02011R0305 — GA — 16.07.2021 — 002.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN (AE) Uimh. 305/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Treoir 89/106/CEE ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) (IO L 088 4.4.2011, lch. 5) |
Arna leasú le:
|
|
Iris Oifigiúil |
||
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
COMMISSION DELEGATED REGULATION (EU) No 568/2014 of 18 February 2014 (*) |
L 157 |
76 |
27.5.2014 |
|
COMMISSION DELEGATED REGULATION (EU) No 574/2014 of 21 February 2014 (*) |
L 159 |
41 |
28.5.2014 |
|
RIALACHÁN (AE) 2019/1020 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 20 Meitheamh 2019 |
L 169 |
1 |
25.6.2019 |
(*) |
Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 305/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 9 Márta 2011
lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Treoir 89/106/CEE ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo, leagtar síos coinníollacha maidir le táirgí foirgníochta a chur ar an margadh nó a chur ar fáil ar an margadh trí rialacha comhchuibhithe a bhunú i dtaobh conas feidhmíocht táirgí foirgníochta a shloinneadh i ndáil lena saintréithe sár-riachtanacha agus maidir leis an úsáid a bhaintear as an marcáil CE ar na táirgí sin.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “táirge foirgníochta” aon táirge nó aon fhearas a tháirgtear agus a chuirtear ar an margadh lena chorprú ar dhóigh bhuan in oibreacha foirgníochta nó i gcodanna díobh agus a bhfuil éifeacht ag a fheidhmíocht ar fheidhmíocht na n-oibreacha foirgníochta maidir leis na buncheanglais le haghaidh oibreacha foirgníochta;
ciallaíonn “fearas” táirge foirgníochta arna chur ar an margadh ag monaróir aonair mar thacar de dhá chomhpháirt leithleacha ar a laghad, ar gá iad a chur le chéile chun go n-ionchorprófaí sna hoibreacha iad;
ciallaíonn “oibreacha foirgníochta” foirgnimh agus oibreacha innealtóireachta sibhialta;
ciallaíonn “saintréithe sár-riachtanacha” na saintréithe sin den táirge foirgníochta a bhaineann leis na buncheanglais le haghaidh oibreacha foirgníochta;
ciallaíonn “feidhmíocht táirge foirgníochta” an fheidhmíocht maidir leis na saintréithe sár-riachtanacha ábhartha, arna sloinneadh de réir leibhéil nó aicme, nó arna sloinneadh i dtuairisc;
ciallaíonn “leibhéal” toradh an mheasúnaithe ar fheidhmíocht táirge foirgníochta i ndáil lena bhuntréithe, arna shloinneadh i luach uimhriúil;
ciallaíonn “aicme” raon leibhéal de chuid feidhmíochta táirge foirgníochta, ar raon leibhéal é a bhfuil a theorainneacha socraithe ag íosluach agus uasluach;
ciallaíonn “leibhéal tairsí” íosleibhéal nó uasleibhéal feidhmíochta maidir le saintréithe sár-riachtanacha de chuid táirge foirgníochta;
ciallaíonn “cineál táirge” an tacar de leibhéil nó d’aicmí ionadaíocha feidhmíochta maidir le táirge foirgníochta, i ndáil lena saintréithe sár-riachtanacha, ar táirge é a tháirgtear le teaglaim áirithe amhábhar nó eilimintí eile i bpróiseas táirgeachta sonrach;
ciallaíonn “sonraíochtaí teicniúla comchuibhithe” caighdeáin chomhchuibhithe agus Doiciméid um Measúnú Eorpach;
ciallaíonn “caighdeán comhchuibhithe” caighdeán arna ghlacadh ag ceann de na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/34/CE, ar bhonn iarrata arna heisiúint ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 6 den Treoir sin;
ciallaíonn “Doiciméad um Measúnú Eorpach” doiciméad atá glactha ag eagraíocht CMTanna; chun críocha Measúnuithe Teicniúla Eorpacha a eisiúint;
ciallaíonn “Measúnú Teicniúil Eorpach” an measúnú doiciméadaithe ar fheidhmíocht táirge foirgníochta, i ndáil lena bhuntréithe, i gcomhréir leis an Doiciméad Eorpach um Measúnú faoi seach;
ciallaíonn “an úsáid arna beartú” an úsáid atá beartaithe don táirge foirgníochta mar a shainmhínítear í sa tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe is infheidhme;
ciallaíonn “Doiciméadúchán Teicniúil Sonrach” doiciméadúchán lena dtaispeántar gur cuireadh modhanna eile in ionad na modhanna sa chóras measúnaithe agus fíoraithe seasmhachta feidhmíochta is infheidhme, ar choinníoll gurb ionann na torthaí a fhaightear trí bhíthin na modhanna eile sin agus na torthaí a fhaightear trí bhíthin mhodhanna tástála an chaighdeáin chomhchuibhithe chomhfhreagraigh;
ciallaíonn “cuir ar fáil ar an margadh” aon soláthar táirge foirgníochta lena dháileadh nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíochta tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce;
ciallaíonn “a chur ar an margadh” táirge foirgníochta a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais den chéad uair;
ciallaíonn “oibreoir eacnamaíoch” an monaróir, an t-allmhaireoir, an dáileoir nó an t-ionadaí údaraithe;
ciallaíonn “monaróir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn táirge foirgníochta nó a chuireann faoi deara táirge den sórt sin a dhearú nó a mhonarú, agus a mhargaíonn an táirge sin faoina ainm nó faoina thrádmharc;
ciallaíonn “dáileoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an monaróir nó an t-allmhaireoir, ar duine é a chuireann táirge foirgníochta áirithe ar fáil ar an margadh;
ciallaíonn “allmhaireoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a chuireann táirge foirgníochta ar mhargadh an Aontais ó thríú tír;
ciallaíonn “ionadaí údaraithe” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige ó mhonaróir chun gníomhú thar a cheann maidir le cúraimí sonraithe;
ciallaíonn “tarraingt siar” aon bheart a bhfuil sé d’aidhm aige cosc a chur ar tháirge sa slabhra soláthair a chur ar fáil ar an margadh;
ciallaíonn “aisghlaoch” aon bheart a bhfuil sé d’aidhm aige táirge a cuireadh ar fáil cheana féin don úsáideoir críochnaitheach a fháil ar ais;
tá le “creidiúnú” an bhrí a shanntar dó le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008;
ciallaíonn “rialú ar tháirgeadh monarchan” an rialú doiciméadaithe, buan agus inmheánach ar tháirgeadh i monarcha, i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe ábhartha;
ciallaíonn “micri-fhiontar” micri-fhiontar arna shainiú sa mholadh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir leis an sainmhíniú ar mhicrifhiontair, fhiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide ( 1 );
ciallaíonn “saolré” na céimeanna comhleanúnacha agus idircheangailte i saol táirge foirgníochta, ó amhábhar a fháil nó ó ghiniúint as acmhainní nádúrtha go dtí an diúscairt dheiridh.
Airteagal 3
Buncheanglais i leith oibreacha foirgníochta agus saintréithe sár-riachtanacha táirgí foirgníochta
I gcás inarb iomchuí, cinnfidh an Coimisiún freisin, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 60, na leibhéil tairsí don fheidhmíocht i ndáil leis na saintréithe sár-riachtanacha atá le dearbhú.
CAIBIDIL II
DEARBHÚ FEIDHMÍOCHTA AGUS MARCÁIL CE
Airteagal 4
Dearbhú feidhmíochta
Airteagal 5
Maoluithe ó dhearbhú feidhmíochta a tharraingt suas
De mhaolú ar Airteagal 4(1) agus cheal forálacha do chuid an Aontais nó forálacha náisiúnta lena gceanglaítear saintréithe sár-riachtanacha a dhearbhú san áit ina bhfuil sé beartaithe na táirgí a úsáid, féadfaidh monaróir gan dearbhú feidhmíochta a tharraingt suas agus táirge foirgníochta atá clúdaithe ag caighdeán comhchuibhithe á chur ar an margadh aige:
i gcás ina ndéanann monaróir, ar monaróir é atá freagrach as an táirge a chorprú go sábháilte sna hoibreacha foirgníochta, i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta is infheidhme agus faoi fhreagracht na ndaoine sin atá freagrach as na hoibreacha arna n-ainmniú ag na rialacha náisiúnta is infheidhme a chur i gcrích go sabháilte, an táirge foirgníochta a mhonarú go leithleach nó ina saincheapann sé an táirge foirgníochta, i bpróiseas neamhshrathach mar fhreagairt ar ordú sonrach, agus ina suiteálann sé i saothar foirgníochta sainaitheanta amháin é;
i gcás ina ndéantar an táirge foirgníochta a mhonarú ar an láithreán foirgníochta lena chorprú sna hoibreacha foirgníochta faoi seach i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta is infheidhme agus faoi fhreagracht na ndaoine sin atá freagrach as cur i gcrích sábháilte na n-oibreacha foirgníochta arna n-ainmniú faoi na rialacha náisiúnta is infheidhme; nó
i gcás ina ndéantar an táirge foirgníochta a mhonarú ar shlí thraidisiúnta nó ar shlí is cuí do chaomhnú oidhreachta agus i bpróiseas neamhthionsclaíoch lena ndéantar athchóiriú leordhóthanach ar oibreacha foirgníochta atá cosanta go hoifigiúil mar chuid de chomhshaol ainmnithe nó mar gheall ar a bhfiúntas ailtireachta nó staire ar leith, i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta is infheidhme.
Airteagal 6
Inneachar an dearbhaithe feidhmíochta
Beidh an fhaisnéis seo a leanas, go háirithe, sa dearbhú feidhmíochta:
tagairt an chineáil táirge ar ina leith a tarraingíodh suas an dearbhú feidhmíochta;
córas nó córais measúnaithe agus fíoraithe sheasmhacht feidhmíochta an táirge foirgníochta, mar a leagtar amach iad in Iarscríbhinn V;
uimhir thagartha agus dáta eisithe an chaighdeáin chomhchuibhithe nó an Mheasúnaithe Eorpaigh Theicniúil a úsáideadh chun measúnú a dhéanamh ar gach aon tréith shár-riachtanach;
i gcás inarb infheidhme, uimhir thagartha an Doiciméadúcháin Theicniúil Shonraigh a úsáideadh agus na ceanglais a mhaíonn an monaróir ina leith go gcomhlíonann an táirge iad.
