaí ar chothromas arna dtrádáil ar an stocmhalartán iad, má tá na fáltais ar an infheistíocht bunaithe ar shreafaí rialta agus tréimhsiúla airgid nach dtagann as gnóthachain chaipitiúla;
0,40 % i gcás risíochtaí ar chothromas arna thrádáil ar an stocmhalartán lena n-áirítear suímh ghearra eile mar atá leagtha amach in Airteagal 155(2);
1,25 % i gcás gach risíochta eile ar chothromas lena n-áirítear suímh ghearra eile mar atá leagtha amach in Airteagal 155(2).
Airteagal 166
Risíochtaí ar chorparáidí, institiúidí, rialtais láir agus ar bhainc cheannais agus risíochtaí ar mhiondíol
Tá feidhm ag an riail seo freisin maidir le sócmhainní a ceannaíodh ar phraghas nach ionann é agus an méid atá dlite.
I gcás sócmhainní ceannaithe, meastar gur lascaine ar an difríocht idir an méid atá dlite agus an luach cuntasaíochta a fhanann ar chlár comhardaithe na hinstitiúide agus í ag ceannach na sócmhainne, tar éis di na coigeartuithe sonracha ar an bpriacal creidmheasa a chur i bhfeidhm, más mó an méid atá dlite, agus meastar gur préimh í más lú an méid atá dlite.
Ríomhfar luach risíochta na n-ítimí seo a leanas mar an méid atá tiomanta ach nár tarraingíodh fós arna iolrú faoi fhachtóir coinbhéartachta. Úsáidfidh na hInstitiúidí na fachtóirí coinbhéartachta a leanas i gcomhréir le hAirteagal 151(8) maidir le risíochtaí ar chorparáidí, ar institiúidí, ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais:
i gcás línte creidmheasa is féidir leis an institiúid a chealú go neamhchoinníollach aon tráth gan fógra a thabhairt roimh ré, nó lena ndéantar foráil go hiarbhír gur féidir iad a chealú go huathoibríoch má thagann meath ar acmhainn creidmheasa an iasachtaí, cuirfear fachtóir coinbhéartachta 0 % i bhfeidhm. Chun fachtóir coinbhéartachta 0 % a chur i bhfeidhm, déanfaidh institiúidí faireachán gníomhach ar staid airgeadais an oibleagáideora agus cuirfidh a gcórais rialaithe inmheánaigh ar a gcumas aon mheathlú ar cháilíocht chreidmheasa an oibleagáideora a bhrath láithreach. Féadfar a mheas go bhfuil na línte creidmheasa miondíola inchealaithe go neamhchoinníollach má cheadaíonn na téarmaí don institiúid na línte sin a chealú an oiread atá ceadaithe faoi reachtaíocht cosanta tomhaltóirí agus faoi reachtaíocht ghaolmhar;
i gcás litreacha creidmheasa gearrthéarmacha a thagann as gluaiseacht earraí, cuirfear fachtóir coinbhéartachta 20 % i bhfeidhm maidir leis na hinstitiúidí eisiúna agus na hinstitiúid daingniúcháin araon;
i gcás ceangaltais cheannaigh neamhtharraingthe i leith earraí infhaighte ceannaithe imrothlacha is féidir a chealú go neamhchoinníollach nó a dhéanann foráil go bhféadfaidh an institiúid iad a chealú tráth ar bith gan fógra a thabhairt roimh ré, cuirfear fachtóir coinbhéartachta 0 % i bhfeidhm. Chun fachtóir coinbhéartachta 0 % a chur i bhfeidhm, déanfaidh institiúidí faireachán gníomhach ar staid airgeadais an oibleagáideora agus cuirfidh a gcórais rialaithe inmheánaigh ar a gcumas aon mheath ar cháilíocht chreidmheasa an oibleagáideora a bhrath láithreach;
i gcás línte creidmheasa eile, saoráidí eisiúna nótaí (NIFanna) agus saoráidí frithgheallta imrothlacha (RUFanna), cuirfear fachtóir coinbhéartachta 75 % i bhfeidhm.
Féadfaidh institiúidí a chomhlíonann na ceanglais maidir le húsáid a bhaint as a meastacháin féin ar fhachtóirí coinbhéartachta, mar a shonraítear i Roinn 6, a meastacháin féin a úsáid thar chineálacha táirgí éagsúla mar a luaitear i bpointí (a) go (d), faoi réir chead na n-údarás inniúil.
I gcás ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe, seachas iad sin ar a bhfuil trácht i míreanna 1 go 8, beidh luach na risíochta dóibh uile cothrom leis an gcéatadán seo a leanas dá luach:
100 % más ítim lánpriacal atá i gceist;
50 % más ítim mheánpriacal atá i gceist;
20 % más ítim mheánpriacal /íospriacal atá i gceist;
0 % más ítim íospriacal atá i gceist.
Chun críocha na míre seo sannfar na hítimí lasmuigh den chlár comhardaithe do chatagóirí priacal mar a thugtar le fios in Iarscríbhinn I.
Airteagal 167
Risíochtaí ar chothromas
Airteagal 168
Sócmhainní eile nach sócmhainní oibleagáide creidmheasa iad
Is ionann luach na risíochta i gcás sócmhainní eile nach sócmhainní oibleagáide creidmheasa iad agus an luach cuntasaíochta a bheidh fágtha nuair a chuirfear coigeartuithe sonracha ar an bpriacal creidmheasa i bhfeidhm.
Airteagal 169
Prionsabail ghinearálta
Airteagal 170
Struchtúr na gcóras rátála
Comhlíonfaidh struchtúr na gcóras rátála maidir le risíochtaí ar chorparáidí, institiúidí agus rialtais láir agus ar bhainc cheannais na ceanglais seo a leanas:
cuirfear saintréithe priacal an oibleagáideora agus an idirbhirt san áireamh sa chóras rátála;
beidh scála rátála oibleagáideora sa chóras rátála nach léireoidh ach an cainníochtú ar priacal mainneachtana an oibleagáideora. Beidh ar a laghad 7 ngrád sa scála rátála féichiúnaí d'oibleagáideoirí neamh-mhainneachtana agus ceann amháin d'oibleagáideoirí mainneachtana;
déanfaidh institiúid doiciméadú ar an ngaol atá idir na gráid oibleagáideora ar bhonn leibhéal an priacal mainneachtana a bhaineann le gach grád agus ar bhonn na gcritéar a úsáidtear d'fhonn an leibhéal sin de priacal mainneachtana a aithint;
institiúidí a bhfuil punanna acu atá comhchruinnithe i ndeighleog mhargaidh ar leith agus i raon priacal mainneachtana ar leith, beidh a ndóthain grád oibleagáideora acu laistigh den raon sin le nach mbeidh an iomarca oibleagáideoirí comhchruinnithe in aon ghrád ar leith. I gcás comhchruinnithe suntasacha in aon ghrád amháin, tabharfar fianaise eimpíreach dhiongbháilte go gcumhdaíonn an grád oibleagáideora banda réasúnta caol PD agus go bhfuil priacal mainneachtana gach oibleagáideoir sa ghrád sin laistigh den bhanda sin;
le go mbeidh cead ag an údarás inniúil a meastacháin féin ar LGDanna a úsáid chun a gceanglais cistí dílse a ríomh, ní mór scála rátála saoráidí ar leith a bheith sa chóras rátála nach léiríonn ach saintréithe na n-idirbheart a bhaineann le LGD. Beidh i sainiú an ghráid saoráide cur síos ar an gcaoi a sanntar risíochtaí don ghrád sin agus cur síos ar na critéir a úsáidtear chun leibhéal an priacal sna gráid éagsúla a aithint;
i gcás comhchruinnithe suntasacha in aon ghrád saoráide ar leith, tabharfar fianaise eimpíreach dhiongbháilte go gcumhdaíonn an grád saoráide banda réasúnta caol LGD agus go bhfuil priacal gach risíochta sa ghrád sin laistigh den bhanda sin.
Comhlíonfaidh struchtúr na gcóras rátála do risíochtaí ar mhiondíol na ceanglais seo a leanas:
léireofar an bpriacal oibleagáideora agus an priacal idirbhirt araon sna córais rátála, agus gabhfar saintréithe iomchuí uile an oibleagáideora agus an idirbhirt iontu;
áiritheoidh leibhéal difreála an priacal gur leor líon na risíochtaí in aon ghrád nó in aon chomhthiomsú ar leith le gur féidir cainníochtú agus bailíochtú fóinteach a dhéanamh ar na saintréithe caillteanais ar leibhéal an ghráid nó an chomhthiomsaithe. Dáilfear na risíochtaí agus na hoibleagáideoirí ar na gráid nó na comhthiomsuithe ar chaoi nach mbeidh an iomarca comhchruinnithe ann;
fágfaidh próiseas sannta na risíochtaí do ghráid agus do chomhthiomsuithe go bhféadfar difreáil fhóinteach a dhéanamh ar na priacail, go ngrúpálfar na risíochtaí atá aonchineálach a ndóthain agus go bhféadfar meastachán beacht comhsheasmhach a dhéanamh ar shaintréithe an chaillteanais ar leibhéal an ghráid nó an chomhthiomsaithe. I gcás earraí infhaighte ceannaithe, léireoidh an ghrúpáil cleachtaí frithgheallta an díoltóra agus ilchineálacht a chustaiméirí.
Cuirfidh na hinstitiúidí na spreagaithe priacal seo a leanas san áireamh agus iad ag sannadh risíochtaí do ghráid nó do chomhthiomsuithe:
saintréithe an phriacail oibleagáideora;
saintréithe an phriacail idirbhirt, lena n-áirítear na cineálacha táirge nó comhthaobhachta nó iad araon. Tabharfaidh institiúidí aghaidh go sainráite ar chásanna mar a dtéann an chomhthaobhacht chéanna chun tairbhe do roinnt risíochtaí;
faillí, ach amháin i gcás ina dtaispeánann institiúid chun sástachta a údaráis inniúil nach spreagaí ábhartha priacal don risíocht í an fhaillí.
Airteagal 171
Grádanna nó comhthiomsuithe a shannadh
Beidh sainmhínithe, próisis agus critéir ar leith ag institiúid chun risíochtaí a shannadh do ghráid nó do chomhthiomsuithe laistigh de chóras rátála a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:
beidh sainmhínithe agus critéir na ngrád agus na gcomhthiomsuithe mionsonraithe a ndóthain le gur féidir leo siúd a bhfuil sé de chúram orthu rátálacha a shannadh na hoibleagáideoirí nó na saoráidí a bhfuil an priacal céanna ag baint leo a shannadh go comhsheasmhach don ghrád nó don chomhthiomsú céanna. Beidh an chomhsheasmhacht sin le fáil thar línte gnó, ranna agus suímh gheografacha;
cuirfidh doiciméadú an phróisis rátála ar chumas tríú páirtithe sannadh na risíochtaí do ghráid nó do chomhthiomsuithe a thuiscint, an sannadh do ghráid nó do chomhthiomsuithe a mhacasamhlú agus meastachán a dhéanamh ar oiriúnacht an tsannta don ghrád nó don chomhthiomsú;
ina theannta sin, beidh na critéir comhsheasmhach le caighdeáin inmheánacha iasachtaithe na hinstitiúide agus lena beartais maidir leis an gcaoi a bpléitear le hoibleagáideoirí nó le saoráidí struis.
Airteagal 172
Sannadh risíochtaí
I gcás risíochtaí ar chorparáidí, institiúidí agus rialtais láir agus ar bhainc cheannais, agus i gcás risíochtaí ar chothromas ina mbaineann institiúid úsáid as an cur chuige PD/LGS a leagtar amach in Airteagal 155(3), sannfar na risíochtaí i gcomhréir leis na critéir seo a leanas:
sannfar gach oibleagáideoir do ghrád oibleagáideora ar leith mar chuid den phróiseas chun creidmheas a fhaomhadh;
i gcás na risíochtaí sin a bhfuil cead faighte ag institiúid ón údarás inniúil a meastacháin féin ar LGDanna agus ar fhachtóirí coinbhéartachta a úsáid de bhun Airteagal 143, sannfar gach risíocht do ghrád saoráide freisin mar chuid den phróiseas chun creidmheas a fhaomhadh;
institiúidí a úsáideann na modhanna atá leagtha amach in Airteagal 153(5) chun ualuithe priacal a shannadh do risíochtaí ar iasachtú speisialaithe, sannfaidh siad gach ceann de na risíochtaí sin do ghrád ar leith i gcomhréir le hAirteagal 170(2);
déanfar rátáil ar leith ar gach eintiteas dlíthiúil ar leith ar a bhfuil an institiúid ar ris. Beidh beartais iomchuí ag institiúid maidir leis an gcaoi a láimhseálfar cliaint aonair ar oibleagáideoirí iad agus le grúpaí de chliaint atá bainteach le chéile;
déanfar risíochtaí leithleacha ar an oibleagáideoir céanna a shannadh don ghrád oibleagáideora céanna, beag beann ar aon difríocht idir cineál gach idirbhirt ar leith. Mar sin féin, i gcás ina mbíonn gráid éagsúla ag an oibleagáideoir céanna de bharr risíochtaí leithleacha, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
priacal aistrithe tíre, rud a bhíonn ag brath ar cé acu in airgeadra áitiúil nó in airgeadra eachtrach a ainmnítear na risíochtaí;
féadfar láimhseáil ráthaíochtaí gaolmhara ar risíocht a léiriú i sannadh coigeartaithe do ghrád oibleagáideora;
toirmeascann an reachtaíocht maidir le cosaint tomhaltóirí, rúndacht bhaincéireachta nó reachtaíocht eile malartú sonraí na gcliant.
Airteagal 173
Sláine an phróisis sannta
I gcás risíochtaí ar chorparáidí, institiúidí agus rialtais láir agus ar bhainc cheannais, agus i gcás neamhcosaintí ar chothromas ina mbaineann institiúid leas as an gcur chuige PD/LGD a leagtar amach in Airteagal 155(3), ar comhlíonfaidh an próiseas sannta na ceanglais sláine seo a leanas:
Is páirtí neamhspleách nach mbaineann aon tairbhe dhíreach as aon chinneadh síneadh a chur leis an gcreidmheas a dhéanfaidh nó a fhaomhfaidh na sanntaí agus na hathbhreithnithe tréimhsiúla ar na sanntaí;
Athbhreithneoidh institiúidí na sanntaí uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad agus déanfaidh siad an sannadh a choigeartú mura mbeidh údar an sannadh reatha a iompar ar aghaidh de réir torthaí an athbhreithnithe. Déanfar athbhreithnithe níos minice ar oibleagáideoirí ardpriacal agus ar risíochtaí a bhfuil fadhb ag baint leo. Gabhfaidh institiúidí sannadh nua ar láimh má bhíonn faisnéis ábhartha ar an oibleagáideoir nó ar an risíocht ar fáil;
Beidh próiseas éifeachtach ag institiúid chun faisnéis ábhartha maidir le saintréithe oibleagáideora a dhéanann difear do PDanna agus faisnéis maidir le saintréithe idirbhirt a dhéanann difear do LGDanna nó d'fhachtóirí coinbhéartacha a fháil agus a nuashonrú.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 174
Úsáid samhlacha
Má úsáideann institiúid samhlacha staitistiúla agus modhanna meicniúla eile chun risíochtaí a shannadh do ghráid nó do chomhthiomsuithe oibleagáideoirí nó saoráide, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
beidh acmhainn mhaith réamhaisnéise ag an tsamhail agus ní chuirfear na riachtanais chaipitil as a riocht de bharr í a úsáid. Beidh na hathróga ionchuir ina mbonn réasúnta éifeachtach ag na réamhaisnéisí a a sholáthrófar. Ní bheidh aon laofacht ábhartha sa tsamhail;
beidh próiseas i bhfeidhm ag an institiúid chun na hionchuir sonraí sa tsamhail a sheiceáil, lena n-airítear measúnú ar bheachtas, ar chomhláine agus ar oiriúnacht na sonraí;
beidh na sonraí a úsáidfear chun an tsamhail a thógáil ionadaíoch do dhaonra oibleagáideoirí nó risíochtaí iarbhír na hinstitiúide;
beidh timthriall rialta bailíochtaithe samhla ag an institiúid lena n-áireofar faireachán ar fheidhmíocht agus ar chobhsaíocht na samhla; athbhreithniú ar shonraíocht na samhla; agus tástáil ar aschuir na samhla in aghaidh na dtorthaí;
comhlánóidh an institiúid an tsamhail staitistiúil le breithiúnas daonna agus le formhaoirseacht dhaonna chun athbhreithniú a dhéanamh ar na sanntaí atá bunaithe ar an tsamhail agus lena áirithiú go n-úsáidfear na samhlacha go hiomchuí. Is é aidhm a bheidh ag na nósanna imeachta athbhreithnithe na hearráidí a thagann as laigí na samhla a aimsiú agus a theorannú. Déanfaidh an breithiúnas daonna gach faisnéis ábhartha nár cuireadh san áireamh sa tsamhail a chur san áireamh. Doiciméadóidh an institiúid an chaoi nach mór an breithiúnas daonna agus torthaí na samhla a thabhairt le chéile.
Airteagal 175
Doiciméadú na gcóras rátála
I gcás ina n-úsáideann an institiúid samhlacha staitistiúla sa phróiseas rátála, doiciméadóidh an institiúid a modheolaíochtaí. Déanfar an méid seo a leanas sa doiciméadacht sin:
achoimre mhionsonraithe a sholáthar ar an teoiric, ar na toimhdí agus ar an mbunús matamaiticiúil agus eimpiriciúil is bonn le sannadh na meastachán do ghráid, d'oibleagáideoirí aonair, do risíochtaí nó do comhthiomsuithe, agus ar an bhfoinse/na foinsí sonraí a úsáideadh chun an tsamhail a mheas;
dianphróiseas staitistiúil a bhunú, lena n-áirítear trialacha feidhmíochta as am agus as sampla chun an tsamhail a bhailíochtú;
na dálaí a thabhairt le fios nach n-oibríonn an tsamhail go éifeachtach iontu.
Airteagal 176
Cothabháil sonraí
I gcás risíochtaí ar chorparáidí, ar institiúidí agus ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, agus i gcás risíochtaí ar chothromas ina mbaineann institiúidí leas as an gcur chuige PD/LGD a leagtar amach in Airteagal 155(3), baileoidh agus stórálfaidh institiúidí na nithe seo a leanas:
tuairiscí iomlána rátála ar oibleagáideoirí agus ar ráthóirí aitheanta;
na dátaí ar ar sannadh na rátálacha;
na príomhshonraí agus an mhodheolaíocht a úsáideadh le teacht ar an rátáil;
an duine atá freagrach as an sanndh rátála;
céannacht na n-oibleagáideoirí agus na risíochtaí a mhainnigh;
dáta agus na dálaí na mainneachtana sin;
sonraí maidir leis na PDanna agus na rátaí mainneachtana réadaithe a bhaineann le gráid rátála agus le himirce rátálacha.
Baileoidh agus stórálfaidh institiúidí a úsáideann a meastacháin féin ar LGDanna agus ar fhachtóirí coinbhéartachta na nithe seo a leanas:
tuairiscí iomlána na sonraí ar na rátálacha saoráide agus ar na meastacháin ar LGD agus ar fhachtóirí coinbhéartachta a bhaineann le gach aon scála rátála;
na dátaí ar ar sannadh na rátálacha agus ar a ndearnadh na meastacháin;
na príomhshonraí agus an mhodheolaíocht a úsáideadh le teacht ar na rátálacha saoráide agus ar na meastacháin ar LGD agus ar fhachtóirí coinbhéartachta;
an duine a shann an rátáil saoráide agus an duine a sholáthair na meastacháin ar LGD agus ar fhachtóirí coinbhéartachta;
sonraí maidir leis na LGDanna agus na fachtóirí coinbhéartachta measta agus réadaithe a bhaineann le gach risíochta mhainnigh;
sonraí maidir le LGD na risíochta roimh mheastóireacht a dhéanamh ar iarmhairtí ráthaíochta nó díorthaigh chreidmheasa agus ina dhiaidh sin, i gcás na n-institiúidí sin a chuireann i gcuntas sa LGD an chaoi a maolaíonn na ráthaíochtaí nó na díorthaigh chreidmheasa an priacal creidmheasa;
sonraí maidir le comhpháirteanna an chaillteanais i gcás gach risíochta a mhainnigh.
I gcás risíochtaí ar mhiondíol, baileoidh agus stórálfaidh institiúidí na nithe seo a leanas:
na sonraí á úsáidtear agus risíochtaí á sannadh do ghráid nó do chomhthiomsuithe;
sonraí maidir leis na PDanna, na LGDanna agus na fachtóirí coinbhéartachta measta a bhaineann le gráid nó le comhthiomsuithe risíochtaí;
céannacht na n-oibleagáideoirí agus na risíochtaí a mhainnigh;
i gcás risíochtaí a mhainnigh, sonraí maidir leis na gráid nó na comhthiomsuithe ar sannadh dóibh an risíocht i rith na bliana roimh an mainneachtain agus na torthaí réadaithe ar LGD nó ar an bhfachtóir coinbhéartachta;
sonraí maidir le rátaí caillteanais i gcás risíochtaí imrothlacha cáilitheacha ar mhiondíol.
Airteagal 177
Tástálacha struis a úsáidtear chun leordhóthanacht caipitil a mheasúnú
Airteagal 178
Mainneachtain oibleagáideora
Measfar go mbeidh mainneachtain tar éis tarlú maidir le hoibleagáideoir ar leith má tharlaíonn ceachtar den dá rud a leanas nó an dá rud:
measann an institiúid nach dócha go n-íocfaidh an t-oibleagáideoir iomlán a oibleagáidí creidmheasa leis an institiúid, leis an máthairchuideachta nó le ceann ar bith dá fochuideachtaí gan an institiúid dul i muinín birt amhail urrús a réadú;
tá an t-oibleagáideoir thar téarma níos faide ná 90 lá in aon oibleagáid chreidmheasa ábhartha i leith na hinstitiúide, an mháthairghnóthais nó ceann ar bith dá fochuideachtaí. Féadfaidh údaráis inniúla 180 lá a chur in ionad na 90 lá i gcás risíochtaí arna n-urrú ag maoin chónaithe nó ag maoin dhochorraithe tráchtála de chuid FBM atá in aicme na risíochta ar mhiondíol, agus i gcás risíochtaí ar eintitis earnála poiblí. Ní bheidh feidhm ag na 180 lá chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1) nó Airteagal 127.
I gcás risíochtaí ar mhiondíol, féadfaidh institiúidí an sainmhíniú ar mhainneachtain a leagtar síos i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír a chur i bhfeidhm ar leibhéal na saoráide aonair creidmheasa seachas ar na hoibleagáidí iomlána a bheidh ag iasachtaí.
Beidh feidhm ag an méid seo a leanas chun críocha phointe (b) de mhír 1:
i gcás rótharraingtí, tosaíonn na laethanta thar téarma a luaithe a sháraíonn an t-oibleagáideoir teorainn mholta, a luaithe a mholtar teorainn dó atá níos lú ná na suimeanna gan íoc, nó a luaithe atá creidmheas tarraingthe aige gan údarás, nuair atá an méid bunúsach ábhartha;
chun críocha phointe (a), cuimsíonn teorainn mholta aon teorainn chreidmheasa a chinn an institiúid agus a d'fhógair an institiúid don oibleagáideoir;
i gcás cártaí creidmheasa, tosaíonn na laethanta thar téarma ar an dáta a bhfuil an íos-íocaíocht dlite.
ábharthacht oibleagáid chreidmheasa thar theárma a mheasúnófar le tairseach, arna sainiú ag na húdaráis inniúla. Cuirfear i gcuntas sa tairseach seo an leibhéal priacal is dóigh leis an údarás inniúil a bheith réasúnta;
beidh beartais dhoiciméadaithe ag institiúidí i leith áireamh na laethanta thar téarma, go háirithe maidir le hathaosú na saoráidí agus le síntí, leasuithe nó iarchur a cheadú, athnuachaintí, agus glanluacháil a dhéanamh ar chuntais atá ann cheana. Cuirfear na beartais sin i bhfeidhm go comhsheasmhach le himeacht ama, agus beidh siad I gcomhréir le próisis chinnteoireachta agus le bainistíocht priacal inmheánach na hinstitiúide.
Chun críocha phointe (a) de mhír 1, áireofar na heilimintí seo a leanas mar tháscairí ar mhídhóchúlacht na híocaíochta:
tugann an institiúid an stádas “neamhfhabhraithe” don oibleagáid chreidmheasa;
sainaithníonn an institiúid coigeartú sonrach i leith priacal creidmheasa a thig ó mheathlú suntasach atá le sonrú sa cháilíocht chreidmheasa tar éis don institiúid glacadh leis an risíocht;
díolann an institiúid an oibleagáid chreidmheasa faoi chaillteanas eacnamaíoch ábhartha a bhaineann le creidmheas;
toilíonn an institiúid le hathchóiriú struis na hoibleagáide creidmheasa i gcás inar dóigh go mbeadh mar thoradh air oibleagáid airgeadais níos lú mar gur maitheadh nó gur cuireadh siar an phríomhshuim, an t-ús nó, nuair is iomchuí, na táillí. Cuimsíonn sé sin, i gcás na risíochtaí ar chothromas a mheasúnaítear faoi Chur Chuige PD/LGD, athchóiriú struis ar an gcothromas féin;
tá an institiúid tar éis iarratas oifigiúil a dhéanamh ar ordú féimheachta nó ordú dá leithéid i leith oibleagáid chreidmheasa an oibleagáideora i leith na hinstitiúide, an mháthairghnóthais nó ceann ar bith dá fochuideachtaí;
tá an t-oibleagáideoir tar éis féimheacht a iarraidh nó breithníodh é ina fhéimheach nó tá sé tar éis cosaint dá samhail a iarraidh nó a fháil i gcás ina mbacfaí nó ina gcuirfí moill ar aisíocaíocht na hoibleagáide creidmheasa i leith na hinstitiúide, na máthairchuideachta nó ceann ar bith dá fochuideachtaí dá bharr.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 179
Ceanglais fhoriomlána maidir le meastachán a dhéanamh
Agus na paraiméadair priacal a bhainfidh leis na gráid agus leis na comhthiomsuithe rátála á gcainníochtú acu, cuirfidh institiúidí na ceanglais seo a leanas i bhfeidhm.
beidh gach sonra, faisnéis agus modh ábhartha ar áireamh i meastacháin na hinstitiúide féin ar na paraiméadair priacal, PD, LGD, fachtóirí coinbhéartachta agus EL. Díorthófar na meastacháin trí úsáid a bhaint as an taithí stairiúil agus as an bhfianaise eimpíreach araon, gan dul i muinín ceisteanna breithiúnais amháin. Beidh na meastacháin dealraitheach agus iomasach agus iad bunaithe ar spreagaí gach paraiméadair priacal faoi seach. Dá laghad sonraí a bheidh ag institiúid, is amhlaidh is coimeádaí a bheidh sí ina meastachán;
beidh institiúid in ann miondealú a chur ar fáil ar stair a chaillteanais maidir le minicíocht na mainneachtana, LGD, fachtóir coinbhéartachta, nó caillteanas i gcás ina n-úsáidtear meastachán EL, ar bhonn na bhfachtóirí a mheasann sí a bheith ina spreagaithe le gach paraiméadair priacal faoi leith. Beidh an taithí fhadtéarmach curtha san áireamh i meastacháin na hinstitiúide;
cuirfear san áireamh aon athrú a thiocfaidh ar an gcleachtas iasachtaithe nó ar an bpróiseas chun fiacha a ghnóthú dá dtagraítear in Airteagal 180(1)(h) agus (2)(e), in Airteagal 181(1)(j) agus (2), agus in Airteagal 182(2) agus (3). Cuirfear san áireamh i meastacháin na hinstitiúide impleachtaí an dul chun cinn teicniúil agus sonraí nua agus faisnéis eile, de réir mar a chuirfear iad sin ar fáil. Déanfaidh na hinstitiúidí athbhreithniú ar a meastacháin nuair a thiocfaidh faisnéis nua chun solais agus ar a laghad uair amháin in aghaidh na bliana;
beidh líon na risíochtaí atá san áireamh sna sonraí a úsáideadh le haghaidh an mheastacháin, na caighdeáin iasachtaithe a úsáideadh nuair a gineadh na sonraí, agus saintréithe ábhartha eile, beidh siad inchomparáide leo siúd a bhaineann le risíochtaí agus le caighdeáin na hinstitiúide. Beidh dálaí an mhargaidh nó dálaí eacnamaíocha is bonn leis na sonraí ábhartha do na dálaí reatha nó ionchasacha. Beidh líon na risíochtaí sa sampla agus an tréimhse shonraí a úsáideadh le haghaidh an chainníochtú leordhóthanach le go mbeidh muinín ag an institiúid as beachtas agus as stóinseacht a meastachán;
i gcás earraí infhaighte ceannaithe, cuirfear i gcuntas sna meastacháin gach faisnéis iomchuí a bheidh ar fáil don institiúid cheannaigh maidir le caighdeán na n-earraí infhaighte foluiteacha, lena n-áirítear sonraí maidir le comhthiomsuithe comhchosúla arna gcur ar fáil ag an díoltóir, ag an institiúid cheannaigh, nó ag foinsí seachtracha. Déanfaidh an institiúid cheannaigh meastóireacht ar aon sonra a chuirtear san áireamh arbh é an díoltóir a chuir ar fáil é;
cuirfidh institiúid corrlach choimeádachais lena meastacháin a bhaineann le raon ionchasach na n-earráidí meastacháin. I gcás ina meastar nach bhfuil na modhanna agus na sonraí sásúil nó go bhfuil raon ionchasach na n-earráidí níos mó, bheidh an corrlach choimeádachais níos mó.
I gcás ina n-úsáideann institiúidí meastacháin éagsúla chun na hualuithe priacal a ríomh nó chun críocha inmheánacha, doiciméadófar é sin agus beidh sé réasúnta. Más féidir le hinstitiúidí a léiriú dá n-údaráis inniúla go ndearnadh coigeartuithe iomchuí ar na sonraí a bailíodh roimh an 1 Eanáir 2007 sa chaoi is go bhfuil siad coibhéiseach, tríd is tríd, leis an sainmhíniú ar mhainneachtain atá leagtha síos in Airteagal 178 nó le caillteanas, féadfaidh údaráis inniúla roinnt solúbthachta a cheadú do na hinstitiúidí maidir le cur chun feidhme na gcaighdeán arna gceangal maidir le sonraí.
I gcás ina n-úsáideann institiúid sonraí atá comhthiomsaithe thar institiúidí éagsúla, comhlíonfaidh sí na ceanglais seo a leanas:
tá córais rátála agus critéir na n-institiúidí eile sa chomhthiomsú cosúil lena cuid córas rátála agus critéar féin;
tá an comhthiomsú ionadaíoch don phunann a n-úsáidtear na sonraí comhthiomsaithe lena aghaidh;
úsáideann an institiúid na sonraí comhthiomsaithe go comhsheasmhach le himeacht ama dá meastacháin;
leanfaidh an institiúid de bheith freagrach as sláine a córais rátála;
coimeádfaidh an institiúid ar bun an t-eolas atá ag a foireann ar chórais rátála i gcónaí, lena n-áirítear an cumas faireachán agus iniúchóireacht éifeachtach a dhéanamh ar an bpróiseas rátála.
Airteagal 180
Ceanglais a bhaineann go sonrach le meastachán ar PD
Agus na paraiméadair priacal a bhainfidh leis na gráid agus leis na comhthiomsuithe rátála á gcainníochtú acu, déanfaidh na hinstitiúidí na ceanglais seo a leanas a bhaineann go sonrach le meastachán ar PD a chur i bhfeidhm maidir le risíochtaí ar chorparáidí, ar institiúidí, agus ar rialtas láir agus ar bhainc cheannais agus maidir le risíochtaí ar chothromas i gcás ina mbaineann institiúid leas as an gcur chuige PD/LGD a leagtar amach in Airteagal 155(3):
déanfaidh institiúidí meastachán ar PDanna de réir grád oibleagáideora ar bhonn meán fadtréimhseach rátaí mainneachtana aon bhliain amháin. Cuirfear san áireamh i meastacháin PD oibleagáideoirí atá dianluamhánaithe nó oibleagáideoirí ar sócmhainní trádáilte den chuid is mó a sócmhainní feidhmíocht na sócmhainní foluiteacha ar bhonn tréimhsí luaineachta struis;
i gcás earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe féadfaidh institiúidí an EL de réir an ghráid oibleagáideora a mheas ar bhonn meán fadtréimhseach rátaí mainneachtana réadaithe aon bhliain amháin;
má dhéanann institiúid na meánmheastacháin fhadtréimhseacha ar PDanna agus LGDanna i leith earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe ó mheastachán EL, agus ar mheastachán iomchuí ar PD nó ar LGD, comhlíonfaidh an próiseas chun na caillteanais iomlána a mheas na caighdeáin ghinearálta maidir le meastacháin ar PDanna agus LGDanna atá leagtha amach sa chuid seo, agus beidh an toradh comhsheasmhach le coincheap an LGD mar atá sé leagtha amach in Airteagal 181(1)(a);
ní bhainfidh institiúidí úsáid as teicnící measta PD gan anailís a chur mar thaca leo. Cuirfidh institiúidí san áireamh an tábhacht a bhaineann le breithiúnas maidir le torthaí na dteicnící a chur le chéile agus coigeartuithe a dhéanamh i ngeall ar easnamh na dteicnící agus na faisnéise;
sa mhéid go n-úsáideann institiúid sonraí maidir leis an taithí inmheánach ar an mainneachtain chun PDanna a mheas, cuirfear san áireamh sna meastacháin na caighdeáin frithgheallta agus na difríochtaí sa chóras rátála a ghin na sonraí agus an córas rátála reatha. I gcás ina bhfuil athrú ar chaighdeáin frithgheallta nó ar na córais rátála, cuirfidh an institiúid corrlach choimeádachais lena meastachán PD;
sa mhéid go gcomcheanglaíonn nó go mapálann institiúid a gráid inmheánacha leis an scála a úsáideann IMCS nó eagraíochtaí dá leithéid agus go sannann sí ansin an ráta mainneachtana atá le haithint ar ghráid na heagraíochta seachtraí do ghráid na hinstitiúide, beidh na mapálacha bunaithe ar chomparáid idir na critéir rátála inmheánacha agus na critéir a úsáideann an eagraíocht sheachtrach agus ar chomparáid idir na rátálacha inmheánacha agus na rátálacha seachtracha i gcás aon oibleagáideoir atá i bpáirt acu. Seachnófar laofachtaí nó neamhréireanna sa chur chuige mapála nó sna bunsonraí. Beidh critéir na heagraíochta seachtraí a fholuíonn na sonraí a úsáidfear don chainníochtú dírithe ar an bpriacal mainneachtana amháin agus ní chuirfidh siad saintréithe na n-idirbheart san áireamh. Áireofar san anailís a dhéanfaidh an institiúid comparáid idir na sainmhínithe ar mhainneachtain arna n-úsáid, faoi réir na gceanglas in Airteagal 178. Doiciméadóidh an institiúid bunús na mapála;
sa mhéid go n-úsáideann institiúid samhlacha staitistiúla chun mainneachtain a thuar, is ceadmhach meastachán a dhéanamh ar na PDanna mar mheán simplí na meastachán ar dhóchúlacht mainneachtana oibleagáideoirí aonair in aon ghrád ar leith. An úsáid a bhainfidh an institiúid as samhlacha um dhóchúlacht mainneachtana chun na críche seo, comhlíonfaidh sí na caighdeáin atá leagtha amach in Airteagal 174;
is cuma cé acu foinsí sonraí seachtracha, inmheánacha nó comhthiomsaithe, nó meascán den trí rud sin a úsáideann an institiúid dá meastachán PD, beidh fad na tréimhse breathnóireachta stairiúla bunúsaí cothrom le cúig bliana ar a laghad i gcás foinse amháin díobh ar a laghad. Más faide ná sin an tréimhse bhreathnóireachta a bheidh le fáil d'aon fhoinse ar leith agus má tá na sonraí sin ábhartha, is í an tréimhse is faide a úsáidfear. Tá feidhm aige sin freisin maidir leis an gCur Chuige PD/LGD i leith cothromais. Tá feidhm aige sin freisin maidir leis an gCur Chuige PD/LGD i leith cothromais. faoi réir chead na n-údarás inniúil, institiúidí nach mbeidh cead faighte acu ón údarás inniúil de bhun Airteagal 143 a meastacháin féin ar LGD ná ar fhachtóirí coinbhéartachta a úsáid, féadfaidh siad sonraí ábhartha a chumhdóidh tréimhse dhá bhliain a úsáid le linn dóibh an Cur Chuige IRB a chur i bhfeidhm. Cuirfear aon bhliain amháin in aghaidh na bliana leis an tréimhse a bheidh le cumhdach gach bliain nó go gcumhdóidh na sonraí ábhartha tréimhse cúig bliana.
I gcás risíochtaí ar mhiondíol, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:
déanfaidh institiúidí meastacháin ar PDanna de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe oibleagáideora ar bhonn meán fadtréimhseach rátaí mainneachtana aon bhliain amháin.
féadfar meastacháin PD a dhéanamh freisin ar bhonn meastachán na gcaillteanas iomlán agus ar bhonn meastachán ábhartha ar LGDanna;
measfaidh na hinstitiúidí gurb iad na sonraí inmheánacha maidir le risíochtaí a shannadh do ghráid nó do chomhthiomsuithe príomhfhoinse na faisnéise chun meastachán a dhéanamh ar shaintréithe an chaillteanais. Féadfaidh institiúidí úsáid a bhaint as sonraí seachtracha (lena n-áirítear sonraí comhthiomsaithe) nó samhlacha staitistiúla don chainníochtú ar an gcoinníoll go mbeidh an dá nasc láidir seo i gceist:
idir próiseas na hinstitiúide maidir le risíochtaí a shannadh do ghráid nó do chomthiomsuithe agus an próiseas a úsáideann foinse na sonraí seachtracha; agus
idir próifíl priacal inmheánach na hinstitiúide agus comhdhéanamh na sonraí seachtracha;
má dhéanann institiúid na meánmheastacháin fhadtréimhseacha ar PD agus LGD i leith risíochtaí miondíola a dhíorthú ó mheastachán ar chaillteanais iomlána ◄ agus ar mheastachán ábhartha ar PD nó an LGD, comhlíonfaidh an próiseas chun meastachán a dhéanamh ar na caillteanais iomlána na caighdeáin ghinearálta maidir leis meastacháin PD agus LGD atá leagtha amach sa chuid seo, agus beidh an toradh comhsheasmhach le coincheap an LGD mar atá sé leagtha amach i bpointe (a) d'Airteagal 181(1);
is cuma cé acu foinsí sonraí seachtracha, inmheánacha nó comhthiomsaithe, nó meascán den trí rud sin a úsáideann an institiúid dá meastachán ar shaintréithe an chaillteanais, beidh fad na tréimhse breathnóireachta stairiúla bunúsaí cothrom le cúig bliana ar a laghad d'fhoinse amháin díobh ar a laghad. Más faide ná sin an tréimhse bhreathnóireachta a bheidh le fáil d'aon fhoinse ar leith agus má tá na sonraí sin ábhartha, is í an tréimhse is faide a úsáidfear. Ní gá gur comhthábhachtach leis an institiúid na sonraí stairiúla agus sonraí is déanaí más fearr an réamhtháscaire iad seo ar na rátaí caillteanais. Faoi réir chead na n-údarás inniúil, féadfaidh institiúidí, le linn dóibh an Cur Chuige IRB a chur chun feidhme, sonraí ábhartha a chumhdóidh tréimhse dhá bhliain a úsáid. Is mó d'aon bhliain an tréimhse a bheidh le cumhdach gach bliain nó go gcumhdóidh na sonraí ábhartha tréimhse cúig bliana;
sainaithneoidh institiúidí na hathruithe ionchasacha ar na paraiméadair priacal thar shaolré na risíochtaí creidmheasa (éifeachtaí stálaithe) agus déanfaidh siad anailís orthu.
I gcás earraí infhaighte ceannaithe, féadfaidh institiúidí sonraí tagartha inmheánacha agus seachtracha a úsáid. Bainfidh na hinstitiúidí úsáid as gach foinse sonraí ábhartha mar phointí comparáide.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
na dálaí ar dá réir a fhéadfaidh na húdaráis inniúla na ceadanna sin a thabhairt dá dtagraítear i bpointe (h) de mhír 1 agus i bpointe (e) de mhír 2;
na modheolaíochtaí ar dá réir a mheasúnóidh údaráis inniúla modheolaíocht institiúide maidir le PD a mheas de bhun Airteagal 143.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 181
Ceanglais a bhaineann go sonrach le féinmheastachán ar LGDanna
Agus na paraiméadair priacal a bhainfidh leis na gráid agus leis na comhthiomsuithe rátála á gcainníochtú acu, cuirfidh institiúidí na ceanglais seo a leanas a bhaineann go sonrach le féinmheastachán ar LGDanna i bhfeidhm.
déanfaidh institiúidí meastachán ar LGDanna de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe saoráide ar bhonn na meán-LGDanna réadaithe de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe saoráide, ag baint úsáide di as gach mainneachtain a breathnaíodh laistigh de na foinsí sonraí (an meán mainneachtain-ualaithe);
úsáidfidh institiúidí meastacháin ar LGDanna atá ábhartha do ghéarchor eacnamaíoch má tá siad sin níos coimeádaí ná an meán fadtréimhseach. Sa mhéid go meastar go soláthróidh córas rátála LGDanna réadaithe ar leibhéal seasmhach de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe thar imeacht ama, déanfaidh institiúidí coigeartuithe ar a meastacháin ar pharaiméadair priacal de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe chun iarmhairt an ghéarchoir sa gheilleagar ar an gcaipiteal a theorannú;
breithneoidh institiúid a mhéid a bhraitheann priacal an oibleagáideora agus priacal na comhthaobhachta nó sholáthraí na comhthaobhachta ar a chéile. Caithfear go coimeádach leis na cásanna ina bhfuil spleáchas suntasach;
déileálfar go coimeádach le neamhréireanna airgeadra idir an bhunoibleagáid agus an chomhthaobhacht maidir le measúnú na hinstitiúide ar an LGD;
sa mhéid go gcuirfear san áireamh sna meastacháin ar LGDanna comhthaobhacht a bheith ann, ní bheidh na meastacháin sin bunaithe ar mhargadhluach measta na comhthaobhachta sin amháin. Cuirfear san áireamh sna meastacháin ar LGDanna cén chaoi a rachadh sé i gcion ar na hinstitiúidí gan a bheith in ann a gcomhthaobhacht a ghabháil go gasta agus í a leachtú;
sa mhéid go gcuirfear san áireamh sna meastacháin ar LGDanna comhthaobhacht a bheith ann, bunóidh na hinstitiúidí ceanglais inmheánacha maidir le bainistiú na comhthaobhachta, deimhneacht dhlíthiúil agus bainistíocht priacal a bheidh comhsheasmhach, tríd is tríd, leis na cinn atá leagtha amach i gCaibidil 4, Roinn 3;
sa mhéid go gcuireann an institiúid an chomhthaobhacht san áireamh maidir le luach na risíochta ar priacal creidmheasa an chontrapháirtí a chinneadh i gcomhréir le Caibidil 6, Roinn 5 nó 6, ní chuirfear san áireamh sna meastacháin ar LGDanna aon suim a bhfuiltear ag súil a ghnóthú ón gcomhthaobhacht;
maidir le sainchás na risíochtaí atá ar mainneachtain cheana, úsáidfidh an institiúid suim an mheastacháin is fearr atá aici ar an gcaillteanas ionchasach do gach risíocht díobh de réir dálaí eacnamaíocha reatha agus stádas na risíochta agus a meastachán faoin ardú ar an ráta caillteanais a bheidh ann mar gheall ar chaillteanais eile a d'fhéadfadh a bheith ann nach raibh súil leo i rith na tréimhse aisghnóthaithe, i.e. idir an dáta a ndéanfar an mainneachtain agus dáta leachtú deiridh na risíochta;
sa mhéid go gcaipitlítear táillí gan íoc déanacha i ráiteas ioncaim na hinstitiúide, cuirfear iad sin le tomhas na hinstitiúide ar an risíochtagus ar an gcaillteanas;
i gcás risíochtaí ar chorparáidí, ar institiúidí agus ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, bunófar na meastacháin ar LGDanna ar shonraí cúig bliana ar a laghad, agus cuirfear bliain amháin in aghaidh na bliana leis an tréimhse sin tar éis a chuir chun feidhme nó go sroichfear seacht mbliana ar a laghad, i gcás aon fhoinse sonraí amháin ar a laghad. Más faide ná sin an tréimhse bhreathnóireachta a bheidh le fáil d'aon fhoinse ar leith agus má tá na sonraí ábhartha, is í an tréimhse is faide a úsáidfear.
I gcás risíochtaí ar mhiondíol, féadfaidh institiúidí an méid seo a leanas a dhéanamh:
na meastacháin ar LGDanna a dhíorthú ó na caillteanais réadaithe agus ar mheastacháin ábhartha ar PDanna;
tarraingtí todhchaí a chur san áireamh ina bhfachtóirí coinbhéartachta nó ina meastacháin ar LGDanna;
I gcás earraí infhaighte ceannaithe, sonraí tagartha inmheánacha agus seachtracha a úsáid chun LGDanna a mheas.
I gcás risíochtaí ar mhiondíol, bunófar meastacháin ar LGDanna ar shonraí thar chúig bliana ar a laghad. Ní gá gur comhthábhachtach leis an institiúid na sonraí stairiúla agus sonraí is déanaí más fearr an réamhtháscaire na sonraí is déanaí i leith na rátaí caillteanais. Faoi réir chead na n-údarás inniúil, féadfaidh institiúidí, le linn dóibh an Cur Chuige IRB a chur chun feidhme, sonraí ábhartha a chumhdóidh tréimhse dhá bhliain a úsáid. Cuirfear aon bhliain amháin in aghaidh na bliana leis an tréimhse a bheidh le cumhdach gach bliain nó go gcumhdóidh na sonraí ábhartha tréimhse cúig bliana.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
cineál, géire agus fad an ghéarchoir eacnamaíoch dá dtagraítear i mír 1;
na coinníollacha ar dá réir a fhéadfaidh údarás inniúil cead a thabhairt d'institiúid de bhun mhír 2 sonraí ábhartha a chumhdaíonn tréimhse dhá bhliain a úsáid, nuair a chuireann an institiúid an Cur Chuige IRB chun feidhme.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 182
Ceanglais a bhaineann go sonrach le féinmheastachán ar fhachtóirí coinbhéartachta
Agus na paraiméadair priacal a bhainfidh leis na gráid agus leis na comhthiomsuithe rátála á gcainníochtú acu, déanfaidh institiúidí na ceanglais seo a leanas a bhaineann go sonrach le féinmheastachán ar fhachtóirí coinbhéartachta a chur i bhfeidhm:
déanfaidh institiúidí fachtóirí coinbhéartachta a mheas de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe saoráide ar bhonn mheán na bhfachtóirí coinbhéartachta réadaithe de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe saoráide, ag baint úsáide di as an meán mainneachtain-ualaithe a thig ó gach mainneachtain a breathnaíodh laistigh de na foinsí sonraí;
úsáidfidh na hinstitiúidí meastacháin ar fhachtóirí coinbhéartachta LGD atá ábhartha do ghéarchor eacnamaíoch má tá siad níos coimeádaí ná an meán fadtréimhseach. Sa mhéid go meastar go soláthróidh córas rátála fachtóirí coinbhéartachta réadaithe ar leibhéal seasmhach de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe thar imeacht ama, déanfaidh institiúidí coigeartuithe ar a meastacháin ar pharaiméadair priacal de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe chun éifeacht an ghéarchoir eacnamaíoch ar an gcaipiteal a theorannú;
cuirfear san áireamh i meastacháin na n-institiúidí ar fhachtóir coinbhéartachta go bhféadfadh an t-oibleagáideoir tarraingtí breise a dhéanamh go dtí go spreagfar teagmhas mainneachtana agus ina dhiaidh. Cuimseofar sa mheastachán ar an bhfachtóir coinbhéartachta corrlach choimeádachais níos mó más féidir súil a bheith acu go réasúnach le comhghaol deimhneach níos láidre idir minicíocht na mainneachtana agus méad an fhachtóra coinbhéartaigh;
le linn dóibh teacht ar mheastacháin ar fhachtóirí coinbhéartachta, cuirfidh na hinstitiúidí san áireamh na beartais agus na straitéisí sonracha lenar ghlac siad maidir leis an bhfaireachán ar chuntais agus le próiseáil na n-íocaíochtaí. Cuirfidh na hinstitiúidí san áireamh freisin a mhéid atá siad ábalta agus toilteanach tarraingtí eile a chosc i ndálaí atá gar don mhainneachtain, amhail sáruithe cúnaint nó teagmhais mhainneachtana theicniúla eile;
beidh córais agus nósanna imeachta leormhaithe ar bun ag institiúidí le faireachán a dhéanamh ar mhéideanna saoráide, ar mhéideanna gan íoc i gcomparáid leis na línte atá tiomanta agus ar na hathruithe ar na méideanna gan íoc de réir an oibleagáideora agus an ghráid. Beidh an institiúid i riocht faireachán a dhéanamh go laethúil ar aon iarmhéid gan íoc;
Má úsáideann institiúidí meastacháin éagsúla ar na fachtóirí coinbhéartachta le méideanna na risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh agus chun críocha inmheánacha, doiciméadófar é sin agus beidh sé réasúnta.
I gcás risíochtaí ar mhiondíol, bunófar meastacháin ar fhachtóirí coinbhéartachta ar shonraí thar cúig bliana ar a laghad. De mhaolú ar phointe (a) de mhír 1, ní gá gur comhthábhachtach leis an institiúid iad na sonraí stairiúla más fearr an réamhtháscaire iad na sonraí is déanaí ar íostarraingtí. Faoi réir chead na n-údarás inniúil, féadfaidh institiúidí, le linn dóibh an Cur Chuige IRB a chur chun feidhme, sonraí ábhartha a chumhdóidh tréimhse dhá bhliain a úsáid. Cuirfear aon bhliain amháin in aghaidh na bliana leis an tréimhse a bheidh le cumhdach gach bliain nó go gcumhdóidh na sonraí ábhartha tréimhse cúig bliana.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
cineál, géire agus fad an ghéarchoir eacnamaíoch dá dtagraítear i mír 1;
na coinníollacha ar dá réir a fhéadfaidh údarás inniúil cead a thabhairt d'institiúid sonraí ábhartha a chumhdaíonn tréimhse dhá bhliain a úsáid nuair a chuireann an institiúid an Cur Chuige IRB chun feidhme den chéad uair.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 183
Ceanglais maidir le measúnú a dhéanamh ar iarmhairt ráthaíochtaí agus díorthaigh chreidmheasa ar risíochtaí ar chorparáidí, ar institiúidí agus ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais nuair a úsáidtear féinmheastacháin ar LGDanna agus risíochtaí ar mhiondíol
Beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir le ráthóirí agus ráthaíochtaí incháilithe:
beidh ag institiúidí critéir atá sonraithe go soiléir maidir leis na cineálacha ráthóirí a aithníonn siad chun na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh;
i gcás ráthóirí aitheanta beidh feidhm ag na rialacha céanna sin a bhaineann le hoibleagáideoirí mar atá leagtha amach in Airteagal 171, Airteagal 172 agus Airteagal 173;
beidh an ráthaíocht fianaithe i scríbhinn, beidh sí neamh-inchealaithe ó thaobh an ráthóra, beidh sí i bhfeidhm nó go gcomhlíonfar an oibleagáid ina hiomláine (go feadh mhéid agus bhrí na ráthaíochta) agus beidh sí inchurtha i bhfeidhm le dlí i gcoinne an ráthóra i ndlínse ina bhfuil sócmhainní ag an ráthóir a fhéadfar a urghabháil chun breithiúnas a fhorfheidhmiú. Ráthaíochtaí coinníollacha lena leagtar síos téarmaí a shonraíonn na coinníollacha nach bhféadfar oibleagáid chomhlíonta a chur ar an ráthóir fúthu, féadfar iad a aithint faoi réir chead na n-údarás inniúil. Tabharfaidh na critéir shannacháin aghaidh go leormhaith ar aon laghdú a d'fhéadfadh teacht ar an éifeacht mhaolaithe priacal.
Beidh na critéir dealraitheach iomasach. Tabharfaidh siad aghaidh ar chumas agus ar thoil an ráthóra feidhmiú faoin ráthaíocht, an uair is dócha a dhéanfaidh an ráthóir aon íocaíocht, a mhéid atá cumas an ráthóra maidir leis na téarmaí a chomhlíonadh comhghaolaithe le cumas an oibleagáideora an aisíocaíocht a dhéanamh agus a mhéid a fhanann an priacal iarmharach i leith an oibleagáideora.
Tabharfaidh na critéir aghaidh ar struchtúr eisíocaíochta an díorthaigh chreidmheasa agus measúnóidh siad go coimeádach a iarmhairt ar leibhéal agus ar uainiú na n-aisghnóthuithe. Cuirfidh an institiúid san áireamh a mhéid atá cineálacha eile priacal iarmharaigh fanta.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 184
Ceanglais maidir le hearraí infhaighte ceannaithe
Déanfaidh an institiúid faireachán ar cháilíocht na n-earraí infhaighte ceannaithe agus freisin ar staid airgeadais an díoltóra agus an tseirbhíseora. Beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
déanfaidh an institiúid measúnú ar an gcomhghaol atá idir cáilíocht na n-earraí infhaighte ceannaithe agus staid airgeadais an díoltóra agus an tseirbhíseora, beidh beartais agus nósanna imeachta inmheánacha ar bun aici a mbeidh ina gcosaint iomchuí ar aon teagmhas, lena n-áirítear rátáil priacal inmheánach a shannadh do gach díoltóir agus gach seirbhíseoir;
beidh beartais agus nósanna imeachta soiléire éifeachtacha ag an institiúid le hincháilitheacht an díoltóra agus an tseirbhíseora a chinneadh. Déanfaidh an institiúid nó a gníomhaire athbhreithnithe tréimhsiúla ar dhíoltóirí agus ar sheirbhíseoirí le beachtas thuarascálacha an díoltóra nó an tseirbhíseora a dheimhniú, le calaois nó laigí oibriúcháin a aimsiú agus le cáilíocht bheartais chreidmheasa an díoltóra agus cáilíocht bheartais agus nósanna imeachta bailiúcháin an tseirbhíseora a dheimhniú. Doiciméadófar torthaí na n-athbhreithnithe sin;
measúnóidh an institiúid saintréithe na gcomhthiomsaithe d'earraí infhaighte ceannaithe, lena n-áirítear ró-airleacain; stair riaráistí agus dhrochfhiacha an díoltóra agus stair a lamháltas in aghaidh drochfhiach; téarmaí íocaíochta agus cuntais contra ionchasacha;
beidh beartais agus nósanna imeachta éifeachtacha ag an institiúid le faireachán a dhéanamh ar bhonn comhiomláin ar chomhchruinnithe oibleagáideoirí aonair trasna comhthiomsuithe d'earraí infhaighte ceannaithe agus laistigh díobh;
áiritheoidh an institiúid go bhfaighidh sí tuarascálacha tráthúla mionsonraithe a ndóthain ón seirbhíseoir ar aosú agus ar chaolú na n-earraí infhaighte lena áirithiú go gcomhlíonfar critéir incháilitheachta na hinstitiúide agus na beartais airleacain a rialaíonn na hearraí infhaighte ceannaithe, agus le modh éifeachtach a chur ar fáil le faireachán a dhéanamh ar théarmaí díolta agus caolúcháin an díoltóra agus iad sin a dhaingniú.
Airteagal 185
Bailíochtú na meastachán inmheánach
Déanfaidh institiúidí bailíochtú ar a gcuid meastachán faoi réir na gceanglas seo a leanas:
beidh córais stóinsithe i bhfeidhm ag an institiúid chun cruinneas agus comhsheasmhacht na gcóras rátála agus na bpróiseas a bhailíochtú, mar aon leis an meastachán ar gach paraiméadar priacal ábhartha. Cuirfidh an próiseas bailíochtaithe inmheánach ar chumas na hinstitiúide measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú na gcóras rátála agus na meastachán priacal inmheánach go comhsheasmhach agus go fóinteach;
déanfaidh institiúidí comparáid go rialta idir na rátaí mainneachtana a réadaíodh agus PDanna measta gach gráid agus, má tá na rátaí mainneachtana lasmuigh den raon a bhfuil súil leis sa ghrád sin, déanfaidh na hinstitiúidí anailís shonrach ar na cúiseanna is bun leis an diall. Institiúidí a úsáideann a meastacháin féin ar LGDanna agus a bhfachtóirí coinbhéartachta féin, déanfaidh siad anailís den chineál céanna i gcás na meastachán sin. Bainfidh na comparáidí seo úsáid as sonraí stairiúla a chumhdaíonn an tréimhse is faide is féidir. Tabharfaidh an institiúid tuairisc ar na modhanna agus ar na sonraí a úsáideadh i gcomparáidí den sórt sin. Tabharfar an anailís agus an doiciméadacht cothrom le dáta uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad;
úsáidfidh institiúidí uirlisí bailíochtaithe cainníochtúla eile freisin mar aon le comparáidí le foinsí sonraí seachtracha ábhartha. Bunófar an anailís ar shonraí atá oiriúnach don phunann, a nuashonraítear go rialta agus a chumhdaíonn tréimhse bhreathnóireachta ábhartha. Bunófar measúnuithe inmheánacha na n-institiúidí maidir le feidhmiú a gcóras rátála ar an tréimhse is faide is féidir;
beidh na modhanna agus na sonraí a úsáidfear don bhailíochtú cainníochtúil comhsheasmhach go fadtéarmach. Tuairisceofar na hathruithe ar na modhanna agus ar na sonraí meastacháin agus bailíochtaithe (foinsí na sonraí agus na tréimhsí a chumhdaíonn siad);
beidh caighdeáin fhónta inmheánacha ag na hinstitiúidí le haghaidh cásanna ina bhfuil na diallais ó na luachanna ionchasacha sna PDanna, sna LGDanna, sna fachtóirí coinbhéartachta agus sna caillteanais iomlána, nuair a úsáidtear an EL, suntasach a ndóthain le bheith in amhras faoi bhailíocht na meastachán. Cuirfear san áireamh sna caighdeáin sin timthriallta gnó agus inathraitheachtaí córasacha comhchosúla i stair an mhainneachtana. Más airde i gcónaí na luachanna réadaithe ná na luachanna ionchasacha, leasóidh an institiúid na meastacháin in airde chun a stair mhainneachtana agus chaillteanais a chur san áireamh iontu;
Airteagal 186
Ceanglas maidir le cistí dílse agus cainníochtaí priacal
D'fhonn na ceanglais maidir le cistí dílse a ríomh, comhlíonfaidh institiúidí na caighdeáin seo a leanas:
beidh an meastachán ar an gcaillteanas ionchais stóinsithe go leor le gluaiseachtaí díobhálacha margaidh a bhaineann le próifíl priacal fhadtéarmach na hinstitiúide a chur sa chuntas. Léireoidh na sonraí a úsáidfear d'fhonn na dáileacháin ioncaim a léiriú an tréimhse shamplach is faide dá bhfuil sonraí ar fáil atá fóinteach maidir le próifíl priacal na risíochtaí sonracha ar chothromas na hinstitiúide a léiriú. Beidh na sonraí a úsáidfear leordhóthanach chun meastacháin choimeádacha ar an gcaillteanas a chur ar fáil a bheidh stóinsithe agus iontaofa go staitistiúil agus nach mbeidh bunaithe ar an mbreithiúnas pearsanta ná ar chúrsaí suibiachtúla amháin. Cuirfidh an turraing a úsáidfear meastachán coimeádach ar fáil de na caillteanais ionchasacha thar thimthriall fadtéarmach ábhartha margaidh nó gnó. Déanfaidh an institiúid anailís eimpíreach ar na sonraí atá ar fáil agus ina theannta sin coigeartuithe atá bunaithe ar fhachtóirí éagsúla d'fhonn samhlacha aschuir a fháil atá réalaíoch agus coimeádach mar is cuí. Agus iad ag ceapadh samhlach 'Luach faoi Phriacal' (VaR) chun measúnú a dhéanamh ar na caillteanais ráithiúla ionchasacha, féadfaidh institiúidí sonraí ráithiúla a úsáid nó coibhéis ráithiúil a dhéanamh de shonraí tréimhse níos giorra, ag baint úsáide as modh anailíse iomchuí arna thacú ag fianaise eimpíreach agus próiseas réasúnaíochta agus fianaise dea-fhorbartha doiciméadaithe. Cuirfear cur chuige dá leithéid chun feidhme go comhsheasmhach agus go coimeádach thar thréimhse ama. I gcás nach bhfuil ach méid teoranta sonraí ábhartha ar fáil, cuirfidh an institiúid corrlaigh choimeádachais iomchuí leo;
déanfaidh na samhlacha a úsáidfear gach priacal ábhartha atá cuimsithe sa toradh ar chothromas a ghabháil go hiomchuí, lena n-áirítear an bpriacal margaidh ginearálta agus an risíocht ar priacal sonrach a bhaineann le punann cothromais na hinstitiúide. Míneofar go leormhaith sna samhlacha inmheánacha na hathruithe stairiúla ar phraghsanna, gabhfaidh siad méid na gcomhchruinnithe féideartha agus na hathruithe ar a gcomhdhéanamh sin, agus beidh siad in ann ag dálaí margaidh díobhálacha. Beidh líon na risíochtaí ar priacal arna léiriú sna sonraí a úsáidfear le haghaidh an mheastacháin an-chosúil, nó ar a laghad beidh siad inchomparáide, le risíochtaí na hinstitiúide ar chothromas;
beidh an tsamhail inmheánach ag teacht le próifíl priacal agus le castacht phunann cothromais na hinstitiúide. Má tá sealúchais ábhartha ag institiúid agus luachanna acu atá de chineál atá thar a bheith neamhlíneach, ceapfar na samhlacha inmheánacha sa chaoi is go ngabhfaidh siad go hiomchuí na priacail a bhaineann le hionstraimí den sórt sin;
beidh mapáil na suíomh aonair i leith seachshonraí, innéacsanna margaidh agus fachtóirí priacal dealraitheach, iomasach agus fónta ó thaobh an choincheapa;
taispeánfaidh institiúidí trí bhíthin anailíse eimpírí oiriúnacht na bhfachtóirí priacal, lena n-áirítear an cumas atá acu an priacal sonrach agus an priacal ginearálta araon a chumhdach;
sna meastacháin ar luaineacht fháltais na risíochtaí ar chothromas, ionchorprófar na sonraí, an fhaisnéis agus na modhanna ábhartha atá ar fáil. Úsáidfear sonraí inmheánacha a athbhreithníodh go neamhspleách nó sonraí ó fhoinsí seachtracha, lena n-áirítear sonraí comhthiomsaithe;
beidh clár dian cuimsitheach tástála struis i bhfeidhm.
Airteagal 187
Próiseas agus rialú an bhainistithe priacal
Maidir le forbairt agus le húsáid samhlacha inmheánacha chun críocha an cheanglais a bhaineann le cistí dílse, bunóidh institiúidí beartais, nósanna imeachta agus rialuithe d'fhonn sláine na samhla agus an phróisis shamhaltaithe a áirithiú. Cuimseoidh na beartais, na nósanna imeachta agus na rialuithe an méid seo a leanas:
lánchomhtháthú iomlán na samhla inmheánaí i gcórais ghinearálta faisnéise bainistíochta na hinstitiúide agus i mbainistiú na punainne cothromais sa leabhar neamhthrádála. Déanfar na samhlacha inmheánacha a lánpháirtiú go hiomlán i mbonneagar bainistíochta priacal na hinstitiúide má úsáidtear iad go háirithe chun feidhmiú na punainne cothromais a thomhas agus a mheasúnú, lena n-áirítear an feidhmiú priacal -choigeartaithe, sannadh an chaipitil eacnamaíoch do na risíochtaí ar chothromas agus measúnú ar leordhóthanacht fhoriomlán an chaipitil, agus an próiseas bainistithe infheistíochta;
córais bhainistíochta, nósanna imeachta agus feidhmeanna rialaithe seanbhunaithe d'fhonn athbhreithniú tréimhsiúil neamhspleách ar gach gné den phróiseas samhaltaithe inmheánach a áirithiú, lena n-áirítear na leasuithe ar an tsamhail a fhormheas, ionchuir na samhla a phromhadh agus athbhreithniú ar thorthaí na samhla, amhail ríomhaireacht an priacal a fhíorú go díreach. Déanfar measúnú sna hathbhreithnithe sin ar chruinneas, ar chomhláine agus ar oiriúnacht ionchuir agus thorthaí na samhla agus díreoidh siad ar earráidí féideartha a bhaineann le laigí aithnidiúla a aimsiú agus a theorannú, agus chomh maith ar laigí nach aithnid a bheadh sa tsamhail a shainaithint. Féadfaidh aonad inmheánach neamhspleách, nó tríú páirtí seachtrach neamhspleách athbhreithnithe den sórt sin a dhéanamh;
córais agus nósanna imeachta leordhóthanacha chun faireachán a dhéanamh ar theorainneacha infheistíochta agus risíochtaí ar phriacal na risíochtaí ar chothromas;
beidh na haonaid atá freagrach as dearadh agus cur chun feidhme na samhla neamhspleách ó thaobh feidhme de ar na haonaid atá freagrach as infheistíochtaí aonair a bhainistiú;
beidh na páirtithe atá freagrach as aon ghné den phróiseas samhaltaithe cáilithe mar ba cheart. Sannfaidh an bhainistíocht a ndóthain acmhainní sciliúla inniúla d'fheidhm an tsamhaltaithe.
Airteagal 188
Bailíochtú agus doiciméadú
Beidh córais stóinsithe i bhfeidhm ag institiúidí chun cruinneas agus comhsheasmhacht a gcuid samhlacha inmheánacha agus a gcuid próiseas samhaltaithe a bhailíochtú. Tabharfar tuairisc maidir le gach gné ábhartha de na samhlacha inmheánacha agus den phróiseas samhaltaithe agus den bhailíochtú.
Beidh bailíochtú agus doiciméadú shamhlacha inmheánacha agus phróisis samhaltaithe na n-institiúidí faoi réir na gceanglas seo a leanas:
bainfidh institiúidí úsáid as an bpróiseas bailíochtaithe inmheánach chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú a gcuid samhlacha agus a gcuid próiseas ar bhealach comhsheasmhach fóinteach;
beidh na modhanna agus na sonraí a úsáidfear don bhailíochtú cainníochtúil comhsheasmhach go fadtéarmach. Tabharfar tuairisc ar athruithe ar na modhanna meastacháin agus bailíochtaithe agus ar athruithe ar fhoinsí sonraí agus na tréimhsí a chumhdaíonn siad;
déanfaidh institiúidí comparáidí rialta idir an toradh iarbhír ar chothromas, arna ríomh agus leas á bhaint as na gnóthachain agus caillteanais réadaithe agus neamhréadaithe, agus meastacháin de réir samhlacha. Bainfidh na comparáidí seo úsáid as sonraí stairiúla a chumhdaíonn an tréimhse is faide is féidir. Tabharfaidh an institiúid tuairisc ar na modhanna agus ar na sonraí a úsáideadh i gcomparáidí den sórt sin. Tabharfar an anailís agus an doiciméadacht cothrom le dáta uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad;
úsáidfidh an institiúid uirlisí bailíochtaithe cainníochtúla eile freisin, mar aon le comparáidí le foinsí sonraí seachtracha. Bunófar an anailís ar shonraí atá oiriúnach don phunann, a nuashonraítear go rialta agus a chumhdaíonn tréimhse bhreathnóireachta ábhartha. Bunófar measúnuithe inmheánacha na n-institiúidí maidir le feidhmiú a gcuid samhlacha ar an tréimhse is faide is féidir;
beidh caighdeáin fhónta inmheánacha ag an institiúid chun aghaidh a thabhairt ar chásanna ina gcaitheann an chomparáid idir an toradh iarbhír ar chothromas agus meastacháin na samhlacha amhras ar bhailíocht na meastachán nó na samhlacha. Cuirfidh na caighdeáin sin san áireamh timthriallta gnó agus inathraitheachtaí córasacha den sórt céanna i dtoradh ar chothromas. Tabharfar tuairisc ar gach coigeartú a dhéanfar ar na samhlacha inmheánacha mar fhreagairt ar athbhreithnithe ar shamhlacha agus beidh siad comhsheasmhach le caighdeáin athbhreithnithe samhlacha na hinstitiúide;
déanfar tuairisciú ar an tsamhail inmheánach agus ar an bpróiseas samhaltaithe, lena n-áirítear freagrachtaí na bpáirtithe a bhfuil baint acu leis an samhaltú agus na próisis fhormheasta agus athbhreithnithe a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an tsamhail.
