02010R0995 — GA — 01.01.2020 — 001.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 995/2010 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 20 Deireadh Fómhair 2010

lena leagtar síos oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

(IO L 295 12.11.2010, lch. 23)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2019/1010 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 5 Meitheamh 2019

  L 170

115

25.6.2019




▼B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 995/2010 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 20 Deireadh Fómhair 2010

lena leagtar síos oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)



Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar síos oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh inmheánach den chéad uair acu, chomh maith le hoibleagáidí na dtrádálaithe maidir le hinrianaitheacht.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a) ciallaíonn “adhmad agus táirgí adhmaid” an t-adhmad agus na táirgí adhmaid a leagtar amach san Iarscríbhinn, cés moite de tháirgí adhmaid nó de chomhpháirteanna de chuid táirgí den sórt sin a mhonaraítear as adhmad nó as táirgí adhmaid a bhfuil a saolré tagtha chun críche agus a dhiúscrófaí mar dhramhaíl murach sin, de réir mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) de Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl ( 1 );

(b) ciallaíonn “cur ar an margadh” adhmad nó táirgí adhmaid a sholáthar ar shlí ar bith ar an margadh inmheánach den chéad uair, gan spleáchas don teicníocht díolacháin a úsáidtear, chun é nó iad a dháileadh nó a úsáid i gcúrsa gníomhaíochta tráchtála, cibé acu ar íocaíocht nó saor in aisce. Folaíonn sé freisin soláthar trí chianchumarsáid de réir mar a shainmhínítear i dTreoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 1997 maidir le tomhaltóirí a chosaint i leith cianchonarthaí ( 2 ). Maidir le táirgí adhmaid a dhíorthaíonn ó adhmad nó ó tháirgí adhmaid atá ar an margadh inmheánach cheana féin a sholáthar ar an margadh inmheánach, ní hionann an soláthar sin agus ‘cur ar an margadh’;

(c) ciallaíonn “oibreoir” aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach a chuireann adhmad nó táirgí adhmaid ar an margadh;

(d) ciallaíonn “trádálaí” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann adhmad nó táirgí adhmaid atá ar an margadh inmheánach cheana féin a dhíol nó a cheannach ar an margadh inmheánach i gcúrsa gníomhaíochta tráchtála;

(e) ciallaíonn “tír na lománaíochta” an tír nó an chríoch inar lománaíodh an t-adhmad nó inar lománaíodh an t-adhmad atá leabaithe sna táirgí adhmaid;

(f) ciallaíonn “arna lománú go dleathach” arna lománú i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme i dtír na lománaíochta;

(g) ciallaíonn “arna lománú go neamhdhleathach” arna lománú de shárú ar an reachtaíocht is infheidhme i dtír na lománaíochta;

(h) ciallaíonn “reachtaíocht is infheidhme” an reachtaíocht atá i bhfeidhm i dtír na lománaíochta, ar reachtaíocht í lena gcumhdaítear na nithe seo a leanas:

 cearta chun adhmad a lománú laistigh de theorainneacha a bhfuil taifead orthu le dlí;

 íocaíochtaí ar chearta lománaíochta agus ar adhmad lena n-áirítear dleachtanna a bhaineann le lománaíocht adhmaid;

 lománaíocht adhmaid, lena n-áirítear reachtaíocht chomhshaoil agus reachtaíocht foraoise, ar reachtaíocht í ina n-áirítear bainistiú foraoisí agus caomhnú na bithéagsúlachta, i gcás ina bhfuil baint dhíreach aici le lománaíocht adhmaid;

 cearta dlíthiúla tríú páirtithe maidir le húsáid agus maidir le tionacht, ar cearta iad a ndéanann lománaíocht adhmaid difear dóibh; agus

 trádáil agus custam, a mhéid a bhaineann le hearnáil na foraoiseachta.

Airteagal 3

Stádas adhmaid agus táirgí adhmaid a chumhdaítear le FLEGT agus le CITES

Chun críocha an Rialacháin seo, measfar gur lománaíodh go dleathach aon adhmad atá leabaithe sna táirgí adhmaid a liostaítear in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ar táirgí iad de thionscnamh na dtíortha comhpháirtíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin agus a chomhlíonann an Rialachán sin agus forálacha cur chun feidhme an Rialacháin sin.

