02013R0549 — GA — 24.08.2015 — 001.006


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 549/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Bealtaine 2013

maidir leis an gcóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

(IO L 174 26.6.2013, lch. 1)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

COMMISSION DELEGATED REGULATION (EU) 2015/1342 of 22 April 2015 (*)

  L 207

35

4.8.2015



(*)

Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge




▼B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 549/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Bealtaine 2013

maidir leis an gcóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)



Airteagal 1

Ábhar

1.  Bunaítear leis an Rialachán seo Córas Cuntas Eorpach 2010 (“CCE 2010” nó “CCE”).

2.  Déantar foráil i CCE 2010 i leith an méid seo a leanas:

(a) 

modheolaíocht (Iarscríbhinn A) maidir le comhchaighdeáin, comhshainmhínithe, comhaicmithe agus comhrialacha cuntasaíochta ar modheolaíocht í a úsáidfear chun cuntais agus táblaí a thiomsú ar bhoinn inchomparáide chun críocha an Aontais, mar aon le torthaí de réir mar is gá faoi Airteagal 3;

(b) 

clár (Iarscríbhinn B) lena leagtar amach na teorainneacha ama faoina ndéanfaidh na Ballstáit na cuntais agus na táblaí atá le tiomsú i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear i bpointe (a) a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat).

3.  Gan dochar d’Airteagal 5 agus Airteagal 10, beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le gníomhartha uile an Aontais ina dtagraítear do CCE nó dá shainmhínithe.

4.  Ní chuirtear d’oibleagáid ar aon Bhallstát, leis an Rialachán seo, úsáid a bhaint as CCE 2010 agus cuntais á dtiomsú aige chun a chríocha féin.

Airteagal 2

Modheolaíocht

1.  Tá modheolaíocht CCE 2010 dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(2) leagtha amach in Iarscríbhinn A.

2.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe maidir le leasuithe ar mhodheolaíocht CCE 2010 a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 7 chun an t-ábhar atá inti a shonrú agus a fheabhsú, chun léiriú comhchuibhithe a áirithiú nó chun an inchomparáideacht idirnáisiúnta a áirithiú, ar an gcoinníoll nach n-athraítear leis na gníomhartha sin coincheapa foluiteacha na modheolaíochta sin, nach dteastaíonn acmhainní breise do tháirgeoirí laistigh den Chóras Staidrimh Eorpach chun na gníomhartha sin a chur chun feidhme agus nach ndéantar acmhainní dílse a athrú dá mbarr.

3.  Más rud é go bhfuil amhras ann faoi chur chun feidhme ceart rialacha cuntasaíochta CCE 2010, iarrfaidh an Ballstát lena mbaineann soiléiriú ón gCoimisiún (Eurostat). Gníomhóidh an Coimisiún (Eurostat) go pras agus iniúchadh á dhéanamh aige ar an iarraidh agus a chomhairle á cur in iúl aige don Bhallstát lena mbaineann agus do gach Ballstát eile maidir leis an soiléiriú arna iarraidh.

4.  Déanfaidh na Ballstáit seirbhísí idirghabhála airgeadais arna dtomhas go hindíreach (FISIM) a ríomh agus a leithdháileadh i gcuntais náisiúnta i gcomhréir leis an modheolaíocht ar ina leith a dhéantar cur síos in Iarscríbhinn A. Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh roimh 17 Meán Fómhair 2013 i gcomhréir le hAirteagal 7 ina leagfar síos modheolaíocht athbhreithnithe i gcomhair FISIM a ríomh agus a leithdháileadh. Áiritheoidh an Coimisiún, agus a chumhacht á feidhmiú aige de bhun na míre seo, nach gcuirfear leis na gníomhartha tarmligthe sin ualach sunstasach breise riaracháin ar na Ballstáit ná ar na haonaid is freagróirí.

5.  Déanfaidh na Ballstáit caiteachas ar thaighde agus ar fhorbairt a thaifeadadh mar ollfhoirmiú caipitil sheasta. Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 7 chun iontaofacht agus inchomparáideacht shonraí CCE 2010 de chuid na mBallstát maidir le taighde agus forbairt a áirithiú. Áiritheoidh an Coimisiún, agus a chumhacht á feidhmiú aige de bhun na míre seo, nach gcuirfear leis na gníomhartha tarmligthe sin ualach suntasach breise riaracháin ar na Ballstáit ná ar na haonaid is freagróirí.

Airteagal 3

Sonraí a tharchur chuig an gCoimisiún

1.  Déanfaidh na Ballstáit na cuntais agus na táblaí atá leagtha amach in Iarscríbhinn B a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) laistigh de na teorainneacha ama atá sonraithe inti le haghaidh gach tábla ar leith.

2.  Déanfaidh na Ballstáit na sonraí agus na meiteashonraí a cheanglaítear leis an Rialachán seo a tharchur chuig an gCoimisiún i gcomhréir le caighdeán sonraithe idirmhalartaithe agus i gcomhréir le socruithe praiticiúla eile.

Déanfar na sonraí a tharchur nó a uaslódáil trí mheán leictreonach chuig an bpointe iontrála aonair do shonraí ag an gCoimisiún. Déanfaidh an Coimisiún an caighdeán idirmhalartaithe agus na socruithe praiticiúla eile maidir le tarchur na sonraí a shainiú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8(2).

Airteagal 4

Measúnú cáilíochta

1.  Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm maidir leis na sonraí atá le tarchur i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán seo ag na critéir cháilíochta atá leagtha amach in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

2.  Tabharfaidh na Ballstáit tuarascáil don Choimisiún (Eurostat) i dtaobh cháilíocht na sonraí atá le tarchur i gcomhréir le hAirteagal 3.

3.  Agus na critéir cháilíochta dá dtagraítear i mír 1 á gcur i bhfeidhm maidir leis na sonraí a chumhdaítear faoin Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún modhanna, struchtúr, tréimhsiúlacht agus táscairí measúnaithe na dtuarascálacha cáilíochta a shainiú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8(2).

4.  Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) cáilíocht na sonraí arna dtarchur a mheasúnú.

Airteagal 5

Dáta an chur i bhfeidhm agus an dáta a dhéanfar sonraí a tharchur den chéad uair

1.  Cuirfear CCE 2010 i bhfeidhm den chéad uair maidir leis na sonraí arna mbunú i gcomhréir le hIarscríbhinn B agus a bheidh le tarchur ón 1 Meán Fómhair 2014.

2.  Déanfar na sonraí a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) i gcomhréir leis na teorainneacha ama atá leagtha síos in Iarscríbhinn B.

3.  I gcomhréir le mír 1, go dtí go ndéanfar an chéad tarchur sonraí ar tarchur é a bheidh bunaithe ar CCE 2010, leanfaidh na Ballstáit de na cuntais agus de na táblaí, arna mbunú trí CCE 95 a chur i bhfeidhm, a sheoladh chuig an gCoimisiún (Eurostat).

4.  Gan dochar d’Airteagal 19 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1150/2000 ón gComhairle an 22 Bealtaine 2000 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2007/436/CE, Euratom maidir le córas acmhainní dílse na gComhphobal Eorpach ( 1 ), seiceálfaidh an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann go bhfuil an Rialachán seo á chur i bhfeidhm i gceart agus déanfaidh siad toradh na seiceálacha sin a thíolacadh don Choiste dá dtagraítear in Airteagal 8(1) den Rialachán seo.

Airteagal 6

Maoluithe

1.  A mhéid is gá oiriúnuithe móra a dhéanamh ar chóras staidrimh náisiúnta chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, tabharfaidh an Coimisiún maoluithe sealadacha do Bhallstáit, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Rachaidh na maoluithe sin in éag tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2020. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8(2).

2.  Déanfaidh an Coimisiún maolú a thabhairt de bhun mhír 1 le haghaidh tréimhse atá leordhóthanach chun cur ar chumas an Bhallstáit lena mbaineann a chóras staidrimh a oiriúnú agus le haghaidh na tréimhse sin amháin. Maidir le cion OTI an Bhallstáit, ar cion OTI é atá laistigh den Aontas nó laistigh den limistéar euro, ní bheidh sé, uaidh féin, ina bhonn cirt le maolú a thabhairt. I gcás inarb iomchuí, tabharfaidh an Coimisiún tacaíocht do na Ballstáit lena mbaineann agus iarrachtaí á ndéanamh acu chun a áirithiú go ndéantar na hoiriúnuithe is gá ar a gcórais staidrimh.

3.  Chun na críocha a leagtar amach i mír 1 agus mír 2, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann iarraidh a bhfuil bonn cirt cuí léi a chur faoi bhráid an Choimisiúin tráth nach déanaí ná an 17 Deireadh Fómhair 2013.

Tar éis don Choimisiún dul i gcomhairle leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, déanfaidh sé tuairisc do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, tráth nach déanaí ná an 1 Iúil 2018, i dtaobh chur i bhfeidhm na maoluithe arna dtabhairt d’fhonn a fhíorú an bhfuil bonn cirt leo fós.

Airteagal 7

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 2(2) agus (5) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón.16 Iúil 2013. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 2(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse dhá mhí ón 16 Iúil 2013. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2), Airteagal 2(4) agus Airteagal 2(5) a chúlghairm aon tráth.

Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(2), Airteagal 2(4) agus Airteagal 2(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 8

An Coiste

1.  Déanfaidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Tá an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 9

Comhar le coistí eile

1.  Maidir leis na hábhair uile a thagann faoi chuimsiú inniúlacht an Choiste um Staidreamh Airgeadaíochta, Airgeadais agus Chomhardú na nÍocaíochtaí arna bhunú le Cinneadh 2006/856/CE, iarrfaidh an Coimisiún tuairim an Choiste sin i gcomhréir le hAirteagal 2 den Chinneadh sin.

2.  Déanfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ar faisnéis í atá riachtanach chun dualgais Choiste OIN a chomhlíonadh, a chur in iúl don Choiste Ollioncaim Náisiúnta (“Coiste OIN”), arna bhunú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1287/2003.

Airteagal 10

Forálacha idirthréimhseacha

1.  Chun críocha buiséadacha agus críocha acmhainní dílse, is é CCE 95 an Córas Cuntas Eorpach fós, arb é an córas dá dtagraítear in Airteagal 1(1) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh.1287/2003 agus sna gníomhartha dlíthiúla a bhaineann leis an Rialachán sin, go háirithe Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1150/2000 agus Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1553/89 ón gComhairle an 29 Bealtaine 1989 maidir le socruithe aonfhoirmeacha cinntitheacha chun acmhainní dílse a fhabhraíonn ó cháin bhreisluacha a bhailiú ( 2 ), fad a fhanfaidh Cinneadh 2007/436/CE, Euratom ón gComhairle an 7 Meitheamh 2007 maidir le córas acmhainní dílse na gComhphobal Eorpach ( 3 ) i bhfeidhm.

2.  D’fhonn an acmhainn dhílis bunaithe ar CBL a chinneadh, agus mar eisceacht ó mhír 1, féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as sonraí atá bunaithe ar CCE 2010 fad a fhanfaidh Cinneadh 2007/436/CE, Euratom i bhfeidhm, i gcás nach bhfuil sonraí mionsonraithe CCE 95, ar fáil, ar sonraí iad a éilítear.

Airteagal 11

Dliteanais intuigthe a thuairisciú

Faoi 2014, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar tuarascáil í ina mbeidh faisnéis atá ann maidir le CPPanna agus le dliteanais intuigthe eile lasmuigh den rialtas, lena n-áirítear dliteanais theagmhasacha.

Faoi 2018, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil eile a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, ar tuarascáil í lena ndéanfar meastóireacht ar a mhéid arb ionann an fhaisnéis faoi dhliteanais arna foilsiú ag an gCoimisiún (Eurostat) agus iomláine na ndliteanas intuigthe lasmuigh den rialtas, lena n-áirítear dliteanais theagmhasacha.

Airteagal 12

Athbhreithniú

Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin 1 Iúil 2018 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin.

Déanfar meastóireacht leis an tuarascáil, ar na nithe seo a leanas, inter alia:

(a) 

cáilíocht na sonraí maidir le cuntais náisiúnta agus réigiúnacha;

(b) 

éifeachtacht an Rialacháin seo agus an phróisis faireacháin a chuirtear i bhfeidhm maidir le CCE 2010; agus

(c) 

an dul chun cinn i ndáil le sonraí maidir le dliteanais theagmhasacha agus an dul chun i ndáil le hinfhaighteacht sonraí CCE 2010.

Airteagal 13

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRIBHINN A

CAIBIDIL 1

GNÉITHE GINEARÁLTA AGUS BUNPHRIONSABAIL

GNÉITHE GINEARÁLTA

Domhandú

ÚSÁIDÍ A BHAINTEAR AS CCE 2010

Creat le haghaidh anailíse agus beartais

Saintréithe na gcoincheap in CCE 2010

Aicmiú de réir earnála

Cuntais satailíte

CCE 2010 agus CCN 2008

CCE 2010 AGUS CCE 95

BUNPHRIONSABAIL CCE 2010 MAR CHÓRAS

Aonaid staidrimh agus a ngrúpálacha

Aonaid institiúideacha agus earnálacha institiúideacha

APGanna áitiúla agus tionscail

Aonaid chónaitheacha agus neamhchónaitheacha; geilleagar iomlán agus an chuid eile den domhan

Sreafaí agus stoic

Sreafaí

Idirbhearta

Airíonna na n-idirbheart

Comparáid idir idirghníomhaíochtaí agus idirbhearta laistigh d’aonad

Comparáid idir idirbhearta airgeadaíochta agus idirbhearta neamhairgeadaíochta

Comparáid idir idirbhearta le contrapháirteanna agus idirbhearta gan chontrapháirteanna

Idirbhearta athchóirithe

Athródú

Deighilt

An príomhpháirtí in idirbheart a aithint

Cásanna idir eatarthu

Athruithe eile ar shócmhainní

Athruithe eile ar mhéid na sócmhainní agus na ndliteanas

Gnóthachain sealúchais agus caillteanais sealúchais

Stoic

Córas na gcuntas agus na comhiomláin

Rialacha cuntasaíochta

Téarmaíocht le haghaidh an dá thaobh de na cuntais

Iontráil dhúbailte/iontráil cheathrúil

Luacháil

Luachálacha speisialta maidir le táirgí

Luacháil ag praghsanna tairiseacha

Tráth taifeadta

Comhdhlúthú agus glanluacháil

Comhdhlúthú

Glanluacháil

Cuntais, ítimí comhardaithe agus comhiomláin

Seicheamh na gcuntas

An cuntas earraí agus seirbhísí

Cuntas na coda eile den domhan

Ítimí comhardaithe

Comhiomláin

OTI: príomh-chomhiomlán

An creat ionchuir-aschuir

Táblaí soláthair agus úsáide

Táblaí siméadracha ionchuir aschuir

CAIBIDIL 2

AONAID AGUS GRÚPÁLACHA AONAD

TEORAINNEACHA AN GHEILLEAGAIR NÁISIÚNTA

NA hAONAID INSTITIÚIDEACHA

Ceannoifigí agus cuideachtaí sealbhaíochta

Grúpaí corparáidí

Eintitis shainchuspóireacha

Institiúidí airgeadais faoi chuing

Fochorparáidí saorga

Aonaid shainchuspóireacha an rialtais ghinearálta

NA hEARNÁLACHA INSTITIÚIDEACHA

Corparáidí neamhairgeadais (S.11)

Fo-earnáil: Corparáidí poiblí neamhairgeadais (S.11001)

Fo-earnáil: Corparáidí príobháideacha náisiúnta neamhairgeadais (S.11002)

Fo-earnáil: Corparáidí neamhairgeadais faoi rialú eachtrach (S.11003)

Corparáidí airgeadais (S.12)

Idirghabhálaithe airgeadais

Corparáidí cúntacha airgeadais

Corparáidí airgeadais nach idirghabhálaithe airgeadais ná corparáidí cúntacha airgeadais iad

Aonaid institiúideacha atá ar áireamh in earnáil na gcorparáidí airgeadais

Fo-earnáil na gcorparáidí airgeadais

Fo-earnálacha corparáidí airgeadais a chomhthiomsú

Fo-earnálacha corparáidí airgeadais a fhoroinnt ina gcorparáidí airgeadais poiblí, príobháideacha náisiúnta agus faoi rialú

An Banc Ceannais (S.121)

Corparáidí glactha taisce, ach amháin an banc ceannais (S.122

CMA (S.123)

Cistí infheistíochta neamh-CMA (S.124)

Idirghabhálaithe airgeadais eile, cé is moite de chorparáidí árachais agus cistí pinsin (S.125)

Corparáidí um meáin airgeadais atá i mbun idirbheart urrúsaithe (FVC)

Déileálaithe urrús agus díorthach, corparáidí airgeadais atá i mbun iasachtaithe agus sainchorparáidí airgeadais

Corparáidí cúntacha airgeadais (S.126)

Institiúidí airgeadais agus iasachtóirí faoi chuing (S.127)

Corparáidí árachais (S.128)

Cistí pinsin (S.129)

An rialtas ginearálta (S.13)

An rialtas láir (gan cistí slándála sóisialta a áireamh) (S.1311)

An rialtas stáit (gan cistí slándála sóisialta a áireamh) (S.1312)

An rialtas áitiúil (gan cistí slándála sóisialta a áireamh) (S.1313)

Cistí slándála sóisialta (S.1314)

Teaghlaigh (S.14)

Fostóirí agus oibrithe féinchuntais (S.141 agus S.142)

Fostaithe (S.143)

Faighteoirí ioncaim ó mhaoin (S.1441)

Faighteoirí pinsean (S.1442)

Faighteoirí ioncaim ó aistrithe eile (S.1443)

Institiúidí neamhbhrabúis a fhónann do theaghlaigh (S.15)

An chuid eile den domhan (S.2)

Na haonaid táirgthe a aicmiú de réir earnála de bhun na bpríomhfhoirmeacha caighdeánacha dlíthiúla úinéireachta

AONAID PHRÍOMHGHNÍOMHAÍOCHTA ÁITIÚLA AGUS TIONSCAIL

An t -aonad príomhghníomhaíochta áitiúil

Tionscail

Tionscail a aicmiú

AONAID TÁIRGTHE AONCHINEÁLAIGH AGUS BRAINSÍ AONCHINEÁLACHA

An t -aonad táirgthe aonchineálaigh

An brainse aonchineálach

CAIBIDIL 3

IDIRBHEARTA TÁIRGÍ AGUS SÓCMHAINNÍ NEAMHTHÁIRGTHE

IDIRBHEARTA TÁIRGÍ: GINEARÁLTA

TÁIRGEADH AGUS ASCHUR

Príomhghníomhaíochtaí, gníomhaíochtaí tánaisteacha agus gníomhaíochtaí coimhdeacha

Aschur (P.1)

Aonaid institiúideacha: idirdhealú idir táirgeoirí margaidh, táirgeoirí táirgí chun críche úsáide críochnaithí dílse agus táirgeoirí neamh- mhargaidh

Am taifeadta agus luacháil aschuir

Táirgí talmhaíochta, foraoiseachta agus iascaireachta (Roinn A)

Táirgí monaraithe (Roinn C); Obair thógála (Roinn F)

Seirbhísí trádála mórdhíola agus miondíola; seirbhísí deisithe mótarfheithiclí agus gluaisrothar (Roinn G)

Iompar agus stóráil (Roinn H)

Seirbhísí cóiríochta agus bia (Roinn I)

Seirbhísí airgeadais agus árachais (Roinn K): aschur ón mbanc ceannais

Seirbhísí airgeadais agus árachais (Roinn K): seirbhísí airgeadais i gcoitinne

Seirbhísí airgeadais a sholáthraítear i gcomaoin íocaíochta dírí

Seirbhísí airgeadais a níoctar astu trí mhuirir úis a ghearradh

Seirbhísí airgeadais arb éard iad sócmhainní airgeadais agus dliteanais airgeadais a fháil agus a dhiúscairt ar mhargaí airgeadais

Seirbhísí airgeadais a sholáthraítear mar chuid de scéimeanna árachais agus pinsin ina maoinítear gníomhaíocht trí ranníocaíochtaí árachais a ghearradh agus tríd an ioncam ó choigiltis

Seirbhísí eastáit réadaigh (Roinn L)

Seirbhísí gairmiúla, eolaíocha agus teicniúla (Roinn M); Seirbhísí riaracháin agus tacaíochta (Roinn N)

Seirbhísí riaracháin phoiblí agus cosanta, seirbhísí slándála sóisialta éigeantaí (Roinn O)

Seirbhísí oideachais (Roinn P); Seirbhísí sláinte daonna agus oibre sóisialta (Roinn Q)

Na healaíona, siamsaíocht agus seirbhísí caithimh aimsire (Roinn R); Seirbhísí eile (Roinn S)

Teaghlaigh phríobháideacha mar fhostóirí (Roinn T)

TOMHALTAS IDIRMHEÁNACH (P.2)

Am taifeadta agus luacháil tomhaltais idirmheánaigh

TOMHALTAS CRÍOCHNAITHEACH (P.3, P.4)

Caiteachas ar thomhaltas críochnaitheach (P.3)

Tomhaltas críochnaitheach iarbhír (P.4)

