02011R0692 — GA — 01.01.2020 — 002.003
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN (AE) UIMH. 692/2011 ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 6 Iúil 2011 maidir le staidreamh Eorpach ar thurasóireacht agus lena n-aisghairtear Treoir 95/57/CE ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) (IO L 192 22.7.2011, lch. 17) |
Arna leasú le:
|
|
Iris Oifigiúil |
||
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
COMMISSION DELEGATED REGULATION (EU) No 253/2013 of 15 January 2013 (*) |
L 79 |
5 |
21.3.2013 |
|
COMMISSION DELEGATED REGULATION (EU) 2019/1681 of 1 August 2019 (*) |
L 258 |
1 |
9.10.2019 |
|
COMMISSION DELEGATED REGULATION (EU) 2020/1569 of 23 July 2020 (*) |
L 359 |
1 |
29.10.2020 |
(*) |
Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge |
RIALACHÁN (AE) UIMH. 692/2011 ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 6 Iúil 2011
maidir le staidreamh Eorpach ar thurasóireacht agus lena n-aisghairtear Treoir 95/57/CE ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo, bunaítear creat coiteann maidir le forbairt chórasach, táirgeadh córasach agus scaipeadh córasach staidrimh Eorpaigh ar thurasóireacht.
Chuige sin, déanfaidh Ballstáit staidreamh comhchuibhithe ar sholáthar agus éileamh turasóireachta a bhailiú, a thiomsú, a phróiseáil agus a tharchur.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo:
ciallaíonn “tréimhse thagartha” tréimhse dá dtagraíonn sonraí;
ciallaíonn “bliain tagartha” tréimhse thagartha aon bhliana féilire amháin;
ciallaíonn “NACE Rev. 2” aicmiú coiteann staidrimh na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha laistigh den Aontas, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );
ciallaíonn “NUTS” aicmiú coiteann na n-aonad críochach i dtaca le táirgeadh staidrimh réigiúnaigh laistigh den Aontas, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 );
ciallaíonn “gnáth-thimpeallacht” an limistéar geografach, cé nach gá gur limistéar aonair gan aon bhriseadh é, ar laistigh de a sheolann duine aonair a ghnáthaimh rialta saoil agus déanfar é a chinneadh ar bhonn na gcritéar seo a leanas: teorainneacha riaracháin a thrasnú nó an fad ón áit ghnáthchónaithe, ré na cuairte, minicíocht na cuairte, cuspóir na cuairte;
ciallaíonn “turasóireacht” an ghníomhaíocht arb é atá ann ná cuairteoirí i mbun turais chuig príomhcheann scríbe lasmuigh dá ngnáth-thimpeallacht, ar feadh tréimhse is giorra ná bliain amháin, ar phríomhchuspóir ar bith, lena n-áirítear gnó, fóillíocht nó cuspóir pearsanta eile, seachas chun bheith ar fostú ag eintiteas cónaitheach san áit a dtugtar cuairt uirthi;
ciallaíonn “turasóireacht intíre” cuairteanna laistigh de Bhallstát ar thaobh cuairteoirí ar cónaitheoirí de chuid an Bhallstáit sin iad;
ciallaíonn “turasóireacht isteach” cuairteanna chuig Ballstát ar thaobh cuairteoirí nach cónaitheoirí de chuid an Bhallstáit sin iad;
ciallaíonn “turasóireacht amach” cuairteanna ar thaobh cónaitheoirí Ballstáit chuig áiteanna lasmuigh den Bhallstát sin;
ciallaíonn “turasóireacht náisiúnta” turasóireacht intíre agus turasóireacht amach;
ciallaíonn “turasóireacht laistigh” turasóireacht intíre agus turasóireacht isteach;
ciallaíonn “bunachas cóiríochta turasóireachta” aonad áitiúil cineáil gníomhaíochta, mar atá sainmhínithe san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 696/93 ón gComhairle an 15 Márta 1993 maidir leis na haonaid staidrimh i ndáil le breathnú agus anailísiú an chórais táirgeachta sa Chomhphobal ( 3 ), ar aonad é trína ndéantar seirbhísí cóiríochta gearrthéarma nó gearrfhanachta, de réir mar a thuairiscítear i ngrúpa 55.1 (óstáin agus cóiríocht chomhchosúil), i ngrúpa 55.2 (cóiríocht saoire agus cóiríocht eile ghearrfhanachta) agus i ngrúpa 55.3 (tailte campála, páirceanna feithiclí áineasa agus páirceanna leantóirí) de chuid NACE Rev. 2 a sholáthar mar sheirbhís íoctha — cé go bhféadfadh fóirdheontas páirteach nó fóirdheontas iomlán a bheith ann i leith an phraghais;
ciallaíonn “cóiríocht nach cóiríocht ar cíos í”, inter alia, cóiríocht arna soláthar gan mhuirear ag daoine den teaghlach nó ag cairde agus cóiríocht i dtithe saoire úinéir-áitithe, lena n-áirítear maoin amroinnte;
ciallaíonn “cuairteanna aon lae” cuairteanna gan fanacht thar oíche arna dtabhairt ag cónaitheoirí ar áiteanna lasmuigh dá ngnáth-thimpeallachat agus arna dtionscnamh ón áit ghnáthchónaithe.