Chun críocha an Rialacháin seo, measfar gur lománaíodh go dleathach aon adhmad ó speicis a liostaítear in Iarscríbhinn A, in Iarscríbhinn B nó in Iarscríbhinn C a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 338/97, ar adhmad é a chomhlíonann an Rialachán sin agus forálacha cur chun feidhme an Rialacháin sin.

Airteagal 4

Oibleagáidí na n-oibreoirí

1.  Toirmiscfear adhmad arna lománú go neamhdhleathach nó táirgí adhmaid a dhíorthaíonn ó adhmad den sórt sin a chur ar an margadh.

2.  Feidhmeoidh na hoibreoirí dícheall cuí nuair a bheidh adhmad agus táirgí adhmaid á gcur ar an margadh acu. Chuige sin, bainfidh siad leas as creat nósanna imeachta agus beart, dá ngairtear ‘córas díchill chuí’ anseo feasta, de réir mar a leagtar amach in Airteagal 6.

3.  Déanfaidh gach oibreoir an córas díchill chuí a úsáideann sé a chothabháil agus a mheasúnú go tráthrialta, ach amháin i gcás ina n-úsáideann an t-oibreoir córas díchill chuí arna bhunú ag eagraíocht faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 8. Féadfar córais mhaoirseachta atá ann cheana faoi reachtaíocht náisiúnta agus aon sásra saorálach le haghaidh shlabhra an choimeádta a chomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo a úsáid mar bhonn don chóras díchill chuí.

Airteagal 5

Oibleagáid na hinrianaitheachta

Beidh trádálaithe in ann na nithe seo a leanas a shainaithint ar fud an tslabhra soláthair:

(a) na hoibreoirí nó na trádálaithe a sholáthair an t-adhmad agus na táirgí adhmaid; agus

(b) i gcás inarb infheidhme, na trádálaithe ar sholáthair siad adhmad nó táirgí adhmaid dóibh.

Déanfaidh trádálaithe an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad mhír a choinneáil ar feadh cúig bliana ar a laghad agus soláthróidh siad an fhaisnéis sin do na húdaráis inniúla má iarrann na húdaráis sin amhlaidh.

Airteagal 6

Córais díchill chuí

1.  Beidh na gnéithe seo a leanas san áireamh sa chóras díchill chuí dá dtagraítear in Airteagal 4(2):

(a) bearta agus nósanna imeachta lena dtugtar rochtain ar an bhfaisnéis seo a leanas maidir le soláthar an oibreora i ndáil le hadhmad nó táirgí adhmaid a chuirtear ar an margadh:

 tuairisc, lena n-áirítear an trádainm agus an cineál táirge, chomh maith le hainm coiteann an speicis crainn agus, i gcás inarb infheidhme, an t-ainm eolaíoch iomlán,

 tír na lománaíochta, agus i gcás inarb infheidhme:

 

i) an réigiún fonáisiúnta inar lománaíodh an t-adhmad; agus

ii) lamháltas na lománaíochta,

 cainníocht (arna sloinneadh i dtoirt, i meáchan nó i líon na n-aonad),

 ainm agus seoladh sholáthróir an oibreora,

 ainm agus seoladh an trádálaí dár soláthraíodh an t-adhmad agus na táirgí adhmaid,

 doiciméid nó faisnéis eile lena dtugtar léiriú ar chomhlíonadh na reachtaíochta is infheidhme i gcás an adhmaid sin agus na dtáirgí adhmaid sin;

(b) nósanna imeachta um measúnú riosca lena gcuirtear ar chumas an oibreora anailís agus measúnú a dhéanamh ar an riosca go ndéanfar adhmad arna lománú go neamhdhleathach nó táirgí adhmaid a dhíorthaíonn ó adhmad den sórt sin a chur ar an margadh.