Am taifeadta agus luacháil an chaiteachais ar thomhaltas críochnaitheach

Am taifeadta agus luacháil tomhaltais chríochnaithigh iarbhír

OLLFHOIRMIÚ CAIPITIL (P.5)

Ollfhoirmiú caipitil sheasta (P.51g)

Am taifeadta agus luacháil ar ollfhoirmiú caipitil sheasta

Ídiú an chaipitil sheasta (P.51c)

Athruithe ar fhardail (P.52)

Am taifeadta agus luacháil athruithe ar fhardail

Éadálacha lúide diúscairtí earraí luachmhara (P.53)

ONNMHAIRÍ AGUS ALLMHAIRÍ EARRAÍ AGUS SEIRBHÍSÍ (P.6 agus P.7)

Allmhairí earraí agus onnmhairí earraí (P.61 agus P.71)

Onnmhairí seirbhísí agus allmhairí seirbhísí (P.62 agus P.72)

IDIRBHEARTA EARRAÍ ATÁ ANN CHEANA

ÉADÁLACHA LÚIDE DIÚSCAIRTÍ SÓCMHAINNÍ NEAMHTHÁIRGTHE (SN)

CAIBIDIL 4

IDIRBHEARTA DÁILEACHÁIN

CÚITEAMH D’FHOSTAITHE (D.1)

Pá agus tuarastail (D.11)

Pá agus tuarastail in airgead tirim

Pá comhchineáil agus tuarastail chomhchineáil

Ranníocaíochtaí sóisialta fostóirí (D.12)

Ranníocaíochtaí sóisialta iarbhír fostóirí (D.121)

Ranníocaíochtaí sóisialta barúlacha fostóirí (D.122)

CÁNACHA AR THÁIRGEADH AGUS AR ALLMHAIRÍ (D.2)

Dánacha ar tháirgí (D.21)

Cánacha de chineál breisluacha (CBL) (D.211)

Cánacha agus dleachtanna ar allmhairí gan CBL a áireamh (D.212)

Cánacha ar tháirgí, ach amháin CBL agus cánacha ar allmhairí (D.214)

Cánacha eile ar tháirgeadh (D.29)

Cánacha ar tháirgeadh agus ar allmhairí a íoctar le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh

Cánacha ar tháirgeadh agus ar allmhairí: tráth taifeadta agus na suimeanna atá le taifeadadh

FÓIRDHEONTAIS (D.3)

Fóirdheontais ar tháirgí (D.31)

Fóirdheontais ar allmhairí (D.311)

Fóirdheontais eile ar tháirgí (D.319)

Fóirdheontais eile ar tháirgeadh (D.39)

IONCAM Ó MHAOIN (D.4)

Ús (D.41)

Ús ar thaiscí agus ar iasachtaí

Ús ar urrúis fiachais

Ús ar bhillí agus ar ionstraimí gearrthéarmacha dá samhail

Ús ar bhannaí agus ar bhintiúir

Babhtálacha ráta úis agus comhaontuithe ar réamhráta

Ús ar léasanna airgeadais

Ús eile

Tráth taifeadta

Ioncam dáilte corparáidí (D.42)

Díbhinní (D.421)

Aistarraingtí as ioncam samhailchorparáidí (D.422)

Tuilleamh athinfheistithe ó infheistíocht dhíreach eachtrach (D.43)

Ioncam eile ó infheistíocht (D.44)

Ioncam ó infheistíocht atá inchurtha i leith sealbhóirí polasaithe árachais (D.441)

Ioncam ó infheistíocht atá iníoctha i leith teidlíochtaí pinsean (D.442)

Ioncam ó infheistíocht atá inchurtha i leith scairshealbhóirí i gcistí comhinfheistíochta (D.443)

Cíos (D.45)

Cíos ar thalamh

Cíosanna ar shócmhainní fo-ithreach

CÁNACHA REATHA AR IONCAM, AR RACHMAS, ETC. (D.5)

Cánacha ar ioncam (D.51)

Cánacha reatha eile (D.59)

RANNÍOCAÍOCHTAÍ SÓISIALTA AGUS SOCHAIR SHÓISIALTA (D.6)

Ranníocaíochtaí sóisialta, glan (D.61)

Ranníocaíochtaí sóisialta iarbhír fostóirí (D.611)

Ranníocaíochtaí sóisialta barúlacha fostóirí (D.612)

Ranníocaíochtaí sóisialta iarbhír teaghlach (D.613)

Forlíontaí ranníocaíochta sóisialta teaghlach (D.614)

Sochair shóisialta seachas aistrithe sóisialta comhchineáil (D.62)

Sochair slándála sóisialta in airgead tirim (D.621)

Sochair árachais shóisialta eile (D.622)

Sochair chúnaimh shóisialta in airgead tirim (D.623)

Aistrithe sóisialta comhchineáil (D.63)

Aistrithe sóisialta comhchineál — táirgeadh chun críoch neamh mhargaidh an rialtais ghinearálta agus INBFTanna (D.631)

Aistrithe sóisialta comhchineál — táirgeadh ceannaithe margaidh ag an rialtas ginearálta agus ag INBFTanna (D.632)

AISTRITHE REATHA EILE (D.7)

Glanphréimheanna árachais neamhshaoil (D.71)

Éilimh árachais neamhshaoil (D.72)

Aistrithe reatha laistigh den rialtas ginearálta (D.73)

Comhar idirnáisiúnta reatha (D.74)

Aistrithe reatha ilghnéitheacha (D.75)

Aistrithe reatha chuig INBFTanna (D.751)

Aistrithe reatha idir teaghlaigh (D.752)

Aistrithe reatha ilghnéitheacha eile (D.759)

Fíneálacha agus pionóis

Crannchuir agus cearrbhachas

Íocaíochtaí cúitimh

Acmhainní dílse an AE atá bunaithe ar CBL agus OIN (ollioncam náisiúnta) (D.76)

COIGEARTÚ I LEITH AN ATHRAITHE AR THEIDLÍOCHTAÍ PINSIN (D.8)

AISTRITHE CAIPITIL (D.9)

Cánacha caipitil (D.91)

Deontais infheistíochta (D.92)

Aistrithe caipitil eile (D.99)

SCAIR-ROGHANNA FOSTAITHE (ESOanna)

CAIBIDIL 5

IDIRBHEARTA AIRGEADAIS

GNÉITHE GINEARÁLTA IDIRBHEART AIRGEADAIS

Sócmhainní airgeadais, éilimh airgeadais, agus dliteanais

Sócmhainní teagmhasacha agus dliteanais theagmhasacha

Catagóirí sócmhainní airgeadais agus dliteanas airgeadais

Cláir chomhardaithe, cuntas airgeadais, agus sreafaí eile

Luacháil

Glantaifeadadh agus olltaifeadadh

Comhdhlúthú

Glanluacháil

Rialacha cuntasaíochta maidir le hidirbhearta airgeadais

Idirbheart airgeadais a bhfuil aistriú reatha nó aistriú caipitil mar chontrapháirt aige

Idirbheart airgeadais a bhfuil ioncam ó mhaoin mar chontrapháirt aige

Am taifeadta

Cuntas airgeadais idirearnálacha

AICMIÚ IDIRBHEART AIRGEADAIS GO MIONCHRUINN DE RÉIR CATAGÓIRE

Ór airgeadaíochta agus cearta tarraingthe speisialta (F.1)

Ór airgeadaíochta (F.11)

CTSanna (F.12)

Airgeadra agus taiscí (F.2)

Airgeadra (F.21)

Taiscí (F.22 agus F.29)

Taiscí inaistrithe (F.22)

Taiscí eile (F.29)

Urrúis fiachais (F.3)

Príomhghnéithe d’urrúis fiachais

Aicmiú de réir aibíochta bunaidh agus airgeadra

Aicmiú de réir an chineáil ráta úis

Urrúis fiachais ar ráta úis seasta

Urrúis fiachais ar ráta úis athraitheach

Urrúis fiachais ar ráta úis measctha

Láithrithe príobháideacha

Urrúsú

Bannaí cumhdaithe

Iasachtaí (F.4)

Príomhghnéithe iasachtaí

Aicmiú iasachtaí de réir aibíochta bunaidh, airgeadra agus chuspóir an iasachtaithe

Idirdhealú idir idirbhearta iasachtaí agus idirbhearta taiscí

Idirdhealú idir idirbhearta iasachtaí agus idirbhearta urrús fiachais

Idirdhealú idir idirbhearta iasachtaí, creidmheasanna trádála agus billí trádála

Iasachtú urrús agus comhaontuithe athcheannaigh

Léasanna airgeadais

Cineálacha eile iasachtaí

Sócmhainní airgeadais atá eisiata ón gcatagóir iasachtaí

Cothromas agus scaireanna nó aonaid i gcistí infheistíochta (F.5)

Cothromas (F.51)

Admhálacha taisclainne

Scaireanna liostaithe (F.511)

Scaireanna neamhliostaithe (F.512)

Tairiscint tosaigh don phobal, liostú, díliostú agus athcheannach scaireanna

Sócmhainní airgeadais atá eisiata ó urrúis chothromais

Cothromas eile (F.519)

Luacháil idirbheart i gcothromas

Scaireanna nó aonaid i gcistí infheistíochta (F.52)

Scaireanna nó aonaid CMA (F.521)

Scaireanna/aonaid i gcistí infheistíochta neamh CMA (F.522)

Luacháil idirbheart i gcothromas agus scaireanna nó aonaid i gcistí infheistíochta

Scéimeanna árachais agus pinsean agus scéimeanna ráthaíochta caighdeánaithe (F.6)

Cúlchistí teicniúla árachais neamhshaoil (F.61)

Teidlíochtaí árachais saoil agus blianachta (F.62)

Teidlíochtaí pinsean (F.63)

Teidlíochtaí teagmhasacha pinsin

Éilimh chistí pinsin ar bhainisteoirí cistí pinsin (F.64)

Teidlíochtaí sochar neamhphinsean (F.65)

Soláthairtí i gcomhair glaonna faoi ráthaíochtaí caighdeánaithe (F.66)

Ráthaíochtaí caighdeánaithe agus ráthaíochtaí aonuaire

Díorthaigh airgeadais agus scair-roghanna fostaithe (F.7)

Díorthaigh airgeadais (F.71)

Roghanna

Réamhchonarthaí

Roghanna maidir le réamhchonarthaí

Babhtálacha

Comhaontuithe ar réamhráta (FRAanna)

Díorthaigh chreidmheasa

Babhtálacha mainneachtana creidmheasa

Ionstraimí airgeadais nach n-áirítear le díorthaigh airgeadais

Scair-roghanna fostaithe (F.72)

Idirbhearta díorthach airgeadais agus scair-roghanna fostaithe a luacháil

Cuntais eile infhála/iníoctha (F.8)

Creidmheasanna trádála agus airleacain (F.81)

Cuntais eile infhála/iníoctha, gan creidmheasanna trádála agus airleacain a áireamh (F.89)

IARSCRÍBHINN 5.1 —

AICMIÚ IDIRBHEART AIRGEADAIS

Aicmiú idirbheart airgeadais de réir catagóire

Aicmiú idirbheart airgeadais de réir soshanntachta

Urrúis struchtúrtha

Aicmiú idirbheart airgeadais de réir an chineáil ioncaim

Aicmiú idirbheart airgeadais de réir an chineáil ráta úis

Aicmiú idirbheart airgeadais de réir aibíochta

Aibíocht ghearrthéarmach agus fhadtéarmach

Aibíocht bhunaidh agus aibíocht iarmharach

Aicmiú idirbheart airgeadais de réir airgeadra

Aonaid tomhais airgid

CAIBIDIL 6

SREAFAÍ EILE

RÉAMHRÁ

ATHRUITHE EILE AR SHÓCMHAINNÍ AGUS AR DHLITEANAIS

Athruithe eile ar mhéid na sócmhainní agus na ndliteanas (K.1 go K.6)

Taispeánadh eacnamaíoch sócmhainní (K.1)

Imeacht eacnamaíoch sócmhainní neamhtháirgthe (K.2)

Caillteanais i ngeall ar thubaistí (K.3)

Urghabhálacha neamhchúitithe (K.4)

Athruithe eile ar an méid nach bhfuil aicmithe in áit ar bith eile (K.5)

Athruithe ar aicmiú (K.6)

Athruithe ar aicmiú earnála agus ar struchtúr aonad institiúideach (K.61)

Athruithe ar aicmiú sócmhainní agus dliteanas (K.62)

Gnóthachain ainmniúla agus caillteanais ainmniúla sealúchais (K.7)

Gnóthachain neodracha agus caillteanais neodracha sealúchais (K.71)

Gnóthachain réadacha agus caillteanais réadacha sealúchais (K.72)

Gnóthachain agus caillteanais sealúchais de réir cineálacha sócmhainne agus dliteanais airgeadais

Ór airgeadaíochta agus CTSanna (AF.1)

Airgeadra agus taiscí (AF.2)

Urrúis fiachais (AF.3)

Iasachtaí (AF.4)

Cothromas agus scaireanna/aonaid i gcistí infheistíochta (AF.5)

Scéimeanna árachais agus pinsean agus scéimeanna ráthaíochta caighdeánaithe (AF.6)

Díorthaigh airgeadais agus scair-roghanna fostaithe (AF.7)

Cuntais eile infhála/iníoctha (AF.8)

Sócmhainní atá ainmnithe in airgeadra eachtrach

CAIBIDIL 7

CLÁIR CHOMHARDAITHE

CINEÁLACHA SÓCMHAINNÍ AGUS DLITEANAS

Sainmhíniú ar shócmhainn

EISIAIMH Ó SHÓCMHAINNÍ AGUS Ó DHLITEANAIS

CINEÁLACHA SÓCMHAINNÍ AGUS DLITEANAS

Sócmhainní táirgthe neamhairgeadais (AN.1)

Sócmhainní neamhtháirgthe neamhairgeadais (AN.2)

Sócmhainní airgeadais agus dliteanais airgeadais (AF)

LUACHÁIL IONTRÁLACHA SNA CLÁIR CHOMHARDAITHE

Prionsabail ghinearálta luachála

SÓCMHAINNÍ NEAMHAIRGEADAIS (AN)

Produced non-financial assets (AN.1)

Sócmhainní seasta (AN.11)

Táirgí maoine intleachtúla (AN.117)

Costais a ghabhann le haistriú úinéireachta sócmhainní neamhtháirgthe (AN.116)

Fardails (AN.12)

Earraí luachmhara (AN.13)

Sócmhainní neamhtháirgthe neamhairgeadais (AN.2)

Acmhainní nádúrtha (AN.21)

Talamh (AN.211)

Cúltaiscí mianraí agus fuinnimh (AN.212)

Sócmhainní nádúrtha eile (AN.213, AN.214 agus AN.215)

Conarthaí, léasanna agus ceadúnais (AN.22)

Ceannacháin lúide díolacháin cáilmheasa agus sócmhainní margaíochta (AN.23)

SÓCMHAINNÍ AIRGEADAIS AGUS DLITEANAIS AIRGEADAIS (AF)

Ór airgeadaíochta agus CTSanna (AF.1)

Airgeadra agus taiscí (AF.2)

Urrúsis fiachais (AF.3)

Iasachtaí (AF.4)

Cothromas agus scaireanna/aonaid i gcistí infheistíochta (AF.5)

Scéimeanna árachais agus pinsean agus scéimeanna ráthaíochta caighdeánaithe (AF.6)

Díorthaigh airgeadais agus scair-roghanna fostaithe (AF.7)

Cuntais eile infhála/iníoctha (AF.8)

CLÁIR CHOMHARDAITHE AIRGEADAIS

ÍTIMÍ LE MEABHRÚ

Earraí marthanacha tomhaltais (AN.m)

Infheistíocht dhíreach eachtrach (AF.m1)

Iasachtaí neamhthuillmheacha (AF.m2)

Iasachtaí neamhthuillmheacha a thaifeadadh

IARSCRÍBHINN 7.1

ACHOIMRE AR GACH CATAGÓIR SÓCMHAINNE

IARSCRÍBHINN 7.2

SEICHEAMH ÓN gCLÁR COMHARDAITHE TOSAIGH GO dTÍ AN CLÁR COMHARDAITHE DEIRIDH

CAIBIDIL 8

SEICHEAMH NA gCUNTAS

RÉAMHRÁ

Seicheamh na gcuntas

SEICHEAMH NA gCUNTAS

Cuntais reatha

Cuntas táirgeachta (I)

Cuntais dáilte agus úsáide ioncaim (II)

Cuntais dáilte phríomha ioncaim (II.1)

Cuntas giniúna ioncaim (II.1.1)

Cuntas leithdháilte ioncaim phríomha (II.1.2)

Cuntas ioncaim fhiontraíoch (II.1.2.1)

Cuntas leithdháilte ioncaim phríomha eile (II.1.2.2)

Cuntas dáilte thánaistigh ioncaim (II.2)

Cuntas athdháilte ioncaim chomhchineáil (II.3)

Cuntas úsáide ioncaim (II.4)

Cuntas úsáide ioncaim indiúscartha (II.4.1)

Cuntas úsáide ioncaim indiúscartha choigeartaithe (II.4.2)

Cuntais charntha (III)

Cuntas caipitil (III.1)

Cuntas athraithe ar ghlanfhiúchas i ngeall ar choigilt agus aistrithe caipitil (III.1.1)

Cuntas éadálacha sócmhainní neamhairgeadais (III.1.2)

Cuntas airgeadais (III.2)

Cuntas athruithe eile ar shócmhainní (III.3)

Cuntas athruithe eile ar mhéid na sócmhainní (III.3.1)

Cuntas athluachála (III.3.2)

Cuntas gnóthachan/caillteanas neodrach sealúchais (III.3.2.1)

Cuntas gnóthachan/caillteanas réadach sealúchais (III.3.2.2)

Cláir chomhardaithe (IV)

Clár comhardaithe tosaigh (IV.1)

Athruithe ar an gclár comhardaithe (IV.2)

Clár comhardaithe deiridh (IV.3)

CUNTAIS NA CODA EILE DEN DOMHAN (V)

Cuntais reatha

Cuntas seachtrach earraí agus seirbhísí (V.I)

Cuntas seachtrach ioncam príomha agus aistrithe reatha (V.II)

Cuntais charntha sheachtracha (V.III)

Cuntas caipitil (V.III.1)

Cuntas airgeadais (V.III.2)

Cuntas athruithe eile ar na sócmhainní (V.III.3)

Cláir chomhardaithe (V.IV)

CUNTAS EARRAÍ AGUS SEIRBHÍSÍ (0)

CUNTAIS EACNAMAÍOCHA CHOMHTHÁITE

COMHIOMLÁIN

Olltáirgeacht intíre ag praghsanna an mhargaidh (OTI)

Barrachas oibriúcháin an gheilleagair iomláin

Ioncam measctha an gheilleagair iomláin

Ioncam fiontraíoch an gheilleagair iomláin

Ioncam náisiúnta (ag praghsanna an mhargaidh)

Ioncam indiúscartha náisiúnta

Coigilt

Comhardú seachtrach reatha

Glaniasachtú (+) nó glaniasachtaíocht (-) an gheilleagair iomláin

Glanfhiúchas an gheilleagair iomláin

Caiteachas agus ioncam an rialtais ghinearálta

CAIBIDIL 9

TÁBLAÍ SOLÁTHAIR AGUS ÚSÁIDE AGUS AN CREAT IONCHUIR ASCHUIR

RÉAMHRÁ

TUAIRISC

UIRLIS STAIDRIMH

UIRLIS ANAILÍSE

LÉARGAS NÍOS MIONSONRAITHE AR THÁBLAÍ SOLÁTHAIR AGUS ÚSÁIDE

Aicmithe

Prionsabail luachála

Corrlaigh trádála agus iompair

Cánacha lúide fóirdheontais ar tháirgeadh agus ar allmhairí

Coincheapa bunúsacha eile

Faisnéis fhorlíontach

FOINSÍ SONRAÍ AGUS COMHARDÚ

UIRLIS ANAILÍSE AGUS SÍNEADH

CAIBIDIL 10

AONAID TOMHAIS PRAGHSANNA AGUS MÉIDEANNA

RAON FEIDHME INNÉACSANNA PRAGHSANNA AGUS MÉIDEANNA SNA CUNTAIS NÁISIÚNTA

Córas comhtháite na n-innéacsanna praghsanna agus méideanna

Innéacsanna eile praghsanna agus méideanna

PRIONSABAIL GHINEARÁLTA MAIDIR LE hINNÉACSANNA PRAGHSANNA AGUS MÉIDEANNA A THOMHAS

Sainmhíniú ar phraghsanna agus ar mhéideanna táirgí margaidh

Cáilíocht, praghas agus táirgí aonchineálacha

Praghsanna agus méid

Táirgí nua

Prionsabail i gcomhair seirbhísí neamh-mhargaidh

Prionsabail i gcomhair breisluacha agus OTI

FADHBANNA SONRACHA MAIDIR LEIS NA PRIONSABAIL A CHUR I bhFEIDHM

Cánacha agus fóirdheontais ar tháirgí agus ar allmhairí

Cánacha eile agus fóirdheontais ar tháirgeadh

Ídiú an chaipitil sheasta

Cúiteamh d’fhostaithe

Stoic de shócmhainní seasta táirgthe agus fardail

AONAID TOMHAIS IONCAIM RÉADAIGH DON GHEILLEAGAR IOMLÁN

COMPARÁIDEACHT IDIRNÁISIÚNTA INNÉACSANNA PRAGHSANNA AGUS MÉIDEANNA

CAIBIDIL 11

DAONRA AGUS IONCHUR SAOTHAIR

DAONRA IOMLÁN

DAONRA ATÁ GNÍOMHACH Ó THAOBH AN GHEILLEAGAIR DE

FOSTAÍOCHT

Fostaithe

Daoine féinfhostaithe

Fostaíocht agus cónaí

DÍFHOSTAÍOCHT

POIST

Poist agus cónaí

AN GEILLEAGAR NEAMHBHREATHNAITHE

UAIREANTA IOMLÁNA AN CHLOIG OIBRITHE

Uaireanta an chloig oibrithe iarbhír a shonrú

COIBHÉIS LÁNAIMSEARTHA

IONCHUR SAOTHAIR NA bhFOSTAITHE AG CÚITEAMH TAIRISEACH

AONAID TOMHAIS TÁIRGIÚLACHTA

CAIBIDIL 12

CUNTAIS NÁISIÚNTA RÁITHIÚLA

RÉAMHRÁ

GNÉITHE SONRACHA NA GCUNTAS NÁISIÚNTA RÁITHIÚIL

Am taifeadta

Obair idir lámha

Gníomhaíochtaí le linn tréimhsí sonracha laistigh de bhliain

Íocaíochtaí ar mhinicíocht íseal

Tobmheastacháin

Comhardú agus tagarmharcáil na gcuntas náisiúnta ráithiúil

Comhardú

Comhsheasmhacht idir cuntais ráithiúla agus cuntais bhliantúla — tagarmharcáil

Aonaid tomhais shlabhraithe athruithe praghsanna agus méideanna

Coigeartuithe de réir séasúir agus coigeartuithe féilire

Seicheamh thiomsú na n-aonad tomhais méideanna slabhraithe a bhfuil coigeartú de réir séasúir déanta orthu