Airteagal 3
Na hábhair a chumhdaítear agus saintréithe na sonraí a éilítear
Chun críocha an Rialacháin seo, bainfidh na sonraí atá le tarchur ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 9 leis na nithe seo a leanas:
turasóireacht laistigh, i dtéarmaí acmhainneacht agus áitíocht na mbunachas cóiríochta turasóireachta, maidir leis na hathróga, an tréimhsiúlacht agus na miondealuithe atá leagtha síos i Roinn 1, i Roinn 2 agus i Roinn 3 d’Iarscríbhinn I;
turasóireacht laistigh, i dtéarmaí oícheanta turasóireachta a chaitear i gcóiríocht nach cóiríocht ar cíos í, maidir leis na hathróga, an tréimhsiúlacht agus na miondealuithe atá leagtha síos i Roinn 4 d’Iarscríbhinn I;
turasóireacht náisiúnta, i dtéarmaí an éilimh ar thurasóireacht, a bhaineann le rannpháirtíocht i dturasóireacht agus saintréithe na dturas turasóireachta agus na gcuairteoirí, maidir leis na hathróga, an tréimhsiúlacht agus na miondealuithe atá leagtha síos i Roinn 1 agus i Roinn 2 d’Iarscríbhinn II;
turasóireacht náisiúnta, i dtéarmaí an éilimh ar thurasóireacht, a bhaineann le saintréithe na gcuairteanna aon lae, maidir leis na hathróga, an tréimhsiúlacht agus na miondealuithe atá leagtha síos i Roinn 3 d’Iarscríbhinn II.
Airteagal 4
Raon feidhme na breathnadóireachta
Is mar a leanas a bheidh raon feidhme na breathnadóireachta maidir leis na ceanglais atá leagtha síos sna hAirteagail seo a leanas:
in Airteagal 3(1)(a), na bunachais chóiríochta turasóireachta go léir mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(1)(l), mura sonraítear a mhalairt in Iarscríbhinn I;
in Airteagal 3(1)(b), na hoícheanta turasóireachta go léir a chaith cónaitheoirí agus neamhchónaitheoirí i gcóiríocht nach cóiríocht ar cíos í;
in Airteagal 3(1)(c), maidir leis na sonraí ar rannpháirtíocht i dturasóireacht, na daoine aonair go léir atá ina gcónaí i gcríoch an Bhallstáit, mura sonraítear a mhalairt i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II;
in Airteagal 3(1)(c), maidir leis na sonraí ar shaintréithe na dturas turasóireachta agus na gcuairteoirí, na turais turasóireachta go léir ar lena linn a chaith an daonra cónaitheach oíche amháin ar a laghad lasmuigh den ghnáth-thimpeallacht agus a chríochnaigh le linn na tréimhse tagartha, mura sonraítear a mhalairt i Roinn 2 d’Iarscríbhinn II;
in Airteagal 3(1)(d), maidir le saintréithe na gcuairteanna aon lae, na cuairteanna aon lae go léir mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1)(n), mura sonraítear a mhalairt i Roinn 3 d’Iarscríbhinn II.
Airteagal 5
Staidéir phíolóta
Airteagal 6
Critéir cháilíochta agus tuarascálacha
Airteagal 7
Tuarascáil mheastóireachta
Faoin 12 Lúnasa 2016 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le staidreamh arna thiomsú de bhun an Rialacháin seo agus, go háirithe, maidir lena ábharthacht agus maidir leis an ualach ar ghnóthaí.
Airteagal 8
Foinsí sonraí
Maidir leis an mbonn ar a mbailítear na sonraí, déanfaidh na Ballstáit aon bhearta is iomchuí leo chun cáilíocht na dtorthaí a choimeád ar bun. Féadfaidh na Ballstáit na sonraí staidrimh riachtanacha a tháirgeadh trí theaglaim de na foinsí éagsúla seo a leanas a úsáid:
suirbhéanna, i gcás ina n-iarrtar ar aonaid tuairiscithe sonraí tráthúla, cruinne agus iomlána a thabhairt;
foinsí iomchuí eile, lena n-áirítear sonraí riaracháin, má tá siad iomchuí i dtéarmaí tráthúlachta agus ábharthachta;
nósanna imeachta iomchuí maidir le meastacháin staidrimh a dhéanamh.
Airteagal 9
Tarchur sonraí
Member States shall transmit:
the validated annual data listed in Sections 1 and 2 of Annex I within 6 months after the end of the reference period, unless otherwise specified in Annex I;
the validated monthly data listed in Section 2 of Annex I within 8 weeks after the end of the reference periods for reference years 2020 and 2021, and within 6 weeks after the end of the reference period as of reference year 2022;
the validated data listed in Section 4 of Annex I within 9 months after the end of the reference period, if the Member State concerned opts in favour of transmitting them;
the validated data listed in Annex II within 6 months after the end of the reference period.