Déanfar an fhaisnéis a leagtar amach i bpointe (a), chomh maith leis na critéir ábhartha um measúnú riosca, a chur san áireamh sna nósanna imeachta sin, lena n-áirítear:

 dearbhú maidir le comhlíonadh na reachtaíochta is infheidhme, ar dearbhú é a bhféadfadh scéimeanna deimhniúcháin nó scéimeanna eile arna bhfíorú ag tríú páirtí, ar scéimeanna iad lena gcumhdaítear comhlíonadh na reachtaíochta infheidhme, a bheith san áireamh ann,

 leitheadúlacht lománaíocht neamhdhleathach na speiceas sonrach crann,

 leitheadúlacht na lománaíochta neamhdhleathaí nó na gcleachtas neamhdhleathach i dtír na lománaíochta agus/nó sa réigiún fonáisiúnta inar lománaíodh an t-adhmad, lena n-áirítear aird a thabhairt ar leitheadúlacht coinbhleachta armtha,

 smachtbhannaí arna bhforchur ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe nó ag Comhairle an Aontais Eorpaigh ar allmhairí nó onnmhairí adhmaid;

 castacht shlabhra soláthair an adhmaid agus na dtáirgí adhmaid;

(c) seachas i gcás inar riosca diomaibhseach an riosca a shainaithnítear i gcúrsa na nósanna imeachta um measúnú riosca dá dtagraítear i bpointe (b), nósanna imeachta um maolú riosca arb é atá iontu ná sraith beart agus nósanna imeachta atá leordhóthanach agus comhréireach chun íoslaghdú a dhéanamh go héifeachtach ar an riosca sin agus a bhféadfaí ceanglas a áireamh iontu á rá go bhfuil gá le faisnéis bhreise nó doiciméid bhreise agus/nó go bhfuil gá le fíorú tríú páirtí.

2.  Déanfar na rialacha mionsonraithe is gá chun a áirithiú go ndéanfar mír 1 a chur chun feidhme go haonfhoirmeach, seachas maidir le tuilleadh critéar ábhartha um measúnú riosca dá dtagraítear sa dara habairt de phointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2). Glacfar na rialacha sin faoin 3 Meitheamh 2012.

3.  Agus forbairtí sa mhargadh agus an taithí atá faighte le linn an Rialachán seo a chur chun feidhme á gcur san áireamh, go háirithe na forbairtí agus an taithí a sainaithníodh tríd an malartú faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 13 agus an tuairisciú dá dtagraítear in Airteagal 20(3), féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE maidir le tuilleadh critéar ábhartha um measúnú riosca a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun na critéir sin dá dtagraítear sa dara habairt de phointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo a fhorlíonadh d’fhonn éifeachtacht an chórais díchill chuí a áirithiú.

Beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 15, in Airteagal 16 agus in Airteagal 17 maidir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa mhír seo.

Airteagal 7

Údaráis inniúla

1.  Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó a bheidh freagrach as an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

Faoin 3 Meitheamh 2011, déanfaidh na Ballstáit ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil a chur in iúl don Choimisiún. Déanfaidh na Ballstáit aon athruithe ar ainmneacha nó ar sheoltaí na n-údarás inniúil a chur in iúl don Choimisiún.

2.  Cuirfidh an Coimisiún liosta na n-údarás inniúil ar fáil go poiblí, lena n-áirítear ar an Idirlíon. Tabharfar an liosta cothrom le dáta go tráthrialta.

Airteagal 8

Eagraíochtaí faireacháin

1.  Déanfaidh eagraíocht faireacháin:

(a) córas díchill chuí a chothabháil agus a mheasúnú go tráthrialta de réir mar a leagtar amach in Airteagal 6 agus an ceart a dheonú d’oibreoirí chun é a úsáid;

(b) a fhíorú go bhfuil a córas díchill chuí á úsáid i gceart ag na hoibreoirí sin;

(c) an ghníomhaíocht chuí a dhéanamh i gcás ina mainneoidh oibreoir a córas díchill chuí a úsáid i gceart, lena n-áirítear fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla i gcás ina ndéanfaidh an t-oibreoir mainneachtain shuntasach nó mainneachtain arís agus arís eile.