CAIBIDIL 13

CUNTAIS RÉIGIÚNACHA

RÉAMHRÁ

CRÍOCH RÉIGIÚNACH

AONAID AGUS CUNTAIS RÉIGIÚNACHA

Aonaid institiúideacha

Aonaid phríomhghníomhaíochta áitiúla agus gníomhaíochtaí táirgthe réigiúnacha de réir tionscail

MODHANNA RÉIGIÚNAITHE

COMHIOMLÁIN LE hAGHAIDH GNÍOMHAÍOCHTAÍ TÁIRGTHE

Oll-bhreisluach agus olltáirgeacht intíre de réir réigiúin

Leithdháileadh FISIM ar thionscail úsáideoirí

Fostaíocht

Cúiteamh d’fhostaithe

Aistriú ó oll-bhreisluach réigiúnach go holltáirgeacht intíre réigiúnach

Rátaí fáis méideanna an oll-bhreisluacha réigiúnaigh

CUNTAIS RÉIGIÚNACHA IONCAIM NA dTEAGHLACH

CAIBIDIL 14

SEIRBHÍSÍ IDIRGHABHÁLA AIRGEADAIS ARNA dTOMHAS GO hINDÍREACH (FISIM)

COINCHEAP FISIM AGUS AN TIONCHAR AR NA PRÍOMH-CHOMHIOMLÁIN AG LEITHDHÁILEADH FISIM AR ÚSÁIDEOIRÍ

ASCHUR FISIM A RÍOMH DE RÉIR EARNÁLACHA S.122 AGUS S.125

Sonraí staidrimh atá riachtanach

Rátaí tagartha

Ráta tagartha inmheánach

Rátaí tagartha seachtracha

Miondealú mionsonraithe ar FISIM de réir earnála institiúidí

FISIM arna leithdháileadh ar theaghlaigh a mhiondealú i dtomhaltas idirmheánach agus i dtomhaltas críochnaitheach

ALLMHAIRÍ DE CHUID FISIM A RÍOMH

FISIM I dTÉARMAÍ MÉIDEANNA

FISIM A RÍOMH DE RÉIR TIONSCAIL

ASCHUR AN BHAINC CHEANNAIS

CAIBIDIL 15

CONARTHAÍ, LÉASANNA AGUS CEADÚNAIS

RÉAMHRÁ

IDIRDHEALÚ IDIR LÉASANNA OIBRIÚCHÁIN, LÉASANNA ACMHAINNE AGUS LÉASANNA AIRGEADAISFINANCIAL LEASES

Léasanna oibriúcháin

Léasanna airgeadais

Léasanna acmhainne

Ceadanna chun acmhainn nádúrtha a úsáid

Ceadanna chun gníomhaíochtaí sonracha a dhéanamh

Comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí (CPPanna)

Conarthaí lamháltais seirbhíse

Léasanna oibriúcháin indíolta (AN.221)

Teidlíochtaí i leith earraí agus seirbhísí todhchaí ar bhonn eisiach (AN.224)

CAIBIDIL 16

ÁRACHAS

RÉAMHRÁ

Árachas díreach

Athárachas

Na haonaid rannpháirteacha

ASCHUR ÁRACHAIS DHÍRIGH

Préimheanna tuillte

Forlíontaí préimhe

Éilimh thabhaithe choigeartaithe agus sochair dhlite

Éilimh thabhaithe choigeartaithe in árachas neamhshaoil

Sochair dhlite in árachas saoil

Cúlchistí teicniúla árachais

Aschur árachais a shainiú

Árachais neamhshaoil

Árachas saoil

Athárachas

IDIRBHEARTA A BHAINEANN LE hÁRACHAS NEAMHSHAOIL

Aschur árachais a leithdháileadh ar úsáideoirí

Seirbhísí árachais arna soláthar don chuid eile den domhan agus arna soláthar ag an gcuid eile den domhan

Na hiontrálacha cuntasaíochta

IDIRBHEARTA ÁRACHAIS SAOIL

IDIRBHEARTA A BHAINEANN LE hATHÁRACHAS

IDIRBHEARTA A BHAINEANN LE CORPARÁIDÍ CÚNTACHA ÁRACHAIS

BLIANACHTAÍ

ÉILIMH ÁRACHAIS NEAMHSHAOIL A THAIFEADADH

Éilimh choigeartaithe a láimhseáil

Caillteanais i ngeall ar thubaistí a láimhseáil

CAIBIDIL 17

ÁRACHAS SÓISIALTA LENA n-ÁIRÍTEAR PINSIN

RÉAMHRÁ

Scéimeanna árachais shóisialta, cúnamh sóisialta agus polasaithe árachais aonair

Sochair Shóisialta

Sochair shóisialta arna soláthar ag an rialtas ginearálta

Sochair shóisialta arna soláthar ag aonaid institiúideacha eile

Pinsin agus cineálacha eile sochair

SOCHAIR ÁRACHAIS SHÓISIALTA SEACHAS PINSIN

Scéimeanna slándála sóisialta seachas scéimeanna pinsin

Scéimeanna árachais shóisialta eile a bhaineann le fostaíocht

Stoic agus sreafaí a thaifeadadh de réir an chineáil scéime árachais shóisialta neamhphinsean

Scéimeanna slándála sóisialta

Scéimeanna árachais shóisialta neamhphinsean eile a bhaineann le fostaíocht

PINSIN

Cineálacha scéimeanna pinsin

Scéimeanna slándála sóisialta pinsin

Scéimeanna pinsin eile a bhaineann le fostaíocht

Scéimeanna ranníocaíochtaí sainithe

Scéimeanna sochar sainithe

Scéimeanna ranníocaíochtaí sainithe barúlacha agus scéimeanna hibrideacha

Comparáid idir scéimeanna sochar sainithe agus scéimeanna ranníocaíochtaí sainithe

Riarthóir cistí pinsin, bainisteoir cistí pinsin, ciste pinsin agus scéim pinsin ilfhostóirí

Stoic agus sreafaí a thaifeadadh de réir an chineáil scéime pinsin in árachas sóisialta

Idirbhearta a bhaineann le scéimeanna pinsin in árachas sóisialta

Idirbhearta i gcás scéimeanna pinsin eile a bhaineann le fostaíocht

Idirbhearta a bhaineann le scéimeanna ranníocaíochtaí sainithe pinsin

Sreafaí eile a bhaineann le scéimeanna ranníocaíochtaí sainithe pinsin

Idirbhearta a bhaineann le scéimeanna sochar sainithe pinsin

TÁBLA FORLÍONTACH LE hAGHAIDH TEIDLÍOCHTAÍ PINSIN FABHRAITHE CHUN DÁTA IN ÁRACHAS SÓISIALTA

Leagan amach an tábla fhorlíontaigh

Colúin an tábla

Rónna an tábla

Cláir chomhardaithe tosaigh agus deiridh

Athruithe ar theidlíochtaí pinsin i ngeall ar idirbhearta

Athruithe ar theidlíochtaí pinsin i ngeall ar shreafaí eacnamaíocha eile

Táscairí gaolmhara

Toimhdí achtúireacha

Teidlíochtaí fabhraithe go dáta

Ráta lascaine

Fás pá

Toimhdí déimeagrafacha

CAIBIDIL 18

CUNTAIS NA CODA EILE DEN DOMHAN

RÉAMHRÁ

CRÍOCH EACNAMAÍOCH

Áit chónaithe

AONAID INSTITIÚIDEACHA

BRAINSÍ MAR THÉARMA A ÚSÁIDTEAR I GCUNTAIS IDIRNÁISIÚNTA CHOMHARDÚ NA nÍOCAÍOCHTAÍ

AONAID CHÓNAITHEACHA BHARÚLACHA

GNÓTHAIS I gCRÍOCHA ÉAGSÚLA

MIONDEALÚ GEOGRAFACH

CUNTAIS IDIRNÁISIÚNTA CHOMHARDÚ NA nÍOCAÍOCHTAÍ

ÍTIMÍ COMHARDAITHE I GCUNTAIS REATHA NA GCUNTAS IDIRNÁISIÚNTA

NA CUNTAIS D’EARNÁIL NA CODA EILE DEN DOMHAN AGUS A nGAOL LEIS NA CUNTAIS IDIRNÁISIÚNTA AR CHOMHARDÚ NA nÍOCAÍOCHTAÍ

Cuntas seachtrach earraí agus seirbhísí

Luacháil

Earraí le haghaidh próiseála

Trádáil cheannaíochta

Earraí faoi thrádáil cheannaíochta

Allmhairí agus onnmhairí FISIM

Cuntas seachtrach ioncaim phríomha agus thánaistigh

Cuntas ioncaim phríomha

Ioncam ó infheistíocht dhíreach

Cuntas ioncaim thánaistigh (aistrithe reatha) an BPM 6

Cuntas caipitil seachtrach

Cuntas airgeadais seachtrach agus an staid infheistíochta idirnáisiúnta (SII)

CLÁIR CHOMHARDAITHE D’EARNÁIL NA CODA EILE DEN DOMHAN

CAIBIDIL 19

CUNTAIS EORPACHA

RÉAMHRÁ

Ó CHUNTAIS NÁISIÚNTA GO CUNTAIS EORPACHA

Sonraí a chomhshó in airgeadraí éagsúla

Institiúidí Eorpacha

Cuntas na coda eile den domhan

Comhardú na n-idirbheart

Aonaid tomhais praghsanna agus méideanna

Cláir chomhardaithe

Maitrísí idirearnálacha

IARSCRÍBHINN 19.1. —

CUNTAIS NA nINSTITIÚIDÍ EORPACHA

Acmhainní

Úsáidí

Comhdhlúthú

CAIBIDIL 20

CUNTAIS AN RIALTAIS

RÉAMHRÁ

EARNÁIL AN RIALTAIS GHINEARÁLTA A SHAINMHÍNIÚ

Aonaid sa rialtas a shainaithint

Aonaid rialtais

INBanna atá aicmithe in earnáil an rialtais ghinearálta

Aonaid eile de chuid an rialtais ghinearálta

Rialú poiblí

Treoirmharcáil margaidh/neamh-mhargaidh

Gné na bpraghsanna atá suntasach ó thaobh an gheilleagair de

Critéar an cheannaitheora i gcás aschur táirgeora phoiblí

Díoltar an t-aschur le corparáidí agus le teaghlaigh den chuid is mó

Ní dhíoltar an t-aschur ach leis an rialtas

Díoltar an t-aschur leis an rialtas agus le hearnálacha eile

An tástáil mhargaidh/neamh-mhargaidh

Idirghabháil airgeadais agus teorainn an rialtais

Cásanna idir eatarthu

Ceannoifigí poiblí

Cistí pinsin

Samhailchorparáidí

Gníomhaireachtaí athstruchtúraithe

Gníomhaireachtaí um príobháidiú

Struchtúir neamhnithe

Eintitis shainchuspóireacha

Comhfhiontair

Gníomhaireachtaí rialála margaidh

Údaráis fhornáisiúnta

Fo-earnálacha an rialtais ghinearálta

An rialtas láir

An rialtas stáit

An rialtas áitiúil

Cistí slándála sóisialta

STAIDREAMH AR AIRGEADAS AN RIALTAIS A THÍOLACADH

Creat

Ioncam

Cánacha agus rannaíocaíochtaí sóisialta

Díolacháin

Ioncam eile

Caiteachas

Cúiteamh d’fhostaithe agus tomhaltas idirmheánach

Caiteachas ar shochair shóisialta

Ús

Caiteachas reatha eile

Caiteachas caipitiúil

Caiteachas ar thomhaltas críochnaitheach (P.3)

Caiteachas rialtais de réir feidhme (COFOG)

Ítimí comhardaithe

Glaniasachtú/glaniasachtaíocht (B.9)

Athruithe ar ghlanfhiúchas i ngeall ar choigilt agus aistrithe caipitil (B.101)

Maoiniú

Idirbhearta sócmhainní

Idirbhearta dliteanas

Sreafaí eacnamaíocha eile

Cuntas athluachála

Cuntas athruithe eile ar mhéid na sócmhainní

Cláir chomhardaithe

Comhdhlúthú

SAINCHEISTEANNA CUNTASAÍOCHTA A BHAINEANN LEIS AN RIALTAS GINEARÁLTA

Ioncam ó cháin

Saintréith an ioncaim ó cháin

Creidmheasanna cánach

Suimeanna le taifeadadh

Suimeanna neamh-inbhailithe

Am taifeadta

Taifeadadh ar bhonn fabhraithe

Cánacha a thaifeadadh ar bhonn fabhraithe

Ús

Bannaí lascainithe agus bannaí cúpóin nialasaigh

Urrúis treoirnaisc

Díorthaigh airgeadais

Breitheanna cúirte

Caiteachas míleata

Caidreamh an rialtais ghinearálta le corparáidí poiblí

Infheistíocht chothromais i gcorparáidí poiblí agus tuilleamh a dháileadh

Infheistíocht chothromais

Instealltaí caipitil

Fóirdheontais agus instealltaí caipitil

Rialacha is infheidhme maidir le dálaí áirithe

Oibríochtaí fioscacha

Dáiltí na gcorparáidí poiblí

Comparáid idir díbhinní agus aistarraingtí cothromais

Comparáid idir chánacha agus aistarraingtí cothromais

Príobháidiú agus náisiúnú

Príobháidiú

Príobháidiú indíreach

Náisiúnú

Idirbhearta leis an mbanc ceannais

Athstruchtúrú, cumaisc, agus athaicmiú

Oibríochtaí fiachais

Fiachas a ghlacadh, fiachas a chealú agus fiachas a dhíscríobh

Fiachas a ghlacadh agus a chealú

Fiachas a ghlacadh lena ngabhann aistriú sócmhainní neamhairgeadais

Fiachais a dhíscríobh nó a dhíluacháil

Athstruchtúrú fiachas eile

Fiachas a cheannach os cionn an mhargadhluacha

Neamhniú agus tarrtháil

Ráthaíochtaí fiachais

Ráthaíochtaí díorthach

Ráthaíochtaí caighdeánaithe

Ráthaíochtaí aonuaire

Urrúsú

Sainmhíniú

Critéir chun an díolachán a shainaithint

Sreafaí a thaifeadadh

Saincheisteanna eile

Oibleagáidí pinsin

Íocaíochtaí cnapshuime

Comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí

Raon feidhme na gcomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí

Úinéireacht eacnamaíoch agus leithdháileadh sócmhainne

Saincheisteanna cuntasaíochta

Idirbhearta le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus fornáisiúnta

Cúnamh forbartha

AN EARNÁIL PHOIBLÍ

Rialú na hearnála poiblí

Bainc cheannais

Samhailchorparáidí poiblí

Eintitis shainchuspóireacha & neamhchónaithigh

Comhfhiontair

CAIBIDIL 21

NAISC IDIR CUNTAIS GHNÓ AGUS CUNTAIS NÁISIÚNTA AGUS GNÍOMHAÍOCHT CHORPARÁIDEACH A THOMHAS

ROINNT MODHANNA AGUS RIALACHA SONRACHA MAIDIR LE CUNTASAÍOCHT GHNÓ

Am taifeadta

Cuntasaíocht iontrála dúbailte agus iontrála ceathrúla

Luacháil

Ráiteas ioncaim agus clár comhardaithe

CUNTAIS NÁISIÚNTA AGUS CUNTAIS GHNÓ: SAINCHEISTEANNA PRAITICIÚLA

AN tAISTRIÚ Ó CHUNTAIS GHNÓ GO CUNTAIS NÁISIÚNTA: SAMPLA NA nGNÓTHAS NEAMHAIRGEADAIS

Coigeartuithe coincheapúla

Coigeartuithe chun comhsheasmhacht le cuntais earnálacha eile a bhaint amach

Samplaí de choigeartuithe le haghaidh uileghabhálachta

SAINCHEISTEANNA SONRACHA

Gnóthachain/caillteanais sealúchais

Domhandú

Cumaisc agus éadálacha

CAIBIDIL 22

CUNTAIS SATAILÍTE

RÉAMHRÁ

Aicmithe de réir feidhme

MÓRTHRÉITHE NA gCUNTAS SATAILÍTE

Cuntais satailíte de réir feidhme

Cuntais earnála speisialta

Sonraí neamhairgeadaíochta a chuimsiú

Sonraí breise agus coincheapa forlíontacha

Bunchoincheapa éagsúla

Samhaltú a úsáid agus torthaí turgnamhacha a chuimsiú

Cuntais satailíte a leagan amach agus a thiomsú

NAOI gCUNTAS SATAILÍTE SHONRACHA

Cuntais talmhaíochta

Cuntais chomhshaoil

Cuntais sláinte

Cuntais táirgeachta teaghlach

Cuntais saothair agus an Mhaitrís Chuntasaíochta Shóisialta (MCS)

Cuntais táirgiúlachta agus fáis

Cuntais Taighde & Forbartha

Cuntais chosanta sóisialta

Cuntais turasóireachta

CAIBIDIL 23

AICMITHE

RÉAMHRÁ

AICMIÚ EARNÁLACHA INSTITIÚIDEACHA (S)

AICMIÚ IDIRBHEART AGUS SREAFAÍ EILE

Idirbhearta táirgí (P)

Idirbhearta sócmhainní neamhtháirgthe neamhairgeadais (cóid NP)

Idirbhearta dáiliúcháin (D)

Aistrithe reatha in airgead agus i gcomhchineál (D.5-D.8)

Aistrithe reatha in airgead agus i gcomhchineál (D.5)

Athruithe eile ar shóchmhainní (K)

AICMIÚ ÍTIMÍ COMHARDAITHE AGUS GLANFHIÚCHAIS (B)

AICMIÚ NA nIONTRÁLACHA SA CHLÁR COMHARDAITHE (L)

AICMIÚ SÓCMHAINNÍ (A)

Sócmhainní neamhairgeadais (AN)

Sócmhainní airgeadais (AF)

AICMIÚ ÍTÍMÍ FORLÍONTACHA

Iasachtaí neamhthuillmheacha

Seirbhísí caipitil

Tábla pinsean

Earraí marthanacha tomhaltais

Infheistíocht dhíreach eachtrach

Suíomhanna teagmhasacha

Airgeadra agus taiscí

Aicmiú urrús fiachais de réir aibíochta amuigh

Urrúis fiachais liostaithe agus neamhliostaithe

Iasachtaí fadtéarmacha le haibíocht amuigh de thréimhse is lú ná bliain amháin agus iasachtaí fadtéarmacha arna n-urrú le morgáiste

Scaireanna infheistíochta liostaithe agus neamhliostaithe

Riaráistí úis agus aisíocaíochta

Seoltáin phearsanta agus iomlána

ATHGHRÚPÁIL AGUS CÓDÚ TIONSCAL (A) AGUS TÁIRGÍ (P)

AICMIÚ FHEIDHMEANNA AN RIALTAIS (COFOG)

AICMIU TOMHALTAIS AONAIR DE REIR CUSPORA (Coicop)

AICMIÚ CHUSPÓIRÍ NA nINSTITIÚIDÍ NEAMHBHRABÚIS A FHÓNANN DO THEAGHLAIGH (COPNI)

AICMIÚ EISÍOCAÍOCHTAÍ TÁIRGEOIRÍ DE RÉIR CUSPÓRA (COPP)

CAIBIDIL 24

NA CUNTAIS

Tábla 24.1

Cuntas 0: Cuntas earraí agus seirbhísí

Tábla 24.2

Seicheamh iomlán na gcuntas le haghaidh an gheilleagair iomláin

Tábla 24.3

Seicheamh iomlán na gcuntas le haghaidh corparáidí neamhairgeadais

Tábla 24.4

Seicheamh iomlán na gcuntas le haghaidh corparáidí airgeadais

Tábla 24.5

Seicheamh iomlán na gcuntas le haghaidh an rialtais ghinearálta

Tábla 24.6

Seicheamh iomlán na gcuntas le haghaidh na dteaghlach

Tábla 24.7

Seicheamh iomlán na gcuntas le haghaidh institiúidí neamhbhrabúis a fhónann do theaghlaigh




CAIBIDIL 1

GNÉITHE GINEARÁLTA AGUS BUNPHRIONSABAIL

GNÉITHE GINEARÁLTA

1.01 Is éard atá sa Chóras Cuntas Eorpach (dá ngairtear CCE“CCE 2010” nó CCE“CCE” anseo feasta) creat cuntasaíochta atá comhoiriúnach go hidirnáisiúnta le haghaidh cur síos córasach agus mionsonraithe a dhéanamh ar gheilleagar iomlán (amhail réigiún, tír nó grúpa tíortha), ar a chomhpháirteanna agus ar an gcaidreamh idir é agus geilleagair iomlána eile.