Airteagal 10
Lámhleabhar modheolaíoch
Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, lámhleabhar modheolaíoch a tharraingt suas agus a nuashonrú go rialta, ar lámhleabhar é ina mbeidh treoirlínte maidir leis an staidreamh arna tháirgeadh de bhun an Rialacháin seo, lena n-áirítear sainmhínithe a bheidh le cur i bhfeidhm maidir le saintréithe na sonraí a éilítear agus maidir le caighdeáin choiteanna arna gceapadh chun cáilíocht na sonraí a áirithiú.
Airteagal 11
An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 12
An Coiste
Airteagal 13
Aisghairm
Aisghairtear leis seo Treoir 95/57/CE.
Déanfaidh Ballstáit torthaí a sholáthar i gcomhréir le Treoir 95/57/CE do gach tréimhse tagartha don bhliain 2011.
Airteagal 14
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
TURASÓIREACHT LAISTIGH
Roinn 1
ACMHAINNEACHT NA mBUNACHAS CÓIRÍOCHTA TURASÓIREACHTA
A. Athróga agus miondealuithe atá le tarchur
(1) Ar an leibhéal réigiúnach NUTS 2 agus ar leibhéal náisiúnta, le tarchur le haghaidh sonraí bliantúla
Cineál cóiríochta |
Athróga |
Miondealuithe |
NACE 55.1 |
Líon na mbunachas Líon na n-áiteanna leapa Líon na seomraí leapa |
Cineál ceantair (a) agus (b) |
NACE 55.2 |
Líon na mbunachas Líon na n-áiteanna leapa |
Cineál ceantair (a) agus (b) |
NACE 55.3 |
Líon na mbunachas Líon na n-áiteanna leapa |
Cineál ceantair (a) agus (b) |
(2) [roghnach] Ar leibhéal náisiúnta, le tarchur le haghaidh sonraí bliantúla
Cineál cóiríochta |
Athróga |
Miondealuithe |
NACE 55.1 |
Líon na mbunachas Líon na n-áiteanna leapa Líon na seomraí leapa |
Aicme mhéide |
(3) Ar an leibhéal náisiúnta, le tarchur le haghaidh sonraí tríbhliantúla
Cineál cóiríochta |
Athróga |
Miondealuithe |
NACE 55.1 |
Líon na mbunachas a bhfuil seomra leapa amháin nó níos mó iontu atá inrochtana do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, lena n-áirítear úsáideoirí cathaoireacha rotha |
|
B. Teorainn leis an raon feidhme
(1) I dtaca le “óstáin agus cóiríocht chomhchosúil” agus i dtaca le “cóiríocht saoire agus cóiríocht eile ghearrfhanachta”, beidh gach bunachas cóiríochta turasóireachta ina bhfuil 10 n-áit leapa nó níos mó san áireamh ar a laghad i raon feidhme na breathnadóireachta.
(2) I dtaca le “tailte campála, páirceanna feithiclí áineasa agus páirceanna leantóirí”, beidh gach bunachas cóiríochta turasóireachta ina bhfuil 10 láthair nó níos mó san áireamh ar a laghad i raon feidhme na breathnadóireachta.
(3) Féadfaidh Ballstáit ar ina leith atá an líon bliantúil oícheanta a chaitear i mbunachais chóiríochta turasóireachta níos lú ná 1 % de líon iomlán bliantúil na n-oícheanta a chaitear i mbunachais chóiríochta turasóireachta san Aontas Eorpach raon feidhme na breathnadóireachta a laghdú tuilleadh chun go n-áireofar ar a laghad gach bunachas cóiríochta turasóireachta ina bhfuil 20 áit leapa nó níos mó (20 láthair nó níos mó).
C. Tréimhsiúlacht
Is í an bhliain 2015 an chéad bhliain tagartha don athróg thríbhliantúil atá liostaithe faoi cheannteideal A(3).