2.  Féadfaidh eagraíocht iarratas a dhéanamh ar aitheantas mar eagraíocht faireacháin má chomhlíonann sí na ceanglais seo a leanas:

(a) tá pearsantacht dhlítheanach aici agus tá sí bunaithe go dleathach laistigh den Aontas;

(b) tá saineolas iomchuí aici agus tá sé d’acmhainn aici na feidhmeanna dá dtagraítear i mír 1 a fheidhmiú; agus

(c) áirithíonn sí nach bhfuil aon choimhlint leasa ann agus í ag comhlíonadh a cuid feidhmeanna.

3.  Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBallstát nó leis na Ballstáit lena mbaineann, aitheantas mar eagraíocht faireacháin a thabhairt d’iarratasóir a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i mír 2.

Déanfaidh an Coimisiún an cinneadh chun aitheantas a thabhairt d’eagraíocht faireacháin a chur in iúl d’údaráis inniúla na mBallstát go léir.

4.  Déanfaidh na húdaráis inniúla seiceálacha ag eatraimh rialta lena fhíorú go bhfuil na heagraíochtaí faireacháin a oibríonn laistigh de dhlínse na n-údarás inniúil ag leanúint de na feidhmeanna a leagtar síos i mír 1 a chomhlíonadh agus go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos i mír 2. Féadfar seiceálacha a dhéanamh freisin nuair atá faisnéis ábhartha ina sheilbh ag údarás inniúil an Bhallstáit, lena n-áirítear ábhair imní a thagann ó thríú páirtithe agus a bhfuil bonn maith leo, nó nuair atá easnaimh braite aige sa chaoi a ndéanann oibreoirí an córas díchill chuí, arna bhunú ag eagraíocht faireacháin, a chur chun feidhme. Déanfar tuarascáil ar na seiceálacha a chur ar fáil i gcomhréir le Treoir 2003/4/CE.

5.  Má chinneann údarás inniúil nach bhfuil na feidhmeanna a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh a thuilleadh ag eagraíocht faireacháin nó nach gcomhlíonann sí na ceanglais a leagtar síos i mír 2 a thuilleadh, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas gan mhoill.

6.  Déanfaidh an Coimisiún aitheantas eagraíochta faireacháin a tharraingt siar nuair a chinnfidh sé, go háirithe ar bhonn na faisnéise a sholáthraítear de bhun mhír 5, nach bhfuil na feidhmeanna a leagtar síos i mír 1 nó na ceanglais a leagtar síos i mír 2 á gcomhlíonadh a thuilleadh ag an eagraíocht faireacháin. Sula ndéanfaidh an Coimisiún aitheantas eagraíochta faireacháin a tharraingt siar, cuirfidh sé na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas ina leith.

Maidir leis an gcinneadh chun aitheantas eagraíochta faireacháin a tharraingt siar déanfaidh an Coimisiún é a chur in iúl d’údaráis inniúla na mBallstát go léir.

7.  Chun forlíonadh a dhéanamh ar na rialacha nós imeachta maidir le haitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí faireacháin agus maidir le haitheantas a tharraingt siar uathu agus, má éilíonn taithí amhlaidh, chun na rialacha sin a leasú, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE, agus áiritheoidh sé, ag an am céanna, go ndéantar an t-aitheantas a thabhairt agus an t-aitheantas a tharraingt siar ar bhealach atá cothrom agus trédhearcach.

Beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 15, in Airteagal 16 agus in Airteagal 17 maidir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa mhír seo. Glacfar na gníomhartha sin faoin 3 Márta 2012.

8.  Déanfar rialacha mionsonraithe a bhaineann le minicíocht agus cineál na seiceálacha dá dtagraitear i mír 4, ar rialacha iad atá riachtanach chun maoirseacht éifeachtach na n-eagraíochtaí faireacháin agus cur chun feidhme aonfhoirmeach na míre sin a áirithiú, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2). Glacfar na rialacha sin faoin 3 Meitheamh 2012.

Airteagal 9

Liosta na n-eagraíochtaí faireacháin

Foilseoidh an Coimisiún liosta na n-eagraíochtaí faireacháin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sraith C, agus cuirfidh sé ar fáil ar a láithreán gréasáin é. Tabharfar an liosta cothrom le dáta go tráthrialta.

Airteagal 10

Seiceálacha ar oibreoirí

1.  Déanfaidh na húdaráis inniúla seiceálacha chun a fhíorú an gcomhlíonann oibreoirí na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 4 agus in Airteagal 6.