1.02 Foilsíodh réamhtheachtaí CCE 2010, Córas Cuntas Eorpach 1995 (CCE 95), i 1996 ( 4 ). Tá an struchtúr céanna ag modheolaíocht CCE 2010 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn seo agus a bhí ag CCE 95 sa chéad trí chaibidil déag, ach tá aon chaibidil déag nua curtha leis ina leagtar síos gnéithe an chórais a léiríonn forbairtí maidir le geilleagair nua-aimseartha a thomhas, nó úsáid CCE 95 san Aontas Eorpach (an AE).

1.03 Is mar seo a leanas struchtúr an lámhleabhair. I gCaibidil 1, cumhdaítear gnéithe bunúsacha an chórais i dtéarmaí coincheapúla, agus leagtar amach inti prionsabail CCE agus tugtar tuairisc ar na haonaid bhunúsacha staidrimh agus a ngrúpálacha. Tugtar forbhreathnú inti ar sheicheamh na gcuntas, agus tuairisc ghearr ar phríomh-chomhiomláin agus ar ról táblaí soláthair agus úsáide agus ar an gcreat ionchuir-aschuir. I gCaibidil 2, tugtar tuairisc ar na haonaid institiúideacha a úsáidtear chun an geilleagar a thomhas, agus conas mar a aicmítear na haonaid sin in earnálacha agus i ngrúpaí eile chun anailís a dhéanamh. I gCaibidil 3, tugtar tuairisc ar na hidirbhearta ar fad a bhaineann le táirgí (earraí agus seirbhísí), chomh maith le sócmhainní neamhtháirgthe, sa chóras. I gCaibidil 4, tugtar tuairisc ar na hidirbhearta ar fad sa gheilleagar lena ndáiltear agus lena n-athdháiltear ioncam agus rachmas sa gheilleagar. I gCaibidil 5, tugtar tuairisc ar idirbhearta airgeadais sa gheilleagar. I gCaibidil 6, tugtar tuairisc ar athruithe a d’fhéadfadh tarlú do luach sócmhainní trí theagmhais neamheacnamaíocha nó trí athruithe ar phraghsanna. I gCaibidil 7, tugtar tuairisc ar chláir chomhardaithe, agus ar scéim aicmithe na sócmhainní agus na ndliteanas. I gCaibidil 8, leagtar amach seicheamh na gcuntas, agus na hítimí comhardaithe a bhaineann le gach cuntas. I gCaibidil 9, tugtar tuairisc ar na táblaí soláthair agus úsáide, agus a ról chun aonaid tomhais ioncaim, aschuir agus caiteachais a réiteach sa gheilleagar. Tugtar tuairisc inti freisin ar na táblaí ionchuir-aschuir is féidir a dhíorthú ó na táblaí soláthair agus úsáide. I gCaibidil 10, tugtar tuairisc ar an mbonn coincheapúil atá leis na haonaid tomhais praghsanna agus méideanna a bhaineann leis na luachanna ainmniúla a fhaightear sna cuntais. I gCaibidil 11, tugtar tuairisc ar aonaid tomhais an mhargaidh saothair agus an daonra is féidir a úsáid taobh le haonaid tomhais na gcuntas náisiúnta in anailís eacnamaíoch. I gCaibidil 12, tugtar tuairisc ghearr ar chuntais náisiúnta ráithiúla, agus conas mar atá siad éagsúil leis na cuntais bhliantúla ó thaobh béime de.

1.04 I gCaibidil 13, tugtar tuairisc ar aidhmeanna, coincheapa agus ceisteanna tiomsaithe nuair atá sraith cuntas réigiúnach á leagan amach. I gCaibidil 14, cumhdaítear tomhas seirbhísí airgeadais arna soláthar ag idirghabhálaithe airgeadais arna gcistiú trí ghlanfháltais úis, agus léirítear inti na blianta a chaith na Ballstáit ar thaighde agus ar fhorbairt chun aonad tomhais atá láidir agus comhchuibhithe ar fud na mBallstát a fháil. Tá gá le Caibidil 15 maidir le conarthaí, léasanna agus ceadúnais chun réimse a bhfuil a thábhacht ag dul i méad sna cuntais náisiúnta a thuairisciú. I gCaibidil 16 agus i gCaibidil 17 maidir le hárachas, árachas sóisialta agus pinsin tugtar tuairisc ar conas mar a láimhseáiltear na socruithe seo sna cuntais náisiúnta, mar go gcuirtear níos mó spéise i gceisteanna athdháilte de réir mar atá daonraí ag dul in aois. I gCaibidil 18, cumhdaítear na cuntais a bhaineann leis an gcuid eile den domhan, arb ionann iad agus coibhéis na gcuntas náisiúnta de na cuntais a bhaineann le córas tomhais chomhardú na n-íocaíochtaí. Is Caibidil nua freisin Caibidil 19 maidir le cuntais Eorpacha, ina gcumhdaítear gnéithe na gcuntas náisiúnta i gcás ina n-ardaítear ceisteanna faoi shocruithe institiúideacha agus trádála Eorpacha a éilíonn cur chuige comhchuibhithe. I gCaibidil 20, tugtar tuairisc ar chuntais earnáil an rialtais — réimse sainspéise mar go bhfuil ceisteanna stuamachta fioscaí sna Ballstáit ríthábhachtach fós i gcur i bhfeidhm beartais eacnamaíoch san AE. I gCaibidil 21, tugtar tuairisc ar na naisc idir cuntais ghnó agus cuntais náisiúnta, réimse sainspéise atá ag fás mar go bhfuil corparáidí ilnáisiúnta ag glacadh freagrachta as cion méadaitheach den olltáirgeacht intíre (OTI) i gcás na dtíortha uile. I gCaibidil 22, tugtar tuairisc ar an ngaol idir cuntais satailíte agus na príomhchuntais náisiúnta. Is chun críoch tagartha iad Caibidil 23 agus Caibidil 24; i gCaibidil 23 leagtar amach na haicmithe a úsáidtear d’earnálacha, do ghníomhaíochtaí agus do tháirgí in CCE 2010, agus i gCaibidil 24 leagtar amach seicheamh iomlán na gcuntas do gach earnáil.

1.05 Tá struchtúr CCE 2010 comhsheasmhach leis na treoracha domhanda maidir le cuntasaíocht náisiúnta, i gCóras Cuntas Náisiúnta 2008 (CCN 2008), amach ó dhifríochtaí áirithe maidir le tuairisciú agus le mionchruinneas coincheap áirithe CCE 2010 a úsáidtear le haghaidh críocha sonracha AE. Cuireadh na treoirlínte sin ar fáil faoi fhreagracht chomhpháirteach na Náisiún Aontaithe (NA), an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI), Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh (Eurostat), na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) agus an Bhainc Dhomhanda). Tá CCE 2010 dírithe ar na himthosca agus ar na riachtanais sonraí san AE. Fearacht CCN 2008, tá CCE 2010 ag teacht leis na coincheapa agus leis na haicmithe a úsáidtear in go leor staidrimh shóisialta agus eacnamaíocha eile (mar shampla, i staidreamh maidir le fostaíocht, i staidreamh maidir le monaraíocht, i staidreamh maidir le trádáil sheachtrach). Fónann CCE 2010, dá bhrí sin, mar chreat tagartha lárnach le haghaidh staidreamh sóisialta agus eacnamaíoch an AE agus a Bhallstát.

1.06 Tá dhá phríomhfhoireann táblaí cuimsithe i gcreat CCE:

(a) 

cuntais na n-earnálacha institiúideacha;

(b) 

an creat ionchuir-aschuir agus na cuntais de réir tionscail.

1.07 Soláthraíonn cuntais na n-earnálacha, de réir earnála institiúidí, cur síos córasach ar na céimeanna éagsúla sa phróiseas eacnamaíoch: táirgeadh, ginúint ioncaim, dáileadh ioncaim, athdháileadh ioncaim, úsáid ioncaim agus carnadh airgeadais agus neamhairgeadais. Áirítear cláir chomhardaithe i gcuntais na n-earnálacha freisin agus déantar cur síos iontu ar stoic na sócmhainní, na ndliteanas agus an ghlanfhiúchais ag tús agus ag deireadh na tréimhse cuntasaíochta.

1.08 Trí na táblaí soláthair agus úsáide, sa chreat ionchuir-aschuir, tá tuairisc níos mionsonraithe le fáil ar an bpróiseas táirgthe (struchtúr na gcostas, an t-ioncam ginte agus fostaíocht) agus ar shreafaí earraí agus seirbhísí (aschur, allmhairí, onnmhairí, tomhaltas críochnaitheach, tomhaltas idirmheánach agus foirmiú caipitil de réir grúpa táirgí). Léirítear dhá chomhionannas cuntasaíochta thábhachtacha sa chreat sin: tá suim na n-ioncam arna nginiúint i dtionscal cothrom leis an mbreisluach arna tháirgeadh ag an tionscal sin; agus i gcás aon táirge nó aon ghrúpáil táirgí, tá an soláthar cothrom leis an éileamh.

1.09 Cuimsítear coincheapa an daonra agus na fostaíochta in CCE 2010. Is ábhartha coincheapa den sórt sin do chuntais na n-earnálacha, do na cuntais de réir tionscail agus don chreat soláthair agus úsáide.

1.10 Ní bhaineann CCE 2010 le cuntasaíocht náisiúnta bhliantúil amháin, ach le cuntais ráithiúla agus le cuntais do thréimhsí níos giorra nó níos faide chomh maith. Baineann sé le cuntais réigiúnacha chomh maith.

1.11 Maireann CCE 2010 taobh le taobh le CCN 2008 i ngeall ar úsáidí aonaid tomhais na gcuntas náisiúnta san AE. Tá Ballstáit freagrach as a gcuntais náisiúnta a thiomsú agus a thíolacadh chun cur síos a dhéanamh ar an staid eacnamaíoch ina dtíortha. Tiomsaíonn na Ballstáit sraith cuntas a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin (Eurostat) mar chuid de chlár rialaitheach um tharchur sonraí, a úsáidtear sna beartais thábhachtacha shóisialta, eacnamaíocha agus fhioscacha. Ar na húsáidí sin áirítear ranníocaíochtaí airgeadaíochta na mBallstát le buiséad an AE a chinneadh tríd an “ceathrú hacmhainn”, cabhair a thabhairt do réigiúin an AE trí chlár na gcistí struchtúracha agus faireachas a dhéanamh ar fheidhmíocht eacnamaíoch na mBallstát faoi chuimsiú an nós imeachta um easnamh iomarcach agus an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis.

1.12 Ionas go leithdháilfear tobhaigh agus sochair de réir na n-aonad tomhais arna dtiomsú agus arna dtíolacadh ar bhealach fíor-chomhsheasmhach, tiomsófar an staidreamh eacnamaíoch arna úsáid chun na críocha sin de réir na gcoincheap agus na rialacha céanna. Is éard atá in CCE 2010 rialachán ina leagtar amach na rialacha, na coinbhinsiúin, na sainmhínithe agus na haicmithe atá le cur i bhfeidhm agus na cuntais náisiúnta á soláthar sna Ballstáit a bheidh rannpháirteach sa chlár um tharchur sonraí mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn B a ghabhann leis an Rialachán seo.

1.13 I bhfianaise na suimeanna móra airgid a bhaineann leis an gcóras ranníocaíochtaí agus sochar a oibrítear san AE, tá sé fíorthábhachtach go gcuirfear an córas tomhais i bhfeidhm go comhsheasmhach i ngach Ballstát. In imthosca den sórt sin, tá sé tábhachtach cur chuige aireach a ghlacadh maidir le meastacháin nach féidir a bhreathnú go díreach ar an margadh, agus nósanna imeachta atá bunaithe ar shamhlacha a sheachaint agus meastacháin á ndéanamh ar aonaid tomhais sna cuntais náisiúnta.

1.14 I roinnt mhaith cásanna tá coincheapa CCE 2010 níos sonraí agus níos beaichte ná coincheapa CCN 2008 chun an méid comhsheasmhachta agus is féidir a áirithiú idir aonaid tomhais na mBallstát, aonaid tomhais a dhíorthaítear ó na cuntais náisiúnta. I ngeall ar an riachtanas uileghabhálach maidir le meastacháin chomhsheasmhacha láidre a chur ar fáil, aithníodh sraith de bhunchuntais náisiúnta san AE. I gcás nach leor an leibhéal comhsheasmhachta tomhais ar fud na mBallstát, áirítear na meastacháin sna “neamh-bhunchuntais” ina gcumhdaítear táblaí forlíontacha agus cuntais satailíte.

1.15 Sampla amháin inar measadh gur ghá bheith aireach maidir le dearadh CCE 2010 is ea réimse na ndliteanas pinsin. Tá cás láidir ann iad a thomhas chun cuidiú le hanailísí eacnamaíocha, ach i ngeall ar an riachtanas fíorthábhachtach san AE cuntais atá comhsheasmhach ó thaobh ama agus spáis de a chur ar fáil, níor mhór cur chuige aireach a úsáid.

Domhandú

1.16 I ngeall ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch bheith ag éirí níos domhandaithe de réir a chéile, tá méadú tagtha ar thrádáil idirnáisiúnta de gach uile chineál, agus is mó dá réir na dúshláin atá roimh thíortha chun a ngeilleagair intíre a thaifeadadh sna cuntais náisiúnta. Is éard atá sa domhandú próiseas dinimiciúil agus ilghnéitheach trína n-éiríonn acmhainní náisiúnta níos soghluaiste ar leibhéal idirnáisiúnta, agus trína n-éiríonn geilleagair náisiúnta níos idirspleáiche de réir a chéile. Is é an ghné sin den domhandú is mó is cúis le fadhbanna tomhais do na cuntais náisiúnta ná an cion méadaitheach d’idirbhearta idirnáisiúnta a dhéanann corparáidí ilnáisiúnta, nuair is idir máthairchorparáidí, fochorparáidí agus corparáidí cleamhnaithe a dhéantar na hidirbhearta thar theorainneacha. Ach tá dúshláin eile ann, áfach, agus seo a leanas liosta níos cuimsithí de na saincheisteanna maidir le sonraí:

(1) 

praghsáil aistrithe idir corparáidí cleamhnaithe (luacháil allmhairí agus onnmhairí);

(2) 

méadú ar dholaphróiseáil, ina ndéantar earraí a thrádáil thar theorainneacha idirnáisiúnta gan aon athrú úinéireachta (earraí le haghaidh próiseála), agus trádáil cheannaíochta;

(3) 

trádáil idirnáisiúnta ar an idirlíon, i gcás corparáidí agus teaghlach;

(4) 

sócmhainní maoine intleachtúla a thrádáil agus a úsáid ar fud an domhain;

(5) 

oibrithe ag obair thar lear, agus ag seoladh suimeanna suntasacha airgid ar ais chuig a dteaghlaigh sa chríoch intíre (seoltáin oibrithe, mar chuid d’aistrithe pearsanta);

(6) 

corparáidí ilnáisiúnta a eagraíonn a ngnó thar theorainneacha náisiúnta, chun éifeachtúlacht táirgthe a uasmhéadú agus chun an muirear cánach domhanda a íosmhéadú. D’fhéadfadh struchtúir shaorga chorparáide teacht as seo agus b’fhéidir nach léireoidís an réaltacht eacnamaíoch;

(7) 

meáin mhaoiniúcháin easchósta a úsáid (Eintitis Shainchuspóireacha agus foirmeacha eile) chun maoiniú a eagrú do ghníomhaíochtaí domhanda;

(8) 

earraí a ath-onnmhairiú agus, san AE, earraí a iompar idir Bhallstáit tar éis dóibh teacht isteach san Aontas (cuasai-iompar);

(9) 

méadú ar chaidrimh infheistíochta dírí eachtraí, agus an gá sreafaí infheistíochta dírí a aithint agus a leithdháileadh.

1.17 I ngeall ar na gnéithe coiteanna seo den domhandú a bheith ag méadú, is dúshlán méadaitheach do staitisteoirí náisiúnta é sreafaí thar theorainneacha a ghabháil agus a thomhas go cruinn. Fiú le córas cuimsitheach láidir bailiúcháin agus tomhais do na hiontrálacha in earnáil na coda eile den domhan (agus mar sin freisin do na cuntais idirnáisiúnta atá i gcomhardú na n-íocaíochtaí), méadóidh an domhandú an gá atá ann le hiarrachtaí breise a dhéanamh chun cáilíocht na gcuntas náisiúnta sna geilleagair ar fad agus sna grúpálacha geilleagar ar fad a choimeád.

ÚSÁIDÍ A BHAINTEAR AS CCE 2010

Creat le haghaidh anailíse agus beartais

1.18 Féadfar creat CCE a úsáid chun anailís agus measúnú a dhéanamh ar an méid seo a leanas:

(a) 

Struchtúr geilleagair iomláin. Seo thíos samplaí de na cineálacha beart atá in úsáid:

(1) 

breisluach agus fostaíocht de réir tionscail;

(2) 

breisluach agus fostaíocht de réir réigiúin;

(3) 

ioncam dáilte de réir earnála;

(4) 

allmhairí agus onnmhairí de réir grúpa táirgí;

(5) 

caiteachas ar thomhaltas críochnaitheach de réir ceannteidil feidhme agus de réir grúpa táirgí;

(6) 

foirmiú caipitil sheasta agus stoc caipitil sheasta de réir tionscail;

(7) 

comhdhéanamh na stoc agus na sreafaí sócmhainní airgeadais de réir cineáil sócmhainne agus de réir earnála;

(b) 

codanna sonracha nó gnéithe sonracha de gheilleagar. Ar na táirgí sin tá:

(1) 

baincéireacht agus airgeadas sa gheilleagar náisiúnta;

(2) 

ról an rialtais agus a stad airgeadais;

(3) 

geilleagar réigiúin ar leith (i gcomparáid le geilleagar an náisiúin ina iomláine);

(4) 

leibhéil choigiltis agus fiachais teaghlach;

(c) 

forbairt geilleagair le himeacht ama. Seo samplaí di:

(1) 

an anailís ar rátaí fáis OTI (Olltáirgeacht intíre);

(2) 

an anailís ar bhoilsciú;

(3) 

an anailís ar phatrúin shéasúracha i gcaiteachas teaghlach ar bhonn na gcuntas ráithiúil;

(4) 

an anailís ar thábhacht athraitheach cineálacha áirithe ionstraimí airgeadais le himeacht ama, e.g. méadú ar thábhacht díorthach airgeadais;

(5) 

an chomparáid idir struchtúir thionsclaíocha an gheilleagair náisiúnta go fadtéarmach;

(d) 

geilleagar iomlán i gcoibhneas le geilleagair eile. Ar na táirgí sin tá:

(1) 

an chomparáid idir róil agus méid an rialtais i mBallstáit an AE;

(2) 

an anailís ar an idirthuilleamaíocht idir gheilleagair an AE; agus na Ballstáit agus a gcuid réigiún á gcur san áireamh;

(3) 

an anailís ar chomhdhéanamh agus ar cheann scríbe onnmhairí an AE;

(4) 

an chomparáid idir rátaí fáis OTI nó ioncam indiúscartha in aghaidh an duine san AE agus i ngeilleagair fhorbartha eile.

1.19 Tá na figiúirí ó chreat CCE an-tábhachtach don AE agus dá Bhallstáit chun a mbeartais shóisialta agus eacnamaíocha a fhoirmliú agus faireachán a dhéanamh orthu.