Roinn 2
ÁITÍOCHT NA mBUNACHAS CÓIRÍOCHTA TURASÓIREACHTA (INTÍRE AGUS ISTEACH)
A. Athróga agus miondealuithe atá le tarchur le haghaidh sonraí bliantúla
(1) Ar leibhéal réigiúnach NUTS 2 agus ar leibhéal náisiúnta
Type of accommodation |
Variables |
Breakdowns |
Total (all types of tourist accommodation establishments) |
Number of nights spent by residents at tourist accommodation establishments Number of nights spent by non-residents at tourist accommodation establishments |
Type of locality (a) and (b) NUTS 3 level regions Months of the reference year [optional if NUTS 2 level covers the entire Member State] |
NACE 55.1 |
Líon na n-oícheanta a chaith cónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta Líon na n-oícheanta a chaith neamhchónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta |
|
Teacht na gcónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta Teacht na neamhchónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta |
|
|
Glanrátaí áitíochta áiteanna leapa Glanráta áitíochta seomraí leapa |
|
|
NACE 55.2 |
Líon na n-oícheanta a chaith cónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta Líon na n-oícheanta a chaith neamhchónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta |
|
Teacht na gcónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta Teacht na neamchchónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta |
|
|
NACE 55.3 |
Líon na n-oícheanta a chaith cónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta Líon na n-oícheanta a chaith neamhchónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta |
|
Teacht na gcónaitheorí go bunachais chóiríochta turasóireachta Teacht na neamhchónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta |
|
(2) Ar leibhéal náisiúnta
Type of accommodation |
Variables |
Breakdowns |
Total (all types of tourist accommodation establishments) |
Number of nights spent by residents at tourist accommodation establishments Number of nights spent by non-residents at tourist accommodation establishments |
Type of locality (a) combined with Type of locality (b) Cities |
NACE 55.1 |
Líon na n-oícheanta a chaith cónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta Líon na n-oícheanta a chaith neamhchónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta |
Cineál ceantair (a) agus (b) An tír nó an limistéar geografach ina gcónaíonn an t-aoi [roghnach] Aicmí méide |
Teacht na gcónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta Teacht na neamhchónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta |
An tír nó an limistéar geografach ina gcónaíonn an t-aoi |
|
Glanrátaí áitíochta áiteanna leapa Glanráta áitíochta seomraí leapa |
[roghnach] Aicmí méide |
|
NACE 55.2 |
Líon na n-oícheanta a chaith cónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta Líon na n-oícheanta a chaith neamhchónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta |
Cineál ceantair (a) agus (b) An tír nó an limistéar geografach ina gcónaíonn an t-aoi |
Teacht na gcónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta Teacht na neamhchónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta |
An tír nó an limistéar geografach ina gcónaíonn an t-aoi |
|
NACE 55.3 |
Líon na n-oícheanta a chaith cónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta Líon na n-oícheanta a chaith neamhchónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta |
Cineál ceantair (a) agus (b) An tír nó an limistéar geografach ina gcónaíonn an t-aoi |
Teacht na gcónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta Teacht na neamhchónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta |
An tír nó an limistéar geografach ina gcónaíonn an t-aoi |
B. Athróga agus miondealuithe atá le tarchur le haghaidh sonraí míosúla ar an leibhéal náisiúnta
Cineál cóiríochta |
Athróga |
Miondealuithe |
NACE 55.1 |
Líon na n-oícheanta a chaith cónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta Líon na n-oícheanta a chaith neamhchónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta |
|
Teacht na gcónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta Teacht na neamhchónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta |
|
|
Glanrátaí áitíochta áiteanna leapa Glanráta áitíochta seomraí leapa |
|
|
NACE 55.2 |
Líon na n-oícheanta a chaith cónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta Líon na n-oícheanta a chaith neamhchónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta |
|
Teacht na gcónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta Teacht na neamhchónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta |
|
|
NACE 55.3 |
Líon na n-oícheanta a chaith cónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta Líon na n-oícheanta a chaith neamhchónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta |
|
Teacht na gcónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta Teacht na neamhchónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta |
|
C. Teorainn leis an raon feidhme
(1) I dtaca le “óstáin agus cóiríocht chomhchosúil” agus i dtaca le “cóiríocht saoire agus cóiríocht eile ghearrfhanachta”, beidh gach bunachas cóiríochta turasóireachta ina bhfuil 10 n-áit leapa nó níos mó san áireamh ar a laghad i raon feidhme na breathnadóireachta.
(2) I dtaca le “tailte campála, páirceanna feithiclí áineasa agus páirceanna leantóirí”, beidh gach bunachas cóiríochta turasóireachta ina bhfuil 10 láthair nó níos mó san áireamh ar a laghad i raon feidhme na breathnadóireachta.
(3) Féadfaidh Ballstáit ar ina leith atá líon iomlán bliantúil na n-oícheanta a chaitear i mbunachais chóiríochta turasóireachta níos lú ná 1 % de líon iomlán bliantúil na n-oícheanta a chaitear i mbunachais chóiríochta turasóireachta san Aontas Eorpach raon na breathnadóireachta a laghdú tuilleadh chun go n-áireofar ar a laghad gach bunachas cóiríochta turasóireachta ina bhfuil 20 áit leapa nó níos mó (20 láthair nó níos mó).
(4) Nuair a chuirtear teorainn leis an raon feidhme i bhfeidhm, mar a thuairiscítear faoi (1), (2) nó (3), déanfar meastachán a tharchur go bliantúil ar líon iomlán na n-oícheanta atá caite ag cónaitheoirí agus ag neamhchónaitheoirí le linn na bliana tagartha sna bunachais chóiríochta turasóireachta atá eisiata ó raon feidhme na breathnadóireachta.