De bhreis air sin, beidh an méid seo a leanas sa dearbhú feidhmíochta:
an úsáid nó na húsáidí atá beartaithe don táirge foirgníochta, i gcomhréir leis an tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe is infheidhme;
liosta na saintréithe sár-riachtanacha mar a chinntear iad sa tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe maidir leis an úsáid dhearbhaithe nó leis na húsáidí dearbhaithe atá beartaithe;
feidhmíocht aon cheann amháin ar a laghad de shaintréithe sár-riachtanacha an táirge foirgníochta atá ábhartha maidir leis an úsáid dhearbhaithe nó leis na húsáidí dearbhaithe atá beartaithe;
i gcás inarb infheidhme, feidhmíocht an táirge foirgníochta, de réir leibhéal nó aicmí, nó i dtuairisc, agus ar feidhmíocht í atá, más gá, bunaithe ar ríomh maidir lena saintréithe sár-riachtanacha arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 3(3);
feidhmíocht shaintréithe sár-riachtanacha an táirge foirgníochta a bhaineann leis an úsáid bheartaithe nó leis na húsáidí beartaithe, agus na forálacha i ndáil leis an úsáid bheartaithe nó leis na húsáidí beartaithe á gcur san áireamh san áit ina bhfuil sé beartaithe ag an monaróir an táirge a chur ar fáil ar an margadh;
do na saintréithe sár-riachtanacha a liostaítear, ar ina leith nach bhfuil aon fheidhmíocht á dearbhú, na litreacha “NPD” (No Performance Determined/Níor Cinneadh aon Fheidhmíocht);
nuair a dhéantar Measúnú Teicniúil Eorpach a eisiúint don táirge sin, feidhmíocht an táirge foirgníochta, de réir leibhéal nó aicmí, nó i dtuairisc, maidir leis na saintréithe sár-riachtanacha go léir a áirítear sa Mheasúnú Teicniúil Eorpach comhfhreagrach.
Airteagal 7
An dearbhú feidhmíochta a sholáthar
Ar a shon sin, i gcás ina soláthraítear baisc den táirge céanna d’úsáideoir aonair, féadtar cóip shingil amháin den dearbhú feidhmíochta a chur in éineacht leis an mbaisc sin i bhfoirm páipéir nó trí mheáin leictreonacha.
Airteagal 8
Prionsabail ghinearálta agus an mharcáil CE a úsáid
Ní fhéadfar an mharcáil CE a ghreamú de tháirgí foirgníochta mura bhfuil dearbhú feidhmíochta tarraingthe suas ag an monaróir i gcomhréir le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 6.
Tríd an marcáil CE a ghreamú nó tríd an marcáil CE a chur á ghreamú, léiríonn monaróirí go nglacann siad freagracht as an táirge foirgníochta a bheith i gcomhréir leis an bhfeidhmíocht dhearbhaithe agus glacfaidh sé an fhreagracht maidir leis an táirge do chomhlíonadh gach ceanglas is infheidhme a leagtar síos sa rialachán seo agus a leagtar síos i reachtaíocht ábhartha eile comhchuibhithe de chuid an Aontais lena ndéantar foráil dá ghreamú.
Beidh feidhm ag na rialacha um an marcáil CE a ghreamú, dá bhforáiltear i reachtaíocht ábhartha eile comhchuibhithe de chuid an Aontais, gan dochar d’fhorálacha na míre seo.
Chuige sin, ní chuirfidh na Ballstáit aon tagairtí isteach i mbeartais náisiúnta do mharcáil lena bhfianófar comhréireacht leis an bhfeidhmíocht dhearbhaithe maidir leis na saintréithe sár-riachtanacha a chumhdaítear le caighdeán comhchuibhithe eile seachas an mharcáil CE, agus tarraingeoidh siad siar aon tagairtí den sórt sin.
Airteagal 9
Rialacha agus coinníollacha maidir le marcáil CE a ghreamú
Airteagal 10
Pointí Teagmhála Táirgí don Fhoirgníocht
CAIBIDIL III
OIBLEAGÁIDÍ OIBREOIRÍ EACNAMAÍOCHA
Airteagal 11
Oibleagáidí monaróirí
Mar bhunús le haghaidh an dearbhaithe feidhmíochta, tarraingeoidh monaróirí suas doiciméadúchán teicniúil lena ndéanfar cur síos ar na gnéithe ábhartha uile a bhaineann leis an gcóras measúnaithe agus fíoraithe seasmhachta feidhmíochta is gá.
I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 60, an tréimhse sin a leasú maidir le haicmí táirgí foirgníochta ar bhonn na marthanachta ionchasaí nó an róil a d’fhéadfadh a bheith ag an táirge foirgníochta sna hoibreacha foirgníochta.
I gcás ina measfar gurb iomchuí sin maidir le beachtas, iontaofacht agus seasmhacht feidhmíocht dhearbhaithe táirge foirgníochta a áirithiú, déanfaidh monaróirí táirgí foirgníochta arna gcur ar an margadh nó arna gcur ar fáil ar an margadh a thástáil go samplach, déanfaidh siad gearáin a imscrúdú agus, más gá, clár um ghearáin maidir le táirgí neamhchomhréireacha agus maidir le haisghlaochanna táirgí a choinneáil agus déanfaidh siad dáileoirí a choinneáil ar an eolas faoi aon fhaireachán den sórt sin.
Airteagal 12
Ionadaithe údaraithe
Ní fhéadfaidh tarraingt suas doiciméadúcháin theicniúil a bheith ina chuid de shainordú an ionadaí údaraithe.
Déanfaidh an t-ionadaí údaraithe na cúraimí a shonrófar sa sainordú a chomhlíonadh. Leis an sainordú, ligfear don ionadaí údaraithe na cúraimí seo a leanas, ar a laghad, a dhéanamh:
an dearbhú feidhmíochta agus an doiciméadúchán teicniúil a choinneáil ar fáil d’údaráis fhaireachais náisiúnta ar feadh na tréimhse dá tagraítear in Airteagal 11(2);
de thoradh iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta inniúil, an fhaisnéis uile agus an doiciméadúchán uile a bhfuil gá leo a chur ar fáil don údarás náisiúnta inniúil sin chun comhréireacht an táirge foirgníochta leis an dearbhú feidhmíochta agus comhlíonadh ceanglais eile is infheidhme sa Rialachán seo ag an táirge a léiriú;
oibriú i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta inniúla, arna iarraidh sin dóibh, maidir le haon ghníomhaíocht a rinneadh chun na rioscaí a dhíothú a bhaineann le táirgí foirgníochta agus ar táirgí iad atá cumhdaithe ag sainordú an ionadaí údaraithe.
Airteagal 13
Oibleagáidí allmhaireoirí
I gcás ina measfaidh allmhaireoir, nó i gcás ina mbeidh cúis aige chun a chreidiúint, nach bhfuil an táirge foirgníochta i gcomhréir leis an dearbhú feidhmíochta nó nach gcomhlíonann sé ceanglais eile is infheidhme sa Rialachán seo, ní chuirfidh an t-allmhaireoir an táirge foirgníochta ar an margadh go dtí go mbeidh an tairge i gcomhréir leis an dearbhú feidhmíochta a ghabhann leis an táirge agus go dtí go gcomhlíonfaidh sé na ceanglais infheidhme eile sa Rialachán seo, nó go dtí go mbeidh an dearbhú feidhmíochta ceartaithe. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca i gceist leis an táirge, cuirfidh an t-allmhaireoir an monaróir agus na húdaráis fhaireachais margaidh ar an eolas faoi sin.
Airteagal 14
Oibleagáidí dáileoirí
I gcás ina measfaidh dáileoir, nó ina bhfuil cúis aige chun a chreidiúint, nach bhfuil an táirge foirgníochta i gcomhréir leis an dearbhú feidhmíochta, nó nach gcomhlíonann sé ceanglais eile is infheidhme sa Rialachán seo, ní chuirfidh an dáileoir an táirge foirgníochta ar an margadh go dtí go mbeidh an táirge i gcomhréir leis an dearbhú feidhmíochta a ghabhann leis an táirge agus go gcomhlíonfaidh sé na ceanglais infheidhme eile atá sa Rialachán seo nó go dtí go mbeidh an dearbhú feidhmíochta ceartaithe. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca i gceist leis an táirge, cuirfidh an dáileoir an monaróir nó an t-allmhaireoir mar aon leis na húdaráis fhaireachais margaidh ar an eolas faoin méid sin.
Airteagal 15
Cásanna ina mbaineann oibleagáidí monaróirí le hallmhaireoirí agus le dáileoirí
Measfar allmhaireoir nó dáileoir a bheith ina mhonaróir chun críocha an Rialacháin seo agus beidh sé faoi réir oibleagáidí an mhonaróra faoi Airteagal 11 i gcás ina gcuireann sé táirge ar an margadh faoina ainm nó faoina thrádmharc, nó i gcás ina modhnaíonn sé táirge foirgníochta arna chur ar an margadh cheana sa tslí go bhféadfar difear a dhéanamh don chomhréireacht leis an dearbhú feidhmíochta.
Airteagal 16
Sainaithint oibreoirí eacnamaíocha
Ar feadh na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 11(2), déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha, arna iarraidh sin, an méid seo a leanas a chur in iúl d'údaráis fhaireachais margaidh:
oibreoir eacnamaíoch ar bith a sholáthair táirge dóibh;
oibreoir eacnamaíoch ar bith ar sholáthair siad táirge dó.
CAIBIDIL IV
SONRAÍOCHTAÍ TEICNIÚLA COMHCHUIBHITHE
Airteagal 17
Caighdeáin chomhchuibhithe
Nuair a fhoráiltear don mhéid sin sa sainordú ábhartha, déanfar, le caighdeán comhchuibhithe, tagairt d’úsáid arna beartú maidir le táirgí atá cumhdaithe leis.
Le caighdeáin chomhchuibhithe, i gcás inarb iomchuí, agus gan beachtas, iontaofacht ná seasmhacht na dtorthaí a chur i mbaol, soláthrófar modhanna nach mbaineann ualach chomh trom leo agus a bhaineann le tástáil chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na dtáirgí foirgníochta i ndáil lena saintréithe sár-riachtanacha.
Áireofar sa chaighdeán comhchuibhithe na mionsonraí teicniúla atá riachtanach chun an córas measúnaithe agus fíoraithe seasmhachta feidhmíochta a chur chun feidhme.
Déanfaidh an Coimisiún liosta thagairtí na gcaighdeán comhchuibhithe atá i gcomhréir leis na sainorduithe ábhartha a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Maidir le gach caighdeán comhchuibhithe léireofar sa liosta na nithe seo a leanas:
tagairtí sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe a bhfuil ionadú déanta orthu, más ann dóibh;
dáta thús na tréimhse cómhaireachtála;
dáta dheireadh na tréimhse cómhaireachtála.
Déanfaidh an Coimisiún aon nua-shonrú a dhéantar ar an liosta sin a fhoilsiú.
Ón dáta a gcuirfear tús leis an tréimhse cómhaireachtála, féadfar caighdeán comhchuibhithe a úsáid chun dearbhú feidhmíochta a dhéanamh le haghaidh táirge foirgníochta atá cumhdaithe leis an gcaighdeán sin. Tá sé d’oibleagáid ar chomhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú na caighdeáin chomhchuibhithe a thrasuí i gcomhréir le Treoir 98/34/CE.
Gan dochar d’Airteagal 36, d’Airteagal 37 nó d’Airteagal 38, is é an caighdeán comhchuibhithe an t-aon mhodh amháin a úsáidfear le haghaidh dearbhú feidhmíochta a tharraingt suas maidir le táirge foirgníochta atá cumhdaithe leis an gcaighdeán sin, amhail ó dáta dheireadh na tréimhse cómhaireachtála.