2.  Déanfar seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 a chur i gcrích i gcomhréir le plean a ndéanfar athbhreithniú air go tráthrialta agus úsáidfear cur chuige riosca-bhunaithe ina leith. De bhreis air sin, féadfar seiceálacha a dhéanamh nuair atá faisnéis ábhartha ina sheilbh ag údarás inniúil, lena n-áirítear faisnéis atá bunaithe ar ábhair imní ó thríú páirtithe maidir leis an gcaoi a bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh ag oibreoir, ar ábhair imní iad a bhfuil bonn maith leo.

3.  Féadfar na nithe seo a leanas, inter alia, a áireamh sna seiceálacha dá dtagraítear i mír 1:

(a) scrúdú ar an gcóras díchill chuí, lena n-áirítear measúnú riosca agus nósanna imeachta um maolú riosca;

(b) scrúdú ar dhoiciméid agus ar thaifid a léiríonn feidhmiú cuí an chórais díchill chuí agus na nósanna imeachta;

(c) seiceálacha ar an láthair, lena n-áirítear iniúchtaí allamuigh.

4.  Tabharfaidh na hoibreoirí gach cúnamh is gá chun seoladh na seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 a éascú, go háirithe a mhéid a bhaineann le rochtain ar áitreabh agus le tíolacadh doiciméad nó taifead.

5.  Gan dochar d’Airteagal 19, i gcás ina mbraitear easnaimh, tar éis na seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, féadfaidh na húdaráis inniúla fógra a eisiúint maidir leis na gníomhaíochtaí feabhais a bheidh le déanamh ag an oibreoir. De bhreis air sin, agus ag brath ar chineál na n-easnamh a bhraitear, féadfaidh na Ballstáit bearta eatramhacha láithreacha a dhéanamh, lena n-áirítear inter alia:

(a) an t-adhmad agus na táirgí adhmaid a urghabháil;

(b) toirmeasc a chur ar adhmad agus táirgí adhmaid a mhargú.

Airteagal 11

Taifead ar sheiceálacha

1.  Déanfaidh na húdaráis inniúla taifid ar na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagal 10(1) a choinneáil, agus léireofar iontu, go háirithe, cineál agus torthaí na seiceálacha, chomh maith le haon fhógra faoi ghníomhaíochtaí feabhais arna eisiúint faoi Airteagal 10(5). Déanfar taifid ar gach seiceáil a choinneáil ar feadh cúig bliana ar a laghad.

2.  Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar fáil i gcomhréir le Treoir 2003/4/CE.

Airteagal 12

Comhoibriú

1.  Comhoibreoidh na húdaráis inniúla le chéile, le húdaráis riaracháin tríú tíortha agus leis an gCoimisiún chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo.

2.  Déanfaidh na húdaráis inniúla faisnéis faoi easnaimh thromchúiseacha a bhraitear trí na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagal 8(4) agus in Airteagal 10(1) agus faisnéis faoi na cineálacha pionós arna bhforchur i gcomhréir le hAirteagal 19 a mhalartú le húdaráis inniúla na mBallstát eile agus leis an gCoimisiún.

Airteagal 13

Cúnamh teicniúil, treoir agus malartú faisnéise

1.  Gan dochar d’oibleagáid na n-oibreoirí faoi Airteagal 4(2) dícheall cuí a fheidhmiú, féadfaidh Ballstáit, le cúnamh ón gCoimisiún i gcás inarb iomchuí, agus staid na bhfiontar beag agus meánmhéide á cur san áireamh acu, cúnamh teicniúil agus cúnamh eile agus treoir a sholáthar do na hoibreoirí chun comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo a éascú, go háirithe i dtaca le córas díchill chuí a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 6.

2.  Féadfaidh Ballstáit, le cúnamh ón gCoimisiún i gcás inarb iomchuí, malartú agus scaipeadh faisnéise ábhartha a éascú, ar faisnéis í faoi lománaíocht neamhdhleathach, go háirithe d’fhonn cabhrú le hoibreoirí measúnú a dhéanamh ar rioscaí de réir mar atá leagtha amach i bpointe (b) d’Airteagal 6(1), agus faoi dhea-chleachtais i dtaca le cur chun feidhme an Rialacháin seo.