(5) Maidir leis an gcéad bhliain tagartha a bhfuil gá le sonraí ina leith faoin Rialachán seo, déanfar an meastachán a thuairiscítear faoi (4) a tharchur laistigh de 12 mhí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha.
(6) Féadfaidh Ballstáit raon feidhme na breathnadóireachta maidir le glanráta áitíochta na seomraí leapa in óstáin agus i gcóiríocht chomhchosúil a laghdú tuilleadh chun go n-áireofar ar a laghad gach bunachas cóiríochta turasóireachta ina bhfuil 25 seomra leapa nó níos mó.
▼M2 —————
Roinn 3
AICMÍ ATÁ LE CUR I bhFEIDHM DO ROINN 1 AGUS DO ROINN 2
A. Cineál cóiríochta
Is iad na trí chatagóir seo a leanas a úsáidfear do chineál cóiríochta, agus tagairt á déanamh do ghrúpa NACE 55.1, do ghrúpa NACE 55.2 agus do ghrúpa NACE 55.3:
B. Cineál ceantair (a)
Is iad na trí chatagóir seo a leanas a úsáidfear do chineál ceantair (a), agus tagairt á déanamh do chéim uirbithe an bhardais (nó aonad áitiúil riaracháin choibhéiseach) ina bhfuil na bunachais chóiríochta turasóireachta suite:
C. Cineál ceantair (b)
Is iad an dá chatagóir seo a leanas a úsáidfear do chineál ceantair (b), agus tagairt á déanamh do shuíomh an bhardais cóngarach don mhuir (nó aonad áitiúil riaracháin choibhéiseach), áit a bhfuil na bunachais chóiríochta turasóireachta suite:
D. Aicme mhéide
Is iad na trí chatagóir seo a leanas a úsáidfear d’aicme mhéide, agus tagairt á déanamh do líon na seomraí leapa sna bunachais chóiríochta turasóireachta:
E. Tíortha agus limistéir gheografacha
Is iad na catagóirí seo a leanas a úsáidfear don tír nó don limistéar geografach ina gcónaíonn aíonna a fhanann i mbunachais chóiríochta turasóireachta:
F. Cities
The cities for which data shall be transmitted shall be in accordance with Article 4b(3) of Regulation (EC) No 1059/2003 and they shall include at least:
For this purpose, cities are those local administrative unit (LAU) where at least 50 % of the population lives in an urban centres; an urban centre is a cluster of contiguous grid cells of 1 km2 with a density of at least 1 500 inhabitants per km2 and collectively a population of at least 50 000 inhabitants. The Commission (Eurostat) together with the Member States shall regularly update the list of cities. Member States shall transmit the data for the most recent list of cities available on 31 December of the reference year.
Roinn 4
TURASÓIREACHT LAISTIGH I gCÓIRÍOCHT NACH CÓIRÍOCHT AR CÍOS Í
A. Athróga atá le tarchur le haghaidh sonraí bliantúla
[roghnach] Líon na n-oícheanta turasóireachta a caitheadh i gcóiríocht nach cóiríocht ar cíos í le linn na bliana tagartha.
B. Miondealú
[roghnach] Déanfar an athróg atá liostaithe faoi cheannteideal A a mhiondealú de réir thír chónaithe na gcuairteoirí a mhéid a bhaineann le cónaitheoirí de chuid an Aontais, agus déanfar cuairteoirí atá ina gcónaí lasmuigh den Aontas a ghrúpáil in aon chatagóir bhreise amháin.
IARSCRÍBHINN II
TURASÓIREACHT NÁISIÚNTA
Roinn 1
RANNPHÁIRTÍOCHT SA TURASÓIREACHT CHUN CRÍOCHA PEARSANTA
A. Athróga agus miondealuithe atá le tarchur le haghaidh sonraí bliantúla
Athróga |
Miondealuithe de réir ré agus de réir cheann scríbe na dturas turasóireachta chun críocha pearsanta |
Miondealuithe soch-dhéimeagrafacha |
1. Líon na gcónaitheoirí, atá 15 bliana d’aois nó os a chionn, a ghlacann páirt sa turasóireacht chun críocha pearsanta i rith na bliana tagartha 2. Líon na gcónaitheoirí, atá 15 bliana d’aois nó os a chionn, nach nglacann páirt sa turasóireacht chun críocha pearsanta i rith na bliana tagartha |
(a) Aon turas (i.e. turas amháin ar a laghad agus fanacht thar oíche amháin ar a laghad a bheith i gceist leis) (b) Turais intíre amháin (i.e. turas intíre amháin ar a laghad agus fanacht thar oíche amháin ar a laghad a bheith i gceist leis, ach gan turas amach ar bith a áireamh) (c) Turais amach amháin (i.e. turas amach amháin ar a laghad agus fanacht thar oíche amháin ar a laghad a bheith i gceist leis, ach gan turas intíre ar bith a áireamh) (d) Turais intíre agus amach (i.e. turas intíre amháin ar a laghad agus fanacht thar oíche amháin ar a laghad a bheith i gceist leis agus turas amach amháin ar a laghad agus fanacht thar oíche amháin ar a laghad a bheith i gceist leis) (e) Gearrthurais (i.e. turas amháin ar a laghad agus fanacht thar 1 oíche go 3 oíche a bheith i gceist