Léiríonn na samplaí a leanas úsáidí a bhaintear as creat CCE:

(a) 

ceapadh beartas airgeadaíochta agus maicreacnamaíoch don limistéar euro a threorú agus faireachán a dhéanamh air agus critéir chóineasaithe don aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta (AEA) a shainiú i dtéarmaí fhigiúirí na gcuntas náisiúnta (e.g. rátaí fáis OTI);

(b) 

critéir a shainiú don nós imeachta um easnamh iomarcach: aonaid tomhais ar easnamh agus fiachas rialtais;

(c) 

tacaíocht airgeadais a dheonú ar réigiúin san AE: cistí caiteachais a leithdháileadh ar réigiúin ag úsáid staidreamh cuntas réigiúnach;

(d) 

acmhainní dílse bhuiséad an AE a chinneadh. Tá trí bhealach ann ina mbraitheann an úsáid dheireanach seo ar fhigiúirí cuntas náisiúnta:

(1) 

cinntear na hacmhainní iomlána don AE mar chéatadán de shuim ollioncam náisiúnta na mBallstát (OIN);

(2) 

is í tríú hacmhainn dhílis an AE an acmhainn dhílis bunaithe ar CBL. Tá ranníocaíochtaí ó na Ballstáit le haghaidh na hacmhainne seo go mór faoi thionchar fhigiúirí na gcuntas náisiúnta, mar go n-úsáidtear iad chun an meánráta CBL a ríomh;

(3) 

tá méideanna coibhneasta na ranníocaíochtaí ó na Ballstáit le haghaidh ceathrú hacmhainn dhílis an AE bunaithe ar a meastacháin ar ollioncam náisiúnta. Tá formhór íocaíochtaí na mBallstát bunaithe ar na meastacháin seo.

Saintréithe na gcoincheap in CCE 2010

1.20 D’fhonn cothromaíocht a bhunú idir na riachtanais agus na féidearthachtaí i dtaca le sonraí, tá roinnt saintréithe tábhachtacha ag na coincheapa in CCE 2010. De réir na saintréithe beidh na cuntais:

(a) 

comhoiriúnach go hidirnáisiúnta;

(b) 

comhchuibhithe le córais staidrimh shóisialta agus eacnamaíoch eile;

(c) 

comhsheasmhach;

(d) 

oibríochtúil, rud a chiallaíonn gur féidir iad a thomhas sa chleachtas;

(e) 

difriúil ó fhormhór na gcoincheap riaracháin;

(f) 

dea-bhunaithe agus socraithe le haghaidh tréimhse fada;

(g) 

dírithe ar chur síos a dhéanamh ar an bpróiseas eacnamaíoch i dtéarmaí airgeadaíochta agus i dtéarmaí atá inbhreathnaithe go héasca;

(h) 

ar féidir feidhm a bheith acu in imthosca éagsúla agus chun críoch éagsúil.

1.21 Tá na coincheapa in CCE 2010 comhoiriúnach go hidirnáisiúnta de bharr an méid seo a leanas:

(a) 

tá na coincheapa a úsáidtear in CCE 2010 ag teacht go hiomlán leis na coincheapa sna treoracha domhanda maidir le cuntasaíocht náisiúnta, i.e. CCN 2008;

(b) 

is é CCE 2010 an múnla caighdeánach, i gcás na mBallstát, chun sonraí ó na cuntais náisiúnta a chur faoi bhráid na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta go léir;

(c) 

tá comhoiriúnacht na gcoincheap ar bhonn idirnáisiúnta fíor-riachtanach nuair atá comparáid á déanamh idir staidreamh ó thíortha éagsúla.

1.22 Tá na coincheapa in CCE 2010 á gcomhchuibhiú leis na coincheapa atá i staidreamh sóisialta agus eacnamaíoch eile mar úsáideann CCE 2010 coincheapa agus aicmithe (e.g. Aicmiú staidrimh ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha san Aontas Eorpach “NACE Rev. 2” ( 5 )) a úsáidtear le haghaidh staidrimh eile shóisialta agus eacnamaíocha de chuid Ballstát, e.g. i staidreamh maidir le monaraíocht, i staidreamh maidir le trádáil sheachtrach agus i staidreamh maidir le fostaíocht; tá an méid is lú agus is féidir de dhifríochtaí coincheapúla á n-úsáid. Thairis sin, tá na coincheapa agus na haicmithe in CCE 2010 comhchuibhithe le coincheapa agus aicmithe na Náisiún Aontaithe.

Cuidíonn an comhchuibhiú le staidreamh sóisialta agus eacnamaíoch leis an nascáil leis na figiúirí seo agus le comparáid a dhéanamh eatarthu, chun gur féidir cáilíocht na bhfigiúirí sna cuntais náisiúnta a áirithiú. Ina theannta sin, is féidir an fhaisnéis atá sa staidreamh sonrach seo a chur i gcomparáid níos fearr leis an staidreamh ginearálta ar an ngeilleagar náisiúnta.

1.23 I ngeall ar na coincheapa comhroinnte a úsáidtear ar fud chreat na gcuntas náisiúnta agus na gcóras staidrimh shóisialta agus eacnamaíoch eile, is féidir aonaid tomhais chomhsheasmhacha a dhíorthú. Is féidir, mar shampla, na cóimheasa seo a leanas a ríomh:

(a) 

figiúirí táirgiúlachta, amhail breisluach san uair an chloig oibrithe (ní mór comhsheasmhacht idir choincheap an bhreisluacha agus choincheap na n-uaireanta an chloig oibrithe chun an figiúr seo a ríomh);

(b) 

an t-ioncam indiúscartha náisiúnta in aghaidh an duine (ní mór comhsheasmhacht idir choincheap an ioncaim indiúscartha náisiúnta agus choincheap aonaid tomhais an daonra don chóimheas seo);

(c) 

foirmiú caipitil sheasta mar chéatadán den stoc caipitil sheasta (ní mór comhsheasmhacht idir na sainmhínithe ar na sreafaí agus ar na stoic seo don chóimheas seo);

(d) 

easnamh rialtais agus fiachas rialtais mar chéatadáin den olltáirgeacht intíre (ní mór comhsheasmhacht idir choincheap an easnaimh rialtais, choincheap an fhiachais rialtais agus choincheap na holltáirgeachta intíre chun na figiúirí seo a ríomh).

Ceadaítear leis an gcomhsheasmhacht inmheánach seo idir na coincheapa CCEgo ndíorthaítear meastacháin ag úsáid iarmharaigh, e.g. is féidir coigilt a mheas mar an difríocht idir ioncam indiúscartha agus caiteachas ar thomhaltas críochnaitheach.

1.24 Cuirtear na coincheapa in CCE 2010 i bhfeidhm ar bhealach atá dírithe ar bhailiú agus ar thomhas sonraí. Léirítear an nádúr oibríochtúil ar roinnt bealaí sa treoir a thugtar chun na cuntais a leagan amach:

(a) 

ní thugtar tuairisc ar ghníomhaíochtaí ná ar ítimí ach amháin nuair atá méid suntasach díobh ann. Mar shampla: maidir le táirgeadh féinchuntais earraí ag teaghlaigh amhail fíodóireacht éadaí agus criadóireacht, ní thaifeadfar iad mar tháirgeadh, ós rud é nach bhfuil méid suntasach díobh ann i dtíortha an AE;

(b) 

gabhann treoir maidir le conas meastachán a dhéanamh orthu le coincheapa áirithe. Mar shampla, agus ídiú caipitil sheasta á shainiú, déantar tagairt do dhímheas líneach. Chun meastachán a dhéanamh ar stoc caipitil sheasta bainfear úsáid as modh an stoc-chuntais shíoraí i gcás ina bhfuil faisnéis dhíreach ar stoc na sócmhainní seasta in easnamh. Sampla ábhartha eile is ea luacháil an táirgthe féinchuntais: i bprionsabal, déantar é a luacháil ag na bunphraghsanna, ach is féidir, más gá, an luacháil ag na bunphraghsanna a neasú trí na costais bhainteacha éagsúla a shuimiú;

(c) 

táthar tar éis roinnt gnásanna a ghlacadh. Mar shampla, is mar chaiteachas ar thomhaltas críochnaitheach a aicmítear na seirbhísí comhchoiteanna go léir arna soláthar ag an rialtas.

1.25 Mar sin féin, d’fhéadfadh nach mbeadh sé éasca na sonraí is gá do staidreamh na gcuntas náisiúnta a bhailiú go díreach, mar go mbíonn na coincheapa bunúsacha difriúil ó na coincheapa is bun leis na foinsí sonraí riaracháin. Is samplaí de na foinsí riaracháin iad cuntais ghnó, taifid ar chineálacha éagsúla cánacha (CBL, cáin ar ioncam pearsanta, tobhaigh ar allmhairí, etc.), sonraí slándála sóisialta agus sonraí ó bhoird mhaoirseachta baincéireachta agus árachais. Úsáidtear na sonraí riaracháin seo go minic mar ionchur chun cuntais náisiúnta a thiomsú. Go ginearálta, déantar iad a chlaochlú chun go mbeidh siad i gcomhréir le CCE.

Tá na coincheapa in CCE difriúil óna gcontrapháirteanna riaracháin sa mhéid seo a leanas:

(a) 

tá difríocht idir coincheapa riaracháin sna tíortha éagsúla. De thoradh air sin, ní féidir comhoiriúnacht ar bhonn idirnáisiúnta a bhaint amach trí bhíthin coincheap riaracháin;

(b) 

athraíonn coincheapa riaracháin le himeacht ama. Dá thoradh sin, ní féidir inchomparáideacht thar thréimhse ama a bhaint amach trí bhíthin coincheap riaracháin;

(c) 

ní bhíonn na coincheapa atá mar bhun leis na foinsí sonraí riaracháin ag luí le chéile de ghnáth sna córais riaracháin éagsúla. Mar sin féin, ní féidir sonraí a nascadh agus comparáid a dhéanamh eatarthu, rud atá fíor-riachtanach chun figiúirí a thiomsú ó na cuntais náisiúnta, ach amháin trí fhoireann chomhsheasmhach coincheap a úsáid;

(d) 

go ginearálta, ní bhíonn na coincheapa riaracháin barrmhaith le haghaidh anailíse eacnamaíche ná le haghaidh meastóireachta ar bheartas eacnamaíoch.

1.26 Mar sin féin, sásaíonn foinsí sonraí riaracháin riachtanais sonraí na gcuntas náisiúnta agus staidrimh eile chomh maith, i ngeall ar an méid seo a leanas:

(a) 

ní foláir coincheapa agus aicmithe a ceapadh i dtosach chun críocha staidrimh a ghlacadh freisin chun críoch riaracháin, e.g. an t-aicmiú ar chaiteachas rialtais de réir cineáil;

(b) 

déanann foinsí sonraí riaracháin na riachtanais sonraí (ar leithligh) a bhíonn ag staidreamh a chur san áireamh go sainráite; tá feidhm ag an méid seo, mar shampla, maidir le córas Intrastat a sholáthraíonn faisnéis faoi sheachadadh earraí idir Bhallstáit.

1.27 Tá na príomhchoincheapa a úsáidtear in CCE dea-bhunaithe agus socraithe le haghaidh tréimhse fada, ós rud é:

(a) 

go bhfuil siad formheasta mar chaighdeán idirnáisiúnta ar feadh blianta fada;

(b) 

sna treoirlínte idirnáisiúnta comhleanúnacha maidir le cuntasaíocht náisiúnta, is fíorbheagán coincheap bunúsach a athraíonn.

I ngeall ar an leanúnachas coincheapúil seo, laghdaítear an gá le hamshraitheanna a athríomh. Ina theannta sin, cuireann sé teorainn le leochaileacht na gcoincheap ó thaobh brú pholaitiúil de ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta araon. Ar na cúiseanna sin, bhíothas in ann na figiúirí ó na cuntais náisiúnta a úsáid mar bhunachar sonraí oibiachtúil le haghaidh beartais eacnamaíoch agus anailíse eacnamaíche.

1.28 Tá na coincheapa in CCE 2010 dírithe ar chur síos a dhéanamh ar an bpróiseas eacnamaíoch i dtéarmaí airgeadaíochta agus i dtéarmaí atá inbhreathnaithe go héasca. Ní dhéantar stoic agus sreafaí nach bhfuil inbhreathnaithe go héasca i dtéarmaí airgeadaíochta nó nach bhfuil contrapháirt airgeadaíochta shoiléir acu a thaifeadadh in CCE.

Níor cuireadh an prionsabal sin i bhfeidhm go dian, ós rud é nárbh fholáir an ceanglas comhsheasmhachta agus riachtanais úsáideoirí a chur san áireamh freisin. Mar shampla, éilíonn comhsheasmhacht go dtaifeadtar luach seirbhísí comhchoiteanna arna dtáirgeadh ag an rialtas mar aschur, ós rud é go bhfuil íoc cúitimh d’fhostaithe agus ceannach cineálacha éagsúla earraí agus seirbhísí ag an rialtas inbhreathnaithe go héasca i dtéarmaí airgeadaíochta. Ina theannta sin, chun críocha anailíse eacnamaíche agus beartais eacnamaíoch, trí sheirbhísí comhchoiteanna an rialtais a thuairisciú i gcoibhneas leis an gcuid eile den gheilleagar náisiúnta, méadaítear a úsáidí agus atá na cuntais náisiúnta ina n-iomláine.

1.29 Is féidir raon feidhme na gcoincheap a úsáidtear in CCE a léiriú trí roinnt saincheisteanna teorannacha tábhachtacha a mheas.

Taifeadtar an méid seo a leanas faoi chuimsiú theorainn an táirgthe in CCE (féach mír 3.07 go mír 3.09):

(a) 

seirbhísí aonair agus seirbhísí comhchoiteanna arna dtáirgeadh ag an rialtas;

(b) 

táirgeadh seirbhísí tithíochta ar bhonn féinchuntais ag úinéirí-áititheoirí;

(c) 

táirgeadh earraí chun críche tomhaltais chríochnaithigh dhílis, e.g. táirgí talmhaíochta;

(d) 

tógáil ar bhonn féinchuntais, lena n-áirítear togáil arna déanamh ag teaghlaigh;

(e) 

seirbhísí arna dtáirgeadh ag fostaithe tí ar íocaíocht;

(f) 

síolrú éisc ar fheirmeacha éisc;

(g) 

táirgeadh atá toirmiscthe de réir an dlí, fad is a théann na haonaid uile lena mbaineann i mbun an idirbhirt ar bhonn deonach;

(h) 

táirgeadh nach ndéantar an t-ioncam uaidh a dhearbhú go hiomlán do na húdaráis fhioscacha, e.g. táirgeadh folaitheach teicstílí.

1.30 Ní thagann an méid seo a leanas faoi chuimsiú theorainn an táirgthe, agus ní thaifeadfar é in CCE:

(a) 

seirbhísí tí agus seirbhísí pearsanta arna dtáirgeadh agus arna dtomhailt laistigh den teaghlach céanna, e.g. glanadh, ullmhú béilí nó cúram daoine breoite nó seandaoine;

(b) 

seirbhísí deonacha nach mbíonn táirgeadh earraí mar thoradh orthu, e.g. aire a thabhairt do dhaoine nó do rudaí agus glanadh gan íocaíocht;

(c) 

síolrú nádúrtha éisc ar na farraigí.

1.31 Déantar an t-aschur go léir a thig as táirgeadh faoi chuimsiú theorainn an táirgthe a thaifeadadh in CCE. Mar sin féin, ní dhéantar an t-aschur ó ghníomhaíochtaí coimhdeacha a thaifeadadh. Déantar gach ionchur arna thomhailt ag gníomhaíocht choimhdeach a láimhseáil mar ionchur sa ghníomhaíocht lena dtacaíonn sé. Má tá bunaíocht nach ndéanann ach gníomhaíochtaí coimhdeacha amháin inbhreathnaithe ó thaobh staidrimh de, sa mhéid is go bhfuil cuntais ar leith ar fáil go héasca maidir leis an táirgeadh a dhéanann sí, nó má tá sí lonnaithe i suíomh geografach eile seachas mar a bhfuil na bunaíochtaí a bhfónann sí dóibh, ní foláir í a thaifeadadh mar aonad ar leith agus a leithdháileadh ar an aicmiú tionsclaíoch a chomhfhreagraíonn dá príomhghníomhaíocht, sna cuntais náisiúnta agus réigiúnacha araon. I gcás nach bhfuil fáil ar bhunsonraí oiriúnacha, féadfar aschur na gníomhaíochta coimhdí a mheas trí chostais a shuimiú.

1.32 Má fhéachtar ar ghníomhaíochtaí áirithe mar tháirgeadh agus má thaifeadtar a n-aschur, déantar na comhthorthaí, is iad sin an t-ioncam, an fhostaíocht, an tomhaltas críochnaitheach, etc. a thaifeadadh freisin. Mar shampla, ós rud é go ndéantar seirbhísí tithíochta arna dtáirgeadh ar bhonn féinchuntais ag úinéirí-áititheoirí a thaifeadadh mar tháirgeadh, déantar an t-ioncam agus an caiteachas ar thomhaltas críochnaitheach a ghineann sé do na húinéirí-áititheoirí sin a thaifeadadh amhlaidh. Toisc nach bhfuil, de réir an tsainmhínithe, aon ionchur saothair i dtáirgeadh seirbhísí teaghaisí úinéirí-áitithe, ní thaifeadtar aon fhostaíocht. Áirithíonn sé sin comhsheasmhacht le córas an staidrimh saothair mar nach ndéantar aon fhostaíocht i leith úinéireachta teaghaisí a thaifeadadh faoin gcóras sin. Tá a mhalairt fíor, áfach, nuair nach dtaifeadtar gníomhaíochtaí áirithe mar tháirgeadh: ní ghineann seirbhísí tí arna dtáirgeadh agus arna dtomhailt laistigh den teaghlach céanna ioncam ná caiteachas ar thomhaltas críochnaitheach agus níl aon fhostaíocht i gceist.

1.33 Leagtar síos leis an CCE gnásanna freisin, a bhainnean le:

(a) 

luacháil aschur an rialtais;

(b) 

luacháil aschur seirbhísí árachais agus seirbhísí idirghabhála airgeadais arna dtomhas go hindíreach;

(c) 

taifeadtar na seirbhísí comhchoiteanna arna soláthar ag an rialtas mar chaiteachas ar thomhaltas críochnaitheach agus ní mar thomhaltas idirmheánach.

Aicmiú de réir earnála

1.34 Cruthaítear cuntais earnálacha trí aonaid a leithdháileadh ar earnálacha agus is féidir ar an gcaoi sin idirbhearta agus ítimí comhardaithe na gcuntas a thíolacadh de réir earnála. Léiríonn an tíolacadh de réir earnála go leor aonad tomhais tábhachtach chun críoch beartais eacnamaíoch agus fhioscaigh. Is iad na príomhearnálacha atá ann teaghlaigh, corparáidí (airgeadais agus neamhairgeadais), institiúidí neamhbhrabúis a fhónann do theaghlaigh (INBFTanna) agus an chuid eile den domhan.

Tá an t-idirdhealú idir gníomhaíocht mhargaidh agus gníomhaíocht neamh-mhargaidh an-tábhachtach. Aicmítear eintiteas arna rialú ag an rialtas, agus atá ina chorparáid mhargaidh, faoi earnáil na gcorparáidí, lasmuigh d’earnáil an rialtais ghinearálta. Ar an dóigh sin, ní bheidh leibhéil easnaimh agus fiachais na corparáide mar chuid d’easnamh agus d’fhiachas an rialtais ghinearálta.

1.35 Tá sé tábhachtach critéir shoiléire agus láidre a leagan amach i dtaca le heintitis a leithdháileadh ar earnálacha.

Is éard atá san earnáil phoiblí na haonaid institiúideacha uile atá cónaitheach sa gheilleagar agus atá á rialú ag an rialtas. Is éard atá san earnáil phríobháideach na haonaid chónaitheacha eile ar fad.

I dTábla 1.1, leagtar amach na critéir a úsáidtear chun idirdhealú a dhéanamh idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach, agus san earnáil phoiblí idir earnáil an rialtais agus earnáil na gcorparáidí poiblí, agus san earnáil phríobháideach idir earnáil na INBFTanna agus earnáil na gcorparáidí príobháideacha.



Tábla — 1.1

Critéir

Faoi rialú an rialtais

(An earnáil phoiblí)

Faoi rialú príobháideach

(An earnáil phríobháideach)

Aschur neamh-mhargaidh

An rialtas ginearálta

INBFTanna

Aschur margaidh

Corparáidí poiblí

Corparáidí príobháideacha

1.36 Sainmhínítear rialú mar an cumas beartas ginearálta nó clár ginearálta aonaid institiúidigh a chinneadh. Tugtar tuilleadh sonraí maidir leis an sainmhíniú ar rialú i mír 2.35 go mír 2.39.

1.37 Maidir le difreáil a dhéanamh idir earnáil mhargaidh agus earnáil neamh-mhargaidh, agus dá réir sin, i gcás eintiteas na hearnála poiblí, iad a aicmiú in earnáil an rialtais ghinearálta nó in earnáil na gcorparáidí, cinntear é leis an riail seo a leanas:

Féachtar ar ghníomhaíocht mar ghníomhaíocht mhargaidh nuair a dhéantar na hearraí agus seirbhísí comhfhreagracha a thrádáil faoi na coinníollacha seo a leanas:

(1) 

má ghníomhaíonn díoltóirí chun uasbhrabúis a fháil san fhadtéarma, agus má dhéanann siad amhlaidh trí earraí agus seirbhísí a dhíol gan srianadh ar an margadh le pé duine atá sásta an praghas iarrata a íoc;

(2) 

má ghníomhaíonn ceannaitheoirí chun a bhfóntacht a uasmhéadú i bhfianaise a n-acmhainní teoranta, trí na táirgí is fearr a shásóidh a riachtanais a cheannach ag an bpraghas arna thairiscint;

(3) 

tá ann do mhargaí éifeachtacha nuair atá rochtain ag díoltóirí agus ag ceannaitheoirí ar an margadh agus nuair atá faisnéis iomlán acu faoin margadh. Féadfaidh margadh éifeachtach feidhmiú fós fiú mura gcomhlíontar na coinníollacha sin ina n-iomláine.