Ag deireadh na tréimhse cómhaireachtála, déanfar caighdeáin easaontacha náisiúnta a tharraingt siar agus cuirfidh na Ballstáit deireadh le bailíocht na bhforálacha easaontacha náisiúnta uile.
Airteagal 18
Agóid fhoirmiúil i gcoinne caighdeán comhchuibhithe
Airteagal 19
Doiciméad um Measúnú Eorpach
Ar iarraidh ar Mheasúnú Teicniúil Eorpach ó mhonaróir, déanfaidh eagraíocht na CMTanna Doiciméad um Measúnú Eorpach a tharraingt suas agus a ghlacadh maidir le haon táirge foirgníochta nach bhfuil cumhdaithe le caighdeán comhchuibhithe nó nach bhfuil cumhdaithe go hiomlán leis, ar táirge é nach bhféadfaí an fheidhmíocht i ndáil lena shainthréithe sár-riachtanacha a mheasúnú go hiomlán de réir caighdeáin chomhchuibhithe atá ann cheana féin, toisc, inter alia:
nach dtagann an táirge faoi raon feidhme aon chaighdeáin chomhchuibhithe atá ann cheana;
nach bhfuil an modh measúnaithe dá bhforáiltear sa chaighdeán comhchuibhithe iomchuí i ndáil le saintréith sár-riachtanach amháin ar a laghad den táirge sin; nó
nach ndéantar foráil d’aon mhodh measúnaithe sa chaighdeán comhchuibhithe i ndáil le saintréith riachtanach amháin ar a laghad den táirge sin.
Airteagal 20
Prionsabail a bhaineann le Doiciméid um Measúnú Eorpach a fhorbairt agus a ghlacadh
Maidir leis an nós imeachta chun Doiciméid um Measúnú Eorpach a fhorbairt agus a ghlacadh:
beidh sé trédhearcach ó thaobh an mhonaróra lena mbaineann;
saineofar leis na teorainneacha ama éigeantacha iomchuí chun moill gan údar maith a sheachaint;
déanfar cosaint rúndacht agus sicréideacht tráchtála a chur san áireamh go hiomchuí leo;
ceadófar leis go bhfuil rannpháirtíocht leordhóthanach ag an gCoimisiún;
beidh sé costéifeachtach ó thaobh an mhonaróra de; agus
áireofar leis go bhfuil coláisteacht agus comhordú leordhóthanach i measc CMTanna arna n-ainmniú don táirge atá i gceist.
Airteagal 21
Oibleagáidí an CMT a fhaigheann iarraidh ar Mheasúnú Teicniúil Eorpach
Déanfaidh an CMT a fhaigheann iarraidh ar Mheasúnú Teicniúil Eorpach an monaróir a chur ar an eolas i dtaobh an bhfuil an táirge foirgníochta cumhdaithe, go hiomlán nó go páirteach, le sonraíocht theicniúil chomhchuibhithe mar a leanas:
i gcás ina bhfuil an táirge cumhdaithe go hiomlán le caighdeán comhchuibhithe, cuirfidh an CMT in iúl don mhonaróir nach féidir, i gcomhréir le hAirteagal 19(1), Measúnú Teicniúil Eorpach a eisiúint;
i gcás ina bhfuil an táirge cumhdaithe go hiomlán le Doiciméad um Measúnú Eorpach, cuirfidh an CMT in iúl don mhonaróir go n-úsáidfear an doiciméad sin mar bhonn don Mheasúnú Teicniúil Eorpach atá le heisiúint;
i gcás nach bhfuil an táirge cumhdaithe, nó nach bhfuil sé cumhdaithe go hiomlán, le haon sonraíocht theicniúil chomhchuibhithe, déanfaidh an CMT na nósanna imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II nó na nósanna sin arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 19(3) a chur i bhfeidhm.
Airteagal 22
Foilsiú
Déanfar na Doiciméid um Measúnú Eorpach arna nglacadh ag eagraíocht na CMTanna a chur chuig an gCoimisiún, agus déanfaidh an Coimisiún liosta tagairtí na nDoiciméad críochnaitheach um Measúnú Eorpach a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Foilseoidh an Coimisiún aon fhaisnéis lena ndéantar an liosta sin a chur cothrom le dáta.
Airteagal 23
Aighneas a réiteach i gcás easaontais idir CMTanna
Mura n-aontóidh na CMTanna maidir leis an Doiciméad um Measúnú Eorpach laistigh de na teorainneacha ama dá bhforáiltear, déanfaidh eagraíocht na CMTanna an t-ábhar seo a chur faoi bhráid an Choimisiúin ionas go réiteofar mar is iomchuí é.
Airteagal 24
Inneachar an Doiciméid um Measúnú Eorpach
Airteagal 25
Agóidí foirmiúla i gcoinne Doiciméad um Measúnú Eorpach
Airteagal 26
Measúnú Teicniúil Eorpach
Ar an gcoinníoll go bhfuil Doiciméad um Measúnú Eorpach ann, féadfar Measúnú Teicniúil Eorpach a eisiúint fiú sa chás inar eisíodh sainordú le haghaidh caighdeáin chomhchuibhithe. Féadfar eisiúint den sórt sin a dhéanamh go dtí tús na tréimhse cómhaireachtála arna cinneadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 17(5).
Airteagal 27
Leibhéil nó aicmí feidhmíochta
Sa chás nach bhfuil aicmí feidhmíochta bunaithe ag an gCoimisiún i ndáil le saintréithe sár-riachtanacha táirgí foirgníochta, féadfaidh na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú iad a bhunú i gcaighdeáin chomhchuibhithe, ar bhonn sainordaithe athbhreithnithe.
Nuair a mheasfar gurb iomchuí, féadfaidh eagraíocht na CMTanna, le comhaontú ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Fhoirgníocht, aicmí feidhmíochta agus leibhéil tairsí a bhunú i nDoiciméad um Measúnú Eorpach i ndáil leis na saintréithe sár-riachtanacha atá ag táirge foirgníochta laistigh den úsáid atá beartaithe de réir mar a shamhlaíonn an monaróir.
Más rud é nach bhfuil coinníollacha den sórt sin bunaithe ag an gCoimisiún, féadfaidh na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú iad a bhunú i gcaighdeáin chomhchuibhithe, ar bhonn sainordaithe athbhreithnithe.
Airteagal 28
Measúnú agus fíorú seasmhachta feidhmíochta
Roghnóidh an Coimisiún an córas nó na córais lena mbaineann an t-ualach is éadroime a bheidh i gcomhréir le comhall na mbuncheanglas uile i leith oibreacha foirgníochta.
CAIBIDIL V
COMHLACHTAÍ UM MEASÚNÚ TEICNIÚIL
Airteagal 29
CMTanna a ainmniú, agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu
Na Ballstáit sin a bhfuil CMT ainmnithe acu, déanfaidh siad a ainm, a sheoladh agus na réimsí táirgí ar ainmníodh an CMT sin dóibh a chur in iúl do na Ballstáit eile agus don Choimisiún.
Déanfaidh an Coimisiún an t-eolas is deireanaí, más ann dó, a bhaineann leis an liosta sin a chur ar fáil don phobal.
Déanfaidh na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas maidir leis na nósanna imeachta náisiúnta chun CMTanna a ainmniú, maidir leis an bhfaireachán a dhéanfar ar a ngníomhaíocht agus ar a n-inniúlacht, agus maidir le haon athruithe ar an bhfaisnéis sin.
Airteagal 30
Ceanglais ar na CMTanna
Déanfaidh an CMT na ceanglais a leagtar amach i dTábla 2 d’Iarscríbhinn IV a chomhlíonadh de réir raon feidhme a ainmniúcháin.
Airteagal 31
Comhordú na CMTanna
Déanfaidh eagraíocht na CMTanna na cúraimí seo a leanas, ar a laghad, a chomhlíonadh:
comhordú na CMTanna a eagrú agus, más gá, comhar agus comhairliúchán le geallsealbhóirí eile a áirithiú;
a chinntiú go roinnfear samplaí dea-chleachtais idir CMTanna ar mhaithe le níos mó éifeachtúlachta a chur chun cinn agus seirbhís níos fearr a thabhairt do lucht tionscail;
cur i bhfeidhm na rialacha nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 21 agus in Iarscríbhinn II a chomhordú agus an tacaíocht is gá chuige sin a chur ar fáil;
Doiciméid um Measúnú Eorpach a fhorbairt agus a ghlacadh;
an Coimisiún a chur ar an eolas maidir le haon cheist a bhaineann le Doiciméid um Measúnú Eorpach a fhorbairt agus maidir le haon ghnéithe a bhaineann le léiriú na rialacha nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 21 agus in Iarscríbhinn II agus feabhsuithe a mholadh don Choimisiún atá bunaithe ar an taithí atá faighte;
aon bharúlacha maidir le CMT nach bhfuil a gcúraimí á gcomhlíonadh aige i gcomhréir leis na rialacha nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 21 agus in Iarscríbhinn II a chur in iúl don Choimisiún agus don Bhallstát a d’ainmnigh an CMT;
a áirithiú go ndéanfar Doiciméid um Measúnú Eorpach atá glactha agus tagairtí do Mheasúnuithe Teicniúla Eorpacha a choimeád ar fáil go poiblí.
Beidh Rúnaíocht ag eagraíocht na CMTanna chun na cúraimí sin a chur i gcrích.
Airteagal 32
Maoiniú ón Aontas
Airteagal 33
Socruithe um maoiniú
Airteagal 34
Bainistíocht agus faireachán
Airteagal 35
Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint
CAIBIDIL VI
NÓSANNA IMEACHTA SIMPLITHE
Airteagal 36
Doiciméadúchán Teicniúil Iomchuí a Úsáid
Le linn cineál táirge a chinneadh, féadfaidh monaróir Doiciméadúchán Teicniúil Iomchuí a chur in ionad na cineál-tástála nó in ionad an chineál-áirimh, ar doiciméadúchán é ina léireofar an méid seo a leanas:
i gcás saintréithe sár-riachtanaí amháin nó níos mó de chuid an táirge foirgníochta, arna chur ar an margadh ag an monaróir, go meastar go bhfuil leibhéal nó aicme áirithe feidhmíochta bainte amach ag an táirge gan tástáil ná áireamh, nó gan a thuilleadh tástála ná áirimh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe ábhartha nó i gcinneadh ón gCoimisiún;
maidir leis an táirge foirgníochta, atá cumhdaithe le caighdeán comhchuibhithe, agus a chuireann an monaróir ar an margadh, go bhfreagraíonn sé do chineál táirge foirgníochta eile, arna dhéanamh ag monaróir eile, ar táirge é a ndearnadh tástáil air cheana i gcomhréir leis an tsonraíocht chomhchuibhithe ábhartha. Nuair a chomhlíonfar na coinníollacha seo, beidh an monaróir i dteideal feidhmíocht a dhearbhú a fhreagróidh do thorthaí tástála uile an táirge eile seo nó do chuid de na torthaí tástála sin. Ní fhéadfaidh an monaróir na torthaí tástála a úsáid a gheobhaidh monaróir eile ach amháin tar éis dó údarú an mhonaróra sin a fháil roimh ré, agus leanfaidh an monaróir eile sin de bheith freagrach as cruinneas, iontaofacht agus cobhsaíocht thorthaí na dtástálacha sin; nó
maidir leis an táirge foirgníochta atá cumhdaithe le sonraíocht theicniúil chomhchuibhithe, agus a chuireann an monaróir ar an margadh, gurb é atá ann ná córas atá déanta de chomhpháirteanna a chóimeálann an monaróir go cuí de réir treoracha beachta arna gcur ar fáil ag soláthróir córais den sórt sin, nó ag soláthróir comhpháirte a ghabhann le córas den sórt sin, ar soláthróir é a thástáil an córas nó an chomhpháirt sin cheana féin le haghaidh saintréithe sár-riachtanaí amháin nó le haghaidh roinnt saintréithe sár-riachtanacha dá thréithe i gcomhréir leis an tsonraíocht chomhchuibhithe ábhartha. Nuair a chomhlíonfar na coinníollacha seo beidh an monaróir i dteideal feidhmíocht a dhearbhú a fhreagróidh do thorthaí uile na dtástálacha uile ar an gcóras nó ar an gcomhpháirt a soláthraíodh dó, nó do chuid de thorthaí na dtástálacha sin. Ní fhéadfaidh an monaróir na torthaí tástála a fhaigheann monaróir eile nó soláthraí córais eile a úsáid ach amháin tar éis dó údarú an mhonaróra sin nó an tsoláthróra córais eile sin a fháil roimh ré agus leanfaidh an monaróir eile sin nó an soláthróir córais sin de bheith freagrach as cruinneas, iontaofacht agus cobhsaíocht na dtástálacha sin.