leis) (f) Turais fhada (i.e. turas intíre amháin ar a laghad agus fanacht thar 4 oíche nó níos mó a bheith i gceist leis) (g) Turais fhada, turais intíre amháin (i.e. turas intíre amháin ar a laghad agus fanacht thar 4 oíche nó níos mó a bheith i gceist leis, ach gan turas amach ar bith a raibh fanacht thar 4 oíche nó níos mó i gceist leis a áireamh) (h) Turais fhada, turais amach amháin (i.e. turas amach amháin ar a laghad agus fanacht thar 4 oíche nó níos mó a bheith i gceist leis, ach gan turas intíre ar bith a raibh fanacht thar 4 oíche nó níos mó i gceist leis a áireamh) (i) Turais fhada, turais intíre agus turais amach (i.e. turas intíre amháin ar a laghad agus fanacht thar 4 oíche nó níos mó a bheith i gceist leis agus turas amach amháin ar a laghad agus fanacht thar 4 oíche nó níos mó a bheith i gceist leis) |
1. Inscne 2. Aoisghrúpa ►M1 3. [optional] Educational attainment level ◄ 4. [roghnach] Staid fhostaíochta 5. [roghnach] Ioncam teaghlaigh |
Déanfar miondealuithe de réir ré agus de réir ceann scríbe na dturas turasóireachta chun críocha pearsanta a chomhcheangal leis na miondealuithe soch-dhéimeagrafacha.
B. Athróga agus miondealuithe atá le tarchur le haghaidh sonraí tríbhliantúla
Athróga |
Miondealuithe de réir na bpríomhchúiseanna nár glacadh páirt sa turasóireacht chun críocha pearsanta le linn na bliana tagartha (le deis a chur ar fáil do na freagróirí freagraí iolracha a thabhairt) |
Miondealuithe soch-dhéimeagrafacha |
1. Líon na gcónaitheoirí, atá 15 bliana d’aois nó os a chionn, nach nglacann páirt sa turasóireacht chun críocha pearsanta le linn na bliana tagartha (i.e. nach ndearna aon turas a raibh fanacht thar 1 oíche amháin ar a laghad i gceist leis le linn na bliana tagartha) |
(a) Cúiseanna airgeadais (gan aon airgead a bheith ar fáil le haghaidh turas saoire, níltear in acmhainn dul ar laethanta saoire) (b) Easpa ama shaoir mar gheall ar ghealltanais teaghlaigh (c) Easpa ama shaoir mar gheall ar ghealltanais oibre nó staidéir (d) Cúiseanna sláinte nó soghluaisteacht laghdaithe (e) Is fearr leo fanacht sa bhaile, gan spreagadh chun taistil (f) Sábháilteacht (g) Cúiseanna eile |
1. Inscne |
Déanfar na miondealuithe de réir na bpríomhchúiseanna nár glacadh páirt sa turasóireacht chun críocha pearsanta le linn na bliana tagartha a chomhcheangal leis na miondealuithe soch-dhéimeagrafacha.
Is í an bhliain 2013 an chéad bhliain tagartha do na hathróga tríbhliantúla.
C. Aicmí atá le cur i bhfeidhm maidir le miondealuithe soch-dhéimeagrafacha
(1) |
Inscne: : fireannach, baineannach. |
(2) |
Aoisghrúpa : níos óige ná 15 [roghnach], 15-24, 25-34, 35-44, 45-54, 55-64, 65 nó os a chionn, agus fo-iomláin do 25-44 agus 45-64. |
(3) |
►M1 Educational attainment level : at most lower secondary, upper secondary and post-secondary (non-tertiary), tertiary. ◄ |
(4) |
Staid fhostaíochta : fostaithe (fostaí nó féinfhostaithe), dífhostaithe, mac léinn (nó dalta), daoine eile nach bhfuil sa lucht oibre. |
(5) |
Ioncam teaghlaigh : i gceathairíleanna. |
Roinn 2
TURAIS TURASÓIREACHTA AGUS CUAIRTEOIRÍ A RINNE NA TURAIS
A. Athróga atá le tarchur
|
Athróga |
Catagóirí atá le tarchur |
Tréimhsiúlacht |
1. |
Mí imeachta |
|
Bliantúil |
2. |
Ré an turais de réir líon na n-oícheanta |
|
Bliantúil |
3. |
[Do thurais amach amháin] Ré an turais: líon na n-oícheanta a caitheadh ar an gcríoch intíre |
|
Tríbhliantúil |
4. |
Príomhthír chinn scríbe |
De réir an liosta tíortha sa lámhleabhar modheolaíoch arna tharraingt suas faoi Airteagal 10 den Rialachán seo |
Bliantúil |
5. |
Príomhchuspóir leis an turas |
(a) Pearsanta: fóillíocht, áineas agus laethanta saoire (b) Pearsanta: cuairt ar ghaolta agus ar chairde (c) Pearsanta: eile (e.g. oilithreacht, cóireáil sláinte) (d) Gairmiúil/gnó |
Bliantúil |
6. |
[Do thurais chun críocha pearsanta amháin] Cineál cinn scríbe, agus deis a bheith ann freagraí iolracha a thabhairt |
(a) Cathair (b) Cois farraige (c) Faoin tuath (lena n-áirítear cois locha, abhainn, etc.) (d) Long cúrsála (e) Sléibhte (ardchríocha, cnoic, etc.) (f) Eile |
Tríbhliantúil |
7. |
[Do thurais chun críocha pearsanta amháin] Bhí leanaí sa ghrúpa taistil |
(a) Bhí (b) Ní raibh |
Tríbhliantúil |
8. |
Main means of transport |