1.38 Ceadaíonn an mionsonrú a dhéantar i gcreat na gcoincheap in CCE gur féidir an creat a úsáid ar bhealach solúbtha: níl coincheapa áirithe san áireamh in CCE go sainráite ach is féidir iad a dhíorthú as mar sin féin. Sampla is ea cruthú earnálacha nua trí na fo-earnálacha atá sainmhínithe in CCE a atheagrú.

1.39 Is féidir úsáid sholúbtha a bhaint as freisin trí chritéir bhreise a thabairt isteach nach bhfuil ar neamhréir le loighic an chórais. Mar shampla, leis na critéir seo is féidir cuntais fo-earnála a tharraingt suas, de réir scála na fostaíochta le haghaidh aonad táirgthe nó méid an ioncaim le haghaidh na dteaghlach. I gcás na fostaíochta, d’fhéadfaí fo-aicmiú de réir leibhéil oideachais, de réir aoise agus de réir inscne a thabhairt isteach.

Cuntais satailíte

1.40 I gcás riachtanais sonraí áirithe, ba cheart cuntais satailíte ar leith a tharraingt suas.

Ar na táirgí sin tá:

(a) 

Maitrísí Cuntasaíochta Sóisialta (MCSanna);

(b) 

ról na turasóireachta sa gheilleagar náisiúnta;

(c) 

an anailís ar chostas agus ar mhaoiniú an chúraim sláinte;

(d) 

taighde agus forbairt a aithnítear mar fhoirmiú caipitil maoine intleachtúla;

(e) 

caipiteal daonna a aithint mar shócmhainní sa gheilleagar náisiúnta;

(f) 

an anailís ar ioncam agus ar chaiteachas teaghlach ar bhonn coincheap ioncaim agus caiteachais atá micreabhunaithe;

(g) 

an t-idirghníomhú idir an comhshaol agus an geilleagar;

(h) 

táirgeadh laistigh de theaghlaigh;

(i) 

an anailís ar athruithe ar leas;

(j) 

an anailís ar na difríochtaí idir na figiúirí i gcuntais náisiúnta agus i gcuntais ghnó agus a dtionchar ar stocmhargaí agus ar mhargaí airgeadraí;

(k) 

meastachán na n-ioncam ó chánacha.

1.41 Fónann na cuntais satailíte do na riachtanais sonraí sin trí:

(a) 

níos mó mionsonraí a thaispeáint nuair is gá agus trí mhionsonraí iomarcacha a fhágáil ar lár;

(b) 

raon feidhme an chreata cuntasaíochta a mhéadú trí fhaisnéis neamhairgeadaíochta a chur leis, e.g. faisnéis faoi thruailliú agus faoi shócmhainní comhshaoil;

(c) 

bunchoincheapa áirithe a athrú, e.g. trí choincheap an fhoirmithe caipitil a mhéadú trí chaiteachas ar oideachas a áireamh.

1.42 Is éard atá i Maitrís Chuntasaíochta Sóisialta (MCS) cur i láthair i bhfoirm maitríse lena leagtar amach na nascálacha idir táblaí soláthair agus úsáide agus na cuntais earnála. Soláthraíonn MCS, de ghnáth, faisnéis bhreise faoi leibhéal agus faoi chomhdhéanamh na fostaíochta, trí chúiteamh d’fhostaithe a fhoroinnt de réir an chineáil duine a fhostaítear. Baineann an fhoroinnt sin le húsáid saothair de réir tionscail, mar a léirítear sna táblaí úsáide, agus le soláthar saothair de réir foghrúpa shocheacnamaíoch, mar a léirítear sa chuntas leithdháilte ioncaim phríomha le haghaidh fho-earnálacha earnáil na dteaghlach. Ar an mbealach sin, léirítear go córasach soláthar agus úsáid catagóirí éagsúla saothair.

1.43 Sna cuntais satailíte, coimeádtar coincheapa agus aicmithe bunúsacha uile an chreata lárnaigh CCE 2010. Ní thabharfar isteach aon athruithe ar na coincheapa ach amháin nuair is é sin is aidhm don chuntas satailíte. Sna cásanna sin, beidh tábla sa chuntas satailíte freisin ina léirítear an nasc idir na príomh-chomhiomláin sa chuntas satailíte agus na príomh-chomhiomláin sa chreat lárnach. Ar an gcuma sin, coimeádann an creat lárnach a ról mar chreat tagartha agus, an tráth céanna, déantar riachtanais is sonraí a shásamh.

1.44 Tríd is tríd, ní áirítear aonaid tomhais stoc ná sreafaí nach bhfuil inbhreathnaithe go héasca i dtéarmaí airgeadaíochta (nó nach bhfuil contrapháirt airgeadaíochta shoiléir acu) sa chreat lárnach. I ngeall ar a nádúr, féadtar anailís mhaith a dhéanamh ar a leithéidí de stoic agus de shreafaí freisin trí staidreamh a thiomsú i dtéarmaí neamhairgeadaíochta, e.g.:

(a) 

is féidir táirgeadh laistigh de theaghlaigh a thuairisciú i dtéarmaí uaireanta an chloig a leithdháiltear ar na húsáidí éagsúla;

(b) 

is féidir oideachas a thuairisciú i dtéarmaí cineáil oideachais, líon na ndaltaí, meánlíon na mblianta oideachais roimh dhioplóma a fháil, etc.;

(c) 

is fearr iarmhairtí an truaillithe a thuairisciú i dtéarmaí athruithe ar líon na speiceas atá beo, folláine na gcrann sna foraoisí, an méid bruscair, an méid aonocsaíde carbóin agus radaíochta, etc.

1.45 Trí chuntais satailíte is féidir an staidreamh sin in aonaid neamhairgeadaíochta a nascadh le creat lárnach na gcuntas náisiúnta. Trí na haicmithe arna n-úsáid sa chreat lárnach a úsáid do staidreamh neamhairgeadaíochta den sórt sin, is féidir an nasc a dhéanamh e.g. aicmiú de réir cineáil teaghlach nó aicmiú de réir tionscail. Ar an gcuma sin, tarraingítear suas creat fadaithe comhsheasmhach. Is féidir an creat sin a úsáid mar bhunachar sonraí le haghaidh anailíse agus meastóireachta ar idirghníomhaíochtaí idir na hathróga sa chreat lárnach agus na hathróga sa chuid fhadaithe.

1.46 Ní thuairiscítear na hathruithe ar leas sa chreat lárnach ná i bpríomh-chomhiomláin an chreata. Is féidir cuntais fhadaithe a tharraingt suas lena n-áirítear luachanna airgeadaíochta barúlacha i dtaca leis an méid seo a leanas:

(a) 

seirbhísí tí agus seirbhísí pearsanta arna dtáirgeadh agus arna dtomhailt laistigh den teaghlach céanna;

(b) 

athruithe ar am fóillíochta;

(c) 

taitneamhachtaí agus míbhuntáistí an tsaoil uirbigh;

(d) 

éagothromais maidir le hioncam a dháileadh ar dhaoine.

1.47 Féadtar an caiteachas críochnaitheach ar riachtanais mhíthaitneamhacha (e.g. cosaint) a athaicmiú sna cuntais fhadaithe mar thomhaltas idirmheánach, i.e. caiteachas nach rannchuidíonn le leas. Ar an gcuma chéanna, féadtar an damáiste a thig ó thuillte agus ó thubaistí nádúrtha eile a aicmiú mar thomhaltas idirmheánach, i.e. mar laghdú ar (dhearbh)leas. Ar an gcuma sin, d’fhéadfaí táscaire an-gharbh, an-neamhfhoirfe ar athruithe ar leas a cheapadh. Mar sin féin, tá go leor gnéithe a bhaineann le leas, agus is fearr gan an chuid is mó díobh a lua i dtéarmaí airgeadaíochta. Dá bhrí sin, is réiteach níos fearr é chun leas a thomhas, táscairí agus aonaid tomhais ar leith a úsáid le haghaidh gach gné. Ar na táscairí sin tá, mar shampla, mortlaíocht naíonán, ionchas saoil, litearthacht aosach agus ioncam náisiúnta in aghaidh an duine. D’fhéadfaí na táscairí sin a chorprú i gcuntas satailíte.

1.48 D’fhonn creat comhsheasmhach atá comhoiriúnach ar leibhéal idirnáisiúnta a fháil, ní úsáidtear coincheapa riaracháin in CCE. Mar sin féin, chun críoch náisiúnta de gach saghas, d’fhéadfadh sé a bheith an-úsáideach figiúirí atá bunaithe ar choincheapa riaracháin a fháil. Mar shampla, chun meastachán a dhéanamh ar ioncam ó chánacha éilítear staidreamh maidir le hioncam inchánach. Is féidir an staidreamh sin a sholáthar trí roinnt modhnuithe a dhéanamh ar staidreamh na gcuntas náisiúnta.

1.49 D’fhéadfaí cur chuige cosúil a ghlacadh le haghaidh coincheap áirithe a úsáidtear sa bheartas eacnamaíoch náisiúnta, e.g. sna cásanna seo a leanas:

(a) 

coincheap an bhoilscithe a úsáidtear chun pinsin, sochair dífhostaíochta nó cúiteamh d’fhostaithe a mhéadú do státseirbhísigh;

(b) 

coincheap na gcánach, coincheap na ranníocaíochtaí sóisialta, coincheap an rialtais agus coincheap na hearnála comhchoitinne a úsáidtear agus plé á dhéanamh ar mhéid bharrmhaith na hearnála comhchoitinne;

(c) 

coincheap na n-earnálacha/na dtionscal “straitéiseach(a)” a úsáidtear i mbeartas eacnamaíoch náisiúnta nó i mbeartas eacnamaíoch an AE;

(d) 

coincheap “infheistíochtaí gnó” a úsáidtear i mbeartas eacnamaíoch náisiúnta;

(e) 

tábla ina léirítear taifeadadh iomlán pinsean.

Is féidir na riachtanais sonraí sin a shásamh le cuntais satailíte nó le táblaí forlíontacha.

CCE 2010 agus CCN 2008

1.50 Tá CCE 2010 bunaithe ar choincheapa CCN 2008, lena soláthraítear treoirlínte maidir le cuntasaíocht náisiúnta le haghaidh na dtíortha uile ar fud an domhain. Mar sin féin, tá roinnt difríochtaí idir CCE 2010 agus CCN 2008:

(a) 

difríochtaí tíolactha:

(1) 

tá caibidlí ar leith in CCE 2010 maidir le hidirbhearta táirgí, le hidirbhearta dáileacháin agus le hidirbhearta airgeadais. I gcodarsnacht leis seo, mínítear na hidirbhearta sin i CCN 2008 i gcaibidlí atá leagtha amach de réir cuntais, e.g. caibidlí maidir leis an gcuntas táirgeachta, leis an gcuntas leithdháilte phríomha ioncaim, leis an gcuntas caipitil agus le cuntas na coda eile den domhan;

(2) 

tuairiscítear gach coincheap in CCE 2010 trí shainmhíniú a thabhairt orthu agus tríd an méid a áirítear agus a eisiatar a liostú. Tuairiscítear na coincheapa de ghnáth i CCN 2008 i dtéarmaí níos ginearálta agus mínítear an réasúnaíocht atá leis na gnásanna a ghlactar;

(b) 

tá na coincheapa in CCE 2010 níos sonraí agus níos beaichte i roinnt áiteanna ná na coincheapa i CCN 2008:

(1) 

ní fhaightear critéir shonracha i CCECCN 2008 ar an idirdhealú idir na catagóirí aschuir seo a leanas: aschur margaidh, aschur chun críche úsáide críochnaithí dílse agus aschur neamh-mhargaidh. In CCE, mar sin, táthar tar éis treoir níos mionsonraithe a thabhairt isteach chun cur chuige aonfhoirmeach a áirithiú;

(2) 

glactar leis in CCE 2010 nach bhfuil cineálacha áirithe táirgthe earraí a dhéantar i dteaghlaigh, amhail fíodóireacht éadaí agus déantús troscán, tábhachtach sna Ballstáit agus nach gá iad a thaifeadadh dá bharr;

(3) 

tagraítear in CCE 2010 do shocruithe institiúideacha san AE, amhail córas Intrastat lena dtaifeadtar sreafaí earraí laistigh den AE agus ranníocaíochtaí ó na Ballstáit leis an AE;

(4) 

tá aicmithe sonracha ó thaobh an AE de in CCE 2010, e.g. Aicmiú táirgí de réir gníomhaíochta (CPA) ( 6 ) do tháirgí agus NACE Rev. 2 do thionscail (tá an dá cheann comhchuibhithe le haicmithe na Náisiún Aontaithe);

(5) 

tá aicmiú breise in CCE 2010 le haghaidh na n-idirbheart seachtrach go léir: roinntear iad idir na hidirbhearta idir cónaithigh an AE agus na hidirbhearta le cónaithigh lasmuigh den AE;

(6) 

in CCE 2010, tá athshocrú déanta ar fho-earnálacha CCN 2008 i gcás earnáil na gcorparáidí airgeadais, chun riachtanais an Aontais Airgeadaíochta Eorpaigh a chomhlíonadh. Is féidir le CCE 2010 bheith níos sonraí ná CCN 2008 toisc go mbaineann CCE 2010 go príomha leis na Ballstáit. Ba cheart go mbeadh CCE níos sonraí freisin maidir le riachtanais sonraí an Aontais.

CCE 2010 AGUS CCE 95

1.51 Tá CCE 2010 difriúil le CCE 95 ó thaobh raon feidhme de agus ó thaobh coincheap de chomh maith. Freagraíonn formhór na ndifríochtaí do dhifríochtaí idir CCN 1993 agus CCN 2008. Is iad na príomhdhifríochtaí:

(a) 

taighde agus forbairt a aithint mar fhoirmiú caipitil as a dtig sócmhainní maoine intleachtúla. Taifeadfar an t-athrú sin i gcuntas satailíte, agus áireofar é sna bunchuntais nuair a bheidh stóinseacht agus comhchuibheas leordhóthanach inbhreathnaithe sna haonaid tomhais i measc Bhallstáit an AE;

(b) 

tá caiteachas ar chórais armán a chomhlíonann an sainmhíniú ginearálta ar shócmhainní aicmithe mar fhoirmiú caipitil sheasta, seachas mar chaiteachas idirmheánach;

(c) 

táthar tar éis coincheap anailíseach na seirbhísí caipitil a thabhairt isteach do tháirgeadh chun críoch margaidh, ionas gur féidir tábla forlíontach a sholáthar ina léireofar iad mar chomhpháirt breisluacha;

(d) 

táthar tar éis teorainn na sócmhainní airgeadais a leathnú chun cuimsiú níos leithne chonarthaí na ndíorthach airgeadais a áireamh;

(e) 

rialacha nua maidir le teidlíochtaí pinsean a thaifeadadh. Táthar tar éis tábla forlíontach a thabhairt isteach sna cuntais, ionas gur féidir meastacháin a thaifeadadh i gcás na dteidlíochtaí uile san árachas sóisialta, bídís cistithe nó ná bíodh. Tugtar an réimse iomlán faisnéise is gá le haghaidh anailíse cuimsithí sa tábla seo ina léirítear na teidlíochtaí agus na sreafaí gaolmhara do na scéimeanna pinsin príobháideacha agus poiblí go léir, bídís cistithe nó ná bíodh, agus lena n-áirítear scéimeanna slándála sóisialta pinsin;

(f) 

táthar tar éis cur i bhfeidhm na rialacha maidir le hathrú úinéireachta earraí a dhéanamh uilíoch, rud as a dtig athruithe ar thaifeadadh trádála ceannaíochta, agus ar earraí a chuirtear ar aghaidh lena bpróiseáil, chuig an gcoigríoch agus sa gheilleagar intíre araon. Is é an toradh air sin gur i bhfoirm ghlan a thaifeadtar earraí a chuirtear chuig an gcoigríoch lena bpróiseáil, i gcodarsnacht le foirm chomhlán mar a bhí i CCN 1993 agus in CCE 95. Tá impleachtaí suntasacha ag an athrú sin maidir leis na gníomhaíochtaí sin a thaifeadadh sa chreat soláthair agus úsáide;

(g) 

tugtar treoir bhreise maidir le corparáidí airgeadais i gcoitinne, agus maidir le heintitis shainchuspóireacha (ESCanna) go háirithe. Athraíodh láimhseáil ESCanna faoi rialú an rialtais chun a áirithiú go dtaispeánfar dliteanais arna dtabhú ag na ESCanna i gcuntais an rialtais;

(h) 

tá soiléiriú déanta ar láimhseáil sárdhíbhinní arna n-íoc ag corparáidí poiblí, i.e. ní foláir iad a láimhseáil mar íocaíochtaí agus aistarraingtí eisceachtúla ó chothromas;

(i) 

leagtar amach na prionsabail maidir le comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a láimhseáil, agus tá síneadh curtha le láimhseáil gníomhaireachtaí athstruchtúraithe;

(j) 

táthar tar éis soiléiriú a dhéanamh ar idirbhearta idir corparáidí rialtais agus corparáidí poiblí, agus le meáin urrúsaithe, chun feabhas a chur ar thaifeadadh ítimí a d’fhéadfadh difear suntasach a dhéanamh d’fhiachas rialtais;

(k) 

táthar tar éis láimhseáil ráthaíochtaí iasachta a shoiléiriú, agus láimhseáil nua a thabhairt isteach le haghaidh ráthaíochtaí iasachta caighdeánaithe, amhail ráthaíochtaí creidmheasa onnmhairiúcháin agus ráthaíochtaí iasachta do mhic léinn. Leis an láimhseáil nua, fad agus gur dóchúil go nglaofar na ráthaíochtaí, ní foláir sócmhainn airgeadais agus dliteanas airgeadais a aithint sna cuntais.

1.52 Níl na hathruithe in CCE 2010 i gcóimheas le CCE 95 teoranta d’athruithe coincheapúla amháin. Tá difríochtaí móra sa raon feidhme, agus caibidlí nua ann ar na cuntais satailíte, ar chuntais an rialtais agus ar chuntais na coda eile den domhan. Tá síneadh suntasach curtha freisin leis na caibidlí ar na cuntais ráithiúla agus ar na cuntais réigiúnacha.

BUNPHRIONSABAIL CCE 2010 MAR CHÓRAS

1.53 Is iad príomhghnéithe an chórais:

(a) 

aonaid staidrimh agus a ngrúpálacha;

(b) 

sreafaí agus stoic;

(c) 

córas na gcuntas agus na comhiomláin;

(d) 

an creat ionchuir-aschuir.

Aonaid staidrimh agus a ngrúpálacha

1.54 Úsáidtear dhá chineál aonaid agus dhá bhealach chomhfhreagracha chun an geilleagar a fhoroinnt i gcóras CCE 2010, bealaí atá difriúil go maith le chéile agus a fhónann do dhá chuspóir dhifriúla.

1.55 Maidir leis an gcéad chuspóir ioncam, caiteachas agus sreafaí airgeadais agus cláir chomhardaithe a thuairisciú, comhlíontar é trí na haonaid institiúideacha a ghrúpáil in earnálacha de réir a bpríomhfheidhmeanna, a n-iompraíochta agus a gcuspóirí.

1.56 Maidir leis an dara cuspóir a bhaineann le próisis táirgthe a thuairisciú agus le haghaidh anailíse ionchuir-aschuir, comhlíontar é trí na haonaid phríomhghníomhaíochta áitiúla (APGanna áitiúla) a ghrúpáil i dtionscail de réir a gcineáil ghníomhaíochta. Is iad príomhthréithe gníomhaíochta: ionchur táirgí, próiseas táirgthe agus aschur táirgí.

Aonaid institiúideacha agus earnálacha institiúideacha

1.57 Is eintitis eacnamaíocha iad na heintitis institiúideacha ar féidir leo úinéireacht a fháil ar earraí agus ar shócmhainní, dliteanais a thabhú, agus dul i mbun gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus idirbheart eacnamaíoch le haonaid eile as a gceart féin. Chun críocha chóras CCE 2010, déantar na haonaid institiúideacha a ghrúpáil i gcúig earnáil institiúideacha intíre chomheisiatacha:

(a) 

corparáidí neamhairgeadais;

(b) 

corparáidí airgeadais;

(c) 

an rialtas ginearálta;

(d) 

teaghlaigh;

(e) 

institiúidí neamhbhrabúis a fhónann do theaghlaigh.

Tá an geilleagar intíre iomlán comhdhéanta as an gcúig earnáil seo le chéile. Foroinntear gach earnáil freisin i bhfo-earnálacha. Leis an gcóras CCE 2010, is féidir sraith iomlán cuntas sreafaí agus clár comhardaithe a thiomsú do gach earnáil, agus do gach fo-earnáil, agus don gheilleagar iomlán. Is féidir le haonaid neamhchónaitheacha idirghníomhú leis na cúig earnáil intíre seo, agus léirítear na hidirghníomhaíochtaí idir na cúig hearnálacha intíre agus séú hearnáil institiúideach: earnáil na coda eile den domhan.