Airteagal 37
Micrifhiontair d’úsáid nósanna imeachta simplithe
Féadfaidh micrifhiontar a mhonaraíonn táirgí foirgníochta atá cumhdaithe le caighdeán comhchuibhithe cinneadh an chineáil táirge ar bhonn cineál-tástála a chur in ionad chórais infheidhme 3 agus 4 arna leagan amach in Iarscríbhinn V trí mhodhanna a úsáid atá éagsúil leo sin atá sa chaighdeán comhchuibhithe is infheidhme. Féadfaidh na monaróirí sin déileáil le táirgí foirgníochta lena mbaineann córas 3 i gcomhréir leis na forálacha le haghaidh chóras 4. Nuair a úsáidfidh monaróir na nósanna imeachta simplithe sin, léireoidh an monaróir go mbeidh na ceanglais is infheidhme á gcomhlíonadh ag an táirge foirgníochta trí bhíthin Doiciméadúcháin Theicniúil Shonraigh agus léireoidh sé coibhéis na nósanna imeachta a úsáidtear leis na nósanna imeachta atá leagtha síos sna caighdeáin chomhchuibhithe.
Airteagal 38
Nósanna imeachta simplithe eile
CAIBIDIL VII
NA hÚDARÁIS A THUGANN FÓGRA AGUS NA COMHLACHTAÍ DÁ dTUGTAR FÓGRA
Airteagal 39
Fógra
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile i dtaca leis na comhlachtaí atá údaraithe chun cúraimí tríú páirtí a chur i gcrích sa phróiseas measúnaithe agus fíoraithe seasmhachta feidhmíochta faoin Rialachán seo (dá ngairtear “comhlachtaí dá dtugtar fógra” anseo feasta).
Airteagal 40
Na húdaráis a thugann fógra
Airteagal 41
Na ceanglais a bhaineann leis na húdaráis a thugann fógra
Airteagal 42
An oibleagáid atá ar na Ballstáit maidir le faisnéis
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir lena nósanna imeachta chun measúnú a dhéanamh ar na comhlachtaí a bheidh le húdarú chun cúraimí tríú páirtí a chur i gcrích sa phróiseas measúnaithe agus fíoraithe seasmhachta feidhmíochta agus maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí dá dtugtar fógra, agus aon athruithe a d’fhéadfadh a bheith ann air sin.
Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí.
Airteagal 43
Ceanglais a bhaineann leis na comhlachtaí dá dtugtar fógra
Maidir le comhlacht a bhaineann le comhlachas gnó nó le cónaidhm ghairmiúil a dhéanann ionadaíocht thar ceann gnóthais a ghabhann do dhearadh, do mhonarú, do sholáthar, do chóimeáil, d’úsáid nó do chothabháil táirgí foirgníochta a ndéanann sé measúnú orthu, féadfar a mheas gur comhlacht den sórt sin é, ar choinníoll go léirítear go bhfuil sé neamhspleách agus nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann.
Maidir le comhlacht dá dtugtar fógra, lena lucht bainistíochta ardleibhéil agus leis an bpearsanra atá freagrach as cúraimí tríú páirtí a chur i gcrích sa phróiseas measúnaithe agus fíoraithe seasmhachta feidhmíochta, ní bheidh baint dhíreach acu le dearadh, le monarú ná le déantús na dtáirgí foirgníochta sin, ná ní bheidh baint dhíreach acu le margú, le suiteáil, le húsáid ná le cothabháil na dtáirgí foirgníochta sin, ná ní dhéanfaidh siad ionadaíocht ar na páirtithe a ghabhann do na gníomhaíochtaí sin. Ní ghabhfaidh siad d’aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh a bheith ar neamhréir lena neamhspleáchas, lena mbreithiúnas, ná lena n-ionracas i ndáil leis na gníomhaíochtaí a dtugtar fógra dóibh fúthu. Beidh feidhm ag an gceanglas seo go háirithe maidir le seirbhísí comhairliúcháin.
Áiritheoidh comhlacht dá dtugtar fógra nach ndéanfaidh gníomhaíochtaí a fhochuideachtaí ná a fhochonraitheoirí difear do rúndacht, d’oibiachtúlacht, ná do neamhchlaontacht a ghníomhaíochtaí i ndáil le measúnú agus/nó fíorú.
Gach tráth agus maidir le gach aon chóras measúnaithe agus fíoraithe seasmhachta feidhmíochta, agus maidir le gach cineál nó gach catagóir táirge foirgníochta, maidir leis na saintréithe sár-riachtanacha agus maidir leis na cúraimí ar tugadh fógra dó ina leith, beidh fáil ag an gcomhlacht dá dtugtar fógra ar an méid seo a leanas:
an pearsanra is gá agus a bhfuil eolas teicniúil acu agus a bhfuil taithí dhóthanach iomchuí acu chun cúraimí tríú páirtí a chur i gcrích sa phróiseas measúnaithe agus fíoraithe seasmhachta feidhmíochta;
an tuairisc is gá ar na nósanna imeachta a ndéanfar an measúnú feidhmíochta dá réir, lena n-áirithítear trédhearcacht agus cumas atáirgthe na nósanna imeachta seo; beidh beartais agus nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm aige lena ndéanfar idirdhealú idir na cúraimí a chuireann sé i gcrích mar chomhlacht dá dtugtar fógra agus gníomhaíochtaí eile;
na nósanna imeachta is gá chun a chuid gníomhaíochtaí a dhéanamh, agus lena dtugtar aird chuí ar mhéid an ghnóthais, ar an earnáil ina bhfuil sé ag feidhmiú, ar a struchtúr, ar chastacht theicneolaíocht an táirge a bheidh i gceist agus ar chineál an phróisis táirgthe, cibé acu is olltáirgeadh nó táirgeadh sraithe atá i gceist leis an bpróiseas táirgthe.
Beidh ag comhlacht dá dtugtar fógra na hacmhainní is gá chun na cúraimí teicniúla agus riaracháin a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a dtugtar fógra dó ina dtaobh a dhéanamh ar bhealach iomchuí agus beidh teacht aige ar an trealamh nó ar na saoráidí uile is gá.
Beidh an méid seo a leanas ag an bpearsanra a bheidh freagrach as na gníomhaíochtaí a chur i gcrích, ar gníomhaíochtaí iad ar tugadh fógra don chomhlacht ina leith:
oiliúint mhaith theicniúil agus ghairme a chlúdóidh na cúraimí tríú páirtí uile sa phróiseas measúnaithe agus fíoraithe seasmhachta fheidhmíochta laistigh den raon feidhme ábhartha ar tugadh fógra don chomhlacht ina thaobh;
eolas sásúil ar na ceanglais maidir leis na measúnuithe agus na fíoruithe a dhéanann siad agus údarás dóthanach chun oibríochtaí den sórt sin a dhéanamh;
eolas agus tuiscint iomchuí ar na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme agus ar fhorálacha ábhartha an Rialacháin;
an cumas is gá chun na deimhnithe, na taifid agus na tuarascálacha a tharraingt suas ionas go léireofar go ndearnadh na measúnuithe agus na fíoruithe.
Ní bheidh luach saothair lucht bainistíochta ardleibhéil an chomhlachta dá dtugtar fógra ná pearsanra measúnaithe an chomhlachta sin ag brath ar líon na measúnuithe a dhéanfar ná ar thorthaí na measúnuithe sin.
Airteagal 44
Toimhde na comhréireachta
Maidir le comhlacht dá dtugtar fógra, ar comhlacht é a bhfuil údarú le tabhairt dó chun cúraimí tríú páirtí a chur i gcrích sa phróiseas measúnaithe agus fíoraithe seasmhachta feidhmíochta agus a thaispeánann go bhfuil sé i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha nó i gcodanna díobh, ar nithe iad a bhfuil a gcuid tagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, toimhdeofar ina leith go bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 43 á gcomhlíonadh aige a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme.
Airteagal 45
Fochuideachtaí agus fochonraitheoirí de chuid na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra
Airteagal 46
Saoráidí a úsáid lasmuigh de shaotharlann tástála an chomhlachta dá dtugtar fógra
Maidir le comhlachtaí dá dtugtar fógra agus a mbeidh na tástálacha sin á ndéanamh acu ainmnithe, ba cheart go-ainmeofaí go sonrach iad mar chomhlachtaí atá inniúil le dul i mbun oibre in ionad eile lasmuigh dá saoráidí tástála creidiúnaithe féin.
Sula ndéanfaidh sé na tástálacha sin, fíoróidh an comhlacht dá dtugtar fógra cé acu a bheidh na ceanglais maidir leis an modh tástála á gcomhlíonadh agus déanfaidh sé meastóireacht ar na nithe seo a leanas:
an bhfuil córas iomchuí calabrúcháin ag an trealamh tástála agus an bhféadfar inrianaitheacht na dtoisí a ráthú;
an bhfuil cáilíocht thorthaí na tástála á háirithiú.
Airteagal 47
Iarratas ar fhógra
Airteagal 48
Nós imeachta chun fógra a thabhairt
Go heisceachtúil, sna cásanna sin a leagtar amach i bpointe 3 d’Iarscríbhinn V agus nach mbeidh an uirlis iomchuí leictreonach ar fáil dóibh, glacfar le cóip chrua den fhógra.
Ní gá tagairt a dhéanamh, áfach, don tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe ábhartha sna cásanna a leagtar amach i bpointe 3 d’Iarscríbhinn V.
Chun críche an Rialacháin seo ní mheasfar gur comhlacht a thugann fógra aon chomhlacht nach comhlacht den sórt sin é.