(a) Air (flight services, scheduled or chartered, or other air services) (b) Waterway (such as passenger lines and ferries, cruises, pleasure boat, rented vessel) (c) Railway (d) Bus, coach (regular/scheduled or occasional/non-scheduled) (d1) [optional] Regular/scheduled bus or coach (d2) [optional] Occasional/non-scheduled bus or coach (e) Private motor vehicle (owned or leasing, including friends/relatives’ car) (f) Rented motor vehicle (including ride-sharing or car-sharing platforms) (g) Other (such as bicycle) |
Annual |
9. |
Main means of accommodation |
(a) Rented accommodation: hotels or similar accommodation (b) Rented accommodation: campsites, caravan or trailer park (non-residential) (c) Rented accommodation: such as house, villa, apartment; rented room(s) in a dwelling (d) Rented accommodation: other rented accommodation (such as youth hostels, marinas, health establishments) (e) Non-rented accommodation: own holiday home (f) Non-rented accommodation: accommodation provided free of charge by relatives or friends (g) Non-rented accommodation: other non-rented accommodation |
Annual |
10. |
Booking of the trip: internet booking of the main means of accommodation |
(a) Yes (b) No |
Triennial |
11. |
Booking of the trip: booking channel for the main means of accommodation |
(a) Directly with the accommodation provider (b) Via a travel agency, tour operator, portal or short-term property or holiday letting agency listing multiple accommodation providers (c) No booking was needed |
Triennial |
11a. |
[Only for trips with accommodation booked using the internet via a travel agency, tour operator, portal or short-term property or holiday letting agency; only for trips with main means of accommodation “rented accommodation: such as house, villa, apartment; rented room(s) in a dwelling”] Booking of the main means of accommodation via a website or app such as Airbnb, Booking.com, Expedia, HomeAway |
(a) Yes (b) No |
Triennial |
12. |
Booking of the trip: internet booking of the main means of transport |
(a) Yes (b) No |
Triennial |
13. |
Booking of the trip: booking channel for the main means of transport |
(a) Directly with the transport provider (b) Via a travel agency, tour operator, portal (c) No booking was needed |
Triennial |
13a. |
[Optional] [Only for trips with transport booked using the internet via a travel agency, tour operator, portal] Booking of the main means of transport via a website or app such as BlaBlaCar |
(a) Yes (b) No |
Triennial |
14. |
Booking of the trip: package trip |
(a) Yes (b) No |
Triennial |
15. |
Booking of the trip: internet booking of the package |
(a) Yes (b) No |
Triennial |
15a. |
Expenditure of the individual tourist during the trip on packages |
|
Annual |
16. |
Caiteachas an turasóra aonair ar iompar le linn an turais |
|
Bliantúil |
17. |
Caiteachas an turasóra aonair ar chóiríocht le linn an turais |
|
Bliantúil |
18. |
[roghnach] Caitheachas an tuarasóra aonair ar bhia agus ar dheochanna i gcaiféanna agus i mbialanna le linn an turais |
|
Bliantúil |
19. |
Caiteachas eile an turasóra aonair le linn an turais; (19a) le tuairisciú ar leithligh: buanearraí agus earraí luachmhara |
|
Bliantúil |
20. |
Próifíl an chuairteora: inscne, agus úsáid á baint as na catagóirí seo a leanas |
(a) Fireannach (b) Baineannach |
Bliantúil |
21. |
Próifíl an chuairteora: aois, i mblianta iomlána |
|
Bliantúil |
22. |
Próifíl an chuairteora: tír chónaithe |
|
Bliantúil |
23. |
►M1 [optional] Profile of the visitor: educational attainment level ◄ |
►M1 (a) At most lower secondary (b) Upper secondary and post-secondary (non-tertiary) (c) Tertiary ◄ |
Bliantúil |
24. |
[roghnach] Próifíl an chuairteora: staid fhostaíochta |
(a) Fostaithe (fostaí nó féinfhostaithe) (b) Dífhostaithe (c) Mac léinn (nó dalta) (d) Daoine eile nach bhfuil sa lucht oibre |
Bliantúil |
25. |
[roghnach] Próifíl an chuairteora: ioncam teaghlaigh i gceathairíleanna |
|
Bliantúil |
B. Teorainn leis an raon feidhme
Is é a bheidh i raon feidhme na breathnadóireachta ná gach turas turasóireachta a bhfuil fanacht thar oíche amháin ar a laghad i gceist leis lasmuigh den ghnáth-thimpeallacht arna dhéanamh ag an daonra cónaitheach atá 15 bliana agus os a chionn agus a chríochnaigh le linn na tréimhse tagartha. Féadfar na sonraí ar an daonra atá faoi bhun 15 bliana d’aois a tharchur go leithleach ar bhonn roghnach.