Airteagal 189
Rialachas Corparáideach
Beidh an bhainistíocht shinsearach faoi réir na gceanglas seo a leanas:
fógróidh siad don chomhlacht bainistíochta nó don choiste ainmnithe den chomhlacht sin aon athrú ábhartha ar, nó aon eisceacht ó, na beartais bhunaithe a dhéanfaidh difear ábhartha d'oibríochtaí chórais rátála na hinstitiúide;
beidh tuiscint mhaith acu ar dhearadh agus ar oibríochtaí na gcóras rátála;
áiritheoidh siad go seasta go bhfuil na córais rátála ag feidhmiú mar ba cheart;
Cuirfidh na haonaid rialaithe priacal creidmheasa an bhainistíocht shinsearach ar an eolas faoi fheidhmiú an phróisis rátála, faoi ghnéithe nár mhór a fheabhsú agus faoi stádas na n-iarrachtaí atá déanta le feabhas a chur ar easnaimh a sainaithníodh roimhe sin.
Airteagal 190
Rialú priacal creidmheasa
Cuimseoidh réimsí freagrachta an aonaid nó na n-aonad rialaithe priacal creidmheasa:
gráid agus comhthiomsuithe a thástáil agus faireachán a dhéanamh orthu;
tuairiscí achoimre de chuid chórais rátála na hinstitiúide a ullmhú agus anailís a dhéanamh orthu;
nósanna imeachta a chur chun feidhme chun a dheimhniú go bhfuil sainmhínithe na ngrád agus na gcomhthiomsuithe á gcur i bhfeidhm go comhsheasmhach thar ranna agus thar limistéir gheografacha;
aon athrú ar an bpróiseas rátála a athbhreithniú agus a dhoiciméadú, lena n-áirítear na cúiseanna atá leis na hathruithe;
athbhreithniú a dhéanamh ar na critéir rátála chun a mheas an bhfuil siad fós réamhfháistineach maidir le priacal. Déanfar na hathruithe ar an bpróiseas rátála, agus ar chritéir nó ar pharaiméadair rátála aonair a dhoiciméadú agus a choinneáil;
rannpháirtíocht ghníomhach i ndearadh nó roghnú, i gcur chun feidhme agus I mbailíochtú na samhlacha a úsáidtear sa phróiseas rátála;
formhaoirseacht agus maoirseacht ar shamhlacha a úsáidtear sa phróiseas rátála;
athbhreithniú leanúnach agus athruithe ar shamhlacha a úsáidtear sa phróiseas rátála.
Féadfaidh institiúidí a úsáideann sonraí comhthiomsaithe i gcomhréir le hAirteagal 179(2) na cúraimí seo a leanas a sheachfhoinsiú:
faisnéis a tháirgeadh atá ábhartha maidir le gráid agus comhthiomsuithe a thástáil agus faireachán a dhéanamh orthu;
tuairiscí achoimre a tháirgeadh ó chórais rátála na hinstitiúide;
faisnéis a tháirgeadh atá ábhartha maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar na critéir rátála chun a mheas an bhfuil siad fós réamhfháistineach maidir le priacal;
athruithe ar an bpróiseas rátála, ar chritéir nó ar pharaiméadair rátála aonair a dhoiciméadú;
faisnéis a tháirgeadh atá ábhartha don athbhreithniú leanúnach ar shamhlacha a úsáidtear sa phróiseas rátála agus do na hathruithe orthu.
Airteagal 191
Iniúchadh Inmheánach
Déanfaidh an t-aonad iniúchta inmheánaigh nó aonad iniúchta neamhspleách inchomparáide eile athbhreithniú bliantúil ar a laghad ar chórais rátála na hinstitiúide agus ar a Cuid oibríochtaí, lena n-áirítear oibríochtaí na feidhme creidmheasa agus an meastachán ar PDanna, LGDanna, ELanna agus ar fhachtóirí coinbhéartachta. Áireofar sna réimsí athbhreithnithe comhlíonadh na ceanglais go léir is infheidhme.
CAIBIDIL 4
Maolú priacal creidmheasa
Airteagal 192
Sainmhínithe
Chun críocha na Coda seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn 'institiúid iasachtaí' an institiúid ag a bhfuil an risíocht i gceist;
Ciallaíonn 'idirbheart iasachta urraithe' aon idirbheart as a dtagann risíocht atá urraithe ag comhthaobhacht nach bhfuil foráil ann lena mbronntar ar an institiúid an ceart chun corrlach a fháil ar a laghad gach lá;
Ciallaíonn 'idirbheart caipitil atá faoi thionchar an mhargaidh' aon idirbheart as a dtagann risíocht atá urraithe ag comhthaobhacht nach bhfuil foráil ann lena mbronntar ar an institiúid an ceart chun corrlach a fháil ar a laghad gach lá;
Ciallaíonn 'GC bunúsach' GC a bhfuil infheistíocht déanta ag GC eile ina scaireanna nó a aonaid.
Airteagal 193
Prionsabail maidir le héifeacht teicnící maolaithe priacal creidmheasa a aithint
I gcás ina bhfuil níos mó ná cineál amháin maolaithe priacal creidmheasa lena gcumhdaítear risíocht amháin ag institiúid a bhfuil méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal á ríomh aici faoin gCur Chuige Caighdeánaithe, déanfaidh sí an dá ní seo a leanas:
an risíocht a fhoroinnt sna codanna atá cumhdaithe ag gach aon chineál uirlise maolaithe priacal creidmheasa;
an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh maidir le gach cuid a fhaightear i bpointe (a) ar leithligh i gcomhréir le forálacha Chaibidil 2 agus na Caibidle seo.
Maidir le hinstitiúid a bhfuil méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal á ríomh aici faoin gCur Chuige Caighdeánaithe, i gcás ina gcumhdaíonn sí risíocht amháin le cosaint creidmheasa arna soláthar ag soláthraí na cosanta amháin agus ina bhfuil aibíochtaí éagsúla ag an gcosaint sin, déanfaidh sí an dá ní seo a leanas:
an risíocht a fhoroinnt sna codanna atá cumhdaithe ag gach aon chineál uirlise maolaithe priacal creidmheasa;
an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh maidir le gach cuid a fhaightear i bpointe (a) ar leithligh i gcomhréir le forálacha Chaibidil 2 agus na Caibidle seo.
Airteagal 194
Prionsabail lena rialaítear incháilitheacht teicnící maolaithe priacal creidmheasa
An leagan is déanaí den tuairim nó de na tuairimí dlíthiúla réasúnaithe neamhspleácha i scríbhinn a d'úsáid an institiúid lena cruthú cibé an gcomhlíontar an coinníoll a leagtar síos sa chéad fhomhír lena socrú nó a socruithe cosanta creidmheasa nó nach gcomhlíontar an coinníoll sin, déanfaidh an institiúid iasachta é a chur ar fáil, arna iarraidh sin don údarás inniúil.
Ní fhéadfaidh institiúidí cosaint creidmheasa cistithe a aithint agus éifeacht an mhaolaithe ar phriacal creidmheasa á ríomh ach amháin i gcás ina mbeidh an dá choinníoll seo a leanas á gcomhlíonadh ag na sócmhainní a bhfuiltear ag brath orthu chun cosanta:
tá siad san áireamh i liosta na sócmhainní incháilithe atá leagtha amach in Airteagail 197 go 200, de réir mar is infheidhme;
tá siad sách leachtach agus tá a luach thar thréimhse ama sách seasmhach le cinnteacht a thabhairt maidir leis an gcosaint creidmheasa atá bainte amach, ag féachaint don chur chuige a úsáideadh chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh agus ag féachaint don mhéid aitheanta atá ceadaithe.
I gcás cosanta neamhchistithe creidmheasa, cáileoidh comhaontú cosanta mar chomhaontú cosanta incháilithe sa chás ina gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas, agus sa chás sin amháin:
tá sé san áireamh i liosta na gcomhaontuithe cosanta incháilithe atá leagtha amach in Airteagal 203 agus in Airteagal 204(1);
tá sé éifeachtach agus inchurtha i bhfeidhm ó thaobh dlí de sna dlínsí dlíthiúla, ionas gur féidir cinnteacht iomchuí a chur ar fáil maidir leis an gcosaint creidmheasa atá baint amach, ag féachaint don chur chuige a úsáidtear chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh agus ag féachaint don mhéid aitheanta atá ceadaithe.
comhlíonann soláthraí na cosanta na critéir a leagtar síos i mír 5.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2014.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 195
Glanluacháil laistigh den chlár comhardaithe
Féadfaidh institiúid úsáid a bhaint as glanluacháil laistigh den chlár comhardaithe ar éilimh fhrithpháirteacha idir í féin agus a contrapháirtí mar fhoirm incháilithe maolaithe priacal creidmheasa.
Gan dochar d'Airteagal 196, tá incháilitheacht teoranta d'iarmhéideanna airgid cómhalartacha idir an institiúid agus an contrapháirtí. Féadfaidh institiúidí méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a leasú agus, nuair is iomchuí, méideanna an chaillteanais ionchasaigh a mhodhnú le haghaidh iasachtaí agus taiscí a fuair siad féin agus atá faoi réir comhaontú glanluachála laistigh den chlár comhardaithe, agus chun na críche sin amháin.
Airteagal 196
Máistir-chomhaontuithe glanluachála lena gcumhdaítear idirbhearta athcheannaigh nó idirbhearta maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht nó idirbhearta caipitil eile atá faoi thionchar an mhargaidh.
Institiúidí a ghlacann an Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais atá leagtha amach in Airteagal 223, féadfaidh siad a chur san áireamh éifeachtaí conarthaí déthaobhacha glanluachála lena gcumhdaítear idirbhearta athcheannaigh, idirbhearta maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht, nó idirbhearta caipitil eile atá faoi thionchar an mhargaidh, le contrapháirtí. Gan dochar d'Airteagal 299, an chomhthaobhacht a ghlacfar agus na hurrúis nó na tráchtearraí a gheofar ar iasacht laistigh de chomhaontuithe nó d'idirbhearta den sórt sin, comhlíonfaidh siad na ceanglais incháilitheachta maidir le comhthaobhacht atá leagtha amach in Airteagal 197 agus Airteagal 198.
Airteagal 197
Incháilitheacht na comhthaobhachta faoi gach cineál cur chuige agus gach modh
Féadfaidh institiúidí na nithe seo a leanas a úsáid mar chomhthaobhacht incháilithe faoi gach cineál cur chuige agus gach modh:
airgead i dtaisce leis an institiúid iasachtaí, nó ionstraimí comhshamhlaithe airgid arna sealbhú aici;
urrúis fiachais arna n-eisiúint ag rialtais láir nó ag bainc cheannais, a bhfuil measúnú creidmheasa ina leith ag IMCS nó ag gníomhaireacht chreidmheasa onnmhairiúcháin a aithnítear a bheith incháilithe chun críocha Chaibidil 2, a bhfuil sé deimhnithe ag ÚBE go mbaineann sé le céim 4 den cháilíocht chreidmheasa nó le céim níos airde, de réir na rialacha ualaithe priacal maidir leis na risíochtaí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais faoi Chaibidil 2;
urrúis fiachais arna n-eisiúint ag institiúidí nó ag gnólachtaí infheistíochta, ar urrúis iad ag a bhfuil measúnú creidmheasa ó IMCS a dheimhnigh ÚBE a bheith bainteach le céim 3 den cháilíocht chreidmheasa nó le céim níos airde, de réir na rialacha ualaithe priacail maidir le risíochtaí ar institiúidí faoi Chaibidil 2;
urrúis fiachais arna n-eisiúint ag eintitis eile, a bhfuil measúnú creidmheasa ina leith ag IMCS a bhfuil sé deimhnithe ag ÚBE go mbaineann sé le céim 3 den cháilíocht chreidmheasa nó le céim níos airde, de réir na rialacha ualaithe priacal maidir leis na risíochtaí ar chorparáidí faoi Chaibidil 2;
urrúis fiachais a bhfuil measúnú creidmheasa gearrthéarmach ina leith ag IMCS a bhfuil sé deimhnithe ag ÚBE go mbaineann sé le céim 3 den cháilíocht chreidmheasa nó le céim níos airde, de réir na rialacha ualaithe priacal maidir le risíochtaí gearrthéarmacha faoi Chaibidil 2;
cothromas nó na bannaí in-chomhshóite a áirítear i bpríomhinnéacs;
ór;
suíomhanna urrúsúcháin nach suíomhanna ath-urrúsúcháin iad agus atá faoi réir ualú priacail 100 % nó níos lú i gcomhréir le hAirteagal 261 go go hAirteagal 264.
Chun críocha phointe (b) de mhír 1, áireofar in 'urrúis fiachais arna n-eisiúint ag rialtais láir nó ag bainc cheannais' iad seo ar fad a leanas:
urrúis fiachais arna n-eisiúint ag rialtais réigiúnacha nó ag údaráis áitiúla, a láimhseáiltear risíochtaí orthu mar risíochtaí ar an rialtas láir a bhfuil siad bunaithe ina dhlínse, faoi Airteagal 115(2);
urrúis fiachais arna n-eisiúint ag eintitis earnála poiblí a láimhseáiltear mar risíochtaí ar rialtais láir i gcomhréir le hAirteagal 116(4);
urrúis fiachais arna n-eisiúint ag bainc forbartha iltaobhacha a sanntar ualú priacal 0 % dóibh faoi Airteagal 117(2);
urrúis fiachais arna n-eisiúint ag eagraíochtaí idirnáisiúnta a sanntar ualú priacal 0 % dóibh faoi Airteagal 118.
Chun críocha phointe (c) de mhír 1, áireofar in 'urrúis fiachais arna n-eisiúint ag institiúidí' iad seo ar fad a leanas:
urrúis fiachais arna n-eisiúint ag rialtais réigiúnacha nó ag údaráis áitiúla seachas na hurrúis fiachais sin dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2;
urrúis fiachais arna n-eisiúint ag eintitis earnála poiblí, a láimhseáiltear risíochtaí orthu de réir Airteagal 116(1) agus (2);
urrúis fiachais arna n-eisiúint ag bainc forbartha iltaobhacha seachas iad sin a sanntar ualú priacal 0 % dóibh faoi Airteagal 117(2);
Urrúis fiachais a eisíonn institiúidí eile agus nach bhfuil measúnú creidmheasa ina leith ag IMCS, féadfaidh institiúid iad a úsáid mar chomhthaobhacht incháilithe i gcás ina gcomhlíonfaidh na hurrúis fiachais sin na critéir seo a leanas ar fad:
tá siad liostaithe ar mhalartán aitheanta;
cáilíonn siad mar fhiachas sinsearach;
maidir leis na heisiúintí rátáilte ón institiúid eisithe a mbaineann an tsinsearacht chéanna leo, tá measúnú creidmheasa ina leith ag IMCS a bhfuil sé cinnte ag ÚBE go mbaineann sé le céim 3 den cháilíocht chreidmheasa nó le céim níos airde de réir na rialacha ualaithe priacal maidir le risíochtaí ar institiúidí nó risíochtaí gearrthéarmacha faoi Chaibidil 2;
níl aon fhaisnéis ag an institiúid iasachtaí a thabharfadh le fios go mbeadh údar le measúnú creidmheasa a bheadh níos ísle ná an ceann a shonraítear i bpointe (c);
is leor leachtacht mhargaidh na hionstraime chun na críocha sin.
Féadfaidh institiúidí aonaid nó scaireanna in GCanna a úsáid mar chomhthaobhacht incháilithe i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas go léir:
tá praghas luaite poiblí laethúil ag na haonaid nó ag na scaireanna;
tá na GCanna teoranta d'infheistiú in ionstraimí atá incháilithe d'aitheantas faoi mhír 1 agus mhír 4;
comhlíonann na GCanna na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 132(3).
I gcás ina n-infheistíonn GC i scaireanna nó in aonaid GC eile, beidh na coinníollacha atá leagtha síos i bpointí (a) go (c) den chéad fhomhír i bhfeidhm go cothrom maidir le haon GC bunúsach den sórt sin.
I gcás ina n-úsáideann GC ionstraimí díorthaigh chun infheistíochtaí ceadaithe a fhálú, ní choiscfear aonad ná scaireanna sa ghnóthas sin a bheith incháilithe mar chomhthaobhacht dá bharr sin.
I gcás ina bhfuil GCanna foluiteacha dá chuid féin aige ag aon GC bunúsach, féadfaidh institiúidí aonaid nó scaireanna sa GC bunaidh a úsáid mar chomhthaobhacht incháilithe ar an gcoinníoll go ndéanfaidh siad an mhodheolaíocht a leagtar síos sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm.
I gcás ina bhféadfadh luach diúltach a bheith ag sócmhainní neamh-incháilithe mar gheall ar dhliteanais nó ar dhliteanais theagmhasacha a thig ó úinéireacht, déanfaidh institiúidí an dá ní seo a leanas:
ríomhfaidh siad luach iomlán na sócmhainní neamh-incháilithe;
i gcás ina bhfuil an méid a gheofar faoi phointe (a) diúltach, dealóidh siad luach absalóideach an mhéid sin ó luach iomlán na sócmhainní incháilithe.
Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d'fhonn an méid seo a leanas a shonrú:
na príomhinnéacsanna dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 1 den Airteagal seo, i bpointe (a) d'Airteagal 198(1), in Airteagal 224(1) agus (4), agus i bpointe (e) d'Airteagal 299(2);
na malartuithe aitheanta dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 4 den Airteagal seo,i bpointe (a) d'Airteagal 198(1), in Airteagal 224(1) agus (4), i bpointe (e) d'Airteagal 299(2), i bpointe (k) d'Airteagal 400(2), i bpointe (e) d'Airteagal 416(3), i bpointe (c) d'Airteagal 428(1), agus i bpointe 12 d'Iarscríbhinn III i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (72) d'Airteagal 4(1).
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 198
Incháilitheacht bhreise na comhthaobhachta faoin Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais
I dteannta na comhthaobhachta a bhunaítear in Airteagal 197, i gcás ina n-úsáideann institiúid an Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais atá leagtha amach in Airteagal 223, féadfaidh an institiúid sin na nithe seo a leanas a úsáid mar chomhthaobhacht incháilithe:
cothromais nó bannaí in-chomhshóite nach n-áirítear i bpríomhinnéacs ach a thrádáiltear ar mhalartán aitheanta;
aonaid nó scaireanna in GCanna i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
tá praghas luaite poiblí laethúil ag na haonaid nó ag na scaireanna;
tá an GC teoranta d'infheistiú in ionstraimí atá incháilithe d'aitheantas faoi Airteagal 197(1) agus (4) agus na hítimí a luaitear i bpointe (a) den fhomhír seo.
I gcás ina n-infheistíonn GC i scaireanna nó in aonaid GC eile, beidh na coinníollacha atá leagtha síos i bpointí (a) agus (b) den mhír seo i bhfeidhm go cothrom maidir le haon GC bunúsach den sórt sin.
I gcás ina n-úsáideann GC ionstraimí díorthaigh chun infheistíochtaí ceadaithe a fhálú, ní choiscfear incháilitheacht aonad ná scaireanna sa ghnóthas sin mar chomhthaobhacht dá bharr sin.
I gcás ina bhféadfadh luach diúltach a bheith ag sócmhainní neamh-incháilithe mar gheall ar dhliteanais nó ar dhliteanais theagmhasacha a thig ó úinéireacht, déanfaidh institiúidí an dá ní seo a leanas:
ríomhfaidh siad luach iomlán na sócmhainní neamh-incháilithe;
i gcás ina bhfuil an méid a gheofar faoi phointe (a) diúltach, dealóidh siad luach absalóideach an mhéid sin ó luach iomlán na sócmhainní incháilithe.
Airteagal 199
Incháilitheacht bhreise do chomhthaobhacht faoin gCur Chuige IRB
I dteannta na comhthaobhachta dá dtagraítear in Airteagail 197 agus 198, féadfaidh institiúidí a ríomhann méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh faoin gCur Chuige IRB na cineálacha comhthaobhachta seo a úsáid freisin:
comhthaobhacht maoine dochorraithe i gcomhréir le mír 2, mír 3 agus mír 4;
earraí infhaighte i gcomhréir le mír 5;
comhthaobhacht fhisiceach eile i gcomhréir le míreanna 6 agus 8;
léasú i gcomhréir le mír 7.
Mura sonrófar a mhalairt faoi Airteagal 124(2), féadfaidh institiúidí comhthaobhacht incháilithe a úsáid mar mhaoin chónaithe atá nó a bheidh á háitiú nó á ligean ar cíos ag an úinéir, nó ag an úinéir tairbhiúil i gcás cuideachtaí infheistíochta pearsanta, agus maoin dhochorraithe tráchtála, lena n-áirítear oifigí agus áitribh thráchtála eile, i gcás ina gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:
ní bhraitheann luach na maoine go hábhartha ar cháilíocht chreidmheasa an oibleagáideora. Féadfaidh institiúidí cásanna a fhágáil ar lár i gcás go mbíonn tionchar ag tosca atá go hiomlán maicreacnamaíoch ar luach na maoine agus ar fheidhmíocht an iasachtaí araon óna gcinneadh maidir le hábharthacht spleáchais den sórt sin;
ní bhraitheann priacal an iasachtaí go hábhartha ar fheidhmíocht na maoine bunúsaí ná an tionscadail fholuitigh, ach ar chumas bunúsach an iasachtaí an fiachas a aisíoc ó fhoinsí eile, agus mar thoradh air sin, ní bheidh aisíocaíocht na saoráide ag brath go hábhartha ar aon sreabhadh airgid arna ghiniúint ag an maoin bhunúsach a fheidhmíonn mar chomhthaobhacht.
Féadfaidh institiúidí maolú ó phointe (b) de mhír 2 i gcás risíochtaí arna n-urrú le maoin chónaithe atá lonnaithe laistigh de chríoch Ballstáit, más rud é gur fhoilsigh údarás inniúil an Bhallstáit sin fianaise lena léirítear go bhfuil margadh maoine cónaithe dea-fhorbartha agus fadbhunaithe sa chríoch sin ag a bhfuil rátaí caillteanais nach sáraíonn aon cheann de na teorainneacha seo a leanas:
ní mó ná 0,3 % de na hiasachtaí gan íoc arna gcomhthaobhú le maoin chónaithe in aon bhliain faoi leith na caillteanais atá ag teacht ó iasachtaí arna gcomhthaobhú le maoin chónaithe suas le 80 % den mhargadhluach nó 80 % den luach iasachta morgáiste, mura bhforáiltear a mhalairt faoi Airteagal 124(2).
ní mó ná 0,5 % de na hiasachtaí gan íoc arna gcomhthaobhú le maoin chónaithe in aon bhliain faoi leith na caillteanais fhoriomlána atá ag teacht ó iasachtaí arna gcomhthaobhú le maoin chónaithe in aon bhliain faoi leith.
I gcás nach gcomhlíonfar ceachtar de na coinníollacha i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír in aon bhliain faoi leith, ní úsáidfidh institiúidí an láimhseáil a leagtar amach san fhomhír sin go dtí go gcomhlíonfar an dá choinníoll i mbliain ina dhiaidh sin.
Féadfaidh institiúidí maolú ó phointe (b) de mhír 2 i gcás maoine tráchtála dochorraithe atá lonnaithe laistigh de chríoch Ballstáit, más rud é gur fhoilsigh údarás inniúil an Bhallstáit sin fianaise lena léirítear go bhfuil margadh maoine tráchtála dochorraithe dea- fhorbartha agus fadbhunaithe sa chríoch sin ag a bhfuil rátaí caillteanais nach sáraítear aon cheann de na teorainneacha seo a leanas leo:
caillteanais atá ag teacht ó iasachtaí arna gcomhthaobhú le maoin thráchtála dhochorraithe suas le 50 % den mhargadhluach nó 60 % den luach iasachta morgáiste, ní mó iad ná 0,3 % de na hiasachtaí gan íoc arna gcomhthaobhú le maoin thráchtála dhochorraithe in aon bhliain faoi leith;
caillteanais fhoriomlána atá ag teacht ó iasachtaí arna gcomhthaobhú le maoin thráchtála dhochorraithe, ní mó iad ná 0,5 % de na hiasachtaí gan íoc arna gcomhthaobhú le maoin thráchtála dhochorraithe in aon bhliain faoi leith.
I gcás nach gcomhlíonfar ceachtar de na coinníollacha i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír in aon bhliain faoi leith, ní úsáidfidh institiúidí an láimhseáil a leagtar amach san fhomhír sin go dtí go gcomhlíonfar an dá choinníoll i mbliain ina dhiaidh sin.
Tabharfaidh údaráis inniúla cead d'institiúid comhthaobhacht fhisiceach de chineál seachas na cinn atá léirithe i mír 2, mír 3 agus mír 4 a úsáid mar comhthaobhacht incháilithe i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha ar fad a leanas:
tá margaí leachtacha ann, arna bhfianú ag idirbhearta minice, agus cineál na sócmhainne á chur san áireamh, chun comhthaobhacht a dhiúscairt ar mhodh atá gasta agus éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de. Déanfaidh institiúidí measúnú ar an gcoinníoll seo go tréimhsiúil agus i gcás inar léir ón fhaisnéis go bhfuil athruithe ábhartha sa mhargadh;
tá praghsanna margaidh ann don chomhthaobhacht atá dea-bhunaithe agus ar fáil don phobal. Féadfaidh institiúidí a mheas gur praghsanna dea-bhunaithe iad praghsanna an mhargaidh i gcás ina dtagann siad as foinsí iontaofa faisnéise amhail innéacsanna poiblí agus gur léiriú iad ar phraghas na n-idirbheart faoi ghnáthdhálaí. Féadfaidh institiúidí a mheas gur praghsanna atá fáil don phobal iad praghsanna an mhargaidh, sa chás go nochtar praghsanna, go bhfuil rochtain éasca orthu, agus gur féidir iad a fháil go rialta agus gan aon ualach míchuí riaracháin nó airgeadais ag baint leo;
déanann an institiúid anailís ar phraghsanna an mhargaidh, ar an am agus ar na costais a bhaineann leis an gcomhthaobhacht a réadú agus ar na fáltais réadaithe ón gcomhthaobhacht;
léiríonn an institiúid nach bhfuil na fáltais réadaithe ón gcomhthaobhacht faoi 70 % de luach na comhthaobhachta i níos mo ná 10 % de na leachtuithe ar fad i gcás cineál áirithe comhthaobhachta. I gcás ina bhfuil luaineacht ábhartha i bpraghsanna an mhargaidh, léireoidh an institiúid chun sástachta na n-údarás inniúil go bhfuil a luacháil ar an gcomhthaobhacht sách coimeádach.
Doiciméadóidh an institiúid comhlíonadh na gcoinníollacha atá sonraithe i bpointí (a) go (d) sa chéad fhomhír agus na coinníollacha sin atá sonraithe in Airteagal 210.
Airteagal 200
Cosaint chistithe creidmheasa eile
Féadfaidh institiúidí an chosaint chistithe creidmheasa eile seo a leanas a úsáid mar chomhthaobhacht incháilithe:
airgead i dtaisce le hinstitiúid tríú páirtí i socrú neamhchoinneála nó ionstraimí comhshamhlaithe airgid atá ina seilbh agus atá curtha i ngeall don institiúid iasachtaí;
polasaithe árachas saoil atá curtha i ngeall don institiúid iasachtaí;
ionstraimí arna n-eisiúint ag institiúid tríú páirtí nó ag gnólacht infheistíochta a athcheannóidh an institiúid nó an gnólacht sin arna iarraidh sin.
Airteagal 201
Incháilitheacht sholáthraithe na cosanta faoi gach cur chuige
Féadfaidh institiúidí na páirtithe seo a leanas a úsáid mar sholáthraithe incháilithe na cosanta neamhchistithe creidmheasa:
rialtais láir agus bainc cheannais;
rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla;
bainc forbartha iltaobhacha;
risíochtaí ar eagraíochtaí idirnáisiúnta a sanntar ualú priacal 0 % dóibh faoi Airteagal 117;
eintitis earnála poiblí a láimhseáiltear éilimh orthu i gcomhréir le hAirteagal 116;
institiúidí, agus institiúidí airgeadais a ndéantar risíochtaí ar an institiúid airgeadais ina leith a láimhseáil mar risíochtaí ar institiúidí i gcomhréir le hAirteagal 119(5);
eintitis chorparáideacha eile, lena n-áirítear máthairghnóthais, fochuideachtaí agus eintitis chorparáideacha chleamhnaithe na hinstitiúide, ◄ i gcás ina gcomhlíonfar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:
tá measúnú creidmheasa ag na heintitis chorparáideacha eile sin ó IMCS;
i gcás institiúidí a ríomhann méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh de réir an Chuir Chuige IRB, níl measúnú creidmheasa ó IMCS aitheanta ag na heintitis chorparáideacha eile sin agus déanann an institiúid iad a rátáil go hinmheánach;
contrapháirtithe lárnacha cáilitheacha.
Foilseoidh agus coinneoidh údaráis inniúla liosta de na hinstitiúidí airgeadais sin ar soláthraithe incháilithe na cosanta neamhchistithe creidmheasa iadi bpointe (f) de mhír 1, nó na treoirchritéir chun soláthraithe incháilithe na cosanta neamhchistithe creidmheasa den chineál sin a aithint, mar aon le cur síos ar na ceanglais stuamachta is infheidhme, agus roinnfidh siad a liosta le húdaráis inniúla eile i gcomhréir le hAirteagal 117 de Threoir 2013/36/AE.
Airteagal 202
Incháilitheacht sholáthraithe na cosanta de réir an Chuir Chuige IBR a cháilíonn don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 153(3)
Féadfaidh institiúid úsáid a bhaint as institiúidí, gnólachtaí infheistíochta, gnóthais árachais agus athárachais agus gníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin mar sholáthraithe incháilithe na cosanta neamhchistithe creidmheasa a cháilíonn don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 153(3) i gcás ina gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha seo uile a leanas:
tá saineolas a ndóthain acu ar chosaint neamhchistithe creidmheasa a sholáthar;
déantar iad a rialú ar mhodh atá coibhéiseach leis na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo, nó, bhí measúnú creidmheasa acu tráth a soláthraíodh an chosaint creidmheasa, ó IMCS aitheanta a bhfuil sé deimhnithe ag ÚBE go mbaineann sé le céim 3 den cháilíocht chreidmheasa nó le céim níos airde, de réir na rialacha ualaithe priacal maidir le risíochtaí ar chorparáidí a leagtar amach i gCaibidil 2;
tráth a soláthraíodh an chosaint creidmheasa, nó ar feadh tréimhse ar bith ina dhiaidh sin, bhí rátáil inmheánach acu ag a raibh PD atá coibhéiseach leis an PD a bhaineann le céim 2 nó níos airde den cháilíocht chreidmheasa, nó atá níos ísle ná an PD sin, i gcomhréir leis na rialacha ualaithe priacal maidir le risíochtaí ar chorparáidí a leagtar amach i gCaibidil 2;
tá rátáil inmheánach acu ag a bhfuil PD atá coibhéiseach leis an PD a bhaineann le céim 2 nó níos airde den cháilíocht chreidmheasa, nó atá níos ísle ná an PD sin, i gcomhréir le rialacha ualú priacal na risíochtaí ar chorparáidí mar a leagtar amach i gCaibidil 2.
Chun críche an Airteagail seo, ní rachaidh aon fhrithráthaíocht fhollasach ón rialtas láir chun tairbhe na cosanta creidmheasa arna soláthar ag gníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin.
Airteagal 203
Incháilitheacht ráthaíochtaí mar chosaint neamhchistithe creidmheasa
Féadfaidh institiúidí leas a bhaint as ráthaíochtaí mar chosaint neamhchistithe creidmheasa incháilithe.
Airteagal 204
Cineálacha díorthach creidmheasa incháilitheach
Féadfaidh institiúidí na cineálacha seo a leanas de dhíorthaigh chreidmheasa, agus ionstraimí a a bheadh comhdhéanta de dhíorthaigh chreidmheasa den sórt sin nó de chinn a bhfuil éifeacht eacnamaíoch chomhchosúil acu, a úsáid mar chosaint creidmheasa incháilithe:
babhtálacha mainneachtain chreidmheasa;
babhtálacha an toraidh iomláin;
nótaí creidmheas-nasctha, go feadh mhéid a cistithe airgid.
I gcás ina gceannaíonn institiúid cosaint creidmheasa trí bhabhtáil an toraidh iomláin agus ina ndéanann sí taifead ar na glaníocaíochtaí arna bhfáil ar an mbabhtáil mar ghlanioncam, ach nach ndéanann sí taifeadadh ar an meath fritháirimh i luach na sócmhainne atá cosanta faoi laghduithe i luach cothrom nó trí mhéid breise a bheith curtha le cúlchistí, ní cháilíonn an chosaint creidmheasa sin mar chosaint creidmheasa incháilithe.
I gcás ina ndearnadh fálú inmheánach de réir na chéad fhomhíre agus inar comhlíonadh na ceanglais sa Chaibidil seo, cuirfidh institiúidí na rialacha a leagtar amach i Roinn 4 go 6 i bhfeidhm maidir le méideanna risíochta a ualaíteara ualaítear ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh i gcás ina bhfaigheann siad cosaint neamhchistithe creidmheasa.
Airteagal 205
Ceanglais maidir le comhaontuithe glanluachála laistigh den chlár chomhardaithe dá dtagraítear in Airteagal 206 seachas máistir-chomhaontuithe glanluachála
Cáileoidh comhaontuithe glanluachála laistigh den chlár chomhardaithe, seachas máistir-chomhaontuithe glanluachála dá dtagraítear in Airteagal 206, mar fhoirm incháilithe de mhaolú priacal creidmheasa i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
tá éifeacht dlí ag na comhaontuithe sin agus tá siad inchurtha i bhfeidhm ó thaobh dlí, i ngach dlínse ábhartha, lena n-áirítear i gcás dócmhainneachta nó féimheachta contrapháirtí;
is féidir le hinstitiúidí na sócmhainní nó na dliteanais atá faoi réir na gcomhaontuithe sin a chinneadh aon tráth;
déanann institiúidí faireachán ar na priacail a bhaineann le foirceannadh na cosanta creidmheasa agus rialaíonn siad iad ar bhonn leanúnach;
déanann institiúidí faireachán ar na risíochtaí ábhartha agus rialaíonn siad iad ar bhonn glanluachála agus ar bhonn leanúnach.
Airteagal 206
Ceanglais maidir le máistir-chomhaontuithe glanluachála lena gcumhdaítear idirbhearta athcheannaigh nó idirbhearta maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht nó idirbhearta caipitil eile atá faoi thionchar an mhargaidh
Máistir-chomhaontuithe glanluachála lena gcumhdaítear idirbhearta athcheannaigh, idirbhearta maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht nó idirbhearta caipitil eile atá faoi thionchar an mhargaidh, cáileoidh siad mar fhoirm incháilithe de mhaolú priacal creidmheasa i gcás ina gcomhlíonfaidh an chomhthaobhacht a bheidh curtha ar fáil faoi na comhaontuithe sin na ceanglais uile a leagtar síos in Airteagal 207(2) go (4) agus i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
tá éifeacht dlí ag na comhaontuithe sin agus tá siad inchurtha i bhfeidhm ó thaobh dlí, i ngach dlínse ábhartha, lena n-áirítear i gcás dócmhainneachta nó féimheachta contrapháirtí;
tugtar an ceart iontu don pháirtí neamh-mhainneachtana gach idirbheart a fhoirceannadh nó a dhúnadh go tráthúil faoin gcomhaontú i gcás mainneachtana, lena n-áirítear i gcás féimheachta nó dócmhainneachta contrapháirtí;
déantar foráil leo maidir le gnóthachain agus caillteanais a ghlanluacháil ar idirbhearta a dúnadh faoi chomhaontú sa chaoi is go mbeidh aon ghlanluach amháin ag páirtí amháin ar an bpáirtí eile.
Airteagal 207
Ceanglais maidir le comhthaobhacht airgeadais
Ní cháileofar urrúis arna n-eisiúint ag an oibleagáideoir, ná ag aon eintiteas grúpa gaolmhar, mar chomhthaobhacht incháilithe. D'ainneoin sin, cáilítear eisiúintí an oibleagáideora féin de bhannaí faoi chumhdach a thagann faoi chuimsiú théarmaí Airteagal 129 mar chomhthaobhacht incháilithe nuair a bhreactar iad mar chomhthaobhacht le haghaidh idirbhirt athcheannaigh, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfaidh siad an coinníoll a leagtar amach sa chéad fhomhír.
Beidh athbhreithniú dlíthiúil leordhóthanach déanta ag institiúidí lena ndearbhaítear in-fhorfheidhmitheacht na socruithe comhthaobhachta i ngach dlínse iomchuí. Déanfaidh siad athbhreithnithe den chineál sin arís de réir mar is gá d'fhonn in-fhorfheidhmitheacht leanúnach a áirithiú.
Comhlíonfaidh institiúidí na ceanglais oibriúcháin uile a leanas:
déanfaidh siad na socruithe comhthaobhachta a dhoiciméadú mar is cuí agus beidh nósanna imeachta soiléire agus stóinsithe i bhfeidhm acu le haghaidh leachtú tráthúil na comhthaobhachta;
úsáidfidh siad nósanna imeachta agus próisis stóinsithe chun rialú a dhéanamh ar priacail a thagann as úsáid comhthaobhachta, lena n-áirítear priacail cosanta creidmheasa teipthe nó laghdaithe, priacail measúnaithe, priacail a bhaineann le foirceannadh na cosanta creidmheasa, priacal comhchruinnithe a thagann as úsáid comhthaobhachta agus as an idirghníomhaíocht le próifíl priacal fhoriomlán na hinstitiúide;
beidh beartais agus próisis dhoiciméadaithe i bhfeidhm acu a bhaineann le cineálacha agus méideanna na comhthaobhachta a nglactar leo;
ríomhfaidh siad margadhluach na comhthaobhachta, agus déanfaidh siad é a athluacháil dá réir sin, uair amháin gach sé mhí ar a laghad agus aon am a mbeidh cúis acu le creidiúint go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar mhargadhuach na comhthaobhachta;
i gcás in bhfuil an chomhthaobhacht i seilbh tríú páirtí, déanfaidh siad bearta réasúnta lena áirithiú go leithscarfaidh an tríú páirtí an chomhthaobhacht óna sócmhainní féin;
áiritheoidh siad go ndíreoidh siad acmhainní leordhóthanacha ar fheidhmiú ordúil na gcomhaontuithe corrlaigh le díorthaigh thar an gcuntar agus contrapháirtithe um maoiniú urrús, mar a thomhaistear é le tráthúlacht agus beachtas a nglaonna corrlaigh amach agus leis an aga freagartha ar ghlaonna corrlaigh isteach;
beidh beartais bhainistíochta i leith comhthaobhachta i bhfeidhm acu d'fhonn faireachán a dhéanamh ar an méid seo a leanas agus chun é a rialú agus a thuairisciú:
na priacail ar a mbíonn siad risíochta de thoradh na gcomhaontuithe corrlaigh;
an priacal comhchruinnithe do chineálacha éagsúla de shócmhainní comhthaobhachta;
athúsáid na comhthaobhachta lena n-áirítear na heasnaimh leachtachta a d'fhéadfadh tarlú mar thoradh ar athúsáid na comhthaobhachta a fhaightear ó chontrapháirtithe;
géilleadh na gceart maidir le comhthaobhacht breactha go dtí contrapháirtithe.
Airteagal 208
Ceanglais maidir le comhthaobhacht maoine dochorraithe
Comhlíonfar na ceanglais seo a leanas maidir le deimhneacht dhlíthiúil:
beidh morgáiste nó muirear inchurtha i bhfeidhm i ngach dlínse a bheidh iomchuí an tráth a chuirfear an comhaontú creidmheasa i gcrích agus déanfar é a chomhdú mar is cuí ar bhonn tráthúil;
comhlíonadh gach ceanglas dlíthiúil maidir leis an ngealltán a bhunú;
fágann an comhaontú cosanta agus an próiseas dlíthiúil is bonn leis go bhfuil sé ar chumas na hinstitiúide luach na cosanta a réadú laistigh de fhráma ama réasúnta.
Comhlíonfar na ceanglais seo a leanas maidir le faireachán a dhéanamh ar luachanna maoine agus ar luacháil maoine:
déanfaidh institiúidí faireachán ar luach na maoine go minic agus uair amháin sa bhliain ar a laghad i gcás maoine tráchtála dochorraithe agus uair amháin gach trí bliana i gcás maoine cónaithe. ◄ Déanfaidh institiúidí faireachán níos minice i gcás ina dtagann athruithe móra ar dhálaí an mhargaidh;
déanfar athbhreithniú ar an luacháil maoine nuair is léir ón bhfaisnéis atá ar fáil d'institiúidí go bhféadfadh sé gur tháinig laghdú ábhartha ar luach na maoine i gcoibhneas le praghsanna ginearálta an mhargaidh agus déanfaidh luachálaí ag a bhfuil na cáilíochtaí, an taithí agus an cumas cuí chun luacháil a chur i gcrích agus atá neamhspleách ón bpróiseas cinnteoireachta creidmheasa an t-athbhreithniú sin. I gcás iasachtaí os cionn EUR 3 mhilliún nó 5 % de chistí dílse na hinstitiúide, déanfaidh luachálaí den sórt sin athbhreithniú ar luacháil na maoine gach trí bliana ar a laghad.
Féadfaidh institiúidí modhanna staitistiúla a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar luach na maoine dochorraithe agus chun maoin dhochorraithe a shainaithint ar gá athluacháil a dhéanamh uirthi.
Airteagal 209
Ceanglais maidir le hearraí infhaighte
Comhlíonfar na ceanglais seo a leanas maidir le deimhneacht dhlíthiúil:
beidh an sásra dlíthiúil lena soláthrófar an chomhthaobhacht d'institiúid iasachtaí stóinsithe agus éifeachtach agus áiritheoidh sí go mbeidh cearta soiléire ag an institiúid ar an gcomhthaobhacht lena n-áirítear an ceart ar na fáltais tar éis an chomhthaobhacht a dhíol;
déanfaidh institiúidí gach beart is gá chun riachtanais áitiúla a chomhlíonadh maidir le hin-fhorfheidhmitheacht leas urrúis. Beidh éileamh chéadtosaíochta ag institiúidí iasachtaí ar an gcomhthaobhacht cé go bhféadfadh sé go mbeadh éilimh den sórt sin faoi réir éileamh na gcreidiúnaithe tosaíochta dá bhforáiltear i bhforálacha reachtaíochta;
beidh athbhreithniú dlíthiúil leordhóthanach déanta ag institiúidí lena ndearbhaítear in-fhorfheidhmitheacht na socruithe comhthaobhachta i ngach dlínse iomchuí;
déanfaidh siad a socruithe comhthaobhachta a dhoiciméadú mar is cuí agus beidh nósanna imeachta soiléire agus stóinsithe i bhfeidhm acu maidir le comhthaobhacht a bhailiú go tráthúil;
beidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag institiúidí lena n-áiritheofar go gcomhlíonfar aon choinníollacha dlíthiúla is gá chun mainneachtain iasachtaí a dhearbhú agus comhthaobhacht a bhailiú go tráthúil;
i gcás struis nó mainneachtana airgeadais iasachtaí, beidh údarás dlíthiúil ag institiúidí na hearraí infhaighte a dhíol le páirtithe eile nó a shannadh dóibh gan toiliú oibleagáideoirí na n-earraí infhaighte.
Comhlíonfar na ceanglais seo a leanas maidir le bainistíocht priacal:
beidh próiseas fónta i bhfeidhm ag institiúid chun an priacal creidmheasa a bhaineann leis na hearraí infhaighte a chinneadh. Áireofar i bpróiseas den sórt sin anailísí ar ghnólacht agus ar thionscal an iasachtaí agus ar na cineálacha custaiméirí lena ndéanann an t-iasachtaí sin gnó. I gcás go mbraitheann institiúid ar a hiasachtaithe chun priacal creidmheasa na gcustaiméirí a fhionnadh, déanfaidh an institiúid athbhreithniú ar chleachtais chreidmheasa na n-iasachtaithe d'fhonn a chreidiúnaí agus a fhónta atá siad a fhionnadh;
léireoidh an difríocht idir méid na risíochta agus luach na n-earraí infhaighte na fachtóirí iomchuí uile, lena n-áirítear costas an bhailithe, comhchruinniú laistigh de chomhthiomsú na n-earraí infhaighte arna gcur i ngeall ag iasachtaí ar leith, agus an comhchruinniú priacal a d'fhéadfadh a bheith ann laistigh de risíochtaí iomlána na hinstitiúide os cionn an méid a rialaítear le modheolaíocht ghinearálta na hinstitiúide. Déanfaidh institiúidí próiseas faireacháin leanúnach atá oiriúnach do na hearraí infhaighte. Déanfaidh siad athbhreithniú, ar bhonn rialta chomh maith, ar chomhlíonadh cúnant iasachtaí, srianta comhshaoil, agus ceanglas dlíthiúil eile;
déanfar earraí infhaighte arna gcur i ngeall ag iasachtaí a éagsúlú agus ní dhéanfar iad a a chomhghaolú go míchuí leis an iasachtaí sin. I gcás go bhfuil comhghaol deimhneach ábhartha i gceist, cuirfidh institiúidí priacal coimhdeach san áireamh i socrú na n-corrlaigh le haghaidh chomhthiomsú na comhthaobhachta ina hiomláine;
ní úsáidfidh institiúidí earraí infhaighte ó chleamhnaithe iasachtaí, lena n-áirítear fochuideachtaí agus fostaithe, mar chosaint creidmheasa incháilithe;
beidh próiseas doiciméadaithe i bhfeidhm ag institiúid trína mbaileofar íocaíochtaí infhála i gcásanna struis. Beidh na saoráidí riachtanacha ag institiúidí le híocaíochtaí a bhailiú fiú amháin más gnách leo brath ar a gcuid iasachtaithe lena mbailiú.
Airteagal 210
Ceanglais maidir le comhthaobhacht fhisiceach eile
Cáileoidh comhthaobhacht fhisiceach seachas comhthaobhacht maoine dochorraithe mar chomhthaobhacht incháilithe faoin gChur Chuige IBR i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
beidh an comhaontú comhthaobhachta faoina soláthraítear an chomhthaobhacht fhisiceach d'institiúid éifeachtach agus inchurtha i bhfeidhm le dlí i ngach dlínse iomchuí agus cuirfear ar chumas na hinstitiúide sin luach na comhthaobhachta a réadú laistigh d'amchlár réasúnta;
cé is moite de na héilimh chéadtosaíochta incheadaithe dá dtagraítear in Airteagal 209(2)(b), ní cháileofar ach túsliain nó muirir ar chomhthaobhacht mar chomhthaobhacht incháilithe agus beidh tús áite ag institiúid thar gach iasachtaí eile ó thaobh fháltais réadaithe na comhthaobhachta;
déanfaidh institiúidí faireachán ar luach na comhthaobhachta go minic agus uair amháin sa bhliain ar a laghad. Déanfaidh institiúidí faireachán níos minice sa chás go bhfuil an margadh faoi réir athruithe suntasacha dálaí;
áireofar ar an gcomhaontú iasachta tuairiscí mionsonraithe ar an gcomhthaobhacht mar aon le sonraíochtaí mionsonraithe ar mhodh agus ar mhinicíocht an athluachála;
déanfaidh institiúidí na cineálacha comhthaobhachta fisicí a nglacann siad leo agus na beartais agus na cleachtais atá i bhfeidhm acu maidir le méid iomchuí gach cineáil chomhthaobhachta i gcoibhneas le méid na risíochta a dhoiciméadú go soiléir i mbeartais agus i nósanna imeachta creidmheasa a bheidh ar fáil lena scrúdú;
tabharfar aghaidh i mbeartais chreidmheasa institiúidí maidir le struchtúr na n-idirbheart ar na nithe seo a leanas:
ceanglais chomhthaobhachta iomchuí i gcoibhneas le méid na risíochta;
an cumas an chomhthaobhacht a leachtú go héasca;
an cumas praghas nó margadhluach a bhunú go hoibiachtúil;
an mhinicíocht lenar féidir an luach a fháil go héasca, lena n-áirítear breithmheas gairmiúil nó luacháil ghairmiúil;
luaineacht nó ionadaí luaineacht luach na comhthaobhachta.
cuirfidh institiúidí san áireamh ina iomláine gach meath nó dífheidhmeacht maidir leis an gcomhthaobhacht agus an luacháil tosaigh agus an athluacháil á ndéanamh acu, agus tabharfaidh siad aird faoi leith ar an tionchar a bhíonn ag imeacht ama ar chomhthaobhachtaí atá íogair ó thaobh cúrsaí faisin nó dáta;
beidh an ceart ag institiúidí iniúchadh fisiceach a dhéanamh ar an gcomhthaobhacht. Beidh beartais agus nósanna imeachta i bhfeidhm acu freisin ina dtabharfar aghaidh ar fheidhmiú a gcirt chun iniúchadh fisiceach a dhéanamh;
beidh an chomhthaobhacht a nglacfar leis mar chosaint árachaithe a dóthain i gcoinne priacal damáiste agus beidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag institiúidí chun faireachán a dhéanamh air sin.
Airteagal 211
Ceanglais maidir le risíochtaí ar léasanna a láimhseáil mar risíochtaí comhthaobhaithe
Láimhseálfaidh institiúidí risíochtaí a thagann as idirbhearta léasaithe mar risíochtaí atá comhthaobhaithe leis an gcineál maoine atá léasaithe, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
comhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 208 nó 210, de réir mar is infheidhme, maidir leis an gcineál maoine a bheidh léasaithe le cáiliú mar chomhthaobhacht incháilithe;
tá bainistíocht priacal stóinsithe i bhfeidhm ag an léasóir maidir leis an úsáid a bhaintear as an tsócmhainn léasaithe, an suíomh ina bhfuil sí agus an aois atá aici agus an tréimhse atá beartaithe í a úsáid, lena n-áirítear faireachán iomchuí a dhéanamh ar luach an urrúis;
tá úinéireacht dhlíthiúil ag an léasóir ar an tsócmhainn agus tá sé ábalta a chearta mar úinéir a fheidhmiú go tráthúil;
sa chás nár fionnadh é sin agus leibhéal an LGD á ríomh, níl an difríocht idir luach an méid gan amúchadh agus margadhluach an urrúis chomh mór sin is go ndéanfaí meastachán thar ceart ar an maolú priacal creidmheasa a chuirtear i leith na sócmhainní léasaithe.
Airteagal 212
Ceanglais maidir le cosaint chistithe creidmheasa eile
Beidh airgead i dtaisce le hinstitiúid tríú páirtí nó ionstraimí comhshamhlaithe airgid ina seilbh incháilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 232(1), i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
tá éileamh an iasachtaí i gcoinne na hinstitiúide tríú páirtí curtha i ngeall go hoscailte nó sannta don institiúid iasachtaí agus tá an gealltán nó an sannadh sin éifeachtach agus inchurtha i bhfeidhm le dlí i ngach dlínse iomchuí agus tá sé neamhchoinníollach agus neamh-inchúlghairthe;
tugtar fógra don institiúid tríú páirtí maidir leis an ngealltán nó an sannadh;
mar thoradh ar an bhfógra, ní féidir leis an institiúid tríú páirtí íocaíochtaí a dhéanamh leis an institiúid iasachtaí agus sin amháin nó le páirtithe eile mura bhfaigheann sí toiliú na hinstitiúide iasachtaí roimh ré;
Cáileoidh polasaithe árachas saoil atá curtha i ngeall don institiúid iasachtaí mar chomhthaobhacht incháilithe i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
tá an polasaí árachas saoil curtha i ngeall nó sannta go hoscailte don institiúid iasachtaí;
tugtar fógra maidir leis an ngealltán nó an sannadh don chuideachta atá ag soláthar an árachais saoil, agus mar thoradh ar an bhfógra, ní fhéadfaidh sí méideanna atá iníoctha faoin gconradh a íoc gan toiliú na hinstitiúide iasachtaí roimh ré;
tá sé de cheart ag an institiúid iasachtaí an polasaí a chur ar ceal agus an luach géilliúna a fháil i gcás mhainneachtain an iasachtaí;
cuirtear in iúl don institiúid aon íocaíochtaí faoin bpolasaí nach ndearna sealbhóir an pholasaí;
cuirtear an chosaint creidmheasa ar fáil go ceann théarma na hiasachta. Sa chás nach féidir é sin a dhéanamh toisc go gcríochnaíonn an caidreamh árachais sular n-éagann an caidreamh iasachta, cinnteoidh an institiúid go n-úsáidfear an méid a thagann ón gconradh árachais mar urrús don institiúid go dtí deireadh thréimhse an chomhaontaithe creidmheasa;
tá an gealltán nó an sannadh éifeachtach agus inchurtha i bhfeidhm go dlíthiúil an tráth a chuirfear an comhaontú creidmheasa i gcrích;
dearbhaíonn an chuideachta atá ag soláthar an árachais an luach géilliúna agus tá sé neamh-inlaghdaithe;
tá an luach géilliúna le híoc go tráthúil ag an gcuideachta atá ag soláthar an árachais saoil, arna iarraidh sin;
ní iarrfar an luach géilliúna gach toiliú na hinstitiúide roimh ré;
tá an chuideachta atá ag soláthar an árachais saoil faoi réir Threoir 2009/138/CE nó tá sí faoi réir maoirseachta ag údarás inniúil tríú tír a chuireann socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá coibhéiseach ar a laghad leis na cinn a chuirtear i bhfeidhm san Aontas.
Airteagal 213
Ceanglais a bhaineann le ráthaíochtaí agus le díorthaigh chreidmheasa araon
Faoi réir Airteagal 214(1), cáileoidh cosaint creidmheasa a eascraíonn ó ráthaíocht nó ó dhíorthaigh chreidmheasa mar chosaint neamhchistithe creidmheasa incháilithe i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
is cosaint creidmheasa dhíreach í an chosaint creidmheasa;
tá méid na cosanta creidmheasa sainithe go soiléir agus ní fhéadfar é a chonspóid;
níl aon chlásal i gconradh na cosanta creidmheasa, a bhfuil a chomhlíonadh faoi rialú díreach an iasachtóra, a d'fhágfadh:
go bhféadfadh soláthraí na cosanta an chosaint a chealú go haontaobhach;
go dtiocfadh laghdú ar chostas éifeachtach na cosanta mar thoradh ar cháilíocht chreidmheasa na risíochta faoi chosaint a bheadh ag meathlú;
go bhféadfaí cosc a chur ar oibleagáid a bheith ar sholáthraí na cosanta íocaíocht a dhéanamh go tráthúil i gcás ina mainneodh an oibleagáideoir bunaidh íocaíochtaí atá dlite ar bith a íoc, nó i gcás ina mbeadh an conradh léasaithe éagtha chun luach iarmharach ráthaithe a aithint faoi Airteagail 134(7) agus 166(4);
go bhféadfadh soláthraí na cosanta aibíocht na cosanta creidmheasa a laghdú;
tá conradh na cosainta creidmheasa éifeachtach agus inchurtha i bhfeidhm go dlíthiúil i ngach dlínse is iomchuí tráth an comhaontú creidmheasa a thabhairt i gcrích.
Beidh athbhreithniú dlíthiúil leordhóthanach déanta ag institiúid lena ndearbhaítear in-fhorfheidhmitheacht na cosanta neamhchistithe creidmheasa i ngach dlínse iomchuí. Déanfaidh sí athbhreithniú den sórt sin arís de réir mar is gá d'fhonn in-fhorfheidhmitheacht leanúnach a áirithiú.
Airteagal 214
Frithráthaíochtaí cheannasacha agus frithráthaíochtaí eile de chuid na hearnála poiblí
Féadfaidh institiúidí na risíochtaí dá dtagraítear i mír 2 a láimhseáil mar risíocht atá faoi chosaint ráthaíochta arna soláthar ag na heintitis a liostaítear sa mhír sin, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
cumhdaítear gach eilimint priacal creidmheasa den éileamh faoin bhfrithráthaíocht;
comhlíonann an ráthaíocht bhunaidh agus an fhrithráthaíocht na ceanglais le haghaidh ráthaíochtaí a leagtar amach in Airteagail 213 agus 215(1), ach amháin nach gcaithfidh an fhrithráthaíocht a bheith díreach;
tá an cumhdach stóinsithe agus ní léir ó aon rud san fhianaise stairiúil nach bhfuil cumhdach na frithráthaíochta coibhéiseach le cumhdach ráthaíochta dírí ón eintiteas i gceist.
Beidh feidhm ag an láimhseáil a leagtar amach i mír 1 maidir le risíochtaí faoi chosaint ráthaíochta arna bhfrithráthú ag aon cheann de na heintitis seo a leanas:
rialtais láir nó bainc cheannais;
rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil;
eintiteas earnála poiblí, a láimhseáiltear éilimh air mar éilimh ar an rialtais láir i gcomhréir le hAirteagal 116(4);
banc forbartha iltaobhach nó eagraíocht idirnáisiúnta, dá sanntar ualú priacal 0 % faoi Airteagal 117(2) agus Airteagal 118 nó de bhua Airteagal 117(2) agus Airteagal 118 faoi seach;
eintiteas earnála poiblí, a láimhseáiltear éilimh air i gcomhréir le hAirteagal 116(1) agus le hAirteagal 116(2).
Airteagal 215
Ceanglais bhreise maidir le ráthaíochtaí
Cáileoidh ráthaíochtaí mar chosaint neamhchistithe creidmheasa incháilithe i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha ar fad in Airteagal 213 agus na coinníollacha seo a leanas ar fad:
ar mhainneachtain cháilitheach an chontrapháirtí, nó ar an méid dlite gan a bheith íoctha aige, tá an ceart ag an institiúid iasachtaí an ráthóir a thóraíocht go tráthúil i leith airgid ar bith atá dlite faoin éileamh a bhfuil an chosaint á soláthar ina leith agus ní bheidh ar an institiúid iasachtaí an ráthóir a thóraíocht ar dtús chun íocaíocht a fháil;
I gcás cosanta neamhchistithe creidmheasa ina gcuimsítear iasachtaí morgáiste áit chónaithe, tá tréimhse 24 mí ann chun na ceanglais in Airteagal 213(1)(c)(iii) agus sa chéad fhomhír den phointe seo a chomhlíonadh.
is oibleagáid atá doiciméadaithe go sainráite arna gabháil ag an ráthóir atá sa ráthaíocht;
comhlíontar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:
cumhdaítear gach cineál íocaíochta atáthar ag súil go ndéanfadh an oibleagáideoir maidir leis an éileamh faoin ráthaíocht;
i gcás ina ndéantar cineálacha faoi leith íocaíochta a eisiamh ón ráthóir, tá luach na ráthaíochta coigeartaithe ag an institiúid iasachtaí chun an cumhdach teoranta a léiriú.
I gcás na ráthaíochtaí a sholáthraítear i gcomhthéacs comhscéimeanna ráthaíochta nó a sholáthraíonn nó a fhrithráthaíonn na heintitis a liostaítear in Airteagal 214(2), measfar go mbeidh na ceanglais i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo comhlíonta i gcás ina gcomhlíonfar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:
tá an ceart ag an institiúid iasachtaí íocaíocht shealadach a fháil go tráthúil ón ráthóir, ar íocaíocht í a chomhlíonann an dá choinníoll seo a leanas:
léiríonn sé meastachán stóinsithe ar an gcaillteanas, lena n-áirítear caillteanais a thig ón ús gan a bheith íoctha agus cineálacha eile íocaíochta a bhfuil oibleagáid ar an iasachtaí iad a dhéanamh, ar méideanna iad is dócha a thabhóidh an institiúid iasachtaí;
tá sé comhréireach le cumhdach na ráthaíochta;
is féidir leis an institiúid iasachtaí a léiriú chun sástachta na n-údarás inniúil go dtugann éifeachtaí na ráthaíochta, a chumhdóidh caillteanais a thig ó ús gan a bheith íoctha agus cineálacha íocaíochta eile a bhfuil oibleagáid ar an iasachtaí iad a dhéanamh freisin, go dtugann siad údar le láimhseáil den sórt sin.
Airteagal 216
Ceanglais bhreise maidir le díorthaigh chreidmheasa
Cáileoidh díorthaigh chreidmheasa mar chosaint neamhchistithe creidmheasa incháilithe i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha ar fad in Airteagal 213 agus na coinníollacha seo a leanas ar fad:
áirítear ar na teagmhais chreidmheasa a shonraítear sa chonradh díorthach creidmheasa:
mainneachtain na méideanna atá dlite faoi théarmaí na hoibleagáide foluití a íoc atá i bhfeidhm tráth na mainneachtana sin, agus tréimhse chairde ann atá comhionann leis an tréimhse chairde nó atá níos giorra ná an tréimhse chairde sa bhunoibleagáid;
féimheacht, dócmhainneacht nó neamhábaltacht an oibleagáideora a fhiacha a íoc, nó mainneachtain nó admháil i scríbhinn an oibleagáideora maidir lena neamhábaltacht go ginearálta a fhiacha a íoc de réir mar a thagann siad chun bheith dlite, agus teagmhais comhchosúla.
athchóiriú na hoibleagáide foluití trí bhíthin na príomhshuime, an úis nó na dtáillí as a dtig teagmhas caillteanas creidmheasa a mhaitheamh nó a chur siar;
i gcás ina ndéantar foráil do shocraíochtaí airgid le díorthaigh chreidmheasa:
tá próiseas luachála stóinsithe i bhfeidhm ag institiúidí d'fhonn caillteanas a mheas go hiontaofa;
tá tréimhse ann a shonraítear go soiléir chun luachálacha na hoibleagáide foluití a fháil tar éis an teagmhais chreidmheasa;
i gcás ina bhfuil ceart agus cumas cheannaitheoir na cosanta an oibleagáid fholuiteach a aistriú chuig soláthraí na cosanta ag teastáil chun socrú a dhéanamh, foráiltear le téarmaí na hoibleagáide foluití nach gcoinneofar siar gan chall aon toiliú a bheadh ag teastáil chun aistriú den chineál sin a dhéanamh;
tá sainithe go soiléir céannacht na bpáirtithe atá freagrach as a chinneadh cé acu a tharla teagmhas creidmheasa nó nár tharla;
níl sé faoi sholáthraí na cosanta agus faoi-sean amháin an teagmhas creidmheasa a chinneadh;
tá sé de cheart nó de chumas ag ceannaitheoir na cosanta teagmhas creidmheasa a tharla a chur in iúl do sholáthraí na cosanta.
I gcás nach n-áirítear athchóiriú na hoibleagáide foluití ar na teagmhais chreidmheasa mar a thuairiscítear i bpointe (a)(iii), d'fhéadfadh an chosaint creidmheasa a bheith incháilithe mar sin féin faoi réir laghdaithe sa luach mar a shonraítear in Airteagal 233(2);
Aon neamhréir idir an oibleagáid fholuiteach agus an oibleagáid tagartha faoin díorthach creidmheasa nó idir an oibleagáid fholuiteach agus an oibleagáid a úsáidtear lena chinneadh cé acu a tharla nó nár tharla teagmhas creidmheasa, ní ceadmhach í a úsáid ach i gcás go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:
tá an oibleagáid tagartha nó an oibleagáid a úsáidtear lena chinneadh cé acu a tharla nó nár tharla teagmhas creidmheasa, de réir mar a bheidh, pari passu leis an oibleagáid fholuiteach nó tá sí sóisearach dó;
tá an oibleagáideoir céanna ag an oibleagáid fholuiteach agus ag an oibleagáid tagartha nó an oibleagáid a úsáidtear lena chinneadh cé acu a tharla nó nár tharla teagmhas creidmheasa, de réir mar a bheidh, agus tá clásail um thrasmhainneachtain nó um thras-luathú is inchurtha i bhfeidhm le dlí i bhfeidhm.
Airteagal 217
Ceanglais le cáiliú don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 153(3)
Le bheith incháilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 153(3), comhlíonfaidh cosaint creidmheasa a thig as ráthaíocht nó as díorthach creidmheasa na coinníollacha seo a leanas:
Is i leith ceann de na risíochtaí seo a leanas atá an bhunoibleagáid:
risíocht chorparáideach dá dtagraítear in Airteagal 147, gan gnóthais árachais nó athárachais a áireamh;
risíocht ar rialtas réigiúnach, údarás áitiúil nó ar eintiteas earnála poiblí nach láimhseáiltear mar risíocht ar rialtas láir nó ar bhanc ceannais i gcomhréir le hAirteagal 147;
risíocht ar FBM, atá aicmithe mar risíocht ar mhiondíol i gcomhréir le hAirteagal 147(5);
Níl na hoibleagáideoirí foluiteacha ina gcomhaltaí den ghrúpa céanna le soláthraí na cosanta;
tá an risíocht fálaithe le ceann de na hionstraimí seo a leanas:
díorthaigh chreidmheasa neamhchistithe aonainm nó ráthaíochtaí aonainm;
táirgí bascaeid den chéad mhainneachtain;
táirgí bascaeid don n-ú mainneachtain;
comhlíonann an chosaint creidmheasa na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 213, in Airteagal 215 agus in Airteagal 216, mar is infheidhme;
níl an t-ualú priacal a bhaineann leis an risíocht roimh an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 153(3) san áireamh in aon ghné den chosaint creidmheasa;
tá an ceart ag institiúid agus is féidir léi bheith ag coinne le híocaíocht a fháil ón soláthraí cosanta gan a bheith uirthi caingean dlí a thionscnamh chun an contrapháirtí a thóraíocht chun go n-íocfaidh sé. A mhéad is féidir, déanfaidh an institiúid bearta lena dheimhniú di féin go bhfuil an soláthraí cosanta toilteanach íoc go pras dá dtarlódh teagmhas creidmheasa;
glacann an chosaint creidmheasa cheannaithe chuici féin na caillteanais chreidmheasa uile ar an gcuid fhálaithe de risíocht a thagann chun cinn mar gheall ar theagmhais chreidmheasa a tharlaíonn a leagtar amach sa chonradh;
I gcás ina ndéantar foráil i struchtúr eisíocaíochta na cosanta creidmheasa maidir le socraíocht fhisiceach, tá deimhneacht dhlíthiúil ann gur féidir iasacht, banna nó dliteanas teagmhasach a sheachadadh;
i gcás ina mbeidh sé beartaithe ag institiúid oibleagáid seachas an risíocht fholuiteach a sheachadadh, áiritheoidh sí go bhfuil an oibleagáid inseachadta sách leachtach ionas go mbeadh ar chumas na hinstitiúide í a cheannach lena seachadadh i gcomhréir leis an gconradh;
tá téarmaí agus coinníollacha na socruithe cosanta creidmheasa dearbhaithe le dlí i scríbhinn ag soláthraí na cosanta agus an institiúid araon;
tá próiseas i bhfeidhm ag institiúidí d'fhonn comhghaol iomarcach a bhrath idir acmhainneacht creidmheasa sholáthraí na cosanta agus oibleagáideoir na risíochta foluití toisc go mbraitheann a bhfeidhmíocht ar chomhfhachtóirí thar an bhfachtóir priacal córasach;
i gcás cosanta i gcoinne priacal caolúcháin, níl díoltóir na n-earraí infhaighte ceannaithe ina chomhalta den ghrúpa céanna agus atá soláthraí na cosanta.
Airteagal 218
Nótaí creidmheas-nasctha
Féadfar infheistíochtaí i nótaí creidmheas-nasctha arna n-eisiúint ag institiúid iasachtaí a láimhseáil mar chomhthaobhacht airgid d'fhonn éifeacht na cosanta cistithe creidmheasa a ríomh i gcomhréir leis an bhForoinn seo, ar an gcoinníoll go gcáileoidh an bhabhtáil mainneachtain chreidmheasa atá leabaithe sa nóta creidmheas-nasctha mar chosaint neamhchistithe creidmheasa incháilithe. Lena chinneadh an gcáileoidh an bhabhtáil mainneachtain chreidmheasa atá leabaithe sa nóta creidmheas-nasctha mar chosaint neamhchistithe creidmheasa incháilithe, féadfaidh an institiúid a mheas gur comhlíonadh an coinníoll i bpointe (c) d'Airteagal 194(6).
Airteagal 219
Glanluacháil laistigh den chlár comhardaithe
Iasachtaí agus taiscí leis an institiúid iasachtaí atá faoi réir glanluachála laistigh den chlár comhardaithe, láimhseálfaidh an institiúid sin iad mar chomhthaobhacht airgid d'fhonn éifeacht na cosanta cistithe creidmheasa a ríomh maidir leis na hiasachtaí agus na taiscí sin de chuid na hinstitiúide iasachtaí atá faoi réir glanluachála laistigh den chlár comhardaithe atá ainmnithe san airgeadra céanna.