APGanna áitiúla agus tionscail

1.58 Nuair a dhéanann aonaid institiúideacha níos mó ná gníomhaíocht amháin, déantar iad a dheighilt de réir an chineáil ghníomhaíochta. Is féidir an méid sin a bhaint amach ag úsáid APGanna áitiúla.

Comhthiomsaítear le hAPG áitiúil na codanna go léir d’aonad institiúideach ina cháil mar tháirgeoir atá suite i suíomh ar leith nó i suíomhanna gar dá chéile, agus a chuidíonn le feidhmíocht gníomhaíochta ar bith ar leibhéal aicme (ceithre dhigit) de chuid Nace Rev. 2.

1.59 Déantar APGanna áitiúla a chlárú do gach gníomhaíocht thánaisteach; mar sin féin, mura bhfuil na doiciméid chuntasaíochta a bhfuil gá leo chun a leithéidí de ghníomhaíochtaí a thuairisciú ar bhonn leithleach ar fáil, déanfar le hAPG áitiúil roinnt gníomhaíochtaí tánaisteacha a chomhcheangal. Tugtar tionscal ar ghrúpa de na APGanna áitiúla uile atá ag gabháil don phríomhghníomhaíocht chéanna nó do phríomhghníomhaíochtaí cosúla.

Cuimsíonn aonad institiúideach APG áitiúil amháin nó níos mó; is le haon aonad institiúideach amháin,agus leis sin amháin a bhaineann APG áitiúil.

1.60 Chun anailís a dhéanamh ar an bpróiseas táirgthe, baintear úsáid as aonad táirgthe anailíseach. Níl an t-aonad sin inbhreathnaithe ach amháin nuair a tháirgeann APG áitiúil cineál amháin táirge, gan aon ghníomhaíochtaí tánaisteacha. Aonad táirgthe aonchineálach a thugtar ar an aonad sin. Is ionann grúpálacha aonad den sórt sin agus brainsí aonchineálacha.

Aonaid chónaitheacha agus neamhchónaitheacha; geilleagar iomlán agus an chuid eile den domhan

1.61 Sainmhínítear an geilleagar iomlán i dtéarmaí aonad cónaitheach. Is ionann aonad agus aonad cónaitheach tíre nuair atá lárionad eacnamaíoch príomhleasa ar chríoch eacnamaíoch na tíre sin eadhon, nuair a bhíonn sé i mbun gníomhaíochtaí eacnamaíocha ar feadh tréimhse fadaithe (bliain amháin nó níos mó) sa chríoch sin. Is grúpaí d’aonaid institiúideacha chónaitheacha iad na hearnálacha institiúideacha i mír 1.57.

1.62 Téann aonaid chónaitheacha i mbun idirbheart le haonaid neamhchónaitheacha (eadhon, aonaid atá cónaitheach i ngeilleagair eile). Is idirbhearta seachtracha an gheilleagair iad na hidirbhearta seo agus grúpáiltear i gcuntas na coda eile den domhan iad. Dá bhrí sin, tá ról cosúil le ról earnála institiúidí ag an gcuid eile den domhan, cé nach n-áirítear aonaid neamhchónaitheacha ach a mhéid is a bhíonn siad i mbun idirbheart le haonaid institiúideacha chónaitheacha.

1.63 Déantar aonaid chónaitheacha bharúlacha, a láimhseáiltear in CCE 2010 mar aonaid institiúideacha sa chóras, a shainmhíniú mar seo a leanas:

(a) 

na codanna sin d’aonaid neamhchónaitheacha a bhfuil lárionad eacnamaíoch príomhleasa acu (is é sin le rá, i bhformhór na gcásanna a bhíonn i mbun idirbheart eacnamaíoch ar feadh bliana nó níos mó) i gcríoch eacnamaíoch na tíre;

(b) 

aonaid neamhchónaitheacha ina gcáil mar úinéirí talún nó úinéirí foirgneamh ar chríoch eacnamaíoch na tíre, i ndáil le hidirbhearta a bhfuil tionchar acu ar an talamh sin nó ar na foirgnimh sin amháin.

Sreafaí agus stoic

1.64 Taifeadtar dhá chineál bhunúsacha faisnéise: sreafaí agus stoic.

Tagraíonn sreafaí do ghníomhaíochtaí agus d’éifeachtaí teagmhas a tharlaíonn laistigh de thréimhse áirithe, agus tagraíonn stoic do shuíomhanna ag tráth áirithe.

Sreafaí

1.65 Léiríonn na sreafaí cruthú, claochlú, malairt, aistriú nó múchadh an luacha eacnamaíoch. Baineann siad le hathruithe ar luach sócmhainní nó ar luach dliteanas aonaid institiúidigh. Tá dhá chineál sreafa eacnamaíoch ann: idirbhearta agus athruithe eile ar na sócmhainní.

Tá idirbhearta le feiceáil sna cuntais agus sna táblaí go léir ina bhfuil sreafaí, cé is moite den chuntas athruithe eile ar mhéid na sócmhainní agus den chuntas athluachála. Is sa dá chuntas sin amháin a thaifeadtar athruithe eile ar shócmhainní.

Grúpáiltear idirbhearta bunúsacha agus sreafaí eile i líon beag cineálacha de réir a nádúir.

Idirbhearta

1.66 Is éard is idirbheart ann sreabhadh eacnamaíoch arb ionann é agus idirghníomhaíocht idir aonaid institiúideacha trí chomhaontú frithpháirteach nó trí ghníomhaíocht laistigh d’aonad institiúideach ar úsáideach é a láimhseáil mar idirbheart, mar gur minic a bhíonn an t-aonad ag oibriú in dhá cháil éagsúla. Déantar idirbhearta a dheighilt i gceithre phríomhghrúpa:

(a) 

idirbhearta táirgí: lena dtuairiscítear tionscnamh (aschur intíre nó allmhairí) agus úsáid (tomhaltas idirmheánach, tomhaltas críochnaitheach, foirmiú caipitil — lena gcumhdaítear ídiú caipitil sheasta — nó onnmhairí) táirgí;

(b) 

idirbhearta dáileacháin: lena dtuairiscítear an chaoi ina ndáiltear an breisluach a ghintear trí tháirgeadh ar shaothar, ar chaipiteal agus ar rialtas, agus an t-athdháileadh ioncaim agus rachmais (cánacha ar ioncam agus ar rachmas agus aistrithe eile);

(c) 

idirbhearta airgeadais: lena dtuairiscítear glanéadálacha sócmhainní airgeadais nó glantabhú dliteanas le haghaidh gach cineáil ionstraime airgeadais. Tarlaíonn a leithéidí d’idirbhearta i bhfoirm contrapháirteanna d’idirbhearta neamhairgeadais, agus freisin i bhfoirm idirbheart a bhaineann le hionstraimí airgeadais amháin;

(d) 

idirbhearta nach n-áirítear sna trí ghrúpa thuas: éadálacha lúide diúscairtí sócmhainní neamhtháirgthe neamhairgeadais.

Airíonna na n-idirbheart

Comparáid idir idirghníomhaíochtaí agus idirbhearta laistigh d’aonad

1.67 Is idirghníomhaíochtaí idir dhá aonad nó níos mó iad formhór na n-idirbheart. Mar sin féin, déantar roinnt gníomhaíochtaí laistigh d’aonaid institiúideacha i gcóras CCE 2010 a thaifeadadh mar idirbhearta. Is é is aidhm do thaifeadadh na n-idirbheart sin laistigh d’aonad léargas níos úsáidí ó thaobh anailíse de a thabhairt ar aschur, ar úsáidí críochnaitheacha agus ar na costais.

1.68 Is idirbheart laistigh d’aonad é ídiú an chaipitil sheasta, a thaifeadtar i gcóras CCE 2010 mar chostas. Is idirbhearta táirgí iad formhór na n-idirbheart eile laistigh d’aonad, a thaifeadtar de ghnáth nuair a roghnaíonn aonaid institiúideacha a oibríonn mar tháirgeoirí agus mar thomhaltóirí deiridh araon, cuid den aschur a tháirg siad féin a thomhailt. Is amhlaidh a bhíonn go minic i gcás na dteaghlach agus an rialtais ghinearálta.

1.69 Taifeadtar an t-aschur féintáirgthe go léir arna úsáid chun críche úsáide críochnaithí laistigh den aonad institiúideach céanna. Ní thaifeadtar aschur féintáirgthe arna úsáid chun críche tomhaltais idirmheánaigh laistigh den aonad institiúideach céanna ach amháin nuair a tharlaíonn an táirgeadh agus an tomhaltas idirmheánach in APGanna difriúla áitiúla laistigh den aonad institiúideach céanna. Ní thaifeadtar an t-aschur a tháirgtear agus a úsáidtear le haghaidh tomhaltais idirmheánaigh laistigh den APG áitiúil céanna.

Comparáid idir idirbhearta airgeadaíochta agus idirbhearta neamhairgeadaíochta

1.70 Is idirbhearta airgeadaíochta na hidirbhearta nuair a dhéanann na haonaid lena mbaineann siad íocaíochtaí nó má fhaigheann siad íocaíochtaí, nó má thabhaíonn siad dliteanais nó má fhaigheann siad sócmhainní atá ainmnithe in aonaid airgeadra.

Is idirbhearta neamhairgeadaíochta iad na h-idirbhearta nach mbaineann malairt airgid leo, ná malairt sócmhainní nó dliteanas atá ainmnithe in aonaid airgeadra. Is idirbhearta neamhairgeadaíochta iad na hidirbhearta laistigh d’aonad. Tarlaíonn idirbhearta neamhairgeadaíochta a bhaineann le níos mó ná aonad institiúideach amháin i measc idirbheart táirgí (malartú táirgí), idirbheart dáileacháin (luach saothair comhchineáil, aistrithe comhchineáil, etc.) agus idirbheart eile (malartú sócmhainní neamhtháirgthe neamhairgeadais). Taifeadtar na hidirbhearta go léir i gcóras CCE 2010 i dtéarmaí airgeadaíochta. Ní foláir, mar sin, na luachanna a thaifeadtar le haghaidh idirbheart neamhairgeadaíochta a thomhas go hindíreach nó meastachán a dhéanamh orthu ar bhealach eile.

Comparáid idir idirbhearta le contrapháirteanna agus idirbhearta gan chontrapháirteanna

1.71 Tá dhá chineál idirbhirt ann a bhaineann le níos mó ná aonad amháin. D’fhéadfadh “rud éigin a bheith á thabhairt i gcomaoin ruda éigin”, i.e. idirbhearta cúitithe, nó “rud éigin a bheith á thabhairt i gcomaoin tada” i.e. idirbhearta neamhchúitithe. Is éard atá in idirbhearta cúitithe malairtí idir aonaid institiúideacha, i.e. soláthar earraí, seirbhísí nó sócmhainní i gcomaoin contrapháirte, e.g. airgead. Is éard atá sna hidirbhearta neamhchúitithe, íocaíochtaí in airgead nó íocaíochtaí comhchineáil ó aonad institiúideach amháin le haonad eile, gan contrapháirt a bheith i gceist. Tarlaíonn idirbhearta cúitithe i ngach ceann de na ceithre ghrúpa idirbhirt, agus is idirbhearta dáileacháin, den chuid is mó, iad na hidirbhearta neamhchúitithe, mar shampla, cánacha, sochair chúnaimh shóisialta nó tabhartais. Tugtar aistrithe ar na hidirbhearta neamhchúitithe sin.

Idirbhearta athchóirithe

1.72 Taifeadtar na hidirbhearta ar an gcuma chéanna agus a fheiceann na haonaid institiúideacha lena mbaineann iad. Mar sin féin, déantar athchóiriú ar idirbhearta áirithe chun aird níos mó a dhíriú ar na gaolmhaireachtaí eacnamaíocha atá mar bhun leo. Is féidir idirbhearta a athchóiriú ar thrí bhealach: trí athródú, trí dheighilt agus tríd an bpríomhpháirtí in idirbheart a aithint.

Athródú

1.73 Is féidir idirbheart, ar léir do na haonaid lena mbaineann go bhfuil sé ag tarlú go díreach idir aonad A agus aonad C, a thaifeadadh sna cuntais mar idirbheart atá ag tarlú go hindíreach tríd an tríú haonad, aonad B. Ar an mbealach sin, taifeadtar an t-idirbheart aonair idir A agus C mar dhá idirbheart: idirbheart amháin idir A agus B, agus idirbheart amháin idir B agus C. Is é a tharlaíonn sa chás sin go ndéantar an t-idirbheart a athródú.

1.74 Is sampla den athródú seo é an chaoi ina ndéantar ranníocaíochtaí sóisialta na bhfostóirí arna n-íoc go díreach ag fostóirí leis na cistí árachais shóisialta a thaifeadtar sna cuntais. Taifeadtar na híocaíochtaí sin mar dhá idirbheart sa chóras: íocann na fostóirí ranníocaíochtaí sóisialta fostóirí lena bhfostaithe, agus íocann na fostaithe na ranníocaíochtaí céanna isteach i gcistí árachais shóisialta. Mar a tharlaíonn le gach athródú, is é an cuspóir aird a dhíriú ar an tsubstaint eacnamaíoch atá mar bhun leis an idirbheart, eadhon sa chás seo ranníocaíochtaí sóisialta na bhfostóirí a thaispeáint mar ranníocaíochtaí a íoctar chun leasa na bhfostaithe.

1.75 Is cineál eile athródaithe é idirbhearta a thaifeadadh mar idirbhearta a tharlaíonn idir dhá aonad institiúideacha nó níos mó, bíodh is nach dtarlaíonn idirbheart ar bith de réir na bpáirtithe lena mbaineann. Sampla de sin is ea an chaoi a láimhseáiltear ioncam ó mhaoin arna thuilleamh ar chistí árachais áirithe, agus a choimeádann gnóthais árachais. Taifeadtar an t-ioncam ó mhaoin seo sa chóras mar ioncam a íocann gnóthais árachais le sealbhóirí polasaithe, a íocann an tsuim chéanna ar ais ansin leis na gnóthais árachais i bhfoirm forlíontaí préimhe.

Deighilt

1.76 I gcás idirbhirt ar léir do na páirtithe lena mbaineann gur idirbheart aonair atá ann, ach a thaifeadtar mar dhá idirbheart nó níos mó atá aicmithe ar bhealaí difriúla, deirtear go ndéantar an t-idirbheart a dheighilt. Ní chiallaíonn deighilt go mbíonn aonaid bhreise i gceist sna hidirbhearta.

1.77 Is idirbheart deighilte coitianta í íocaíocht préimheanna árachais neamhshaoil. Cé go bhféachann sealbhóirí polasaithe agus árachóirí ar na híocaíochtaí sin mar idirbheart amháin, foroinntear iad in dhá idirbheart atá an-difriúil le chéile i gcóras CCE 2010: íocaíochtaí i gcomaoin seirbhísí árachais neamhshaoil arna soláthar, agus íocaíochtaí i gcomaoin glanphréimheanna árachais neamhshaoil. Sampla eile de dheighilt is ea díol táirge a thaifeadadh mar dhíol an táirge agus mar dhíol corrlach trádála.

An príomhpháirtí in idirbheart a aithint

1.78 Nuair a dhéanann aonad idirbheart thar ceann aonaid eile (an príomhpháirtí) agus gurb é an t-aonad sin a mhaoiníonn an t-idirbheart, is i gcuntais an phríomhpháirtí amháin a dhéantar an t-idirbheart a thaifeadadh. De ghnáth, níor cheart dul níos faide ná an prionsabal sin agus níor cheart iarracht a dhéanamh, mar shampla, cánacha nó fóirdheontais a leithdháileadh ar íocóirí deiridh nó ar thairbhithe deiridh ar bhonn toimhdí sonracha.

Sampla is ea cánacha á mbailiú ag aonad rialtais amháin thar ceann aonaid rialtais eile. Cuirtear cáin i leith an rialtais sin a fheidhmíonn an t-údarás chun cáin a fhorchur (mar phríomhpháirtí nó trí údarás tarmligthe an phríomhpháirtí) agus a bhfuil lánrogha chríochnaitheach aige ráta na cánach a shocrú agus a athrú.

Cásanna idir eatarthu

1.79 De réir an tsainmhínithe ar idirbheart, tá sé intuigthe go ndéantar idirghníomhaíocht idir aonaid institiúideacha trí chomhaontú frithpháirteach. Nuair a dhéantar idirbheart trí chomhaontú frithpháirteach, is intuigthe réamheolas agus toiliú na n-aonad institiúideach. Is trí chomhaontú frithpháirteach a íoctar cánacha, fíneálacha agus pionóis ós rud é gur saoránach atá faoi réir dhlí na tíre é an t-íocóir. Mar sin féin, ní fhéachtar ar urghabháil neamhchúitithe sócmhainní mar idirbheart, fiú má fhorchuirtear í de réir an dlí.

Ba cheart gníomhaíochtaí eacnamaíocha neamhdhleathacha a láimhseáil mar idirbhearta nuair a théann na haonaid ar fad lena mbaineann i mbun na ngníomhaíochtaí trí chomhaontú frithpháirteach. Dá bharr sin, is idirbhearta iad drugaí neamhdhleathacha nó maoin ghoidte a cheannach, a dhíol nó a mhalartú, cé nach idirbheart é í an ghoid.

Athruithe eile ar shócmhainní

1.80 In athruithe eile ar shócmhainní taifeadtar athruithe nach dtig as idirbhearta. Is éard atá iontu:

(a) 

athruithe eile ar mhéid na sócmhainní agus na ndliteanas; nó

(b) 

gnóthachain sealúchais agus caillteanais sealúchais.

Athruithe eile ar mhéid na sócmhainní agus na ndliteanas

1.81 Tá na hathruithe eile ar mhéid na sócmhainní agus na ndliteanas roinnte i dtrí phríomhchatagóir:

(a) 

gnáth-thaispeánadh agus gnáthimeacht sócmhainní seachas trí idirbhearta;

(b) 

athruithe ar shócmhainní agus ar dhliteanais i ngeall ar theagmhais eisceachtúla gan choinne nach de chineál eacnamaíoch iad;

(c) 

athruithe ar aicmiú agus ar struchtúr.

1.82 Ar shamplaí d’athruithe a thig faoi réim na catagóire dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1.81 tá aimsiú nó ídiú sócmhainní fo-ithreach, agus fás nádúrtha acmhainní bitheolaíochta neamhshaothraithe. I measc samplaí d’athruithe a thig faoi réim na catagóire dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1.81 tá caillteanais sócmhainní i ngeall ar thubaistí nádúrtha, ar chogadh nó ar ghníomhaíochtaí coiriúla tromchúiseacha. Baineann cealú aontaobhach fiachais agus urghabháil neamhchúitithe sócmhainní le catagóir (b) chomh maith. Sampla a thig faoi réim na catagóire dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1.81 is ea athaicmiú aonaid institiúidigh ó earnáil amháin go hearnáil eile.

Gnóthachain sealúchais agus caillteanais sealúchais

1.83 Tarlaíonn gnóthachain sealúchais agus caillteanais sealúchais nuair a thagann athruithe ar phraghsanna sócmhainní. Tarlaíonn siad i gcás gach cineáil sócmhainne airgeadais agus sócmhainne neamhairgeadais, agus i gcás dliteanas. Fabhraíonn gnóthachain sealúchais agus caillteanais sealúchais ar úinéirí sócmhainní agus ar úinéirí dliteanas díreach mar thoradh ar shócmhainní nó ar dhliteanais a shealbhú le himeacht aimsire, gan iad a chlaochlú ar aon slí.

1.84 Tugtar gnóthachain ainmniúla agus caillteanais ainmniúla sealúchais ar ghnóthachain sealúchais agus ar chaillteanais sealúchais a thomhastar ar bhonn phraghsanna reatha an mhargaidh. Is féidir iad sin a mhiondealú i ngnóthachain neodracha agus caillteanais neodracha sealúchais, lena léirítear athruithe ar leibhéal ginearálta praghsanna, agus i ngnóthachain réadacha agus caillteanais réadacha sealúchais, lena léirítear athruithe ar phraghsanna sócmhainní seachas an t-athrú ginearálta ar phraghsanna.

Stoic

1.85 Is éard atá i stoic sealúchais sócmhainní agus sealúchais dliteanas ag tráth áirithe. Taifeadtar stoic ag tús agus ag deireadh gach tréimhse cuntasaíochta. Tugtar cláir chomhardaithe ar na cuntais ina dtaispeántar stoic.

1.86 Taifeadtar na stoic i gcás daonra agus i gcás na fostaíochta chomh maith. Mar sin féin, taifeadtar na stoic seo mar mheánluachanna thar an tréimhse chuntasaíochta. Taifeadtar na stoic i gcás na sócmhainní go léir laistigh de theorainneacha an chórais; i.e. is é sin le rá sócmhainní airgeadais agus dliteanais airgeadais agus sócmhainní neamhairgeadais táirgthe agus neamhtháirgthe araon. Mar sin féin, ní chuimsítear ach na sócmhainní sin a úsáidtear i ngníomhaíocht eacnamaíoch agus atá faoi réir ceart úinéireachta.