Airteagal 49
Uimhreacha aitheantais agus liostaí na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra
Ní shannfaidh sé ach uimhir amháin den sórt sin fiú más rud é go dtugtar fógra don chomhlacht faoi roinnt gníomhartha Aontais.
Áiritheoidh an Coimisiún go gcoimeádfar an liosta seo cothrom le dáta.
Airteagal 50
Athruithe ar an bhfógra
Airteagal 51
Cur i gcoinne inniúlacht na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra
Airteagal 52
Na hoibleagáidí oibríochtúla atá ar na comhlachtaí dá dtugtar fógra
Le linn dóibh déanamh amhlaidh, déanfaidh na comhlachtaí dá dtugtar fógra, dá ainneoin sin, an déine a cheanglaítear leis an Rialachán seo i leith an táirge agus an ról atá ag an táirge i ndáil le comhall na mbuncheanglas uile i leith oibreacha foirgníochta a urramú.
Airteagal 53
Oibleagáidí faisnéise do na comhlachtaí dá dtugtar fógra
Cuirfidh na comhlachtaí dá dtugtar fógra an méid seo a leanas in iúl don údarás a thugann fógra:
aon diúltú, srianadh, fionraí nó tarraingt siar a dhéantar i ndáil le deimhnithe;
aon imthosca a dhéanann difear do raon feidhme an fhógra agus/nó do na coinníollacha a bhaineann le fógraí;
aon iarraidh a gheobhaidh siad ó údaráis fhaireachais margaidh ar fhaisnéis faoi ghníomhaíochtaí a dhéanfar maidir le measúnú agus/nó fíorú seasmhachta feidhmíochta;
arna iarraidh sin orthu, cúraimí tríú páirtí i gcomhréir leis na córais measúnaithe agus fíoraithe seasmhachta feidhmíochta a dhéantar laistigh de raon feidhme a bhfógra agus aon ghníomhaíocht eile a dhéantar, lena n-áirítear gníomhaíochtaí trasteorann agus fochonraitheoireacht.
Airteagal 54
Malartú taithí
Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le malartú taithí a eagrú idir údaráis náisiúnta na mBallstát arb iad na húdaráis iad atá freagrach as an mbeartas maidir le fógraí a thabhairt.
Airteagal 55
Na comhlachtaí dá dtugtar fógra a chomhordú
Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear comhordú iomchuí agus comhar iomchuí ar bun idir na comhlachtaí dá dtugtar fógra faoi Airteagal 39 agus go n-oibreofar an comhordú agus an comhar sin go cuí, eadhon, i bhfoirm grúpa comhlachtaí dá dtugtar fógra.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na comhlachtaí dá dtugann siad fógra páirteach in obair an ghrúpa sin, go díreach nó trí ionadaithe ainmnithe nó áiritheoidh siad go gcoimeádfar ionadaithe na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra ar an eolas maidir leis an méid sin.
CAIBIDIL VIII
FAIREACHAS MARGAIDH AGUS NÓSANNA IMEACHTA COIMIRCE
Airteagal 56
Nós imeachta chun déileáil, ar leibhéal náisiúnta, le táirgí foirgníochta a bhfuil riosca ag baint leo
I gcás ina bhfionnfaidh na húdaráis fhaireachais margaidh, le linn na meastóireachta sin, nach gcomhlíonann an táirge foirgníochta na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, ceanglóidh siad gan mhoill ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha na gníomhaíochtaí ceartaitheacha uile is gá a dhéanamh chun a chur faoi deara go mbeidh an táirge i gcomhréir leis na ceanglais sin, go háirithe an fheidhmíocht dhearbhaithe, nó ceanglóidh siad air an táirge a tharraingt siar ón margadh, nó é a aisghlaoch laistigh de thréimhse réasúnach, ar tréimhse í a bheidh i gcomhréir leis an gcineál riosca atá ann agus ar tréimhse í a fhorordóidh siad.
Cuirfidh na húdaráis fhaireachais margaidh an comhlacht dá dtugtar fógra ar an eolas dá réir sin, má tá baint ag comhlacht dá dtugtar fógra leis an ábhar.
Beidh feidhm ag Airteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 maidir leis na bearta dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo.
Cuirfidh na húdaráis faireachais margaidh an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas i dtaobh na mbeart sin gan mhoill.
Áireofar san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 na mionsonraí uile a bheidh ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun an táirge neamhchomhlíontach a shainaithint, a ionad tionscnaimh, cineál an neamhchomhlíonta atá líomhnaithe agus an riosca a bhaineann leis, cineál agus ré na mbeart náisiúnta a rinneadh, mar aon leis na hargóintí a chuir an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha ar aghaidh. Go háirithe, tabharfaidh na húdaráis fhaireachais margaidh léiriú i dtaobh an ceachtar den dá ní seo a leanas is cúis leis an neamhchomhlíonadh:
i dtaca leis an táirge de, gan an fheidhmíocht dhearbhaithe a bheith bainte amach agus/nó gan na ceanglais a bhaineann le comhall na mbuncheanglas i leith oibreacha foirgníochta a leagtar síos sa Rialachán seo a bheith comhlíonta;
easnaimh sna sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe nó sa Doiciméadúchán Teicniúil Sonrach.
Airteagal 57
Nós imeachta coimirce an Aontais
Díreoidh an Coimisiún a chinneadh chuig na Ballstáit uile agus déanfaidh sé é a chur in iúl dóibh agus don oibreoir eacnamaíoch/do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha láithreach.
I gcás ina measfar údar maith a bheith leis an mbeart náisiúnta agus go gcuirfear neamhchomhlíonadh an táirge foirgníochta i leith easnamh sa Doiciméad um Measúnú Eorpach nó sa Doiciméadúchán Teicniúil Sonrach dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 56(5), leagfaidh an Coimisiún an t-ábhar os comhair an Bhuanchoiste um Fhoirgníocht agus glacfaidh sé na bearta iomchuí dá éis sin.
Airteagal 58
Táirgí foirgníochta atá comhlíontach ach a bhfuil riosca ag baint leo fós do shláinte agus do shábháilteacht
Airteagal 59
Neamhchomhlíonadh foirmiúil
Gan dochar d’Airteagal 56, i gcás ina bhfaighidh Ballstát amach gur tharla ceann de na nithe seo a leanas, ceanglóidh sé ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh lena mbaineann:
gur greamaíodh an mharcáil CE de shárú ar Airteagal 8 nó ar Airteagal 9;
nár greamaíodh an mharcáil CE, i gcomhréir le hAirteagal 8(2), nuair a cheanglaítear déanamh amhlaidh;
gan dochar d’Airteagal 5, nár tarraingíodh suas an dearbhú feidhmíochta, i gcomhréir le hAirteagal 4, nuair a cheanglaítear déanamh amhlaidh;
nár tarraingíodh suas an dearbhú feidhmíochta i gcomhréir le hAirteagal 4, le hAirteagal 6 agus le hAirteagal 7;
nach bhfuil an doiciméadúchán teicniúil ar fáil nó nach bhfuil sé iomlán.
CAIBIDIL IX
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 60
Gníomhartha tarmligthe
Chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, go háirithe deireadh a chur le srianta maidir le táirgí foirgníochta a chur ar fáil ar an margadh agus srianta den sórt sin a sheachaint, déanfar na nithe seo a leanas a tharmligean chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 61 agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 62 agus in Airteagal 63:
i gcás inarb iomchuí, cinneadh na saintréithe sár-riachtanacha nó na leibhéal tairsí laistigh d’aicmí sonracha táirgí foirgníochta, ar ina leith a dhéanfaidh an monaróir, i gcomhréir le hAirteagal 3 go hAirteagal 6 agus maidir leis an úsáid a bheartaítear dóibh, feidhmíocht tháirge an mhonaróra, nuair a chuirfear ar an margadh é, a dhearbhú de réir leibhéal nó aicmí, nó i dtuairisc;
na coinníollacha faoina bhféadfar an dearbhú feidhmíochta a phróiseáil go leictreonach, chun go gcuirfear ar fáil ar shuíomh gréasáin é i gcomhréir le hAirteagal 7;
leasú ar an tréimhse ar lena linn a choinneoidh an monaróir an doiciméadúchán teicniúil agus an dearbhú feidhmíochta tar éis an táirge foirgníochta a chur ar an margadh, i gcomhréir le hAirteagal 11, ar leasú é a bheidh bunaithe ar mharthanacht ionchasach nó ar an ról atá ag an táirge foirgníochta sna hoibreacha foirgníochta;
Iarscríbhinn II a leasú agus, más gá, rialacha forlíontacha nós imeachta a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19(3) chun a áirithiú go gcomhlíonfar na prionsabail atá in Airteagal 20, nó na rialacha nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 21 a chur i bhfeidhm go praiticiúil;
Iarscríbhinn III, tábla 1 d’Iarscríbhinn IV agus Iarscríbhinn V a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil;
aicmí feidhmíochta a bhunú agus a oiriúnú mar fhreagairt ar dhul chun cinn teicniúil i gcomhréir le hAirteagal 27(1);
na coinníollacha faoina measfar go sásaíonn táirge foirgníochta leibhéal nó aicme áirithe feidhmíochta, gan tástáil nó gan tuilleadh tástála, i gcomhréir le hAirteagal 27(5), ar choinníoll nach ndéantar, dá bharr sin, comhall na mbuncheanglas i leith oibreacha foirgníochta a chur i mbaol;
i gcomhréir le hAirteagal 28, na córais measúnaithe agus fíoraithe seasmhachta feidhmíochta a oiriúnú, a bhunú agus a athbhreithniú i ndáil le táirge ar leith, le haicme táirge ar leith nó le saintréith sár-riachtanach ar leith agus i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
tábhacht an róil atá ag an táirge nó ag na saintréithe sár-riachtanacha sin maidir leis na buncheanglais i leith oibreacha foirgníochta;
nádúr an táirge;
an éifeacht atá ag inathraitheacht shaintréithe sár-riachtanacha an táirge foirgníochta i rith shaolré ionchasach an táirge; agus
an dóchúlacht go mbeidh fabhtanna ann i monarú an táirge.
Airteagal 61
An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 62
An tarmligean a chúlghairm
Airteagal 63
Agóidí i gcoinne gníomhartha tarmligthe
Ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle, déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí.
Féadfar an gníomh tarmligthe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm sula rachaidh an tréimhse sin in éag, más rud é gur chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon an Coimisiún ar an eolas nach bhfuil sé ar intinn acu agóidí a dhéanamh.
Airteagal 64
Coiste
Airteagal 65
Aisghairm
Airteagal 66
Forálacha idirthréimhseacha
Airteagal 67
Tuairisciú ag an gCoimisiún
Más iomchuí, déanfar tograí iomchuí reachtaíochta laistigh de dhá bhliain tar éis an tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle.