3.  Déanfar an cúnamh a chur ar fáil ar shlí trína seachnófar dochar a dhéanamh do fhreagrachtaí na n-údarás inniúil agus trína gcaomhnófar neamhspleáchas na n-údarás sin le linn dóibh an Rialachán seo a fhorfheidhmiú.

Airteagal 14

Leasuithe ar an Iarscríbhinn

Ar thaobh amháin, chun an taithí a fuarthas le linn an Rialachán seo a chur chun feidhme, go háirithe an taithí a shainaithnítear tríd an tuairisciú dá dtagraítear in Airteagal 20(3) agus (4) agus tríd an malartú faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 13, agus ar an taobh eile, chun forbairtí maidir le saintréithe teicniúla, úsáideoirí deiridh agus próisis táirgthe adhmaid agus táirgí adhmaid a chur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE trí liosta na n-adhmad agus na dtáirgí adhmaid a leagtar amach san Iarscríbhinn a leasú agus a fhorlíonadh. Ní dhéanfar ualach díréireach a chur ar oibreoirí leis na gníomhartha sin.

Beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 15, in Airteagal 16 agus in Airteagal 17 maidir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear san Airteagal seo.

Airteagal 15

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Maidir leis an gcumhacht chun na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 6(3), in Airteagal 8(7) agus in Airteagal 14, tugtar don Choimisiún í go ceann tréimhse seacht mbliana amhail ón 2 Deireadh Fómhair 2010. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis na cumhachtaí tarmligthe a ullmhú tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh thréimhse trí bliana tar éis an dáta a ndéanfar an Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Déanfar tarmligean na gcumhachtaí a fhadú go huathoibríoch go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go ndéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle é a chúlghairm i gcomhréir le hAirteagal 16.

2.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith ag an am céanna.

3.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 16 agus in Airteagal 17 a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

Airteagal 16

An tarmligean a chúlghairm

1.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(3), in Airteagal 8(7) agus in Airteagal 14 a chúlghairm aon tráth.

2.  Féachfaidh an institiúid a bheidh tar éis tús a chur le nós imeachta inmheánach d’fhonn a chinneadh an ndéanfar tarmligean cumhachtaí a chúlghairm le fógra ina leith sin a thabhairt don institiúid eile agus don Choimisiún laistigh de thréimhse réasúnach sula ndéantar an cinneadh críochnaitheach, agus luafaidh sí na cumhachtaí tarmligthe a d’fhéadfadh a bheith faoi réir cúlghairme agus na cúiseanna a d’fhéadfadh a bheith leis an gcúlghairm.

3.  Maidir leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfidh sé deireadh le tarmligean na gcumhachtaí a shonrófar sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis láithreach nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. Foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 17

Agóidí in aghaidh gníomhartha tarmligthe

1.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh in aghaidh gnímh tharmligthe laistigh de thréimhse dhá mhí ó dháta an fhógra. Ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle, déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí eile.

2.  Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse sin in éag, nach mbeidh agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle in aghaidh an ghnímh tharmligthe, foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta a bheidh luaite ann.

Féadfar an gníomh tarmligthe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm sula rachaidh an tréimhse sin in éag, más rud é go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach bhfuil sé ar intinn acu agóid a dhéanamh in aghaidh an ghnímh tharmligthe.

3.  Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid in aghaidh gnímh tharmligthe, ní thiocfaidh an gníomh i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a dhéanfaidh agóid na cúiseanna le hagóid a dhéanamh in aghaidh an ghnímh tharmligthe.

Airteagal 18

An Coiste

1.  Tabharfaidh an Coiste um Fhorfheidhmiú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí (FLEGT) arna bhunú faoi Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 cúnamh don Choimisiún.

2.  I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

Airteagal 19

Pionóis

1.  Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad.