Airteagal 220
An Cur Chuige Maoirseachta maidir le Coigeartuithe Luaineachta nó an Cur Chuige bunaithe ar a Meastacháin Féin maidir le Coigeartuithe Luaineachta a úsáid le haghaidh máistir-chomhaontuithe glanluachála
Beidh úsáid an Chuir Chuige bunaithe ar a Mheastacháin Féin faoi réir na gcoinníollacha agus na gceanglas céanna is infheidhme faoin Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais.
Chun críocha E* a ríomh, déanfaidh institiúidí an méid a leanas:
ríomhfaidh siad an suíomh glan i ngach grúpa urrús nó i ngach cineál tráchtearra trí bhíthin an méid i bpointe (ii) a dhealú ón méid i bpointe (i):
luach iomlán grúpa urrús nó tráchtearraí den chineál céanna a iasachtaíodh, a díoladh nó a soláthraíodh faoin máistir-chomhaontú glanluachála;
luach iomlán grúpa urrús nó tráchtearraí den chineál céanna a fuarthas ar iasacht, a ceannaíodh nó a fuarthas faoin máistir-chomhaontú glanluachála;
ríomhfaidh institiúidí an suíomh glan i ngach airgeadra, seachas airgeadra socraíochta an mháistir-chomhaontaithe glanluachála, trí bhíthin an méid i bpointe (ii) a dhealú ón méid i bpointe (i):
suim luach iomlán na n-urrús atá ainmnithe san airgeadra sin a iasachtaíodh, a díoladh nó a soláthraíodh faoin máistir-chomhaontú glanluachála agus méid an airgid thirim san airgeadra sin a iasachtaíodh nó a aistríodh faoin gcomhaontú sin;
suim luach iomlán na n-urrús atá ainmnithe san airgeadra sin a fuarthas ar iasacht, a ceannaíodh nó a fuarthas faoin máistir-chomhaontú glanluachála agus méid an airgid thirim san airgeadra sin a fuarthas ar iasacht nó a fuarthas faoin gcomhaontú sin;
cuirfidh institiúidí an coigeartú luaineachta is iomchuí do ghrúpa ar leith urrús nó do shuíomh airgid i bhfeidhm maidir le luach absalóideach an tsuímh ghlain dheimhnigh nó dhiúltaigh sna hurrúis sa ghrúpa sin;
cuirfidh siad an coigeartú luaineachta maidir le priacal malairte eachtraí (fx) i bhfeidhm maidir leis an suíomh glan deimhneach nó diúltach i ngach airgeadra seachas airgeadra socraíochta an mháistir-chomhaonaithe glanluachála.
Ríomhfaidh institiúidí E* de réir na foirmle seo a leanas:
nuair atá:
|
Ei |
= |
luach risíochta gach risíochta ar leith faoin gcomhaontú a bheadh i bhfeidhm in éagmais na cosanta creidmheasa, i gcás ina ríomhann institiúidí méideanna risíochta a ualaíteara ualaítear ó thaobh priacal faoin gCur Chuige Caighdeánaithe nó i gcás ina ríomhann siad na méideanna risíochta a ualaíteara ualaítear ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh faoin gCur Chuige IRB; |
|
Ci |
= |
luach na n-urrús i ngach aon ghrúpa nó tráchtearraí den chineál céanna a fuarthas ar iasacht, a ceannaíodh nó a fuarthas nó an t-airgead a fuarthas ar iasacht nó a fuarthas maidir le gach aon risíocht i; |
|
|
= |
an suíomh glan (deimhneach nó diúltach) i ngrúpa ar leith urrús j; |
|
|
= |
an suíomh glan (deimhneach nó diúltach) in airgeadra ar leith k seachas airgeadra socraíochta an chomhaontuithe arna ríomh faoi phointe (b) de mhír 2; |
|
|
= |
an coigeartú luaineachta is iomchuí do ghrúpa áirithe urrús j; |
|
|
= |
coigeartú luaineachta airgeadra k i leith airgeadra eachtraigh. |
Airteagal 221
Cur Chuige na Samhlacha Inmheánacha a úsáid le haghaidh máistir-chomhaontuithe glanluachála
►C2 Féadfaidh institiúidí a bhfuil cead faighte acu samhail inmheánach tomhas priacal a úsáid faoi Theideal IV, Caibidil 5 ◄ cur chuige na samhlacha inmheánacha a úsáid. I gcás nach bhfuil cead den sórt sin faighte ag institiúid, féadfaidh sí iarratas a dhéanamh ar na húdaráis inniúla fós chun cead a fháil cur chuige na samhlacha inmheánacha a úsáid chun críocha an Airteagail seo.
Ní thabharfaidh údaráis inniúla cead d'institiúid cur chuige na samhlacha inmheánacha a úsáid ach amháin i gcás inar deimhin leo go bhfuil córas na hinstitiúide maidir leis na priacail a thagann as na hidirbhearta a chuimsíonn an máistir-chomhaontú glanluachála slán ar bhonn coincheapúil agus curtha chun feidhme le hionracas agus i gcás ina gcomhlíonfar na caighdeáin cháilíochtúla seo a leanas:
tá an tsamhail tomhas priacal inmheánach a úsáidtear chun luaineacht praghsanna fhéideartha a ríomh le haghaidh na n-idirbheart comhtháite go dlúth le próiseas bainistithe priacal laethúil na hinstitiúide agus úsáidtear í mar an bhonn le risíochtaí ar priacal a thuairisciú do bhainistíocht shinsearach na hinstitiúide;
tá aonad rialaithe priacal ag an institiúid a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:
tá sé neamhspleách ar aonaid trádála gnó agus tuairiscíonn sé go díreach don bainistíocht shinsearach;
tá sé freagrach as córas bainistíochta priacal na hinstitiúide a dhearadh agus a chur chun feidhme;
déanann sé tuairiscí laethúla ar aschur na samhla tomhas priacal agus ar na bearta iomchuí atá le déanamh i dtéarmaí teorainneacha suímh agus déanann sé anailís orthu.
athbhreithnítear na tuairiscí laethúla a dhéantar san aonad rialaithe priacal ar leibhéal bainistíochta ag a bhfuil údarás leordhóthanach le laghduithe a fhorfheidhmiú ar shuímh a glacadh agus le laghduithe ar risíocht fhoriomlán ar priacal a fhorfheidhmiú;
tá a dóthain ball foirne ag an institiúid san aonad rialaithe priacal atá oilte i samhlacha sofaisticiúla a úsáid;
tá nósanna imeachta bunaithe ag an institiúid le faireachán a dhéanamh ar shraith dhoiciméadaithe de bheartais agus rialuithe inmheánacha a bhaineann le feidhmiú foriomlán an chórais chun priacal a thomhas agus lena áirithiú go gcomhlíonfar na beartais agus na rialuithe sin;
tá cuntas teiste cruthaithe ag samhlacha na hinstitiúide maidir le cruinneas réasúnta i priacail a thomhas arna léiriú trí thástáil a théann siar ar a haschur ag úsáid sonraí bliana ar a laghad;
déanann an institiúid dianchlár tástála struis go minic agus déanann an bhainistíocht shinsearach athbhreithniú ar thorthaí na dtástálacha sin agus léirítear iad sna beartais agus sna teorainneacha a shocraíonn sí;
déanann an institiúid, mar chuid dá próisis iniúchóireachta inmheánaí rialta, athbhreithniú neamhspleách ar a córas chun priacal a thomhas. Áireofar leis an athbhreithniú sin gníomhaíochtaí na n-aonad trádála gnó agus an aonaid neamhspleáigh rialaithe priacal araon.
Uair amháin sa bhliain ar a laghad, déanfaidh an institiúid athbhreithniú ar a próiseas foriomlán bainistithe priacal.
comhlíonann an tsamhail inmheánach na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 292(8) agus (9) agus in Airteagal 294.
Féadfaidh institiúid comhghaoil eimpíreacha úsáid laistigh de chatagóirí priacal agus thar chatagóirí priacal i gcás ina bhfuil a córas tomhaiste comhghaol fónta agus go gcuirtear chun feidhme é go hionraic.
Déanfaidh institiúidí atá ag úsáid chur chuige na samhlacha inmheánacha E* a ríomh de réir na foirmle seo a leanas:
nuair atá:
|
Ei |
= |
luach risíochta gach risíochta ar leith faoin gcomhaontú a bheadh i bhfeidhm in éagmais na cosanta creidmheasa, i gcás ina ríomhann institiúidí na méideanna risíochta a ualaíteara ualaítear ó thaobh priacal faoin gCur Chuige Caighdeánaithe nó i gcás ina ríomhann siad na méideanna risíochta a ualaíteara ualaítear ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh faoin gCur Chuige IRB; |
|
Ci |
= |
luach na n-urrús a fuarthas ar iasacht, a ceannaíodh nó a fuarthas nó an t-airgead a fuarthas ar iasacht nó a fuarthas maidir le gach aon risíocht i den sórt sin. |
Agus méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal á ríomh ag úsáid samhlacha inmheánacha, úsáidfidh institiúidí aschur shamhail an lae gnó roimhe sin.
Beidh ríomh an athraithe a d'fhéadfadh tarlú i luach dá dtagraítear i mír 6 faoi réir na gcaighdeán seo a leanas ar fad:
déanfar é gach lá ar a laghad;
beidh sé bunaithe ar eatramh muiníne aonfhoircneach 99ú peircintíl;
beidh sé bunaithe ar thréimhse leachtaithe atá coibhéiseach le 5 lá, ach amháin i gcás idirbheart seachas idirbhearta athcheannaigh i leith urrús nó idirbheart maidir le hurrúis a iasachtú nó a fháil ar iasacht mar a n-úsáidfear tréimhse leachtaithe atá coibhéiseach le 10 lá;
tréimhse bhreathnóireachta stairiúil iarbhír 1 bhliana ar a laghad ach amháin nuair atá údar le tréimhse bhreathnóireachta níos giorra i ngeall ar bhorradh suntasach i luaineacht praghsanna;
déanfar an tacar sonraí a úsáidtear sa ríomh a nuashonrú gach trí mhí.
I gcás ina bhfuil idirbheart athcheannaigh ag institiúid, nó idirbheart maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht agus idirbheart iasachta corrlaigh nó idirbheart dá shamhail nó tacar glanluachála a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Airteagal 285(2), (3) agus (4), beidh an íostréimhse shealbhaíoctha i gcomhréir leis an tréimhse corrlaigh faoi phriacal a bheadh i bhfeidhm faoi na míreanna sin, i gcomhar le hAirteagal 285(5).
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
cad is punann neamhábhartha ann chun críocha mhír 3;
na critéir lena chinneadh an bhfuil an tsamhail inmheánach fónta agus curtha chun feidhme le hionracas chun críocha mhír 4 agus mhír 5 agus chun críocha na máistir-chomhaontuithe glanluachála.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2015.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 222
Modh Simplí Comhthaobhach Airgeadais
Beidh an t-ualú priacal a bhaineann leis an gcuid chomhthaobhaithe cothrom le 20 % ar a laghad ach amháin mar a shonraítear i míreanna 4 go 6. Cuirfidh institiúidí an t-ualú priacal a shannfaidís do risíocht neamhurraithe ar an gcontrapháirtí faoi Chaibidil 2 i bhfeidhm maidir leis an gcuid eile de luach na risíochta.
Sannfaidh institiúidí ualú priacal 10 %, de réir mhéid an tsoláthair urrúis chomhthaobhaigh, do luachanna risíochta na n-idirbheart sin a bheidh comhthaobhaithe le hurrúis fiachais arna n-eisiúint ag rialtais láir nó ag bainc cheannais dá sanntar ualú priacal 0 % faoi Chaibidil 2.
I gcás idirbheart seachas na cinn sin dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5, féadfaidh institiúidí ualú priacal 0 % a shannadh i gcás ina mbeidh an risíocht agus an chomhthaobhacht ainmnithe san airgeadra céanna, agus i gcás ina gcomhlíonfar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:
airgead i dtaisce nó ionstraim chomhshamhlaithe airgid is ea an chomhthaobhacht;
tá an chomhthaobhacht i bhfoirm urrúis fiachais arna n-eisiúint ag rialtas láir nó ag bainc cheannais a cháilíonn d'ualú priacal 0 % faoi Airteagal 114, agus rinneadh lascaine 20 % ar a mhargadhluach.
Chun críocha mhíreanna 5 agus 6, áireofar ar 'urrúis fiachais arna n-eisiúint ag rialtais láir nó ag bainc cheannais' na nithe seo a leanas:
urrúis fiachais arna n-eisiúint ag rialtais réigiúnacha nó ag údaráis áitiúla, risíochtaí a láimhseáiltear mar risíochtaí ar an rialtas láir a bhfuil siad bunaithe ina dhlínse faoi Airteagal 115;
urrúis fiachais arna n-eisiúint ag bainc forbartha iltaobhacha a sanntar ualú priacal 0 % dóibh faoi Airteagal 117(2) nó de bhua Airteagal 117(2);
urrúis fiachais arna n-eisiúint ag eagraíochtaí idirnáisiúnta a sanntar ualú priacal 0 % dóibh faoi Airteagal 118.
urrúis fiachais arna n-eisiúint ag eintitis earnála poiblí a láimhseáiltear mar risíochtaí ar rialtais láir i gcomhréir le hAirteagal 116(4).
Airteagal 223
Modh Simplí Comhthaobhach Airgeadais
I gcás ina mbeidh comhthaobhacht ainmnithe in airgeadra atá éagsúil leis an airgeadra ina bhfuil an risíocht fholuiteach ainmnithe, cuirfidh institiúidí coigeartú leis a léireoidh luaineacht airgeadra ar an gcoigeartú luaineachta atá iomchuí don chomhthaobhacht mar a leagtar amach in Airteagail 224 go 227.
I gcás idirbheart díorthach thar an gcuntar arna gcumhdach faoi chomhaontuithe glanluachála a aithníonn na húdaráis inniúla faoi Chaibidil 6, cuirfidh institiúidí coigeartú luaineachta i bhfeidhm a léireoidh luaineacht airgeadra ar an gcoigeartú luaineachta nuair a bheidh neamhréir idir an t-airgeadra comhthaobhachta agus an t-airgeadra socraíochta. Fiú nuair atá airgeadraí éagsúla i gceist sna hidirbhearta arna gcumhdach faoin gcomhaontú glanluachála, cuirfidh institiúidí coigeartú luaineachta aonair i bhfeidhm.
Ríomhfaidh institiúidí luach na comhthaobhachta arna choigeartú de réir na luaineachta (CVA) nach mór dóibh a chur san áireamh mar a leanas:
nuair atá:
|
C |
= |
luach na comhthaobhachta; |
|
HC |
= |
an coigeartú luaineachta is iomchuí don chomhthaobhacht, arna ríomh faoi Airteagail 224 agus 227; |
|
Hfx |
= |
an coigeartú luaineachta is iomchuí do neamhréir airgeadra, arna ríomh faoi Airteagail 224 agus 227. |
Úsáidfidh institiúidí an fhoirmle sa mhír seo agus luach na comhthaobhachta arna choigeartú de réir na luaineachta á ríomh acu le haghaidh gach idirbhirt seachas na hidirbhearta sin atá faoi réir mháistir-chomhaontuithe glanluachála aitheanta a bhfuil feidhm ag na forálacha a leagtar amach in Airteagail 220 agus 221 maidir leo.
Ríomhfaidh institiúidí luach na risíochta arna choigeartú de réir na luaineachta(CVA) nach mór dóibh a chur san áireamh mar a leanas:
nuair atá:
|
E |
= |
luach na risíochta mar a chinnfí é faoi Chaibidil 2 nó faoi Chaibidil 3 de réir mar is infheidhme, i gcás nach raibh an risíocht comhthaobhaithe; |
|
HE |
= |
an coigeartú luaineachta is iomchuí don neamhchosaint, arna ríomh faoi Airteagail 2224 agus 227. |
I gcás idirbheart díorthach thar an gcuntar, déanfaidh institiúidí a mbíonn an modh a leagtar síos i Roinn 6 de Chaibidil 6 á úsáid acu EVA a ríomh mar a leanas:
Chun críocha E a ríomh i mír 3, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
i gcás institiúidí a ríomhann méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal faoin gCur Chuige Caighdeánaithe, beidh luach risíochta ítime lasmuigh den chlár comhardaithe a liostaítear in Iarscríbhinn I cothrom le 100 % de luach na hítime sin seachas a bheith cothrom le luach na risíochta a shonraítear in Airteagal 111(1);
maidir le hinstitiúidí a ríomhann méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal faoin gCur Chuige IRB, ríomhfaidh siad luach risíochta na n-ítimí a liostaíteara liostaítear in Airteagal 166(8) go (10) trí fhachtóir coinbhéartachta 100 % a úsáid seachas na fachtóirí coinbhéartachta nó na céatadáin a shonraítear sna míreanna sin.
Ríomhfaidh institiúidí luach na risíochta lánchoigeartaithe (E*), agus éifeachtaí luaineachta agus maolaithe priacal na comhthaobhachta á gcur san áireamh mar a leanas:
nuair atá:
|
EVA |
= |
luach na risíochta arna choigeartú de réir na luaineachta mar a ríomhadh é i mír 3; |
|
CVAM |
= |
CVA arna choigeartú tuilleadh le haghaidh aisioncronacht aibíochta ar bith i gcomhréir le forálacha Roinn 5; |
I gcás idirbheart díorthach thar an gcuntar, déanfaidh institiúidí a mbíonn na modhanna a leagtar síos i Roinn 3, i Roinn 4 agus i Roinn 5 de Chaibidil 6 á n-úsáid acu, éifeachtaí maolaithe priacail na comhthaobhachta a chur san áireamh i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos i Ranna 3, 4 agus 5 de Chaibidil 6, de réir mar is infheidhme.
Féadfaidh institiúid an Cur Chuige Maoirseachta maidir le Coigeartuithe Luaineachta nó an Cur Chuige bunaithe ar a Meastacháin Féin a úsáid is cuma cé acu an Cur Chuige Caighdeánaithe nó an Cur Chuige IBR atá roghnaithe acu chun na méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh.
Mar sin féin, i gcás ina n-úsáideann institiúid an Cur Chuige bunaithe ar a Meastacháin Féin, déanfaidh sí amhlaidh do raon iomlán na gcineálacha ionstraime, gan punanna neamhábhartha a áireamh mar a bhféadfaidh sí an Cur Chuige Maoirseachta maidir le Coigeartuithe Luaineachta a úsáid.
Mar a bhfuil an chomhthaobhacht comhdhéanta de roinnt ítimí incháilithe, ríomhfaidh institiúidí an coigeartú luaineachta (H) mar a leanas:
nuair atá:
|
ai |
= |
an cion de luach na hítime incháilithe i luach iomlán na comhthaobhachta; |
|
Hi |
= |
an coigeartú luaineachta is infheidhme maidir leis an ítim incháilithe i. An bhféadfadh na dlítheangeolaithe a áirithiú gur i bhfoscript atá an "i" a thagann i ndiaidh an H] |
Airteagal 224
Coigeartú luaineachta de réir maoirseachta faoin Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais
Is iad na coigeartuithe luaineachta a bheidh le cur i bhfeidhm ag institiúidí faoin gCur Chuige Maoirseachta maidir le Coigeartuithe Luaineachta, ag glacadh leis go ndéantar athluacháil laethúil, iad sin a leagtar amach i dTáblaí 1 go 4 den mhír seo.
COIGEARTUITHE LUAINEACHTA
Tábla 1
|
An chéim den cháilíochta chreidmheasa lena mbaineann an measúnú creidmheasa ar an urrús fiachais. |
Aibíocht Iarmhair |
Coigeartuithe luaineachta le haghaidh urrús fiachais arna n-eisiúint ag eintitis a bhfuil cur síos orthu in Airteagal 197(1)(b) |
Coigeartuithe luaineachta le haghaidh urrús fiachais arna n-eisiúint ag eintitis a bhfuil cur síos orthu in Airteagal 197(1)(c) agus (d) |
Coigeartuithe luaineachta le haghaidh suíomh urrúsúcháin agus a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Airteagal 197(1)(h) |
||||||
|
|
|
tréimhse leachtaithe 20 lá (%) |
tréimhse leachtaithe 10 lá (%) |
tréimhse leachtaithe 5 lá (%) |
tréimhse leachtaithe 20 lá (%) |
tréimhse leachtaithe 10 lá (%) |
tréimhse leachtaithe 5 lá (%) |
tréimhse leachtaithe 20 lá (%) |
tréimhse leachtaithe 10 lá (%) |
tréimhse leachtaithe 5 lá (%) |
|
1 |
≤ 1 bhliain |
0,707 |
0,5 |
0,354 |
1,414 |
1 |
0,707 |
2,829 |
2 |
1,414 |
|
|
> 1 ≤ 5 bliana |
2,828 |
2 |
1,414 |
5,657 |
4 |
2,828 |
11,314 |
8 |
5,657 |
|
|
> 5 bliana |
5,657 |
4 |
2,828 |
11,314 |
8 |
5,657 |
22,628 |
16 |
11,313 |
|
2-3 |
≤ 1 bhliain |
1,414 |
1 |
0,707 |
2,828 |
2 |
1,414 |
5,657 |
4 |
2,828 |
|
|
> 1 ≤ 5 bliana |
4,243 |
3 |
2,121 |
8,485 |
6 |
4,243 |
16,971 |
12 |
8,485 |
|
|
> 5 bliana |
8,485 |
6 |
4,243 |
16,971 |
12 |
8,485 |
33,942 |
24 |
16,970 |
|
4 |
≤ 1 bhliain |
21,213 |
15 |
10,607 |
+ Neamh bhainteach |
Neamh bhainteach |
Neamh bhainteach |
Neamh bhainteach |
Neamh bhainteach |
Neamh bhainteach |
|
|
> 1 ≤ 5 bliana |
21,213 |
15 |
10,607 |
Neamh bhainteach |
Neamh bhainteach |
Neamh bhainteach |
Neamh bhainteach |
Neamh bhainteach |
Neamh bhainteach |
|
|
> 5 bliana |
21,213 |
15 |
10,607 |
Neamh bhainteach |
Neamh bhainteach |
Neamh bhainteach |
Neamh bhainteach |
Neamh bhainteach |
Neamh bhainteach |
Tábla 2
|
An chéim den cháilíochta chreidmheasa lena bhfuil baint ag measúnú creidmheasa ar urrús fiachais gearrthéarmach |
Coigeartuithe luaineachta le haghaidh urrús fiachais arna n-eisiúint ag eintitis a bhfuil cur síos orthu in Airteagal 197(1)(b) a ngabhann measúnuithe creidmheasa gearrthéarmacha leo |
Coigeartuithe luaineachta le haghaidh urrús fiachais arna n-eisiúint ag eintitis a bhfuil cur síos orthu in Airteagal 197(1)(c) agus (d) a ngabhann measúnuithe creidmheasa gearrthéarmacha leo |
Coigeartuithe luaineachta le haghaidh suíomh urrúsúcháin agus a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Airteagal 197(1)(h) |
||||||
|
|
tréimhse leachtaithe 20 lá (%) |
tréimhse leachtaithe 10 lá (%) |
tréimhse leachtaithe 5 lá (%) |
tréimhse leachtaithe 20 lá (%) |
tréimhse leachtaithe 10 lá (%) |
tréimhse leachtaithe 5 lá (%) |
tréimhse leachtaithe 20 lá (%) |
tréimhse leachtaithe 10 lá (%) |
tréimhse leachtaithe 5 lá (%) |
|
1 |
0,707 |
0,5 |
0,354 |
1,414 |
1 |
0,707 |
2,829 |
2 |
1,414 |
|
2-3 |
1,414 |
1 |
0,707 |
2,828 |
2 |
1,414 |
5,657 |
4 |
2,828 |
Tábla 3
Cineálacha eile comhthaobhachta nó risíochta
|
|
tréimhse leachtaithe 20 lá (%) |
tréimhse leachtaithe 10 lá (%) |
tréimhse leachtaithe 5 lá (%) |
|
Cothromais Phríomhinnéacs, Bannaí In-chomhshóite Príomhinnéacs |
21,213 |
15 |
10,607 |
|
Cothromas eile nó Bannaí In-chomhshóite a liostaíteara liostaítear ar mhalartán aitheanta |
35,355 |
25 |
17,678 |
|
Airgead tirim |
0 |
0 |
0 |
|
Ór |
21,213 |
15 |
10,607 |
Tábla 4
Coigeartú luaineachta le haghaidh neamhréire airgeadra
|
tréimhse leachtaithe 20 lá (%) |
tréimhse leachtaithe 10 lá (%) |
tréimhse leachtaithe 5 lá (%) |
|
11,314 |
8 |
5,657 |
Beidh ríomh na gcoigeartuithe luaineachta i gcomhréir le mír 1 faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
i gcás idirbheart iasachta urraithe beidh an tréimhse leachtaithe cothrom le 20 lá gnó;
i gcás idirbheart athcheannaigh, ach amháin a mhéid is a bhaineann na hidirbhearta sin le haistriú na dtráchtearraí nó na gceart faoi ráthaíocht a bhaineann le teideal chun tráchtearraí, agus idirbhearta maidir le hurrúis a iasachtú nó a fháil ar iasacht, beidh an tréimhse leachtaithe cothrom le 5 lá gnó;
i gcás idirbheart caipitil eile faoi thionchar an mhargaidh, beidh an tréimhse leachtaithe cothrom le 10 lá gnó;
I gcás ina bhfuil idirbheart nó tacar glanluachála ag institiúid trína gcomhlíontar na critéir a leagtar amach in Airteagal 285(2), (3) agus (4), beidh an íostréimhse shealbhaíochta i gcomhréir leis an tréimhse corrlaigh faoi phriacal a bheadh i bhfeidhm faoi na míreanna sin.
Ar mhaithe leis an gcéim den cháilíocht chreidmheasa lena mbaineann measúnú creidmheasa ar an urrús fiachais dá dtagraítear san chéad fhomhír a chinneadh, tá feidhm ag Airteagal 197(7) chomh maith.
I gcás nach eol don institiúid cad iad na sócmhainní inar infheistigh an ciste, tá an coigeartú luaineachta cothrom leis an gcoigeartú luaineachta is airde a mbeadh feidhm aige maidir le ceann ar bith de na sócmhainní a bhfuil sé de cheart ag an gciste infheistiú iontu.
Airteagal 225
A meastacháin féin ar choigeartuithe luaineachta faoin Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais
I gcás urrús fiachais ag a bhfuil measúnú creidmheas ó IMCS atá coibhéiseach le grád infheistíochta nó níos airde, féadfaidh institiúidí meastachán luaineachta a ríomh do gach catagóir den urrús.
I gcás urrús fiachais ag bhfuil measúnú creidmheas ó IMCS atá coibhéiseach le grád infheistíochta nó níos ísle ná sin, agus i gcás gach comhthaobhachta incháilithe eile, féadfaidh institiúidí na coigeartuithe luaineachta a ríomh maidir le gach ítim ar leith.
Déanfaidh institiúidí a úsáideann an Cur Chuige bunaithe ar a Meastacháin féin luaineacht na comhthaobhachta nó na neamhréire malairte eachtraí a mheas gan comhghaoil ar bith idir an t-urrús neamhurraithe, an chomhthaobhacht nó rátaí malairte a chur san áireamh.
Agus catagóirí ábhartha á gcinneadh, cuirfidh institiúidí cineál eisitheora an urrúis, measúnú creidmheasa seachtrach na n-urrús, a n-aibíocht iarmhair, agus a marthanacht leasaithe san áireamh. Beidh na meastacháin luaineachta ionadaíoch do na hurrúis a bheidh curtha ar áireamh sa chatagóir ag an institiúid.
Beidh ríomh na gcoigeartuithe luaineachta faoi réir na gcritéar seo a leanas ar fad:
bunóidh institiúidí an ríomh ar eatramh muiníne aonfhoircneach 99ú peircintíl;
bunóidh institiúidí an ríomh ar na tréimhse leachtaithe seo a leanas:
20 lá gnó i gcás idirbhearta iasachta urraithe;
5 lá gnó i gcás idirbhearta athcheannaigh, ach amháin a mhéid a bhaineann na hidirbhearta sin le haistriú na dtráchtearraí nó na gceart faoi ráthaíocht a bhaineann le teideal chun idirbheart maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht;
10 lá gnó i gcás idirbheart caipitil eile faoi thionchar an mhargaidh;
féadfaidh institiúidí uimhreacha coigeartúcháin luaineachta a úsáid arna ríomh de réir tréimhsí leachtaithe níos giorra nó níos faide, arna méadú nó arna laghdú ó scála ar an tréimhse leachtaithe a leagtar amach i bpointe (b) maidir leis an gcineál idirbhirt atá i gceist, ag úsáid na foirmle um fhréamh chearnach ama:
nuair atá:
|
TM |
= |
an tréimhse leachtaithe iomchuí; |
|
HM |
= |
an coigeartú luaineachta arna bhunú ar an tréimhse leachtaithe TM; |
|
HN |
= |
an coigeartú luaineachta arna bhunú ar an tréimhse leachtaithe TN. |
cuirfidh institiúidí neamhleachtacht na sócmhainní ísealcháilíochta san áireamh. Déanfaidh siad an tréimhse leachtaithe a choigeartú in airde i gcásanna ina bhfuil amhras faoi leachtacht na comhthaobhachta. Ina theannta sin sainaithneoidh siad cásanna ina bhféadfadh an luaineacht fhéideartha bheith measta faoi bhun an chirt sna sonraí stairiúla. Déileálfar le cásanna den sórt sin le cás struis;
beidh fad na tréimhse breathnóireachta stairiúla a úsáideann institiúidí chun coigeartuithe luaineachta a ríomh cothrom le bliain amháin ar a laghad. I gcás institiúidí a úsáideann scéim ualaithe nó modhanna eile don tréimhse bhreathnóireachta stairiúil, beidh fad na tréimhse breathnóireachta éifeachtaí cothrom le bliain amháin ar a laghad. Féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar institiúid a coigeartuithe luaineachta a ríomh ag úsáid tréimhse bhreathnóireachta níos giorra i gcás ina bhfuil údar leis sin, dar leis na húdaráis inniúla, mar gheall ar bhorradh suntasach i luaineacht praghsanna;
déanfaidh institiúidí a dtacair shonraí a nuashonrú agus ríomhfaidh siad coigeartuithe luaineachta uair amháin gach trí mhí ar a laghad. Déanfaidh siad athmheasúnú ar a dtacair shonraí chomh maith nuair a bheidh praghsanna an mhargaidh faoi réir athruithe ábhartha.
Déanfar na critéir cháilíochtúla seo a leanas a chomhlíonadh maidir leis na coigeartuithe luaineachta a mheas:
úsáidfidh institiúidí na meastacháin luaineachta sa phróiseas bainistithe priacal ó lá go lá agus maidir lena teorainneacha inmheánacha risíochta chomh maith.
i gcás ina bhfuil an tréimhse leachtaithe a úsáideann institiúid ina próiseas bainistithe priacal ó lá go lá níos faide ná an tréimhse a leagtar amach sa Roinn seo le haghaidh an chineáil idirbhirt atá i gceist, déanfaidh an institiúid sin a coigeartuithe luaineachta a mhéadú ó scála i gcomhréir leis an bhfoirmle um fhréamh chearnach ama a leagtar amach i bpointe (c) de mhír 2;
beidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag institiúid le faireachán a dhéanamh ar shraith dhoiciméadaithe de bheartais agus rialuithe inmheánacha a bhaineann le feidhmiú a córais chun coigeartuithe luaineachta a mheas agus chun na coigeartuithe luaineachta sin a chomhtháthú lena próiseas bainistithe priacal agus lena áirithiú go gcomhlíonfar na beartais agus na rialuithe sin;
déanfar athbhreithniú neamhspleách ar chóras na hinstitiúide chun coigeartuithe luaineachta a mheas ar bhonn rialta laistigh de phróiseas iniúchóireachta inmheánach na hinstitiúide féin. Déanfar athbhreithniú ar an gcóras iomlán chun coigeartuithe luaineachta a mheas agus chun na meastacháin sin a chomhtháthú le próiseas bainistithe priacal na hinstitiúide uair amháin sa bhliain ar a laghad. Cuimseofar na gnéithe seo a leanas ar a laghad san athbhreithniú sin:
comhtháthú na mbeart CCR le bainistíocht laethúil priacal;
bailíochtú aon athraithe shuntasaigh ar an bpróiseas chun coigeartuithe luaineachta a mheas;
fíorú ar chomhsheasmhacht, ar thráthúlacht agus ar iontaofacht na bhfoinsí sonraí a úsáidtear chun samhlacha a rith d'fhonn coigeartuithe luaineachta a mheas, lena n-áirítear neamhspleáchas na bhfoinsí sonraí sin;
cruinneas agus oiriúnacht na dtoimhdí luaineachta.
Airteagal 226
Coigeartú luaineachta a mhéadú ó scála faoin Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais
Is iad na coigeartuithe luaineachta a leagtar amach in Airteagal 224 na coigeartuithe luaineachta a chuirfidh institiúid i bhfeidhm i gcás ina ndéantar athluacháil laethúil. Mar an gcéanna, i gcás ina n-úsáideann institiúid a meastacháin féin ar na coigeartuithe luaineachta i gcomhréir le hAirteagal 225, ríomhfaidh sí iad sa chéad dul síos ar bhonn na hathluachála laethúla. I gcás nach ndéantar an athluacháil gach lá, cuirfidh institiúidí coigeartuithe luaineachta níos mó i bhfeidhm. Ríomhfaidh institiúidí iad trí choigeartuithe luaineachta na hathluachála laethúla a mhéadú ó scála, ag úsáid na foirmle um fhréamh chearnach ama a leanas:
nuair atá:
|
H |
= |
an coigeartú luaineachta atá le cur i bhfeidhm; |
|
HM |
= |
an coigeartú luaineachta i gcás ina ndéantar athluacháil laethúil; |
|
NR |
= |
líon iarbhír na laethanta gnó idir athluachálacha; |
|
TM |
= |
an tréimhse leachtaithe don chineál idirbhirt lena mbaineann. |
Airteagal 227
Coinníollacha maidir le coigeartú luaineachta 0 % a chur i bhfeidhm faoin modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais
Féadfaidh institiúidí coigeartú luaineachta 0 % a chur i bhfeidhm i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
Urrúis in airgead tirim nó urrúis fiachais arna n-eisiúint ag rialtas láir nó ag bainc cheannais incháilithe is ea an risíocht agus an chomhthaobhacht de réir bhrí Airteagal 197(1)(b) agus cáilíonn siad d'ualú priacal 0 % faoi Chaibidil 2;
tá an risíocht agus an chomhthaobhacht araon ainmnithe san airgeadra céanna;
ní faide ná lá amháin aibíocht an idirbhirt nó tá an risíocht agus an chomhthaobhacht araon faoi réir marcáil laethúil ón margadh nó ataisceadh laethúil;
ní faide ná ceithre lá gnó an tréimhse idir an mharcáil laethúil dheireanach ón margadh sular mhainnigh an contrapháirtí ataisceadh a déanamh agus leachtú na comhthaobhachta;
socraítear an t-idirbheart i gcóras socraíochta atá cruthaithe don chineál sin idirbhirt;
is é atá sa doiciméadacht ina gcuimsítear an comhaontú nó an t-idirbheart an doiciméadacht mhargaidh chaighdeánach le haghaidh idirbheart athcheannaigh nó idirbheart maidir le hurrúis a iasachtú nó a fháil ar iasacht laistigh de na hurrúis lena mbaineann;
tá an t-idirbheart faoi rialú ag doiciméadacht ina sonraítear gur féidir an t-idirbheart a fhoirceannadh láithreach i gcás ina mainníonn an contrapháirtí oibleagáid a chomhlíonadh maidir le hairgead tirim nó urrúis nó corrlach a sheachadadh nó má mhainníonn sé ar shlí eile;
measann na húdaráis inniúla gur príomhpháirtí sa mhargadh é an contrapháirtí.
Áireofar ar na príomhpháirtithe sa mhargadh dá dtagraítear i bpointe (h) de mhír 2 na heintitis seo a leanas:
na heintitis atá luaite in Airteagal 197(1)(b), risíochtaí dá sanntar ualú priacal 0 % faoi Chaibidil 2;
institiúidí;
gnólachtaí infheistíochta;
gnóthais airgeadais eile de réir bhrí phointe 25(b) agus phointe 25(d) d'Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE a sanntar ualú priacal 20 % do risíochtaí orthu faoin gCur Chuige Caighdeánaithe nó, i gcás institiúidí a ríomhann méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh de réir an Chuir Chuige IRB, nach bhfuil measúnú creidmheasa acu ó IMCS aitheanta agus atá rátáilte go hinmheánach ag an institiúid.
GCanna rialáilte atá faoi réir riachtanais chaipitil nó luamhánachta;
cistí pinsean rialáilte;
eagraíochtaí aitheanta imréitigh.
Airteagal 228
Méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh faoin modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais
Faoin gCur Chuige IRB, úsáidfidh institiúidí an LGD iarbhír (LGD*) mar an LGD chun críocha Chaibidil 3. Déanfaidh institiúidí LGD* a ríomh mar a leanas:
nuair atá:
|
LGD |
= |
an LGD a mbeadh feidhm aige maidir leis an risíocht faoi Chaibidil 3 áit nach raibh an risíocht comhthaobhaithe; |
|
E |
= |
luach na risíochta i gcomhréir le hAirteagal 223(3); |
|
E* |
= |
luach na risíochta lánchoigeartaithe i gcomhréir le hAirteagal 223(5). |
Airteagal 229
Prionsabail luachála do chomhthaobhacht incháilithe eile faoin gCur Chuige IRB
►C2 Sna Ballstáit sin a bhfuil critéir dhiana leagtha síos acu chun measúnú a dhéanamh ar an luach iasachta morgáiste i bhforálacha reachtúla nó rialúcháin, féadfaidh luachálaí neamhspleách an mhaoin chónaithe a luacháil ina ionad ar an luach iasachta morgáiste nó ar níos ísle ná an luach iasachta morgáiste. ◄ Éileoidh institiúidí nach n-áireoidh an luachálaí neamhspleách gnéithe amhantracha le linn dó an luach iasachta morgáiste a ríomh agus go ndéanfaidh sé an luach sin a dhoiciméadú ar mhodh trédhearcach agus soiléir.
Beidh luach na comhthaobhachta cothrom leis an margadhluach nó leis an luach iasachta morgáiste arna laghdú de réir mar is iomchuí d'fhonn ►C2 torthaí an fhaireacháin a cheanglaítear faoi Airteagal 208(3) a léiriú, agus d'fhonn aon éileamh tosaíochta ar an maoin dhochorraithe a áireamh. ◄
Airteagal 230
Méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh i leith comhthaobhachta incháilithe eile faoin gCur Chuige IRB
I gcás ina bhfuil an cóimheas idir luach na comhthaobhachta (C) agus luach na risíochta (E) faoin íosleibhéal is gá ó thaobh urrús comhthaobhach a sholáthar i leith na risíochta (C*) mar a leagtar síos i dTábla 5, is é LGD*an LGD a leagtar síos i gCaibidil 3 le haghaidh risíochtaí neamh-chomhthaobhaithe ar an gcontrapháirtí. Chun na críocha seo, ríomhfaidh institiúidí luach risíochta na n-ítimí a liostaítear in Airteagail 166(8) go (10) trí fhachtóir coinbhéartachta nó trí chéatadán de 100 % a úsáid seachas na fachtóirí coinbhéartachta nó na céatadáin a shonraítear sna míreanna sin.
Sa chás gur mó an cóimheas idir luach na comhthaobhachta agus luach na risíochta ná leibhéal tairsí C** eile atá níos airde mar a leagtar síos i dTábla 5, beidh LGD* leagtha síos i dTábla 5 sa chás sin.
Sa chás nach mbaintear amach an leibhéal de sholáthar urrúis chomhthaobhaigh C** is gá i leith na risíochta ina hiomláine, measfaidh institiúidí gur dhá risíocht atá sa risíocht — ceann amháin a chomhfhreagraíonn don chuid a mbaintear amach an leibhéal is gá ó thaobh urrús comhthaobhach a sholáthar C** ina leith agus ceann eile a chomhfhreagraíonn don chuid eile.
Tá leagtha amach i dTábla 5 den mhír seo an LGD* is infheidhme agus na leibhéil de sholáthar urrúis chomhthaobhaigh is gá i leith codanna urraithe na risíochtaí.
Tábla 5
LGD íosta le haghaidh codanna urraithe de risíochtaí
|
|
LGD* le haghaidh risíochta shinsearaigh |
LGD* le haghaidh fo-risíochtaí |
Íosleibhéal is gá ó thaobh urrús comhthaobhach a sholáthar i leith na risíochta (C*) |
Íosleibhéal is gá ó thaobh urrús comhthaobhach a sholáthar i leith na risíochta (C**) |
|
Earraí infhaighte |
35 % |
65 % |
0 % |
125 % |
|
►C2 Maoin chónaithe/ maoin tráchtála dhochorraithe ◄ |
35 % |
65 % |
30 % |
140 % |
|
Comhthaobhacht eile |
40 % |
70 % |
30 % |
140 % |
Airteagal 231
Méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh i gcás comhthiomsuithe measctha comhthaobhachta
Ríomhfaidh institiúid luach an LGD * a úsáidfidh sí mar an LGD chun críocha Chaibidil 3 i gcomhréir le míreanna 2 agus 3 i gcás ina gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:
úsáideann an institiúid an Cur Chuige IBR d'fhonn méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh;
tá risíocht comhthaobhaithe le comhthaobhacht airgeadais agus le comhthaobhacht incháilithe araon.
Airteagal 232
Cosaint chistithe creidmheasa eile
I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 212(2), déanfaidh institiúidí an cion den risíocht atá comhthaobhaithe le luach géilliúna reatha na bpolasaithe árachais atá curtha i ngeall don institiúid iasachtaí a láimhseáil mar a leanas:
i gcás ina mbeidh an risíocht faoi réir an Chuir Chuige Chaighdeánaigh, déanfar í a ualú ó thaobh priacal ag úsáid na n-ualuithe priacal atá sainithe i mír 3;
i gcás ina bhfuil an risíocht faoi réir an Chuir Chuige IBR ach nach bhfuil sí faoi réir meastacháin na hinstitiúide féin ar LGD, sannfar LGD 40 % di.
Má tharlaíonn neamhréir airgeadra, laghdóidh institiúidí an luach géilliúna reatha i gcomhréir le hAirteagal 233(3), arb é luach na cosanta creidmheasa luach géilliúna reatha an pholasaí árachas saoil.
Chun críocha phointe (a) de mhír 2, sannfaidh institiúidí na hualuithe priacal seo a leanas ar bhonn an ualaithe priacal arna shannadh do risíocht neamhurraithe shinsearach ar an ngnóthas a sholáthraíonn an t-árachas saoil:
ualú priacal 20 %, mar a bhfuil ualú priacal 20 % sannta don risíocht neamhurraithe shinsearach ar an ngnóthas a sholáthraíonn an t-árachas saoil;
ualú priacal 35 %, mar a bhfuil ualú priacal 50 % sannta don risíocht neamhurraithe shinsearach ar an ngnóthas a sholáthraíonn an t-árachas saoil;
ualú priacal 70 %, mar a bhfuil ualú priacal 100 % sannta don risíocht neamhurraithe shinsearach ar an ngnóthas a sholáthraíonn an t-árachas saoil;
ualú priacal 150 %, mar a bhfuil ualú priacal 150 % sannta don risíocht neamhurraithe shinsearach ar an ngnóthas a sholáthraíonn an t-árachas saoil;
Féadfaidh institiúidí ionstraimí arna n-athcheannach ar iarraidh atá incháilithe faoi Airteagal 200(c) a láimhseáil mar ráthaíocht ón institiúid eisiúna. Beidh luach na cosanta creidmheasa cothrom leis na méideanna seo a leanas:
mar a n-athcheannófar an ionstraim ar a haghaidhluach, beidh luach na cosanta cothrom leis an méid sin;
mar a n-athcheannófar an ionstraim ar phraghas an mhargaidh, beidh luach na cosanta cothrom le luach na hionstraime arna luacháil ar an dóigh chéanna leis na hurrúis fiachais lena gcomhlíontar na coinníollacha atá in Airteagal 197(4).
Airteagal 233
Luacháil
Más rud é nach n-áirítear mar theagmhas creidmheasa i ndíorthach creidmheasa athchóiriú na hoibleagáide foluití a bhaineann le príomhshuim, ús nó táillí a mhaitheamh nó a chur ar atráth as a dtig teagmhas caillteanais chreidmheasa, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
i gcás nach mó ná luach na risíochta an méid atá geallta ag soláthraí na cosanta a íoc, déanfaidh institiúidí luach na cosanta creidmheasa arna ríomh faoi mhír 1 a laghdú 40 %;
i gcás ar mó ná luach na risíochta an méid atá geallta ag soláthraí na cosanta a íoc, ní bheidh luach na cosanta creidmheasa níos airde ná 60 % de luach na risíochta.
I gcás ina bhfuil an chosaint neamhchistithe creidmheasa ainmnithe in airgeadra atá éagsúil ón airgeadra ina bhfuil an risíocht ainmnithe, laghdóidh institiúidí luach na cosanta creidmheasa trí choigeartú luaineachta a chur i bhfeidhm mar a leanas:
nuair atá:
|
G* |
= |
méid na cosanta creidmheasa arna choigeartú i leith priacal malairte eachtraí, |
|
G* |
= |
méid ainmniúil na cosanta creidmheasa; |
|
Hfx |
= |
an coigeartú luaineachta le haghaidh neamhréire airgeadra ar bith idir an chosaint chreidmheasa agus an oibleagáid fholuiteach arna chinneadh i gcomhréir le mír 4. |
I gcás nach bhfuil neamhréir airgeadra ar bith i gceist tá Hfx cothrom le nialas.
Airteagal 234
Méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh i gcás cosanta páirtí agus tráinsiú
I gcás ina n-aistríonn institiúid cuid de priacal na hiasachta i dtráinse amháin nó níos mó, beidh feidhm ag na rialacha a leagtar amach i gCaibidil 5. Féadfaidh institiúidí tairseacha ábharthachta ar íocaíochtaí nach ndéanfar íocaíocht ar bith fúthu a mheas i gcás caillteanais a bheadh coibhéiseach le suímh céadchaillteanais coinnithe agus a chuirfeadh aistriú priacal i dtráinsí faoi deara.
Airteagal 235
Méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh faoin gCur Chuige Caighdeánaithe
Chun críocha Airteagal 113(3), déanfaidh institiúidí na méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
nuair atá:
|
E |
= |
luach na risíochta i gcomhréir le hAirteagal 111; chun na críche sin, beidh luach risíochta ítime atá lasmuigh den chlár comhardaithe a liostaítear in Iarscríbhinn I cothrom le 100 % dá luach seachas luach na risíochta a shonraítear in Airteagal 106(1); |
|
GA |
= |
méid na cosanta priacal creidmheasa arna ríomh faoi Airteagal 233(3) (G*) arna choigeartú tuilleadh le haghaidh aisioncronachta aibíochta ar bith mar a leagtar síos i Roinn 5; |
|
r |
= |
ualú priacal na risíochtaí ar an oibleagáideoir mar a shonraítear faoi Chaibidil 2; |
|
g |
= |
ualú priacal na risíochtaí ar sholáthraí na cosanta mar a shonraítear faoi Chaibidil 2. |
Airteagal 236
Méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh faoin gCur Chuige IRB
Airteagal 237
Aisioncronacht aibíochta
I gcás ina bhfuil aisioncronacht aibíochta ann, ní cháileoidh an chosaint chreidmheasa mar chosaint chreidmheasa incháilithe i gcás ina gcomhlíonfar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:
tá aibíocht tosaigh na cosanta níos lú ná bliain amháin;
risíocht ghearrthéarmach is ea an risíocht arna sonrú ag na húdaráis inniúla mar risíocht atá faoi réir íosráta ríomha aon lae seachas íosráta ríomha aon bhliana maidir leis an luach aibíochta (M) faoi Airteagal 162(3).
Airteagal 238
Aibíocht na cosanta creidmheasa
Airteagal 239
Cosaint a luacháil
I gcás idirbheart atá faoi réir cosanta cistithe creidmheasa faoin Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais, léireoidh institiúidí aibíocht na cosanta creidmheasa agus na risíochta i luach coigeartaithe na comhthaobhachta de réir na foirmle seo a leanas:
nuair atá:
|
CVA |
= |
luach na comhthaobhachta arna choigeartú de réir luaineachta mar a shonraítear in Airteagal 218(2) nó méid na risíochta, cibé acu is ísle; |
|
t |
= |
líon na mblianta atá fágtha go dtí dáta aibíochta na cosanta creidmheasa arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 238, nó luach T, cibé acu is ísle; |
|
T |
= |
líon na mblianta atá fágtha go dtí dáta aibíochta na cosanta creidmheasa arna ríomh de réir Airteagal 238, nó cúig bliana, cibé acu is ísle; |
|
t* |
= |
0,25. |
Úsáidfidh institiúidí CVAMmar CVAarna choigeartú tuilleadh le haghaidh aisioncronachta aibíochta san fhoirmle chun luach na risíochta atá coigeartaithe go hiomlán (E*) a ríomh mar a leagtar amach in Airteagal 223(5).
I gcás idirbheart atá faoi réir cosanta neamhchistithe creidmheasa, léireoidh institiúidí aibíocht na cosanta creidmheasa agus na risíochta i luach coigeartaithe na cosanta creidmheasa de réir na foirmle seo a leanas:
nuair atá:
|
GA |
= |
G* arna choigeartú i leith aisioncronachta aibíochta ar bith; |
|
G* |
= |
méid na cosanta arna choigeartú i leith neamhréire airgeadra ar bith; |
|
t |
= |
líon na mblianta atá fágtha go dtí dáta aibíochta na cosanta creidmheasa arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 238, nó luach T, cibé acu is ísle; |
|
T |
= |
líon na mblianta atá fágtha go dtí dáta aibíochta na risíochta arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 238, nó cúig bliana, cibé acu is ísle; |
|
t* |
= |
0,25. |
Úsáidfidh institiúidí GA mar luach na cosanta chun críocha Airteagail 233 go 236.
Airteagal 240
Díorthaigh chreidmheasa don chéad mhainneachtain
I gcás ina bhfaigheann institiúid cosaint chreidmheasa le haghaidh roinnt risíochtaí faoi na téarmaí go spreagfaidh an chéad mhainneachtain i measc na risíochtaí íocaíocht agus go ndéanfar an conradh a fhoirceannadh mar gheall ar an teagmhas creidmheasa sin, féadfaidh an institiúid leasú a dhéanamh ar ríomh an mhéid risíochta a ualaítear ó thaobh priacal agus, de réir mar is iomchuí, ar ríomh mhéid an chaillteanais ionchasaigh i leith na risíochta, a mbeadh, in éagmais na cosanta creidmheasa, an méid is ísle den mhéid risíochta a ualaítear ó thaobh priacal i gcomhréir leis an gCaibidil seo.
nó i gcás institiúidí a bhfuil an Cur Chuige Caighdeánaithe á úsáid acu, is é an méid risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomhfar faoin gCur Chuige Caighdeánaithe;
i gcás institiúidí a bhfuil an Cur Chuige IBR á úsáid acu, beidh an méid risíochta a ualaítear ó thaobh priacal ionann is suim an mhéid risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomhtar faoin gCur Chuige IBR móide méid an chaillteanais ionchasaigh atá iolraithe faoi 12.5.
Ní bheidh feidhm ag an láimhseáil a leagtar amach san Airteagal seo ach amháin i gcás ina bhfuil luach na risíochta níos lú ná, nó cothrom le, luach na cosanta creidmheasa.
Airteagal 241
Díorthaigh chreidmheasa don n-ú mainneachtain
I gcás ina spreagann an n-ú mainneachtain i measc na risíochtaí íocaíocht faoin gcosaint chreidmheasa, ní fhéadfaidh an institiúid atá ag ceannach na cosanta ach an chosaint a bhaineann le ríomh méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal agus, de réir mar is iomchuí, le ríomh mhéideanna an chaillteanais ionchasaigh a aithint i gcás ina bhfuarthas cosaint freisin le haghaidh mainneachtain 1 go n-1 nó i gcás gur tharla n-1 mainneachtain cheana. Sna cásanna sin, féadfaidh an institiúid leasú a dhéanamh ar ríomh an mhéid risíochta a ualaítear ó thaobh priacal agus, de réir mar is infheidhme, ar ríomh mhéid an chaillteanais ionchasaigh i leith na risíochta a mbeadh, in éagmais na cosanta creidmheasa, an n-ú méid risíochta is ísle, a ualaítear ó thaobh priacal, mar thoradh air i gcomhréir leis an gCaibidil seo. Déanfaidh institiúidí an n-ú méid is ísle a ríomh mar a shonraítear i bpointí (a) agus (b) d'Airteagal 240.
Ní bheidh feidhm ag an láimhseáil a leagtar amach san Airteagal seo ach amháin i gcás ina bhfuil luach na risíochta níos lú ná, nó cothrom le, luach na cosanta creidmheasa.
Comhlíonfaidh na risíochtaí uile sa bhascaed na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 204(2) agus in Airteagal 216(1)(d).
CAIBIDIL 5
Urrúsú
Airteagal 242
Sainmhínithe
Chun críocha na Caibidle seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn ‘céadrogha ar cheannach farasbairr’ rogha chonarthach lena dtugtar cead don tionscnóir na suíomhanna urrúsúcháin a cheannach sula n-aisíocfar na risíochtaí urrúsaithe uile, cibé acu trí fhuíoll na risíochtaí foluiteacha a athcheannach i gcás urrúsuithe traidisiúnta nó tríd an gcosaint chreidmheasa a fhoirceannadh i gcás urrúsuithe sintéiseacha agus, sa dá chás sin, nuair a bheidh líon na risíochtaí foluiteacha gan íoc ar leibhéal áirithe réamhshonraithe nó faoina bhun;
ciallaíonn ‘stráice feabhsaithe creidmheasa úis amháin’ sócmhainn laistigh den chlár comhardaithe ar luacháil í ar shreafaí airgid atá gaolmhar le hioncam corrlaigh amach anseo agus ar tráinse is fo-ordaithe í san urrúsú;
ciallaíonn ‘saoráid leachtachta’ saoráid leachtachta mar a shainmhínítear i bpointe (14) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;
ciallaíonn ‘suíomh gan rátáil’ suíomh urrúsúcháin nach ndearnadh measúnú creidmheasa incháilithe air i gcomhréir le Roinn 4;
ciallaíonn ‘suíomh rátáilte’ suíomh urrúsúcháin a ndearnadh measúnú creidmheasa incháilithe air i gcomhréir le Roinn 4;
ciallaíonn ‘suíomh sinsearach urrúsúcháin’ suíomh atá bunaithe nó urrúsaithe ag céadéileamh ar iomlán na risíochtaí foluiteacha, gan beann, chun na gcríoch seo, ar mhéideanna atá dlite faoi chonarthaí díorthach ráta úis nó airgeadra, táillí nó íocaíochtaí comhchosúla eile, agus gan beann ar aon difríocht in aibíocht le haon tráinse sinsearach eile (nó níos mó díobh) lena roinneann an suíomh sin caillteanais ar bhonn pro rata;
ciallaíonn ‘comhthiomsú IRB’ comhthiomsú de risíochtaí foluiteacha den chineál a bhfuil cead ag an institiúid Cur Chuige IRB a úsáid ina leith agus lenar féidir méideanna risíochtaí atá ualaithe de réir priacail a ríomh i gcomhréir le Caibidil 3 i gcás na risíochtaí sin uile;
ciallaíonn ‘comhthiomsú measctha’ comhthiomsú de risíochtaí foluiteacha den chineál a bhfuil cead ag institiúid Cur Chuige IRB a úsáid ina leith agus lenar féidir méideanna risíochta atá ualaithe de réir priacail a ríomh i gcomhréir le Caibidil 3 i gcás cuid de na risíochtaí ach ní i gcás na risíochtaí uile;
ciallaíonn ‘ró-urrúsú comhthaobhach’ aon chineál feabhsaithe creidmheasa lena bpostáiltear risíochtaí foluiteacha ar luach atá os cionn luach na suíomh urrúsúcháin;
Ciallaíonn ‘urrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe’ nó ‘urrúsú STC’ urrúsú a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2017/2402 ;
ciallaíonn ‘clár páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe’ nó ‘clár ABCP’ clár páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe nó clár ABCP mar a shainmhínítear i bpointe (7) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;
ciallaíonn ‘idirbheart páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe (ABCP)’ nó ‘idirbheart ABCP’ idirbheart páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe (ABCP) nó idirbheart ABCP mar a shainmhínítear i bpointe (8) d’Airteagal 2 de Rialachán AE) 2017/2402;
ciallaíonn ‘urrúsú traidisiúnta’ urrúsú traidisiúnta mar a shainmhínítear i bpointe (9) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;
ciallaíonn ‘urrúsú sintéiseach’ urrúsú sintéiseach mar a shainmhínítear i bpointe (10) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;
ciallaíonn ‘risíocht imrothlach’ risíocht imrothlach mar a shainmhínítear i bpointe (15) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;
ciallaíonn ‘foráil maidir le luathamúchadh’ foráil maidir le luathamúchadh mar a shainmhínítear i bpointe 17 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;
ciallaíonn ‘tráinse céadchaillteanais’ tráinse céadchaillteanais mar a shainmhínítear i bpointe (18) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;
ciallaíonn ‘suíomh urrúsúcháin mezzanine’ suíomh in urrúsú atá faoi réir an tsuímh urrúsúcháin shinsearaigh agus ar sinsearaí é ná an tráinse céadchaillteanais, agus atá faoi réir ualú priacail is ísle ná 1 250 % agus is airde ná 25 % i gcomhréir le Foroinn 2 agus Foroinn 3 de Roinn 3;
ciallaíonn ‘eintiteas cur chun cinn’ aon ghnóthas nó eintiteas a bhunaíonn rialtas láir, réigiúnach, nó áitiúil de chuid Ballstáit, a dheonaíonn iasachtaí cur chun cinn nó a dheonaíonn ráthaíochtaí cur chun cinn, agus arb é is príomhaidhm dó gan brabús a dhéanamh ná an sciar den mhargadh a uasmhéadú ach cuspóirí bheartas poiblí an rialtais sin a chur chun cinn, ar choinníoll, faoi réir rialacha Státchabhrach, go bhfuil oibleagáid ar an rialtas sin bonn eacnamaíoch an ghnóthais a chosaint agus a inmharthanacht a choinneáil ar feadh a shaoil, nó go ráthaíonn rialtas láir, réigiúnach nó áitiúil an Bhallstáit, go díreach nó go hindíreach, ar a laghad 90 % dá chaipiteal bunaidh nó dá chistiú bunaidh nó den iasacht cur chun cinn a dheonaíonn sé;
ciallaíonn “barrachas raoin difríochta shintéisigh” barrachas raoin difríochta shintéisigh mar a shainmhínítear i bpointe (29) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402.
Airteagal 243
Critéir le haghaidh Urrúsuithe STC a cháilíonn do láimhseáil dhifreáilte caipitil
Beidh suíomhanna i gclár ABCP nó in idirbheart ABCP a cháilíonn mar shuíomhanna in urrúsú STC incháilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 260, Airteagal 262 agus Airteagal 264 i gcás ina gcomhlíontar na ceanglais seo a leanas:
maidir leis na risíochtaí foluiteacha, comhlíonfaidh siad, tráth a gcuirfear leis an gclár ABCP iad, chomh fada agus is eol don tionscnóir nó don iasachtóir bunaidh, na coinníollacha maidir lena sannadh, faoin gCur Chuige Caighdeánaithe agus aon mhaolú incháilithe ar phriacal á chur san áireamh, agus beidh acu ualú priacail is cothrom le 75 % nó is ísle ná sin ar bhonn risíocht aonair más risíocht mhiondíola í an risíocht nó 100 % i gcás aon risíochtaí eile; agus
ní mó ná 2 % de luach na risíochtaí uile atá laistigh den chlár ABCP luach risíochta comhiomlánaithe na risíochtaí uile ar oibleagáideoir aonair ar leibhéal an chláir ABCP tráth a gcuirfear na risíochtaí leis an gclár ABCP. Chun críocha an ríomha sin, measfar gur risíochtaí ar oibleagáideoir aonair iasachtaí nó léasanna do ghrúpa cliant atá nasctha le chéile, chomh fada agus is eol don urraitheoir.
I gcás earraí infhaighte trádála, ní bheidh feidhm ag pointe (b) den chéad fhomhír má tá priacal creidmheasa na n-earraí infhaighte trádála sin faoi chumhdach iomlán ag cosaint chreidmheasa incháilithe i gcomhréir le Caibidil 4, ar choinníoll gur institiúid, gnólacht infheistíochta, gnóthas árachais nó gnóthas athárachais é soláthraí na cosanta sa chás sin.
I dtaca le luachanna léasaithe iarmharacha urrúsaithe, ní bheidh feidhm ag pointe (b) den chéad fhomhír i gcás nach bhfuil na luachanna sin ar ris ar phriacal um athmhaoiniú nó um athcheannach i ngeall ar ghealltanas is infhorghníomhaithe le dlí a thug an tríú páirtí is incháilithe faoi Airteagal 201(1) maidir leis an risíocht sin a athcheannach nó a athmhaoiniú ar shuim réamhchinntithe.
De mhaolú ar phointe (a) den chéad fhomhír, i gcás ina gcuireann an institiúid an fhoráil a leagtar síos in Airteagal 248(3), i bhfeidhm nó inar tugadh cead di úsáid a bhaint as Cur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh i gcomhréir le hAirteagal 265, is coibhéiseach le 100 % nó níos lú an t-ualú priacail sin a shannfadh an institiúid sin do shaoráid leachtachta lena gcuimsítear go hiomlán an ABCP a eisítear faoin gclár.
Suíomhanna in urrúsú, seachas clár ABCP nó idirbheart ABCP a cháilíonn mar shuíomhanna in urrúsú STC, beidh siad incháilithe maidir leis an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 260, Airteagal 262 agus Airteagal 264 i gcás ina gcomhlíontar na ceanglais seo a leanas:
níl luach risíochta comhiomlánaithe na risíochtaí uile ar oibleagáideoir aonair sa chomhthiomsú os cionn 2 % de luachanna risíochta na luachanna risíochta gan íoc comhiomlánaithe i gcomhthiomsú na risíochtaí foluiteacha tráth a gcuimsithe san urrúsú. Chun críocha an ríomha sin, measfar gur risíochtaí ar oibleagáideoir aonair iasachtaí nó léasanna do ghrúpa cliant atá nasctha le chéile.
I dtaca le luachanna léasaithe iarmharacha urrúsaithe, ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den phointe seo i gcás nach bhfuil na luachanna sin ar ris ar phriacal um athmhaoiniú nó um athcheannach i ngeall ar ghealltanas is infhorghníomhaithe le dlí a thug tríú páirtí is incháilithe faoi Airteagal 201(1) maidir leis an risíocht sin a athcheannach nó a athmhaoiniú ar shuim réamhchinntithe;
i gcás ina gcomhlíonann na risíochtaí foluiteacha na coinníollacha maidir le sannadh, faoin gCur Chuige Caighdeánaithe tráth a gcuimsithe san urrúsú agus aon mhaolú incháilithe ar phriacal á chur san áireamh, tá an t-ualú priacail cothrom leis an méid seo a leanas nó faoina bhun:
40 % ar bhonn mheánualú na risíochtaí le haghaidh na punainne i gcás ina bhfuil na risíochtaí ina n-iasachtaí arna n-urrú ag morgáistí cónaithe nó iasachtaí cónaithe atá ráthaithe go hiomlán, amhail dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 129(1);
50 % ar bhonn risíocht aonair i gcás inar iasacht arna hurrú ag morgáiste tráchtála í an risíocht;
75 % ar bhonn risíocht aonair i gcás inar risíocht mhiondíola í an risíocht;
i gcás aon risíochtaí eile, 100 % ar bhonn risíocht aonair;
i gcás ina bhfuil feidhm ag pointe (b)(i) agus (b)(ii), ní chuimseofar na hiasachtaí a urraíodh le cearta urrúis ar chéim níos ísle ar shócmhainn áirithe san urrúsú ach amháin i gcás ina bhfuil na hiasachtaí uile a urraíodh le cearta urrúis réamhthosaíochta ar an tsócmhainn sin cuimsithe san urrúsú freisin;
i gcás ina bhfuil feidhm ag pointe (b)(i) den mhír seo, ní bheidh cóimheas iasacht/luach os cionn 100 % ag aon iasacht i gcomhthiomsú na risíochtaí foluiteacha tráth an chuimsithe san urrúsú, arna thomhas i gcomhréir le pointe (d)(i) d’Airteagal 129(1) agus le hAirteagal 229(1).
Airteagal 244
Urrúsú traidisiúnta
Féadfaidh institiúid tionscnóra de chuid urrúsú traidisiúnta risíochtaí foluiteacha a eisiamh le linn di méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh, más ábhartha, i gcás ina gcomhlíontar ceachtar den dá choinníoll seo a leanas:
aistríodh priacal creidmheasa suntasach a bhaineann leis na risíochtaí foluiteacha chuig tríú páirtithe;
cuireann an institiúid tionscnóra ualú priacail 1 250 % i bhfeidhm maidir leis na suíomhanna urrúsúcháin go léir atá ina seilbh laistigh den urrúsú nó asbhaineann sí na suíomhanna urrúsúcháin sin as ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le pointe (k) d’Airteagal 36(1).
Measfar gur aistríodh priacal creidmheasa suntasach i gceachtar de na cásanna seo a leanas:
na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail de chuid na suíomhanna urrúsúcháin mezzanine atá i seilbh na hinstitiúide tionscnóra laistigh den urrúsú sin, ní sháraíonn siad 50 % de mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail de chuid na suíomhanna urrúsúcháin mezzanine go léir atá ann laistigh den urrúsú sin;
níl i seilbh na hinstitiúide tionscnóra níos mó ná 20 % de luach risíochta an tráinse céadchaillteanais san urrúsú, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:
tá an tionscnóir in ann a léiriú go sáraíonn luach risíochta an tráinse céadchaillteanais meastachán réasúnaithe ar an gcaillteanas ionchasach ar na risíochtaí foluiteacha faoi chorrlach suntasach;
níl aon suíomhanna urrúsúcháin mezzanine ann.
I gcás nach bhfuil bonn cirt, mar gheall ar aistriú priacail creidmheasa ar cóimhéid chuig tríú páirtithe, leis an laghdú féideartha ar mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a bhainfeadh an institiúid tionscnóra amach tríd an urrúsú faoi phointe (a) nó faoi phointe (b), féadfaidh údaráis inniúla a chinneadh ar bhonn gach cáis nach measfar gur aistríodh priacal creidmheasa suntasach chuig tríú páirtithe.
De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh údaráis inniúla a ligean d’institiúidí tionscnóra aistriú priacail creidmheasa shuntasaigh a aithint i ndáil le hurrúsú i gcás ina léiríonn an institiúid tionscnóra i ngach cás, go bhfuil bonn cirt, mar gheall ar aistriú priacail creidmheasa ar cóimhéid chuig tríú páirtithe, leis an laghdú ar riachtanais cistí dílse a bhaineann an tionscnóir amach leis an urrúsú. Ní fhéadfar cead a thabhairt ach amháin i gcás ina gcomhlíonfaidh an institiúid an dá choinníoll seo a leanas:
tá beartais agus modheolaíochtaí inmheánacha bainistithe priacail leordhóthanacha ag an institiúid le haistriú an phriacail creidmheasa a mheasúnú;
d’aithin an institiúid an t-aistriú priacail creidmheasa chuig tríú páirtithe i ngach cás ar mhaithe le bainistiú priacail inmheánaigh agus leithdháileadh caipitil inmheánaigh na hinstitiúide.