Airteagal 68
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá i ndiaidh lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm amhail ón 1 Iúil 2013, áfach, ag Airteagal 3 go hAirteagal 28, ag Airteagal 36, ag Airteagal 37 agus ag Airteagal 38, ag Airteagal 56 go hAirteagal 63, ag Airteagal 65 agus ag Airteagal 66 agus, chomh maith leis sin, ag Iarscríbhinní I, II, III agus V.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
BUNCHEANGLAIS I LEITH OIBREACHA FOIRGNÍOCHTA
Ní mór d’oibreacha foirgníochta ina n-iomláine agus ina gcodanna éagsúla a bheith feiliúnach don úsáid a bheidh beartaithe dóibh, agus ní mór a chur san áireamh, go háirithe, sláinte agus sábháilteacht daoine a phléann leis na hoibreacha, le linn shaolré iomlán na n-oibreacha sin. Faoi réir gnáthchothabhála, ní mór do na hoibreacha foirgníochta sin na buncheanglais sin i leith oibreacha foirgníochta sin a chomhlíonadh le linn saolré réasúnta eacnamaíche.
1. Frithsheasmhacht mheicniúil agus cobhsaíocht mheicniúil
Ní mór na hoibreacha foirgníochta a dhearadh agus a dhéanamh ar bhealach a fhágfaidh nach n-eascróidh aon cheann de na nithe seo a leanas as na hualaí ar dóigh go ngníomhóidh siad orthu agus iad á bhfoirgniú:
titim na hoibre ina hiomláine nó titim cuid de;
dífhoirmiú suntasach neamh-inghlactha;
damáiste do chodanna eile de na hoibreacha foirgníochta nó d’fheistis nó do threalamh suiteáilte i ngeall ar dhífhoirmiú suntasach ar an bhfoirgneamh ualachiompartha;
damáiste, i ngeall ar tharlú, atá as cuimse i dtaca leis an gcúis bhunaidh.
2. Sábháilteacht i gcás tine
Ní mór na hoibreacha foirgníochta a dhearadh agus a thógáil ionas, i gcás tine:
gur féidir glacadh leis go mbeidh cumas ualachiompartha an fhoirgnimh slán le linn tréimhse áirithe;
go gcuirfear srian ar ghiniúint agus ar leathadh na tine agus an deataigh laistigh de na hoibreacha;
go gcuirfear srian ar leathadh na tine chuig oibreacha foirgníochta in aice leis;
go bhféadfaidh na háititheoirí na hoibreacha a fhágáil nó go bhféadfar teacht i dtarrtháil orthu ar bhealach eile;
go gcuirfear sábháilteacht na bhfoirne tarrthála san áireamh.
3. An sláinteachas, an tsláinte agus an comhshaol
Ní mór na hoibreacha foirgníochta a dhearadh agus a thógáil ar bhealach nach mbeidh, le linn a saolré iomláin, baol ag baint leo do shláinteachas, sláinte ná sábháilteacht oibrithe, áititheoirí ná do shláinteachas, sláinte ná do shábháilteacht na gcomharsan, agus nach mbeidh tionchar as cuimse ar fad acu, le linn a saolré ar fad, ar chaighdeán an chomhshaoil ná ar an aeráid agus iad á dtógáil, á n-úsáid agus á scartáil, i ngeall ar aon cheann de na nithe seo a leanas go háirithe:
sceitheadh gás tocsaineach;
astú substaintí contúirteacha, comhdhúile so-ghalaithe orgánacha (CSO), gáis cheaptha teasa nó cáithníní contúirteacha san aer laistigh nó lasmuigh;
astú radaíochta contúirtí;
sceitheadh substaintí contúirteacha isteach i screamhuisce, in uiscí mara, in uiscí dromchla nó in ithir;
sceitheadh substaintí contúirteacha isteach in uisce óil nó sceitheadh substaintí a bhfuil tionchar diúltach acu ar uisce óil;
sceitheadh lochtach uisce fuíll, astú gás múcháin, nó diúscairt lochtach fuíoll soladach nó fuíoll leachtach;
taise a bheith i gcodanna de na hoibreacha foirgníochta nó ar dhromchlaí laistigh de na hoibreacha foirgníochta.
4. Sábháilteacht agus inrochtaineacht le linn úsáide
Ní mór na hoibreacha foirgníochta a dhearadh agus a thógáil ar bhealach nach mbeidh riosca do-ghlactha timpiste nó damáiste ag baint leo agus iad in úsáid nó i ngníomh, timpistí amhail sciorradh, titim, iombhualadh, dó, leictreamharú, gortú i ngeall ar phléascadh agus ar bhuirgléireachtaí. Ní mór go háirithe, oibreacha foirgníochta a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a thabharfaidh aird ar inrochtaineacht agus ar úsáid ag daoine atá faoi mhíchumas.
5. Cosaint i gcoinne torainn
Ní mór na hoibreacha foirgníochta a dhearadh agus a thógáil ar bhealach nach sáróidh an torann a bhraithfidh na háititheoirí nó na daoine in aice láimhe leibhéal a dhéanfaidh dochar dá sláinte agus ar leibhéal é a ligfidh dóibh codladh, a scíth a ligean, agus obair a dhéanamh i ndálaí a bheidh sásúil.
6. Barainneacht fuinnimh agus coinneáil teasa
Ní mór na hoibreacha foirgníochta agus na fearais téite, fuarúcháin, soilsithe agus aerúcháin iontu a dhearadh agus a thógáil ar bhealach nach mbeidh ach beagán fuinnimh ag teastáil agus na fearais in úsáid ag féachaint do riachtanas na n-áititheoirí agus do dhálaí aeráide an tsuímh. Ní foláir d’oibrithe foirgníochta a bheith éifeachtach ar fhuinneamh, agus an méid is lú fuinnimh is féidir a bheith in úsáid le linn a bhfoirgníochta agus a ndíchóimeála.
7. Úsáid inbhuanaithe a bhaint as acmhainní nádúrtha
Ní mór na hoibreacha foirgníochta a cheapadh, a thógáil agus a scartáil ar bhealach ina mbainfear úsáid inbhuanaithe as acmhainní nádúrtha agus, go háirithe, go n-áiritheofar an méid seo a leanas:
go ndéanfar na hoibreacha foirgníochta, an t-ábhar agus na comhpháirteanna iontu a athúsáid nó a athchúrsáil, tar éis a scartála;
go mbeidh na hoibreacha foirgníochta marthanach;
go n-úsáidfear amhábhar agus ábhar tánaisteach sna hoibreacha foirgníochta nach bhfuil díobhálach don chomhshaol.
IARSCRÍBHINN II
AN NÓS IMEACHTA CHUN DOICIMÉAD UM MEASÚNÚ EORPACH A GHLACADH
1. Iarraidh ar Mheasúnú Teicniúil Eorpach
Nuair a dhéanfaidh monaróir iarraidh ar Mheasúnú Teicniúil Eorpach do tháirge foirgníochta chuig aon CMT, agus nuair a bheidh monaróir agus an CMT (dá ngairfear an “CMT freagrach” anseo feasta) tar éis comhaontú sínithe a shíniú maidir le discréid tráchtála agus rúndacht, cuirfidh an monaróir faoi bhráid an CMT fhreagraigh sin, mura gcinnfidh an monaróir a mhalairt, comhad teicniúil ina gcuirfear síos ar an táirge, ar an úsáid a bheartaítear a bhaint as agus ar na mionsonraí maidir leis an rialú táirgeachta a bheartaíonn an monaróir a chur i bhfeidhm sa mhonarcha.
2. Conradh
Maidir leis na táirgí foirgníochta dá dtagraítear in Airteagal 21(1)(c), laistigh de mhí amháin tar éis dó an comhad teicniúil a fháil, tabharfar conradh i gcrích idir an monaróir agus an CMT a bheidh freagrach as an Measúnú Teicniúil Eorpach a dhéanamh, ina sainmhíneofar an clár oibre chun an Doiciméad um Measúnú Eorpach a tharraingt suas, lena n-áireofar:
3. Clár oibre
Tar éis an conradh leis an monaróir a thabhairt i gcrích, cuirfidh eagraíocht na CMTanna an Coimisiún ar an eolas faoin bplean oibre chun an Doiciméad um Measúnú Eorpach a tharraingt suas, faoin sceideal maidir leis an bplean oibre sin a chur i bhfeidhm agus maidir le léiriú a thabhairt ar an gclár measúnaithe. Cuirfear an méid sin in iúl don Choimisiún laistigh de thrí mhí ón dáta a bhfaighfear an iarraidh ar Mheasúnú Teicniúil Eorpach.
4. An dréacht-Doiciméad um Measúnú Eorpach
Tabharfaidh eagraíocht na CMTanna dréacht-Doiciméad um Measúnú Eorpach chun críche trí mheitheal a bheidh comhordaithe ag an CMT atá freagrach agus cuirfidh sí an dréacht sin in iúl do na páirtithe lena mbaineann laistigh de shé mhí ón dáta a gcuirfear an Coimisiún ar an eolas faoin gclár oibre.
5. Rannpháirtíocht an Choimisiúin
Féadfaidh ionadaí ón gCoimisiún a bheith rannpháirteach, mar bhreathnadóir, i ngach cuid de chur i bhfeidhm an chláir oibre.
6. Fadú agus moill
Tuairisceoidh an mheitheal aon mhoill maidir leis na teorainneacha a leagtar amach i Roinn 1 go Roinn 4 den Iarscríbhinn seo chuig eagraíocht na CMTanna agus chuig an gCoimisiún.
Más rud é go mbeidh údar maith le fad a chur leis na teorainneacha ama a bhaineann leis an nDoiciméad um Measúnú Eorpach a fhorbairt, go háirithe mar nach mbeidh cinneadh ón gCoimisiún ann maidir le córas infheidhme measúnaithe agus fíoraithe seasmhachta feidhmíochta don táirge foirgníochta, nó gur gá modh tástála nua a fhorbairt, leagfaidh an Coimisiún amach teorainn ama níos faide.
7. Doiciméad um Measúnú Eorpach a leasú agus a ghlacadh
Cuirfidh an CMT atá freagrach an dréacht-Doiciméad um Measúnú Eorpach chuig an monaróir, ag a mbeidh cúig lá oibre dhéag chun a fhreagairt a thabhairt air. Déanfaidh eagraíocht na CMTanna na nithe seo a leanas dá éis sin:
más infheidhme, cuirfidh sí an monaróir ar an eolas faoin mbealach ar cuireadh a thuairimí san áireamh;
glacfaidh sí an dréacht-Doiciméad um Measúnú Eorpach; agus
seolfaidh sí cóip chuig an gCoimisiún.
Más rud é, laistigh de chúig lá oibre dhéag tar éis dó é sin a fháil, go gcuireann an Coimisiún a bharúlacha maidir leis an dréacht-Doiciméad um Measúnú Eorpach chuig eagraíocht na CMTanna, agus tar éis di an deis a bheith aici ráiteas a thabhairt, leasóidh eagraíocht na CMTanna an dréacht dá réir sin, agus cuirfidh sí cóip den Doiciméad um Measúnú Eorpach a bheidh glactha aici chuig an monaróir agus chuig an gCoimisiún.