2.  Ní mór go mbeidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus féadfar na nithe seo a leanas, inter alia, a áireamh iontu:

(a) fíneálacha atá ar comhréir leis an damáiste comhshaoil, le luach an adhmaid nó na dtáirgí adhmaid lena mbaineann agus leis na caillteanais chánach agus an díobháil eacnamaíoch a bheidh mar thoradh ar an sárú agus déanfar leibhéal na bhfíneálacha sin a ríomh ar shlí a chinnteoidh go ndéanfar na tairbhí eacnamaíocha a dhíorthaíonn ó na sáruithe tromchúiseacha a rinne siad a bhaint go héifeachtach díobh sin atá freagrach, ach sin gan dochar don cheart dlisteanach chun gairm a chleachtadh, agus déanfar leibhéal na bhfíneálacha sin mar gheall ar sháruithe tromchúiseacha a dhéantar arís agus arís eile a mhéadú de réir a chéile;

(b) an t-adhmad agus na táirgí adhmaid lena mbaineann a urghabháil;

(c) an t-údarú trádála a chur ar fionraí láithreach.

3.  Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na forálacha sin don Choimisiún agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill i dtaobh aon leasuithe ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

Airteagal 20

▼M1

Faireachán ar chur chun feidhme na faisnéise agus an rochtain ar fhaisnéis

1.  Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don phobal agus don Choimisiún, faoin 30 Aibreán gach bliain ar a dhéanaí, faisnéis ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo le linn na bliana féilire roimhe. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an fhormáid agus an nós imeachta a bhunú trína gcuirfidh na Ballstáit faisnéis den sórt sin ar fáil. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).

2.  Bunaithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh seirbhísí an Choimisiúin forléargas ar an Aontas ina iomláine ar fáil go poiblí gach bliain ar bhonn na sonraí arna gcur isteach ag na Ballstáit. Agus an forléargas á ullmhú, tabharfaidh seirbhísí an Choimisiúin aird ar an dul chun cinn atá déanta i ndáil le tabhairt i gcrích agus oibriú VPAnna FLEGT, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005, agus i leith an méid a baineadh amach dá mbarr chun adhmad arna lománú go neamhdhleathach agus táirgí adhmaid a dhíorthaíonn ó adhmad den sórt sin atá ar an margadh inmheánach a íoslaghdú.

3.  Faoin 3 Nollaig 2021, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 agus na taithí ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, feidhmiú agus éifeachtacht an Rialacháin seo a athbhreithniú, lena n-áirítear éifeachtacht maidir le cosc a chur ar adhmad arna lománú go neamhdhleathach nó ar tháirgí adhmaid a dhíorthaíonn ó adhmad den sórt sin a bheith á gcur ar an margadh. Breithneoidh sé go háirithe na hiarmhairtí riaracháin d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus do chumhdach táirgí. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar thoradh an athbhreithnithe, agus cuirfear tograí reachtacha iomchuí leis na tuarascálacha sin más gá.

▼B

4.  Maidir leis an gcéad cheann de na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 3, áireofar meastóireacht inti ar staid eacnamaíoch agus trádála reatha an Aontais a mhéid a bhaineann leis na táirgí a liostaítear faoi Chaibidil 49 den Ainmníocht Chomhcheangailte, agus aird ar leith á tabhairt ar iomaíochas na n-earnálacha ábhartha, chun go mbreithneofar an bhféadfaí iad a áireamh sa liosta d’adhmad agus de tháirgí adhmaid atá leagtha amach san Iarscríbhinn atá ag gabháil leis an Rialachán seo.

Maidir leis an tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír, áireofar inti freisin measúnú ar éifeachtacht an toirmisc ar adhmad arna lománú go neamhdhleathach agus ar tháirgí adhmaid a dhíorthaíonn ó adhmad den sórt sin a chur ar an margadh, de réir mar atá leagtha amach in Airteagal 4(1), chomh maith le héifeachtacht na gcóras díchill chuí atá leagtha amach in Airteagal 6.

Airteagal 21

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige amhail ón 3 Márta 2013. Beidh feidhm ag Airteagail 6(2), 7(1), 8(7) agus 8(8), áfach, amhail ón 2 Deireadh Fómhair 2010.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN

Adhmad agus táirgí adhmaid faoi mhar atá siad aicmithe san Ainmníocht Chomhcheangailte a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle ( 3 ), a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo

 4401 Connadh, ina spreotaí, ina smutáin, ina chipíní, ina bhrosna nó i bhfoirmeacha dá samhail; adhmad i sliseanna nó i gcáithníní; min sáibh agus fuíolladhmad agus dramhadhmad, bíodh nó ná bíodh sé ceirtleánaithe i bhfoirm spreotaí, brícíní nó millíní nó i bhfoirmeacha dá samhail

 4403 Adhmad neamhchóirithe, bíodh nó ná bíodh coirt nó sú-adhmad air nó bainte de, nó cearnaithe go garbh

 4406 Trasnáin iarnróid nó trambhealaí (trascheangail) as adhmad

 4407 Adhmad sáfa nó scealptha ar a fhad, sliseáilte nó scafa, bíodh nó ná bíodh sé plánáilte, greanáilte nó ceannsiúntaithe, de thiús is mó ná 6 mm

 4408 Leatháin le haghaidh athchraicinn (lena n-áirítear na cinn a fhaightear trí adhmad lannaithe a shliseadh), le haghaidh sraithadhmaid nó le haghaidh adhmaid lannaithe chomhchosúil agus adhmaid eile, sáfa ar a fhad, sliseáilte nó scafa, bíodh nó ná bíodh sé plánáilte, greanáilte, scarshiúntaithe nó ceannsiúntaithe, de thiús nach mó ná 6 mm

 4409 Adhmad (lena n-áirítear stiallacha agus fríosanna d’urlár iontlaise, nach bhfuil cóimeáilte) atá dealbhaithe go leanúnach (teangaithe, eitrithe, céimnithe, seaimféaráilte, V-shiúntaithe, feirbthe, múnlaithe, maolaithe nó a leithéid) feadh aon cheann dá imill, dá fhoircinn nó dá éadain, bíodh nó ná bíodh sé plánáilte, greanáilte, nó ceannsiúntaithe

 4410 Cáithnínchlár, clár sliseog treoshuite (OSB) agus clár den tsamhail sin (clár slisín, mar shampla), as adhmad nó as ábhar ligneach eile, bíodh nó ná bíodh sé ceirtleánaithe le roisíní nó le táthshubstaintí orgánacha eile

 4411 Clár snáithíneach adhmaid nó ábhar ligneach eile, bíodh nó ná bíodh sé nasctha le roisíní nó le substaintí orgánacha eile

 4412 Sraithadhmad, painéil a bhfuil athchraiceann curtha orthu agus adhmad lannaithe den chineál céanna

 4413 00 00 Adhmad dlúthaithe, i mbloic, i bplátaí, i stiallacha nó i gcruthanna próifíle

 4414 00 Frámaí adhmaid do phictiúir, do ghrianghraif, do scátháin nó d’earraí den chineál céanna

 4415 Cásanna pacála, boscaí, cliathbhoscaí, drumaí agus pacáistithe dá samhail, déanta as adhmad; drumaí cáblaí, déanta as adhmad; pailléid, pailléid i bhfoirm boscaí agus cláir ualaigh eile, déanta as adhmad; coiléir phailléid, déanta as adhmad

 (Nach ábhar pacála a úsáidtear go heisiatach mar ábhar pacála chun tacú le táirge eile a chuirtear ar an margadh nó chun táirge eile a chuirtear ar an margadh a chosaint nó a iompar.)

 4416 00 00 Cascaí, bairillí, dabhcha, tobáin agus táirgí cúipéara eile agus codanna díobh, déanta as adhmad, lena n-áirítear na cláir

 4418 Táirgí siúinéireachta agus cearpantóireachta, lena n-áirítear painéil cheallacha adhmaid, painéil chóimeáilte urláir, slinnte agus fabhtanna

 Laíon agus páipéar i gCaibidil 47 agus i gCaibidil 48 den Ainmníocht Chomhcheangailte, cé is moite de tháirgí atá déanta as bambú agus táirgí (fuíoll agus dramh) aisghafa

 9403 30 , 9403 40 , 9403 50 00 , 9403 60 agus 9403 90 30 Troscán adhmaid

 9406 00 20 Foirgnimh réamhdhéanta



( 1 ) IO L 312, 22.11.2008, lch. 3.

( 2 ) IO L 144, 4.6.1997, lch. 19.

( 3 ) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1.).