Chomh maith leis na ceanglais a leagtar amach i mír 1, i mír 2 agus i mír 3, comhlíonfar gach coinníoll díobh seo a leanas:
léiríonn doiciméadacht an idirbhirt tábhacht eacnamaíoch an tsuímh urrúsúcháin;
ní hionann na suíomhanna urrúsúcháin agus oibleagáidí íocaíochta na hinstitiúide tionscnóra;
fágadh nach bhfuil breith ag an institiúid tionscnóra gona creidiúnaithe ar na risíochtaí foluiteacha i gcaoi a gcomhlíonann an ceanglas a leagtar amach in Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2107/2402;
ní choinníonn an institiúid tionscnóra rialú ar na risíochtaí foluiteacha. Measfar go mbeidh rialú éifeachtach coinnithe ar na risíochtaí foluiteacha má tá sé de cheart ag an tionscnóir na risíochtaí a aistríodh roimhe sin a athcheannach ón aistrí d’fhonn a dtairbhí a réadú nó má tá ceanglas eile air an priacal aistrithe a ghlacadh arís. Má tá institiúid tionscnóra ag coinneáil na gceart nó na n-oibleagáidí seirbhísithe i leith na risíochtaí foluiteacha, ní leor sin ann féin mar rialú ar na risíochtaí;
níl téarmaí ná coinníollacha i ndoiciméadacht an urrúsúcháin:
a chuireann ceangal ar an institiúid tionscnóra comhdhéanamh na risíochtaí foluiteacha a athrú chun meáncháilíocht an chomhthiomsaithe a fheabhsú; nó
a mhéadaíonn an toradh is iníoctha le sealbhóirí suíomhanna nó a chuirfeadh feabhas de chineál eile ar na suíomhanna i gcaoi eile laistigh den urrúsú mar fhreagairt ar mheath ar cháilíocht chreidmheasa na risíochtaí foluiteacha;
más infheidhme, is léir i ndoiciméadacht an idirbhirt nach bhféadfaidh an tionscnóir nó an t-urraitheoir suíomhanna urrúsúcháin a cheannach nó a athcheannach nó na risíochtaí foluiteacha a athcheannach, a athstruchtúrú nó a ionadú thar a n-oibleagáidí conarthacha i gcás ina ndéantar na socruithe sin i gcomhréir le coinníollacha an mhargaidh atá i réim agus ina ngníomhaíonn na páirtithe lena mbaineann lena leas féin mar pháirtithe saora neamhspleácha (ar neamhthuilleamaí);
i gcás ina bhfuil céadrogha ar cheannach farasbairr ann, comhlíonfaidh an rogha sin gach coinníoll seo a leanas freisin:
tá sí infheidhmithe de rogha na hinstitiúide tionscnóra;
ní féidir í a fheidhmiú ach amháin nuair atá 10 % nó níos lú de luach bunaidh na risíochtaí foluiteacha fós gan amúchadh;
níl sí struchtúraithe sa chaoi nach leithdháilfear caillteanais ar shuíomhanna feabhsaithe creidmheasa ná ar shuíomhanna eile atá i seilbh infheisteoirí san urrúsú agus níl sí struchtúraithe in aon chaoi eile chun feabhsú creidmheasa a chur ar fáil;
tá tuairim faighte ag an institiúid tionscnóra ó dhlíodóir cáilithe lena ndeimhnítear go gcomhlíonann an t-urrúsú na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (c) den mhír seo.
Déanfaidh ÚBE faireachán ar an raon cleachtas maoirseachta i ndáil le haistriú priacail shuntasaigh in urrúsuithe traidisiúnta a shainaithint i gcomhréir leis an Airteagal seo. Go háirithe, déanfaidh ÚBE athbhreithniú ar:
na coinníollacha maidir le haistriú priacail creidmheasa shuntasaigh chuig tríú páirtithe i gcomhréir le mír 2, mír 3 agus mír 4;
léiriú ar ‘aistriú priacail creidmheasa ar cóimhéid chuig tríú páirtithe’ chun críocha mheasúnú na n-údarás inniúil dá bhforáiltear sa dara fomhír de mhír 2 agus de mhír 3;
na ceanglais le haghaidh mheasúnú na n-údarás inniúil ar idirbhearta urrúsúcháin a n-iarrann an tionscnóir aitheantas ar aistriú priacail creidmheasa shuntasaigh chuig tríú páirtithe ina leith i gcomhréir le mír 2 nó mír 3.
Cuirfidh ÚBE na torthaí faoi bhráid an Choimisiúin faoin 2 Eanáir 2021. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis an tuarascáil ó ÚBE a chur san áireamh, gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 462, mar fhorlíonadh ar an Rialachán seo, trí shonrú breise a dhéanamh ar na hítimí a liostaítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) den mhír seo.
Airteagal 245
Urrúsú sintéiseach
Féadfaidh an institiúid tionscnóra a bhíonn ag urrúsú sintéiseach méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh, agus, nuair is iomchuí, méideanna caillteanais ionchasaigh i leith na risíochtaí foluiteacha i gcomhréir le hAirteagal 251 agus le hAirteagal 252, i gcás ina gcomhlíontar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:
tá priacal creidmheasa suntasach aistrithe chuig tríú páirtithe trí chosaint chistithe chreidmheasa nó trí chosaint neamhchistithe chreidmheasa;
cuireann an institiúid tionscnóra ualú priacail 1 250 % i bhfeidhm maidir leis na suíomhanna urrúsúcháin go léir atá ina seilbh laistigh den urrúsú sin nó asbhaineann sí na suíomhanna urrúsúcháin sin as ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le pointe (k) d’Airteagal 36(1).
Measfar gur aistríodh priacal creidmheasa suntasach i gceachtar de na cásanna seo a leanas:
méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail de chuid na suíomhanna urrúsúcháin mezzanine atá i seilbh na hinstitiúide tionscnóra laistigh den urrúsú sin, ní sháraíonn siad 50 % de mhéideanna risíochta ualaithe ó thaobh priacail de chuid na suíomhanna urrúsúcháin mezzanine go léir atá ann laistigh den urrúsú sin;
níl i seilbh na hinstitiúide tionscnóra níos mó ná 20 % de luach risíochta an tráinse céadchaillteanais san urrúsú, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:
tá an tionscnóir in ann a léiriú go sáraíonn luach risíochta an tráinse céadchaillteanais meastachán réasúnaithe ar an gcaillteanas ionchasach ar na risíochtaí foluiteacha faoi chorrlach suntasach;
ní ann d’aon suíomhanna urrúsúcháin mezzanine.
I gcás nach bhfuil bonn cirt, mar gheall ar aistriú priacail creidmheasa ar cóimhéid chuig tríú páirtithe, leis an laghdú féideartha ar mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a bhainfeadh an institiúid tionscnóra amach tríd an urrúsú seo, féadfaidh údaráis inniúla a chinneadh, agus iad ag meas gach cáis ar a fhiúntas féin, nach measfar gur aistríodh priacal creidmheasa suntasach chuig tríú páirtithe.
De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh údaráis inniúla a ligean d’institiúidí tionscnóra aistriú creidmheasa shuntasaigh a aithint i ndáil le hurrúsú i gcás ina léiríonn an institiúid tionscnóra i ngach cás, go bhfuil bonn cirt, mar gheall ar aistriú priacail creidmheasa ar cóimhéid chuig tríú páirtithe, leis an laghdú ar cheanglais cistí dílse a bhaineann an tionscnóir amach leis an urrúsú. Ní fhéadfar cead a thabhairt ach amháin i gcás ina gcomhlíonfaidh an institiúid an dá choinníoll seo a leanas:
tá beartais agus modheolaíochtaí leordhóthanacha inmheánacha bainistithe priacail ag an institiúid le haistriú an phriacail a mheasúnú;
d’aithin an institiúid an t-aistriú priacail creidmheasa chuig tríú páirtithe i ngach cás ar mhaithe le bainistiú priacail inmheánaigh agus leithdháileadh caipitil inmheánaigh na hinstitiúide.
Chomh maith leis na ceanglais a leagtar amach i mír 1, i mír 2 agus i mír 3, comhlíonfar gach coinníoll díobh seo a leanas:
léiríonn doiciméadacht an idirbhirt tábhacht eacnamaíoch an tsuímh urrúsúcháin;
an chosaint chreidmheasa ar dá bua a aistrítear an priacal creidmheasa, comhlíonann sí Airteagal 249;
níl téarmaí ná coinníollacha i ndoiciméadacht an urrúsúcháin lena ndéantar an méid seo a leanas:
tairseacha ábharthachta suntasacha a fhorchur a meastar nár spreagadh cosaint chreidmheasa faoina mbun i gcás teagmhas creidmheasa;
foirceannadh na cosanta a cheadú mar gheall ar mheath ar cháilíocht chreidmheasa na risíochtaí foluiteacha;
a cheangal ar an institiúid tionscnóra comhdhéanamh na risíochtaí foluiteacha a athrú chun meáncháilíocht an chomhthiomsaithe a fheabhsú; nó
costas cosanta creidmheasa na hinstitiúide nó an toradh is iníoctha le sealbhóirí suíomhanna laistigh den urrúsú a mhéadú mar fhreagairt ar mheath ar cháilíocht chreidmheasa an chomhthiomsaithe fholuitigh;
tá an chosaint chreidmheasa infhorghníomhaithe i ngach dlínse ábhartha;
más infheidhme, is léir i ndoiciméadacht an idirbhirt nach bhféadfaidh an tionscnóir ná an t-urraitheoir suíomhanna urrúsúcháin a cheannach ná na risíochtaí foluiteacha a athcheannach, a athstruchtúrú ná a ionadú thar a n-oibleagáidí conarthacha i gcás ina ndéantar socruithe den sórt sin i gcomhréir le coinníollacha an mhargaidh atá i réim agus ina ngníomhaíonn na páirtithe lena mbaineann ar mhaithe leo féin mar pháirtithe saora neamhspleácha (ar neamhthuilleamaí);
i gcás ina bhfuil céadrogha ar cheannach farasbairr ann, comhlíonann an rogha sin na coinníollacha uile seo a leanas:
féadfar í a fheidhmiú de rogha na hinstitiúide tionscnóra;
ní fhéadfar í a fheidhmiú ach amháin nuair atá 10 % nó níos lú de luach bunaidh na risíochtaí foluiteacha fós gan amúchadh;
níl sí struchtúraithe ionas nach leithdháilfear caillteanais ar shuíomhanna feabhsaithe creidmheasa ná ar shuíomhanna eile atá i seilbh infheisteoirí san urrúsú agus níl sí struchtúraithe ar chaoi eile chun feabhsú creidmheasa a sholáthar;
tá tuairim faighte ag an institiúid tionscnóra ó dhlíodóir cáilithe lena ndeimhnítear go gcomhlíonann an t-urrúsú na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (d) den mhír seo;
Déanfaidh ÚBE faireachán ar an raon cleachtas maoirseachta i ndáil le haistriú priacail shuntasaigh in urrúsuithe sintéiseacha a aithint i gcomhréir leis an Airteagal seo. Go háirithe, déanfaidh ÚBE athbhreithniú:
ar na coinníollacha maidir le haistriú priacail creidmheasa shuntasaigh chuig tríú páirtithe i gcomhréir le mír 2, mír 3 agus mír 4;
ar an léiriú ar ‘aistriú priacail creidmheasa ar cóimhéid chuig tríú páirtithe’ chun críocha mheasúnú na n-údarás inniúil dá bhforáiltear sa dara fomhír de mhír 2 agus i mír 3; agus
ar na ceanglais le haghaidh mheasúnú na n-údarás inniúil ar idirbhearta urrúsúcháin a n-iarrann an tionscnóir aitheantas ar aistriú priacail creidmheasa shuntasaigh chuig tríú páirtithe ina leith i gcomhréir le mír 2 nó mír 3.
Cuirfidh ÚBE na torthaí faoi bhráid an Choimisiúin faoin 2 Eanáir 2021. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis an tuarascáil ó ÚEB a chur san áireamh, gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 462, mar fhorlíonadh ar an Rialachán seo, trí shonrú breise a dhéanamh ar na hítimí a liostaítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) den mhír seo.
Airteagal 246
Ceanglais oibríochtúla maidir le forálacha i ndáil le luathamúchadh
I gcás ina n-áirítear risíochtaí imrothlacha agus forálacha i ndáil le luathamúchadh nó forálacha comhchosúla san urrúsú, ní mheasfar go bhfuil priacal creidmheasa suntasach aistrithe ag an institiúid tionscnóra ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 244 agus Airteagal 245 agus nach ndéantar leis an bhforáil maidir le luathamúchadh, a luaithe a spreagtar é, an méid seo a leanas:
éileamh sinsearach nó pari passu na hinstitiúide ar na risíochtaí foluiteacha a chur faoi réir éilimh na n-infheisteoirí eile;
éileamh na hinstitiúide ar na risíochtaí foluiteacha a chur faoi réir éilimh páirtithe eile tuilleadh; nó
risíocht na hinstitiúide ar chaillteanais a bhaineann le risíochtaí imrothlacha foluiteacha a mhéadú ar bhealach eile.
Airteagal 247
Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh
I gcás inar aistrigh institiúid tionscnóra priacal creidmheasa suntasach a bhaineann le risíochtaí foluiteacha an urrúsaithe i gcomhréir le Roinn 2, féadfaidh an institiúid sin:
i gcás urrúsú traidisiúnta, na risíochtaí foluiteacha a eisiamh le linn di méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail, agus mar is ábhartha, méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh;
i gcás urrúsú sintéiseach, méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail agus, más ábhartha, méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh, i leith na risíochtaí foluiteacha i gcomhréir le hAirteagal 251 agus le hAirteagal 252.
I gcás nár aistrigh an institiúid tionscnóra priacal creidmheasa suntasach nó gur chinn sí gan mír 1 a chur i bhfeidhm, ní chuirfear de cheangal uirthi méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh i leith aon suíomh a d’fhéadfadh a bheith aici laistigh den urrúsú ach leanfaidh sí de na risíochtaí foluiteacha agus, i gcás inarb abhartha, méideanna an chaillteananais ionchasaigh, a áireamh le linn di méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh amhail is nár urrúsaíodh riamh iad.
Airteagal 248
Luach na risíochta
Déanfar luach risíochta suímh urrúsúcháin a ríomh mar seo a leanas:
is é a bheidh i luach risíochta suíomhanna urrúsúcháin laistigh den chlár comhardaithe ná a luach cuntasaíochta a bheidh fágtha tar éis aon choigeartuithe sonracha i leith aon phriacal creidmheasa a chur i bhfeidhm, ar coigeartuithe iad a cuireadh i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 110;
is é a bheidh i luach risíochta suíomh urrúsúcháin lasmuigh den chlár comhardaithe ná a luach ainmniúil lúide aon choigeartuithe ábhartha sonracha i leith priacal creidmheasa a bhaineann leis an suíomh urrúsúcháin i gcomhréir le hAirteagal 110, iolraithe faoin bhfachtóir coinbhéartaithe ábhartha a leagtar amach sa phointe seo. Beidh an fachtóir coinbhéartaithe cothrom le 100 %, ach amháin i gcás na saoráidí airleacan airgid. Féadfar fachtóir coinbhéartaithe 0 % a chur i bhfeidhm maidir le méid ainmniúil saoráide leachtachta atá inchealaithe go neamhchoinníollach chun luach risíochta chion neamhtharraingthe na saoráidí airleacan airgid a chinneadh ar an gcoinníoll go bhfuil aisíoc na dtarraingtí ar an tsaoráid níos sinsearaí ná aon éilimh eile ar an sreabhadh airgid a thagann as na risíochtaí foluiteacha agus gur léirigh an institiúid chun sástacht an údaráis inniúil go bhfuil modh coimeádach iomchuí á chur i bhfeidhm aici chun an méid den chion neamhtharraingthe a thomhas;
déanfar luach na risíochta ar phriacal creidmheasa suíomhanna urrúsúcháin don chontrapháirtí a thagann ó ionstraim díorthaigh a liostaítear in Iarscríbhinn II a chinneadh i gcomhréir le Caibidil 6;
féadfaidh institiúid tionscnóra méid na gcoigeartuithe i leith na bpriacal creidmheasa sonrach maidir leis na risíochtaí foluiteacha i gcomhréir le hAirteagal 110 a asbhaint de luach risíochta suímh urrúsúcháin a bhfuil ualú priacail 1 250 % sannta dó i gcomhréir le Foroinn 3 nó a asbhaintear de chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le pointe (k) d’Airteagal 36(1), agus aon lascainí neamh-inaisíoctha ar an bpraghas ceannaigh atá nasctha le risíochtaí foluiteacha den chineál sin a mhéid a bhfuil a gcistí dílse laghdaithe acu.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun a shonrú cad is modh coimeádach iomchuí ann chun an méid den chion neamhtharraingthe dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír a thomhas.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Eanáir 2019.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
I gcás ina bhfuil na suíomhanna forluiteach i bpáirt, féadfaidh an institiúid an suíomh a dheighilt ina dhá chuid agus gan an forluí a aithint ach i ndáil le cuid amháin i gcomhréir leis an gcéad fhomhír. De mhalairt air sin, féadfaidh an institiúid déileáil leis na suíomhanna amhail is go raibh siad iomlán forluiteach tríd an suíomh a thugann na méideanna risíochta atá ualaithe níos airde ó thaobh priacail a fhairsingiú chun críocha ríomh caipitil.
Féadfaidh an institiúid forluí a aithint idir na ceanglais cistí dílse faoi phriacal sonrach i leith suíomhanna sa leabhar trádála agus na ceanglais cistí dílse i leith suíomhanna urrúsúcháin sa leabhar neamhthrádála, ar an gcoinníoll gur féidir leis an institiúid ceanglais cistí dílse i leith na suíomhanna ábhartha a ríomh agus a chur i gcomparáid le chéile.
Chun críocha na míre seo measfar dhá shuíomh a bheith forluiteach i gcás ina bhfuil siad ag fritháireamh a chéile go frithpháirteach i gcaoi ar féidir leis an institiúid na caillteanais a thiocfadh as suíomh amháin a sheachaint trí na hoibleagáidí a cheanglaítear faoin suíomh eile a chomhlíonadh.
Airteagal 249
Maolú priacail creidmheasa a aithint le haghaidh suíomhanna urrúsúcháin
Maidir le cosaint neamhchistithe creidmheasa agus soláthraithe na cosanta neamhchistithe creidmheasa, ní bheidh ach na daoine sin atá incháilithe i gcomhréir le Caibidil 4 incháilithe agus beidh aithint mhaolú an phriacail creidmheasa faoi réir chomhlíonadh na gceanglas ábhartha mar a leagtar síos faoi Chaibidil 4.
Féadfaidh institiúidí a ligtear dóibh an Cur Chuige IRB a chur i bhfeidhm maidir le risíocht dhíreach ar sholáthraí na cosanta incháilitheacht a mheasúnú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír bunaithe ar dhóchúlacht mhainneachtana (PD) sholáthraí na cosanta a bheith coibhéiseach leis an PD a bhaineann leis na céimeanna cáilíochta creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 136.
De mhaolú ar fhomhír 2, beidh SSPEnna ina soláthraithe cosanta incháilithe i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile a leanas:
tá sócmhainní ag SSPE a cháilíonn mar chomhthaobhacht airgeadais incháilithe i gcomhréir le Caibidil 4;
níl na sócmhainní dá dtagraítear i bpointe (a) faoi réir éilimh ná éilimh theagmhasacha a bhfuil réamhthosaíocht acu ar éileamh nó éileamh teagmhasach na hinstitiúide a fhaigheann cosaint chreidmheasa neamhchistithe, nó atá pari passu leis; agus
comhlíontar na ceanglais uile maidir le haithint comhthaobhachta airgeadais a leagtar amach i gCaibidil 4.
I gcás ina bhfuil cosaint chreidmheasa iomlán nó cosaint chreidmheasa pháirteach ar bhonn pro-rata ag suíomh urrúsúcháin, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:
déanfaidh an institiúid a sholáthraíonn cosaint chreidmheasa méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh don chion sin den suíomh urrúsúcháin atá ag fáil cosaint chreidmheasa i gcomhréir le Foroinn 3 amhail is go raibh an cion sin den suíomh sin ina seilbh dhíreach féin;
ríomhfaidh an institiúid a bheidh ag ceannach cosaint chreidmheasa méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail i gcomhréir le Caibidil 4 don chion chosanta.
I ngach cás nach gcumhdaítear le mír 6, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:
láimhseálfaidh an institiúid a sholáthraíonn cosaint chreidmheasa an cion den suíomh atá ag fáil cosaint chreidmheasa mar shuíomh urrúsúcháin agus ríomhfaidh sí méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail amhail is go raibh an suíomh ina seilbh dhíreach féin i gcomhréir le Foroinn 3, faoi réir mhíreanna 8, 9 agus 10;
déanfaidh an institiúid a bheidh ag ceannach cosaint chreidmheasa méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh don chion den suíomh atá cosanta dá dtagraítear i bpointe (a) i gcomhréir le Caibidil 4. Maidir leis an gcion den suíomh urrúsúcháin nach bhfaigheann cosaint chreidmheasa, láimhseálfaidh an institiúid é mar shuíomh urrúsúcháin ar leith agus ríomhfaidh sí méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail i gcomhréir le Foroinn 3, faoi réir mhír 8, mhír 9 agus mhír 10.
Déanfaidh institiúidí a úsáideann an Cur Chuige Bunaithe ar Rátálacha Seachtracha (SEC-ERBA) faoi Fhoroinn 3 le haghaidh an tsuímh urrúsúcháin bunaidh na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh do na suíomhanna a dhíorthaítear i gcomhréir le mír 7 mar seo a leanas:
i gcás ina bhfuil sinsearacht níos airde ag an suíomh díorthaithe, sannfar ualú priacail an tsuímh urrúsúcháin bunaidh dó;
i gcás ina bhfuil sinsearacht níos ísle ag an suíomh díorthaithe, féadfar rátáil atá bunaithe ar thátal a shannadh dó i gcomhréir le hAirteagal 263(7). Ríomhfar tiús ionchur T sa chás sin ar bhonn an tsuímh díorthaithe amháin. I gcás nach bhfuil rátáil bunaithe ar thátal ann, féadfaidh an institiúid an t-ualú priacail is airde a chur i bhfeidhm de thoradh ceachtar acu seo a leanas:
SEC-SA a chur i bhfeidhm i gcomhréir le mír 8 agus Foroinn 3; nó
ualú priacail an tsuímh urrúsúcháin bunaidh faoi SEC-ERBA.
Airteagal 250
Tacaíocht intuigthe
Ní mheasfar go bhfuil idirbheart ina thacaíocht chun críocha mhír 1 i gcás inar cuireadh an t-idirbheart san áireamh go hiomchuí agus aistriú priacail creidmheasa shuntasaigh á mheasúnú agus go ndearna an dá pháirtí an t-idirbheart agus iad ag gníomhú ar a leas féin mar pháirtithe saora neamhspleácha (ar neamhthuilleamaí). Chun na gcríoch sin, tabharfaidh an institiúid faoi athbhreithniú creidmheasa iomlán ar an idirbheart agus, ar a laghad, cuirfidh sí na hítimí seo a leanas san áireamh:
an praghas athcheannaigh;
suíomh caipitil agus leachtachta na hinstitiúide roimh an athcheannach agus ina dhiaidh;
feidhmiú na risíochtaí foluiteacha;
feidhmiú na suíomhanna urrúsúcháin;
tionchar na tacaíochta ar na caillteanais a mheastar a thabhóidh an tionscnóir i gcomparáid leis na hinfheisteoirí.
Má mhainníonn institiúid tionscnóra nó institiúid is urraitheoir mír 1 a chomhlíonadh maidir le hurrúsú, áireoidh an institiúid risíochtaí uile an tsuímh urrúsúcháin sin ina ríomh ar na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail amhail is nár urrasaíodh riamh iad agus nochtfaidh sí:
gur thug sí tacaíocht don suíomh urrúsúcháin agus mír 1 á sárú aici; agus
tionchar na tacaíochta a soláthraíodh ó thaobh ceanglais cistí dílse.
Airteagal 251
Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail arna n-urrúsú in urrúsú sintéiseach agus arna ríomh ag institiúidí tionscnóra
Airteagal 252
Neamhréir aibíochta in urrúsuithe sintéiseacha a láimhseáil
Ar mhaithe le méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 251, déanfar aon neamhréir aibíochta idir an chosaint chreidmheasa faoina mbaintear amach an t-aistriú priacail agus na risíochtaí foluiteacha a ríomh mar seo a leanas:
glacfar leis gurb í aibíocht na risíochtaí foluiteacha aibíocht aon cheann de na risíochtaí sin a bhfuil an aibíocht is faide aici, faoi réir uasteorainn 5 bliana. Cinnfear aibíocht na cosanta creidmheasa i gcomhréir le Caibidil 4;
déanfaidh institiúid tionscnóra neamhaird d’aon neamhréir i méideanna risíochtaí atá ualaithe do shuíomhanna urrúsúcháin a ríomh faoi réir ualú priacail 1 250 % i gcomhréir leis an Roinn seo. I gcás gach suímh eile, cuirfear an tslí a láimhseáiltear neamhréir aibíochta a leagtar amach i gCaibidil 4 i bhfeidhm i gcomhréir leis na foirmle seo a leanas:
i gcás inarb é:
|
RW* |
= |
méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail chun críocha phointe (a) d’Airteagal 92(3); |
|
RWAss |
= |
méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail i leith risíochtaí foluiteacha murar urrúsaíodh riamh iad, arna ríomh ar bhonn pro rata; |
|
RWSP |
= |
méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail arna ríomh faoi Airteagal 251 mura raibh aon neamhréir aibíochta ann; |
|
T |
= |
aibíocht na risíochtaí foluiteacha,arna sloinneadh i mblianta; |
|
t |
= |
aibíocht na cosanta creidmheasa arna sloinneadh i mblianta; |
|
t* |
= |
0,25. |
Airteagal 253
Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a laghdú
Airteagal 254
Ordlathas modhanna
Úsáidfidh institiúidí ceann de na modhanna a leagtar amach i bhForoinn 3 chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh i gcomhréir leis an ordlathas seo a leanas:
i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 258, úsáidfidh institiúid SEC-IRBA i gcomhréir le hAirteagal 259 agus le hAirteagal 260;
i gcás nach bhféadtar SEC-ERBA a úsáid, úsáidfidh institiúid an (SEC-SA) i gcomhréir le hAirteagal 261 agus le hAirteagal 262;
i gcás nach bhféadtar SEC-SA a úsáid, úsáidfidh institiúid an SEC-ERBA i gcomhréir le hAirteagal 263 agus le hAirteagal 264 le haghaidh suíomhanna rátáilte nó suíomhanna ar féidir rátáil atá bunaithe ar thátal a úsáid ina leith.
I gcás suíomhanna rátáilte nó suíomhanna ar féidir rátáil atá bunaithe ar thátal a úsáid ina leith, úsáidfidh institiúid SEC-ERBA seachas SEC-SA i ngach ceann de na cásanna seo a leanas:
i gcás ina mbeadh, mar thoradh ar chur i bhfeidhm SEC-SA, ualú priacail ann a bheadh níos airde ná 25 % do shuíomhanna a cháilíonn mar shuíomhanna in urrúsú STC;
i gcás ina mbeadh, mar thoradh ar chur i bhfeidhm SEC-SA, ualú priacail ann a bheadh níos airde ná 25 % nó ina mbeadh, mar thoradh ar chur i bhfeidhm SEC-ERBA, ualú priacail ann a bheadh níos airde ná 75 % do shuíomhanna nach gcáilíonn mar shuíomhanna in urrúsú STC;
le haghaidh idirbhearta urrúsúcháin bunaithe ar chomhthiomsuithe d’iasachtaí gluaisteáin, de léasanna gluaisteán agus de léasanna trealaimh.
Chun críocha na chéad fhomhíre, déanfaidh institiúid fógra faoina chinneadh a thabhairt don údarás inniúil tráth nach déanaí ná an 17 Samhain 2018.
Aon chinneadh ina dhiaidh sin a dhéanfaí chun an cur chuige a cuireadh i bhfeidhm maidir lena cuid suíomhanna urrúsúcháin rátáilte uile a athrú tuilleadh, déanfaidh an institiúid fógra ina leith a thabhairt dá húdarás inniúil roimh an 15 lá de mhí na Samhna a thagann díreach tar éis an chinnidh sin.
Más rud é nach ndéanfaidh an t-údarás inniúil aon agóid faoin 15 lá den mhí Nollag sin a thagann díreach tar éis an spriocdháta dá dtagraítear sa dara fomhír nó sa tríú fomhír, de réir mar is iomchuí, beidh éifeacht ag an gcinneadh ar thug an institiúid fógra ina leith ón 1 Eanáir den bhliain dar gcionn agus beidh sé bailí go dtí go mbeidh éifeacht ag cinneadh ina dhiaidh sin dá dtugtar fógra. Ní bhainfidh institiúid úsáid as cuir chuige éagsúla san aon bhliain amháin.
Airteagal 255
KIRB agus KSA a chinneadh
Chun críocha KIRB a ríomh, áireofar ar na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomhfaí faoi Chaibidil 3 i ndáil leis na risíochtaí foluiteacha an méid seo a leanas:
méid na gcaillteanas ionchasach a bhaineann le risíochtaí foluiteacha uile an urrúsaithe lena n-áirítear risíochtaí foluiteacha, agus iad ar mainneachtain, atá fós mar chuid den chomhthiomsú i gcomhréir le Caibidil 3; agus
méid na gcaillteanas gan choinne a bhaineann leis na risíochtaí foluiteacha uile lena n-áirítear risíochtaí foluiteacha, agus iad ar mainneachtain, atá sa chomhthiomsú i gcomhréir le Caibidil 3;
I gcás ina láimhseáiltear caillteanais ó phriacail chaolúcháin agus chreidmheasa ar bhealach comhiomlán san urrúsú, déanfaidh institiúidí KIRB do phriacal caolúcháin agus creidmheasa faoi seach a chomhcheangal in aon KIRB amháin chun críocha Fhoroinn 3. Féadfar a mheas, i gcás cúlchiste aonair nó ró-urrúsú comhthaobhach atá ar fáil chun caillteanais de bharr priacal creidmheasa nó caolúcháin a chumhdach, gur tásc é sin go bhfuil na priacail seo á láimhseáil ar bhealach comhiomlán.
I gcás nach láimhseáiltear priacal caolúcháin agus creidmheasa ar bhealach comhiomlán san urrúsú, modhnóidh institiúidí an láimhseáil a leagtar amach sa dara mír chun an KIRB faoi seach do phriacal caolúcháin agus creidmheasa a chomhcheangal ar bhealach stuama.
Chun críocha na míre seo, ríomhfaidh institiúidí luach risíochta na risíochtaí foluiteacha gan aon choigeartuithe priacail creidmheasa sonracha agus coigeartuithe luacha breise a ghlanluacháil i gcomhréir le hAirteagal 34 agus le hAirteagal 110 agus laghduithe cistí dílse eile.
I gcás urrúsuithe sintéiseacha cistithe, déanfar aon fháltais ábhartha ó eisiúint nótaí creidmheas-nasctha nó oibleagáidí cistithe eile de chuid SSPE a fhónann mar chomhthaobhacht le haghaidh aisíocaíocht na suíomhanna urrúsúcháin a áireamh i ríomh KIRB nó KSA má bhíonn priacal creidmheasa na comhthaobhachta faoi réir leithdháileadh an tráinse caillteanais.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála t chun na coinníollacha a shonrú tuilleadh chun a cheadú d’institiúidí KIRB a ríomh do chomhthiomsuithe risíochtaí foluiteacha i gcomhréir le mír 4, go háirithe maidir leis na nithe seo a leanas:
beartas creidmheasa inmheánach agus samhlacha chun KIRB a ríomh le haghaidh urrúsuithe;
fachtóirí éagsúla priacail a úsáid a bhaineann leis an gcomhthiomsú risíochtaí foluiteacha agus, i gcás nach mbeidh go leor sonraí iontaofa nó cruinne faoin gcomhthiomsú sin ar fáil, sonraí ionadacha a úsáid chun meastachán a dhéanamh ar PD agus LGD; agus
ceanglais díchill chuí chun faireachán a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí agus ar na beartais de chuid díoltóirí earraí infhaighte nó tionscnóirí eile.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Eanáir 2019.
Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 256
Pointe astaithe (A) agus pointe dí-astaithe (D) a chinneadh
Sloinnfear an pointe astaithe (A) mar luach deachúil idir nialas agus a haon agus beidh sé cothrom leis an gceann is mó de nialas agus an cóimheas idir iarmhéid gan íoc chomhthiomsú na risíochtaí foluiteacha san urrúsú lúide iarmhéid gan íoc na dtráinsí uile atá níos sinsearaí nó pari passu maidir leis an tráinse ina bhfuil an suíomh urrúsúcháin ábhartha len n-áirítear an risíocht í féin agus maidir le hiarmhéid gan íoc na risíochtaí foluiteacha uile san urrúsú.
Sloinnfear an pointe dí-astaithe (D) mar luach deachúil idir nialas agus a haon agus beidh sé cothrom leis an gceann is mó de nialas agus an cóimheas idir iarmhéid gan íoc chomhthiomsú na risíochtaí foluiteacha san urrúsú lúide iarmhéid gan íoc na dtráinsí uile atá níos sinsearaí ná an tráinse ina bhfuil an suíomh urrúsúcháin ábhartha agus iarmhéid gan íoc na risíochtaí foluiteacha uile san urrúsú.
Airteagal 257
An tráinse aibíochta (MT) a chinneadh
Chun críocha Fhoroinn 3 agus faoi réir mhír 2, féadann institiúidí aibíocht tráinse (MT) a thomhas:
mar mheánaibíocht ualaithe na n-íocaíochtaí conarthacha atá dlite faoin tráinse i gcomhréir leis an bhfoirmle a leanas:
i gcás ina gcuireann CFt gach íocaíocht chonarthach in iúl (príomhshuim, ús agus táillí) atá iníoctha ag an iasachtaí le linn an tréimhse t; nó
mar aibíocht dhlíthiúil deiridh an tráinse i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
i gcás inarb é ML aibíocht dhlíthiúil deiridh an tráinse.
Airteagal 258
Coinníollacha maidir leis an gCur Chuige Bunaithe ar Rátálacha Inmheánach (SEC-IRBA) a úsáid
Bainfidh institiúidí úsáid as SEC-IRBA chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh maidir le suíomh urrúsúcháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
tá an suíomh bunaithe ar chomhthiomsú IRB nó ar chomhthiomsú measctha, ar an gcoinníoll maidir leis an dara cás, gur féidir leis an institiúid KIRB a ríomh i gcomhréir le Roinn 3 ar 95 % ar a laghad den mhéid risíochta foluiteach;
is leor an méid faisnéise atá ar fáil maidir le risíochtaí foluiteacha an urrúsaithe chun go mbeidh an institiúid in ann KIRB a ríomh; agus
níl bac ar an institiúid SEC-IRBA a úsáid maidir le suíomh urrúsúcháin áirithe i gcomhréir le mír 2.
Féadfaidh údaráis inniúla ar bhonn gach cáis ar leith bac a chur ar úsáid SEC-IRBA i gcás ina bhfuil gnéithe an-chasta ag urrúsuithe nó ina bhfuil gnéithe a bhfuil go leor priacail ag baint leo acu. Chun na gcríoch sin, féadfar a mheas gur gnéithe an-chasta nó gnéithe a bhfuil go leor priacal ag baint leo na gnéithe a leanas:
feabhsú creidmheasa a d’fhéadfaí a chreimeadh ar chúiseanna eile seachas caillteanais punainne;
comhthiomsuithe risíochtaí foluiteacha ina bhfuil leibhéal ard comhghaoil inmheánaigh mar thoradh ar risíochtaí ródhlúth ar earnálacha ar leith nó ar limistéir gheoghrafacha;
idirbhearta ina bhfuil aisíoc na suíomhanna urrúsúcháin ag brath go mór ar spreagaithe priacal nach bhfuil léirithe sa KIRB; nó
leithdháiltí an-chasta caillteanais idir tráinsí.
Airteagal 259
Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh faoi SEC-IRBA
Faoi SEC-IRBA, déanfar an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail maidir le suíomh urrúsúcháin a ríomh trí luach risíochta an tsuímh, a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 248, a iolrú faoin ualú priacail is infheidhme a chinnfear mar a leanas, faoi réir íostairseach 15 % i ngach cás:
|
RW = 1 250 % |
nuair atá D ≤ KIRB |
|
|
nuair atá A ≥ KIRB |
|
|
nuair atá A < KIRB < D |
i gcás inarb ionann:
|
KIRB |
agus muirear caipitil chomhthiomsú na risíochtaí foluiteacha mar a shainmhínítear in Airteagal 255 |
|
D |
agus an pointe dí-astaithe arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 256 |
|
A |
agus an pointe astaithe arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 256 |
i gcás inarb ionann:
|
a |
= |
– (1/(p * KIRB)) |
|
u |
= |
D – KIRB |
|
l |
= |
uasmhéid (A – KIRB; 0) |
i gcás inarb ionann:
i gcás inarb ionann:
|
N |
agus líon éifeachtach na risíochtaí i gcomhthiomsú na risíochtaí foluiteacha, arna ríomh i gcomhréir le mír 4. |
|
LGD |
agus an an meánchaillteanas i gcás mainneachtana atá ualaithe ó thaobh na risíochtaí i gcomhthiomsú na risíochtaí foluiteacha, arna ríomh i gcomhréir le mír 5. |
|
MT |
agus aibíocht an tráinse arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 257. |
Déanfar na paraiméadair A,B,C, D agus E a chinneadh i gcomhréir leis an tábla cuardaigh seo:
|
|
A |
B |
C |
D |
E |
|
|
Neamh-mhiondíol |
Sinsearach, gráinneach (N ≥ 25) |
0 |
3,56 |
-1,85 |
0,55 |
0,07 |
|
Sinsearach, neamhghráinneach (N < 25) |
0,11 |
2,61 |
-2,91 |
0,68 |
0,07 |
|
|
Neamhshinsearach, gráinneach (N ≥ 25) |
0,16 |
2,87 |
-1,03 |
0,21 |
0,07 |
|
|
Neamhshinsearach, neamhghráinneach (N < 25) |
0,22 |
2,35 |
-2,46 |
0,48 |
0,07 |
|
|
Miondíol |
Sinsearach |
0 |
0 |
-7,48 |
0,71 |
0,24 |
|
Neamhshinsearach |
0 |
0 |
-5,78 |
0,55 |
0,27 |
|
Ríomhfar líon éifeachtach na risíochtaí (N) mar a leanas:
i gcás ina léiríonn EADi an luach risíochta a bhaineann leis an iú risíocht sa chomhthiomsú.
Comhdhlúthófar risíochtaí iolracha ar an oibleagáideoir céanna agus láimhseálfar iad mar risíocht amháin.
Ríomhfar an meánLGD atá ualaithe ó thaobh risíochta, mar a leanas:
i gcás ina léiríonn LGDi an meán LGD a bhaineann le gach risíocht ar an iú oibleagáideoir.
I gcás ina láimhseáiltear priacail chreidmheasa agus chaolúcháin le haghaidh earraí infhaighte ceannaithe ar bhealach comhiomlán laistigh d’urrúsú, measfar an t-ionchur LGD a bheith mar mheán ualaithe an LGD i gcás priacal creidmheasa agus mar 100 % an LGD i gcás priacal caolúcháin. Is iad ceanglais chaipitil dhílse neamhspleácha an Cur chuige IRB a bhaineann le priacal creidmheasa agus le priacal caolúcháin faoi seach a bheidh ina n-ualaí. Chun na gcríoch seo, féadfar a mheas gur léiriú é cúlchiste aonair nó ró-urrúsú comhthaobhach atá ar fáil chun caillteanais de bharr priacal creidmheasa nó priacal caolúcháin a chumhdach go bhfuil na priacail seo á mbainistiú ar bhealach comhiomlán.
I gcás nach mó ná 3 % sciar na risíochta foluití is mó sa chomhthiomsú (C1), féadfaidh institiúidí an modh simplithe seo a leanas a úsáid chun N agus na meánLGDanna atá ualaithe ó thaobh risíochta a ríomh:
LGD = 0,50
i gcás inarb ionann
|
Cm |
agus an sciar den chomhthiomsú a chomhfhreagraíonn do shuim na m-risíochtaí is mó; agus |
|
m |
is í an institiúid a leagann síos m. |
Mura bhfuil le fáil ach C1 agus murar mó an méid seo ná 0.03, féadfaidh an institiúid an LGD a leagan síos mar 0.50 agus N mar 1/C1.
I gcás ina bhfuil an suíomh bunaithe ar chomhthiomsú measctha agus ina bhfuil an institiúid in ann KIRB a ríomh ar 95 % de na méideanna risíochta foluiteacha ar a laghad i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 258(1), ríomhfaidh an institiúid an muirear caipitil don chomhthiomsú risíochtaí foluiteacha mar:
i gcás inarb ionann
d agus an sciar de mhéid risíochta na risíochtaí foluiteacha a bhfuil an institiúid in ann KIRB a ríomh ina leith thar mhéid risíochta na risíochtaí foluiteacha go léir.
Chun críocha na chéad fhomhíre, is éard a bheidh sa suíomh tagartha ná an suíomh atá pari passu ar gach bealach leis an díorthach, nó i gcás nach ann don suíomh pari passu sin, an suíomh atá díreach faoi réir an díorthaigh.
Airteagal 260
Urrúsuithe STC a láimhseáil faoi SEC-IRBA
Faoi SEC-IRBA, ríomhfar an t-ualú priacail maidir le suíomh in urrúsú STC i gcomhréir le hAirteagal 259, faoi réir na modhnuithe seo a leanas:
íosualú priacail do shuíomhanna urrúsúcháin sinsearacha = 10 %
Airteagal 261
Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh faoin gCur Chuige Caighdeánaithe (SEC-SA)
Faoi SEC-SA, déanfar an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail maidir le suíomh in urrúsú a ríomh trí luach risíochta an tsuímh arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 248 a iolrú faoin ualú priacail is infheidhme a chinnfear mar a leanas, faoi réir íostairseach 15 % i ngach cás:
|
RW = 1 250 % |
nuair atá D ≤ KA |
|
|
nuair atá A ≥ KA |
|
|
when A < KA < D |
i gcás inarb ionann:
|
D |
agus an pointe dí-astaithe arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 256; |
|
A |
agus an pointe astaithe arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 256; |
|
KA |
Is paraiméadar é KA a ríomhtar i gcomhréir le mír 2; |
i gcás inarb ionann:
|
a |
= |
– (1/(p · KA)) |
|
u |
= |
D – KA |
|
l |
= |
uasmhéid (A – KA; 0) |
|
p |
= |
maidir le risíocht urrúsúcháin nach risíocht ath-urrúsúcháin í |
Chun críocha mhír 1, ríomhfar KA mar a leanas:
i gcás inarb ionann:
KSA agus muirear caipitil an chomhthiomsaithe fholuitigh mar a shainmhínítear in Airteagal 255;
ina bhfuil W = an cóimheas idir:
suim mhéid ainmniúil na risíochtaí foluiteacha ar mainneachtain, agus
suim mhéid ainmniúil na risíochtaí foluiteacha uile.
Chun na gcríoch seo, ciallóidh risíocht ar mainneachtain risíocht fholuiteach atá: (i) 90 lá nó níos mó thar téarma; (ii) faoi réir ag imeachtaí féimheachta nó dócmhainneachta; (iii) faoi réir ag imeacht foriaimh nó imeacht comhchosúil; nó (iv) ar mainneachtain i gcomhréir leis an doiciméadacht urrúsúcháin.
I gcás nach eol d’institiúid stádas faillí 5 % nó níos lú de na risíochtaí foluiteacha sa chomhthiomsú, féadfaidh an institiúid SEC-SA a úsáid i gcomhréir leis an gcoigeartú seo a leanas maidir le KA a ríomh:
I gcás nach eol d’institiúid stádas faillí níos mó ná 5 % de na risíochtaí foluiteacha sa chomhthiomsú, ní mór an suíomh san urrúsú a ualú ó thaobh priacail ag 1 250 %.
Chun críocha na chéad mhíre seo, is éard a bheidh sa suíomh tagartha ná an suíomh atá pari passu ar gach bealach leis an díorthach, nó i gcás nach ann don suíomh pari passu sin, an suíomh atá díreach faoi réir an díorthaigh.
Airteagal 262
Urrúsuithe STC a láimhseáil faoi SEC-SA
Faoi SEC-IRBA, déanfar an t-ualú priacail maidir le suíomh in urrúsú STC a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 261, faoi réir na modhnuithe seo a leanas:
Airteagal 263
Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh faoin gCur Chuige Bunaithe ar Rátálacha Seachtracha (SEC-IRBA)
Maidir le risíochtaí a mbaineann measúnuithe creidmheasa gearrthéarmacha leo nó nuair is féidir rátáil atá bunaithe ar mheasúnú creidmheasa gearrthéarmach a bhunú de réir tátail i gcomhréir le mír 7, beidh feidhm ag na hualaí priacail a leanas:
Tábla 1
|
Céim Cáilíochta Creidmheasa |
1 |
2 |
3 |
Gach rátáil eile |
|
Ualú priacail |
15 % |
50 % |
100 % |
1 250 % |
Maidir le risíochtaí a mbaineann measúnuithe creidmheasa fadtéarmacha leo nó nuair is féidir rátáil atá bunaithe ar mheasúnú creidmheasa fadtéarmach a bhunú de réir tátail i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo, beidh feidhm ag na hualuithe priacail i dTábla 2 agus iad coigeartaithe mar is infheidhme maidir le haibíocht tráinse (MT) i gcomhréir le hAirteagal 257 agus mír 4 den Airteagal seo agus maidir le tiús tráinse le haghaidh tráinsí neamhshinsearacha i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo:
Tábla 2
|
Céim Cáilíochta Creidmheasa |
Tráinse is sinsearaí |
Tráinse neamhshinsearach (tanaí) |
||
|
Aibíocht tráinse (MT) |
Aibíocht tráinse (MT) |
|||
|
1 bhliain |
5 bliana |
1 bhliain |
5 bliana |
|
|
1 |
15 % |
20 % |
15 % |
70 % |
|
2 |
15 % |
30 % |
15 % |
90 % |
|
3 |
25 % |
40 % |
30 % |
120 % |
|
4 |
30 % |
45 % |
40 % |
140 % |
|
5 |
40 % |
50 % |
60 % |
160 % |
|
6 |
50 % |
65 % |
80 % |
180 % |
|
7 |
60 % |
70 % |
120 % |
210 % |
|
8 |
75 % |
90 % |
170 % |
260 % |
|
9 |
90 % |
105 % |
220 % |
310 % |
|
10 |
120 % |
140 % |
330 % |
420 % |
|
11 |
140 % |
160 % |
470 % |
580 % |
|
12 |
160 % |
180 % |
620 % |
760 % |
|
13 |
200 % |
225 % |
750 % |
860 % |
|
14 |
250 % |
280 % |
900 % |
950 % |
|
15 |
310 % |
340 % |
1 050 % |
1 050 % |
|
16 |
380 % |
420 % |
1 130 % |
1 130 % |
|
17 |
460 % |
505 % |
1 250 % |
1 250 % |
|
Gach ceann eile |
1 250 % |
1 250 % |
1 250 % |
1 250 % |
D’fhonn an tiús tráinse a chur san áireamh, déanfaidh institiúidí an t-ualú priacail do thráinsí neamhshinsearacha a ríomh mar a leanas:
i gcás inarb ionann
T = tiús an tráinse arna thomhas mar D – A
i gcás inarb ionann
|
D |
agus an pointe dí-astaithe arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 256 |
|
A |
agus an pointe astaithe arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 256 |
Chun rátálacha atá bunaithe ar thátal a úsáid, sannfaidh institiúidí rátáil atá bunaithe ar thátal do shuíomh gan rátáil agus beidh an rátáil sin coibhéiseach le measúnú creidmheasa suímh tagartha rátáilte a chomhlíonann na coinníollacha seo go léir:
tá an suíomh tagartha ar comhchéim ar gach bealach leis an suíomh urrúsúcháin gan rátáil nó, i gcás nach ann d’aicmiú pari passu, tá an suíomh tagartha díreach faoi réir an tsuímh gan rátáil;
ní bhaineann an suíomh tagartha aon tairbhe as ráthaíochtaí tríú páirtí nó as aon fheabhsuithe creidmheasa eile nach bhfuil ar fáil ag an suíomh gan rátáil;
beidh aibíocht an tsuímh tagartha cothrom le haibíocht an tsuímh gan rátáil atá i gceist nó níos faide ná í;
ar bhonn leanúnach, tabharfar aon rátáil bunaithe ar thátal cothrom le dáta chun aon athruithe maidir le measúnú creidmheasa an tsuímh tagartha a léiriú.
Chun críocha na chéad fhomhíre, is éard a bheidh sa suíomh tagartha ná an suíomh atá pari passu ar gach bealach leis an díorthach, nó i gcás nach ann don suíomh pari passu sin, an suíomh atá díreach faoi réir an díorthaigh.
Airteagal 264
Urrúsuithe STC a láimhseáil faoi SEC-ERBA
Maidir le risíochtaí a mbaineann measúnuithe creidmheasa gearrthéarmacha leo nó nuair is féidir rátáil atá bunaithe ar mheasúnú creidmheasa gearrthéarmach a bhunú de réir tátail i gcomhréir le hAirteagal 263(7), beidh na hualuithe priacail a leanas infheidhme:
Tábla 3
|
Céim Cáilíochta Creidmheasa |
1 |
2 |
3 |
Gach rátáil eile |
|
Ualú priacail |
10 % |
30 % |
60 % |
1 250 % |
Maidir le risíochtaí a mbaineann measúnuithe creidmheasa fadtéarmacha leo nó nuair is féidir rátáil atá bunaithe ar mheasúnú creidmheasa fadtéarmach a bhunú de réir tátail i gcomhréir le hAirteagal 263(7), cinnfear ualuithe priacail i gcomhréir le Tábla 4 agus iad coigeartaithe maidir le haibíocht tráinse (MT) i gcomhréir le hAirteagal 257 agus le hAirteagal 263(4) agus maidir le tiús tráinse le haghaidh tráinsí neamhshinsearacha i gcomhréir le hAirteagal 263(5):
Tábla 4
|
Céim Cáilíochta Creidmheasa |
Tráinse is sinsearaí |
Tráinse neamhshinsearach (tanaí) |
||
|
Aibíocht tráinse (MT) |
Aibíocht tráinse (MT) |
|||
|
1 bhliain |
5 bliana |
1 bhliain |
5 bliana |
|
|
1 |
10 % |
10 % |
15 % |
40 % |
|
2 |
10 % |
15 % |
15 % |
55 % |
|
3 |
15 % |
20 % |
15 % |
70 % |
|
4 |
15 % |
25 % |
25 % |
80 % |
|
5 |
20 % |
30 % |
35 % |
95 % |
|
6 |
30 % |
40 % |
60 % |
135 % |
|
7 |
35 % |
40 % |
95 % |
170 % |
|
8 |
45 % |
55 % |
150 % |
225 % |
|
9 |
55 % |
65 % |
180 % |
255 % |
|
10 |
70 % |
85 % |
270 % |
345 % |
|
11 |
120 % |
135 % |
405 % |
500 % |
|
12 |
135 % |
155 % |
535 % |
655 % |
|
13 |
170 % |
195 % |
645 % |
740 % |
|
14 |
225 % |
250 % |
810 % |
855 % |
|
15 |
280 % |
305 % |
945 % |
945 % |
|
16 |
340 % |
380 % |
1 015 % |
1 015 % |
|
17 |
415 % |
455 % |
1 250 % |
1 250 % |
|
Gach ceann eile |
1 250 % |
1 250 % |
1 250 % |
1 250 % |
Airteagal 265
Raon feidhme agus ceanglais oibríochtúla Chur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh
I gcás ina bhfuil B cead faighte ag institiúid chun Cur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh a chur i bhfeidhm i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, agus ina dtagann suíomh sonrach i gclár ABCP nó in idirbheart ABCP laistigh den raon feidhme a chumhdaítear leis an gcead sin, cuirfidh an institiúid an chur chuige sin i bhfedhm chun méid na risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh don suíomh sin.
Tabharfaidh na húdaráis inniúla cead d’institiúidí Cur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh a chur i bhfeidhm laistigh de raon feidhme atá sainithe go soiléir i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:
is suíomhanna rátáilte na suíomhanna go léir sa pháipéar tráchtála arna eisiúint ag an gclár ABCP;
léiríonn an measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa an tsuímh an mhodheolaíocht mheasúnaithe atá ag IMCS amháin nó níos mó atá ar fáil don phobal, chun suíomhanna urrúsúcháin atá bunaithe ar risíochtaí foluiteacha den chineál atá urrúsuithe a rátáil;
an páipéar tráchtála a eisítear ón gclár ABCP, den chuid is mó eisítear d’infheisteoirí tríú páirtí é;
tá próiseas measúnaithe inmheánach na hinstitiúide chomh coimeádach ar a laghad agus measúnuithe na IMCSanna sin atá ar fáil don phobal a sholáthair rátáil sheachtrach don pháipéar tráchtála arna eisiúint ag an gclár ABCP, go háirithe maidir le fachtóirí struis agus gnéithe cainníochtúla ábhartha eile;
cuireann modheolaíocht na hinstitiúide maidir le measúnú inmheánach san áireamh gach modheolaíocht rátála ábhartha, atá ar fáil don phobal, de chuid na IMCSanna faoina rátáiltear páipéar tráchtála an chláir ABCP agus cuirtear san áireamh gráid rátála a fhreagraíonn do mheasúnuithe creidmheasa IMCSanna. Tabharfaidh an institiúid ina taifid inmheánacha ráiteas míniúcháin ina ndéanfar cur síos ar an gcaoi ar comhlíonadh na ceanglais a leagtar amach sa phointe seo agus tabharfaidh sí an ráiteas sin cothrom le dáta ar bhonn rialta;
úsáideann an institiúid an mhodheolaíocht um measúnú inmheánach chun críocha bainistithe priacail inmheánaigh, lena n-áirítear a próisis cinnteoireachta, bainistíochta faisnéise agus a próisis inmheánacha maidir le leithdháileadh caipitil;
déanann iniúchóirí inmheánacha nó seachtracha, IMCS, nó feidhm inmheánach athbhreithnithe creidmheasa nó bainistíochta priacail na hinstitiúide athbhreithniú rialta ar an bpróiseas measúnaithe inmheánaigh agus ar cháilíocht na measúnuithe inmheánacha arna ndéanamh ar cháilíocht chreidmheasa risíochtaí na hinstitiúide ar chlár ABCP nó ar idirbheart ABCP;
déanfaidh an institiúid feidhmíocht a rátálacha inmheánacha a rianú le himeacht ama chun meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht a modheolaíochta um measúnú inmheánach agus déanfaidh sí an mhodheolaíocht sin a choigeartú, de réir mar is gá, má bhíonn difríocht rialta idir feidhmíocht na risíochtaí agus an fheidhmíocht arna léiriú ag na rátálacha inmheánacha;
áireofar leis an gclár ABCP caighdeáin um bainistíocht frithgheallta agus dliteanais i bhfoirm treoirlínte do riarthóir an chláir maidir leis an méid seo a leanas, ar a laghad:
na critéir maidir le hincháilitheacht sócmhainní, faoi réir phointe (j);
cineálacha agus luach airgeadaíoch na risíochtaí mar thoradh ar sholáthar saoráidí leachtachta agus feabhsuithe creidmheasa;
an dáileachán caillteanais idir na suíomhanna urrúsúcháin sa chlár nó san idirbheart ABCP;
aonrú dlíthiúil agus eacnamaíoch na sócmhainní aistrithe ón eintiteas atá i mbun na sócmhainní a dhíol;
leis na critéir maidir le hincháilitheacht sócmhainní sa chlár ABCP déantar foráil maidir leis an méid seo a leanas, ar a laghad:
eisiamh ceannach sócmhainní atá go mór thar téarma nó ar mainneachtain;
teorannú ró-chomhchruinnithe maidir le limistéar geografach nó oibleagáideoir aonair; agus
teorannú éirim na sócmhainní a bheidh le ceannach;
go ndéantar anailís ar phriacail chreidmheasa agus ar phróifíl ghnó dhíoltóir na sócmhainne, lena n-áireofar ar a laghad measúnú:
ar fheidhmíocht airgeadais an díoltóra roimhe seo agus ar an bhfeidhmíocht airgeadais is dóigh a bheidh aige amach anseo;
ar shuíomh reatha an díoltóra ar an margadh, agus ar an iomaíochas is dócha a bheidh ann amach anseo;
ar luamhánacht, sreabhadh airgid, cumhdach úis agus rátáil fiachais an díoltóra; agus
ar chaighdeáin frithgheallta, cumas fiachas a sheirbhísiú, agus próisis bailiúcháin an díoltóra;
tá beartais agus próisis bailiúcháin ag an gclár ABCP a chuireann cumas oibriúcháin agus cáilíocht chreidmheasa an tseirbhíseora san áireamh agus a chuimsíonn gnéithe a mhaolaíonn priacail a bhaineann le feidhmíocht an díoltóra agus an tseirbhíseora. Chun críocha an phointe seo, féadfar priacail a bhaineann le feidhmíocht a mhaolú trí thucaidí a bheidh bunaithe ar cháilíocht chreidmheasa reatha an díoltóra nó an tseirbhíseora cosc a chur ar mheascadh cistí i gcás mhainneachtain an díoltóra nó an tseirbhíseora;
cuirtear san áireamh sa mheastachán comhiomlánaithe caillteanais ar chomhthiomsú sócmhainní a d’fhéadfaí a cheannach faoin gclár ABCP gach foinse a d’fhéadfadh priacal a beith ag baint leo, amhail priacal creidmheasa agus caolúcháin;
i gcás ina bhfuil méid na bhfeabhsuithe creidmheasa a sholáthair an díoltóir bunaithe ar chaillteanais a bhaineann le creidmheas agus orthu sin amháin, agus más iomchuí an priacal caolúcháin i gcás an chomhthiomsaithe sócmhainní ar leith sin, is cúlchiste ar leithligh a bheidh sa chlár ABCP le haghaidh priacal caolúcháin;
déantar méid an leibhéil fheabhsaithe is gá sa chlár ABCP a ríomh trí aird a thabhairt ar roinnt blianta d’fhaisnéis stairiúil, lena n-áirítear caillteanais, ciontóireacht, caoluithe, agus ráta láimhdeachais earraí infhaighte;
sa chlár ABCP, tá gnéithe struchtúracha i gceist le linn risíochtaí a cheannach d’fhonn meathlú creidmheasa féideartha na punainne foluití a mhaolú. D’fhéadfaí tairseacha clabhsúir a bhaineann go sonrach le comhthiomsú risíochtaí a bheith ina ngnéithe sin;
déanfaidh an institiúid meastóireacht ar na gnéithe a bhaineann leis an gcomhthiomsú sócmhainní foluiteach, amhail an meánscór creidmheasa atá ualaithe, agus sainaithneoidh sí aon chomhchruinnithe d’oibleagáideoir aonair nó do limistéar geografach agus do ghráinneacht an chomhthiomsaithe sócmhainní.
Maidir le hinstitiúidí a bhfuil cead faighte acu Cur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh a úsáid, ní fhillfidh siad ar mhodhanna eile a úsáid maidir le suíomhanna a thagann faoi raon feidhme acu Cur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh, mura gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
tá léirithe ag an institiúid chun sástachta an údaráis inniúil go bhfuil cúis mhaith ag an institiúid déanamh amhlaidh;
tá cead faighte ag an institiúid roimh ré ón údarás inniúil.
Airteagal 266
Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh faoi Chur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh
Airteagal 267
Ualú priacail uasta le haghaidh suíomhanna urrúsúcháin shinsearacha: Cur chuige an trébhreathnaithe
I gcás comhthiomsuithe measctha, déanfar an t-ualú priacail uasta a ríomh mar seo a leanas:
i gcás ina gcuirfidh an institiúid SEC-IRBA i bhfeidhm, sannfar ualú priacail an Chur Chuige Chaighdeánaithe agus ualú priacail an Chur Chuige IRB do chion an Chur Chuige Chaighdeánaithe agus do chion an Chur Chuige IRB den chomhthiomsú foluiteach faoi seach;
i gcás ina gcuirfidh an institiúid SEC-SA nó SEC-ERBA i bhfeidhm, beidh an t-ualú priacail uasta do shuíomhanna urrúsúcháin sinsearacha cothrom leis an ualú priacail meánualaithe faoin gCur Chuige Caighdeánaithe atá ag na risíochtaí foluiteacha.
Chun críocha an Airteagail seo, san áireamh leis an ualú priacail a bheadh infheidhme faoin gCur Chuige IRB i gcomhréir le Caibidil 3, beidh cóimheas idir:
na caillteanais ionchasacha iolraithe faoi 12.5, agus
luach risíochta na risíochtaí foluiteacha.
Airteagal 268
Ceanglais maidir le caipiteal uasta
Is é a bheidh sa cheanglas uasta caipitil an toradh a fhaightear nuair a iolraítear an méid arna ríomh i gcomhréir le mír 1 nó le mír 2 faoin gcion is mó úis atá i seilbh na hinstitiúide sna tráinsí ábhartha (V), arna shloinneadh mar chéatadán agus arna ríomh mar a leanas:
i gcás institiúid a bhfuil suíomh urrúsúcháin amháin nó níos mó aici in aon tráinse amháin, beidh V cothrom le cóimheas mhéid ainmniúil na suíomhanna urrúsúcháin atá i seilbh na hinstitiúide sin sa tráinse sin agus méid ainmniúil an tráinse;
i gcás institiúid a bhfuil suíomhanna urrúsúcháin aici i dtráinsí éagsúla, beidh V cothrom leis an gcion uasta úis thar na tráinsí. Chun na gcríoch sin, déanfar cion an úis i gcomhair gach ceann de na tráinsí éagsúla a ríomh mar a leagtar amach i bpointe (a).
Airteagal 269
Ath-urrúsuithe
I gcás suíomh in ath-urrúsú, cuirfidh institiúidí SEC-SA i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 261, agus na hathruithe seo a leanas air:
W = 0 i gcás aon risíocht ar thráinse urrúsúcháin laistigh den chomhthiomsú risíochtaí foluiteacha;
p = 1.5;
beidh an t-ualú priacail a thiocfaidh as sin faoi réir ualú priacail íosta 100 %.
Airteagal 269a
Láimhseáil urrúsuithe risíochtaí neamhthuillmheacha (NPE)
Chun críocha an Airteagail seo:
ciallaíonn “urrúsú NPE” urrúsú risíochta neamhthuillmhí (NPE) mar a shainmhínítear é i bpointe (25) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;
ciallaíonn “urrúsú traidisiúnta cáilitheach NPE” urrúsú traidisiúnta NPE i gcás inarb ionann an lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha agus 50 % ar a laghad de mhéid gan íoc na risíochtaí foluiteacha tráth a aistríodh iad chuig SSPE.
Déanfaidh institiúidí an ríomh de réir na foirmle seo a leanas:
i gcás:
|
CRmax |
= |
an ceanglas caipitil uasta i gcás urrúsú traidisiúnta cáilitheach NPE; |
|
RWEAIRB |
= |
suim na méideanna risíochta a ualaítear de réir priacal de na risíochtaí foluiteacha atá faoi réir Chur Chuige IRB; |
|
ELIRB |
= |
suim mhéideanna an chaillteanais ionchasaigh de na risíochtaí foluiteacha atá faoi réir Chur Chuige IRB; |
|
NRPPD |
= |
an lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha; |
|
EVIRB |
= |
suim luachanna risíochta na risíochtaí foluiteacha atá faoi réir Chur Chuige IRB; |
|
EVPool |
= |
suim luachanna risíochta na risíochtaí foluiteacha uile sa chomhthiomsú; |
|
SCRAIRB |
= |
i gcás institiúidí tionscnóra, na coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa arna ndéanamh ag an institiúid i ndáil leis na risíochtaí foluiteacha sin atá faoi réir Chur Chuige IRB ach amháin má sháraíonn na coigeartuithe sin NRPPD agus a mhéid a sháraíonn siad é sa chás sin; i gcás institiúidí infheisteora, is é nialas an méid; |
|
RWEASA |
= |
suim na méideanna risíochta a ualaítear de réir priacal de na risíochtaí foluiteacha atá faoi réir an Chur Chuige Chaighdeánaithe. |
Chun críocha na chéad fhomhíre, institiúidí tionscnóra a chuireann SEC-IRBA i bhfeidhm maidir le suíomh agus a gceadaítear dóibh a meastacháin féin ar LGDanna agus fachtóirí coinbhéartachta a úsáid le haghaidh na risíochtaí foluiteacha ar fad atá faoi réir Chur Chuige IRB i gcomhréir le Caibidil 3, déanfaidh siad an lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha agus, i gcás inarb infheidhme, aon choigeartú sonrach breise i leith priacal creidmheasa a bhaint as na caillteanais ionchasacha agus luachanna risíochta na risíochtaí foluiteacha a bhaineann le suíomh sinsearach in urrúsú traidisiúnta cáilitheach NPE de réir na foirmle seo a leanas:
i gcás:
|
RWmax |
= |
an t-ualach priacail, sula gcuirfear an íosteorainn i bhfeidhm, is infheidhme maidir le suíomh sinsearach in urrúsú traidisiúnta cáilitheach NPE nuair a úsáidtear cur chuige na trédhearcachta; |
|
RWEAIRB |
= |
suim na méideanna risíochta a ualaítear de réir priacal de na risíochtaí foluiteacha atá faoi réir Chur Chuige IRB; |
|
RWEASA |
= |
suim na méideanna risíochta a ualaítear de réir priacal de na risíochtaí foluiteacha atá faoi réir an Chur Chuige Chaighdeánaithe; |
|
ELIRB |
= |
suim mhéideanna an chaillteanais ionchasaigh de na risíochtaí foluiteacha atá faoi réir Chur Chuige IRB; |
|
NRPPD |
= |
an lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha; |
|
EVIRB |
= |
suim luachanna risíochta na risíochtaí foluiteacha atá faoi réir Chur Chuige IRB; |
|
EVpool |
= |
suim luachanna risíochta na risíochtaí foluiteacha uile sa chomhthiomsú; |
|
EVSA |
= |
suim luachanna risíochta na risíochtaí foluiteacha atá faoi réir an Chur Chuige Chaighdeánaithe; |
|
SCRAIRB |
= |
na coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa arna ndéanamh ag an institiúid tionscnóra i ndáil leis na risíochtaí foluiteacha atá faoi réir Chur Chuige IRB ach amháin má sháraíonn na coigeartuithe sin NRPPD agus a mhéid a sháraíonn siad é sa chás sin |
Chun críocha an Airteagail seo, déanfar an lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha a ríomh tríd an méid dá dtagraítear i bpointe (b) a bhaint ón méid dá dtagraítear i bpointe (a):
an méid gan íoc de risíochtaí foluiteacha maidir le hurrúsú NPE ag an uair a aistríodh na risíochtaí sin chuig an eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin (SSPE);
suim na nithe seo a leanas:
praghas díola tosaigh na dtráinsí nó, i gcás inarb infheidhme, codanna de thráinsí maidir le hurrúsú NPE a dhíoltar le hinfheisteoirí tríú páirtí; agus
méid gan íoc na dtráinsí, ag an uair a aistríodh na risíochtaí foluiteacha chuig SSPE, nó, i gcás inarb infheidhme, méid gan íoc codanna de thráinsí an urrúsaithe sin atá ina sheilbh ag an tionscnóir.
Chun críocha mhíreanna 5 agus 6, i rith shaolré an idirbhirt, déanfar ríomh na lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha a choigeartú anuas, agus na caillteanais réadaithe á gcur san áireamh. Déanfaidh aon laghdú ar mhéid gan íoc na risíochtaí foluiteacha a thagann as caillteanais réadaithe an lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha a laghdú, faoi réir íosteorainn nialais.
I gcás ina ndéanfar lascaine a struchtúrú sa chaoi gur féidir í a aisíoc go hiomlán nó go páirteach leis an tionscnóir, ní áireofar an lascaine sin mar lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha chun críocha an Airteagail seo.
Airteagal 270
Suíomhanna sinsearacha in urrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe
Na méideanna risíochta a ualaítear de réir priacal de shuíomh urrúsúcháin in urrúsú STS laistigh den chlár comhardaithe dá dtagraítear in Airteagal 26a(1) de Rialachán (AE) 2017/2402, féadfaidh institiúid tionscnóra na méideanna sin a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 260, 262 nó 264 den Rialachán seo, de réir mar is infheidhme, i gcás ina gcomhlíonann an suíomh sin an dá choinníoll seo a leanas:
go gcomhlíontar leis an urrúsú na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 243(2);
go gcáilíonn an suíomh mar an suíomh urrúsúcháin sinsearach.
Déanfaidh ÚBE faireachán ar chur i bhfeidhm mhír 1, go háirithe i ndáil leis an méid seo a leanas:
méid margaidh agus sciar margaidh urrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe a gcuireann an institiúid tionscnóra mír 1 i bhfeidhm ina leith ar fud aicmí éagsúla sócmhainní;
leithdháileadh breathnaithe na gcaillteanas ar an tráinse sinsearach agus ar thráinsí eile d’urrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe, i gcás ina gcuireann an institiúid tionscnóra mír 1 i bhfeidhm i leith an tsuímh shinsearaigh atá ann in urrúsuithe den sórt sin;
tionchar chur i bhfeidhm mhír 1 ar luamhánú na n-institiúidí;
tionchar na húsáide a bhaintear as urrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe, ar urrúsuithe iad a gcuireann an institiúid tionscnóra mír 1 i bhfeidhm ina leith maidir le hionstraimí caipitil a bheith á n-eisiúint ag na hinstitiúidí tionscnóra faoi seach.