8. An Doiciméad críochnaitheach um Measúnú Eorpach atá le foilsiú
Chomh luath agus a bheidh an CMT freagrach tar éis an chéad Doiciméad um Measúnú Eorpach a eisiúint ar bhonn an Doiciméid um Measúnú Eorpach a bheidh glactha, déanfar an Doiciméad um Measúnú Eorpach sin a choigeartú, más iomchuí, bunaithe ar an taithí a bheidh faighte. Glacfaidh eagraíocht na CMTanna an Doiciméad críochnaitheach um Measúnú Eorpach agus seolfar cóip chuig an gCoimisiún, mar aon le haistriúchán ar theideal an Doiciméid um Measúnú Eorpach i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, chun go bhfoilseofar tagairt an doiciméid sin. Áiritheoidh eagraíocht na CMTanna go ndéanfar an Doiciméad um Measúnú Eorpach a choimeád ar fáil go leictreonach chomh luath agus a chuirfear an mharcáil CE ar an táirge.
ANNEX III
DECLARATION OF PERFORMANCE
No
1. Unique identification code of the product-type:
2. Intended use/es:
3. Manufacturer:
4. Authorised representative:
5. System/s of AVCP:
6a. Harmonised standard:
Notified body/ies:
6b. European Assessment Document:
European Technical Assessment:
Technical Assessment Body:
Notified body/ies:
7. Declared performance/s:
8. Appropriate Technical Documentation and/or Specific Technical Documentation:
The performance of the product identified above is in conformity with the set of declared performance/s. This declaration of performance is issued, in accordance with Regulation (EU) No 305/2011, under the sole responsibility of the manufacturer identified above.
Signed for and on behalf of the manufacturer by:
Instructions for drawing up the declaration of performance
1. GENERAL
These instructions aim at guiding the manufacturers when drawing up a declaration of performance compliant with Regulation (EU) No 305/2011, following the model of this Annex (hereinafter referred to as ‘the model’).
These instructions are not part of the declarations of performance to be issued by manufacturers and should not be enclosed to these declarations of performance.
When drawing up a declaration of performance, the manufacturer shall:
reproduce the texts and the headlines of the model which are not indicated between square brackets;
replace the blank spaces and square brackets by inserting the necessary information.
Manufacturers may also include in the declaration of performance the reference to the website where the copy of the declaration of performance is made available in accordance with Article 7(3) of Regulation (EU) No 305/2011. This may be included after point 8 or in another place where it does not affect the readability and clarity of the mandatory information.
2. FLEXIBILITY
Providing that the mandatory information required by Article 6 of Regulation (EU) No 305/2011 is provided in a clear, complete and coherent manner, when drawing up a declaration of performance, it is possible to:
use a different layout as in the model;
combine the points of the model by presenting some of them together;
present the points of the model in a different order or using one or more tables;
omit some points of the model which are not relevant for the product for which a declaration of performance is drawn up. For example, this is the case since the declaration of performance may be based either on a harmonised standard or on a European Technical Assessment issued for the product, rendering the other alternative not applicable. These omissions could also concern the points on the authorised representative or on the use of Appropriate Technical Documentation and the Specific Technical Documentation;
present the points without numbering them.
If a manufacturer wishes to issue a single declaration of performance covering different variations of a product-type, at least the following elements need to be listed separately and clearly for every product variation: the number of the declaration of performance, the identification code under point 1 and the declared performances/s under point 7.
3. INSTRUCTION FOR THE COMPLETION OF THE FORM
Point of the model |
Instruction |
Number of the declaration of performance |
This is the reference number of the declaration of performance foreseen in Article 9(2) of Regulation (EU) No 305/2011. The choice of the number is left to the manufacturer. This number may be the same as the unique identification code of the product-type indicated under point 1 of the model. |
Point 1 |
Indicate the unique identification code of the product-type referred to in Article 6(2)(a) of Regulation (EU) No 305/2011. In Article 9(2) of Regulation (EU) No 305/2011, the unique identification code determined by the manufacturer to follow the CE marking is linked to the product-type and thus to the set of performance levels or classes of a construction product, as brought forward in the declaration of performance drawn up for it. Moreover, for the recipients of construction products, in particular for their final end users, it is necessary to be able to unequivocally identify this set of performance levels or classes for any given product. Therefore, every construction product, for which a declaration of performance has been drawn up, should be linked by its manufacturer to the respective product-type and a given set of performance levels or classes by the unique identification code, which acts also as the reference mentioned in Article 6(2)(a) of Regulation (EU) No 305/2011. |
Point 2 |
Indicate the intended use, or list the intended uses, as appropriate, of the construction product as foreseen by the manufacturer, in accordance with the applicable harmonised technical specification. |
Point 3 |
Indicate the name, the registered trade name or registered trade mark and the contact address of the manufacturer, as required pursuant to Article 11(5) of Regulation (EU) No 305/2011. |
Point 4 |
This point shall be included and filled in only in case an authorised representative has been designated. In such case, indicate the name and the contact address of the authorised representative whose mandate covers the tasks specified in Article 12(2) of Regulation (EU) No 305/2011. |
Point 5 |
Indicate the number of the applicable system or systems of assessment and verification of constancy of performance (AVCP) of the construction product as set out in Annex V to Regulation (EU) No 305/2011. If there are multiple systems, each of them shall be declared. |
Points 6a and 6b |
Since a manufacturer can draw up a declaration of performance based on either a harmonised standard or a European Technical Assessment issued for the product, these two different situations presented under points 6a and 6b should be treated as alternative, with only one of them to be applied and filled in in a declaration of performance. In case of point 6a, i.e. when a declaration of performance is based on a harmonised standard, indicate all the following: (a) the reference number of the harmonised standard and its date of issue (dated reference); and (b) the identification number of the notified body/ies. When providing the name of the notified body/ies, it is essential that the name is provided in its original language, without translation to other languages. In case of point 6b, i.e. when a declaration of performance is based on a European Technical Assessment issued for the product, indicate all the following: (a) the number of the European Assessment Document and its date of issue; (b) the number of the European Technical Assessment and its date of issue; (c) the name of the Technical Assessment Body; and (d) the identification number of the notified body/ies. |
Point 7 |
Under this point, the declaration of performance shall indicate: (a) the list of essential characteristics, as determined in the harmonised technical specifications for the intended use or uses indicated under point 2; and (b) for each essential characteristic, the declared performance, by level or class, or in a description, in relation to this characteristic or, for characteristics for which no performance is declared, the letters ‘NPD’ (No Performance Determined). This point may be filled up with the use of a table which brings forward the links between the harmonised technical specifications and the systems of assessment and verification of constancy of performance applied respectively to each essential characteristic of the product, as well as the performance in relation to each essential characteristic. The performance shall be declared in a clear and explicit manner. Therefore, the performance cannot be described in the declaration of performance solely by inserting a calculation formula to be applied by the recipients. Furthermore, the levels or classes of performance presented in reference documents shall be reproduced in the declaration of performance itself and thus cannot be expressed solely by inserting references to these documents into the declaration of performance. However, the performance notably of structural behaviour of a construction product may be expressed by referring to the respective production documentation or structural design calculations. In this case, the relevant documents shall be attached to the declaration of performance. |
Point 8 |
This point shall only be included and filled in in a declaration of performance if Appropriate Technical Documentation and/or Specific Technical Documentation has been used, in accordance with Articles 36 to 38 of Regulation (EU) No 305/2011, in order to indicate the requirements with which the product complies. In such a case, under this point the declaration of performance shall indicate: (a) the reference number of the Specific and/or Appropriate Technical Documentation used, and (b) the requirements with which the product complies. |
Signature |
Replace the spaces indicated between square brackets by the information indicated and the signature. |
IARSCRÍBHINN IV
RÉIMSÍ TÁIRGÍ AGUS CEANGLAIS AR CMTanna
Tábla 1 — Réimsí táirgí
CÓD AN RÉIMSE |
RÉIMSE TÁIRGÍ |
1 |
GNÁTH-THÁIRGÍ COINCRÉITE RÉAMHTHEILGTHE/TÁIRGÍ COINCRÉITE ÉADROMA/TÁIRGÍ COINCRÉITE UATHCHLÁBTHA AERAITHE. |
2 |
DOIRSE, FUINNEOGA, COMHLAÍ, GEATAÍ AGUS CRUA-EARRAÍ GAOLMHARA. |
3 |
SCANNÁIN, LENA n-ÁIRÍTEAR LEACHT ARNA CHUR AGUS TREALAMH FEISTIÚCHÁIN (d’UISCE AGUS/NÓ RIALÚ GALUISCE). |
4 |
TÁIRGÍ INSLITHE THEIRMIGH. TREALAMH FEISTIÚCHÁIN/CÓRAIS UM INSLIÚ COMHCHODACH. |
5 |
IMTHACAÍ STRUCHTÚRACHA. PIONNAÍ DO SHIÚNTAÍ STRUCHTÚRACHA. |
6 |
SIMLÉIR, MÚCHÁIN AGUS TÁIRGÍ SONRACHA. |
7 |
TÁIRGÍ GIPSIM. |
8 |
GEOITEICSTÍLÍ, GEOSCANNÁIN, AGUS TÁIRGÍ GAOLMHARA. |
9 |
IMBHALLA/CUMHDACH/GLOINIÚ SÉALAITHE STRUCHTÚRACH. |
10 |
TREALAMH COMHRAICTHE DÓITEÁIN FEISTITHE (TÁIRGÍ ALÁRAIM DHÓITEÁIN/BRAITE DÓITEÁIN, COMHRAICTHE DÓITEÁIN FEISTITHE, RIALAITHE DÓITEÁIN AGUS DEATAIGH, AGUS TÁIRGÍ PLÚCHTA PLÉISCE.) |