C. Tréimhsiúlacht
(1) Is í an bhliain 2013 an chéad bhliain tagartha do na hathróga agus na catagóirí tríbhliantúla atá liostaithe faoi cheannteideal A(3), faoi cheannteideal A(6) agus faoi cheannteideal A(7).
(2) Is í an bhliain 2014 an chéad bhliain tagartha do na hathróga agus na catagóirí tríbhliantúla atá liostaithe faoi cheannteideal A(10) go ceannteideal A(15).
Roinn 3
CUAIRTEANNA AON LAE
A. Athróga agus miondealuithe atá le tarchur ar bhonn bliantúil (cuairteanna amach aon lae)
Athróga |
[roghnach] Miondealuithe |
[roghnach] Miondealuithe soch-dhéimeagrafacha |
1. Líon na gcuairteanna amach aon lae chun críocha pearsanta 2. Líon na gcuairteanna amach aon lae ar chúiseanna gairmiúla |
(a) De réir tíre cinn scríbe |
1. Inscne 2. Aoisghrúpa ►M1 3. Educational attainment level ◄ 4. Staid fostaíochta 5. Ioncam teaghlaigh |
3. Caiteachas ar chuairteanna amach aon lae chun críocha pearsanta 4. Caiteachas ar chuairteanna amach aon lae ar chúiseanna gairmiúla |
(a) De réir tíre cinn scríbe (b) De réir catagóire caiteachais: iompar, siopadóireacht, bialanna/caiféanna, eile |
B. Athróga agus miondealuithe atá le tarchur ar bhonn tríbhliantúil (cuairteanna intíre aon lae)
Athróga |
[roghnach] Miondealuithe |
[roghnach] Miondealuithe soch-dhéimeagrafacha |
1. Líon na gcuairteanna intíre aon lae chun críocha pearsanta 2. Líon na gcuairteanna intíre aon lae ar chúiseanna gairmiúla |
|
1. Inscne 2. Aoisghrúpa ►M1 3. Educational attainment level ◄ 4. Staid fostaíochta 5. Ioncam teaghlaigh |
3. Caiteachas ar chuairteanna intíre aon lae chun críocha pearsanta 4. Caiteachas ar chuairteanna intíre aon lae ar chúiseanna gairmiúla |
(a) De réir catagóire caiteachais: iompar, siopadóireacht, bialanna/caiféanna, eile |
C. Aicmí atá le cur i bhfeidhm maidir le miondealuithe soch-dhéimeagrafacha
Is iad na haicmí atá le cur i bhfeidhm maidir le miondealuithe soch-dhéimeagrafacha ná iad siúd atá liostaithe i gceannteideal C de Roinn 1 den Iarscríbhinn seo.
D. Teorainn leis an raon feidhme
Is é a bheidh i raon feidhme na breathnadóireachta gach cuairt aon lae lasmuigh den ghnáth-thimpeallacht, ar cuairteanna iad arna dtabhairt ag an daonra cónaitheach atá 15 bliana nó os a chionn. Is féidir na sonraí a bhaineann leis an daonra faoi bhun 15 bliana d’aois a tharchur go leithleach ar bhonn roghnach.
E. Tréimhsiúlacht agus na chéad tréimhsí tagartha
(1) Déanfar saintréithe na gcuairteanna aon lae atá liostaithe faoi cheannteideal A a tharchur ar bhonn bliantúil, agus déanfar na ceithre ráithe den bhliain féilire roimhe sin a thuairisciú go leithleach. Tosóidh an chéad tréimhse tagartha an 1 Eanáir 2014.
(2) Déanfar saintréithe na gcuairteanna aon lae atá liostaithe faoi cheannteideal B a tharchur gach 3 bliana, agus déanfar na ceithre ráithe den bhliain féilire roimhe sin a thuairisciú go leithleach. Tosóidh an chéad tréimhse tagartha an 1 Eanáir 2015. Maidir leis an gcéad tréimhse tagartha amháin, beidh an tarchur roghnach.
( 1 ) IO L 393, 30.12.2006, lch. 1.
( 2 ) IO L 154, 21.6.2003, lch. 1.
( 3 ) IO L 76, 30.3.1993, lch. 1.