Airteagal 270a
Ualú priacail breise
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 270b
Measúnuithe creidmheasa á n-úsáid ag IMCSanna
Ní fhéadfaidh institiúidí measúnuithe creidmheasa a úsáid chun ualú priacail de chuid suíomh urrúsúcháin a chinneadh i gcomhréir leis an gCaibidil seo ach amháin sa chás ina bhfuil an measúnú creidmheasa eisithe nó formhuinithe ag IMCS i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009.
Airteagal 270c
Ceanglais a bheidh le comhlíonadh ag measúnuithe creidmheasa IMCSanna
Chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh i gcomhréir le Roinn 3, ní úsáidfidh institiúidí measúnú creidmheasa de chuid IMCS ach amháin má chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
níl neamhréir ar bith idir na cineálacha íocaíochtaí atá léirithe sa mheasúnú creidmheasa agus na cineálacha íocaíochtaí a bhfuil an institiúid ina dteideal faoin gconradh as a dtagann an suíomh urrúsúcháin atá i gceist;
foilsíonn an IMCS na measúnuithe creidmheasa agus an fhaisnéis maidir leis an anailís chaillteanais agus sreabhadh airgid, íogaireacht na rátálacha i leith athruithe i dtoimhdí foluiteacha na rátálacha, lena n-áirítear feidhmíocht na risíochtaí foluiteacha, agus maidir leis na nósanna imeachta, na modheolaíochtaí, na toimhdí agus na príomhghnéithe atá ina mbuntaca leis na measúnaithe creidmheasa i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009. Chun críocha an phointe seo, measfar faisnéis a bheith ina faisnéis atá ar fáil go poiblí má dhéantar í a fhoilsiú i bhformáid inrochtana. Ní mheasfar faisnéis nach gcuirtear ar fáil ach do líon teoranta eintiteas a bheith ina faisnéis atá ar fáil go poiblí;
tá na measúnuithe creidmheasa san áireamh i maitrís thrasdultach an IMCS;
níl na measúnuithe creidmheasa bunaithe ná bunaithe i bpáirt ar thacaíocht neamhchistithe arna soláthar ag an institiúid féin. I gcás ina mbeidh suíomh bunaithe nó bunaithe i bpáirt ar thacaíocht neamhchistithe, measfaidh an institiúid an suíomh sin amhail is go raibh sé gan rátáil ar mhaithe le méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh don suíomh sin i gcomhréir le Roinn 3;
tá gealltanas tugtha ag an IMCS mínithe a fhoilsiú maidir leis an tionchar a bheidh ag feidhmíocht risíochtaí foluiteacha ar an measúnú creidmheasa.
Airteagal 270d
Measúnuithe creidmheasa a úsáid
Bainfidh institiúid úsáid as measúnuithe creidmheasa ar a suíomhanna urrúsúcháin go comhsheasmhach agus ní go roghnach agus, chun na gcríoch sin, comhlíonfaidh an institiúid na ceanglais seo a leanas:
ní úsáidfidh institiúid measúnuithe creidmheasa IMCS dá suíomhanna i dtráinsí áirithe agus measúnuithe creidmheasa de chuid IMCS eile dá suíomhanna i dtráinsí eile laistigh den urrúsú céanna a d’fhéadfadh a bheith nó gan bheith rátáilte ag an gcéad IMCS;
i gcás ina bhfuil dhá mheasúnú creidmheasa ó IMCSanna ainmnithe ann maidir le suíomh, bainfidh an institiúid úsáid as an measúnú creidmheasa is lú fabhar;
i gcás ina bhfuil trí mheasúnú creidmheasa nó níos mó ó IMCSanna ainmnithe ann maidir le suíomh, bainfear úsáid as an dá mheasúnú creidmheasa is fabhraí. I gcás ina bhfuil an dá mheasúnú creidmheasa is fabhraí éagsúil le chéile, bainfear úsáid as an measúnú is lú fabhar;
ní iarrfaidh institiúid go ndéanfar rátálacha is lú fabhar a tharraingt siar.
Airteagal 270e
Urrús a mhapáil
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na céimeanna cáilíochta creidmheasa a leagtar amach sa Chaibidil seo a bhaineann le measúnuithe creidmheasa ábhartha gach IMCS a mhapáil ar bhealach oibiachtúil comhsheasmhach. Chun críocha an Airteagail seo, déanfaidh ÚBE an méid seo a leanas, go háirithe:
idirdhealú idir na céimeanna coibhneasta priacail a chuirtear in iúl i ngach measúnú;
fachtóirí cainníochtúla a mheas, amhail rátaí mainneachtana nó caillteanais agus feidhmíocht stairiúil na measúnuithe creidmheasa a rinne gach IMCS thar aicmí sócmhainne éagsúla;
fachtóirí cáilíochtúla a mheas, amhail raon na n-idirbheart arna mheasúnú ag an IMCS, a mhodheolaíocht agus an bhrí atá lena mheasúnuithe creidmheasa, go háirithe cé acu a chuirtear an caillteanas ionchasach nó an chéad chaillteanas Euro, agus íocaíocht thráthúil úis nó íocaíocht deiridh úis san áireamh;
iarracht lena áirithiú go mbaineann suíomhanna urrúsúcháin lena gcuirtear an t-ualú priacail céanna i bhfeidhm ar bhonn measúnuithe creidmheasa IMCSanna, go mbaineann céimeanna coibhéiseacha priacail chreidmheasa leo.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Iúil 2014.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
CAIBIDIL 6
Priacal creidmheasa an chontrapháirtí
Airteagal 271
Luach na risíochta a chinneadh
Airteagal 272
Sainmhínithe
Chun críocha na Caibidle seo agus Theideal VI den Chuid seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn 'priacal creidmheasa an chontrapháirtí' nó 'CCR' an priacal a d'fhéadfadh contrapháirtí in idirbheart mainneachtain roimh shocraíocht chríochnaitheach shreabha airgid an idirbhirt;
ciallaíonn 'idirbhearta socraíochta iarchurtha' idirbhearta i gcás ina ngeallann contrapháirtí urrús, tráchtearra nó suim malairte eachtraí a sheachadadh i gcoinne airgid thirim, ionstraimí airgeadais eile, nó tráchtearraí, nó a mhalairt, ag dáta socraíochta nó seachadta arna shonrú i gconradh atá níos déanaí ná caighdeán an mhargaidh don chineál idirbhirt ar leith seo nó cúig lá gnó tar éis an dáta ina dtéann an institiúid i mbun an idirbhirt, cibé acu is luaithe;
ciallaíonn 'idirbhearta iasachta corrlaigh' idirbhearta ina síneann institiúid creidmheas i ndáil le hurrúis a cheannach, a dhíol, a iompar nó a thrádáil. Níl iasachtaí eile atá urraithe le comhthaobhacht i bhfoirm urrús san áireamh in idirbhearta iasachta corrlaigh;
ciallaíonn 'tacar glanluachála' grúpa idirbheart idir institiúid agus contrapháirtí amháin atá faoi réir ag socrú glanluachála déthaobhach is infheidhme le dlí a aithnítear faoi Roinn 7 agus Caibidil 4;
Déanfar gach idirbheart nach bhfuil faoi réir ag socrú glanluachála déthaobhach is infheidhme le dlí a aithnítear faoi Roinn 7 a láimhseáil mar a thacar glanluachála féin chun cuspóirí na Caibidle seo;
Faoi Mhodh na Samhla Inmheánaí a leagtar amach i Roinn 6, féadfar gach tacar glanluachála le contrapháirtí amháin a láimhseáil mar thacar glanluachála amháin má shocraítear luachanna margaidh ionsamhlaithe diúltacha na dtacar glanluachála aonair go 0 sa mheastachán den risíochtionchasach (dá ngairtear 'EE' anseo feasta);
ciallaíonn 'suíomh priacal' uimhir priacal a shanntar d'idirbheart faoin Modh Caighdeánaithe a leagtar amach i Roinn 5 de réir algartaim réamhchinntithe;
ciallaíonn 'tacar fálaithe' grúpa idirbheart laistigh de thacar glanluachála aonair dá gceadaítear fritháireamh iomlán nó páirteach chun an risíocht fhéideartha thodhchaíoch a chinneadh de réir na modhanna a leagtar amach i Roinn 3 nó i Roinn 4 den Chaibidil seo;
ciallaíonn 'comhaontú corrlaigh' comhaontú nó forálacha comhaontaithe faoinar gá do chontrapháirtí amháin comhthaobhacht a sholáthar do dhara contrapháirtí eile nuair a sháraíonn risíocht den dara contrapháirtí sin ar an gcéad chontrapháirtí leibhéal sonraithe;
ciallaíonn ‘comhaontú corrlaigh aontreo’ comhaontú corrlaigh faoina n-éileofar ar an institiúid corrlaigh athrúcháin a bhreacadh chuig contrapháirtí ach nach bhfuil sí i dteideal corrlach athrúcháin a fháil ón gcontrapháirtí sin nó a mhalairt;
ciallaíonn 'tairseach corrlaigh' an méid is mó de risíochta fhanann gan íoc sula mbeidh ceart ag páirtí amháin glao a dhéanamh ar chomhthaobhacht;
ciallaíonn 'tréimhse corrlaigh faoi phriacal' an tréimhse ama ón malartú comhthaobhachta is déanaí ina gcuimsítear tacar glanluachála idirbheart le contrapháirtí mainneachtana go dtí go ndúntar amach na hidirbhearta agus go ndéantar an bpriacal margaidh atá ann dá bharr a ath-fhálú;
ciallaíonn 'aibíocht iarbhír' faoi Mhodh na Samhla Inmheánaí le haghaidh tacar glanluachála le haibíocht de níos mó ná bliain amháin cóimheas shuim na risíochta ionchasaí thar shaolré na n-idirbheart sa tacar glanluachála lascainithe ag an ráta toraidh saor ó priacal, arna roinnt ar shuim na risíochta ionchasaí thar bhliain amháin i dtacar glanluachála lascainithe ag an ráta saor ó priacal;
Féadfar an aibíocht iarbhír sin a oiriúnú chun an priacal tar-rollta a léiriú má dhéantar an risíocht ionchasach a ionadú leis an risíocht ionchasach iarbhír do thréimhsí réamhaisnéise níos lú ná bliain amháin;
ciallaíonn 'glanluacháil trastáirgí' idirbhearta de chatagóirí éagsúla táirgí a áireamh laistigh den tacar glanluachála céanna de bhun na rialacha um Ghlanluacháil Trastáirgí a leagtar amach sa Chaibidil seo;
ciallaíonn ‘margadhluach reatha’, nó ‘CMV’ margadhluach glan na n-idirbheart uile laistigh de thacar glanluachála, d'aon chomhthaobhacht a fuarthas nó a breacadh, i gcás margadh dearfach agus margadh diúltach a bheith glanluacháilte agus an CMV á ríomh;
ciallaíonn ‘glanmhéid na comhthaobhachta neamhspleáiche’ nó ‘NICA’ suim luach na glanchomhthaobhachta arna choigeartú i bhfianaise na luaineachta, a fuarthas nó a breacadh, de réir mar is infheidhme, chuig an tacar glanluachála seachas an corrlach athrúcháin;
ciallaíonn 'dáileadh margadhluachanna' réamhaisnéis maidir le dáileadh dóchúlachta de ghlan-mhargadhluachanna na n-idirbheart laistigh de thacar glanluachála do dháta sa todhchaí (an tréimhse réamhaisnéise), má thugtar margadhluach réadaithe na n-idirbheart sin ar dháta na réamhaisnéise;
ciallaíonn 'dáileadh risíochtaí' réamhaisnéis maidir le dáileadh dóchúlachta na margadhluachanna a ghintear trí áisc réamhaisnéise de ghlan-mhargadhluachanna diúltacha a shocrú cothrom le nialas;
ciallaíonn 'dáileadh priacal -neodrach' dáileadh margadhluachanna nó risíochtaí thar thréimhse ama sa todhchaí nuair a dhéantar an dáileadh a ríomh ag úsáid luachanna intuigthe an mhargaidh amhail luaineachtaí intuigthe;
ciallaíonn 'dáileadh iarbhír' dáileadh margadhluachanna nó risíochtaí ag tréimhse ama sa todhchaí nuair a dhéantar an dáileadh a ríomh ag úsáid luachanna stairiúla nó réadaithe amhail luaineachtaí arna ríomh ag úsáid athruithe ar phraghsanna nó ar rátaí ón am atá thart;
ciallaíonn 'risíocht reatha' an ceann is mó idir nialas agus margadhluach idirbhirt nó punainne idirbheart laistigh de thacar glanluachála le contrapháirtí a chaillfí ar mhainneachtain an chontrapháirtí, ag glacadh leis nach ndéanfaí gnóthú ar luach na n-idirbheart sin i ndócmhainneacht nó i leachtacht;
ciallaíonn 'risíocht bhuaice' peircintíl ard de dháileadh na risíochtaí ar dháta faoi leith sa todhchaí roimh dháta aibíochta an idirbhirt is faide sa tacar glanluachála;
ciallaíonn 'risíocht ionchasach' (dá ngairtear 'EE' anseo feasta) an meán de dháileadh na risíochtaí ar dháta faoi leith sa todhchaí sula n-aibeoidh an t-idirbheart is faide sa tacar glanluachála;
ciallaíonn 'risíocht ionchasach iarbhír ar dháta sonrach' (dá ngairtear 'EE iarbhír' anseo feasta) an risíocht ionchasach uasta a bhíonn ann an dáta sin nó aon dáta roimhe sin. A mhalairt sin, féadfar é a shainiú do dháta sonrach mar an gceann is mó idir risíocht ionchasach ar an dáta sin nó an risíocht ionchasach iarbhír ar dháta ar bith roimhe sin;
ciallaíonn 'risíocht dheimhneach ionchasach' (dá ngairtear 'EPE' anseo feasta) meán ualaithe le himeacht ama de risíochtaí ionchasacha, sa chás gurb iad na hualuithe an cion den tréimhse ama iomlán a bhfuil an risíocht ionchasach aonair in ionannas léi;
Agus an ceanglas cistí dílse á ríomh, úsáidfidh institiúidí an meán thar an gcéad bhliain nó, má aibíonn gach ceann de na conarthaí laistigh den tacar glanluachála faoi cheann bliana amháin, thar an tréimhse ama go dtí go n-aibeoidh an conradh leis an aibíocht is faide sa tacar glanluachála.
ciallaíonn 'risíocht dheimhneach ionchasach iarbhír' (dá ngairtear 'EPE iarbhír' anseo feasta), meán ualaithe den risíocht ionchasach iarbhír thar an gcéad bhliain de thacar glanluachála nó, máaibíonn gach ceann de na conarthaí laistigh den tacar glanluachála faoi cheann bliana amháin, thar thréimhse ama an chonartha leis an aibíocht is faide sa tacar glanluachála, sa chás gurb iad na hualuithe an cion den tréimhse ama iomlán a bhfuil an risíocht ionchasach aonair in ionannas leis;
ciallaíonn 'priacal tar-rollta' an méid faoina ndéantar an EPE a ghanniontráil nuair atáthar ag súil leis go ndéanfar idirbhearta sa todhchaí le contrapháirtí ar bhonn leanúnach;
Níl an risíocht bhreise arna giniúint ag na hidirbhearta sin sa todhchaí ar áireamh agus EPE á ríomh;
ciallaíonn 'contrapháirtí' chun críocha Roinn 7 duine nádúrtha nó duine dlítheanach ar bith a dhéanann comhaontú glanluachála, agus a bhfuil an cumas conarthach aige nó aici é sin a dhéanamh;
ciallaíonn 'comhaontú glanluachála trastáirge conarthach' comhaontú conarthach déthaobhach i scríbhinn idir institiúid agus contrapháirtí faoina gcruthaítear oibleagáid dhlíthiúil amháin (bunaithe ar ghlanluacháil na n-idirbheart atá clúdaithe) a chumhdaíonn gach máistir-chomhaontú déthaobhach agus gach idirbheart déthaobhach a bhaineann le catagóirí éagsúla táirgí atá ar áireamh laistigh den chomhaontú;
Chun críocha an tsainmhínithe seo, ciallaíonn 'catagóirí éagsúla táirgí':
idirbhearta athcheannaigh, idirbhearta iasachtaithe agus iasachtaíochta i leith urrús agus tráchtearraí;
idirbhearta iasachta corrlaigh;
na conarthaí a liostaítear in Iarscríbhinn II;
ciallaíonn 'cuid d'íocaíocht' an íocaíocht a chomhaontaítear in idirbheart díorthach thar an gcuntar le próifíl líneach priacal ina sonraítear go ndéanfar ionstraim airgeadais a mhalartú le haghaidh íocaíochta.
I gcás na n-idirbheart ina sonraítear go ndéanfar íocaíocht a mhalartú in aghaidh íocaíochta, beidh an dá chuid d'íocaíocht sin comhdhéanta de na híocaíochtaí comhlána comhaontaithe, lena n-áirítear méid barúlach an idirbhirt.
Airteagal 273
Modhanna chun luach na risíochta a ríomh
Ní úsáidfidh institiúid nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 273a (1) an modh a leagtar amach i Roinn 4. Ní úsáidfidh institiúid nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 273a (2) an modh a leagtar amach i Roinn 5.
Féadfaidh institiúidí na modhanna a leagtar amach i Ranna 3 go 6 a úsáid i dteaglaim ar bhonn buan laistigh de ghrúpa. Ní dhéanfaidh institiúid aonair, ar bhonn buan, na modhanna a leagtar amach i Roinn 3 go Roinn 6 a úsáid i dteaglaim.
Féadfaidh institiúid luach na risíochta a chinneadh maidir leis na hítimí seo a leanas ag baint úsáide as Modh na Samhla Inmheánaí a leagtar amach i Roinn 6 sa chás ina gceadaíonn na húdaráis inniúla é sin a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 283(1) agus (2):
na conarthaí a liostaítear in Iarscríbhinn II;
idirbhearta athcheannaigh;
idirbhearta maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht;
idirbhearta iasachta corrlaigh;
idirbhearta socraíochta iarchurtha.
Má cheannaíonn institiúid cosaint trí dhíorthach creidmheasa i gcoinne risíochta ar leabhar neamhthrádála nó i gcoinne risíochta ar priacal an chontrapháirtí, féadfaidh sí a ceanglas cistí dílse féin don risíochtfhálaithe a ríomh i gcomhréir le ceachtar díobh seo a leanas:
Airteagail 233 go 236;
i gcomhréir le hAirteagal 153(3), nó Airteagal 183, sa chás gur tugadh cead i gcomhréir le hAirteagal 143.
Nialas a bheidh i luach na risíochta le haghaidh CCR i gcás na ndíorthach creidmheasa sin, ach amháin má chuireann institiúidí cur chuige (ii) i bpointe (h) d'Airteagal 299(2) i bhfeidhm.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás ina mbeidh feidhm ag comhaontú corrlaigh amháin maidir le tacair ghlanluachála iomadúla leis an gcontrapháirtí sin agus i gcás ina mbeidh ceann de na modhanna a leagtar amach i Roinn 3 go Roinn 6 á úsáid ag an institiúid chun luach risíochta na dtacar glanluachála sin a ríomh, déanfar luach na risíochta a ríomh i gcomhréir leis an Roinn ábhartha.
Le haghaidh contrapháirtí faoi leith, beidh luach na risíochta le haghaidh tacar glanluachála áirithe d'ionstraimí díorthacha thar an gcuntar a liostaítear in Iarscríbhinn II arna ríomh i gcomhréir leis an gCaibidil seo cothrom leis an gceann is mó idir nialas agus an difríocht idir suim na luachanna risíochta thar gach tacar glanluachála leis an gcontrapháirtí agus suim na gcoigeartuithe luachála creidmheasa don chontrapháirtí sin arna aithint ag an institiúid mar dhíluacháil thabhaithe. Déanfar na coigeartuithe luachála creidmheasa a ríomh gan aon choigeartuithe luachála dochair fhritháirimh a chur san áireamh a thugtar do phriacal creidmheasa na gnólachta airgeadais féin atá eisiata cheana ó chistí dílse i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 33(1).
Chun críocha na chéad fhomhíre, measfar gur lánmheaitseálacha dhá chonradh dhíorthacha thar an gcuntar i gcás ina gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha seo a leanas:
go bhfuil a suíomhanna priacail urchomhaireach i leith a chéile;
gur comhionann na gnéithe atá acu cé is moite den dáta trádála;
go bhfritháiríonn a sreabha airgid a chéile.
Airteagal 273a
Coinníollacha maidir le modhanna simplithe a úsáid chun luach na risíochta a ríomh
Féadfaidh institiúid luach risíochta a cuid suíomhanna díorthach a ríomh i gcomhréir leis an modh a leagtar amach i Roinn 4 ar choinníoll gur lú gnó díorthach na hinstitiúide laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe ná an dá thairseach seo a leanas, nó go bhfuil siad cothrom leo, ar bhonn measúnú a dhéantar go míosúil agus na sonraí ón lá deireanach den mhí amach á n-úsáid:
10 % de shócmhainní iomlána na hinstitiúide;
EUR 300 milliún.
Féadfaidh institiúid luach risíochta suíomhanna díorthach a ríomh i gcomhréir leis an modh a leagtar amach i Roinn 5 ar choinníoll gur lú gnó díorthach na hinstitiúide laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe ná an dá thairseach seo a leanas, nó go bhfuil siad cothrom leo, ar bhonn measúnú a dhéantar go míosúil agus na sonraí ón lá deireanach den mhí amach á n-úsáid;
5 % de shócmhainní iomlána na hinstitiúide;
EUR 100 milliún.
Chun críocha mhír 1 agus mhír 2, déanfaidh institiúidí méid a ngnó díorthach laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe a ríomh bunaithe ar shonraí ón lá deireanach de gach mí amach i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:
déanfar gach suíomh díorthach a luacháil ag a margadhluachanna ar an dáta áirithe sin; i gcás nach bhfuil margadhluach suímh ar fáil ar dháta áirithe, déanfaidh institiúidí luach cóir don suíomh ar an dáta sin a ghlacadh; i gcás nach mbeidh an margadhluach an an luach cóir ar shuíomh ar fáil ar dháta áirithe, tógfaidh institiúidí an margadhluach nó an luach cóir is déanaí don suíomh sin;
déanfar suimiú ar luach absalóideach suíomhanna fada díorthach agus ar luach absalóideach suíomhanna gearra díorthach;
cuirfear na suíomhanna díorthach go léir san áireamh, seachas díorthaigh chreidmheasa a aithneofar mar fháluithe inmheánacha ar risíochtaí leabhair neamhthrádála ar phriacal creidmheasa.
Airteagal 273b
Neamh-chomhlíonadh na gcoinníollacha maidir le modhanna simplithe a úsáid chun luach risíochta díorthach a ríomh
Scoirfidh institiúid de luachanna risíochta a suíomhanna díorthach a ríomh i gcomhréir le Roinn 4 nó Roinn 5, de réir mar is infheidhme, laistigh de thrí mhí ón uair a tharlóidh ceann amháin de na cásanna seo a leanas:
ní chomhlíonann an institiúid na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 273a(1) nó (2), de réir mar is infheidhme, nó na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (b) d'Airteagal 273a(1) nó (2), de réir mar is infheidhme, ar feadh trí mhí as a chéile;
ní chomhlíonann an institiúid na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 273a(1) nó (2), de réir mar is infheidhme, nó na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (b) d'Airteagal 273a(1) nó (2), de réir mar is infheidhme, ar feadh breis agus 6 mhí den 12 mhí roimhe sin.
Airteagal 274
Luach risíochta
Féadfaidh institiúid luach risíochta aonair a ríomh ar leibhéal an tacair glanluachála le haghaidh na n-idirbheart uile a chumhdaítear le comhaontú glanluachála conarthach i gcás ina gcomhlíontar an méid seo a leanas:
is le ceann de na cineálacha comhaontuithe glanluachála conarthacha dá dtagraítear in Airteagal 295 a bhaineann an comhaontú glanluachála;
tá an comhaontú glanluachála aitheanta ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 296;
tá na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 297 comhlíonta ag an institiúid i ndáil leis an gcomhaontú glanluachála.
I gcás nach gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, déanfaidh an institiúid gach idirbheart a láimhseáil amhail agus dá mba é a thacar glanluachála féin é.
Déanfaidh institiúidí luach risíochta tacair ghlanluachála a ríomh faoin gcur chuige caighdeánaithe maidir le priacal creidmheasa contrapháirtí mar leanas:
|
RC |
= |
an costas athsholáthair arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 275; agus |
|
PFE |
= |
an risíocht fhéideartha thodhchaíoch arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 278; |
|
α |
= |
1,4. |
Féadfaidh institiúidí luach risíochta tacair glanluachála a shocrú ag nialas i gcás ina gcomhlíonann an tacar sin na coinníollacha seo a leanas:
gur céadroghanna díolta amháin atá sa tacar glanluachála;
go mbíonn margadhluach reatha an tacair glanluachála diúltach i gcónaí;
go bhfuair an institiúid roimh ré préimh na gcéadroghanna uile a áirítear sa tacar glanluachála chun comhlíonadh na gconarthaí a ráthú;
nach bhfuil an tacar glanluachála faoi réir aon chomhaontaithe corrlaigh.
Airteagal 275
Costas athsholáthair
Déanfaidh institiúidí costas athsholáthair RC“”na dtacar glanluachála nach bhfuil faoi réir comhaontú corrlaigh a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
Déanfaidh institiúidí costas athsholáthair na dtacar glanluachála aonair atáoi réir comhaontú corrlaigh a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
|
RC |
= |
an costas athsholáthair |
|
VM |
= |
luach an ghlanchorrlaigh athrúcháin arna choigeartú i bhfianaise na luaineachta, a fuarthas nó a breacadh, de réir mar is infheidhme, chuig an tacar glanluachála ar bhonn rialta chun athruithe ar CMV an tacair glanluachála a mhaolú; |
|
TH |
= |
an tairseach corrlaigh is infheidhme maidir leis an tacar glanluachála faoin gcomhaontú corrlaigh, ar tairseach í faoina mbeadh cosc ar an institiúid glao a dhéanamh ar chomhthaobhacht; agus |
|
MTA |
= |
íosmhéid an aistrithe is infheidhme maidir leis an tacar glanluachála faoin gcomhaontú corrlaigh. |
Déanfaidh institiúidí an costas athsholáthair le haghaidh tacair ghlanluachála iolracha atá faoi réir an chomhaontaithe corrlaigh chéanna a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
nuair:
|
RC |
= |
costas athsholáthair |
|
i |
= |
an t-innéacs lena gcuirtear in iúl na tacair ghlanluachála atá faoi réir an corrlaigh aonair; |
|
CMVi |
= |
CMV thacar glanluachála “i”; |
|
VMMA |
= |
suim luach na comhthaobhachta arna choigeartú i bhfianaise na luaineachta, a fuarthas nó a breacadh, de réir mar is infheidhme, chuig tacair ghlanluachála iolracha ar bhonn rialta chun athruithe ar a CMV a mhaolú; agus |
|
NICAMA |
= |
suim luach na comhthaobhachta arna choigeartú i bhfianaise na luaineachta, a fuarthas nó a breacadh, de réir mar is infheidhme, chuig tacair ghlanluachála iolracha cé is moite de VMMA. |
Chun críocha na chéad fhomhíre, féadfar NICAMA a ríomh ar an leibhéal trádála, ar leibhéal an tacair glanluachála nó ar leibhéal na dtacar glanluachála uile a bhfuil feidhm ag an gcomhaontú corrlaigh maidir leo ag brath ar an leibhéal a bhfuil feidhm ag an gcomhaontú corrlaigh maidir leis.
Airteagal 276
Comhthaobhacht a aithint agus a láimhseáil
Chun críocha na Roinne seo, déanfaidh institiúidí méideanna comhthaobhachta VM, VMMA, NICA agus NICAMA, a ríomh trí na ceanglais uile seo a leanas a chur i bhfeidhm:
i gcás ina mbaineann na hidirbhearta uile a áirítear i dtacar glanluachála leis an leabhar trádála, ní aithneofar ach amháin comhthaobhacht atá incháilithe faoi Airteagail 197 agus 299;
i gcás ina bhfuil idirbheart amháin ar a laghad a bhaineann le leabhar neamhthrádála i dtacar glanluachála, ní aithneofar ach amháin comhthaobhacht atá incháilithe faoi Airteagal 197;
is trí chomhartha deimhneach a aithneofar comhthaobhacht a fhaightear ó chontrapháirtí agus is trí chomhartha diúltach a aithneofar comhthaobhacht a bhreactar i leith contrapháirtí;
déanfar luach aon chineáil comhthaobhachta arna choigeartú i bhfianaise na luaineachta, a fuarthas nó a breacadh, a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 223; chun críocha an ríomha sin, ní úsáidfidh institiúidí an modh a leagtar amach in Airteagal 225;
ní áireofar an ítim chomhthaobhachta chéanna i VM agus i NICA araon ag an am céanna;
ní áireofar an ítim chomhthaobhachta chéanna i VMMA agus i NICAMA araon ag an am céanna;
ní aithneofar aon chomhthaobhacht a bhreactar i leith an chontrapháirtí atá leithscartha ó shócmhainní an chontrapháirtí sin, agus, mar gheall ar an leithscaradh sin, nach bhfuil baint aici le féimheacht i gcás mhainneachtain nó dhócmhainneacht an chontrapháirtí sin, ní aithneofar í agus NICA agus NICAMA á ríomh.
Maidir le luach comhthaobhachta breactha arna choigeartú i bhfianaise na luaineachta dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1 den Airteagal seo a ríomh, cuirfidh institiúidí an fhoirmle seo a leanas in ionad na foirmle a leagtar amach in Airteagal 223(2):
Chun críche phointe (d) de mhír 1, socróidh institiúidí an tréimhse leachtaithe is ábhartha do ríomh an luacha comhthaobhachta arna choigeartú i bhfianaise na luaineachta, a fuarthas nó a breacadh, i gcomhréir le ceann amháin de na tréimhsí ionchasacha seo a leanas:
bliain amháin i gcás na dtacar glanluachála dá dtagraítear in Airteagal 275(1)r;
an tréimhse corrlaigh faoi phriacal arna cinneadh i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 279c(1) i gcás na dtacar glanluachála dá dtagraítear in Airteagal 275(2) agus (3).
Airteagal 277
Idirbhearta a mhapáil ar chatagóirí priacail
Mapálfaidh institiúidí gach idirbheart de chuid tacar glanluachála ar cheann amháin de na catagóirí priacail seo a leanas chun an risíocht fhéideartha thodhchaíoch a chinneadh don tacar glanluachála dá dtagraítear in Airteagal 278:
priacal ráta úis;
priacal malairte eachtraí;
priacal creidmheasa;
priacal cothromais;
priacal tráchtearraí;
priacal eile.
In ainneoin mhíreanna 1, 2 agus 3, nuair a bheidh idirbhearta á mapáil acu ar na catagóirí priacail a liostaítear i mír 1, cuirfidh institiúidí na ceanglais seo a leanas i bhfeidhm:
más athróg boilsciúcháin atá i bpríomhspreagaí priacail idirbhirt, nó an spreagaí priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear i mír 3, mapálfaidh institiúidí an t-idirbheart sin ar an gcatagóir priacail ráta úis;
más athróg dálaí aeráide atá i bpríomhspreagaí priacail idirbhirt, nó an spreagaí priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear i mír 3, mapálfaidh institiúidí an t-idirbheart sin ar an gcatagóir priacail tráchtearraí.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
an modh chun na hidirbhearta sin nach bhfuil ach aon spreagaí priacail ábhartha amháin acu a shainaithint;
an modh chun idirbhearta a aithint ag a bhfuil níos mó ná spreagaí priacail ábhartha amháin agus chun an spreagaí is ábhartha de na spreagaithe priacail sin a aithint chun críocha mhír 3.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Nollaig 2019.
Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 277a
Tacair falúcháin
Bunóidh institiúidí na tacair fálúcháin is ábhartha do gach catagóir phriacail a ghabhann le tacar glanluachála agus sannfaidh siad gach idirbheart do na tacair fálúcháin sin mar leanas:
ní shannfar don tacar fálúcháin céanna idirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir priacail ráta úis ach amháin i gcás ina mbeidh a bpríomhspreagaí priacail, nó an spreagaí priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3), ainmnithe san airgeadra céanna;
ní shannfar don tacar fálúcháin céanna idirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir priacail malairte eachtraí ach amháin i gcás ina mbeidh a bpríomhspreagaí priacail, nó an spreagaí priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3), bunaithe ar an bpéire airgeadra céanna;
sannfar don tacar fálúcháin céanna gach idirbheart arna mhapáil ar an gcatagóir priacail creidmheasa;
sannfar don tacar fálúcháin céanna gach idirbheart arna mhapáil ar an gcatagóir priacail cothromais;
sannfar do cheann amháin de na tacair fálúcháin seo a leanas idirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir priacail tráchtearraí ar bhonn nádúr a bpríomhspreagaí priacail nó an spreagaí priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3):
fuinneamh;
miotail;
earraí talmhaíochta;
tráchtearraí eile;
dálaí aeráide;
ní shannfar don tacar fálúcháin céanna idirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir phriacail eile ach amháin i gcás inarb ionann príomhspreagaí priacail, nó an spreagaí priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3), dóibh.
Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo, sannfar do thacair fálúcháin ar leithligh idirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir priacail ráta úis ar athróg boilsciúcháin é an príomhspreagaí priacail atá acu, cé is moite de na tacair fálúcháin sin a bunaíodh le haghaidh idirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir priacail ráta úis nach é athróg boilsciúcháin an príomhspreagaí priacail atá acu. Ní shannfar na hidirbhearta sin don tacar fálúcháin céanna ach amháin i gcás ina mbeidh a bpríomhspreagaí priacail, nó an spreagaí priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3), ainmnithe san airgeadra céanna.
De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, bunóidh institiúidí tacair fálúcháin aonair ar leithligh i ngach catagóir phriacail le haghaidh na n-idirbheart seo a leanas:
idirbhearta arb é an príomhspreagaí priacail, nó an spreagaí priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3), atá acu luaineacht spreagaí priacail, cé acu luaineacht intuigthe an mhargaidh í sin nó luaineacht réadaithe, nó an comhchoibhneas idir dhá spreagaí priacail;
idirbhearta arb é an príomhspreagaí priacail, nó an spreagaí priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3), atá acu an difríocht idir dhá spreagaí priacail arna mapáil ar an gcatagóir chéanna phriacail nó idirbhearta arb é atá iontu dhá chuid d'íocaíocht ainmnithe san airgeadra céanna agus a bhfuil spreagaí priacail ó chatagóir chéanna phriacail an phríomhspreagaí priacail le fáil sa chuid d'íocaíocht eile nach í an chuid d'íocaíocht a bhfuil an príomhspreagaí priacail inti í.
Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo, ní shannfaidh institiúidí idirbhearta don tacar fálúcháin céanna de chuid na catagóire priacail lena mbainfidh ach amháin i gcás inarb ionann príomhspreagaí priacail, nó an spreagaí priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3), dóibh.
Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, ní shannfaidh institiúidí idirbhearta don tacar fálúcháin céanna de chuid na catagóire priacail lena mbainfidh ach amháin i gcás inarb ionann an péire spreagaithe priacail sna hidirbhearta sin dá dtagraítear ann agus go mbeidh an dá spreagaí priacail sa phéire sin curtha i gcomhchoibhneas deimhneach. Seachas sin, sannfaidh institiúidí idirbhearta dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír do cheann amháin de na tacair fálúcháin sin arna mbunú i gcomhréir le mír 1, ar bhonn ceann den dá spreagaí priacail dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír.
Airteagal 278
Risíocht fhéideartha thodhchaíoch
Ríomhfaidh institiúidí an risíocht fhéideartha thodhchaíoch “”a bhaineann le tacar glanluachála mar leanas:
nuair:
|
PFE |
= |
risíocht fhéideartha thodhchaíoch |
|
a |
= |
an t-innéacs lena gcuirtear in iúl na catagóirí priacail a áireofar i ríomh risíocht fhéideartha thodhchaíoch an tacair glanluachála; |
|
AddOn(a) |
= |
an forlíontán do chatagóir phriacail“” arna ríomh i gcomhréir le hAirteagail 280a go 280f, de réir mar is infheidhme; agus |
|
multiplier |
= |
fachtóir iolrúcháin arna ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle dá dtagraítear i mír 3. |
Chun críche an ríomha sin, áireoidh institiúidí forlíontán catagóire priacail áirithe i ríomh risíocht fhéideartha thodhchaíoch an tacair glanluachála i gcás inar mapáladh idirbheart amháin ar a laghad de chuid an tacair glanluachála ar an gcatagóir phriacail sin.
Chun críche mhír 1, ríomhfar an t-iolraitheoir mar leanas:
|
multiplier = |
|
1 if z ≥ 0 |
|
|
|
nuair:
|
z = |
|
CMV-NICA i gcás na dtacar fálaithe dá dtagraítear in Airteagal 275(1) |
|
|
CMV-VM- NICA i gcás na dtacar fálaithe dá dtagraítear in Airteagal 275(2) |
|||
|
CMVi-NICAi i gcás na dtacar fálaithe dá dtagraítear in Airteagal 275(3) |
|
NICAi |
= |
glanmhéid na comhthaobhachta neamhspleáiche arna ríomh d'idirbhearta a áirítear i dtacar glanluachála “i” agus do na hidirbhearta sin amháin. Déanfar NICAi a ríomh ar an leibhéal trádála nó ar leibhéal an tacair glanluachála ag brath ar an gcomhaontú corrlaigh. |
Airteagal 279
Suíomhanna priacail a ríomh
Chun críocha na forlíontáin catagóire priacail dá dtagraítear in Airteagal 280a go hAirteagal 280f a ríomh, déanfaidh institiúidí suíomh priacail gach idirbhirt de chuid tacar glanluachála a ríomh mar leanas:
|
δ |
= |
deilte mhaoirseachta an idirbhirt a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle a leagtar síos in Airteagal 279a; |
|
AdjNot |
= |
méid barúlach coigeartaithe an idirbhirt arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 279b; agus |
|
MF |
= |
fachtóir aibíochta an idirbhirt a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle a leagtar síos in Airteagal 279c. |
Airteagal 279a
Deilte mhaoirseachta
Ríomhfaidh institiúidí an deilte mhaoirseachta mar leanas:
maidir le céadroghanna ar dhíol nó ar cheannach lena dtugtar cead do cheannaitheoir na céadrogha bunionstraim a cheannach nó a dhíol ar phraghas deimhneach ar aon dáta amháin nó ar an iliomad dátaí san am atá amach romhainn, cé is moite de chásanna inar mapáladh na céadroghanna sin ar an gcatagóir priacail ráta úis, úsáidfidh institiúidí an fhoirmle seo a leanas:
nuair:
|
δ |
= |
an deilte mhaoirseachta |
|
sign |
= |
-1 i gcás idirbheart ar céadrogha ar dhíol atá díolta nó céadrogha ar cheannach atá ceannaithe é; |
|
sign |
= |
+1 i gcás idirbheart ar céadrogha ar dhíol atá ceannaithe nó céadrogha ar cheannach atá díolta é; |
|
type |
= |
-1 i gcás idirbheart ar céadrogha ar cheannach é; |
|
type |
= |
+1 i gcás idirbheart ar céadrogha ar dhíol é; |
|
N(x) |
= |
an fheidhm dáileacháin charnaigh d'athróg randamach normálta chaighdeánach, i.e. an dóchúlacht go bhfuil athróg randamach normálta le meán de nialas agus athraitheas d'aon níos lú ná, nó cothrom le, “x”; |
|
P |
= |
spotphraghas nó réamhphraghas bhunionstraim na céadrogha; i gcás roghanna a bhfuil a sreafaí airgid ag brath ar mheánluach phraghas na bunionstraime, beidh P cothrom leis an meánluach ar an dáta ríofa; |
|
K |
= |
praghas ceangail na céadrogha; |
|
T |
= |
an tréimhse idir dáta éaga Texp na céadrogha agus an dáta tuairiscithe; i gcás céadroghanna nach féidir a fheidhmiú ach amháin ar dháta amháin sa todhchaí, is é an dáta sin a bheidh mar Texp; i gcás céadroghanna is féidir a fheidhmiú ar dhátaí éagsúla sa todhchaí, is é an dáta is déanaí de na dátaí sin a bheidh mar Texp; sloinnfear T i mblianta ag úsáid an choinbhinsiúin ábhartha maidir le laethanta oibre; agus |
|
σ |
= |
luaineacht mhaoirseachta na céadrogha arna cinneadh i gcomhréir le Tábla 1 ar bhonn chatagóir phriacail an idirbhirt agus nádúr bhunionstraim na céadrogha. |
Tábla 1
|
Catagóir phriacail |
Bunionstraim |
Luaineacht mhaoirseachta |
|
Malairt Eachtrach |
Uile |
15 % |
|
Creidmheas |
Ionstraim aonainm |
100 % |
|
Ionstraim il-ainmneacha |
80 % |
|
|
Cothromas |
Ionstraim aonainm |
120 % |
|
Ionstraim il-ainmneacha |
75 % |
|
|
Tráchtearra |
Leictreachas |
150 % |
|
Tráchtearraí eile (seachas leictreachas) |
70 % |
|
|
Eile |
Uile |
150 % |
Institiúidí a bheidh ag úsáid réamhphraghas bhunionstraim na céadrogha, áiritheoidh siad na nithe seo a leanas:
go bhfuil an réamhphraghas comhsheasmhach le tréithe na céadrogha;
go ríomhtar an réamhphraghas ag úsáid pé ráta úis ábhartha atá i réim ar an dáta tuairiscithe;
go gcomhtháthaítear sa réamhphraghas sreabha airgid ionchasacha na bunionstraime roimh dháta éaga na céadrogha;
maidir le tráinsí d'urrúsú sintéiseach agus díorthach creidmheasa don nú mainneachtain, úsáidfidh institiúidí an fhoirmle seo a leanas:
nuair:
|
sign = |
|
+ 1 where credit protection has been obtained through the transaction |
|
|
– 1 where credit protection has been provided through the transaction |
|
A |
= |
pointe astaithe an tráinse; i gcás idirbheart díorthach creidmheasa don nú mainneachtain bunaithe ar eintitis tagartha k, A = (n-1)/k; agus |
|
D |
= |
pointe dí-astaithe an tráinse; i gcás idirbheart díorthach creidmheasa don nú mainneachtain bunaithe ar eintitis tagartha k, D = n/k; |
maidir le hidirbhearta nach dtagraítear dóibh i bpointe (a) ná (b), úsáidfidh institiúidí an deilte mhaoirseachta seo a leanas:
|
δ = |
|
+1 má tá an t-idirbheart i suíomh fada i bpríomhspreagaí priacail nó sa spreagaí priacail is ábhartha sa chatagóir áirithe idirbheart |
|
|
-1 má tá an t-idirbheart i suíomh gearr i bpríomhspreagaí priacail nó sa spreagaí priacail is ábhartha sa chatagóir áirithe idirbheart |
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
i gcomhréir leis na forbairtí rialála idirnáisiúnta, an fhoirmle a úsáidfidh institiúidí chun ríomh a dhéanamh ar dheilte mhaoirseachta na gcéadroghanna ar cheannach agus ar dhíol arna mapáil ar an gcatagóir priacail ráta úis atá comhoiriúnach le dálaí margaidh faoina bhféadfadh rátaí úis a bheith diúltach agus faoina bhféadfadh luaineacht mhaoirseacht atá oiriúnach don fhoirmle sin a bheith diúltach freisin;
an modh chun a chinneadh cé acu suíomh fada nó gearr é idirbheart sa phríomhspreagaí priacail nó sa spreagaí priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3).
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Nollaig 2019.
Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 279b
Méid barúlach coigeartaithe
Ríomhfaidh institiúidí an méid barúlach coigeartaithe mar leanas:
maidir le hidirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir priacail ráta úis nó an catagóir priacail creidmheasa, ríomhfaidh institiúidí an méid barúlach coigeartaithe mar thoradh mhéid barúlach an chonartha dhíorthaigh agus fhachtóir na marthanachta maoirseachta, a ríomhfar mar leanas:
nuair:
|
R |
= |
an ráta lascaine maoirseachta; R = 5 %; |
|
S |
= |
an tréimhse idir dáta tosaigh idirbhirt agus an dáta tuairiscithe, arna sloinneadh i mblianta ag úsáid an choinbhinsiúin ábhartha maidir le laethanta oibre; agus |
|
E |
= |
an tréimhse idir dáta deiridh idirbhirt agus an dáta tuairiscithe, arna sloinneadh i mblianta ag úsáid an choinbhinsiúin ábhartha maidir le laethanta oibre.. |
Is é dáta tosaigh idirbhirt an dáta is luaithe ar a ndéantar ar a laghad íocaíocht chonarthach faoin idirbheart, leis an institiúid nó as an institiúid, a shocrú nó a mhalartú, seachas na híocaíochtaí a bhaineann le malartú comhthaobhacha i gcomhaontú corrlaigh. I gcás ina raibh íocaíochtaí á socrú nó á ndéanamh faoin idirbheart ar an dáta tuairiscithe cheana féin, beidh dáta tosaigh an idirbhirt cothrom le 0.
I gcás ina bhfuil aon dáta conarthach nó níos mó dátaí conarthacha sa todhchaí i gceist leis an idirbheart, ar a bhféadfaidh an institiúid nó an contrapháirtí a chinneadh an t-idirbheart a fhoirceannadh roimh dháta a aibíochta conarthaí, beidh dáta tosaigh an idirbhirt cothrom leis an gceann is luaithe díobh seo a leanas:
an dáta nó an ceann is luaithe de dhátaí éagsúla sa todhchaí ar a bhféadfaidh an institiúid nó an contrapháirtí a chinneadh idirbheart a fhoirceannadh níos luaithe ná dáta a aibíochta conarthaí;
an dáta ar a dtosaítear ar íocaíochtaí a shocrú nó a dhéanamh le hidirbheart, seachas íocaíochtaí a bhaineann le malartú comhthaobhachta i gcomhaontú corrlaigh.
I gcás ina bhfuil ionstraim airgeadais ag idirbheart mar an bhunionstraim a d'fhéadfadh bheith ina cúis le hoibleagáidí conarthacha sa bhreis ar oibleagáidí conarthacha sin an idirbhirt, cinnfear dáta tosaigh idirbhirt ar bhonn an dáta is luaithe ar a dtosaítear ar íocaíochtaí a shocrú nó a dhéanamh leis an mbunionstraim.
Is é dáta deiridh idirbhirt an dáta is déanaí ar a ndéantar íocaíocht chonarthach faoin idirbheart sin, leis an institiúid nó as an institiúid, nó an dáta is déanaí ar a bhféadtar an íocaíocht sin a dhéanamh.
I gcás ina bhfuil ionstraim airgeadais ag idirbheart mar bhunionstraim a d'fhéadfadh bheith ina cúis le hoibleagáidí conarthacha sa bhreis ar oibleagáidí conarthacha sin an idirbhirt, cinnfear dáta deiridh an idirbhirt ar bhonn na híocaíochta conarthaí deireanaí a dhéanfar i leith bhunionstraim an idirbhirt.
I gcás idirbheart atá struchtúraithe chun risíocht gan íoc a shocrú tar éis dátaí íocaíochta sonraithe agus i gcás inar athshocraíodh na téarmaí sa chaoi gur nialas é margadhluach an idirbhirt ar na dátaí sonraithe sin, measfar gur íocaíocht chonarthach faoin idirbheart céanna é socrú na risíochta gan íoc ar na dátaí sonraithe sin;
maidir le hidirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir priacail malairte eachtraí, ríomhfaidh institiúidí an méid barúlach coigeartaithe mar leanas:
nuair is aon chuid d'íocaíocht amháin a bheidh i gceist leis an idirbheart, is éard a bheidh sa mhéid barúlach coigeartaithe méid barúlach an chonartha dhíorthaigh;
nuair is dhá chuid d'íocaíocht a bheidh i gceist leis an idirbheart agus méid barúlach cuid d'íocaíocht amháin díobh sin ainmnithe in airgeadra tuairiscithe na hinstitiúide, is éard a bheidh sa mhéid barúlach coigeartaithe méid barúlach na coda d'íocaíocht eile;
nuair is dhá chuid d'íocaíocht a bheidh i gceist leis an idirbheart agus méid barúlach an dá chuid d'íocaíocht ainmnithe in airgeadra eile seachas airgeadra tuairiscithe na hinstitiúide, is éard a bheidh sa mhéid barúlach coigeartaithe an ceann is mó de mhéideanna barúlacha an dá chuid d'íocaíocht tar éis na méideanna sin a thiontú go hairgeadra tuairiscithe na hinstitiúide de réir an spotráta malairte atá i réim;
maidir le hidirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir priacail cothromais nó ar an gcatagóir priacail tráchtearraí, ríomhfaidh institiúidí an méid barúlach coigeartaithe trí phraghas margaidh aon aonad amháin de bhunionstraim an idirbhirt a iolrú faoi líon na n-aonad sa bhunionstraim atá faoi thagairt ag an idirbheart;
i gcás ina ndéantar idirbheart arna mhapáil ar an gcatagóir priacail cothromais nó ar an gcatagóir priacail tráchtearraí a shloinneadh, de réir conartha, mar mhéid barúlach, úsáidfidh institiúidí méid barúlach an idirbhirt seachas líon na n-aonad sa bhunionstraim, mar an méid barúlach coigeartaithe;
i gcás idirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir priacal eile, ríomhfaidh institiúidí an méid barúlach coigeartaithe ar bhonn an mhodha is iomchuí i measc na modhanna a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c), ag brath ar chineál agus ar shaintréithe bhunionstraim an idirbhirt.
Cinnfidh institiúidí méid barúlach nó líon aonad na bunionstraime chun críche méid barúlach coigeartaithe idirbhirt dá dtagraítear i mír 1 a ríomh mar leanas:
i gcás nach socraítear méid barúlach nó líon aonad bhunionstraim an idirbhirt go dtí a aibíocht chonarthach:
maidir le méideanna barúlacha cinnteachaíocha agus líon aonad cinnteachaíoch na bunionstraime, beidh an méid barúlach cothrom le meán ualaithe luachanna cinnteachaíocha mhéideanna barúlacha cinnteachaíocha agus líon aonad cinnteachaíoch na bunionstraime, de réir mar is infheidhme, go dtí aibíocht chonarthach an idirbhirt, nuair is ionann na hualuithe agus an cion den tréimhse ama a bhfuil feidhm ag gach luach méid bharúlaigh lena linn;
maidir le méideanna barúlacha stocastach agus líon aonad stocastach na bunionstraime, beidh an méid barúlach cothrom leis an méid a chinntear trí mhargadhluachanna reatha a shocrú laistigh den fhoirmle lena ríomhtar margadhluachanna na todhchaí;
maidir le conarthaí le malartuithe iolracha an mhéid bharúlaigh, déanfar an méid barúlach a iolrú faoi líon na n-íocaíochtaí atá fágtha a bheidh fós le déanamh i gcomhréir leis na conarthaí;
i gcás conarthaí ina ndéantar foráil maidir le hiolrú íocaíochtaí na sreabh airgid nó maidir le hiolrú bhunionstraim an chonartha dhíorthaigh, coigeartóidh institiúid an méid barúlach chun iarmhairtí an iolrúcháin ar struchtúr priacail na gconarthaí sin a chur san áireamh.
Airteagal 279c
Fachtóir Aibíochta
Ríomhfaidh institiúidí an fachtóir aibíochta “”mar leanas:
maidir le hidirbhearta a áirítear i dtacair ghlanluachála dá dtagraítear in Airteagal 275(1), úsáidfidh institiúidí an fhoirmle seo a leanas:
nuair:
|
MF |
= |
an fachtóir aibíochta |
|
M |
= |
aibíocht iarmhair an idirbhirt atá cothrom leis an tréimhse is gá chun oibleagáidí conarthacha uile an idirbhirt a fhoirceannadh; chun na críche sin, measfar gur oibleagáid chonarthach í aon roghnaíocht a ghabhann le conradh díorthach; sloinnfear an aibíocht iarmhair i mblianta ag úsáid an choinbhinsiúin ábhartha maidir le laethanta oibre; i gcás ina bhfuil conradh díorthach eile ag idirbheart mar bhunionstraim a d'fhéadfadh bheith ina cúis le hoibleagáidí conarthacha sa bhreis ar oibleagáidí conarthacha an idirbhirt, beidh aibíocht iarmhair an idirbhirt cothrom leis an tréimhse is gá chun oibleagáidí conarthacha uile na bunionstraime a fhoirceannadh; i gcás idirbheart atá struchtúraithe chun risíocht gan íoc a shocrú tar éis dátaí íocaíochta sonraithe agus i gcás inar athshocraíodh na téarmaí sa chaoi gur nialas é margadhluach an idirbhirt ar na dátaí sonraithe sin, beidh aibíocht iarmhair an idirbhirt cothrom leis an tréimhse go dtí an chéad dáta athshocraithe eile; agus |
|
OneBusinessYear |
= |
bliain amháin arna sloinneadh i laethanta oibre ag úsáid an choinbhinsiúin ábhartha maidir le laethanta oibre; |
maidir le hidirbhearta a áirítear sna tacair ghlanluachála dá dtagraítear in Airteagal 275(2) agus (3), sainmhínítear an fachtóir aibíochta mar a leanas:
nuair:
|
MF |
= |
an fachtóir aibíochta; |
|
MPOR |
= |
an tréimhse corrlaigh faoi phriacal a ghabhann le tacar glanluachála arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 285(2) go (5); agus |
|
OneBusinessYear |
= |
bliain amháin arna sloinneadh i laethanta gnó agus leas á bhaint as an gcoinbhinsiún ábhartha maidir le lá gnó |
Agus an tréimhse corrlaigh faoi phriacail d'idirbhearta idir cliant agus comhalta imréitigh á cinneadh aici, cuirfidh an institiúid ag gníomhú di mar an cliant nó mar an comhalta imréitigh, cuirfidh sí cúig lá oibre in ionad na híostréimhse a leagtar amach i bpointe (b) d'Airteagal 285(2).
Airteagal 280
Comhéifeacht fachtóra maoirseachta tacair fálúcháin
Chun críche an forlíontán tacair fálúcháin dá dtagraítear in Airteagal 280a go hAirteagal 280f a ríomh, is éard a bheidh i gcomhéifeacht fachtóra maoirseachta tacair fálúcháin “є”:
|
є = |
|
1 i gcás na dtacar fálaithe arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 277a(1) |
|
|
5 i gcás na dtacar fálaithe arna mbunú i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 277a(2) |
|||
|
0,5 i gcás na dtacar fálaithe arna mbunú i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 277a(2)) |
Airteagal 280a
Forlíontán na catagóire priacail ráta úis
Chun críocha Airteagal 278, ríomhfaidh institiúidí forlíontán na catagóire priacail ráta úis le haghaidh tacar glanluachála áirithe mar leanas:
nuair:
|
►C7 AddOn IR ◄ |
= |
forlíontán na catagóire priacail ráta úis; |
|
j |
= |
an t-innéacs lena gcuirtear in iúl na tacair fálúcháin priacail ráta úis uile arna socrú i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 277a(1) agus le hAirteagal 277a(2) le haghaidh an tacair glanluachála; agus |
|
|
= |
forlíontán thacar fálúcháin “j” de chuid na catagóire priacail ráta úis arna ríomh i gcomhréir le mír 2. |
Ríomhfaidh institiúidí an forlíontán do thacar fálúcháin “j” den chatagóir priacail ráta úis mar a leanas:
nuair:
|
єj |
= |
comhéifeacht fachtóra maoirseachta tacair fálúcháin thacar fálúcháin “j” arna cinneadh i gcomhréir leis na luachanna is infheidhme a shonraítear in Airteagal 280; |
|
SFIR |
= |
fachtóir maoirseachta na catagóire priacail ráta úis ag a bhfuil luach atá cothrom le 0,5 %; agus |
|
|
= |
méid barúlach iarbhír thacar fálúcháin “j” arna ríomh i gcomhréir le mír 3. |
Chun críche méid barúlach iarbhír thacar fálúcháin “j”, a ríomh, déanfaidh institiúidí gach idirbheart den tacar fálúcháin a mhapáil ar an mbuicéad iomchuí i dTábla 2. Déanfaidh siad amhlaidh ar bhonn dháta deiridh gach idirbhirt arna chinneadh faoi phointe (a) d'Airteagal 279b(1):
Tábla 2
|
Buicéad |
Dáta deiridh (blianta) |
|
1 |
>0 agus <=1 |
|
2 |
>1 agus <= 5 |
|
3 |
> 5 |
Déanfaidh institiúidí méid barúlach iarbhír thacar fálúcháin “j” a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
nuair:
|
|
= |
méid barúlach iarbhír thacar fálúcháin “j”; agus |
|
Dj,k |
= |
méid barúlach iarbhír bhuicéad “k” de chuid thacar fálúcháin “j” arna ríomh mar leanas:
|
nuair:
|
l |
= |
an t-innéacs lena gcuirtear an suíomh priacail in iúl. |
Airteagal 280b
Forlíontán na catagóire priacail malairte eachtraí
Chun críocha Airteagal 278, ríomhfaidh institiúidí forlíontán na catagóire priacail malairte eachtraí le haghaidh tacar glanluachála áirithe mar leanas:
nuair:
|
►C7 AddOnFX ◄ |
= |
forlíontán na catagóire priacail malairte eachtraí; |
|
j |
= |
an t-innéacs lena gcuirtear in iúl na tacair fálúcháin priacail malairte eachtraí arna socrú i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 277a(1) agus le hAirteagal 277a(2) le haghaidh an tacair glanluachála; agus |
|
|
= |
forlíontán thacar fálúcháin “j” de chuid na catagóire priacail malairte eachtraí arna ríomh i gcomhréir le mír 2. |
Ríomhfaidh institiúidí an forlíontán do thacar fálúcháin “j” den chatagóir priacail malairte eachtraí mar leanas:
nuair:
|
єj |
= |
comhéifeacht fachtóra maoirseachta tacair fálúcháin thacar fálúcháin “j” arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 280; |
|
SFFX |
= |
fachtóir maoirseachta na catagóire priacail malairte eachtraí ag a bhfuil luach atá cothrom le 4 %; |
|
|
= |
méid barúlach iarbhír thacar fálúcháin “j” arna ríomh mar leanas: |
nuair:
|
l |
= |
an t-innéacs lena gcuirtear an suíomh priacail in iúl. |
Airteagal 280c
Forlíontán na catagóire priacail creidmheasa
Chun críocha mhír 2, bunóidh institiúidí eintitis tagartha chreidmheasa ábhartha an tacair glanluachála i gcomhréir leis na nithe seo a leanas:
Beidh aon eintiteas tagartha creidmheasa ann do gach eisitheoir ionstraime fiachais tagartha a fholuíonn idirbheart aonainm arna leithdháileadh ar an gcatagóir priacail creidmheasa; sannfar idirbhearta aonainm don eintiteas tagartha creidmheasa céanna i gcás ina n-eisíonn an t-eisitheoir céanna bunionstraim fiachais tagartha na n-idirbheart sin, agus sa chás sin amháin;
Beidh aon eintiteas tagartha creidmheasa ann do gach grúpa d'ionstraimí fiachais tagartha nó díorthaigh chreidmheasa aonainm a fholuíonn idirbheart il-ainmneacha arna leithdháileadh ar an gcatagóir priacail creidmheasa; sannfar idirbhearta il-ainmneacha don eintiteas tagartha creidmheasa céanna i gcás ina bhfuil na comhpháirteanna céanna i ngach grúpa de bhunionstraimí fiachais tagartha nó i ndíorthaigh chreidmheasa aonainm na n-idirbheart sin, agus sa chás sin amháin.
Chun críocha Airteagal 278, ríomhfaidh institiúidí forlíontán na catagóire priacail creidmheasa le haghaidh tacar glanluachála áirithe mar leanas:
nuair:
|
AddOnCredit |
= |
forlíontán na catagóire priacail creidmheasa; |
|
j |
= |
an t-innéacs lena gcuirtear in iúl na tacair fálúcháin priacail creidmheasa uile arna socrú i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 277a(1) agus le hAirteagal 277a(2) le haghaidh an tacair glanluachála. agus |
|
|
= |
an forlíontán do thacar fálúcháin “j” den chatagóir priacail creidmheasa arna ríomh i gcomhréir le mír 3. |
Ríomhfaidh institiúidí forlíontán na catagóire priacail creidmheasa le haghaidh thacar fálúcháin “j” mar leanas:
nuair:
|
|
= |
forlíontán na catagóire priacail creidmheasa le haghaidh thacar fálúcháin “j” |
|
єj |
= |
comhéifeacht fachtóra maoirseachta tacair fálúcháin thacar fálúcháin “j” arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 280; |
|
k |
= |
an t-innéacs lena gcuirtear in iúl eintitis tagartha chreidmheasa an tacair glanluachála arna mbunú i gcomhréir le mír 1; |
|
|
= |
fachtóir comhghaolúcháin eintiteas tagartha creidmheasa “k”; i gcás inar bunaíodh eintiteas tagartha creidmheasa k i gcomhréir le pointe (a) de mhír 1,
|
|
AddOn(Entityk) |
= |
an forlíontán don eintiteas tagartha creidmheasa “k” arna chinneadh i gcomhréir le mír 4. |
Ríomhfaidh institiúidí forlíontán eintiteas tagartha creidmheasa “k” mar leanas:
nuair:
|
|
= |
méid barúlach iarbhír eintiteas tagartha creidmheasa k arna ríomh mar a leanas:
nuair:
|
Ríomhfaidh institiúidí forlíontán eintiteas tagartha creidmheasa k mar a leanas:
institiúid a úsáideann an cur chuige dá dtagraítear i gCaibidil 3, déanfaidh sí rátáil inmheánach an eisitheora aonair a mhapáil ar cheann de na measúnuithe creidmheasa seachtracha;
maidir le heintiteas tagartha creidmheasa k arna mbunú i gcomhréir le pointe (b) de mhír 1:
Tábla 3
|
Céim cáilíochta creidmheasa |
Fachtóir maoirseachta d'idirbhearta aonainm |
|
1 |
0,38 % |
|
2 |
0,42 % |
|
3 |
0,54 % |
|
4 |
1,06 % |
|
5 |
1,6 % |
|
6 |
6,0 % |
Tábla 4
|
Cáilíocht chreidmheasa cheannasach |
Fachtóir maoirseachta d'innéacsanna luaite |
|
Grád infheistíochta |
0,38 % |
|
Grád neamhinfheistíochta |
1,06 % |
Airteagal 280d
Forlíontán na catagóire priacail cothromais
Chun críocha mhír 2, bunóidh na hinstitiúidí eintitis tagartha chothromais ábhartha an tacair glanluachála i gcomhréir leis na nithe seo a leanas:
beidh aon eintiteas tagartha cothromais ann do gach eisitheoir ionstraime tagartha cothromais a fholuíonn idirbheart aonainm arna leithdháileadh ar an gcatagóir priacail cothromais; sannfar idirbhearta aonainm don eintiteas tagartha cothromais céanna i gcás ina n-eisíonn an t-eisitheoir céanna bunionstraim tagartha chothromais na n-idirbheart sin, agus sa chás sin amháin;
beidh aon eintiteas tagartha cothromais ann do gach grúpa d'ionstraimí tagartha cothromais nó díorthaigh chothromais aonainm a fholuíonn idirbheart il-ainmneacha arna leithdháileadh ar an gcatagóir priacail cothromais; sannfar idirbhearta il-ainmneacha don eintiteas tagartha cothromais céanna i gcás ina bhfuil na comhpháirteanna céanna i ngach grúpa de bhunionstraimí tagartha cothromais nó i ndíorthaigh chothromais aonainm na n-idirbheart sin, de réir mar is infheidhme, agus sa chás sin amháin.