11 |
FEARAIS SLÁINTÍOCHTA. |
12 |
DAINGNEÁIN CHÚRSAÍOCHTA: TREALAMH BÓITHRE. |
13 |
TÁIRGÍ ADHMAID STRUCHTÚRACHA/EILIMINTÍ AGUS GABHÁLAIS STRUCHTÚRACHA. |
14 |
PAINÉIL AGUS EILIMINTÍ ADHMADBHUNAITHE. |
15 |
STROIGHIN, AOLTA TÓGÁLA AGUS GREAMAITHEOIRÍ HIODRÁLACHA EILE. |
16 |
CRUACH THREISIÚCHÁIN AGUS RÉAMHSTRUSÁLA DO CHOINCRÉIT (AGUS GABHÁLAIS), TREALAMH TEANNTA CUAILLÍ. |
17 |
SAOIRSEACHT AGUS TÁIRGÍ GAOLMHARA. AONAID SAOIRSEACHTA, MOIRTÉIL, GABHÁLAIS. |
18 |
TÁIRGÍ INNEALTÓIREACHTA FUÍOLLUISCE. |
19 |
URLÁRLAIGH. |
20 |
TÁIRGÍ MIOTALACHA STRUCHTÚRACHA AGUS A nGABHÁLAIS. |
21 |
BAILCHRÍOCHA DO BHALLAÍ INMHEÁNACHA AGUS SEACHTRACHA AGUS DO SHÍLEÁLACHA. TREALAMH FEISTEÁIN SPIARA INMHEÁNAIGH. |
22 |
CLÚDAIGH DÍN, SOILSE DÍN, FUINNEOGA DÍN, AGUS TÁIRGÍ COIMHDEACHA, FEISTEÁIN DO DHÍONTA. |
23 |
TÁIRGÍ TÓGÁLA BÓITHRE. |
24 |
COMHIOMLÁIN. |
25 |
GREAMACHÁIN FOIRGNÍOCHTA. |
26 |
TÁIRGÍ A BHAINEANN LE COINCRÉIT, LE MOIRTÉAL AGUS LE LEACHTMHOIRTÉAL. |
27 |
FEARAIS UM SPÁS A THÉAMH. |
28 |
PÍOPAÍ-UMAIR AGUS A nGABHÁLAIS NACH bhFUIL I dTEAGMHÁIL LE hUISCE ATÁ CEAPTHA MAR UISCE LENA CHAITHEAMH AG AN DUINE. |
29 |
TÁIRGÍ FOIRGNÍOCHTA ATÁ I dTEAGMHÁIL LE hUISCE ATÁ CEAPTHA MAR UISCE LENA CHAITHEAMH AG AN DUINE. |
30 |
GLOINE CHOTHROM, GLOINE PHRÓIFILITHE, TÁIRGÍ BLOIC GHLOINE. |
31 |
CÁBLAÍ CUMHACHTA, RIALAITHE AGUS CUMARSÁIDE. |
32 |
SÉALTÁIN DO SHIÚNTAÍ. |
33 |
SUITIGH. |
34 |
FEISTEÁIN FOIRGNÍOCHTA, AONAID FOIRGNÍOCHTA, GNÉITHE FOIRGNÍOCHTA RÉAMHDHÉANTA. |
35 |
TÁIRGÍ COISCTHE, DÚNTA AGUS COSANTA DÓITEÁIN, TÁIRGÍ TINEMHOILLITHEACHA. |
Tábla 2 — Ceanglais a bhaineann le CMTanna
Inniúlacht |
Tuairisc ar an inniúlacht |
Ceanglas |
1. Na rioscaí a anailísiú |
Sainaithint na rioscaí agus na mbuntáistí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le táirgí foirgníochta nuálacha a úsáid cheal faisnéise teicniúla bunaithe/comhdhlúthaithe faoi fheidhmíocht na dtáirgí agus iad suiteáilte in oibreacha foirgníochta. |
Bunófar CMT faoin dlí náisiúnta agus beidh pearsantacht dhlítheanach aige. Beidh sé neamhspleách ar na geallsealbhóirí agus ar aon leas príobháideach. Sa bhreis air sin, beidh an méid seo a leanas ag foireann CMT: (a) oibiachtúlacht agus breithiúnas teicniúil iontaofa; (b) eolas mionsonraithe ar na forálacha rialála agus ar na ceanglais eile atá i bhfeidhm sna Ballstáit ina n-ainmnítear an CMT, i dtaca leis na réimsí táirgí a bhfuil an CMT le hainmniú dó; (c) tuiscint ghinearálta ar nósanna foirgníochta agus sáreolas mionsonraithe teicniúil ar réimsí táirgí a n-ainmneofar an CMT dóibh; (d) eolas mionsonraithe ar na rioscaí sonracha i gceist agus ar ghnéithe teicniúla an phróisis foirgníochta; (e) eolas mionsonraithe ar na caighdeáin chomhchuibhithe agus ar na modhanna tástála atá ann cheana, laistigh de na réimsí táirgí a bhfuil an CMT le hainmniú dó; (f) na scileanna iomchuí teanga. Ní bhraithfidh luach saothair pearsanra TAB ar líon na measúnuithe a dhéanfar ná ar thorthaí na measúnaithe sin. |
2. Critéir theicniúla a leagan síos |
Critéir theicniúla a dhéanamh den toradh ar an anailís riosca d’fhonn meastóireacht a dhéanamh ar iompraíocht agus ar fheidhmíocht na dtáirgí foirgníochta i dtaobh chomhlíonadh na gceanglas náisiúnta is infheidhme; an fhaisnéis theicniúil a sholáthar atá de dhíth orthu siúd a bhíonn páirteach sa phróiseas tógála mar úsáideoirí féideartha na dtáirgí foirgníochta (monaróirí, dearthóirí, conraitheoirí agus suiteálaithe). |
|
3. Na modhanna measúnaithe a leagan síos |
Modhanna cuí (tástálacha nó áirimh) a dhearadh agus a bhailíochtú d’fhonn feidhmíocht a mheasúnú i ndáil le saintréithe sár-riachtanacha na dtáirgí foirgníochta, ag cur san áireamh an staid reatha ina bhfuil an teicníc. |
|
4. Rialú sonrach ar tháirgeacht mhonarchan a chinntiú |
Próiseas monaraíochta an táirge shonraigh a thuiscint agus meastóireacht a dhéanamh air d’fhonn na bearta cuí a shainaithint ionas go n-áiritheofar seasmhacht an táirge le linn an phróisis mhonaraíochta áirithe. |
Beidh an t-eolas iomchuí ag foireann CMT ar an gcaidreamh atá idir na próisis monaraíochta agus saintréithe an táirge a bhaineann le rialú ar tháirgeacht mhonarchan. |
5. An táirge a mheasúnú |
An fheidhmíocht i ndáil le saintréithe sár-riachtanacha an táirge foirgníochta a mheasúnú ar bhonn modhanna comhchuibhithe agus i gcomhréir le critéir chomhchuibhithe. |
Sa bhreis ar na ceanglais a liostaítear i bpointí 1, 2, agus 3, beidh teacht ag CMT ar na hacmhainní agus ar an trealamh is gá d’fhonn an fheidhmíocht i ndáil le saintréithe sár-riachtanacha na dtáirgí foirgníochta a mheasúnú, laistigh de na réimsí táirgí a bhfuil sé le hainmniú dóibh. |
6. Bainistíocht ghinearálta |
Comhsheasmhacht, iontaofacht, oibiachtúlacht agus inrianaitheacht a áirithiú trí bhíthin modhanna oiriúnacha bainistíochta a chur i bhfeidhm de shíor. |
Beidh an méid seo a leanas ag CMT: (a) dea-theist i dtaca le dea-chleachtas riaracháin; (b) beartas agus nósanna imeachta cúnta lena n-áiritheofar rúndacht fhaisnéise íogaire na CMTanna agus a gcomhpháirtithe; (c) córas rialála doiciméad lena n-áiritheofar clárú, inrianaitheacht, cothabháil, agus cartlannú na ndoiciméad ábhartha uile; (d) sásra i gcomhair iniúchóireachta inmheánaí agus athbhreithniúcháin bhainistíochta ar bhealach ina n-áiritheofar go ndéanfar faireachán rialta ar chomhlíonadh na modhanna cuí bainistíochta; (e) nós imeachta chun déileáil go hoibiachtúil le hachomhairc agus le gearáin. |
ANNEX V
ASSESSMENT AND VERIFICATION OF CONSTANCY OF PERFORMANCE
1. SYSTEMS OF ASSESSMENT AND VERIFICATION OF CONSTANCY OF PERFORMANCE
The manufacturer shall draw up the declaration of performance and determine the product-type on the basis of the assessments and verifications of constancy of performance carried out under the following systems:
1.1. System 1+
The manufacturer shall carry out:
factory production control;
further testing of samples taken at the manufacturing plant by the manufacturer in accordance with the prescribed test plan.
The notified product certification body shall decide on the issuing, restriction, suspension or withdrawal of the certificate of constancy of performance of the construction product on the basis of the outcome of the following assessments and verifications carried out by that body:
an assessment of the performance of the construction product carried out on the basis of testing (including sampling), calculation, tabulated values or descriptive documentation of the product;
initial inspection of the manufacturing plant and of factory production control;
continuing surveillance, assessment and evaluation of factory production control;
audit — testing of samples taken by the notified product certification body at the manufacturing plant or at the manufacturer's storage facilities.
1.2. System 1
The manufacturer shall carry out:
factory production control;
further testing of samples taken at the manufacturing plant by the manufacturer in accordance with the prescribed test plan.
The notified product certification body shall decide on the issuing, restriction, suspension or withdrawal of the certificate of constancy of performance of the construction product on the basis of the outcome of the following assessments and verifications carried out by that body:
an assessment of the performance of the construction product carried out on the basis of testing (including sampling), calculation, tabulated values or descriptive documentation of the product;
initial inspection of the manufacturing plant and of factory production control;
continuing surveillance, assessment and evaluation of factory production control.
1.3. System 2+
The manufacturer shall carry out:
an assessment of the performance of the construction product on the basis of testing (including sampling), calculation, tabulated values or descriptive documentation of that product;
factory production control;
testing of samples taken at the manufacturing plant by the manufacturer in accordance with the prescribed test plan.
The notified factory production control certification body shall decide on the issuing, restriction, suspension or withdrawal of the certificate of conformity of the factory production control on the basis of the outcome of the following assessments and verifications carried out by that body:
initial inspection of the manufacturing plant and of factory production control;
continuing surveillance, assessment and evaluation of factory production control.
1.4. System 3
The manufacturer shall carry out factory production control.
The notified laboratory shall assess the performance on the basis of testing (based on sampling carried out by the manufacturer), calculation, tabulated values or descriptive documentation of the construction product.
1.5. System 4
The manufacturer shall carry out:
an assessment of the performance of the construction product on the basis of testing, calculation, tabulated values or descriptive documentation of that product;
factory production control.
No tasks require the intervention of notified bodies.
1.6. Construction products for which a European Technical Assessment has been issued
Notified bodies undertaking tasks under Systems 1+, 1 and 3 as well as manufacturers undertaking tasks under Systems 2+ and 4 shall consider the European Technical Assessment issued for the construction product in question as the assessment of the performance of that product. Notified bodies and manufacturers shall therefore not undertake the tasks referred to in points 1.1.(b)(i), 1.2.(b)(i), 1.3.(a)(i), 1.4.(b) and 1.5.(a)(i) respectively.
2. BODIES INVOLVED IN THE ASSESSMENT AND VERIFICATION OF CONSTANCY OF PERFORMANCE
With respect to the function of notified bodies involved in the assessment and verification of constancy of performance for construction products, distinction shall be made between:
product certification body: a body notified, in accordance with Chapter VII, to carry out constancy of performance certification;
factory production control certification body: a body notified, in accordance with Chapter VII, to carry out factory production control certification;
laboratory: a body notified, in accordance with Chapter VII, to measure, examine, test, calculate or otherwise assess the performance of construction products.
3. HORIZONTAL NOTIFICATIONS: CASES OF ESSENTIAL CHARACTERISTICS WHERE REFERENCE TO A RELEVANT HARMONISED TECHNICAL SPECIFICATION IS NOT REQUIRED
Reaction to fire
Resistance to fire
External fire performance
Acoustic performance
Emissions of dangerous substances.
( 1 ) IO L 124, 20.5.2003, lch. 36.
( 2 ) IO L 357, 31.12.2002, lch. 1.
( 3 ) IO L 248, 16.9.2002, lch. 1.
( 4 ) IO L 312, 23.12.1995, lch. 1.
( 5 ) IO L 292, 15.11.1996, lch. 2.
( 6 ) IO L 136, 31.5.1999, lch. 1.