1.87 Ar an gcaoi sin, ní thaifeadtar stoic i gcás sócmhainní amhail caipiteal daonna agus acmhainní nádúrtha mura bhfuil siad faoi úinéireacht.

Laistigh dá theorainneacha, is córas uileghabhálach é CCE 2010 maidir le sreafaí agus stoic araon. Tugann an méid sin le tuiscint gur féidir gach athrú ar na stoic a mhíniú go hiomlán trí shreafaí taifeadta.

Córas na gcuntas agus na comhiomláin

Rialacha cuntasaíochta

1.88 Is éard a thaifeadtar i gcuntas athruithe ar luach a fhabhraíonn ar aonad nó ar earnáil de réir chineál na sreafaí eacnamaíocha a léirítear sa chuntas. Is tábla é ina bhfuil dhá cholún. Is cuntais reatha iad na cuntais ina léirítear táirgeadh, ginúint agus leithdháileadh ioncaim, dáileadh agus athdháileadh ioncaim, agus a úsáid. Is cuntais charntha iad na cuntais chaipitil agus airgeadais, agus na cuntais athruithe eile ar an méid.

Téarmaíocht le haghaidh an dá thaobh de na cuntais

1.89 I gcóras CCE 2010, léirítear “acmhainní” ar thaobh deas na gcuntas reatha áit a mbíonn idirbhearta le feiceáil a chuireann le luach eacnamaíoch aonaid nó earnála. Ar thaobh clé na gcuntas léirítear “úsáidí” — idirbhearta a laghdaíonn luach eacnamaíoch. Léirítear “athruithe ar dhliteanais agus ar ghlanfhiúchas” ar thaobh deas na gcuntas carntha agus léirítear “athruithe ar shócmhainní” ar an taobh clé. Cuirtear na cláir chomhardaithe i láthair trí “dliteanais agus glanfhiúchas” (an difríocht idir sócmhainní agus dliteanais) a chur ar an taobh deas agus trí “sócmhainní” a chur ar an taobh clé. Nuair a chuirtear dhá chlár comhardaithe chomhleanúnacha i gcomparáid le chéile feictear na hathruithe ar dhliteanais agus ar ghlanfhiúchas agus na hathruithe ar shócmhainní.

1.90 Déantar idirdhealú in CCE idir úinéireacht dhlíthiúil agus úinéireacht eacnamaíoch. Is é an critéar maidir le haistriú earraí ó aonad amháin go haonad eile a thaifeadadh go dtéann an úinéireacht eacnamaíoch ar aghaidh ó aonad amháin go haonad eile. Is é an t-úinéir dlíthiúil an t-aonad atá i dteideal shochair na seilbhe, de réir dlí. Mar sin féin, is féidir le húinéir dlíthiúil conrú le haonad eile le go ngabhfaidh an t-aonad eile sin na rioscaí agus na sochair a bhaineann leis na hearraí a úsáid i dtáirgeadh, i gcomaoin íocaíochta comhaontaithe. Is léas airgeadais é an comhaontú sin, nuair nach léiríonn na híocaíochtaí ach amháin gur chuir soláthróir an tsócmhainn ar fáil don iasachtaí. Mar shampla, nuair atá eitleán faoi úinéireacht dhlíthiúil bainc, ach go ndéanann an banc léas airgeadais le haerlíne chun an t-eitleán a oibriú, glactar leis ansin gurb í an aerlíne úinéir an eitleáin fad is a bhaineann le hidirbhearta sna cuntais. Tráth a dtaispeántar go gceannaíonn an aerlíne an t-eitleán, tugann an banc iasacht bharúlach don aerlíne a léiríonn na suimeanna atá dlite sa todhchaí as an eitleán a úsáid.

Iontráil dhúbailte/iontráil cheathrúil

1.91 I gcás aonaid nó earnála, bunaítear an chuntasaíocht náisiúnta ar phrionsabal na hiontrála dúbailte. Taifeadtar gach idirbheart faoi dhó, uair amháin mar acmhainn (nó athrú ar dhliteanais) agus uair amháin mar úsáid (nó athrú ar shócmhainní). Ní foláir go mbeidh iomlán na n-idirbheart arna dtaifeadadh mar acmhainní nó mar athruithe ar dhliteanais agus iomlán na n-idirbheart arna dtaifeadadh mar úsáidí nó mar athruithe ar shócmhainní cothrom le chéile, rud a fhágann, ar an dóigh sin, gur féidir comhsheasmhacht na gcuntas a sheiceáil.

1.92 Tá na cuntais náisiúnta — lena n-áirítear na haonaid agus na hearnálacha go léir — bunaithe ar phrionsabal na hiontrála ceathrúla, ós rud é go mbaineann formhór na n-idirbheart le dhá aonad institiúideacha. Déanfaidh an bheirt oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann gach idirbheart den chineál sin a thaifeadadh faoi dhó. Mar shampla, déantar sochar sóisialta in airgead tirim arna íoc ag aonad rialtais le teaghlach a thaifeadadh i gcuntais an rialtais mar úsáid faoi aistrithe agus mar éadálacha diúltacha sócmhainní faoi airgeadra agus taiscí; taifeadtar é i gcuntais earnáil na dteaghlach mar acmhainn faoi aistrithe agus mar éadálacha sócmhainní faoi airgeadra agus taiscí.

1.93 Maidir le hidirbhearta laistigh d’aonad amháin (amhail aschur á thomhailt ag an aonad céanna a tháirg é) ní éilítear ach dhá iontráil, ar gá meastachán a dhéanamh ar a luachanna.

Luacháil

1.94 Cé is moite de roinnt athróg a bhaineann le daonra agus le saothar, taispeántar na sreafaí agus na stoic go léir i dtéarmaí airgeadaíochta i gcóras CCE 2010. Tomhasfar sreafaí agus stoic de réir a luacha malairte, i.e. an luach ag a malartaítear sreafaí agus stoic ar airgead i ndáiríre nó ag a bhfhéadfaí iad a mhalartú. Dá réir sin, is iad praghsanna an mhargaidh an tagairt i ndáil le luacháil in CCE.

1.95 I gcás na n-idirbheart airgeadaíochta agus na sealúchas airgid agus na ndliteanas airgid, tá na luachanna is gá ar fáil go díreach. I bhformhór na gcásanna eile, is é an modh luachála is fearr tagairt a dhéanamh do phraghsanna an mhargaidh ar earraí, ar sheirbhísí nó ar shócmhainní den chineál céanna. Úsáidtear an modh sin le haghaidh e.g. malartú agus seirbhísí teaghaisí úinéirí-áitithe. Nuair nach bhfuil aon phraghsanna margaidh ar tháirgí den chineál céanna ar fáil, mar shampla i gcás seirbhísí neamh-mhargaidh arna dtáirgeadh ag an rialtas, déantar luacháil trí chostais táirgthe a shuimeáil. Más rud é nach bhfuil aon phraghas margaidh ar fáil chun tagairt a dhéanamh dó, agus nach bhfuil costais ar fáil, féadfar sreafaí agus stoic a luacháil ag luach láithreach lascainithe na bhfáltas a thuartar don todhchaí. Ní úsáidfear an modh deireanach seo ach amháin mar rogha dheiridh.

1.96 Déantar stoic a luacháil ag na praghsanna atá reatha an tráth a mbaineann an clár comhardaithe leis, seachas an tráth a dtáirgtear na hearraí nó na sócmhainní atá in ionannas leis na stoic nó an tráth a bhfaightear iad mar éadáil. Is gá na stoic a luacháil ag meastachán díluacháilte ar a luachanna éadála reatha nó ag a gcostais táirgthe.

Luachálacha speisialta maidir le táirgí

1.97 Mar thoradh ar chostais iompair, ar chorrlaigh trádála agus ar chánacha lúide fóirdheontais ar tháirgí, tá tuiscint dhifriúil ag an táirgeoir agus ag an úsáideoir ar luach táirge áirithe. D’fhonn cloí a mhéad is féidir le dearcadh na n-oibreoirí eacnamaíocha, taifeadtar gach úsáid i gcóras CCE 2010 ag praghsanna an cheannaitheora, lena n-áirítear costais iompair, corrlaigh trádála agus cánacha lúide fóirdheontais ar tháirgí, agus taifeadtar an t-aschur ag na bunphraghsanna, nuair nach n-áirítear na heilimintí sin.

1.98 Taifeadtar allmhairí táirgí agus onnmhairí táirgí ag luachanna teorannacha. Luacháiltear iomlán na n-allmhairí agus na n-onnmhairí ag teorainn chustaim an onnmhaireora, nó saor ar bord (SAB). Ní áirítear seirbhísí iompair agus seirbhísí árachais arna soláthar ag gnóthais eachtracha idir teorainn an onnmhaireora agus teorainn an allmhaireora i luach na n-earraí ach taifeadtar iad faoi sheirbhísí. Toisc go bhfhéadfadh sé nárbh fhéidir luachanna SAB a fháil le haghaidh miondealú mionsonraithe ar na táirgí, léirítear sna táblaí ina bhfuil mionsonraí maidir le trádáil eachtrach na hallmhairí a luacháiltear ag teorainn chustaim an allmhaireora (luach CAL (costas, árachas agus last-táille)). Áirítear na seirbhísí iompair agus na seirbhísí árachais go léir chomh fada le teorainn an allmhaireora i luach na n-earraí allmhairithe. A mhéid agus a bhaineann na seirbhísí sin le seirbhísí tí, déantar coigeartú foriomlán SAB/CAL sa tíolacadh sin.

Luacháil ag praghsanna tairiseacha

1.99 Is éard atá i gceist le luacháil ag praghsanna tairiseacha na sreafaí agus na stoic a luacháil i dtréimhse chuntasaíochta ag praghsanna tréimhse níos luaithe. Is é is aidhm don luacháil ag praghsanna tairiseacha athruithe le himeacht aimsire ar luachanna na sreafaí agus na stoc a mhiondealú in athruithe ar phraghas agus in athruithe ar an méid. Tuairiscítear sreafaí agus stoic ag praghsanna tairiseacha i dtéarmaí méideanna.

1.100 I gcás go leor sreafaí agus stoc, e.g. ioncam, níl toisí praghais agus toisí cainníochta dá gcuid féin acu. Mar sin féin, is féidir cumhacht ceannaigh na n-athróg seo a fháil ach na luachanna reatha a dhíbhoilsciú le hinnéacs praghsanna oiriúnach, e.g. an t-innéacs praghsanna le haghaidh úsáidí críochnaitheacha náisiúnta, gan athruithe ar fhardail a áireamh. Tuairiscítear sreafaí agus stoic díbhoilscithe i dtéarmaí réadacha freisin. Sampla den mhéid sin is ea ioncam indiúscartha réadach.

Tráth taifeadta

1.101 Taifeadtar sreafaí ar bhonn fabhraithe; is é sin, nuair a dhéantar luach eacnamaíoch a chruthú, a chlaochlú nó a mhúchadh, nó nuair a thagann éilimh nó oibleagáidí chun cinn nó nuair a chlaochlaítear nó nuair a chealaítear iad.

1.102 Taifeadtar aschur tráth a tháirgthe seachas tráth a n-íocann an ceannaitheoir as. Taifeadtar díol sócmhainne nuair a aistrítear í ó úinéir amháin go húinéir eile, seachas tráth a ndéantar an íocaíocht chomhfhreagrach. Taifeadtar ús sa tréimhse chuntasaíochta ina bhfabhraíonn sé, is cuma más sa tréimhse sin a íoctar é nó nach ea. Tá feidhm ag an taifeadadh ar bhonn fabhraithe maidir leis na sreafaí go léir, sreafaí airgeadaíochta agus neamhairgeadaíochta araon, agus sreafaí laistigh d’aonad chomh maith le sreafaí idir aonaid.

1.103 D’fhéadfadh gá a bheith leis an gcur chuige sin a mhaolú i gcás cánacha agus sreafaí eile a bhaineann leis an rialtas ginearálta, a thaifeadtar go minic ar bhonn airgid i gcuntais an rialtais. D’fhéadfadh sé a bheith deacair claochlú beacht a dhéanamh ar na sreafaí sin ó bhonn airgid go bonn fabhraithe, agus mar sin féadfar modh neastacháin a úsáid.

1.104 Mar eisceacht ó na rialacha ginearálta lena rialaítear taifeadadh cánacha agus ranníocaíochtaí sóisialta atá iníoctha leis an rialtas ginearálta, is féidir iad a thaifeadadh mar fhigiúr glan, gan an chuid nach dóchúil go mbaileofar í a áireamh nó, má áirítear an chuid sin, déantar í a neodrú sa tréimhse chuntasaíochta chéanna trí aistriú caipitil ón rialtas ginearálta go dtí na hearnálacha ábhartha.

1.105 Taifeadtar sreafaí ag an tráth céanna i gcás na n-aonad institiúideach go léir lena mbaineann agus sna cuntais go léir. Ní chuireann na haonaid institiúideacha na rialacha cuntasaíochta céanna i bhfeidhm i gcónaí. Fiú nuair a dhéanann siad, áfach, féadtar go dtarlaíonn difríochtaí sa taifeadadh iarbhír ar chúiseanna praiticiúla, amhail moill ar an gcumarsáid. Dá bhrí sin, féadtar go dtaifeadfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann na hidirbhearta ag tráthanna difriúla. Déantar na neamhréireachtaí sin a dhíchur trí choigeartuithe a dhéanamh.

Comhdhlúthú agus glanluacháil

Comhdhlúthú

1.106 Tagraíonn comhdhlúthú d’idirbhearta a tharlaíonn idir aonaid, i gcás ina ngrúpáiltear aonaid, a dhíchur ó na húsáidí agus ó na hacmhainní araon, agus do dhíchur sócmhainní airgeadais cómhalartacha agus dliteanas airgeadais cómhalartach. Tarlaíonn sé sin de ghnáth nuair a chuirtear cuntais fho-earnálacha an rialtais ghinearálta le chéile.

1.107 Mar phrionsabal, níor cheart sreafaí agus stoic idir chomhaonaid laistigh d’fho-earnálacha nó d’earnálacha a chomhdhlúthú.

1.108 Mar sin féin, is féidir cuntais chomhdhlúite a thiomsú le haghaidh tíolactha fhorlíontaigh agus anailísí forlíontacha. Féadfaidh faisnéis faoi idirbhearta na bhfo-earnálacha/na n-earnálacha sin le hearnálacha eile agus an staid airgeadais “sheachtrach” chomhfhreagrach a bheith níos suntasaí ná na figiúirí comhlána foriomlána.

1.109 Thairis sin, tugann na cuntais agus na táblaí ina léirítear an ghaolmhaireacht idir creidiúnaí/féichiúnaí léargas mionsonraithe ar mhaoiniú an gheilleagair agus meastar go bhfuil siad an-úsáideach chun na bealaí trína ngluaiseann an barrachas maoinithe ó iasachtóirí deiridh go hiasachtaithe deiridh a thuiscint.

Glanluacháil

1.110 D’fhéadfadh an cineál céanna idirbhirt, i bhfoirm úsáide agus i bhfoirm acmhainne araon, a bheith ag aonaid aonair nó ag earnálacha aonair (e.g. íocann siad ús agus faigheann siad ús freisin) agus an cineál céanna ionstraime airgeadais i bhfoirm sócmhainne agus i bhfoirm dliteanais araon. Is é an cur chuige in CCE olltaifeadadh a dhéanamh, cé is moite den mhéid glanluachála is gné dhílis de na haicmithe féin.

1.111 Tá an ghlanluacháil intuigthe i gcatagóirí éagsúla idirbhirt, arb iad “athruithe ar fhardail” an sampla is suntasaí díobh, lena gcuirtear béim ar an ngné is suntasaí ó thaobh anailíse den fhoirmiú caipitil foriomlán seachas breiseanna laethúla agus aistarraingtí laethúla a rianú. Ar an gcuma chéanna, cé is moite de roinnt eisceachtaí, déantar méadú ar shócmhainní agus ar dhliteanais a thaifeadadh i bhfoirm ghlan sa chuntas airgeadais agus sa chuntas athruithe eile ar shócmhainní, agus cuirtear béim ar iarmhairtí críochnaitheacha na gcineálacha sin sreafaí ag deireadh na tréimhse cuntasaíochta.

Cuntais, ítimí comhardaithe agus comhiomláin

1.112 I gcás aonad nó grúpaí aonad, taifeadtar idirbhearta a bhaineann le gné den saol eacnamaíoch (mar shampla, táirgeadh) i gcuntais éagsúla. I gcás an chuntais táirgeachta, ní léireofar comhardú idir úsáidí agus acmhainní sna hidirbhearta gan ítim chomhardaithe a úsáid. Ar an dóigh chéanna, ní foláir ítim chomhardaithe (glanluach) a úsáid idir iomlán na sócmhainní agus iomlán na ndliteanas in aonad institiúideach nó in earnáil institiúideach. Is uirlisí tomhais fóinteacha ar fheidhmíocht eacnamaíoch iad na hítimí comhardaithe féin. Nuair a shuimítear iad don gheilleagar ar fad, is comhiomláin shuntasacha iad.

Seicheamh na gcuntas

1.113 Tá an córas CCE 2010 bunaithe ar sheicheamh de chuntais idirnasctha. Tá seicheamh iomlán na gcuntas le haghaidh na n-aonad institiúideach agus na n-earnálacha institiúideacha comhdhéanta de chuntais reatha, de chuntais charntha agus de chláir chomhardaithe.

1.114 Déileáiltear sna cuntais reatha le táirgeadh, le ginúint, le dáileadh agus le hathdháileadh ioncaim agus le húsáid an ioncaim sin i bhfoirm tomhaltais chríochnaithigh. Sna cuntais charntha cuimsítear athruithe ar shócmhainní agus ar dhliteanais agus athruithe ar ghlanfhiúchas (an difríocht idir shócmhainní agus dhliteanais aon aonaid institiúidigh nó aon ghrúpa aonad ar bith). Tuairiscítear stoic na sócmhainní agus na ndliteanas agus an glanfhiúchas sna cláir chomhardaithe.

1.115 Giorraítear seicheamh na gcuntas le haghaidh na nAPGanna áitiúla agus na dtionscal go dtí na chéad chuntais reatha: an cuntas táirgeachta agus an cuntas giniúna ioncaim, arb é an barrachas oibriúcháin an ítim chomhardaithe.

An cuntas earraí agus seirbhísí

1.116 Léirítear sa chuntas earraí agus seirbhísí, le haghaidh an gheilleagair ina iomláine nó le haghaidh grúpaí táirgí, iomlán na n-acmhainní earraí agus seirbhísí (aschur agus allmhairí) agus iomlán na n-úsáidí earraí agus seirbhísí (tomhaltas idirmheánach, tomhaltas críochnaitheach, athruithe ar fhardail, ollfhoirmiú caipitil sheasta, éadálacha lúide diúscairtí earraí luachmhara, agus onnmhairí). Ní cuntas an cuntas seo sa chiall chéanna agus na cuntais eile sa seicheamh, agus ní ghineann sé ítim chomhardaithe a chuirtear ar aghaidh go dtí an chéad chuntas eile sa seicheamh. Ina ionad sin, is tíolacadh comhionannais chuntasaíochta é i bhfoirm tábla ina bhfuil dá réir an soláthar cothrom leis an éileamh i gcás na dtáirgí agus na ngrúpaí táirgí uile sa gheilleagar.

Cuntas na coda eile den domhan

1.117 Cumhdaítear i gcuntas na coda eile den domhan idirbhearta idir aonaid institiúideacha chónaitheacha agus aonaid institiúideacha neamhchónaitheacha agus stoic ghaolmhara na sócmhainní agus na ndliteanas.

Toisc go bhfuil ról fearacht earnála institiúidí ag an gcuid eile den domhan sa struchtúr cuntasaíochta, tá cuntas na coda eile den domhan bunaithe ar an dearcadh atá ag an gcuid eile den domhan. Is ionann acmhainn don chuid eile den domhan agus úsáid don gheilleagar iomlán agus a mhalairt. I gcás ina bhfuil ítim chomhardaithe dheimhneach ann, ciallaíonn sé barrachas don chuid eile den domhan ach easnamh don gheilleagar iomlán, agus a mhalairt más ítim chomhardaithe dhiúltach atá ann.

Tá cuntas na coda eile den domhan éagsúil leis na cuntais earnála eile sa mhéid is nach dtaispeántar ann idirbhearta cuntasaíochta uile na coda eile den domhan, ach amháin na hidirbhearta sin a bhfuil contrapháirt acu sa gheilleagar intíre atá á thomhas.

Ítimí comhardaithe

1.118 Faightear ítim chomhardaithe trí luach iomlán na n-iontrálacha ar thaobh amháin de chuntas a asbhaint ón luach iomlán ar an taobh eile.

Tá méid mór faisnéise sna hítimí comhardaithe, lena n-áirítear roinnt de na hiontrálacha is tábhachtaí sna cuntais, mar is léir ó na samplaí seo a leanas d’ítimí comhardaithe: breisluach, barrachas oibriúcháin, ioncam indiúscartha, coigilt, glaniasachtú/glaniasachtaíocht.

Sa léaráid seo a leanas taispeántar seicheamh na gcuntas i bhfoirm sreafa — taispeántar gach ítim chomhardaithe i gcló trom.

Léaráid de sheicheamh na gcuntas