Chun críocha Airteagal 278, ríomhfaidh institiúidí forlíontán na catagóire priacail cothromais le haghaidh tacar glanluachála áirithe mar leanas:
nuair:
|
AddOnEquity |
= |
forlíontán na catagóire priacail cothromais; |
|
j |
= |
an t-innéacs lena gcuirtear in iúl na tacair fálúcháin priacail cothromais uile arna socrú i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 277a(1) agus le hAirteagal 277a(2) le haghaidh an tacair glanluachála; agus |
|
|
= |
an forlíontán do thacar fálúcháin “j” den chatagóir priacail cothromais arna ríomh i gcomhréir le mír 3. |
Ríomhfaidh institiúidí forlíontán na catagóire priacail cothromais le haghaidh thacar fálúcháin “j” mar leanas:
nuair:
|
|
= |
an forlíontán do thacar fálúcháin “j” den chatagóir priacail cothromais; |
|
єj |
= |
comhéifeacht fachtóra maoirseachta tacair fálúcháin thacar fálúcháin “j” arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 280; |
|
k |
= |
an t-innéacs lena gcuirtear in iúl eintitis tagartha chothromais an tacair glanluachála arna mbunú i gcomhréir le mír 1; |
|
|
= |
fachtóir comhghaolúcháin eintiteas tagartha cothromais k; i gcás inar bunaíodh eintiteas tagartha cothromais k i gcomhréir le mír 1(a),
|
|
AddOn(Entityk) |
= |
an forlíontán don eintiteas tagartha creidmheasa “k” arna chinneadh i gcomhréir le mír 4. |
Ríomhfaidh institiúidí forlíontán eintitis tagartha cothromais “k” mar leanas:
nuair:
|
AddOn(Entityk ) |
= |
an forlíontán eintitis tagartha cothromais k; |
|
|
= |
an fachtóir maoirseachta is infheidhme maidir le heintiteas tagartha cothromais k; i gcás inar bunaíodh eintiteas tagartha cothromais k i gcomhréir le pointe (a) de mhír 1,
|
|
|
= |
méid barúlach iarbhír eintiteas tagartha cothromais “k” arna ríomh mar leanas:
nuair:
|
Airteagal 280e
Forlíontán na catagóire priacail tráchtearraí
Chun críocha Airteagal 278, ríomhfaidh institiúidí forlíontán na catagóire priacail tráchtearraí le haghaidh tacar glanluachála áirithe mar leanas:
nuair:
|
AddOnCom |
= |
forlíontán na catagóire priacail tráchtearraí; |
|
j |
= |
an t-innéacs lena gcuirtear in iúl na tacair fálúcháin tráchtearraí arna socrú i gcomhréir le pointe (e) d'Airteagal 277a(1) agus le hAirteagal 277a(2) le haghaidh an tacair glanluachála; agus |
|
|
= |
an forlíontán do thacar fálúcháin “j” den chatagóir priacail tráchtearraí arna ríomh i gcomhréir le mír 4. |
Ríomhfaidh institiúidí forlíontán na catagóire priacail tráchtearraí le haghaidh thacar fálúcháin j mar leanas:
nuair:
|
|
= |
forlíontán na catagóire priacail tráchtearraí le haghaidh thacar fálúcháin j; |
|
єj |
= |
comhéifeacht fachtóra maoirseachta tacair fálúcháin thacar fálúcháin j arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 280; |
|
ρCom |
= |
fachtóir comhghaolúcháin na catagóire priacail tráchtearraí ag a bhfuil luach atá cothrom le 40 %; |
|
k |
= |
an t-innéacs lena gcuirtear in iúl cineálacha tagartha tráchtearraí an tacair glanluachála arna mbunú i gcomhréir le mír 2; agus |
|
|
= |
forlíontán chineál tagartha tráchtearraí k arna ríomh i gcomhréir le mír 5. |
Ríomhfaidh institiúidí an forlíontán do chineál tagartha tráchtearraí k mar leanas:
nuair:
|
|
= |
an forlíontán do chineál tagartha tráchtearraí “k”; |
|
|
= |
an fachtóir maoirseachta is infheidhme maidir le cineál tagartha tráchtearraík; i gcás ina gcomhfhreagraíonn cineál tagartha tráchtearraí “k” d'idirbhearta arna leithdháileadh ar an tacar fálúcháin dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 277a(1), cé is moite d'idirbhearta a bhaineann le leictreachas, |
|
|
= |
méid barúlach iarbhír chineál tagartha tráchtearraí k arna ríomh mar leanas:
nuair:
|
Airteagal 280f
Forlíontán na catagóire priacail eile
Chun críocha Airteagal 278, ríomhfaidh institiúidí forlíontán na catagóire priacail eile le haghaidh tacar glanluachála áirithe mar leanas:
nuair:
|
AddOnOther |
= |
forlíontán na catagóire priacail eile; |
|
j |
= |
an t-innéacs lena gcuirtear in iúl na tacair fálúcháin priacail eile arna socrú i gcomhréir le pointe (f) d'Airteagal 277a(1) agus le hAirteagal 277a(2) le haghaidh an tacair glanluachála; agus |
|
|
= |
forlíontán na catagóire priacail eile le haghaidh thacar fálúcháin j arna ríomh i gcomhréir le mír 2. |
Ríomhfaidh institiúidí forlíontán na catagóire priacail eile le haghaidh thacar fálúcháin “j” mar leanas:
nuair:
|
|
= |
forlíontán na catagóire priacail eile le haghaidh thacar fálúcháin j; |
|
єj |
= |
comhéifeacht fachtóra maoirseachta tacair fálúcháin thacar fálúcháin “j” arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 280; agus |
|
SFOther |
= |
fachtóir maoirseachta na catagóire priacail eile ag a bhfuil luach atá cothrom le 8 %; |
|
|
= |
méid barúlach iarbhír thacar fálúcháin j arna ríomh mar leanas:
nuair:
|
Airteagal 281
Luach na risíochta a ríomh
Ríomhfar luach risíochta tacair glanluachála i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:
ní chuirfidh institiúidí an láimhseáil dá dtagraítear in Airteagal 274(6) i bhfeidhm;
de mhaolú ar Airteagal 275(1), maidir le tacair ghlanluachála nach dtagraítear dóibh in Airteagal 275(2), ríomhfaidh institiúidí an costas athsholáthair i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
RC = max{CMV,0}
nuair:
|
RC |
= |
an costas athsholáthair; agus |
|
CMV |
= |
an margadhluach reatha. |
de mhaolú ar Airteagal 275(2) den Rialachán seo, maidir le tacair ghlanluachála na n-idirbheart: a thrádáiltear ar mhalartán aitheanta; a imréitíonn contrapháirtí lárnach ar bhonn lárnach, ar contrapháirtí é a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 25 den Rialachán sin; nó a malartaítear comhthaobhacht ina leith ar bhonn déthaobhach leis an gcontrapháirtí i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, maidir leo sin ar fad ríomhfaidh institiúidí an costas athsholáthair i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
RC=TH+MTA
nuair atá:
|
RC |
= |
an costas athsholáthair; |
|
TH |
= |
an tairseach corrlaigh is infheidhme maidir leis an tacar glanluachála faoin gcomhaontú corrlaigh, ar tairseach í faoina mbeadh cosc ar an institiúid glao a dhéanamh ar chomhthaobhacht; agus |
|
MTA |
= |
íosmhéid an aistrithe is infheidhme maidir leis an tacar glanluachála faoin gcomhaontú corrlaigh; |
de mhaolú ar Airteagal 275(3), maidir le tacair ghlanluachála iolracha atá faoi réir comhaontú corrlaigh, ríomhfaidh institiúidí an costas athsholáthair mar shuim chostas athsholáthair gach tacair glanluachála aonair, arna ríomh sin i gcomhréir le mír 1 amhail agus nach raibh siad faoi chumhdach corrlaigh;
bunófar gach tacar fálúcháin i gcomhréir le hAirteagal 277a(1);
socróidh institiúidí ag 1 an t-iolraitheoir san fhoirmle a úsáidtear chun an risíocht fhéideartha thodhchaíoch in Airteagal 278(1) a ríomh, mar leanas:
nuair:
|
PFE |
= |
an risíocht fhéideartha thodhchaíoch; agus |
|
AddOn(a) |
= |
an forlíontán do chatagóir phriacail a; |
de mhaolú ar Airteagal 279a(1), maidir le gach idirbheart, ríomhfaidh institiúidí an deilte mhaoirseachta mar leanas:
|
δ= |
|
+1 nuair is suíomh fada sa phríomhspreagraí priacail é an t idirbheart |
|
|
-1 nuair is suíomh gearr sa phríomspreagraí priacail é an t idirbheart |
nuair:
|
δ |
= |
an deilte mhaoirseachta; |
mar seo a leanas a bheidh an fhoirmle dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 279b(1) a úsáidtear chun fachtóir na marthanachta maoirseachta a ríomh:
fachtóir na marthanachta maoirseachta=E-S
nuair:
|
E |
= |
an tréimhse idir dáta deiridh idirbhirt agus an dáta tuairiscithe; agus |
|
S |
= |
an tréimhse idir dáta tosaigh idirbhirt agus an dáta tuairiscithe; |
déanfar an fachtóir aibíochta dá dtagraítear in Airteagal 279c(1) a ríomh mar leanas:
maidir le hidirbhearta a áirítear sna tacair ghlanluachála dá dtagraítear in Airteagal 275(1), MF = 1;
maidir le hidirbhearta a áirítear sna tacair ghlanluachála dá dtagraítear in Airteagal 275(2) agus (3), MF=0,42;
mar seo a leanas a bheidh an fhoirmle dá dtagraítear in Airteagal 280a(3) a úsáidtear chun méid barúlach iarbhír thacar fálúcháin “j” a ríomh:
nuair:
|
|
= |
méid barúlach iarbhír thacar fálúcháin “j” agus |
|
Dj,k, |
= |
méid barúlach iarbhír bhuicéad k de thacar fálúcháin “j” |
mar seo a leanas a bheidh an fhoirmle dá dtagraítear ina Airteagal 280c(3) a úsáidtear chun forlíontán na catagóire priacail creidmheasa le haghaidh thacar fálúcháin “j” a ríomh:
nuair:
|
|
= |
forlíontán na catagóire priacail creidmheasa le haghaidh thacar fálúcháin “j”; agus |
|
AddOn(Entityk) |
= |
forlíontán an eintitis thagartha creidmheasa k; |
mar seo a leanas a bheidh an fhoirmle dá dtagraítear in Airteagal 280d(3) a úsáidtear chun forlíontán na catagóire priacail cothromais le haghaidh thacar fálúcháin “j” a ríomh:
nuair:
|
|
= |
forlíontán na catagóire priacail cothromais le haghaidh thacar fálúcháin “j” agus |
|
AddOn(Entityk) |
= |
forlíontán an eintitis thagartha creidmheasa k; |
mar seo a leanas a bheidh an fhoirmle dá dtagraítear in Airteagal 280e(4) a úsáidtear chun forlíontán na catagóire priacail tráchtearraí le haghaidh thacar fálúcháin “j” a ríomh:
nuair:
|
|
= |
forlíontán na catagóire priacail tráchtearraí le haghaidh thacar fálúcháin “j” agus |
|
|
= |
forlíontán na tagartha tráchtearraí de chineál k. |
Airteagal 282
Luach na risíochta a ríomh
Déanfar an costas reatha athsholáthair dá dtagraítear i mír 2 a ríomh mar leanas:
maidir le tacair ghlanluachála na n-idirbheart: a thrádáiltear ar mhalartán aitheanta; a imréitíonn contrapháirtí lárnach ar bhonn lárnach, ar contrapháirtí é a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 25 den Rialachán sin; nó a malartaítear comhthaobhacht ina leith ar bhonn déthaobhach leis an gcontrapháirtí i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, maidir leo sin ar fad úsáidfidh institiúidí an fhoirmle seo a leanas:
RC=TH+MTA
nuair:
|
RC |
= |
an costas athsholáthair; |
|
TH |
= |
an tairseach corrlaigh is infheidhme maidir leis an tacar glanluachála faoin gcomhaontú corrlaigh, ar tairseach í faoina mbeadh cosc ar an institiúid glao a dhéanamh ar chomhthaobhacht; agus |
|
MTA |
= |
íosmhéid an aistrithe is infheidhme maidir leis an tacar glanluachála faoin gcomhaontú corrlaigh; |
maidir leis na tacair ghlanluachála eile nó na hidirbhearta aonair eile, úsáidfidh institiúidí an fhoirmle seo a leanas:
RC=max{CMV,0}
nuair:
|
RC |
= |
an costas athsholáthair; agus |
|
CMV |
= |
an margadhluach reatha. |
D'fhonn an costas reatha athsholáthair a ríomh, tabharfaidh institiúidí na luachanna margaidh reatha cothrom le dáta ar bhonn míosúil ar a laghad.
Déanfaidh institiúidí an risíocht fhéideartha thodhchaíoch dá dtagraítear i mír 2 a ríomh mar leanas:
is éard is risíocht fhéideartha thodhchaíoch tacair glanluachála ann suim risíocht fhéideartha thodhchaíoch na n-idirbheart uile a áirítear sa tacar glanluachála, arna ríomh i gcomhréir le pointe (b);
is éard is risíocht fhéideartha thodhchaíoch idirbhirt aonair ann a mhéid barúlach arna iolrú faoin méid seo a leanas:
toradh 0,5 % agus aibíocht iarmhair an idirbhirt arna sloinneadh i mblianta le haghaidh conarthaí díorthach rátaí úis;
toradh 6 % agus aibíocht iarmhair an idirbhirt arna sloinneadh i mblianta le haghaidh conarthaí díorthach creidmheasa;
4 % le haghaidh díorthach malairte eachtraí;
18 % le haghaidh díorthach óir agus tráchtearraí seachas díorthaigh leictreachais;
40 % le haghaidh díorthach leictreachais;
32 % le haghaidh díorthach cothromais;
déanfar an méid barúlach dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo a chinneadh i gcomhréir le pointe (2) agus (3) d'Airteagal 279(b) maidir le gach díorthach a liostaítear sa phointe sin; ina theannta sin, déanfar méid barúlach na ndíorthach dá dtagraítear i bpointí (b)(iii) go (b)(vi) den mhír seo a chinneadh i gcomhréir le pointí (b) agus (c) d'Airteagal 279b(1);
déanfar risíocht fhéideartha thodhchaíoch na dtacar glanluachála dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3 a iolrú faoi 0,42.
Chun risíocht fhéideartha díorthach rátaí úis agus díorthach creidmheasa i gcomhréir le pointe b(i) agus (ii), féadfaidh institiúid rogha a dhéanamh an aibíocht bunaidh a úsáid in áit aibíocht iarmhair na gconarthaí.
Airteagal 283
Cead chun Modh na Samhla Inmheánaí a úsáid
Ar an gcoinníoll go bhfuil na húdaráis inniúla sásta gur chomhlíon institiúid an ceanglas i mír 2, tabharfaidh siad cead don institiúid sin Modh na Samhla Inmheánaí (IMM) a úsáid chun luach na risíochta a ríomh le haghaidh ceann ar bith de na hidirbhearta seo a leanas:
idirbhearta in Airteagal 273(2)(a);
idirbhearta in Airteagal 273(2)(b), (c) agus (d);
idirbhearta in Airteagal 273(2)(a) go (d),
I gcás ina dtugtar cead d'institiúid an IMM a úsáid chun luach na risíochta a ríomh maidir le haon cheann de na hidirbhearta a luaitear i bpointí (a) go (c) den chéad fhomhír, féadfaidh sí an IMM a úsáid maidir leis na hidirbhearta in Airteagal 273(2)(e) freisin.
D'ainneoin an tríú fomhír d'Airteagal 273(1), féadfaidh institiúid an rogha a dhéanamh gan an modh seo a chur i bhfeidhm i leith risíochtaí atá neamhábhartha ó thaobh méide agus priacal de. I gcás mar sin, cuirfidh an institiúid ceann de na modhanna a leagtar amach i Ranna 3 go 5 i bhfeidhm i leith na risíochtaí sin i gcás ina gcomhlíontar na ceanglais ábhartha uile maidir le gach cur chuige.
I gcás ina scoireann institiúid de chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach sa Roinn seo, tabharfaidh sí fógra don údarás inniúil agus déanfaidh sí ceann de na nithe seo a leanas:
cuirfidh sí plean faoi bhráid an údaráis inniúil ionas go gcomhlíonfar na ceanglais arís go tráthúil;
taispeánfaidh sí chun sástachta an údaráis inniúil go bhfuil éifeacht an neamhchomhlíonta neamhábhartha.
Airteagal 284
Luach na risíochta
Déanfaidh an tsamhail arna húsáid ag an institiúid chun na críche sin:
an dáileachán réamhaisnéise a shonrú le haghaidh athruithe i margadhluach an tacair ghlanluachála de thoradh ar chomhathruithe in athróga ábhartha an mhargaidh, amhail rátaí úis agus rátaí malairte eachtraí;
luach na risíochta a ríomh don tacar glanluachála ar gach ceann de na dátaí sa todhchaí ar bhonn na gcomhathruithe in athróga an mhargaidh.
Beidh an ceanglas cistí dílse do priacal creidmheasa an chontrapháirtí i ndáil leis na risíochtaí ar CCR a gcuireann institiúid an IMM i bhfeidhm ina leith, cothrom leis an gceann is airde díobh seo a leanas:
an ceanglas cistí dílse do na risíochtaí sin arna ríomh ar bhonn an EPE iarbhír ag úsáid sonraí reatha an mhargaidh;
an ceanglas cistí dílse do na risíochtaí sin arna ríomh ar bhonn an EPE iarbhír ag úsáid calabrú struis amháin do gach risíocht ar CCR a gcuireann siad an IMM i bhfeidhm maidir leis.
Cé is moite de na contrapháirtithe a aithnítear a bhfuil Sainpriacal Comhghaolmhaireachta acu a thagann faoi raon feidhme Airteagal 291(4) agus (5), déanfaidh institiúidí luach na risíochta a ríomh mar an toradh ar alfa (α) uair an EPE iarbhír, mar a leanas:
nuair atá:
|
α |
= |
1.4, ach amháin má bhíonn α níos airde de dhíth ar údaráis inniúla nó má cheadaíonn siad a meastacháin féin a úsáid i gcomhréir le mír 9; |
Déanfar an EPE iarbhír a ríomh trí mheastachán a dhéanamh den risíocht ionchasach (EEt) mar an risíocht mheánach ar dháta sa todhchaí t, i gcás ina ndéantar an meán a thógáil thar luachanna féideartha fachtóirí priacal margaidh ábhartha.
Déanfaidh an tsamhail meastachán ar EE ar shraith dátaí sa todhchaí, t1, t2, t3, etc.
Déanfar EE iarbhír a ríomh go hathchúrsach mar a leanas:
nuair atá:
Is é atá in EPE iarbhír meán an EE iarbhír i rith na chéad bhliana de risíocht todhchaí. Má aibíonn gach conradh sa tacar glanluachála faoi cheann bliana amháin, beidh an EPE cothrom le meán an EE go dtí go n-aibeoidh gach conradh sa tacar glanluachála. ►C3 Déanfar an EPE iarbhír a ríomh mar mheán ualaithe den EE iarbhír:
i gcás ina gceadaítear leis na hualuithe
gur féidir an risíocht todhchaí a ríomh ar dhátaí nach bhfuil an méid ama céanna eatarthu. ◄
D'ainneoin mhír 4, féadfaidh údaráis inniúla cead a thabhairt d'institiúidí a meastacháin féin ar alfa a úsáid sa chás seo a leanas:
beidh alfa cothrom leis an gcóimheas idir an caipiteal inmheánach ó ionsamhlú iomlán de risíocht CCR thar chontrapháirtithe (uimhreoir) agus an caipiteal inmheánach bunaithe ar EPE (ainmneoir);
san ainmneoir, bainfear úsáid as EPE amhail is dá mba shuim sheasta gan íoc í.
Nuair a dhéantar meastachán ar alfa i gcomhréir leis an mír seo, ní bheidh sé níos ísle ná 1.2.
Airteagal 285
Luach na risíochta maidir le tacair ghlanluachála atá faoi réir ag comhaontú éarlaise
Má tá an tacar glanluachála faoi réir ag comhaontú corrlaigh agus luacháil laethúil marcála ón margadh, déanfaidh an institiúid EPE iarbhír faoi mar a leagtar amach é sa mhír seo a ríomh. Más rud é go ndéantar iarmhairtí socraithe corrlaigh a ghabháil sa tsamhail agus an EE á ríomh, féadfaidh an institiúid, faoi réir ceada ón údarás inniúil, tomhas EE na samhla a úsáid go díreach sa chothromóid in Airteagal 284(5). Ní bhronnfaidh údaráis inniúla cead den sórt sin ach amháin má dhéanann siad a fhíorú go ndéanann an tsamhail iarmhairtí an tsocraithe corrlaigh a ghabháil i gceart agus meastachán á dhéanamh ar EE. Déanfaidh institiúid nach bhfuil an cead sin faighte aici ceann de na tomhais EPE iarbhír seo a leanas a úsáid:
EPE iarbhír, arna ríomh gan comhthaobhacht ar bith atá á sealbhú nó atá breactha mar corrlach a chur san áireamh móide comhthaobhacht ar bith breactha le contrapháirtí, neamhspleách ón bpróiseas laethúil luachála agus corrlaigh nó ón risíocht reatha;
EPE iarbhír arna ríomh mar an méadú féideartha sa risíocht thar an tréimhse corrlaigh faoi phriacal, móide an ceann is mó idir:
an risíocht reatha lena n-áirítear an chomhthaobhacht uile atá á sealbhú nó atá breactha, seachas comhthaobhacht atá glaoite nó faoi dhíospóid;
an risíocht ghlan is mó, lena n-áirítear comhthaobhacht faoin gcomhaontú corrlaigh, nach spreagfadh glao ar chomhthaobhacht. Léireofar sa tsuim seo gach tairseach, íosmhéideanna aistrithe, méideanna neamhspleácha agus corrlaigh tosaigh is infheidhme faoi chomhaontú corrlaigh;
Chun críocha phointe (b), déanfaidh institiúidí an forlíontán a ríomh mar an t-athrú deimhneach a bhfuiltear ag súil leis i luach marcála ón margadh na n-idirbheart i rith na tréimhse corrlaigh faoi phriacal. Léireofar athruithe ar luach comhthaobhachta ag baint úsáide as coigeartuithe luaineachta maoirseachta i gcomhréir le Roinn 3 de Chaibidil 4 nó sna meastacháin féin den choigeartú luaineachta sa Mhodh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais, ach ní dhéanfar talamh slán d'aon íocaíochtaí comhthaobhachta i rith na tréimhse corrlaigh faoi phriacal. Tá an tréimhse corrlaigh faoi phriacal faoi réir ag na híostréimhsí a leagtar amach i míreanna 2 go 54.
Maidir le hidirbhearta atá faoi réir ag athshocrú laethúil corrlaigh agus luacháil marcála ón margadh, ní bheidh an tréimhse corrlaigh faoi phriacal a úsáidtear chun críocha ionsamhlaithe ar luach na risíochta le comhaontuithe corrlaigh níos lú ná:
5 lá gnó maidir le tacair ghlanluachála atá comhdhéanta d'idirbhearta athcheannaigh, idirbhearta iasachtaithe nó iasachtaíochta i leith urrús nó tráchtearraí agus idirbhearta iasachta corrlaigh amháin;
10 lá gnó maidir le gach tacar glanluachála eile.
Beidh pointe (a) agus pointe (b) de mhír 2 faoi réir ag na heisceachtaí seo a leanas:
maidir le gach tacar glanluachála ina bhfuil líon na dtrádálacha níos mó ná 5,000 ag tráth ar bith i rith ráithe, ní bheidh an tréimhse corrlaigh faoi phriacal don chéad ráithe eile níos lú ná 20 lá gnó. Ní bheidh feidhm ag an eisceacht seo maidir le risíochtaí trádála institiúidí;
maidir le tacair ghlanluachála ina bhfuil trádáil amháin nó níos mó lena bhfuil comhthaobhacht neamhleachtach i gceist, nó díorthach thar an gcuntar nach féidir a ionadú go héasca, ní bheidh an tréimhse corrlaigh faoi phriacal níos lú ná 20 lá gnó.
Cinnfidh institiúid an bhfuil comhthaobhacht neamhleachtach nó nach bhfuil nó ar féidir díorthaigh thar an gcuntar a athsholáthar go héasca i gcomhthéacs na ndálaí struis sa mhargadh, rud a chiallaíonn go bhfuil easpa margaí atá gníomhach go leanúnach ann i gcás ina bhfaigheadh contrapháirtí, laistigh de dhá lá nó níos lú ná sin, praghsanna iolracha reatha nach ndéanfadh an margadh a bhogadh ná praghas a léiriú lena ndéanfaí lascaine margaidh (i gcás comhthaobhachta) nó préimh (i gcás díorthach thar an gcuntar) a léiriú.
Déanfaidh institiúid a mheas an bhfuil trádálacha agus urrúis arna sealbhú aici comhdhlúite i gcontrapháirtí áirithe nó nach bhfuil agus, dá bhfágfadh an contrapháirtí sin an margadh go rite, an mbeadh an institiúid in ann na trádálacha nó na hurrúis sin a athsholáthar nó nach mbeadh.
Maidir le hathshocrú corrlaigh lena mbaineann tréimhse N lá, beidh an tréimhse corrlaigh faoi phriacal cothrom ar a laghad leis an tréimhse a shonraítear i mír 2 agus mír 3, F, móide N lá lúide lá amháin. Is é sin:
Airteagal 286
Bainistíocht ar CCR – Beartais, próisis agus córais
Déanfaidh institiúid creat bainistíochta CCR a bhunú agus a choimeád ar bun, lena gcuimsítear na nithe seo a leanas:
beartais, próisis agus córais chun aithint, tomhas, bainistíocht, faomhadh agus tuairisciú inmheánach a áirithiú maidir le CCR;
nósanna imeachta chun a áirithiú go gcomhlíontar na beartais, na próisis agus na córais sin.
Beidh na beartais, na próisis agus na córais sin bunaithe ar bhonn coincheapúil fónta, arna bhfeidhmiú le hionracas agus arna ndoiciméadú. Áireofar leis an doiciméadú míniú ar na teicnící eimpíreacha a úsáideadh chun CCR a thomhas.
Cuirfear priacail margaidh, leachtachta agus priacail dlíthiúla agus oibriúcháin a bhaineann le CCR san áireamh sa chreat bainistíochta CCR a cheanglaítear le mír 1. Áiritheoidh an creat go háirithe go gcomhlíonann an institiúid na prionsabail seo a leanas:
ní dhéanann sí gnó le contrapháirtí gan a hacmhainneacht creidmheasa a mheasúnú;
cuireann sí priacal creidmheasa socraíochta agus réamhshocraíochta san áireamh go hiomlán;
déanann sí priacail den sórt sin a bhainistiú chomh cuimsitheach agus is féidir ar leibhéal an chontrapháirtí trí risíochtaí CCR a chomhiomlánú le risíochtaí creidmheasa eile ar fud an ghnólachta.
Áiritheoidh institiúid a úsáideann an IMM go gcomfhreagraíonn a creat bainistíochta CCR, chun sástachta an údaráis inniúil, do na priacail leachtachta a bhaineann leis na nithe seo a leanas go léir:
glaonna ionchasacha ar corrlach a thiocfadh isteach i gcomhthéacs malartuithe corrlaigh athrúcháin nó cineálacha corrlaigh eile, amhail corrlach thosaigh nó neamhspleách, faoi shuaití neamhfhabhracha sa mhargadh;
glaonna ionchasacha a thiocfadh isteach ar aisíoc comhthaobhachta iomarcaí a dhéantar a thaisceadh ag contrapháirtithe;
glaonna mar thoradh ar íosghrádú ionchasach ar a measúnú seachtrach féin ar cháilíocht chreidmheasa.
Áiritheoidh institiúid go bhfuil cineál agus scóip athúsáid na comhthaobhachta comhsheasmhach lena riachtanais leachtachta agus nach gcuirtear a cumas comhthaobhacht a bhreacadh nó a aisíoc ar bhealach tráthúil i gcontúirt.
Airteagal 287
Struchtúir eagrúcháin maidir le bainistíocht CCR
Déanfaidh institiúid a úsáideann an IMM na nithe seo a leanas a bhunú agus a choimeád ar bun:
aonad rialaithe priacal a chomhlíonann le mír 2;
aonad bainistíochta comhthaobhachta a chomhlíonann le mír 3.
Beidh an t-aonad rialaithe priacal freagrach as bainistíocht CCR na hinstitiúide a dhearadh agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear bailíochtú tosaigh agus leanúnach na samhla, agus déanfaidh sé na feidhmeanna seo a leanas agus comhlíonfaidh sé na ceanglais seo a leanas:
beidh sé freagrach as córas bainistíochta CCR na hinstitiúide a dhearadh agus a chur chun feidhme;
déanfaidh sé tuarascálacha laethúla a tháirgeadh maidir le haschur shamhail tomhais priacal na hinstitiúide agus déanfaidh sé anailís air. Áireofar leis an anailís sin meastóireacht ar an gcaidreamh idir toisí luachanna na risíochtaí CCR agus teorainneacha trádála;
déanfaidh sé sláine na sonraí ionchuir a rialú agus déanfaidh sé tuarascálacha a tháirgeadh agus a anailísiú maidir le haschur shamhail tomhais priacal na hinstitiúide, lena n-áirítear meastóireacht ar an gcaidreamh idir toisí luachanna na risíochta ar priacal agus teorainneacha creidmheasa agus trádála;
beidh sé neamhspleách ó aonaid atá freagrach as risíochtaí a thionscnamh, a athnuachan nó a thrádáil agus beidh sé saor ó thionchar míchuí;
beidh dóthain foirne ann;
déanfaidh sé tuairiscí a chur díreach chuig lucht bainistíochta sinsearaí na hinstitiúide;
beidh a chuid oibre comhtháite go dlúth le próiseas laethúil bainistithe priacal creidmheasa na hinstitiúide;
beidh a aschur ina chuid ríthábhachtach den phróiseas pleanála, faireacháin agus rialaithe maidir le próifíl chreidmheasa agus priacal fhoriomláin na hinstitiúide.
Cuirfidh an t-aonad bainistíochta comhthaobhachta na cúraimí agus na feidhmeanna seo a leanas i gcrích:
glaonna ar chorrlach a ríomh agus a dhéanamh, díospóidí maidir le glaonna ar corrlach a bhainistiú agus leibhéil na méideanna neamhspleácha, corrlaigh tosaigh agus corrlaigh athrúcháin a thuairisciú go beacht ar bhonn laethúil;
sláine na sonraí a rialú a úsáidtear chun glaonna ar chorrlach a dhéanamh, agus a áirithiú go bhfuil siad comhsheasmhach agus go ndéantar iad a réiteach go rialta le foinsí sonraí ábhartha uile laistigh den institiúid;
rianú a dhéanamh ar cé chomh mór is a dhéantar athúsáid ar chomhthaobhacht agus ar aon leasú ar chearta na hinstitiúide ar an gcomhthaobhacht a thaisceann sí nó maidir leis an gcomhthaobhacht sin;
tuairisciú don leibhéal bainistíochta iomchuí maidir leis na cineálacha sócmhainní comhthaobhachta a athúsáidtear, agus téarmaí athúsáide den sórt sin lena n-áirítear an ionstraim, cáilíocht an chreidmheasa agus aibíocht;
rianú a dhéanamh ar chomhdhlúthacht chuig cineálacha aonair sócmhainní comhthaobhachta a nglacann an institiúid leo;
faisnéis bainistíochta comhthaobhachta a thuairisciú ar bhonn rialta, agus gach ráithe ar a laghad, don lucht bainistíochta sinsearaí, lena n-áirítear faisnéis maidir le cineál na comhthaobhachta a fhaightear agus a dhéantar a bhreacadh, méid, aosú agus an chúis maidir le díospóidí um ghlaonna ar chorrlach. Léireofar claontaí sna figiúirí seo sa tuairisciú inmheánach sin.
Airteagal 288
Athbhreithniú ar chóras bainistíochta CCR
Déanfaidh institiúid athbhreithniú neamhspleách rialta ar a córas bainistíochta CCR trína próiseas iniúchta inmheánaigh. Áireofar leis an athbhreithniú sin gníomhaíochtaí na n-aonad bainistíochta rialaithe agus comhthaobhachta araon a cheanglaítear le hAirteagal 287 agus tabharfar aghaidh ar na nithe seo a leanas go sainiúil, ar a laghad:
leordhóthanacht dhoiciméadú an chórais agus an phróisis bhainistíochta CCR a cheanglaítear le hAirteagal 286;
eagrúchán an aonaid rialaithe CCR a cheanglaítear le hAirteagal 287(1)(a);
eagrúchán an aonaid bhainistíochta comhthaobhachta a cheanglaítear le hAirteagal 287(1)(b);
comhtháthú na mbeart CCR le bainistíocht laethúil priacal;
an próiseas faofa maidir le samhlacha praghsála priacal agus córais luachála arna n-úsáid ag pearsanra na hoifige tosaigh agus na cúloifige;
bailíochtú aon athraithe shuntasaigh ar an bpróiseas tomhais CCR;
raon feidhme an CCR arna ghabháil ag an tsamhail tomhais priacal;
sláine an chórais faisnéise bainistíochta;
beachtas agus iomláine na sonraí CCR;
léiriú beacht na dtéarmaí dlíthiúla i gcomhaontuithe comhthaobhachta agus glanluachála go tomhais luachanna risíochtaí;
fíorú ar chomhsheasmhacht, ar thráthúlacht agus ar iontaofacht na bhfoinsí sonraí a úsáidtear chun samhlacha a rith, lena n-áirítear neamhspleáchas foinsí sonraí den sórt sin;
beachtas agus oiriúnacht na dtoimhdí luaineachta agus comhghaolúcháin;
beachtas na ríomhanna luachála agus claochlaithe priacal;
fíorú ar bheachtas na samhla trí chúltástáil a dhéanamh go minic mar a leagtar amach i bpointí (b) go (e) d'Airteagal 293(1);
comhlíonadh na gceanglas rialála ábhartha ag an aonad rialaithe agus aonad bainistíochta comhthaobhachta CCR.
Airteagal 289
Tástáil úsáide
Airteagal 290
Tástáil struis
Cuirfear cásanna ráithiúla tástála struis ilfhachtóirgh i bhfeidhm agus déanfar measúnú ar priacail neamhthreocha ábhartha lena n-áirítear risíocht cuar toraidh agus bunpriacail. Mar íosmhéid, tabharfar aghaidh ar na cásanna a leanas ina dtarlaíonn na nithe seo a leanas le tástálacha struis ilfhachtóirigh:
teagmhais thromchúiseacha eacnamaíocha nó margaidh;
laghdú suntasach ar leachtacht leathan an mhargaidh;
tá suímh á leachtú ag mór-idirghabhálaí airgeadais.
Airteagal 291
Priacal Comhghaolmhaireachta
Chun críocha an Airteagail seo:
tarlaíonn 'priacal ginearálta comhghaolmhaireachta' nuair a dhéantar dealraitheacht de mainneachtana ag contrapháirtithe a chur i gcomhchoibhneas deimhneach le fachtóirí ginearálta um priacail margaidh;
tarlaíonn 'Sainpriacal Comhghaolmhaireachta' nuair a dhéantar risíocht todhchaí ar chontrapháirtí sonrach a chur i gcomhchoibhneas deimhneach le PD an chontrapháirtí de bharr nádúr na n-idirbheart leis an gcontrapháirtí. Measfar institiúid a bheith ar ris ar shainpriacal comhghaolmhaireachta má táthar ag súil go mbeidh an risíocht todhchaí ar chontrapháirtí sonrach ard tráth a mbeidh dóchúlacht mainneachtana an chontrapháirtí ard freisin.
Déanfaidh institiúidí a gceanglas cistí dílse a ríomh le haghaidh CCR maidir le hidirbhearta i gcás ina ndearnadh sainpriacal comhghaolmhaireachta a aithint agus i gcás ina bhfuil baint dhlíthiúil idir an contrapháirtí agus eisitheoir bhunionstraim an díorthaigh bhunúsaí thar an gcuntar nó bhunionstraim na n-idirbheart dá dtagraítear i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (d) d'Airteagal 273(2), i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:
tá sainpriacal comhghaolmhaireachta ann ach ní dhéanfar na hionstraimí a áireamh sa tacar glanluachála céanna ina bhfuil idirbhearta eile leis an gcontrapháirtí, agus láimhseálfar gach ceann acu mar thacar glanluachála ar leith;
laistigh de thacar glanluachála ar leith den sórt sin, maidir le babhtálacha mainneachtana creidmheasa aonainm, is ionann luach na risíochta agus an caillteanas ionchasach iomlán i luach an luacha chóir atá fágtha de na bunionstraimí bunaithe ar an toimhde go bhfuil an t-eisitheoir foluiteach faoi leachtú;
beidh an LGD d'institiúid a úsáideann an cur chuige a leagtar amach i gCaibidil 3 cothrom le 100 % le haghaidh idirbheart babhtála den sórt sin;
nó institiúid a úsáideann an cur chuige a leagtar amach i gCaibidil 2, beidh an t-ualú priacal infheidhme coibhéiseach leis sin a bhaineann le hidirbheart neamhurraithe;
maidir le gach idirbheart eile lena ndéantar aon ainm a thagairt i dtacar glanluachála ar leith den sórt sin, beidh ríomh luach na risíochta comhsheasmhach leis an toimhde go mainneofar na bunoibleagáidí sin gan choinne i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir ceangailte go dlíthiúil leis an gcontrapháirtí. Maidir le hidirbhearta lena ndéantar bascaed ainmneacha nó innéacs a thagairt, cuirfear i bhfeidhm mainneachtain na mbunoibleagáidí faoi seach, i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir ceangailte go dlíthiúil leis an gcontrapháirtí, más ábhartha;
a mhéid agus a úsáidtear ríomhanna um priacal margaidh leis seo le haghaidh ceanglas cistí dílse maidir le priacal mainneachtana agus priacal imirce incriminteach mar a leagtar amach i dTeideal IV, Caibidil 5, Roinn 4 ina bhfuil toimhde LGD cheana féin, is é 100 % an LGD a úsáidfear san fhoirmle.
Airteagal 292
Sláine an phróisis samhaltaithe
Áiritheoidh institiúid sláine an phróisis samhaltaithe mar a leagtar amach in Airteagal 284 trí na bearta seo a leanas a ghlacadh ar a laghad:
léireofar téarmaí agus sonraíochtaí idirbheart leis an tsamhail ar bhealach tráthúil, iomlán agus coimeádach;
áireofar leis na téarmaí sin ar a laghad méideanna barúlacha, aibíocht, sócmhainní tagartha, socruithe faoi shocrú corrlaigh agus socruithe glanluachála a bhainfidh leis an gconradh;
déanfar na téarmaí agus sonraíochtaí sin a choinneáil i mbunachar sonraí a bheidh faoi réir ag iniúchadh foirmiúil tréimhsiúil;
próiseas chun socruithe glanluachála a aithint óna dteastaíonn foireann dhlíthiúil chun a fhíorú go bhfuil glanluacháil faoi na socruithe sin infheidhme le dlí;
cuirfidh aonad neamhspleách an fíorú a cheanglaítear le pointe (d) isteach sa bhunachar sonraí atá luaite i bpointe (c);
beidh tarchur téarmaí idirbheart agus sonraí na sonraíochtaí chuig an tsamhail EPE faoi réir ag iniúchadh inmheánach;
beidh próisis ann chun réiteach foirmiúil a dhéanamh idir an tsamhail agus córais na sonraí foinseacha chun fíorú a dhéanamh ar bhonn leanúnach go bhfuil téarmaí agus sonraíochtaí idirbheart á léiriú i gceart, nó go coimeádach ar a laghad, in EPE.
Chun an EPE iarbhír a ríomh le calabrú struis, déanfaidh institiúid EPE iarbhír a chalabrú agus trí bliana de shonraí, lena n-áirítear tréimhse struis i dtaca le raonta difríochta creidmheasa a contrapháirtithe, a úsáid nó sonraí intuigthe ón margadh ó thréimhse struis den sórt sin.
Cuirfidh an institiúid na ceanglais i míreanna 3, 4 agus 5 i bhfeidhm chun na críche sin.
Ceanglóidh na húdaráis inniúla ar institiúid an calabrú struis a choigeartú má athraíonn na risíochtaí ar na punanna tagarmharcála sin go suntasach óna chéile.
Déanfaidh institiúid an tsamhail a chur faoi phróiseas bailíochtaithe atá léirithe go soiléir i mbeartais agus i nósanna imeachta na n-institiúidí. Maidir leis an bpróiseas bailíochtaithe:
sonrófar an cineál tástála is gá chun sláine na samhla a áirithiú agus dálaí a aithint faoi nach leor na toimhdí a fholuíonn an tsamhail agus a bhféadfadh maolaisnéis i leith EPE a bheith mar thoradh orthu dá bhrí sin;
áireofar athbhreithniú ar chuimsitheacht na samhla.
Déanfaidh institiúid faireachán ar na priacail ábhartha agus beidh próisis i bhfeidhm aici chun a meastachán ar EPE iarbhír a choigeartú nuair a éiríonn na priacail sin suntasach. Déanfaidh an institiúid na nithe seo a leanas agus an mhír seo á comhlíonadh:
a risíochtaí ar shainpriacal comhghaolmhaireachta a tharlaíonn a aithint agus a bhainistiú mar a shonraítear in Airteagal 291(1)(b) agus a risíochtaí ar priacal ginearálta comhghaolmhaireachta a tharlaíonn a aithint agus a bhainistiú mar a shonraítear in Airteagal 291(1)(a);
maidir le risíochtaí lena mbaineann próifíl priacal atá ag dul i méid tar éis bliana amháin, déanfar comparáid ar bhonn rialta idir meastachán ar mhéid risíochta thar bhliain amháin leis an méid risíochta céanna thar shaolré na risíochta;
maidir le risíochtaí a bhfuil aibíocht iarmhair níos lú ná aon bhliain amháin acu, déanfar comparáid ar bhonn rialta idir an costas athsholáthair (risíocht reatha) agus próifíl na risíochta réadaithe, agus déanfar sonraí a stóráil a cheadódh comparáid den sórt sin.
Airteagal 293
Ceanglais maidir leis an gcóras bainistíochta priacal
Comhlíonfaidh institiúid na ceanglais seo a leanas:
comhlíonfaidh sí na ceanglais cháilíochtúla a leagtar amach i gCuid 3, Teideal IV, Caibidil 5;
déanfaidh sí clár rialta de chúltástáil, agus na bearta priacal a ghineann an tsamhail á gcur i gcomparáid le bearta priacal réadaithe, agus athruithe hipitéiseacha bunaithe ar shuímh statacha á gcur i gcomparáid le bearta réadaithe;
déanfaidh sí bailíochtú tosaigh agus athbhreithniú tréimhsiúil leanúnach ar samhail na risíochta ar CCR agus ar na bearta priacal arna nginiúint léi. Beidh an bailíochtú agus an t-athbhreithniú neamhspleách ó fhorbairt na samhla;
beidh baint ag comhlacht bainistíochta agus lucht bainistíochta sinsearaí leis an bpróiseas rialaithe priacal agus áiritheoidh siad go leithdháilfear dóthain acmhainní ar rialú creidmheasa agus rialú priacal creidmheasa contrapháirtithe. I dtaca leis sin, déanfar athbhreithniú ar na tuarascálacha laethúla arna n-ullmhú ag an aonad rialaithe creidmheasa neamhspleách arna bhunú de réir Airteagal 287(1)(a) ar leibhéal bainistíochta ag a mbeidh sinsearacht agus údarás imleor chun laghduithe i suímh a ghlacann trádálaithe aonair a fhorfheidhmiú chomh maith le laghduithe i risíocht fhoriomlán na hinstitiúide ar priacal;
beidh an tsamhail inmheánach um thomhas risíochtaí ar priacal comhtháite go dlúth le próiseas laethúil um bainistiú priacal creidmheasa na hinstitiúide;
bainfear úsáid as an gcóras chun priacal a thomhas in éineacht le teorainneacha inmheánacha maidir le trádáil agus le neamhchosaint. I dtaca leis sin, beidh baint ag teorainneacha risíochta le samhail tomhais priacal na hinstitiúide ar bhealach a bheidh comhsheasmhach thar am agus ar a mbeidh dea-thuiscint ag trádálaithe, an fheidhm chreidmheasa agus lucht bainistíochta sinsearaí;
áiritheoidh institiúid go bhfuil a córas bainistíochta priacal doiciméadaithe go leormhaith. Go háirithe, déanfaidh sí tacar doiciméadaithe de bheartais, rialuithe agus nósanna imeachta inmheánacha a choinneáil a bhaineann le hoibriú an chórais tomhais priacal, chomh maith le socruithe chun a áirithiú go gcomhlíontar na beartais sin;
déanfar athbhreithniú neamhspleách ar an gcóras tomhais priacal go rialta i bpróiseas iniúchta inmheánaigh na hinstitiúide. Áireofar leis an athbhreithniú sin gníomhaíochtaí na n-aonad trádála gnó agus an aonaid neamhspleáigh rialaithe priacal araon. Déanfar athbhreithniú ar an gcóras bainistithe priacal foriomlán ag eatraimh rialta (agus tráth nach lú ná uair amháin sa bhliain) agus tabharfar faoi na pointí go léir dá dtagraítear in Airteagal 288 go háirithe;
déanfar athbhreithniú tréimhsiúil ar an mbailíochtú leanúnach ar shamhlacha priacal creidmheasa contrapháirtithe, lena n-áirítear cúltástáil, ar leibhéal bainistíochta ag a mbeidh údarás leormhaith chun aghaidh a thabhairt ar laigí sna samhlacha.
Airteagal 294
Ceanglais bhailíochtaithe
Mar chuid den bhailíochtú tosaigh agus leanúnach ar shamhail na risíochta ar CCR agus a bearta priacal, áiritheoidh institiúid go gcomhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
déanfaidh an institiúid cúltástáil ag úsáid sonraí stairiúla maidir le gluaiseachtaí i bhfachtóirí priacal an mhargaidh roimh an gcead ó na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 283(1). Breithneofar roinnt tréimhsí ama um réamhaithrisí sainiúla sa chúltástáil chomh fada amach le haon bhliain ar a laghad, thar raon dátaí túsaithe éagsúla agus lena gcumhdaítear raon leathan dálaí sa mhargadh;
déanfaidh an institiúid a úsáideann an cur chuige a leagtar amach i mír 12(b) d'Airteagal 284 bailíochtú rialta ar a samhail lena thástáil an bhfuil risíochtaí réadaithe reatha comhsheasmhach le réamhaisnéisí thar na tréimhsí corrlaigh ar fad laistigh d'aon bhliain. Má bhaineann aibíocht níos giorra ná aon bhliain le cuid de na trádálacha sa tacar glanluachála, agus má tá íogaireachtaí níos airde i dtaobh fachtóirí priacal ag an tacar glanluachála d'uireasa na dtrádálacha, cuirfear é seo san áireamh sa bhailíochtú;
déanfaidh sí cúltástáil ar fheidhmíocht shamhail na risíochta ar CCR agus ar bhearta priacal ábhartha na samhla chomh maith leis na réamhaithrisí maidir le fachtóirí priacal margaidh. Maidir le trádálacha comhthaobhaithe, cuirfear ar áireamh leis na tréimhsí ama réamhaithrise na cinn lena léirítear tréimhsí tipiciúla corrlaigh priacal a chuirtear i bhfeidhm i dtrádáil chomhthaobhaithe nó faoi chumhdach corrlaigh;
má léirítear le bailíochtú na samhla go bhfuil an EPE iarbhír gannmheasta, gníomhóidh an institiúid mar is gá chun aghaidh a thabhairt ar mhíchruinneas na samhla;
déanfaidh sí tástáil ar na samhlacha praghsála a úsáidtear chun risíocht ar CCR a ríomh maidir le cás áirithe de shuaitheadh amach anseo d'fhachtóirí priacal margaidh mar chuid den phróiseas bailíochtaithe tosaigh agus leanúnach. Tabharfar fáthanna sna samhlacha praghsála le neamhlíneacht luacha rogha maidir le fachtóirí priacal margaidh;
déanfar an fhaisnéis a bhaineann go sainiúil le hidirbhearta atá riachtanach le bheith in ann risíochtaí a chomhiomlánú ar leibhéal an tacair ghlanluachála a ghabháil le samhail na risíochta ar CCR. Deimhneoidh institiúid go ndéantar idirbhearta a shannadh don tacar glanluachála iomchuí laistigh den tsamhail;
áireofar le samhail na risíochta ar CCR faisnéis a bhaineann go sainiúil le hidirbhearta chun éifeachtaí an tsocraithe corrlaigh a ghabháil. Cuirfear an méid corrlaigh reatha agus an corrlach a dhéanfaí a aistriú idir contrapháirtithe sa todhchaí araon san áireamh leis. Tabharfaidh samhail den sórt sin cuntas ar nádúr na gcomhaontuithe corrlaigh atá aontaobhach nó déthaobhach, ar mhinicíocht na nglaonna ar corrlaigh, an tréimhse corrlaigh faoi phriacal, íostairseach na risíochta nach bhfuil faoi chumhdach corrlaigh atá an institiúid toilteanach a ghlacadh, agus íosmhéid an aistrithe. Déanfar an t-athrú i leith marcáil ón margadh ar luach na comhthaobhachta a bhreactar a mheas le samhail den sórt sin nó cuirfear na rialacha a leagtar amach i gCaibidil 4 i bhfeidhm;
áireofar le próiseas bailíochtaithe na samhla cúltástáil stairiúil statach ar phunanna contrapháirtithe ionadaíocha. Déanfaidh institiúid cúltástáil den sórt sin ar roinnt punann contrapháirtithe ionadaíocha atá iarbhír nó hipitéiseach ag eatraimh rialta. Roghnófar na punanna ionadaíocha sin ar bhonn a n-íogaireachta maidir leis na fachtóirí priacal ábhartha agus meascán de na fachtóirí priacal ar a bhfuil an institiúid ar ris;
déanfaidh institiúid cúltástáil atá deartha chun tástáil a dhéanamh ar phríomhthoimhdí shamhail na risíochta ar CCR agus ar na bearta priacal ábhartha, lena n-áirítear an caidreamh samhaltaithe idir éirimí an fhachtóra priacal chéanna, agus na caidrimh shamhaltaithe idir na fachtóirí priacal;
beidh feidhmíocht shamhlacha na risíochta ar CCR agus a bearta priacal faoi réir ag cleachtas cúltástála iomchuí. Beidh an clár cúltástála in ann tearcfheidhmíocht i mbearta priacal na samhla EPE a aithint;
déanfaidh institiúid samhlacha na risíochta ar CCR agus na bearta priacal uile a bhailíochtú chomh fada amach le tréimhsí ama ar cóimhéid le haibíocht na dtrádálacha atá cumhdaithe ag an tarscaoileadh IMM i gcomhréir le hAirteagal 283;
déanfaidh institiúid tástáil rialta ar na samhlacha praghsála a úsáidtear chun risíocht contrapháirtithe a ríomh i gcoinne tagarmharcanna neamhspleácha iomchuí mar chuid den phróiseas leanúnach ar bhailíochtú na samhla;
áireofar measúnú ar leorgacht na feidhmíochta is déanaí sa bhailíochtú leanúnach ar shamhail na risíochta ar CCR atá ag an institiúid agus na bearta priacal ábhartha;
déanfaidh institiúid measúnú ar an minicíocht lena ndéantar paraiméadair shamhail na risíochta ar CCR a nuashonrú mar chuid den phróiseas ar bhailíochtú tosaigh agus leanúnach;
déanfar measúnú leis an mbailíochtú tosaigh agus leanúnach ar cibé acu atá ríomhanna na risíochta maidir le leibhéal an chontrapháirtí agus an tacair ghlanluachála iomchuí nó nach bhfuil.
Airteagal 295
Glanluacháil chonarthach a aithint mar laghdú priacal
Ní fhéadfaidh institiúidí a láimhseáil mar laghdú priacal i gcomhréir le hAirteagal 298 ach na cineálacha comhaontuithe seo a leanas a bhaineann le glanluacháil chonarthach i gcás ina bhfuil an comhaontú glanluachála aitheanta ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 296 agus i gcás ina gcomhlíonann an institiúid na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 297:
conarthaí déthaobhacha le haghaidh nuachana idir institiúid agus a contrapháirtí faoina ndéantar éilimh agus oibleagáidí frithpháirteacha a chónascadh go huathoibríoch ar bhealach ina ndéantar aon mhéid aonair glan a shocrú leis an nuachan gach uair atá sé infheidhme chun conradh singil nua a chruthú a chuirtear in áit na gconarthaí agus na n-oibleagáidí uile roimhe sin idir páirtithe de bhun na gconarthaí sin agus tá sé ceangailteach ar na páirtithe;
comhaontuithe déthaobhacha eile idir institiúid agus a contrapháirtí;
comhaontuithe glanluachála trastáirgí conarthacha maidir le hinstitiúidí a bhfuil cead faighte acu an modh a leagtar amach i Roinn 6 a úsáid i dtaca le hidirbhearta lasmuigh de raon feidhme an mhodha sin. Déanfaidh na húdaráis inniúla liosta de na comhaontuithe glanluachála trastáirgí conarthacha a formheasadh a thuairisciú do ÚBE.
Ní dhéanfar glanluacháil thar idirbhearta a dhéanann eintitis dhlíthiúla éagsúla i ngrúpa a aithint ar mhaithe leis na ceanglais cistí dílse a ríomh.
Airteagal 296
Comhaontuithe glanluachála conarthacha a aithint
Comhlíonfaidh gach comhaontú glanluachála conarthach na coinníollacha uile a leanas a úsáideann institiúid ar mhaithe le luach na risíochta a chinneadh sa Chuid seo:
thug an institiúid comhaontú glanluachála conarthach i gcrích lena contrapháirtí lena gcruthaítear oibleagáid dhlíthiúil aonair, lena gcumhdaítear gach idirbheart atá ar áireamh, ionas go mbeadh sí i dteideal, i gcás mainneachtana ar thaobh an chontrapháirtí, an tsuim ghlan amháin de luachanna deimhneacha agus diúltacha maidir le marcáil ón margadh idirbheart aonair atá ar áireamh a fháil nó iad a íoc;
chuir an institiúid tuairimí dlíthiúla réasúnaithe i scríbhinn ar fáil do na húdaráis inniúla ionas nach mbeadh éilimh ná oibleagáidí na hinstitiúide níos mó ná na héilimh agus na hoibleagáidí sin dá dtagraítear i bpointe (a), i gcás ina ndéanfaí agóid dhlíthiúil i gcoinne an chomhaontaithe ghlanluachála. Déanfar tagairt don dlí is infheidhme sa tuairim dhlíthiúil:
an dlínse ina bhfuil an contrapháirtí corpraithe;
má tá baint ag brainse gnóthais leis, atá suite i dtír eile seachas an tír ina bhfuil an gnóthas corpraithe, an dlínse ina bhfuil an brainse suite;
an dlínse ina ndéantar na hidirbhearta aonair atá ar áireamh sa chomhaontú glanluachála a rialú lena dlí;
an dlínse ina ndéantar aon chonradh nó comhaontú a rialú lena dlí atá riachtanach chun an ghlanluacháil chonarthach a chur i gcrích;
déantar an bpriacal creidmheasa i leith gach contrapháirtí a chomhiomlánú chun risíocht dhlíthiúil aonair a chruthú thar idirbhearta le gach contrapháirtí. Déanfar an comhiomlánú sin a fhachtóiriú idir cuspóirí teorann creidmheasa agus cuspóirí caipitil inmheánaigh;
ní bheidh aon chlásal sa chonradh lena dtugtar cead, i gcás mainneachtana ar thaobh contrapháirtí, do chontrapháirtí neamh-mhainneachtana íocaíochtaí teoranta amháin a dhéanamh, nó gan íocaíochtaí ar bith a dhéanamh, le heastát an pháirtí mainneachtana, fiú má tá an páirtí mainneachtana ina ghlanchreidiúnaí (i.e. clásáil tréigthe).
Mura bhfuil ceann ar bith de na húdaráis inniúla sásta go bhfuil an ghlanluacháil chonarthach bailí go dlíthiúil agus infhorghníomhaithe faoi dhlí gach dlínse dá dtagraítear i bpointe (b) ní dhéanfar an comhaontú glanluachála conarthach a aithint mar laghdú priacal maidir le ceachtar de na contrapháirtithe. Cuirfidh údaráis inniúla é sin in iúl dá chéile dá réir sin.
Féadfar na tuairimí dlíthiúla dá dtagraítear i bpointe (b) a tharraingt suas trí thagairt do chineálacha glanluachála conarthaí. Comhlíonfaidh comhaontuithe glanluachála trastáirge conarthacha na coinníollacha breise seo a leanas:
is í an tsuim ghlan dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo an tsuim ghlan de na luachanna imréitigh deimhneacha agus diúltacha d'aon mháistir-chomhaontú déthaobhach aonair atá ar áireamh agus de luach deimhneach agus diúltach um marcáil ón margadh na n-idirbheart aonair (an 'Méid Glan Trastáirge');
na tuairimí dlíthiúla dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, tabharfar eolas ar bhailíocht agus ar infhorghníomhacht an chomhaontaithe glanluachála trastáirgí chonarthaigh iomláin faoina théarmaí agus ar thionchar an chomhaontaithe glanluachála ar fhorálacha ábhartha atá in aon mháistir-chomhaontú déthaobhach aonair atá ar áireamh.
Airteagal 297
Oibleagáidí na n-institiúidí
Agus an comhaontú glanluachála trastáirgí á chur san áireamh, leanfaidh an institiúid de bheith ag comhlíonadh na gceanglas maidir le glanluacháil dhéthaobhach a aithint agus ceanglais Chaibidil 4 maidir le maolú priacal creidmheasa a aithint, de réir mar is infheidhme, maidir le gach máistir-chomhaontú déthaobhach aonair agus idirbheart atá ar áireamh.
Airteagal 298
Na héifeachtaí a bhaineann le glanluacháil mar rud a laghdaíonn priacal a aithint
Déanfar glanluacháil chun críocha Roinn 3 go Roinn 6 a aithint mar a leagtar amach sna Ranna sin.
Airteagal 299
Ítimí sa leabhar trádála
Agus méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal á ríomh maidir le priacal contrapháirtí i dtaca le hítimí sa leabhar trádála, comhlíonfaidh institiúidí na prionsabail seo a leanas:
▼M8 —————
ní bhainfidh institiúidí úsáid as an Modh Simplí Comhthaobhach Airgeadais atá leagtha amach in Airteagal 222 chun éifeachtaí na comhthaobhachta airgeadais a aithint;
i gcás idirbheart athcheannaigh agus idirbheart iasachtaithe nó iasachtaíochta i leith urrús nó tráchtearraí a chuirtear sa leabhar trádála, féadfaidh institiúidí na hionstraimí airgeadais agus tráchtearraí uile a aithint mar chomhthaobhacht incháilithe atá le cur san áireamh sa leabhar trádála;
maidir le risíochtaí a thagann as ionstraimí díorthacha thar an gcuntar arna gcur sa leabhar trádála, féadfaidh institiúidí tráchtearraí atá incháilithe a áireamh sa leabhar trádála a aithint mar chomhthaobhacht incháilithe;
chun críocha coigeartuithe luaineachta a ríomh i gcás ina ndéantar ionstraimí airgeadais nó tráchtearraí den sórt sin nach bhfuil incháilithe faoi Chaibidil 4 a thabhairt ar iasacht, a dhíol nó a sholáthar, nó a fháil ar iasacht, a cheannach nó a fháil trí chomhthaobhacht nó trí mheán eile faoina leithéid d'idirbheart, agus nuair a úsáideann institiúid cur chuige na gcoigeartuithe luaineachta maoirseachta faoi Roinn 3 de Chaibidil 4, déanfaidh institiúidí ionstraimí agus tráchtearraí den sórt sin a láimhseáil ar an mbealach céanna agus a láimhseálann siad cothromas neamh-phríomhinnéacs ar mhalartán aitheanta;
i gcás ina bhfuil institiúid ag úsáid an cur chuige bunaithe ar a meastacháin féin de choigeartuithe luaineachta faoi Roinn 3 de Chaibidil 4 maidir le hionstraimí airgeadais nó tráchtearraí nach bhfuil incháilithe faoi Chaibidil 4, ríomhfaidh sí coigeartuithe luaineachta do gach ítim ar leith. I gcás go bhfuil cead faighte ag institiúid Modh na Samhlacha Inmheánacha arna shainiú i gCaibidil 4 a úsáid, féadfaidh sí an cur chuige sin a chur i bhfeidhm sa leabhar trádála;
maidir le máistir-chomhaontuithe glanluachála a aithint ina gcuimsítear idirbhearta athcheannaigh nó idirbhearta iasachtaithe nó iasachtaíochta i leith urrús nó tráchtearraí nó idirbhearta caipitil eile atá faoi thionchar an mhargaidh, ní aithneoidh institiúidí ach glanluacháil thar shuímh sa leabhar trádála agus sa leabhar neamhthrádála nuair a chomhlíonann na hidirbhearta glanluacháilte na coinníollacha seo a leanas:
déantar gach idirbheart a mharcáil ón margadh ar bhonn laethúil;
féadfar aon ítimí a fhaightear ar iasacht, a cheannaítear nó a fhaightear faoi na hidirbhearta a aithint mar chomhthaobhacht airgeadais incháilithe faoi Chaibidil 4 gan pointí (c) go (f) den mhír seo a chur i bhfeidhm;
i gcás gur cuid d'fhálú inmheánach é díorthach creidmheasa atá ar áireamh sa leabhar trádála agus go n-aithnítear an chosaint chreidmheasa faoin Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 204, cuirfidh institiúidí ceann amháin de na modhanna seo a leanas i bhfeidhm:
láimhseálfaidh siad é amhail is nár thig aon priacal contrapháirtí ón suíomh sa díorthach creidmheasa sin;
chun na ceanglais cistí dílse a ríomh maidir le priacal creidmheasa contrapháirtí, cuirfidh siad ar áireamh go comhsheasmhach na díorthaigh chreidmheasa go léir atá sa leabhar trádála agus atá ina gcuid d'fhálú inmheánach nó a ceannaíodh mar chosaint i gcoinne risíochta ar CCR sa chás go bhfuil an chosaint chreidmheasa aitheanta mar chosaint incháilithe faoi Chaibidil 4.
Airteagal 300
Sainmhínithe
Chun críocha na Roinne seo agus Chuid a Seacht, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn 'gan baint le féimheacht', maidir le sócmhainní cliant, go bhfuil socruithe éifeachtacha i bhfeidhm lena n-áirithítear nach mbeidh na sócmhainní sin ar fáil do chreidiúnaithe contrapháirtí lárnaigh nó chomhalta imréitigh i gcás dhócmhainneacht an chontrapháirtí lárnaigh nó an chomhalta imréitigh sin faoi seach nó nach mbeidh na sócmhainní ar fáil don comhalta imréitigh chun caillteanais a chumhdach a thabhaigh sé i ndiaidh mhainneachtain cliaint nó cliant seachas iad siúd a chuir na sócmhainní sin ar fáil;
ciallaíonn 'idirbheart a bhaineann le contrapháirtí lárnach' conradh nó idirbheart atá liostaithe in Airteagal 301(1) idir cliant agus comhalta imréitigh a bhaineann go díreach le conradh nó idirbheart atá liostaithe sa mhír sin idir an comhalta imréitigh sin agus contrapháirtí lárnach;
ciallaíonn 'comhalta imréitigh' comhalta imréitigh mar atá sainmhínithe i bpointe (14) d'Airteagal 2 de Rialachán(AE) Uimhir 648/2012
ciallaíonn 'cliant' cliant mar atá sainmhínithe i bpointe (15) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimhir 648/2012 nó gnóthás a bhfuil socruithe imréitigh indíreacha bunaithe acu le comhalta imréitigh, i gcomhréir le hAirteagal 4(3) den Rialachán sin;
ciallaíonn 'idirbheart airgid' idirbheart in airgead tirim, ionstraimí fiachais nó cothromais, spot-idirbheart malairte eachtraí nó spot-idirbheart tráchtearraí; ach ní idirbhearta airgid iad idirbhearta athcheannaigh agus idirbhearta iasachtaithe nó iasachtaíochta i leith urrús nó tráchtearraí;
ciallaíonn 'socrú imréitigh indíreach' socrú a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
ciallaíonn 'cliant ar leibhéal níos airde' eintiteas a chuireann seirbhísí imréitigh ar fáil do chliant ar leibhéal níos ísle;
ciallaíonn 'cliant ar leibhéal níos ísle' eintiteas a bhfuil rochtain ar sheirbhísí contrapháirtí lárnaigh á fáil aige trí bhíthin cliant ar leibhéal níos airde;
ciallaíonn 'struchtúr cliant il-leibhéil' socrú imréitigh indíreach faoina gcuireann eintiteas nach comhalta imréitigh é ach ar cliant de chuid comhalta imréitigh nó de chuid cliant ar leibhéal níos airde é, faoina gcuireann sé seirbhísí imréitigh ar fáil d'institiúid;
ciallaíonn 'ranníocaíocht neamhchistithe le ciste mainneachtana' ranníocaíocht a gheallann institiúid a ghníomhaíonn mar chomhalta imréitigh go conarthach a sholáthar do chontrapháirtí lárnach tar éis don chontrapháirtí lárnach a chiste mainneachtana a ídiú chun caillteanais a chumhdach a thabhaigh sé tar éis mainneachtain ceann amháin nó níos mó dá chomhaltaí imréitigh;
ciallaíonn 'idirbheart iasachtaithe nó iasachtaíochta i leith taiscí lánráthaithe' idirbheart margaidh i leith airgead lánchomhthaobhaithe ina malartaíonn beirt chontrapháirtithe taiscí le chéile agus ina n-idirchuireann contrapháirtí é féin eatarthu chun comhlíonadh oibleagáidí íocaíochta na gcontrapháirtithe sin a áirithiú.
Airteagal 301
Raon feidhme ábhartha
Baineann an Roinn seo leis na conarthaí agus na hidirbhearta seo a leanas fad agus atá siad gan réiteach le contrapháirtí lárnach:
na conarthaí díorthacha a liostaítear in Iarscríbhinn II agus díorthaigh chreidmheasa;
idirbhearta um maoiniú urrús agus idirbhearta iasachtaithe nó iasachtaíochta i leith taiscí lánráthaithe; agus
idirbhearta socraíochta iarchurtha.
Níl feidhm ag an Roinn seo maidir le risíochtaí a thagann as socraíocht idirbheart airgid. Cuirfidh institiúidí an láimhseáil a leagtar síos i dTeideal V i bhfeidhm ar risíochtaí trádála a thagann as na hidirbhearta sin agus cuirfidh siad ualú priacail 0 % i bhfeidhm ar na ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana a chumhdaíonn na hidirbhearta réamhráite agus iad sin amháin. Cuirfidh institiúidí an láimhseáil a leagtar síos in Airteagal 307 i bhfeidhm ar na ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana a chumhdaíonn aon cheann de na conarthaí a liostaítear sa chéad fhomhír den mhír seo sa bhreis ar idirbhearta airgid.
Chun críocha na Roinne seo, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:
ní áireofar sa chorrlach tosaigh ranníocaíochtaí le contrapháirtí lárnach le haghaidh socruithe roinnte caillteanas;
áireofar sa chorrlach tosaigh comhthaobhacht arna taisceadh ag institiúid atá ag gníomhú mar chomhalta imréitigh nó ag cliant sa bhreis ar an íosmhéid a theastaíonn ón gcontrapháirtí lárnach nó ón institiúid atá ag gníomhú mar chomhalta imréitigh faoi seach, ar choinníoll go bhféadfaidh an contrapháirtí lárnach sin nó an institiúid sin, nuair is iomchuí, cosc a chur ar an institiúid atá ag gníomhú mar chomhalta imréitigh nó ar an gcliant an chomhthaobhacht bhreise sin a aistarraingt;
i gcás ina n-úsáideann contrapháirtí lárnach corrlach tosaigh chun caillteanais a fhrithpháirtiú i measc a chomhaltaí imréitigh, féadfaidh institiúidí a ghníomhaíonn mar chomhaltaí imréitigh an corrlach tosaigh sin a láimhseáil mar ranníocaíocht le ciste mainneachtana.
Airteagal 302
Faireachán a dhéanamh ar risíochtaí contrapháirtithe lárnacha
Airteagal 303
Risíochtaí na gcomhaltaí imréitigh ar chontrapháirtithe lárnacha a láimhseáil
Airteagal 304
Risíochtaí na gcomhaltaí imréitigh ar chliaint a láimhseáil
I gcás ina n-úsáideann institiúid atá ag gníomhú mar chomhalta imréitigh na modhanna a leagtar amach i Roinn 3 nó i Roinn 6 den Chaibidil seo chun a ceanglais cistí dílse le haghaidh a risíochtaí a ríomh, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:
de mhaolú ar Airteagal 285(2), féadfaidh an institiúid leas a bhaint as tréimhse corrlaigh faoi phriacail a mhairfidh cúig lá oibre ar a laghad le haghaidh a risíochtaí ar chliant;
cuirfidh an institiúid tréimhse corrlaigh faoi phriacail i bhfeidhm a mhairfidh 10 lá oibre ar a laghad le haghaidh a risíochtaí ar chontrapháirtí lárnach;
de mhaolú ar Airteagal 285(3), i gcás ina gcomhlíonann tacar glanluachála atá ar áireamh sa ríomh na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) den mhír sin, féadfaidh an institiúid neamhaird a thabhairt ar an teorainn a leagtar amach sa phointe sin, ar choinníoll nach gcomhlíonann an tacar glanluachála an coinníoll a leagtar amach i bpointe (b) den mhír sin agus nach bhfuil aon trádálacha ná céadroghanna coimhthíocha iontu ar ábhar díospóide iad;
i gcás ina gcoimeádann contrapháirtí lárnach corrlach athrúcháin i gcoinne idirbhirt agus nach ndéantar comhthaobhacht na hinstitiúide a chosaint ar dhócmhainneacht an chontrapháirtí lárnaigh, cuirfidh an institiúid tréimhse corrlaigh priacail i bhfeidhm arb ionann í agus aon bhliain amháin nó aibíocht iarmhair an idirbhirt, cibé acu is ísle, agus íosráta 10 lá gnó i gceist.
I gcás struchtúr cliant il-leibhéil, féadfar an láimhseáil a leagtar amach sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm ar gach leibhéal den struchtúr sin.
Airteagal 305
Risíochtaí na gcliant a láimhseáil
Gan dochar don chur chuige atá sonraithe i mír 1, i gcás gur cliant í an institiúid, féadfaidh sí na ceanglais cistí dílse dá risíochtaí trádála d'idirbhearta a bhaineann le contrapháirtí lárnach lena comhalta imréitigh a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 306 ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
tá suímh agus sócmhainní na hinstitiúide sin a bhaineann leis na hidirbhearta sin idirdhealaithe agus leithscartha, ar leibhéal an chomhalta imréitigh agus an chontrapháirtí lárnaigh araon, ó shuímh agus sócmhainní an chomhalta imréitigh agus chliaint eile an chomhalta imréitigh sin agus mar gheall ar an idirdhealú sin agus an leithscaradh sin níl baint ag na suímh agus sócmhainní sin le féimheacht i gcás mhainneachtain nó dhócmhainneacht an chomhalta imréitigh nó duine amháin nó níos mó dá chliaint eile;
éascaítear le dlíthe, rialacháin, rialacha agus socruithe conarthacha is infheidhme maidir leis an institiúid sin nó leis an gcontrapháirtí lárnach atá ceangailteach orthu, go ndéanfar suímh an chliaint a bhaineann leis na conarthaí agus idirbhearta sin agus an chomhthaobhacht chomhfhreagrach a aistriú chuig comhalta imréitigh eile laistigh den tréimhse corrlaigh is infheidhme faoi phriacal i gcás dhócmhainneacht nó mhainneachtain an chontrapháirtí lárnaigh nó an chomhalta imréitigh bhunaidh. In imthosca mar sin, déanfar suímh agus comhthaobhacht an chliaint a aistriú ag luach an mhargaidh mura n-iarrann an cliant go ndéanfaí an suíomh a shocrú ar luach an mhargaidh;
tá athbhreithniú dlíthiúil leordhóthanach déanta ag an gcliant, ar athbhreithniú é atá cothrom le dáta, a chruthaíonn go bhfuil na socruithe lena n-áirithítear comhlíonadh an choinníll atá leagtha amach i bpointe (b), go bhfuil siad dlíthiúil, bailí, ceangailteach agus infhorfheidhmithe faoi dhlíthe ábhartha na dlínse nó na ndlínsí ábhartha;
is contrapháirtí lárnach cáilitheach é an contrapháirtí lárnach.
I gcás ina ndéanann an institiúid measúnú ar an gcaoi a bhfuil an coinníoll i bpointe (b) den chéad fhomhír á chomhlíonadh aici, féadfaidh institiúid aon fhasaigh shoiléire i ndáil le haistrithe suíomhanna cliant agus le comhthaobhacht chomhfhreagrach chuig contrapháirtí lárnach a chur san áireamh, maille le haon rún sa tionscal leanúint den chleachtas seo.
Airteagal 306
Ceanglais cistí dílse maidir le risíochtaí trádála
Cuirfidh institiúid an láimhseáil a leanas i bhfeidhm ar a risíochtaí trádála ar chontrapháirtithe lárnacha:
cuirfidh sí ualú priacal 2 % i bhfeidhm maidir le luachanna risíochta a risíochtaí trádála uile le contrapháirtithe lárnacha cáilitheacha;
cuirfidh sí i bhfeidhm an t-ualú priacal a úsáidtear don Chur chuige Caighdeánaithe maidir le priacal creidmheasa a leagtar amach in Airteagal 107(2)(b) ar a risíochtaí trádála uile le contrapháirtithe lárnacha neamhcháilitheacha.
i gcás ina bhfuil institiúid ag gníomhú mar idirghabhálaí airgeadais idir cliant agus contrapháirtí lárnach agus go bhforálann téarmaí an idirbhirt a bhaineann leis an gcontrapháirtí lárnach nach bhfuil sé de cheangal ar an institiúid an cliant a aisíoc as aon chaillteanas a bhain dó de thoradh athruithe ar luach an idirbhirt sin má mhainníonn an contrapháirtí lárnach, féadfaidh an institiúid sin luach risíochta na risíochta trádála ar an gcontrapháirtí lárnach a chomhfhreagraíonn don idirbheart sin a bhaineann le contrapháirtí lárnach, féadfaidh sí an luach sin a shocrú ag nialas;
i gcás ina bhfuil institiúid ag gníomhú mar idirghabhálaí airgeadais idir cliant agus contrapháirtí lárnach, agus go bhforálann téarmaí an idirbhirt a bhaineann leis an gcontrapháirtí lárnach go bhfuil sé de cheangal ar an institiúid an cliant a aisíoc as aon chaillteanas a bhain dó de thoradh athruithe ar luach an idirbhirt sin má mhainníonn an contrapháirtí lárnach, féadfaidh an institiúid sin an láimhseáil i bpointe (a) nó i bpointe (b), de réir mar is infheidhme, a chur i bhfeidhm ar an risíocht trádála ar an gcontrapháirtí lárnach a chomhfhreagraíonn don idirbheart sin a bhaineann le contrapháirtí lárnach.
Airteagal 307
Ceanglais cistí dílse maidir le ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh
Cuirfidh institiúid a ghníomhaíonn mar chomhalta imréitigh an láimhseáil seo a leanas i bhfeidhm ar a risíochtaí a thagann as a ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh:
ríomhfaidh sí an ceanglas cistí dílse dá ranníocaíochtaí réamhchistithe le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh cháilithigh i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach in Airteagal 308;
ríomhfaidh sí an ceanglas cistí dílse dá ranníocaíochtaí réamhchistithe agus neamhchistithe le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh neamhcháilithigh i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach in Airteagal 309;
ríomhfaidh sí an ceanglas cistí dílse dá ranníocaíochtaí neamhchistithe le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh cháilithigh i gcomhréir leis an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 310.
Airteagal 308
Ceanglais cistí dílse maidir le ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh cháilithigh réamh-mhaoinithe
Is mar seo a leanas a ríomhfaidh institiúid an ceanglas cistí dílse chun an risíocht a thagann as a ranníocaíocht réamhchistithe a chumhdach:
nuair atá:
|
Ki |
= |
an ceanglas cistí dílse; |
|
i |
= |
an t-innéacs lena gcuirtear an comhalta imréitigh in iúl; |
|
KCCP |
= |
caipiteal hipitéiseach an chontrapháirtí lárnaigh cháilithigh a chuireann an contrapháirtí lárnach cáilitheach in iúl don institiúid i gcomhréir le hAirteagal 50c de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012; |
|
DFi |
= |
an ranníocaíocht réamhchistithe; |
|
DFCCP |
= |
acmhainní airgeadais réamhchistithe an chontrapháirtí lárnaigh cháilithigh a chuireann an contrapháirtí lárnach cáilitheach in iúl don institiúid i gcomhréir le hAirteagal 50c de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012; agus |
|
DFCM |
= |
suim ranníocaíochtaí réamhchistithe chomhaltaí imréitigh uile an chontrapháirtí lárnaigh cháilithigh a chuireann an contrapháirtí lárnach cáilitheach in iúl don institiúid i gcomhréir le hAirteagal 50c de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. |
▼M8 —————
Airteagal 309
Ceanglais cistí dílse maidir le ranníocaíochtaí réamhchistithe le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh neamhcháilithigh agus le ranníocaíochtaí neamhchistithe le contrapháirtí lárnach neamhcháilitheach
Cuirfidh institiúid an fhoirmle seo a leanas i bhfeidhm chun an ceanglas cistí dílse a ríomh maidir leis na risíochtaí a thagann as a ranníocaíochtaí réamhchistithe le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh neamhcháilithigh agus as ranníocaíochtaí neamhchistithe le contrapháirtí lárnach den sórt sin:
|
K |
= |
na ceanglais cistí dílse; |
|
DF |
= |
ranníocaíochtaí réamhchistithe le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh neamhcháilithigh; agus |
|
UC |
= |
ranníocaíochtaí neamhchistithe le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh neamhcháilithigh. |
Airteagal 310
Ceanglais cistí dílse maidir le ranníocaíochtaí réamhchistithe le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh cháilithigh
Cuirfidh institiúid ualú priacail 0 % i bhfeidhm ar a ranníocaíochtaí neamhchistithe le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh cháilithigh.
Airteagal 311
Ceanglais cistí dílse do risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha nach gcomhlíonann coinníollacha áirithe a thuilleadh
I gcás ina gcomhlíontar an coinníoll a leagtar amach i mír 1, déanfaidh institiúidí, laistigh de thrí mhí ón dáta a bhfuil a fhios acu faoin imthoisc dá dtagraítear sa mhír sin nó níos luaithe i gcás ina n-éilíonn údaráis inniúla na n-institiúidí sin é, déanfaidh siad an méid seo a leanas i ndáil lena risíochtaí ar an gcontrapháirtí lárnach sin:
cuirfidh siad an láimhseáil a leagtar amach i bpointe (b) d'Airteagal 306(1) i bhfeidhm ar a risíochtaí trádála ar an gcontrapháirtí lárnach sin;
cuirfidh siad an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 309 i bhfeidhm ar a ranníocaíochtaí réamhchistithe le ciste mainneachtana an chontrapháirtí lárnaigh sin agus ar a ranníocaíochtaí neamhchistithe leis an gcontrapháirtí lárnach sin;
déanfaidh siad a risíochtaí ar an gcontrapháirtí lárnach sin seachas iad sin a liostaítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den mhír sin a láimhseáil mar risíochtaí ar eintiteas corparáideach i gcomhréir leis an gCur Chuige Caighdeánaithe maidir le priacalcreidmheasa a leagtar amach i gCaibidil 2.
TEIDEAL III
CEANGLAIS CISTÍ DÍLSE LE HAGHAIDH PRIACAL OIBRIÚCHÁIN
CAIBIDIL 1
Prionsabail ghinearálta lena rialaítear úsáid na gcineálacha éagsúla cur chuige
Airteagal 312
Cead agus fógra
Tabharfaidh na húdaráis inniúla cead do na hinstitiúidí táscaire ábhartha malartach a úsáid i gcomhair réimsí gnó na baincéireachta miondíola agus na baincéireachta tráchtála i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 319(2) agus Airteagal 320.
Cuirfidh na hinstitiúidí isteach ar chead óna n-údaráis inniúla freisin i gcás inar mian leo síntí agus athruithe ábhartha a chur chun feidhme maidir leis na hArdmhodhanna Tomhais sin. Ní thabharfaidh na húdaráis inniúla cead ach amháin sna cásanna sin ina leanfadh institiúidí orthu ag comhlíonadh na gcaighdeán sin a shonraítear sa chéad fhomhír i ndiaidh na síntí agus na n-athruithe ábhartha sin.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
an mhodheolaíocht mheasúnaithe trína dtugann na húdaráis inniúla cead d'institiúidí leas a bhaint as Ardmhodhanna Tomhais;
na coinníollacha chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na síntí agus na n-athruithe ar Ardmhodhanna Tomhais;
módúlachtaí an fhógra a éilítear le mír 3.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 313
Filleadh ar mhodhanna nach bhfuil chomh sofaisticiúil a úsáid
Ní fhéadfaidh institiúid filleadh ar chur chuige nach bhfuil chomh sofaisticiúil i gcás priacal oibriúcháin ach amháin i gcás ina mbeidh an dá choinníoll seo a leanas comhlíonta:
tá sé léirithe ag an institiúid chun sástachta an údaráis inniúil nach bhfuil sé beartaithe cur chuige nach bhfuil chomh sofaisticiúil a úsáid d'fhonn ceanglais cistí dílse na hinstitiúide le haghaidh priacal oibriúcháin a laghdú, go bhfuil sé riachtanach ar bhonn chineál agus chastacht na hinstitiúide agus nach mbeadh tionchar díobhálach ábhartha aige ar shócmhainneacht na hinstitiúide ná ar a cumas priacal oibriúcháin a bhainistiú go héifeachtach;
fuair an institiúid cead roimh ré ón údarás inniúil.
Airteagal 314
Cineálacha éagsúla cur chuige a úsáid i dteannta a chéile
Féadfaidh institiúid Ardmhodh Tomhais a úsáid i dteannta Chur Chuige an Bhuntáscaire nó an Chur Chuige Chaighdeánaithe, i gcás ina gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:
gabhtar priacail oibriúcháin ar fad na hinstitiúide leis na cineálacha Cur Chuige a úsáideann sí i dteannta a chéile agus tá na húdaráis inniúla sásta leis an modheolaíocht atá in úsáid ag an institiúid chun gníomhaíochtaí éagsúlaúla, suímh geografacha, struchtúir dhlíthiúla nó rannáin ábhartha eile arna gcinneadh ar bhonn inmheánach a chumhdach;
comhlíontar na critéir atá leagtha amach in Airteagal 320 agus na caighdeáin atá leagtha amach in Airteagal 321 agus Airteagal 322 i gcás na coda sin de na gníomhaíochtaí atá cumhdaithe leis an gCur Chuige Caighdeánaithe agus leis na hArdmhodhanna Tomhais faoi seach.
I gcás institiúidí ar mian leo Ardmhodh Tomhais a úsáid i dteannta Chur Chuige an Bhuntáscaire nó an Chur Chuige Chaighdeánaithe, déanfaidh údaráis inniúla na coinníollacha breise seo a leanas a fhorchur, maidir le cead a thabhairt:
ar an dáta a chuirfear Ardmhodh Tomhais chun feidhme, go mbeidh cuid shuntasach de priacail oibriúcháin na hinstitiúide gafa leis an gCur Chuige sin;
tá an institiúid tiomanta an Ardmhodh Tomhais a chur i bhfeidhm i gcuid ábhartha dá hoibríochtaí laistigh de sceideal ama a cuireadh faoi bhráid na n-údarás inniúil agus a d'fhaomh siad.
Ní thabharfaidh údarás inniúil cead den sórt sin ach amháin i gcás ina bhfuil an institiúid tiomanta an Chur Chuige Caighdeánaithe a chur i bhfeidhm laistigh de sceideal ama a cuireadh faoi bhráid an údaráis inniúil agus a d'fhaomh siad.
Forbróidh ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
na coinníollacha a úsáidfidh na húdaráis inniúla agus measúnú á dhéanamh acu ar an modheolaíocht dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2;
na coinníollacha a úsáidfidh na húdaráis inniúla agus cinneadh á dhéanamh acu an bhforchuirfidh nó nach bhforchuirfidh siad na coinníollacha breise dá dtagraítear i mír 3.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2016.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
CAIBIDIL 2
Cur chuige an bhuntáscaire
Airteagal 315
Ceanglas cistí dílse
Déanfaidh institiúidí meán an táscaire a ríomh thar thréimhse trí bliana den táscaire ábhartha ar bhonn na dtrí bhreathnóireacht dhá mhí dhéag is deireanaí ag deireadh na bliana airgeadais. Mura bhfuil figiúirí iniúchta ar fáil, féadfaidh institiúidí meastacháin ghnó a úsáid.
Airteagal 316
Táscaire ábhartha
I gcás institiúidí a chuireann na caighdeáin chuntasaíochta a bunaíodh le Treoir 86/635/CEE i bhfeidhm, bunaithe ar na catagóirí cuntasaíochta do chuntas brabúis agus caillteanais na n-institiúidí faoi Airteagal 27 den Treoir sin, is é an táscaire ábhartha suim na n-eilimintí atá liostaithe i dTábla 1 den mhír seo. Cuirfidh institiúidí gach eilimint lena comhartha deimhneach nó lena comhartha diúltach san áireamh sa tsuim.
Tábla 1
1 Ús infhála agus ioncam dá shamhail
2 Ús iníoctha agus muirir dá shamhail
3 Ioncam ó scaireanna agus ó urrúis toraidh athraithigh/ toraidh sheasta
4 Coimisiúin/táillí infhála
5 Coimisiúin/táillí iníoctha
6 Glanbhrabrús nó glanchaillteanas ar oibríochtaí airgeadais
7 Ioncam oibriúcháin eile
Déanfaidh institiúidí na heilimintí sin a choigeartú chun na cáilíochtaí seo a leanas a léiriú:
ríomhfaidh institiúidí an táscaire ábhartha sula n-asbhainfear aon soláthairtí agus caiteachais oibriúcháin. Áireoidh institiúidí mar caiteachais oibriúcháin na táillí a íocadh i leith eisfhoinsiú seirbhísí arna soláthar ag tríú páirtithe nach mathairchuideachta ná fochuideachta de chuid na hinstitiúide iad ná fochuideachta de chuid máthairchuideachta arb í máthairchuideachta na hinstitiúide í. Féadfaidh institiúidí an caiteachas ar eisfhoinsiú seirbhísí arna soláthar ag tríú páirtithe a úsáid chun an táscaire ábhartha a laghdú i gcás ina dtabhaítear an caiteachas ó ghnóthas atá faoi réir rialacha faoin Rialachán seo, nó faoi réir rialacha atá coibhéiseach leo;
ní bhainfidh institiúidí feidhm as na heilimintí seo a leanas le linn dóibh an táscaire ábhartha a ríomh:
brabúis/caillteanais ó dhíol ítimí ón leabhar neamhthrádála;
ioncam ó ítimí urghnácha nó neamhrialta;
ioncam díorthaithe ó árachas.
féadfaidh institiúidí athluacháil ítimí trádála a áireamh nuair is cuid den ráiteas brabúis agus caillteanais í. Nuair a chuireann institiúidí Airteagal 36(2) de Threoir 86/635/CEE i bhfeidhm, áireoidh siad athluacháil arna cur sa chuntas brabúis agus caillteanais.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh institiúidí a roghnú gan na catagóirí cuntasaíochta don chuntas brabúis agus caillteanais faoi Airteagal 27 de Threoir 86/635/CEE a chur i bhfeidhm maidir le léasanna airgeadais agus oibriúcháin chun críocha an táscaire ábhartha a ríomh, agus féadfaidh siad, ina n-ionad:
ioncaim úis ó léasanna airgeadais agus oibriúcháin agus brabúis ó shócmhainní léasaithe a chur isteach sa chatagóir dá dtagraítear i bpointe 1 de Thábla 1;
úschostas ó léasanna airgeadais agus oibriúcháin, caillteanais, dímheas agus lagú ar shócmhainní léasaithe oibriúcháin a chur isteach sa chatagóir dá dtagraítear i bpointe 2 de Thábla 1.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2017.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
CAIBIDIL 3
Cur Chuige Caighdeánaithe
Airteagal 317
Ceanglas cistí dílse
I gcás inar féidir le hinstitiúid a chruthú dá húdarás inniúil go mbeadh - de bharr chumasc, éadáil nó dhiúscairt na n-eintiteas nó na ngníomhaíochtaí - meastachán claonta mar thoradh ar an táscaire ábhartha a ríomh tríd an méan trí bliana a úsáid don cheanglas cistí dílse le haghaidh priacal oibriúcháin, féadfaidh an t-údarás inniúil ceadú do na hinstitiúidí an ríomh a leasú ar bhealach lena gcuirfí imeachtaí den chineál sin san áireamh agus cuirfidh sé ÚBE ar an eolas faoi. Sna himthosca sin, féadfaidh an t-údarás inniúil ceanglas a chur ar institiúid ar a thionscnamh féin, an ríomh a leasú.
I gcás ina bhfuil insitiúid ag feidhmiú ar feadh níos lú ná trí bliana, féadfaidh sé meastacháin réamhbhreathnaitheacha gnó a úsáid chun an táscaire ábhartha a ríomh, ar an gcoinníoll go dtosóidh sé ag úsáid sonraí stairiúla a thúisce a bheidh siad ar fáil.
Tábla 2
|
Réim gnó |
Liosta gníomhaíochtaí |
Céatadán (Béite-fhactóir) |
|
Maoiniúchán corparáideach |
Ionstraimí airgeadais a fhrithghealladh nó ionstraimí airgeadais a sholáthar ar bhonn oibleagáide daingne Seirbhísí a bhaineann le frithghealladh Comhairle infheistíochta Comhairle do ghnóthais faoi struchtúr caipitil, straitéis thionsclaíoch agus ábhair ghaolmhara, agus comhairle agus seirbhísí a bhaineann le cumaisc agus le ceannach gnóthas Taighde infheistíochta agus anailís airgeadais agus cineálacha eile moltaí ginearálta a bhaineann le hidirbhearta in ionstraimí airgeadais |
18 % |
|
Trádáil agus Díolacháin |
Déileáil ar a gcuntas féin Bróicéireacht airgid Orduithe i ndáil le hionstraim airgeadais amháin nó níos mó a ghlacadh agus a tharchur Orduithe a fhorghníomhú ar son cliant Ionstraimí airgeadais a sholáthar gan bonn oibleagáide daingne Oibriú Saoráidí Trádála Iltaobhacha |
18 % |
|
Bróicéireacht mhiondíola (Gníomhaíochtaí le daoine nádúrtha nó le FBManna a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Airteagal 123 maidir le haicme na risíochta ar mhiondíol) |
Orduithe i ndáil le hionstraim airgeadais amháin nó níos mó a ghlacadh agus a tharchur Orduithe a fhorghníomhú ar son cliant Ionstraimí airgeadais a sholáthar gan bonn oibleagáide daingne |
12 % |
|
Baincéireacht tráchtála |
Taiscí agus cistí inaisíoctha eile a ghlacadh Iasachtú Léasú airgeadais Ráthaíochtaí agus Gealltanais |
15 % |
|
Baincéireacht mhiondíola (Gníomhaíochtaí le daoine nádúrtha nó le FBManna a chomhlíonann na critéir atá leagtha amach in Airteagal 123 maidir le haicme na risíochta ar mhiondíol) |
Taiscí agus cistí inaisíoctha eile a ghlacadh Iasachtú Léasú airgeadais Ráthaíochtaí agus Gealltanais |
12 % |
|
Íocaíocht agus socraíocht |
Seirbhísí tarchur airgid, Modhanna íocaíochta a eisiúint agus a riar |
18 % |
|
Seirbhísí gníomhaireachta |
Ionstraimí airgeadais a chumhdach agus a riar chun cuntais na gcliant, lena n-airítear feighlíocht agus seirbhísí gaolmhara amhail bainistíocht airgid thirim nó comhthaobhachta |
15 % |
|
Bainistíocht sócmhainní |
Bainistíocht punainne GCUI a bhainistiú Cineálacha eile bainistíochta |
12 % |
Airteagal 318
Prionsabail maidir le réimeanna gnó a mhapáil
Cuirfidh institiúidí na prionsabail seo a leanas i bhfeidhm maidir le réimeanna gnó a mhapáil:
mapálfaidh institiúidí na gníomhaíochtaí ina réimeanna gnó ar bhealach atá comheisiatach agus uileghabhálach le chéile;
murar féidir le hinstitiúidí aon ghníomhaíocht a mhapáil go héasca i gcreat na réimeanna gnó, agus más gníomhaíocht choimhdeach í a bhaineann le gníomhaíocht atá ar áireamh sa chreat oibre, déanfaidh na hinstitiúidí an ghníomhaíocht sin a mhapáil sa réim ghnó a dtugann sí tacaíocht di. I gcás ina bhfuil gníomhaíocht choimhdeach ag tacú le breis agus réim gnó amháin, úsáidfidh institiúidí critéar mapála oibiachtúil;
i gcás nach féidir gníomhaíocht a mhapáil i réim gnó ar leith bainfidh na hinstitiúidí feidhm as an réim gnó a thugann an céatadán is airde. Baineann an réim gnó chéanna le haon ghníomhaíocht choimhdeach a ghabhann leis an ngníomhaíocht sin freisin;
féadfaidh institiúidí modhanna praghsála inmheánacha a úsáid chun an táscaire ábhartha a leithdháileadh ar réimeanna gnó éagsúla. Féadfar costas arna ghiniúint i réim gnó amháin is féidir a iontráil go barúlach i réim gnó eile a ath-leithdháileadh ar an réim gnó lena mbaineann siad;
beidh an chaoi a mapálfar gníomhaíochtaí i réimeanna gnó chun críocha caipitil priacal oibriúcháin comhsheasmhach leis na catagóirí a úsáideann na hinstitiúidí i gcomhair priacail creidmheasa agus priacail margaidh;
beidh an lucht bainistíochta sinsearaí freagrach as an mbeartas mapála atá faoi rialú chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide;
cuirfidh institiúidí an próiseas mapála i réimeanna gnó faoi réir athbhreithnithe neamhspleáigh.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid na Choimisiúin faoin 31.12.17.
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 319
Cur Chuige Caighdeánaithe Malartach
Faoin gCur Chuige Caighdeánaithe Malartach, i gcás réimeanna gnó na baincéireachta miondíola agus na baincéireachta tráchtála, cuirfidh institiúidí an méid seo a leanas i bhfeidhm:
táscaire normalaithe ioncaim is ea an táscaire ábhartha atá cothrom le méid ainmniúil na n-iasachtaí agus na n-airleacan arna n-iolrú faoi 0.035;
is éard atá sna hiasachtaí agus sna hairleacain méideanna iomlána tarraingthe sna punanna creidmheasa comhfhreagracha. I gcás réim gnó na baincéireachta tráchtála, cuirfidh institiúidí urrúis arna sealbhú sa leabhar neamhthrádála ar áireamh i méid ainmniúil na n-iasachtaí agus na n-airleacan.
Ní mór d'institiúid na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh le cead a bheith aici leas a bhaint as an gCur Chuige Caighdeánaithe Malartach:
is ó ghníomhaíochtaí baincéireachta miondíola nó tráchtála a fhaigheann sí ar a laghad 90 % dá hioncam;
beidh iasachtaí a bhfuil PD ard ag baint leo ina gcion suntasach dá gníomhaíochtaí baincéireachta miondíola nó tráchtála;
is bonn iomchuí é an Cur chuige Caighdeánaithe Malartach chun a ceanglas cistí dílse le haghaidh priacal oibriúcháin a ríomh.
Airteagal 320
Critéir maidir leis an gCur chuige Caighdeánaithe
Is iad seo a leanas na critéir dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 312(1):
beidh córas atá doiciméadaithe go maith i bhfeidhm ag institiúid chun priacail oibriúchán a mheasúnú agus a bhainistiú agus beidh freagrachtaí soiléire sannta don chóras sin. Déanfaidh sí a risíochtaí ar priacail oibriúcháin a aithint agus sonraí ábhartha maidir le priacail oibriúcháin a rianú, lena n-áirítear sonraí a bhaineann le caillteanas ábhartha. Beidh an córas sin faoi réir a athbhreithnithe go rialta ar bhonn neamhspleách arna dhéanamh ag páirtí inmheánach nó seachtrach a bhfuil an fhaisnéis riachtanach aige chun athbhreithniú den chineál sin a dhéanamh;
beidh córais na hinstitiúide chun priacail oibriúcháin a mheas comhtháite go dlúth le próisis um bainistiú priacal na hinstitiúide sin. Beidh a haschur ina dhlúthchuid den phróiseas chun próifíl priacal oibriúcháin na hinstitiúide a rialú agus chun faireachán a dhéanamh uirthi;
cuirfidh institiúid córas chun feidhme maidir le tuairisciú chuig an lucht bainistíochta sinsearaí faoina soláthraítear tuairiscí ar priacal oibriúcháin do na feidhmeanna ábhartha laistigh de na hinstitiúidí. Beidh nósanna imeachta ag institiúid chun beart cuí a dhéanamh de réir an eolais atá sna tuarascálacha a thugtar don lucht bainistíochta.
CAIBIDIL 4
Ardmhodhanna Tomhais
Airteagal 321
Caighdeáin cháilíochtúla
Is iad seo a leanas na caighdeáin cháilíochtúla dá dtagraítear in Airteagal 312(2):
déanfar córas inmheánach na hinstitiúide chun priacail oibriúcháin a thomhas a chomhtháthú go dlúth lena próisis laethúla bainistíochta priacal;
beidh feidhm neamhspleách bainistíochta priacal maidir le priacal oibriúcháin i bhfeidhm ag institiúid;
beidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag institiúid chun tuairisciú rialta a dhéanamh ar risíochtaí ar priacail oibriúcháin agus ar thaithí chaillteanais agus beidh nósanna imeachta i bhfeidhm aici chun gníomh ceartaitheach cuí a dhéanamh;
beidh córas bainistíochta priacal na n-institiúidí doiciméadaithe go maith. Beidh gnáthaimh i bhfeidhm ag institiúid chun comhlíonadh a chinntiú mar aon le beartais chun neamhchomhlíonadh a láimhseáil;
áiritheoidh institiúid go ndéanfaidh iniúchóirí inmheánacha nó seachtracha athbhreithnithe rialta ar a bpróisis chun priacail oibriúcháin a bhainistiú agus ar a córais chun priacail oibriúcháin a thomhas;
feidhmeoidh próiseas bailíochtaithe inmheánach na n-institiúidí ar bhealach fónta agus éifeachtach;
beidh an sreabhadh sonraí agus na próisis a bhaineann le córas institiúide chun priacal a thomhas trédhearcach agus inrochtana.
Airteagal 322
Caighdeáin chainníochtúla
Is iad seo a leanas na caighdeáin a bhaineann le próisis:
ríomhfaidh institiúid a ceanglas cistí dílse mar mhéid ina mbeidh caillteanas ionchasach agus caillteanas gan choinne ar áireamh, mura ndéantar caillteanas ionchasach a áireamh go sásúil ina cleachtais ghnó inmheánacha. Gabhfaidh an beart um priacail oibriúcháin aon earrtheagmhais a d'fhéadfadh a bheith dian, agus beidh caighdeán na hiontaofachta lena mbaineann inchurtha le heatramh muiníne 99.9 % thar thréimhse bliana;
áireofar ar chóras na hinstitiúide chun priacail oibriúcháin a thomhas úsáid sonraí inmheánacha, sonraí seachtracha, anailís ar chnámha scéil agus fachtóirí a léiríonn timpeallacht an ghnó agus na córais rialaithe inmheánaigh mar atá leagtha amach i míreanna 3 go 6. Beidh cur chuige i bhfeidhm ag an institiúid a bheidh doiciméadaithe go maith chun úsáid na gceithre eilimint sin a ualú ina córas foriomlán chun priacail oibriúcháin a thomhas;
gabhfaidh córas na hinstitiúide chun priacal a thomhas na foinsí móra priacal a dhéanfaidh difear don chruth a bheidh ar an earr ar dháileadh measta na gcaillteanas;
ní fhéadfaidh institiúid comhghaolta i gcaillteanais priacail oibriúcháin a aithint thar mheastacháin aonair ar priacail oibriúcháin ach amháin i gcás ina mbeidh córais fhónta aici chun comhghaolta a thomhas, go gcuirfear i bhfeidhm iad le hionracas, agus go gcuirfear san áireamh an neamhchinnteacht a bhaineann le haon mheastacháin ar chomhghaolta den sórt sin, go háirithe i dtréimhsí struis. Déanfaidh institiúid bailíochtú ar a cuid toimhdí comhghaolúcháin ag baint úsáide as teicnící cainníochtúla agus cáilíochtúla iomchuí;
beidh córas na hinstitiúide chun priacal a thomhas comhsheasmhach go hinmheánach agus ní dhéanfar measúnuithe cáilíochtúla ná teicnící maolaithe priacal a aithnítear i réimsí eile den Rialachán seo a chomhaireamh níos mó ná uair amháin sa chóras sin.
Is iad seo a leanas na caighdeáin a bhaineann le sonraí inmheánacha:
bunóidh institiúid a bearta um priacail oibriúcháin a ghintear go hinmheánach ar thréimhse stairiúil bhreathnóireachta cúig bliana ar a laghad. Nuair a thosaíonn institiúid an tArdmhodh Tomhais a úsáid den chéad uair, féadfaidh sí tréimhse bhreathnóireachta stairiúil trí bliana a úsáid;
beidh institiúid in ann a gcuid sonraí stairiúla inmheánacha maidir le caillteanas a mhapáil sna réimeanna gnó arna sainmhíniú in Airteagal 317 agus sna cineálacha teagmhais arna sainmhíniú in Airteagal 324, agus na sonraí sin a sholáthar d'údaráis inniúla arna iarraidh sin dóibh. In imthosca eisceachtúla, féadfaidh institiúid teagmhais chaillteanais a dhéanfaidh difear don institiúid ar fad a leithdháileadh ar réim gnó bhreise na "n-ítimí corparáideacha". Beidh critéir oibiachtúla, dhoiciméadaithe ag institiúid chun caillteanais a leithdháileadh ar réimeanna gnó agus ar chineálacha teagmhas sonraithe. Is sna bunachair sonraí priacail oibriúcháin a thaifeadfaidh institiúid na caillteanais priacail oibriúcháin a bhaineann le priacal creidmheasa agus a bhíodh á n-áireamh aici roimhe sin sna bunachair shonraí inmheánacha um priacal creidmheasa agus déanfaidh sí iad a aithint ar leithligh. Ní bheidh caillteanais den sórt sin faoi réir an mhuirir um priacal oibriúcháin, ar an gcoinníoll go leanann an institiúid uirthi á láimhseáil mar priacal creidmheasa ar mhaithe le ceanglais cistí dílse a ríomh. Cuirfidh institiúid na caillteanais priacail oibriúcháin a bhaineann le priacail margaidh san áireamh faoi réim an cheanglais cistí dílse le haghaidh priacal oibriúcháin:
beidh sonraí inmheánacha na hinstitiúide maidir le caillteanas cuimsitheach sa mhéid is go ngabhfaidh siad na gníomhaíochtaí agus na risíochtaí ábhartha go léir a bhaineann le gach fochóras agus suíomh geografach iomchuí. Beidh institiúid in ann a léiriú nach mbeadh aon tionchar ábhartha ag aon ghníomhaíochtaí nó risíochtaí eisiata, cibé acu ina n-aonair nó i dteannta a chéile, ar na meastacháin fhoriomlána ar an bpriacal. Saineoidh institiúid íostairseacha caillteanais iomchuí i leith sonraí inmheánacha maidir le caillteanas a bhailiú;
le cois faisnéis a bhailiú faoi mhéideanna an chaillteanais chomhláin, baileoidh institiúid faisnéis faoi dháta an teagmhais chaillteanais, faoi mhéideanna an chaillteanais chomhláin a gnóthaíodh, mar aon le faisnéis thuairisciúil faoi na cúiseanna leis an teagmhas caillteanais nó na gníomhaithe nó na cúiseanna a spreag é;
maidir le sonraí caillteanais a thig ó theagmhas caillteanais i bhfeidhm láraithe nó i ngníomhaíocht a bhaineann le níos mó ná réim gnó amháin, agus iad siúd a thig ó theagmhais chaillteanais ghaolmhara thar thréimhse ama, beidh critéir shonracha i bhfeidhm ag institiúid chun iad a shannadh thar imeacht ama;
beidh nósanna imeachta doiciméadaithe i bhfeidhm ag institiúid chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht leanúnach shonraí an chaillteanais stairiúil, lena n-áirítear na cásanna inar féidir sáruithe ar bhreithiúnais, scálú nó coigeartuithe eile a úsáid, a mhéid is féidir iad a úsáid agus cé atá údaraithe chun cinntí den sórt sin a dhéanamh.
Is iad seo a leanas na caighdeáin cháilitheacha a bhaineann le sonraí seachtracha:
bainfear leas as sonraí seachtracha ábhartha sa chóras atá ag institiúidí chun priacail oibriúcháin a thomhas, go háirithe nuair atá cúis ann lena chreidiúint go bhfuil an institiúid ar ris ar chaillteanais, agus bíodh is nach minic a bhíonn sí risíochta orthu go bhféadfaidís a bheith dian. Beidh próiseas córasach ag an institiúid chun cinneadh a dhéanamh cad iad na cásanna a n-úsáidfear sonraí seachtracha ina leith agus na modheolaíochtaí a úsáidfear chun na sonraí a ionchorprú ina córas tomhais;
déanfaidh institiúid athbhreithnithe rialta ar na coinníollacha agus ar na cleachtais le haghaidh sonraí seachtracha agus déanfaidh sí iad a dhoiciméadú agus áiritheoidh sí go ndéanfar athbhreithniú neamhspleách tréimhsiúil orthu.
Is iad seo a leanas na caighdeáin cháilitheacha a bhaineann le tosca thimpeallacht an ghnó agus le tosca rialaithe inmheánaigh:
cuimseofar príomhthosca thimpeallacht an ghnó agus na príomhthosca rialaithe inmheánaigh a d'fhéadfadh athrú a dhéanamh ar phróifíl priacal oibriúcháin na hinstitiúide i modheolaíocht na hinstitiúide chun priacal a mheasúnú i gcomhair an ghnólachta uile;
léireoidh institiúid go bhfuil údar maith le gach toisc a roghnaíonn sí toisc gur gníomhaí a spreagann priacal í, bunaithe ar thaithí agus ar bhreithiúnas saineolaithe sna réimsí gnó lena mbaineann;
beidh sé ar chumas institiúid a léiriú do na húdaráis inniúla go bhfuil údar maith leis na meastacháin ar an bpriacal a bheith íogair ó thaobh athruithe ar na fachtóirí agus ar ualú coibhneasta na bhfachtóirí éagsúla. Mar aon le hathruithe i priacal de bharr feabhsuithe i rialuithe priacal a ghabháil, gabhfar le creat na hinstitiúide chun priacail a thomhas na méaduithe a d'fhéadfadh teacht ar priacal i ngeall ar ghníomhaíochtaí níos casta a bheith ar siúl nó i ngeall ar mhéadú ar an méid gnó a bheidh le déanamh;
déanfaidh an institiúid a creat chun priacal a thomhas a dhoiciméadú agus áiritheoidh sí go mbeidh sé faoi réir a athbhreithnithe ar bhonn neamhspleách laistigh den institiúid agus ag údaráis inniúla. Le himeacht ama, déanfaidh institiúidí bailíochtú agus athmheasúnú ar an bpróiseas agus ar na torthaí trí iad a chur i gcomparáid leis an gcaillteanas inmheánach iarbhír ó thaithí agus le sonraí ábhartha seachtracha.
Airteagal 323
Tionchar an árachais agus na sásraí eile chun priacal a aistriú
Comhlíonfaidh an t-árachas agus creat árachais na hinstitiúide na coinníollacha seo a leanas:
tá téarma tosaigh nach lú ná bliain amháin ag an bpolasaí árachais. I gcás polasaithe a bhfuil téarma iarmharach níos lú ná bliain amháin acu, déanfaidh institiúid caolchorrlaigh iomchuí a léireoidh tréimhse iarmharach an pholasaí atá ag meath, agus í sin chomh hard le caolchorrlach iomlán 100 % i gcás polasaithe a bhfuil tréimhse iarmharach 90 lá nó níos lú acu;
tá íostréimhse fógartha 90 lá ag an bpolasaí árachais chun an conradh a chealú;
níl aon eisceachtaí ná teorainneacha ag an bpolasaí árachais a spreagtar de bharr gníomhaíochtaí maoirseachta nó, i gcás institiúide teipthe, a chuirfeadh bac ar ghlacadóir nó ar leachtaitheoir na hinstitiúide an damáiste a d'fhulaing an institiúid nó na caiteachais a thabhaigh sí a ghnóthú, ach amháin i leith teagmhas a tharlódh tar éis imeachtaí glacadóireachta nó leachtaithe a thionscnamh i leith na hinstitiúide. Mar sin féin, féadfaidh an polasaí árachais aon fhíneáil, aon phionós, nó aon damáistí pionósacha a thig ó ghníomhaíochtaí na n-údarás inniúil a eisiamh;
léireoidh na ríomhanna maolaithe priacal an cumhdach árachais ar bhealach a bheidh trédhearcach ó thaobh an ghaoil atá aige le dóchúlacht iarbhír agus le tionchar an chaillteanais a bheidh in úsáid chun caipiteal priacail oibriúcháin a chinneadh ar an iomlán agus a bheidh comhsheasmhach leis an méid sin;
cuireann eintiteas tríú páirtí an t-árachas ar fáil. I gcás árachais a chuirtear ar fáil trí chuideachtaí faoi chuing nó trí chleamhnaithe, ní mór an risíochta roinnt ar eintiteas neamhspleách tríú páirtí a chomhlíonann na critéir cháilitheachta a leagtar amach i mír 2;
tá an creat chun árachas a aithint réasúnaithe agus doiciméadaithe go maith.
Déanfar na heilimintí seo a leanas go léir a ghabháil leis an modheolaíocht chun árachas a aithint trí lascainí nó trí chaolchorrlaigh i méid na haitheanta árachais:
tréimhse iarmharach an pholasaí árachais, i gcás inar lú í ná bliain amháin;
téarmaí cealúcháin an pholasaí, i gcás inar lú an tréimshe ná bliain amháin;
neamhchinnteacht na híocaíochta, chomh maith le neamhréireanna i gcumhdach na bpolasaithe árachais.
Airteagal 324
Teagmhais chaillteanais a aicmiú de réir cineáil
Is iad seo a leanas cineálacha na dteagmhas caillteanais dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 322(3):
Tábla 3
|
Catagóir de Chineál Teagmhais |
Sainmhíniú |
|
Calaois inmheánach |
Caillteanais mar gheall ar ghníomhartha de chineál atá beartaithe chun calaois a dhéanamh, maoin a mhídhílsiú nó dul timpeall ar rialacháin, ar an dlí nó ar bheartas na cuideachta, ach gan éagsúlacht/teagmhais idirdhealaithe, a bhaineann le páirtí inmheánach amháin ar a laghad, a chur san áireamh |
|
Calaois sheachtrach |
Caillteanais mar gheall ar ghníomhartha tríú páirtí de chineál atá beartaithe chun calaois a dhéanamh, maoin a mídhílsiú nó dul timpeall ar an dlí |
|
Cleachtais Fostaíochta agus Sábháilteacht san Ionad Oibre |
Caillteanais a eascraíonn ó ghníomhartha atá ar neamhréir le dlíthe nó le comhaontuithe fostaíochta nó sláinte agus sábháilteachta, agus a eascraíonn ó éilimh chun díobháil phearsanta a ghnóthú a íoc, nó ó theagmhais éagsúlachta/idirdhealaithe |
|
Cliaint, Táirgí & Cleachtais Ghnó |
Caillteanais a eascraíonn ó mhainneachtain neamhbheartaithe nó fhaillíoch oibleagáide gairmiúla i leith cliant sonrach a chomhlíonadh (lena n-áirítear ceanglais mhuiníneacha agus oiriúnachta), nó ó nádúr nó ó dhearadh táirge |
|
Damáiste do Shócmhainní Fisiceacha |
Caillteanais a eascraíonn ó chaillteanas nó ó dhamáiste do shócmhainní fisiceacha de bharr tubaiste nádúrtha nó teagmhas eile |
|
Míshocracht ghnó agus teipeanna córais |
Caillteanais a eascraíonn ó mhíshocracht ghnó nó ó theipeanna córais |
|
Forghníomhú, Seachadadh & Bainistíocht Próisis |
Caillteanais ó phróiseáil idirbheart teipthe nó ó bhainistíocht próisis, ó chaidreamh le contrapháirtithe trádála agus le díoltóirí |
TEIDEAL IV
CEANGLAIS CISTÍ DÍLSE LE HAGHAIDH PRIACAL MARGAIDH
CAIBIDIL 1
Forálacha ginearálta
Airteagal 325
Cur chuige chun críche ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh priacal margaidh
Déanfaidh gach institiúid a ceanglais cistí dílse maidir le priacal margaidh gach suímh leabhar trádála agus gach suímh leabhar neamhthrádála atá faoi réir priacal malairte eachtraí nó priacal tráchtearraí a ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige seo a leanas:
an cur chuige caighdeánaithe dá dtagraítear i mír 2;
an cur chuige samhla inmheánaí a leagtar amach i gCaibidil 5 den Teideal seo do na catagóirí priacail ar tugadh cead d'institiúid ina leith an cur chuige sin a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 363.
Ciallóidh na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh a ríomhtar i gcomhréir leis an gcur chuige caighdeánaithe dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 suim na gceanglas cistí dílse, mar is infheidhme:
na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal suímh dá dtagraítear i gCaibidil 2;
na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal malairte eachtraí dá dtagraítear i gCaibidil 3;
na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal tráchtearraí dá dtagraítear i gCaibidil 4.
Aon institiúid nach bhfuil díolúine aici ó na ceanglais tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 430b i gcomhréir le hAirteagal 325a, déanfaidh an institiúid sin an ríomh a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 430b do gach suíomh leabhar trádála agus gach suíomh leabhar neamhthrádála faoi réir priacal malairte eachtraí nó priacal tráchtearraí i gcomhréir leis na cuir chuige seo a leanas:
an cur chuige caighdeánaithe malartach a leagtar amach i gCaibidil 1a;
an cur chuige samhla inmheánaí malartach a leagtar amach i gCaibidil 1b.
Maidir le suíomhanna urrúsúcháin agus díorthaigh chreidmheasa don n-ú mainneachtain a chomhlíonann na critéir uile seo a leanas, áireofar san ACTP iad:
ní suíomhanna athurrúsúcháin iad, ná roghanna ar thráinse urrúsúcháin, ná aon díorthaigh eile ó risíochtaí urrúsúcháin nach soláthraíonn sciar pro rata sna fáltais ó thráinse urrúsúcháin;
is ionstraimí de na cinn seo a leanas iad na hionstraimí foluiteacha:
ionstraimí aonainm, lena n-áirítear díorthaigh chreidmheasa aonainm, a bhfuil margadh leachtach dhá threo ann ina leith;
innéacsanna a thrádáiltear de ghnáth bunaithe ar na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (i).
Meastar go bhfuil margadh dhá threo ann má dhéantar tairiscintí neamhspleácha bona fide chun earraí a cheannach agus a dhíol ionas gur féidir praghas a bhaineann go réasúnta leis an bpraghas díola deireanach nó le tairiscint iomaíoch bona fide agus luachanna tairisceana reatha a chinneadh laistigh de lá amháin agus a shocrú ar an bpraghas sin laistigh de thréimhse measartha gearr ag teacht le gnás trádála.
Ní áireofar sa phunann trádála chomhghaoil mhalartach aon suíomhanna ina bhfuil aon cheann de na hionstraimí seo a leanas:
ionstraimí foluiteacha a shanntar do na haicmí risíochtaí dá dtagraítear i bpointe (h) nó i bpointe (i) d'Airteagal 112;
éileamh ar eintiteas sainchuspóireach, arna chomhthaobhú, go díreach nó go hindíreach, le suíomh nach mbeadh incháilithe é féin le cur isteach sa phunann trádála chomhghaoil mhalartach i gcomhréir le mír 6.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Meán Fómhair 2020.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 325a
Díolúintí ó cheanglais shonracha tuairiscithe le haghaidh priacal margaidh
Díolmhófar institiúid ón gceanglas tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 430b, ar choinníoll gur lú gnó na hinstitiúide laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe atá faoi réir priacal margaidh ná gach ceann de na tairseacha seo a leanas, nó go bhfuil siad cothrom leo, ar bhonn measúnú a dhéantar go míosúil, agus na sonraí a úsáid ón lá deireanach den mhí:
10 % de shócmhainní iomlána na hinstitiúide;
EUR 500 milliún.
Déanfaidh institiúidí méid a ngnó laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe atá faoi réir priacal margaidh bunaithe ar shonraí amhail ón lá deireanach de gach mí i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:
áireofar na suíomhanna go léir a shannfar don leabhar trádála, cé is moite de dhíorthaigh chreidmheasa a aithnítear mar fháluithe inmheánacha ar risíochtaí leabhair neamhthrádála ar phriacal creidmheasa agus idirbhearta díorthaigh chreidmheasa a fhritháiríonn go hiomlán priacal margaidh na bhfáluithe inmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 106(3);
cuirfear gach suíomh leabhar neamhthrádála atá faoi réir priacal malairte eachtraí nó tráchtearraí san áireamh;
déanfar gach suíomh a luacháil ag a luachanna ar an margadh an dáta sin, seachas na suíomhanna dá dtagraítear i bpointe (b); i gcás nach bhfuil luach margaidh suímh leabhair thrádála ar fáil ar dháta áirithe, déanfaidh institiúidí luach cóir don suíomh leabhair thrádála a ghlacadh ar an dáta sin; i gcás nach bhfuil an luach cóir agus luach margaidh ar shuíomh leabhair thrádála ar fáil ar dháta ar leith, déanfaidh institiúidí an luach is déanaí, cibé an luach margaidh nó an luach cóir, don suíomh sin a ghlacadh;
déanfar gach suíomh leabhar neamhthrádála atá faoi réir priacal malairte eachtraí a mheas mar ghlansuíomh foriomlán in airgeadra eachtrach agus a luacháil i gcomhréir le hAirteagal 352;
déanfar gach suíomh leabhar neamhthrádála atá faoi réir priacal tráchtearra a mheas i gcomhréir le hAirteagail 357 agus 358;
déanfar luach absalóideach suíomhanna fada a shuimiú le luach absalóideach suíomhanna gearra.
Scoirfidh an díolúine ó na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos in Airteagal 430b d'fheidhm a bheith aici laistigh de thrí mhí de cheachtar de na cásanna seo a leanas:
ní chomhlíonann an institiúid na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) nó i bpointe (b) de mhír 1 ar feadh trí mhí as a chéile; nó
níor chomhlíon an institiúid na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) nó i bpointe (b) de mhír 1 ar feadh níos mó ná 6 mhí de na 12 mhí dheireanacha.
Airteagal 325b
Cead i leith ceanglais chomhdhlúite
Ní fhéadfaidh institiúidí mír 1 a chur i bhfeidhm ach amháin le cead ó na húdaráis inniúla, cead a thabharfar má chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
tá cistí dílse leithdháilte go sásúil laistigh den ghrúpa;
ráthaítear leis an gcreat rialúcháin, dlíthiúil nó conarthach ina bhfeidhmíonn na hinstitiúidí go bhfuil tacaíocht airgeadais fhrithpháirteach laistigh den ghrúpa.
I gcás ina bhfuil na gnóthais suite i dtríú tíortha, comhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas i dteannta na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 2:
tá na gnóthais sin údaraithe i dtríú tír agus comhlíonann siad an sainmhíniú ar institiúid creidmheasa nó is gnólachtaí infheistíochta aitheanta tríú tír iad;
ar bhonn aonair, comhlíonann na gnóthais sin ceanglais cistí dílse atá coibhéiseach leis na cinn sin a leagtar síos sa Rialachán seo;
níl aon rialacháin sna tríú tíortha atá i gceist a d'fhéadfadh difear suntasach a dhéanamh d'aistriú cistí laistigh den ghrúpa.
CAIBIDIL 1a
An Cur Chuige Caighdeánaithe Malartach
Airteagal 325c
Raon feidhme agus struchtúr an chur chuige mhalartaigh caighdeánaithe
Déanfaidh na hinstitiúidí a gceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh a ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige caighdeánaithe malartach maidir le punann de shuíomhanna sa leabhar trádála agus de shuíomhanna leabhar neamhthrádála atá faoi réir priacal malairte eachtraí nó tráchtearraí mar shuim na dtrí chomhpháirt seo a leanas:
an ceanglas cistí dílse de réir an mhodha íogaireacht-bhunaithe a leagtar amach i Roinn 2;
an ceanglas cistí dílse i gcomhair priacal mainneachtana a leagtar amach i Roinn 5 a bhfuil feidhm aige maidir leis na suíomhanna leabhar trádála dá dtagraítear sa Roinn sin agus leis na suíomhanna sin amháin;
an ceanglas cistí dílse le haghaidh priacail iarmharacha a leagtar amach i Roinn 4 a bhfuil feidhm aige maidir leis na suíomhanna leabhar trádála dá dtagraítear sa Roinn sin agus leis na suíomhanna sin amháin.
Airteagal 325d
Sainmhínithe
Chun críocha na Caibidle seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “aicme priacail” aon cheann de na seacht gcatagóir seo a leanas:
priacal ráta úis ghinearálta;
priacal um raon difríochta creidmheasa (CSR) le haghaidh neamhurrúsúcháin;
priacal um raon difríochta creidmheasa le haghaidh urrúsúcháin nach n-áirítear sa phunann trádála neamhchomhghaoil mhalartach (CSR nach mbaineann le hurrúsúcháin ACTP);
priacal um raon difríochta creidmheasa le haghaidh urrúsúcháin a áirítear sa phunann trádála comhghaoil mhalartach (ACTP CSR);
priacal cothromais;
priacal tráchtearraí;
priacal malairte eachtraí;
ciallaíonn “íogaireacht” an t-athrú cóimheasa ar luach suímh, mar thoradh ar athrú ar luach aon cheann d'fhachtóirí priacail ábhartha an tsuímh, a ríomhadh le samhail phraghsála na hinstitiúide i gcomhréir le Foroinn 2 de Roinn 3;
ciallaíonn “buicéad” fochatagóir suíomhanna laistigh d'aicme phriacail amháin a bhfuil próifíl phriacail aige a bhfuil priacal-ualú sannta di mar a shainmhínítear i bhForoinn 1 de Roinn 3.
Airteagal 325e
Comhpháirteanna an mhodha íogaireacht-bhunaithe
Déanfaidh institiúidí a gceanglais cistí dílse féin le haghaidh priacal margaidh a ríomh de réir an mhodha íogaireacht-bhunaithe trí na trí cheanglas cistí dílse a chomhiomlánú i gcomhréir le hAirteagal 325h:
ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal deilte lena ngabhtar an priacal go dtiocfaidh athruithe ar luach na hionstraime mar gheall ar ghluaiseachtaí sna fachtóirí priacail neamhluaineachta;
ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal vega lena ngabhtar an priacal go dtiocfaidh athruithe ar luach ionstraime mar gheall ar ghluaiseachtaí sna fachtóirí priacail luaineachta;
ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal cuaire lena ngabhtar an priacal go dtiocfaidh athruithe ar luach ionstraime mar gheall ar ghluaiseachtaí sna príomhfhachtóirí priacail neamhluaineachta a bhaineann le fachtóirí priacail gaolmhara nach ngabhtar le ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal deilte.
Chun críche an ríomha dá dtagraítear i mír 1,
beidh suíomhanna uile aon ionstraimí lena ngabhann roghnaíocht faoi réir na gceanglas cistí dílse dá dtagraítear i bpointí (a), (b) (c) de mhír 1 maidir leis na rioscaí seachas ionstraimí foluiteacha coimhthíocha na n-ionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 325u(2);
beidh suíomhanna uile aon ionstraimí gan roghnaíocht faoi réir na gceanglas cistí dílse dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 maidir leis na rioscaí seachas ionstraimí foluiteacha coimhthíocha na n-ionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 325u(2),
Chun críocha na Caibidle seo, ar na hionstraimí ina bhfuil roghnaíocht tá, i measc ionstraimí eile: glaonna, céadroghanna, caidhpeanna, íosrátaí, roghtálacha, céadroghanna bacainneacha agus céadroghanna coimhthíocha. Measfar gur suíomhanna ar leithligh i roghanna iad roghanna leabaithe, amhail roghanna réamhíocaíochta nó iompraíochta, chun críche ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh a ríomh.
Chun críocha na Caibidle seo, measfar gur ionstraimí gan roghnaíocht iad ionstraimí ar féidir a sreabhadh airgid thirim a scríobh mar fheidhm líneach de mhéid barúlach an fholuitigh.
Tabharfaidh aon institiúid a roghnaíonn an cur chuige a leagtar amach sa chéad fhomhír a úsáid fógra dá húdarás inniúil 3 mhí ar a laghad roimh an gcéad úsáid. Tar éis na 3 mhí sin a bheith caite agus ar choinníoll nach ndearna an t-údarás inniúil agóid ina choinne, féadfaidh an institiúid an cur chuige sin a úsáid go dtí go gcuirfidh an t-údarás inniúil an institiúid ar an eolas nach bhfuil cead aici a thuilleadh é a dhéanamh.
Aon institiúid ar mian léi scor den chur chuige a leagtar amach sa chéad fhomhír a úsáid, tabharfaidh sí fógra dá húdarás inniúil 3 mhí ar a laghad sula scorfaidh sí den úsáid sin. Féadfaidh an institiúid scor den chur chuige sin a chur i bhfeidhm, ach amháin má rinne an t-údarás inniúil agóid laistigh den tréimhse 3 mhí sin.
Airteagal 325f
Ceanglais cistí dílse maidir le priacail deilte agus vega
Déanfar na glaníogaireachtaí ar gach fachtóir priacail laistigh de gach buicéad a iolrú faoi na hualuithe priacail chomhfhreagracha mar a leagtar amach i Roinn 6, as a dtiocfaidh íogaireachtaí ualaithe ar gach fachtóir priacail laistigh den bhuicéad sin i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
|
WSk |
= |
na híogaireachtaí ualaithe; |
|
RWk |
= |
na hualuithe priacail; agus |
|
sk |
= |
an fachtóir priacail. |
Déanfar na híogaireachtaí ualaithe ar na fachtóirí priacail difriúla laistigh de gach buicéad a chomhiomlánú i gcomhréir leis an bhfoirmle thíos, mar a socraítear íosteorainn an mhéid laistigh den fheidhm fréimhe cearnaí ag nialas, as a dtagann an íogaireacht bhuicéad-shonrach. Úsáidfear na comhghaolta comhfhreagracha maidir le híogaireachtaí ualaithe laistigh den bhuicéad céanna (ρkl), a leagtar amach i Roinn 6.
|
Kb |
= |
an íogaireacht bhuicéad-shonrach; agus |
|
WS |
= |
na híogaireachtaí ualaithe. |
Déanfar an íogaireacht bhuicéad-shonrach a ríomh maidir le gach buicéad atá laistigh d'aicme phriacail i gcomhréir le mír 5, mír 6 agus mír 7. Nuair a ríomhfar an íogaireacht bhuicéad-shonrach i leith na mbuicéad go léir, déanfar íogaireachtaí ualaithe ar gach fachtóir priacail a chomhiomlánú i gcomhréir leis an bhfoirmle thíos, trí na comhghaolta comhfhreagracha γbc maidir le híogaireachtaí ualaithe i mbuicéad difriúla a úsáid mar a leagtar amach i Roinn 6, as a dtagann an ceanglas cistí dílse a bhaineann go sonrach le haicme phriacail do phriacal deilte nó vega:
nuair:
|
Sb |
= |
Σk WSk atá maidir le gach fachtóir priacail i mbuicéad b agus Sc = Σk i mbuicéad c; i gcás ina ngineann suim luachanna Sb agus Sc uimhir dhiúltach mar shuim fhoriomlán |
|
Sb |
= |
max [min (Σk WSk, Kb), – Kb] maidir le gach fachtóir priacail i mbuicéad b, agus |
|
Sc |
= |
max [min (Σk WSk, Kc), – Kc] maidir le gach fachtóir priacail i mbuicéad c. |
Déanfar na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacail deilte nó vega a bhaineann go sonrach le haicme phriacail ar leith a ríomh maidir le gach aicme phriacail i gcomhréir le míreanna 1 go 8.
Airteagal 325g
Ceanglas cistí dílse i gcomhair riosca cuaire
Maidir le fachtóir riosca ar leith, déanfaidh institiúidí na ríomhanna sin ar bhonn glan thar shuíomhanna uile na n-ionstraimí atá faoi réir an cheanglais cistí dílse i gcomhair riosca cuaire a bhfuil an fachtóir riosca sin ann.
arna shloinneadh mar a leanas:
|
i |
= |
an t-innéacs lena gcuirtear suíomhanna uile na n-ionstraimí dá dtagraítear i mír 1 in iúl agus lena n-áirítear fachtóir riosca k; |
|
xk |
= |
luach reatha fhachtóir riosca k; |
|
Vi xk |
= |
luach ionstraim i mar a mheastar le samhail phraghsála na hinstitiúide bunaithe ar luach reatha fhachtóir riosca k; |
|
|
= |
luach ionstraim i mar a mheastar le samhail phraghsála na hinstitiúide bunaithe ar athrú aníos ar luach fhachtóir riosca k; |
|
|
= |
luach ionstraim i mar a mheastar le samhail phraghsála na hinstitiúide bunaithe ar athrú anuas ar luach fhachtóir riosca k; |
|
|
= |
an t-ualú riosca is infheidhme maidir le fachtóir riosca k arna chinneadh i gcomhréir le Roinn 6; |
|
sik |
= |
íogaireacht deilte ionstraim i maidir le fachtóir riosca k, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 325r. |
Chun críocha an ríomha dá dtagraítear i mír 2, i gcás inar cuar d’fhachtóirí riosca é xk a leithdháiltear ar aicmí riosca GIRR, CSR agus ar aicmí tráchtearraí, is é a bheidh ann sik ná suim na n-íogaireachtaí deilte ar fhachtóir riosca an chuair thar aibíochtaí uile an chuair.
arna shloinneadh mar a leanas:
|
b |
= |
an t-innéacs a sheasann do bhuicéad d’aicme riosca ar leith; |
|
Kb |
= |
ceanglais cistí dílse maidir le riosca cuaire do bhuicéad b; |
;
;
;
|
pkl |
= |
na comhghaolta laistigh de bhuicéad idir fachtóirí riosca k agus l mar a leagtar síos i Roinn 6; |
|
k, l |
= |
na hinnéacsanna a sheasann d’fhachtóirí riosca uile na n-ionstraimí dá dtagraítear i mír 1 a shanntar do bhuicéad b; |
|
( |
= |
suíomh an ghlanriosca cuaire aníos; |
|
( |
= |
suíomh an ghlanriosca cuaire anuas. |
arna shloinneadh mar a leanas:
|
b, c |
= |
na hinnéacsanna a sheasann do na buicéid uile d’aicme riosca ar leith a chomhfhreagraíonn do na hionstraimí dá dtagraítear i mír 1; |
|
Kb |
= |
ceanglais cistí dílse maidir le riosca cuaire do bhuicéad b; |
;
;
|
γbc |
= |
na comhghaolta idir buicéid, idir buicéid b agus c mar a leagtar amach i Roinn 6. |
Airteagal 325h
Ceanglais cistí dílse a chomhiomlánú a bhaineann go sonrach le haicme phriacail ar leith le haghaidh priacail deilte, vega agus cuaire
An próiseas chun ceanglais cistí dílse a bhaineann go sonrach le haicmí priacail deilte, vega agus cuaire ar leith a ríomh mar a thuairiscítear in Airteagail 325f agus 325g, déanfar an próiseas sin trí huaire le haghaidh gach aicme phriacail, trí thacar paraiméadar comhghaoil difriúil a úsáid gach uair ρkl (an comhghaol idir fachtóirí priacail laistigh de bhuicéad) agus γbc (an comhghaol idir buicéid laistigh d'aicme phriacail). Beidh gach ceann de na trí thacar sin comhfhreagrach le cás difriúil, mar a leanas:
cás “na meán-chomhghaolta”, trína bhfágfar nach mbíonn aon difríocht idir na paraiméadair comhghaoil ρkl agus γbc a shonraítear i Roinn 6;
“cás na gcomhghaolta arda”, trína ndéanfar na paraiméadair comhghaoil ρkl agus γbc a shonraítear i Roinn 6 a iolrú go haonfhoirmeach faoi 1,25, agus beidh ρkl agus γbc faoi réir uasteorainn 100 %.
“cás na gcomhghaolta ísle”, trína ndéantar na paraiméadair chomhghaoil ρkl agus γbc a shonraítear i Roinn 6 a ionadú le agus
, faoi seach
Airteagal 325i
Ionstraimí innéacs agus ionstraimí il-fholuiteacha eile a láimhseáil
Úsáidfidh institiúidí cur chuige trébhreathnaitheach le haghaidh ionstraimí innéacs agus ionstraimí il-fholuiteacha eile i gcomhréir leis na nithe seo a leanas:
chun críocha ceanglais cistí dílse i gcomhair riosca deilte agus riosca cuaire a ríomh, measfaidh institiúidí go bhfuil suíomhanna aonair ina seilbh go díreach i gcomhpháirteanna foluiteacha an innéacs nó ionstraimí il-fholuiteacha eile, ach amháin maidir le suíomh in innéacs a áirítear san ACTP a ndéanfaidh siad íogaireacht aonair ar an innéacs a ríomh ina leith;
lamháiltear d’institiúidí na híogaireachtaí ar fhachtóir riosca atá ina chomhpháirt d’ionstraim innéacs nó d’ionstraim il-fholuiteach eile a ghlanluacháil leis na híogaireachtaí ar an bhfachtóir riosca céanna den chomhpháirt chéanna d’ionstraimí aonainm, cé is moite de shuíomhanna a áirítear san ACTP;
chun críocha ceanglais cistí dílse i gcomhair riosca véige a ríomh, féadfaidh institiúidí a mheas go bhfuil suíomhanna aonair i gcomhchodanna foluiteacha an innéacs nó ionstraim il-fholuiteach eile ina seilbh dhíreach acu, nó féadfaidh siad íogaireacht aonair a ríomh maidir le hionstraim fholuiteach na hionstraime sin. Sa dara cás, déanfaidh institiúidí an íogaireacht aonair a shannadh don bhuicéad ábhartha mar a leagtar amach i bhFoRoinn 1 de Roinn 6 mar a leanas:
i gcás ina ndéanfaí níos mó ná 75 % de na comhpháirteanna san innéacs sin a mhapáil ar an mbuicéad céanna, agus ualuithe an innéacs sin á gcur san áireamh, déanfaidh institiúidí an íogaireacht a shannadh don bhuicéad sin agus déanfaidh siad í a láimhseáil mar íogaireacht aonainm sa bhuicéad sin;
i ngach cás eile, déanfaidh institiúidí an íogaireacht a shannadh don bhuicéad innéacs ábhartha.
De mhaolú ar phointe (a) de mhír 1, féadfaidh institiúidí íogaireacht aonair ar shuíomh i gcothromas nó in innéacs creidmheasa liostaithe a ríomh chun críocha na gceanglas cistí dílse i gcomhair rioscaí deilte agus cuaire a ríomh ar choinníoll go gcomhlíonann an cothromas liostaithe nó an t-innéacs creidmheasa na coinníollacha a leagtar amach i mír 3. Sa chás sin, déanfaidh institiúidí an íogaireacht aonair a shannadh don bhuicéad ábhartha mar a leagtar amach i bhFoRoinn 1 de Roinn 6 mar a leanas:
i gcás ina ndéanfaí níos mó ná 75 % de na comhpháirteanna san innéacs liostaithe sin a mhapáil ar an mbuicéad céanna, agus ualuithe an innéacs liostaithe sin á gcur san áireamh, déanfar an íogaireacht sin a shannadh don bhuicéad sin agus déanfar í a láimhseáil mar íogaireacht aonainm sa bhuicéad sin;
i ngach cás eile, déanfaidh institiúidí an íogaireacht a shannadh don bhuicéad innéacs liostaithe ábhartha.
Féadfaidh institiúidí an cur chuige a leagtar amach i mír 2 a úsáid maidir le hionstraimí lena ndéantar tagairt do chothromas liostaithe nó d’innéacs creidmheasa i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
tá na comhpháirteanna den innéacs liostaithe agus a n-ualuithe faoi seach san innéacs sin ar eolas;
tá 20 comhpháirt ar a laghad san innéacs liostaithe;
ní hionann aon chomhpháirt aonair laistigh den innéacs liostaithe agus os cionn 25 % de chaipitliú margaidh iomlán an innéacs sin;
ní hionann aon tacar ina bhfuil an deichiú cuid de líon iomlán chomhpháirteanna an innéacs liostaithe, arna chothromú suas go dtí an chéad slánuimhir eile, agus os cionn 60 % de chaipitliú margaidh iomlán an innéacs sin;
ní lú ná EUR 40 billiún caipitliú margaidh iomlán chomhpháirteanna uile an innéacs liostaithe.
Airteagal 325j
Láimhseáil gnóthas comhinfheistíochta
Déanfaidh institiúid a ceanglais cistí dílse i gcomhair riosca margaidh suímh in GC a ríomh, agus ceann amháin de na cineálacha cur chuige seo a leanas á úsáid aici:
i gcás inar féidir le hinstitiúid faisnéis leordhóthanach a fháil faoi neamhchosaintí foluiteacha aonair an GC, déanfaidh an institiúid na ceanglais cistí dílse i gcomhair riosca margaidh an tsuímh GC sin a ríomh trí bhreathnú ar aghaidh i dtreo shuíomhanna foluiteacha an GC amhail is dá mbeadh na suíomhanna sin i seilbh dhíreach na hinstitiúide;
i gcás nach bhfuil an institiúid in ann faisnéis leordhóthanach a fháil faoi neamhchosaintí foluiteacha aonair an GC, ach go bhfuil eolas ag an institiúid faoi inneachar shainordú an GC agus gur féidir praghsanna luaite laethúla an GC a fháil, ríomhfaidh an institiúid na ceanglais cistí dílse i gcomhair riosca margaidh shuíomh an GC sin trí cheann amháin de na cineálacha cur chuige seo a leanas a úsáid:
féadfaidh an institiúid an suíomh sa GC a mheas mar shuíomh cothromais aonair arna leithdháileadh ar an mbuicéad “earnáil eile” i dTábla 8 d’Airteagal 325ap(1);
a luaithe a gheobhaidh sí cead óna húdarás inniúil, féadfaidh institiúid ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh an GC a ríomh i gcomhréir leis na teorainneacha a leagtar síos i sainordú an GC agus sa dlí ábhartha;
i gcás nach gcomhlíonann an institiúid na coinníollacha i bpointe (a) ná i bpointe (b), leithdháilfidh an institiúid an GC ar an leabhar neamhthrádála.
Aon institiúid a úsáideann ceann de na cineálacha cur chuige a leagtar amach i bpointe (b), cuirfidh sí i bhfeidhm an ceanglas cistí dílse i gcomhair an riosca mainneachtana a leagtar amach i Roinn 5 den Chaibidil seo agus an forlíontán riosca iarmharaigh a leagtar amach i Roinn 4 den Chaibidil seo i gcás ina dtugtar le tuiscint le sainordú an GC go mbeidh roinnt neamhchosaintí sa GC faoi réir na gceanglas cistí dílse sin.
Aon institiúid a úsáideann an cur chuige a leagtar amach i bpointe (ii) de phointe (b), féadfaidh sí na ceanglais cistí dílse i gcomhair riosca creidmheasa contrapháirtí agus na ceanglais cistí dílse i gcomhair riosca coigeartaithe luachála creidmheasa maidir le suíomhanna díorthach an GC a ríomh, agus úsáid á baint as an gcur chuige simplithe a leagtar amach i mír 3 d’Airteagal 132a.
I gcás nach bhfuil sonraí don 12 mhí dheireanacha ar fáil ina n-iomláine, áfach, féadfaidh institiúid, ach cead a fháil ó údarás inniúil na hinstitiúide, difríocht toraidh bhliantúlaithe ó thréimhse is giorra ná 12 mhí a úsáid.
Chun críocha phointe (b) de mhír 1, déanfaidh institiúid na ríomhanna faoi na forálacha seo a leanas:
chun críocha an ceanglas cistí dílse a ríomh faoin modh íogaireacht-bhunaithe a leagtar amach i Roinn 2 den Chaibidil seo, glacfaidh an GC suíomh ar dtús a mhéid is ceadmhach faoina shainordú nó faoin dlí ábhartha sna neamhchosaintí lena mbaineann na ceanglais cistí dílse is airde a leagtar amach faoin Roinn sin agus ina dhiaidh sin leanfaidh sé de shuíomhanna a ghlacadh in ord íslitheach go dtí go sroichfear uasteorainn an chaillteanais iomláin;
chun críocha na gceanglas cistí dílse i gcomhair riosca mainneachtana a leagtar amach i Roinn 5 den Chaibidil seo, glacfaidh an GC suíomh ar dtús a mhéid is ceadmhach faoina shainordú nó faoin dlí ábhartha sna neamhchosaintí lena mbaineann na ceanglais cistí dílse is airde a leagtar amach faoin Roinn sin agus ina dhiaidh sin leanfaidh sé de shuíomhanna a ghlacadh in ord íslitheach go dtí go mbainfear amach uasteorainn an chaillteanais iomláin;
cuirfidh an GC giaráil i bhfeidhm a mhéid is ceadmhach faoina shainordú nó faoin dlí ábhartha, i gcás inarb infheidhme.
Déanfar na ceanglais cistí dílse maidir le gach suíomh sa GC céanna a n-úsáidtear na ríomhanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír ina leith a ríomh ar bhonn aonair mar phunann ar leithligh, agus úsáid á baint as an gcur chuige a leagtar amach sa Chaibidil seo.
Airteagal 325k
Suíomhanna frithgheallta
Déanfaidh institiúidí ceann amháin de na fachtóirí iolraithe iomchuí arna liostú i dTábla 1 a chur i bhfeidhm ar ghlaníogaireachtaí na suíomhanna frithgheallta i ngach eisitheoir aonair, seachas na suíomhanna frithgheallta a ndéantar a shuibscríobh nó a fho-fhrithghealladh ag tríú páirtithe ar bhonn comhaontuithe foirmiúla, agus déanfaidh siad na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh a ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach sa Chaibidil seo ar bhonn na nglaníogaireachtaí coigeartaithe.
Tábla 1
|
Lá gnó 0 |
0 % |
|
Lá gnó 1 |
10 % |
|
Lá gnó 2 agus 3 |
25 % |
|
Lá gnó 4 |
50 % |
|
Lá gnó 5 |
75 % |
|
Tar éis lá gnó 5 |
100 % |
Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn “lá gnó 0” an lá gnó ar a dtabharfaidh an institiúid gealltanas gan choinníoll glacadh le líon áirithe urrús ar phraghas comhaontaithe.
Airteagal 325l
Fachtóirí priacail i dtaca le ráta úis ginearálta
Is éard a bheidh sna fachtóirí priacail deilte i dtaca le rátaí úis ginearálta mar is infheidhme maidir le hionstraimí atá íogair ar rátaí úis na rátaí ábhartha saor ó phriacal in aghaidh an airgeadra agus in aghaidh gach ceann de na haibíochtaí seo a leanas: 0,25 bliain, 0.5 bliain, 1 bhliain, 2 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana, 15 bliana, 20 bliain, 30 bliain. Déanfaidh institiúidí fachtóirí priacail a shannadh do na reanna a shonraítear trí idirshuíomh líneach nó trí mhodh a úsáid is mó atá comhsheasmhach leis na feidhmeanna praghsála a úsáidtear le feidhm rialaithe phriacail neamhspleách na hinstitiúide chun priacal margaidh nó brabúis agus caillteanais a thuairisciú chun na bainistíochta sinsearaí.
I gcás nach leordhóthanach na sonraí maidir le cuara babhtála intuigthe ón margadh ar a bhfuil tuairisc i mír 2 agus sa chéad fhomhír den mhír sin, féadfar na rátaí saor ó phriacal a dhíorthú ón gcuar banna ceannais is oiriúnaí maidir le hairgeadra ar leith.
I gcás ina n-úsáideann institiúidí fachtóirí priacail ráta úis ghinearálta a dhíorthaítear i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa dara fomhír den mhír sin maidir le hionstraimí fiachais cheannasaigh, ní bheidh díolúine ag an ionstraim fiachais cheannasaigh ón gceanglas cistí maidir le priacal um raon difríochta creidmheasa. Sna cásanna sin, nuair nach féidir an ráta saor ó phriacal a scaradh ó chomhpháirt an raoin difríochta, déanfar an íogaireacht ar an bhfachtóir priacail sin a leithdháileadh ar phriacal ráta úis ghinearálta agus ar aicmí priacail um raon difríochta.
Cuirfidh institiúidí fachtóirí priacail breise le haghaidh priacal boilscithe i bhfeidhm ar ionstraimí fiachais a bhfuil a sreabhadh airgid thirim ag brath go feidhmeach ar rátaí boilscithe. Is éard a bheidh sna fachtóirí priacail breise sin veicteoir amháin de rátaí boilscithe intuigthe ón margadh a bhfuil aibíochtaí difriúla acu in aghaidh an airgeadra. Maidir le gach ionstraim, beidh sa veicteoir a mhéid comhpháirteanna agus a bhfuil de rátaí boilscithe ann a úsáidtear mar athróga le samhail phraghsála na hinstitiúide don ionstraim sin.
Is éard a bheidh sna fachtóirí ar bhonn trasairgeadra sin veicteoir amháin de rátaí boilscithe intuigthe ón margadh ag a bhfuil aibíochtaí difriúla acu in aghaidh an airgeadra. Maidir le gach ionstraim fiachais, beidh sa veicteoir a mhéid comhpháirteanna agus a bhfuil de bhoinn thrasairgeadra ann a úsáidtear mar athróga le samhail phraghsála don ionstraim sin. Buicéad difriúil a bheidh i ngach airgeadra.
Déanfaidh institiúidí íogaireacht na hionstraime ar an bhfachtóir ar bhonn trasairgeadra a ríomh mar athrú ar luach na hionstraime, i gcomhréir lena samhail phraghsála, mar thoradh ar athrú 1 phointe boinn amháin i ngach ceann de chomhpháirteanna an veicteora. Buicéad ar leith a bheidh i ngach airgeadra. Laistigh de gach buicéad beidh dhá fhachtóir priacail fhéideartha éagsúla: bonn de réir euro agus bonn de réir dollar SAM, gan beann ar an líon comhpháirteanna a bhíonn i ngach veicteoir lena bhfuil bonn trasairgeadra. Ní bheidh níos mó ná dhá ghlaníogaireacht i ngach buicéad.
Chun críocha mapála, measfaidh gach institiúid gur san fhachtóir priacail céanna a bheidh luaineachtaí intuigthe arna nascadh leis na rátaí céanna saor ó phriacal agus arna mapáil ar na haibíochtaí céanna.
I gás ina mapálann institiúidí luaineachtaí intuigthe leis na haibíochtaí dá dtagraítear sa mhír seo, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:
i gcás ina ndéantar an chéadrogha a ailíniú le haibíocht na hionstraime foluití, déanfar fachtóir priacail aonair a mheas, a dhéanfar a mhapáil don aibíocht sin;
i gcás inar giorra aibíocht na céadrogha ná aibíocht na hionstraime foluití, déanfar na fachtóirí priacail seo a leanas a mheas mar a leanas:
déanfar an chéad fhachtóir priacail a mhapáil d'aibíocht na céadrogha;
déanfar an dara fachtóir priacail a mhapáil d'aibíocht iarmharach na hionstraime foluití dáta éaga na céadrogha.
Ní bheidh aon cheanglais cistí dílse priacal cuaire le haghaidh boilsciú agus priacail trasairgeadra-bhunaithe.
Airteagal 325m
Fachtóirí priacail um raon difríochta le haghaidh neamhurrúsúcháin
Airteagal 325n
Fachtóirí priacail um raon difríochta i gcomhair urrúsúcháin
Cuirfidh institiúidí na fachtóirí priacail um raon difríochta creidmheasa dá dtagraítear i mír 5 i bhfeidhm ar shuíomhanna urrúsúcháin nach n-áirítear i ACTP, dá dtagraítear i mír (6), mír (7) agus mír (8) d'Airteagal 325.
Bainfidh na buicéid is infheidhme le priacal um raon difríochta creidmheasa le haghaidh urrúsúchán nach n-áirítear i ACTP go sonrach leis an gcatagóir aicme phriacail sin, dá dtagraítear i Roinn 6.
Is iad seo a leanas na fachtóirí priacail um raon difríochta creidmheasa ag institiúidí ar shuíomhanna urrúsúcháin a áirítear i ACTP:
is é a bheidh sna fachtóirí priacail rátaí um raon difríochta creidmheasa ábhartha uile eisitheoirí risíochtaí ionstraimí foluiteacha an tsuímh urrúsúcháin, a bhunaítear ar na hionstraimí fiachais agus babhtálacha mainneachtana creidmheasa, agus maidir le gach ceann de na haibíochtaí seo a leanas: 0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana.
is éard a bheidh sna fachtóirí priacail vega a bhíonn le cur i bhfeidhm maidir le céadroghanna a áirítear i ACTP mar ionstraimí foluiteacha ná luaineachtaí intuigthe um raon difríochta eisitheoirí risíochtaí foluiteacha an tsuímh urrúsúcháin, atá intuigthe mar a thuairiscítear i bpointe (a) den mhír seo, a ndéanfar a mhapáil ar na hurrúsúcháin seo a leanas i gcomhréir le haibíocht na céadrogha comhfhreagraí faoi réir an cheanglais cistí dílse: 0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana.
is éard a bheidh sna fachtóirí priacail chuaire cuara toraidh ábhartha um raon difríochta creidmheasa eisitheoirí risíochtaí foluiteacha an tsuímh urrúsúcháin arna shloinneadh mar veicteoir rátaí um raon difríochta creidmheasa maidir le haibíochtaí difriúla, atá intuigthe ó phointe (a) den mhír seo; maidir le gach ionstraim, beidh sa veicteoir a mhéid comhpháirteanna agus a bhfuil d'aibíochtaí difriúla rátaí um raon difríochta creidmheasa ann a úsáidtear mar athróga le samhail phraghsála na hinstitiúide don ionstraim sin.
Déanfaidh na fachtóirí priacail um raon difríochta creidmheasa a bhíonn le cur i bhfeidhm ag institiúidí ar shuíomhanna urrúsúcháin nach n-áirítear i ACTP, déanfaidh siad tagairt do raon difríochta an tráinse seachas raon difríochta na n-ionstraimí foluiteacha agus is éard a bheidh iontu an méid seo a leanas:
is éard a bheidh sna fachtóirí priacail deilte na rátaí um raon difríochta creidmheasa arna mapáil ar na haibíochtaí seo a leanas, i gcomhréir le haibíocht an tráinse: 0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana.
is éard a bheidh sna fachtóirí priacail vega a bhíonn le cur i bhfeidhm maidir le céadroghanna nach n-áirítear i ACTP mar ionstraimí foluiteacha ná luaineachtaí intuigthe um raon difríochta creidmheasa na dtráinsí, a ndéanfar a mhapáil ar na hurrúsúcháin seo a leanas i gcomhréir le haibíocht na céadrogha comhfhreagraí faoi réir an cheanglais cistí dílse: 0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana.
is ionann na fachtóirí priacail chuaire agus na fachtóirí a thuairiscítear i bpointe (a) den mhír seo; cuirfear ualú priacail coiteann i bhfeidhm ar na fachtóirí priacail sin uile, dá dtagraítear i Roinn 6.
Airteagal 325o
Fachtóirí priacail cothromais
Chun críocha priacal cothromais, is fachtóir priacail aonair, arna shloinneadh mar veicteoir rátaí athcheannaigh d'aibíochtaí difriúla, a bheidh i gcuar athcheannaigh cothromais sonrach. Maidir le gach ionstraim, beidh sa veicteoir a mhéid comhpháirteanna agus a bhfuil d'aibíochtaí difriúla rátaí athcheannaigh ann a úsáidtear mar athróga le samhail phraghsála na hinstitiúide don ionstraim sin.
Déanfaidh institiúidí íogaireacht ionstraime ar an bhfachtóir priacail cothromais sin a ríomh mar athrú ar luach na hionstraime, i gcomhréir lena samhail phraghsála, mar thoradh ar athrú 1 phointe boinn amháin i ngach ceann de chomhpháirteanna an veicteora. Déanfaidh institiúidí íogaireachtaí ar fhachtóir priacail ráta athcheannaigh an urrúis cothromais chéanna a fhritháireamh, gan beann ar an líon comhpháirteanna i ngach veicteoir.
Airteagal 325p
Fachtóirí priacail tráchtearraí
Déanfar íogaireacht na hionstraime ar gach fachtóir priacail arna úsáid san fhoirmle phriacail chuaire a ríomh mar a leagtar amach in Airteagal 325g. Chun críocha priacal cuaire, measfaidh institiúidí gurb é an fachtóir priacail céanna veicteoirí a bhfuil líon comhpháirteanna difriúil acu, ar choinníoll go bhfuil na veicteoirí sin comhfhreagrach leis an gcineál tráchtearra céanna.
Airteagal 325q
Fachtóirí priacail um phriacal malairte eachtraí
De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 3, féadfaidh institiúid, ach cead a fháil óna húdaráis inniúil, airgeadra eile (‘an bunairgeadra’) a chur in ionad a hairgeadra tuairiscithe sna spotrátaí malairte uile chun na fachtóirí riosca malairte eachtraí deilte agus cuaire a shloinneadh i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:
níl ach aon airgeadra bunúsach amháin in úsáid ag an institiúid;
cuireann an institiúid an bunairgeadra i bhfeidhm go comhsheasmhach ar a suíomhanna leabhair trádála uile agus ar a suíomhanna leabhair neamhthrádála uile;
tá an méid a leanas léirithe ag an institiúid chun sástachta a údaráis inniúil:
fágann úsáid an bhonnairgeadra a roghnaíodh gur ann d’ionadaíocht iomchuí riosca do shuíomhanna na hinstitiúide atá faoi riosca malairte eachtraí;
tá rogha an bhunairgeadra comhoiriúnach leis an gcaoi a bhfuil na rioscaí malairte eachtraí sin á mbainistiú go hinmheánach ag an institiúid;
ní hé an fonn atá ann ceanglais cistí dílse na hinstitiúide a laghdú is cúis go príomha le rogha an bhunairgeadra;
cuireann an institiúid san áireamh an riosca aistriúcháin idir an t-airgeadra tuairiscithe agus an bunairgeadra.
Aon institiúid a bhfuil cead tugtha di bunairgeadra a úsáid mar a leagtar amach sa chéad fhomhír, déanfaidh sí na ceanglais cistí dílse a thiocfaidh as an méid sin i gcomhair riosca malairte eachtraí a chomhshó san airgeadra tuairiscithe, agus úsáid á baint as an spotráta malairte atá i réim idir an bunairgeadra agus an t-airgeadra tuairiscithe.
Airteagal 325r
Íogaireachtaí priacail deilte
Déanfaidh institiúidí íogaireachtaí priacail deilte i dtaca le rátaí úis ginearálta (GIRR) a ríomh mar a leanas:
déanfar na híogaireachtaí ar fhachtóirí priacail lena n-áirítear rátaí saor ó phriacal a ríomh mar a leanas:
nuair atá:
|
|
= |
na híogaireachtaí ar fhachtóirí priacail lena n-áirítear rátaí saor ó phriacal; |
|
rkt |
= |
ráta cuaire saor ó phriacal k ag a bhfuil an aibíocht t; |
|
Vi (.) |
= |
feidhm praghsála na hionstraime i; agus |
|
x,y |
= |
fachtóirí priacail seachas rkt san fheidhm praghsála Vi; |
déanfar na híogaireachtaí ar fhachtóirí priacail lena n-áirítear priacal boilscithe agus bonn trasairgeadra a ríomh mar a leanas:
nuair:
|
|
= |
na híogaireachtaí ar fhachtóirí priacail lena n-áirítear priacal boilscithe agus bonn trasairgeadra; |
|
|
= |
veicteoir de chomhpháirteanna m lena léirítear an chuar boilscithe intuigthe nó an chuar ar bhonn trasairgeadra maidir le hairgeadra ar leith j nuair a bhíonn m cothrom leis an líon athróg boilscithe nó trasairgeadra arna úsáid i samhail phraghsála na hionstraime i; |
|
|
= |
maitrís aontachta ghné (1 x m); |
|
Vi (.) |
= |
feidhm praghsála na hionstraime i; agus |
|
y, z |
= |
athróga eile sa tsamhail phraghsála. |
Déanfaidh institiúidí na híogaireachta priacail deilte um raon difríochta creidmheasa i gcomhair gach suíomh urrúsúcháin agus neamhurrúsúcháin a ríomh mar a leanas:
nuair:
|
|
= |
a híogaireachta priacail deilte um raon difríochta creidmheasa i gcomhair gach suíomh urrúsúcháin agus neamhurrúsúcháin; |
|
cskt |
= |
luach ráta um raon difríochta creidmheasa eisitheora j ag aibíocht t; |
|
Vi (.) |
= |
feidhm praghsála na hionstraime i; agus |
|
x,y |
= |
fachtóirí priacail seachas cskt san fheidhm praghsála Vi. |
Déanfaidh institiúidí íogaireachtaí priacail cothromais deilte a ríomh mar a leanas:
déanfar na híogaireachtaí ar fhachtóirí priacail ar rátaí spotphraghsanna cothromais iad a ríomh mar a leanas:
nuair:
|
sk |
= |
na híogaireachtaí ar fhachtóirí priacail ar rátaí spotphraghsanna cothromais; |
|
k |
= |
urrús cothromais sonrach; |
|
EQk |
= |
luach spotphraghais an urrúis cothromais sin; |
|
Vi (.) |
= |
feidhm praghsála na hionstraime i; agus |
|
x,y |
= |
fachtóirí priacail seachas EQk san fheidhm praghsála Vi; |
ina ndéanfar na híogaireachtaí ar fhachtóirí priacail ar rátaí athcheannaigh gnáthchothromais iad a ríomh mar a leanas:
nuair atá:
|
|
= |
na híogaireachtaí ar fhachtóirí priacail ar rátaí athcheannaigh gnáthchothromais; |
|
k |
= |
an t-innéacs a chuireann na cothromais in iúl; |
|
|
= |
veicteoir de chomhpháirteanna m lena léirítear an struchtúr téarma athcheannaigh i gcomhair cothromas ar leith k nuair a bhíonn m cothrom le líon na rátaí athcheannaigh atá comhfhreagrach leis na haibíochtaí a úsáidtear i samhail phraghsála na hionstraime i; |
|
|
= |
maitrís aontachta ghné (1 · m); |
|
Vi (.) |
= |
feidhm praghsála na hionstraime i; agus |
|
y,z |
= |
fachtóirí priacail seachas
|
Déanfaidh institiúidí na híogaireachtaí priacail tráchtearraí deilte a ríomh ar gach fachtóir priacail k mar a leanas:
nuair:
|
sk |
= |
na híogaireachtaí priacail tráchtearraí deilte; |
|
k |
= |
fachtóir priacail tráchtearraí ar leith; |
|
CTYk |
= |
luach fachtóir priacail k; |
|
Vi (.) |
= |
feidhm praghsála na hionstraime i; agus |
|
y,z |
= |
fachtóirí priacail seachas |
Déanfaidh institiúidí na híogaireachtaí priacail malairte airgid deilte a ríomh ar gach fachtóir priacail k mar a leanas:
nuair:
|
sk |
= |
na híogaireachtaí priacail malairte airgid deilte; |
|
k |
= |
fachtóir priacail malairte eachtraí ar leith; |
|
FXk |
= |
luach an fhachtóra phriacail; |
|
Vi (.) |
= |
feidhm praghsála na hionstraime i; agus |
|
y, z |
= |
fachtóirí priacail seachas FXk i samhail phraghsála na hionstraime i. |
Airteagal 325s
Íogaireachtaí priacail vega
Déanfaidh institiúidí íogaireacht priacail vega céadrogha ar fhachtóir priacail k a ríomh mar a leanas:
nuair:
|
sk |
= |
íogaireacht priacail vega céadrogha; |
|
k |
= |
fachtóir priacail vega ar leith, ina bhfuil luaineacht intuigthe; |
|
volk |
= |
luach an fhachtóra phriacail sin, ar cheart é a shloinneadh mar chéatadán; agus |
|
x,y |
= |
fachtóirí priacail seachas volk san fheidhm praghsála Vi. |
Airteagal 325t
Ceanglais maidir le ríomhanna íogaireachta
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh údaráis inniúla a cheangal ar institiúid, dár tugadh cead úsáid a bhaint as an gcur chuige samhla inmheánaí malartaí a leagtar amach i gCaibidil 1b, feidhmeanna praghsála de chóras tomhais priacail a gcur chuige samhla inmheánaí a úsáid i dtaca le híogaireachtaí a ríomh faoin gCaibidil seo maidir leis na ceanglais cístí dílse i gcomhair priacal margaidh a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 430b(3).
Agus íogaireachtaí priacail vega ionstraimí ina bhfuil roghnaíocht dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 325e(2) á ríomh, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:
maidir le priacal ráta úis ginearálta agus priacal um raon difríochta creidmheasa, toimhdeoidh na hinstitiúidí, i gcás gach airgeadra, go leanfaidh ionstraim fholuiteach na bhfachtóirí priacail luaineachta, ar ina leith a dhéantar priacal vega a ríomh, dáileadh lognormalach nó normalach sna samhlacha praghsála a úsáidtear do na hionstraimí sin;
maidir le priacal cothromais, priacal tráchtearraí agus priacal malairte eachtraí, toimhdeoidh na hinstitiúidí go leanfaidh ionstraim fholuiteach na bhfachtóirí priacail luaineachta, ar ina leith a dhéantar priacal vega a ríomh, dáileadh lognormalach sna samhlacha praghsála a úsáidtear do na hionstraimí sin.
De mhaolú ar mhír 1, faoi réir cead a fháil ó na húdaráis inniúla, féadfaidh institiúid sainmhínithe malartacha ar íogaireachtaí priacail deilte a úsáid chun na ceanglais cístí dílse maidir le suíomh leabhair trádála a ríomh faoin gCaibidil seo ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an institiúid na coinníollacha uile seo a leanas:
úsáidtear na sainmhínithe malartacha sin chun críocha bainistithe priacail inmheánaigh agus chun brabúis agus caillteanais a thuairisciú don ardbhainistíocht, ar tuairisciú é sin a dhéanfaidh aonad neamhspleách rialaithe phriacail laistigh den institiúid;
léireoidh an institiúid gur iomchuí na sainmhínithe malartacha seo chun na híogaireachtaí ábhartha maidir leis an suíomh a ghabháil ná na foirmlí a leagtar amach san Fhoroinn seo agus nach bhfuil aon difear ábharthach idir na híogaireachtaí a thagann astu agus na foirmlí sin.
De mhaolú ar mhír 1, faoi réir cead a fháil ó na húdaráis inniúla, féadfaidh institiúid íogaireachtaí vega a ríomh ar bhonn claochlú líneach sainmhínithe malartacha ar íogaireachta chun na ceanglais cístí dílse maidir le suíomh leabhair trádála a ríomh faoin gCaibidil seo, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an institiúid an dá choinníoll seo a leanas:
úsáidfear na sainmhínithe malartacha sin chun críocha bainistithe phriacail inmheánaigh agus chun brabúis agus caillteanais a thuairisciú don ardbhainistíocht, ar tuairisciú é sin a dhéanfaidh aonad neamhspleách rialaithe phriacail laistigh den institiúid;
léireoidh an institiúid gur iomchuí na sainmhínithe malartacha seo chun na híogaireachtaí ábhartha maidir leis an suíomh a ghabháil ná na foirmlí a leagtar amach san Fhoroinn seo agus gur léiriú é an claochlú líneach dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar íogaireacht priacail vega.
Airteagal 325u
Ceanglais cistí dílse le haghaidh priacail iarmharacha
Measfar gur ionstraimí ar ris ar phriacail iarmharacha iad ionstraimí a chomhlíonfaidh aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
tagraíonn an ionstraim d'ionstraim fholuiteach choimhthíoch, rud a chiallaíonnchun críocha na Caibidle seo, ionstraim leabhair trádála lena dtagraítear do nó cuaire faoin modh íogaireacht-bhunaithe a leagtar amach i Roinn 2 nó faoi na ceanglais cistí dílse i gcomhair priacal mainneachtana a leagtar amach i Roinn 5;
iompraíonn an ionstraim priacal iarmharach eile,rud a chiallaíonn, chun críocha na Caibidle seo, aon cheann de na hionstraimí seo a leanas:
ionstraimí atá faoi réir ceanglais cistí dílse i gcomhair priacail vega agus cuaire faoin modh íogaireacht-bhunaithe a leagtar amach i Roinn 2 agus as a dtagann dea-thorthaí nach féidir aithris a dhéanamh orthu mar chomhcheangal líneach finideach de chéadroghanna loma le praghas cothromais foluiteach aonair, praghas tráchtearraí, ráta malairte, praghas banna, praghas um babhtáil mainneachtana creidmheasa nó babhtáil ráta úis;
ionstraimí ar suíomh urrúsúcháin iad a áirítear i ACTP, dá dtagraítear in Airteagal 325(6); ní bhreathnófar ar fháluithe a áirítear i ACTP, dá dtagraítear in Airteagal 325(8).
Déanfaidh institiúidí na ceanglais cistí dílse breise dá dtagraítear i mír 1 a ríomh mar shuim ollmhéideanna barúlacha na n-ionstraimí dá dtagraítear i mír 2 iolraithe faoi na hualuithe priacail seo a leanas:
1,0 % i gcás na hionstraime dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2;
0,1 % i gcás na hionstraime dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2.
De mhaolú ar mhír 1, ní dhéanfaidh institiúid an ceanglas cistí dílse a chur i bhfeidhm maidir le priacail iarmharacha ar ionstraim a chomhlíonann aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
tá an ionstraim liostaithe ar mhalartán aitheanta;
tá an ionstraim i dteideal imréiteach lárnach i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
déanann an ionstraim phriacail margaidh suímh eile sa leabhar trádála a fhritháireamh go hiomlán, agus sa chás sin beidh díolúine ag an dá shuíomh leabhar trádála lánchomhréireacha ón gceanglas cistí dílse i gcomhair priacail iarmharacha.
Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á gceapadh aige, déanfaidh ÚBE scrúdú ar cheart priacal fadsaolaí, an aimsir, tubaistí nádúrtha agus luaineacht a réadófar sa todhchaí a mheas mar ionstraimí foluiteacha coimhthíocha.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi cheann 28 Meitheamh 2021.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 325v
Sainmhínithe agus forálacha ginearálta
Chun críocha na Roinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “risíocht ghearrthéarmach” gur gnóthachan don institiúid is toradh le mainneachtain eisitheora nó grúpa eisitheoirí, gan beann ar an gcineál ionstraime nó idirbhirt lena gcruthaítear an risíocht;
ciallaíonn “risíocht fhadtéarmach” gur caillteanas don institiúid is toradh le mainneachtain eisitheora nó grúpa eisitheoirí, gan beann ar an gcineál ionstraime nó idirbhirt lena gcruthaítear an risíocht;
ciallaíonn “ollmhéid na mainneachtana gan choinne (ollmhéid JTD)” méid measta an ghnóthachain nó an chaillteanais a thiocfadh as mainneachtain féichiúnaí maidir le risíocht ar leith;
ciallaíonn “glanmhéid na mainneachtana gan choinne (glanmhéid JTD)” méid measta an ghnóthachain nó an chaillteanais a thabhódh institiúid mar gheall ar mainneachtain féichiúnaí, tar éis fritháireamh a dhéanamh idir ollmhéideanna JTD,
ciallaíonn “caillteanas i gcás mainneachtana” nó “LGD” caillteanas i gcás mainneachtana an fhéichiúnaí maidir le hionstraim arna heisiúint ag an bhféichiúnaí sin arna shloinneadh mar sciar de mhéid bharúlach na hionstraime;
ciallaíonn “ualú priacail mainneachtana” an céatadán lena léirítear dóchúlacht mainneachtana measta gach féichiúnaí, i gcomhréir le hacmhainneacht creidmheasa an fhéichiúnaí sin.
Airteagal 325w
Ollmhéideanna na mainneachtana gan choinne
Déanfaidh institiúidí ollmhéideanna na mainneachtana gan choinne a ríomh maidir le gach risíocht fhadtéarmach ar ionstraimí fiachais mar a leanas:
|
JTDlong |
= |
ollmhéid JTD le haghaidh na risíochta fadtéarmaí; |
|
Vnotional |
= |
méid barúlach na hionstraime; |
|
P&Llong |
= |
téarma a oiriúnaíonn do ghnóthachain nó caillteanais arna gcur san áireamh cheana ag an institiúid de bharr athruithe ar luach cóir na hionstraime lena gcruthaítear an risíocht fhadtéarmach; is le comhartha deimhneach a iontrálfar gnóthachain san fhoirmle agus is le comhartha diúltach a iontrálfar caillteanais san fhoirmle; agus |
|
Adjustmentlong |
= |
an méid a mhéadófaí nó a laghdófaí, de bharr struchtúr na hionstraime díorthaí, caillteanas na hinstitiúide i gcás mainneachtana i gcoibhneas le caillteanas iomlán na hionstraime foluite; iontrálfar méaduithe i dtéarma Adjustmentlong agus comhartha deimhneach leo agus iontrálfar caillteanais i dtéarma Adjustmentlong agus comhartha diúltach leo. |
Déanfaidh institiúidí ollmhéideanna JTD a ríomh maidir le gach risíocht ghearrthéarmach ar ionstraimí fiachais mar a leanas:
|
JTDshort |
= |
ollmhéid JTD le haghaidh risíochta gearrthéarmaí |
|
Vnotional |
= |
méid barúlach na hionstraime a iontrálfar san fhoirmle agus comhartha diúltach leis; |
|
P&Lshort |
= |
téarma a oiriúnaíonn do ghnóthachain nó caillteanais arna gcur san áireamh cheana ag an institiúid de bharr athruithe ar luach cóir na hionstraime lena gcruthaítear an risíocht ghearrthéarmach; is le comhartha deimhneach a iontrálfar gnóthachain san fhoirmle agus is le comhartha diúltach a iontrálfar caillteanais san fhoirmle; agus |
|
Adjustmentshort |
= |
an méid a mhéadófaí nó a laghdófaí, de bharr struchtúr na hionstraime díorthaí, gnóthachan na hinstitiúide i gcás mainneachtana i gcoibhneas le caillteanas iomlán na hionstraime foluití; i gcás laghduithe, iontrálfar Adjustmentshort agus comhartha deimhneach leis, agus i gcás méaduithe, agus comhartha diúltach leis. |
Chun críche an ríomha a leagtar amach i mír 1 agus mír 2, beidh an méid seo a leanas in LGD i gcomhair ionstraimí fiachais a bhíonn le cur i bhfeidhm ag institiúidí:
sannfar LGD 100 % do risíochtaí ar ionstraimí fiachais neamhshinsearaigh;
sannfar LGD 75 % d'ionstraimí fiachais shinsearaigh;
sannfar LGD 25 % do risíochtaí ar bhannaí faoi chumhdach, dá dtagraítear in Airteagal 129.
Chun críocha an ríomha a leagtar amach i mír 1 agus mír 2, déanfar méideanna barúlacha a chinneadh mar seo a leanas:
is éard atá sa mhéid barúlach i gcás banna luach ainmniúil na hionstraime fiachais;
is éard atá sa mhéid barúlach i gcás céadrogha ar cheannach atá díolta maidir le banna méid barúlach na céadrogha; is é 0 an méid barúlach i gcás céadrogha ar dhíol atá ceannaithe maidir le banna.
Maidir le risíochtaí ar ionstraimí cothromais, déanfaidh institiúidí ollmhéideanna JTD a ríomh leis na foirmlí seo a leanas, seachas na foirmlí dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2:
JTDlong = max{LGD • V + P&Llong + Adjustmentlong; 0}
JTDshort = min{LGD • V + P&Lshort + Adjustmentshort ; 0}
nuair atá:
|
JTDlong |
= |
ollmhéid JTD le haghaidh na risíochta fadtéarmaí; |
|
Vnotional |
= |
méid barúlach na hionstraime cothromais; is éard atá sa mhéid barúlach luach cóir an chothromais le haghaidh ionstraimí cothromais airgid tirim; |
|
P&Llong |
= |
téarma a oiriúnaíonn do ghnóthachain nó caillteanais arna gcur san áireamh cheana ag an institiúid de bharr athruithe ar luach cóir na hionstraime lena gcruthaítear an risíocht fhadtéarmach; is le comhartha deimhneach a iontrálfar gnóthachain san fhoirmle agus is le comhartha diúltach a iontrálfar caillteanais san fhoirmle; |
|
Adjustmentlong |
= |
an méid a mhéadófaí nó a laghdófaí, de bharr struchtúr na hionstraime díorthaí, caillteanas na hinstitiúide i gcás mainneachtana i gcoibhneas le caillteanas iomlán na hionstraime foluite; iontrálfar méaduithe i dtéarma Adjustmentlong agus comhartha deimhneach leo agus iontrálfar caillteanais i dtéarma Adjustmentlong agus comhartha diúltach leo. |
|
JTDshort |
= |
ollmhéid JTD le haghaidh risíochta gearrthéarmaí; |
|
P&Lshort |
= |
téarma a oiriúnaíonn do ghnóthachain nó caillteanais arna gcur san áireamh cheana ag an institiúid de bharr athruithe ar luach cóir na hionstraime lena gcruthaítear an risíocht ghearrthéarmach; is le comhartha deimhneach a iontrálfar gnóthachain san fhoirmle agus is le comhartha diúltach a iontrálfar caillteanais san fhoirmle; agus |
|
Adjustmentshort |
= |
an méid a mhéadófaí nó a laghdófaí, de bharr struchtúr na hionstraime díorthaí, gnóthachan na hinstitiúide i gcás mainneachtana i gcoibhneas le caillteanas iomlán na hionstraime foluití; i gcás laghduithe, iontrálfar Adjustmentshort agus comhartha deimhneach leis, agus i gcás méaduithe, agus comhartha diúltach leis. |
Ceapfaidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
an dóigh a bhfuil institiúidí leis na comhpháirteanna P&Llong, P&Lshort, Adjustmentlong and Adjustmentshort a dhearbhú agus méideanna JTD á ríomh acu maidir le cineálacha difriúla ionstraimí i gcomhréir leis an Airteagal seo;
na modheolaíochtaí malartacha atá le húsáid ag institiúidí chun críocha ollmhéideanna JTD a mheas dá dtagraítear i mír 7.
méideanna barúlacha ionstraimí seachas na cinn dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 4.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi cheann 28 Meitheamh 2021.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 325x
Glanmhéideanna na mainneachtana gan choinne
Beidh an fritháireamh iomlán nó páirteach, ag brath ar aibíochtaí na risíochtaí fritháirimh.
Déanfar fritháireamh iomlán i gcás ina mbíonn aibíochtaí de thréimhse bliana nó níos mó ag na risíochtaí fritháirimh.
Beidh an fritháireamh páirteach i gcás ina mbíonn aibíocht níos lú ná bliain amháin ag ceann de na risíochtaí fritháirimh, agus sa chás sin, déanfar méid JTD gach risíochta a bhfuil risíocht níos lú ná bliain amháin aige a iolrú faoi choibhneas aibíocht na risíochta i dtaca le bliain amháin.
Airteagal 325y
Ceanglais cistí dílse i gcomhair priacal mainneachtana a ríomh
Déanfar glanmhéideanna JTD, gan beann ar an gcineál contrapháirtí, a iolrú faoi na hualuithe priacail mainneachtana a chomhfhreagraíonn dá gcáilíocht chreidmheasa, mar a leagtar amach i dTábla 2:
Tábla 2
|
Catagóir cáilíochta creidmheasa |
Ualú priacail mainneachtana |
|
Céim cáilíochta creidmheasa 1 |
0,5 % |
|
Céim cáilíochta creidmheasa 2 |
3 % |
|
Céim cáilíochta creidmheasa 3 |
6 % |
|
Céim cáilíochta creidmheasa 4 |
15 % |
|
Céim cáilíochta creidmheasa 5 |
30 % |
|
Céim cáilíochta creidmheasa 6 |
50 % |
|
Gan rátáil |
15 % |
|
Mainnithe |
100 % |
Déanfar glanmhéideanna ualaithe JTD a chomhiomlánú le gach buicéad i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
|
DRCb |
= |
an ceanglas cistí dílse i gcomhair an phriacail mhainneachtana do bhuicéad b; |
|
i |
= |
an t-innéacs a léiríonn ionstraim a bhaineann le buicéad b; |
|
RWi |
= |
an t-ualach priacail; agus maidir le priacal |
|
WtS |
= |
coibhneas lena n-aithnítear leas le haghaidh gaolta fálaithe laistigh de bhuicéad, a dhéanfar a ríomh mar a leanas:
|
Chun críocha DRCb agus WtS a ríomh, déanfar suimiú na suíomhanna fada agus na suíomhanna gearra a chomhiomlánú maidir le gach suíomh laistigh de bhuicéad, gan beann ar an gcéim cáilíochta creidmheasa ar a ndéantar na suíomhanna sin a leithdháileadh, chun na ceanglais cistí dílse um phriacal mainneachtana a bhaineann go sonrach le buicéid ar leith a fháil.
Airteagal 325z
Méideanna na mainneachtana gan choinne
Airteagal 325aa
Ceanglas cistí dílse i gcomhair priacal mainneachtana le haghaidh urrúsúchán a ríomh
Déanfar glanmhéideanna JTD priacal-ualaithe a shannadh do na buicéid seo a leanas:
aon chomhbhuicéad amháin do na corparáidí go léir, gan beann ar an réigiún;
44 bhuicéad éagsúla, is é sin buicéad amháin in aghaidh an réigiúin do gach ceann de an 11 aicme sócmhainne a shainmhínítear sa dara fomhír.
Chun críocha na chéad fhomhíre, is iad seo a leanas an 11 aicme sócmhainne: ABPC, iasachtaí /léasanna le haghaidh gluaisteáin, urrúis de bhun morgáistí cónaithe, cártaí creidmheasa, urrúis de bhun morgáistí tráchtála, oibleagáidí iasachta atá comhthaobhaithe, oibleagáid fiachais atá comhthaobhaithe-cearnaithe, fiontair bheaga agus mheánmhéide (“FBManna”), iasachtaí mic léinn, miondíol eile, mórdhíol eile. Is iad an Áise, an Eoraip, Meiriceá Thuaidh, agus an chuid eile den domhan na ceithre réigiún.
Airteagal 325ab
Raon feidhme
Airteagal 325ac
Méideanna mainneachtana gan choinne i gcomhair ACTP
Chun críocha an Airteagail seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “dí-chomhdhéanamh le samhail luachála” go luachálfar comhdhéanamh aonainm neamhurrúsúcháin mar an difríocht idir luach neamhchoinníollach an urrúsúcháin agus luach coinníollach an urrúsúcháin ag glacadh leis go mainneoidh an t-aonainm sin le LGD 100 %;
ciallaíonn “macasamhlú” go ndéantar an teaglaim tráinsí innéacs neamhurrúsúcháin aonair a chumasc chun tráinse eile den tsraith innéacs sin a mhacasamhlú, nó chun suíomh nach bhfuil i dtráinse sa tsraith innéacs a mhacasamhlú;
ciallaíonn “dí-chomhdhéanamh” innéacs a mhacasamhlú trí urrúsúchán inarb ionann na risíochtaí sa chomhthiomsú agus na risíochtaí aonainm lena gcomhdhéantar an t-innéacs.
Déileálfar le táirgí Nú mainneachtana mar tháirgí i dtráinsí a mbeidh na pointí astaithe agus na pointí dí-astaithe seo acu:
pointe astaithe = (N – 1) / Ainmneacha Iomlána;
pointe dí-astaithe = N / Ainmneacha Iomlána;
i gcás inarb é “Ainmneacha Iomlána” líon iomlán na n-ainmneacha sa bhascaed nó sa chomhthiomsú comhfhreagrach.
Déanfar glanmhéideanna JTD a chinneadh trí ollmhéideanna JTD fadtéarmacha agus ollmhéideanna JTD gearrthéarmacha a fhritháireamh. Ní fhéadfar fritháireamh a dhéanamh ach amháin idir risíochtaí arb ionann iad ar gach dóigh ach amháin maidir le haibíocht. Ní fhéadfar fritháireamh a dhéanamh ach amháin sna cásanna seo a leanas:
maidir le hinnéacsanna, tráinsí innéacs agus tráinsí saincheaptha, féadfar fritháireamh a dhéanamh ar aibíochtaí sa chlann innéacs chéanna, sa tsraith innéacs chéanna agus sa tráinse innéacs céanna, faoi réir na bhforálacha maidir le risíochtaí ar lú ná bliain amháin iad mar a leagtar síos in Airteagal 325x; is féidir méideanna JTD fadtéarmacha agus méideanna JTD gearrthéarmacha, ar macasamhlaithe foirfe iad, a fhritháireamh trína ndí-chomhdhéanamh i risíochtaí coibhéiseacha aonainm agus shamhail luachála á húsáid; i gcásanna den chineál sin beidh suim na n-ollmhéideanna JTD de chuid risíochtaí coibhéiseacha aonainm arna bhfáil trí dhí-chomhdhéanamh cothrom le hollmhéid JTD na risíochta neamh-dhí-chomhdhéanta.
ní cheadófar fritháireamh, mar a leagtar síos i bpointe (a) é, trí dhí-chomhdhéanamh maidir le hathurrúsúcháin nó le díorthaigh ar urrúsúcháin.
maidir le hinnéacsanna agus tráinsí innéacs, beidh fritháireamh indéanta ar aibíochtaí sa chlann innéacs chéanna, sa tsraith innéacs chéanna agus sa tráinse innéacs céanna trí mhacasamhlú nó trí dhí-chomhdhéanamh; i gcás ina mbeidh na risíochtaí fadtéarmacha agus na risíochtaí gearrthéarmacha coibhéiseach, seachas comhpháirt iarmharach aonair, ceadófar fritháireamh agus léireoidh glanmhéid JTD an risíocht iarmharach.
ní cheadófar tráinsí difriúla sa tsraith innéacs chéanna, i sraitheanna difriúla den innéacs céanna agus i gclanna innéacs difriúla a fhritháireamh ar a chéile.
Airteagal 325ad
Na ceanglais chistí dílse i gcomhair priacal mainneachtana le haghaidh ACTP a ríomh
Déanfar glanmhéideanna JTD a iolrú:
i gcás táirgí i dtráinsí, faoi na hualuithe priacail mainneachtana atá comhfhreagrach lena gcáilíocht chreidmheasa mar a shainítear i mír (1) agus mír (2) d'Airteagal 325y;
i gcás táirgí nach bhfuil i dtráinsí, na hualuithe priacail mainneachtana dá dtagraítear in Airteagal 325aa(1).
Déanfar glanmhéideanna ualaithe JTD a chomhiomlánú le gach buicéad i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
|
DRCb |
= |
an ceanglas cistí dílse maidir le priacalmaidir leis an bpriacal mainneachtana do bhuicéad b; |
|
i |
= |
ionstraim atá i mbuicéad b; agus |
|
WtSACTP |
= |
an cóimheas lena n-aithnítear tairbhe maidir le gaolta fálaithe laistigh de bhuicéad, a ríomhfar i gcomhréir leis an bhfoirmle WtS a leagtar amach in Airteagal 325y(4), ach trí úsáid a bhaint as suíomhanna fada agus gearra ar ACTP iomlán seachas ar na suíomhanna i mbuicéad ar leith amháin. |
Déanfaidh institiúidí na ceanglais cistí dílse um phriacal mainneachtana le haghaidh ACTP a ríomh tríd an bhfoirmle seo a leanas a úsáid:
nuair:
|
DRCACTP |
= |
na ceanglais cistí dílse um phriacal mainneachtana le haghaidh ACTP; agus |
|
DRCb |
= |
na ceanglais cistí dílse um phriacal mainneachtana do bhuicéad b. |
Airteagal 325ae
Ualuithe priacail do phriacal ráta úis ginearálta
Maidir le hairgeadraí nach n-áirítear i bhfochatagóir na n-airgeadraí is leachtaí amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 325bd(7), is mar seo a leanas a bheidh ualaí riosca na n-íogaireachtaí ar na fachtóirí riosca ráta saor ó riosca:
Tábla 3
|
Buicéad |
Aibíocht |
Ualú Riosca |
|
1 |
0,25 bliain |
1,7 % |
|
2 |
0,5 bliain |
1,7 % |
|
3 |
1 bhliain |
1,6 % |
|
4 |
2 bhliain |
1,3 % |
|
5 |
3 bliana |
1,2 % |
|
6 |
5 bliana |
1,1 % |
|
7 |
10 mbliana |
1,1 % |
|
8 |
15 bliana |
1,1 % |
|
9 |
20 bliain |
1,1 % |
|
10 |
30 bliain |
1,1 % |
Airteagal 325af
Comhghaolta laistigh de bhuicéad maidir le priacal ráta úis ginearálta
An comhghaol idir dhá íogaireacht ualaithe ar na fachtóirí priacail ráta úis ginearálta WSk agus WSl laistigh den bhuicéad céanna, a bhíonn comhfhreagrach leis an gcuar céanna, ach a bhfuil aibíochtaí difriúla acu, socrófar an comhghaol sin i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
nuair atá:
|
Tk (Tl faoi seach) |
= |
an aibíocht a bhaineann leis an ráta priacail saor ó phriacal; |
|
θ |
= |
3 %. |
Airteagal 325ag
Comhghaolta i mbuicéid difriúla i gcomhair priacal ráta úis ginearálta
Airteagal 325ah
Ualuithe priacail i gcomhair an phriacail um raon difríochta creidmheasa le haghaidh neamhurrúsúchán
Is ionann na hualuithe priacail do na híogaireachtaí ar fhachtóirí priacail um raon difríochta creidmheasa (neamhurrúsúcháin) i dtaca le gach aibíocht (0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana) laistigh de gach buicéad i dTábla 4:
Tábla 4
|
Uimhir bhuicéid |
Cáilíocht chreidmheasa |
Earnáil |
Ualú riosca |
|
1 |
Gach catagóir |
Rialtas láir, lena n-áirítear bainc cheannais, na mBallstát |
0,5 % |
|
2 |
Céim cáilíochta creidmheasa 1 go 3 |
Rialtas láir, lena n-áirítear bainc cheannais, tríú tír, bainc forbartha iltaobhacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 117(2) nó in Airteagal 118 |
0,5 % |
|
3 |
Údaráis réigiúnacha nó áitiúla agus eintitis earnála poiblí |
1,0 % |
|
|
4 |
Eintitis earnála airgeadais lena n-áirítear institiúidí creidmheasa atá corpraithe nó bunaithe ag rialtas láir, rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil agus iasachtóirí cur chun cinn |
5,0 % |
|
|
5 |
Bunábhair, fuinneamh, tionscail, talmhaíocht, monarú, mianadóireacht agus cairéalacht |
3,0 % |
|
|
6 |
Earraí agus seirbhísí tomhaltais, iompar agus stóráil, gníomhaíochtaí seirbhíse riaracháin agus tacaíochta |
3,0 % |
|
|
7 |
Teicneolaíocht, teileachumarsáid |
2,0 % |
|
|
8 |
Cúram sláinte, fóntais, gníomhaíochtaí gairmiúla agus teicniúla |
1,5 % |
|
|
9 |
|
Bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint ag institiúidí creidmheasa atá bunaithe i mBallstáit |
1,0 % |
|
10 |
Céim cáilíochta creidmheasa 1 |
Bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint ag institiúidí creidmheasa i dtríú tíortha |
1,5 % |
|
Céimeanna cáilíochta creidmheasa 2 go 3 |
2,5 % |
||
|
11 |
Céim cáilíochta creidmheasa 4 go 6 agus gan rátáil |
Rialtas láir, lena n-áirítear bainc cheannais, tríú tír, bainc forbartha iltaobhacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 117(2) nó in Airteagal 118 |
2 % |
|
12 |
Údaráis réigiúnacha nó áitiúla agus eintitis earnála poiblí |
4,0 % |
|
|
13 |
Eintitis earnála airgeadais lena n-áirítear institiúidí creidmheasa atá corpraithe nó bunaithe ag rialtas láir, rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil agus iasachtóirí cur chun cinn |
12,0 % |
|
|
14 |
Bunábhair, fuinneamh, tionscail, talmhaíocht, monarú, mianadóireacht agus cairéalacht |
7,0 % |
|
|
15 |
Earraí agus seirbhísí tomhaltais, iompar agus stóráil, gníomhaíochtaí seirbhíse riaracháin agus tacaíochta |
8,5 % |
|
|
16 |
Teicneolaíocht, teileachumarsáid |
5,5 % |
|
|
17 |
Cúram sláinte, fóntais, gníomhaíochtaí gairmiúla agus teicniúla |
5,0 % |
|
|
18 |
Earnáil eile |
12,0 % |
|
|
19 |
Innéacsanna creidmheasa liostaithe ina bhfuil formhór a gcomhpháirteanna aonair ar ghrád infheistíochta |
1,5 % |
|
|
20 |
Innéacsanna creidmheasa liostaithe ina bhfuil formhór a gcomhpháirteanna aonair ar ghrád neamhinfheistíochta nó gan rátáil |
5 % |
|
Airteagal 325ai
Comhghaolta laistigh de bhuicéad maidir le priacal um raon difríochta creidmheasa le haghaidh neamhurrúsúchán
Socrófar an paraiméadar comhghaoil ρkl, idir dhá íogaireacht WS“k” agus WS“l” laistigh den bhuicéad céanna, mar a leanas:
Ní bheidh feidhm ag na paraiméadair comhghaoil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo maidir le buicéad 18 i dTábla 4 de Airteagal 325ah(1). Beidh an ceanglas caipitil maidir leis an bhfoirmle comhiomlánaithe priacail deilte cothrom le suim luachanna absalóideacha na nglaníogaireachtaí ualaithe a leithdháiltear ar an mbuicéad sin:
Airteagal 325aj
Comhghaolta i mbuicéid difriúla i gcomhair priacail um raon difríochta creidmheasa le haghaidh neamhurrúsúchán
Déanfar an paraiméadar comhghaoil γbc a bhfuil feidhm aige maidir le comhiomlánú na n-íogaireachtaí idir buicéid dhifriúla a shocrú mar a leanas:
Tábla 5
|
Buicéad |
1, 2 agus 11 |
3 agus 12 |
4 agus 13 |
5 agus 14 |
6 agus 15 |
7 agus 16 |
8 agus 17 |
9 agus 10 |
18 |
19 |
20 |
|
1, 2 agus 11 |
|
75 % |
10 % |
20 % |
25 % |
20 % |
15 % |
10 % |
0 % |
45 % |
45 % |
|
3 agus 12 |
|
|
5 % |
15 % |
20 % |
15 % |
10 % |
10 % |
0 % |
45 % |
45 % |
|
4 agus 13 |
|
|
|
5 % |
15 % |
20 % |
5 % |
20 % |
0 % |
45 % |
45 % |
|
5 agus 14 |
|
|
|
|
20 % |
25 % |
5 % |
5 % |
0 % |
45 % |
45 % |
|
6 agus 15 |
|
|
|
|
|
25 % |
5 % |
15 % |
0 % |
45 % |
45 % |
|
7 agus 16 |
|
|
|
|
|
|
5 % |
20 % |
0 % |
45 % |
45 % |
|
8 agus 17 |
|
|
|
|
|
|
|
5 % |
0 % |
45 % |
45 % |
|
9 agus 10 |
|
|
|
|
|
|
|
|
0 % |
45 % |
45 % |
|
18 |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
0 % |
0 % |
|
19 |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
75 % |
|
20 |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Airteagal 325ak
Ualuithe priacail i gcomhair urrúsúcháin phriacail um raon difríochta creidmheasa a áirítear i ACTP
Is ionann na hualuithe priacail do na híogaireachtaí ar fhachtóirí priacail um raon difríochta creidmheasa le haghaidh urrúsúchán a áirítear i ACTP i dtaca le gach aibíocht (0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana) laistigh de gach buicéad agus sonrófar iad do gach buicéad i dTábla 6 de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 461a:
Tábla 6
|
Uimhir bhuicéid |
Cáilíocht chreidmheasa |
Earnáil |
Ualú riosca |
|
1 |
Gach catagóir |
Rialtas láir, lena n-áirítear bainc cheannais, na mBallstát |
4,0 % |
|
2 |
Céim cáilíochta creidmheasa 1 go 3 |
Rialtas láir, lena n-áirítear bainc cheannais, tríú tír, bainc forbartha iltaobhacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 117(2) nó in Airteagal 118 |
4,0 % |
|
3 |
Údaráis réigiúnacha nó áitiúla agus eintitis earnála poiblí |
4,0 % |
|
|
4 |
Eintitis earnála airgeadais lena n-áirítear institiúidí creidmheasa atá corpraithe nó bunaithe ag rialtas láir, rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil agus iasachtóirí cur chun cinn |
8,0 % |
|
|
5 |
Bunábhair, fuinneamh, tionscail, talmhaíocht, monarú, mianadóireacht agus cairéalacht |
5,0 % |
|
|
6 |
Earraí agus seirbhísí tomhaltais, iompar agus stóráil, gníomhaíochtaí seirbhíse riaracháin agus tacaíochta |
4,0 % |
|
|
7 |
Teicneolaíocht, teileachumarsáid |
3,0 % |
|
|
8 |
Cúram sláinte, fóntais, gníomhaíochtaí gairmiúla agus teicniúla |
2,0 % |
|
|
9 |
Bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint ag institiúidí creidmheasa atá bunaithe i mBallstáit |
3,0 % |
|
|
10 |
Bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint ag institiúidí creidmheasa i dtríú tíortha |
6,0 % |
|
|
11 |
Céim cáilíochta creidmheasa 4 go 6 agus gan rátáil |
Rialtas láir, lena n-áirítear bainc cheannais, tríú tír, bainc forbartha iltaobhacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 117(2) nó in Airteagal 118 |
13,0 % |
|
12 |
Údaráis réigiúnacha nó áitiúla agus eintitis earnála poiblí |
13,0 % |
|
|
13 |
Eintitis earnála airgeadais lena n-áirítear institiúidí creidmheasa atá corpraithe nó bunaithe ag rialtas láir, rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil agus iasachtóirí cur chun cinn |
16,0 % |
|
|
14 |
Bunábhair, fuinneamh, tionscail, talmhaíocht, monarú, mianadóireacht agus cairéalacht |
10,0 % |
|
|
15 |
Earraí agus seirbhísí tomhaltais, iompar agus stóráil, gníomhaíochtaí seirbhíse riaracháin agus tacaíochta |
12,0 % |
|
|
16 |
Teicneolaíocht, teileachumarsáid |
12,0 % |
|
|
17 |
Cúram sláinte, fóntais, gníomhaíochtaí gairmiúla agus teicniúla |
12,0 % |
|
|
18 |
Earnáil eile |
13,0 % |
|
Airteagal 325al
Comhghaolta i gcomhair urrúsúcháin phriacail raon difríochta creidmheasa a áirítear i ACTP
Airteagal 325am
Ualuithe priacail i gcomhair urrúsúcháin phriacail raon difríochta creidmheasa nach n-áirítear i ACTP
Is ionann na hualuithe priacail do na híogaireachtaí ar fhachtóirí priacail um raon difríochta creidmheasa le haghaidh hurrúsúchán nach n-áirítear i ACTP i dtaca le gach aibíocht (0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana) laistigh de gach buicéad i dTábla 7 agus sonrófar iad do gach buicéad i dTábla 7 de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 461a:
Tábla 7
|
Uimhir bhuicéid |
Cáilíocht chreidmheasa |
Earnáil |
Ualú riosca |
|
1 |
Céim cáilíochta Sinsear agus Creidmheasa 1 go 3 |
RMBS – Príomh |
0,9 % |
|
2 |
RMBS – Meán-Phríomh |
1,5 % |
|
|
3 |
RMBS – Fo-Phríomh |
2,0 % |
|
|
4 |
CMBS |
2,0 % |
|
|
5 |
Urrúis de bhun sócmhainní (ABS) – Iasachtaí do Mhic Léinn |
0,8 % |
|
|
6 |
ABS - Cártaí creidmheasa |
1,2 % |
|
|
7 |
ABS - Gluaisteán |
1,2 % |
|
|
8 |
Oibleagáidí iasachta atá comhthaobhaithe (CLO) neamh-ACTP |
1,4 % |
|
|
9 |
Céim cáilíochta neamhshinsear agus creidmheasa 1 go 3 |
RMBS – Príomh |
1,125 % |
|
10 |
RMBS – Meán-Phríomh |
1,875 % |
|
|
11 |
RMBS – Fo-Phríomh |
2,5 % |
|
|
12 |
CMBS |
2,5 % |
|
|
13 |
ABS – Iasachtaí do mhic léinn |
1 % |
|
|
14 |
ABS - Cártaí creidmheasa |
1,5 % |
|
|
15 |
ABS - Gluaisteán |
1,5 % |
|
|
16 |
CLO neamh-ACTP |
1,75 % |
|
|
17 |
Céim cáilíochta creidmheasa 4 go 6 agus gan rátáil |
RMBS – Príomh |
1,575 % |
|
18 |
RMBS – Meán-Phríomh |
2,625 % |
|
|
19 |
RMBS – Fo-Phríomh |
3,5 % |
|
|
20 |
CMBS |
3,5 % |
|
|
21 |
ABS – Iasachtaí do mhic léinn |
1,4 % |
|
|
22 |
ABS - Cártaí creidmheasa |
2,1 % |
|
|
23 |
ABS - Gluaisteán |
2,1 % |
|
|
24 |
CLO neamh-ACTP |
2,45 % |
|
|
25 |
Earnáil eile |
3,5 % |
|
Airteagal 325an
Comhghaolta laistigh de bhuicéad i gcomhair urrúsúcháin phriacail raon difríochta creidmheasa nach n-áirítear i ACTP
Idir dhá íogaireacht WS“k” agus WS“l” laistigh den bhuicéad céanna, socrófar an paraiméadar comhghaoil ρkl mar a leanas:
Ní bheidh feidhm ag na paraiméadair chomhghaoil dá dtagraítear i mír 1 maidir le buicéad 25 i dTábla 7 d'Airteagal 325am(1). Beidh an ceanglas cistí dílse maidir leis an bhfoirmle chomhiomlánaithe priacail deilte laistigh de bhuicéad 25 cothrom le suim luachanna absalóideacha na nglaníogaireachtaí ualaithe a leithdháilfear ar an mbuicéad sin:
Airteagal 325ao
Comhghaolta i mbuicéid dhifriúla i gcomhair urrúsúcháin phriacail raon difríochta creidmheasa nach n-áirítear i ACTP
Airteagal 325ap
Ualuithe priacail i gcomhair priacal cothromais
Déanfar na hualuithe priacail do na híogaireachtaí ar fhachtóirí priacail maidir le rátaí cothromais agus rátaí athcheannaigh cothromais a shonrú do gach buicéad i dTábla 8 de bhun an ghníomh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 461a:
Tábla 8
|
Uimhir bhuicéid |
Caipitliú margaidh |
Geilleagar |
Earnáil |
Ualú riosca i gcomhair spotphraghas cothromais |
Ualú riosca i gcomhair ráta athcheannaigh |
|
1 |
Mór |
Geilleagar margaidh atá ag teacht chun cinn |
Earraí agus seirbhísí tomhaltais, iompar agus stóráil, gníomhaíochtaí seirbhíse riaracháin agus tacaíochta, cúram sláinte, fóntais |
55 % |
0,55 % |
|
2 |
Teileachumarsáid, scaireanna tionsclaíocha |
60 % |
0,60 % |
||
|
3 |
Bunábhair, fuinneamh, talmhaíocht, monarú, mianadóireacht agus cairéalacht |
45 % |
0,45 % |
||
|
4 |
Airgeadas lena n-áirítear airgeadas le taca rialtais, gníomhaíochtaí réadmhaoine, teicneolaíocht |
55 % |
0,55 % |
||
|
5 |
Geilleagar sárfhorbartha |
Earraí agus seirbhísí tomhaltais, iompar agus stóráil, gníomhaíochtaí seirbhíse riaracháin agus tacaíochta, cúram sláinte, fóntais |
30 % |
0,30 % |
|
|
6 |
Teileachumarsáid, scaireanna tionsclaíocha |
35 % |
0,35 % |
||
|
7 |
Bunábhair, fuinneamh, talmhaíocht, monarú, mianadóireacht agus cairéalacht |
40 % |
0,40 % |
||
|
8 |
Airgeadas lena n-áirítear airgeadas le taca rialtais, gníomhaíochtaí réadmhaoine, teicneolaíocht |
50 % |
0,50 % |
||
|
9 |
Beag |
Geilleagar margaidh atá ag teacht chun cinn |
Gach earnáil a thuairiscítear faoi uimhreacha buicéid 1, 2, 3 agus 4 |
70 % |
0,70 % |
|
10 |
Geilleagar sárfhorbartha |
Gach earnáil a thuairiscítear faoi uimhreacha buicéid 5, 6, 7 agus 8 |
50 % |
0,50 % |
|
|
11 |
Earnáil eile |
70 % |
0,70 % |
||
|
12 |
caidhp mhór mhargaidh, innéacsanna geilleagair shárfhorbartha |
15 % |
0,15 % |
||
|
13 |
Innéacsanna eile |
25 % |
0,25 % |
||
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi cheann 28 Meitheamh 2021.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 325aq
Comhghaolta laistigh de bhuicéad i gcomhair priacail cothromais
I gcásanna eile seachas na cásanna dá dtagraítear i mír 1, déanfar an paraiméadar comhghaoil ρkl idir dhá íogaireacht WS“k” agus WS“l” ar spotphraghas cothromais laistigh den bhuicéad céanna a shocrú mar a leanas:
15 % idir dhá íogaireacht laistigh den bhuicéad céanna a thagann faoin gcatagóir do chaipitliú margaidh mór, eacnamaíocht margaidh i mbéal forbartha (buicéad 1, 2, 3, nó 4);
25 % idir dhá íogaireacht laistigh den bhuicéad céanna a thagann faoin gcatagóir do chaipitliú margaidh mór, geilleagar sárfhorbartha (buicéad 5, 6, 7, nó 8);
7,5 % idir dhá íogaireacht laistigh den bhuicéad céanna a thagann faoin gcatagóir do chaipitliú margaidh beag, eacnamaíocht margaidh i mbéal forbartha (buicéad 9);
12,5 % idir dhá íogaireacht laistigh den bhuicéad céanna a thagann faoin gcatagóir do chaipitliú margaidh beag, geilleagar sárfhorbartha (buicéad 10);
80 % idir dhá íogaireacht laistigh den bhuicéad céanna a thagann faoi bhuicéad innéacs (buicéad uimhir 12 nó 13).
Ní bheidh feidhm ag na paraiméadair chomhghaoil a shonraítear i mír 1 go mír 4 maidir le buicéad 11. Beidh an ceanglas caipitil maidir leis an bhfoirmle chomhiomlánaithe phriacail deilte laistigh de bhuicéad 11 cothrom le suim luachanna absalóideacha na nglaníogaireachtaí ualaithe a leithdháiltear ar an mbuicéad sin:
Airteagal 325ar
Comhghaolta idir buicéid i gcomhair riosca cothromais
Beidh feidhm ag an bparaiméadar comhghaoil c maidir le comhiomlánú íogaireachtaí idir buicéid éagsúla.
Socrófar é maidir le buicéid Thábla 8 in Airteagal 325ap mar a leanas:
15 % i gcás ina bhfuil an dá bhuicéad laistigh d’uimhreacha buicéid 1 go 10;
0 % i gcás ina bhfuil an dá bhuicéad laistigh d’uimhir bhuicéid 11;
75 % i gcás ina bhfuil an dá bhuicéad laistigh d’uimhir bhuicéid 12 go 13;
45 % i gcásanna eile.
Airteagal 325as
Ualuithe riosca i gcomhair riosca tráchtearraí
Is mar a leanas a bheidh na hualuithe riosca maidir le híogaireachtaí ar fhachtóirí riosca tráchtearraí:
Tábla 9
|
Uimhir bhuicéid |
Ainm buicéid |
Ualú riosca |
|
1 |
Fuinneamh – ábhair indóite sholadacha |
30 % |
|
2 |
Fuinneamh – ábhair indóite leachtacha |
35 % |
|
3 |
Fuinneamh – leictreachas agus trádáil charbóin |
60 % |
|
4 |
Lasta |
80 % |
|
5 |
Miotail – neamhlómhara |
40 % |
|
6 |
Ábhair indóite ghásacha |
45 % |
|
7 |
Miotail lómhara (lena n-áirítear ór) |
20 % |
|
8 |
Gráin agus olashíol |
35 % |
|
9 |
Beostoc agus déiríocht |
25 % |
|
10 |
Táirgí boga agus táirgí eile talmhaíochta |
35 % |
|
11 |
Tráchtearraí eile |
50 % |
Airteagal 325at
Comhghaolta laistigh de bhuicéad i gcomhair priacail tráchtearraí
Socrófar an paraiméadar comhghaoil ρkl, idir dhá íogaireacht WS k agus WS l laistigh den bhuicéad céanna, mar a leanas:
Is éard atá sna comhghaoil laistigh de bhuicéad ρkl (commodity) ná:
Tábla 10
|
Uimhir Buicéid |
Ainm Buicéid |
Comhghaolú ρkl (commodity) |
|
1 |
Fuinneamh - ábhair indóite sholadacha |
55 % |
|
2 |
Fuinneamh – ábhair indóite leachtacha |
95 % |
|
3 |
Fuinneamh - leictreachas agus carbóin a thrádáil |
40 % |
|
4 |
Lasta |
80 % |
|
5 |
Miotail – neamhlómhar |
60 % |
|
6 |
Ábhair indóite gásacha |
65 % |
|
7 |
Miotail lómhara (lena n-áirítear ór) |
55 % |
|
8 |
Gráin agus olashíol |
45 % |
|
9 |
Beostoc agus déiríocht |
15 % |
|
10 |
Táirgí boga agus táirgí talmhaíochta eile |
40 % |
|
11 |
Táirgí tráchtearraí eile |
15 % |
In ainneoin mhír 1, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:
Measfar gur fachtóirí priacail tráchtearraí ar leithligh iad dhá fhachtóir priacail a leithdháiltear ar bhuicéad 3 i dTábla 10 agus a bhaineann le leictreachas a ghintear i réigiúin éagsúla nó a sheachadtar ag tréimhsí ama éagsúla faoin gcomhaontú conarthach;
Measfar gur fachtóirí priacail tráchtearraí ar leithligh iad dhá fhachtóir priacail a leithdháiltear ar bhuicéad 4 i dTábla 10 agus a bhaineann le lasta i gcás ina mbíonn difríocht maidir lena mbealach lasta nó lena seachtain seachadta.
Airteagal 325au
Comhghaolta i mbuicéid difriúla i gcomhair priacal tráchtearraí
Déanfar an paraiméadar comhghaoil γ bc a bhfuil feidhm aige maidir le comhiomlánú íogaireachtaí idir buicéid dhifriúla a shocrú é ag:
20 % i gcás inar buicéid as measc na gcinn dar uimhir 1 go 10 an dá bhuicéad sin;
0 % i gcás inarb é buicéad 11 ceachtar den dá bhuicéad sin.
Airteagal 325av
Ualaí priacail maidir le priacal malairte eachtraí
Is éard a bheidh in ualú priacail na bhfachtóirí priacail malairte eachtraí maidir le péirí airgeadraí atá comhdhéanta den euro agus d'airgeadra Ballstáit atá páirteach i meicníocht an ráta malairte (MRM II), arb é sin an dara céim den aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta, ceann de na hualuithe seo a leanas:
an t-ualú priacail dá dtagraítear i mír 1 roinnte ar 3;
an uasluaineacht laistigh den bhanda luaineachta a chomhaontaigh an Ballstát agus an Banc Ceannais Eorpach go foirmiúil i gcás ina bhfuil an banda luaineachta sin níos cúinge ná an banda luaineachta a shainítear faoi MRM II.
Airteagal 325aw
Comhghaolta maidir le priacal malairte eachtraí
Beidh feidhm ag paraiméadar comhghaoil aonfhoirmeach γbc ar cothrom é 60 % maidir le comhiomlánú na n-íogaireachtaí ar fhachtóirí priacail malairte eachtraí.
Airteagal 325ax
Ualuithe priacail cuaire agus vega
Déanfar an sciar dá dtagraítear i mír 2 a bheith ag brath ar leachtacht intuigthe gach cineál fachtóra priacail i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
nuair:
Tábla 11
|
Aicme riosca |
LHaicme riosca |
Ualuithe riosca |
|
GIRR |
60 |
100 % |
|
Neamhurrúsúcháin CSR |
120 |
100 % |
|
Urrúsúcháin CSR (ACTP) |
120 |
100 % |
|
Urrúsúcháin CSR (neamh-ACTP) |
120 |
100 % |
|
Cothromas (caidhp mhór agus innéacsanna) |
20 |
77,78 % |
|
Cothromas (caidhp bheag agus innéacsanna) |
60 |
100 % |
|
Tráchtearra |
120 |
100 % |
|
Malairt eachtrach |
40 |
100 % |
Airteagal 325ay
Comhghaolta priacail cuaire agus vega
Idir íogaireachtaí ar phriacal vega laistigh den bhuicéad céanna den phriacal ráta úis ghinearálta (RRUG), déanfar an paraiméadar rkl a shocrú mar a leanas:
nuair:
Idir íogaireachtaí ar phriacal vega laistigh de bhuicéad de na haicmí priacail eile, déanfar an paraiméadar comhghaoil ρkl a shocrú mar a leanas: