2009R0715 — GA — 03.09.2009 — 000.001


►B

RIALACHÁN (CE) Uimh. 9993/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Iúil 2009

maidir le coinníollacha le haghaidh rochtana ar na gréasáin gáis nádúrtha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

(IO L 211, 14.8.2009, p.36)


Arna cheartú le

►C1

, IO L 229, 1.9.2009, lch. 29  (715/2009)

►C2

, IO L 309, 24.11.2009, lch. 71  (715/2009)




▼B

RIALACHÁN (CE) Uimh. 9993/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Iúil 2009

maidir le coinníollacha le haghaidh rochtana ar na gréasáin gáis nádúrtha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)



TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ( 1 ),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún ( 2 ),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta síos a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh ( 3 ),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is é is aidhm don mhargadh inmheánach sa ghás, atá á chur chun feidhme de réir a chéile ó 1999 ar aghaidh, ná fíor-rogha, deiseanna nua gnó agus tuilleadh trádála trasteorann a thabhairt do thomhaltóirí uile an Chomhphobail, cibé acu saoránaigh nó gnóthaí, chun éifeachtúlacht a mhéadú, chun praghsanna iomaíocha agus caighdeáin níos airde seirbhíse a bhaint amach agus chun rannchuidiú le slándáil an tsoláthair agus leis an inbhuanaitheacht.

(2)

Le Treoir 2003/55/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2003 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha ( 4 ) agus le Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2005 maidir le coinníollacha rochtana ar ghréasáin tarchurtha gáis nádúrtha ( 5 ), tá rannchuidiú suntasach déanta maidir le cruthú an mhargaidh inmheánaigh sin sa ghás nádúrtha.

(3)

Taispeánann an taithí a fuarthas maidir le cur chun feidhme na chéad sraithe Treoirlínte i leith Dea-Chleachtais agus faireachán a rinneadh orthu, a ghlac an Fóram Eorpach um Rialáil Gáis (Fóram Mhaidrid) in 2002, gur gá, d'fhonn cur chun feidhme iomlán na rialacha a leagtar amach sna treoirlínte sin sna Ballstáit uile a bhaint amach, agus d'fhonn ráthaíocht íosta a sholáthar maidir le coinníollacha rochtana comhionainne ar an margadh go praiticiúil, foráil a dhéanamh go mbeadh na treoirlínte infhorfheidhmithe de réir dlí.

(4)

Glacadh an dara sraith comhrialacha dar teideal ‘an Dara sraith Treoirlínte le haghaidh Dea-Chleachtais’ ag an gcruinniú d'Fhóram Mhaidrid an 24 agus an 25 Meán Fómhair 2003, agus is é is cuspóir don Rialacháin seo ná prionsabail bhunúsacha agus rialacha a leagan síos, ar bhonn na dtreoirlínte sin, maidir le seirbhísí rochtana ar ghréasáin agus seirbhísí rochtana tríú páirtí, bainistiú ar phlódú, trédhearcacht, cothromú agus trádáil i gcearta acmhainne.

(5)

Le Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna i dtaca leis an margadh inmheánach sa ghás nádúrtha ( 6 ) déantar fóráil maidir le leis an bhféidearthacht go mbeidh oibreoir comhcheangailte córas tarchurtha agus dáileacháin ann. Dá réir sin, ní éilíonn na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo go ndéanfar modhnú ar eagrú na gcóras náisiúnta tarchurtha agus dáileacháin atá i gcomhréir le forálacha ábhartha na Treorach sin.

(6)

Áirítear i raon feidhme an Rialacháin seo píblínte ardbhrú a nascann dáileoirí áitiúla leis an ngréasán gáis, ar píblínte iad nach n-úsáidtear go príomha i gcomhthéacs an dáileacháin áitiúil.

(7)

Is gá na critéir a shonrú a gcinnfear na taraifí maidir le rochtain ar an ngréasán dá réir, chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad go hiomlán prionsabal an neamh-idirdhealaithe agus riachtanais an mhargaidh inmheánaigh atá ag feidhmiú go maith agus chun go gcuirfear san áireamh ina iomláine an gá atá le sláine an chórais agus go léireofar na costais iarbhír a thabhaítear, a mhéid a fhreagraíonn na costais sin do chostais oibreora gréasáin atá éifeachtúil agus inchomparáide go struchtúrach agus a mhéid atá na costais trédhearcach, agus, ag an am céanna, fáltas iomchuí ó infheistíocht á áireamh ann, agus, i gcás inarb iomchuí, go gcuirfear san áireamh tagarmharcáil na dtaraifí a dhéanfaidh na húdaráis rialála.

(8)

Le linn taraifí a ríomh maidir le rochtain ar ghréasáin, tá sé tábhachtach go gcuirfear san áireamh na costais iarbhír a tabhaíodh, a mhéid a fhreagraíonn na costais sin do chostais oibreora gréasáin atá éifeachtúil agus inchomparáide go struchtúrach agus a mhéid atá na costais sin trédhearcach, chomh maith leis an ngá go soláthrófar fáltas iomchuí ar infheistíochtaí agus dreasachtaí chun bonneagar nua a thógáil lena n-áirítear cóir speisialta rialála le haghaidh infheistíochtaí nua mar a fhoráiltear i dTreoir 2009/73/CE. Chuige sin, agus go háirithe más ann d'iomaíocht éifeachtach píblíne go píblíne, beidh sé ábhartha go ndéanfaidh na húdaráis rialála tagarmharcáil ar na taraifí.

(9)

Ní mór úsáid socruithe margadh-bhunaithe, amhail ceantanna, chun taraifí a chinneadh a bheith comhoiriúnach leis na forálacha a leagtar síos i dTreoir 2009/73/CE.

(10)

Is gá sraith íosta chomhchoiteann seirbhísí rochtana tríú páirtí chun comhchaighdeán íosta rochtana a sholáthar go praiticiúil ar fud an Chomhphobail, chun a áirithiú go bhfuil na seirbhísí rochtana tríú páirtí sách comhoiriúnach lena chéile agus le gur féidir na sochair a fhabhróidh ó mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha atá ag feidhmiú go maith a shaothrú.

(11)

Tá constaicí ann faoi láthair sa Chomhphobal, áfach, maidir le gás a dhíol faoi choinníollacha comhionanna, gan idirdhealú ná míbhuntáiste. Go háirithe, níl rochtain neamh-idirdhealaitheach ar ghréasáin ann, agus níl comhionannas éifeachta ann fós i ngach mBallstát i dtaca le leibhéal na maoirseachta rialála, agus is ann do mhargaí leithlisithe i gcónaí.

(12)

Ba cheart go mbainfí leibhéal dóthanach amach maidir le hacmhainn idirnaisc trasteorann gáis agus go gcuirfí comhtháthú chun cinn chun an margadh inmheánach sa ghás nádúrtha a chomhlánú.

(13)

Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2007 dar teideal ‘Beartas Fuinnimh don Eoraip’, leagadh béim ar a thábhachtaí atá sé an margadh inmheánach sa ghás nádúrtha a chomhlánú agus coinníollacha cothroma a chruthú do gach gnóthais gháis nádúrtha sa Chomhphobal. Le Teachtaireachtaí an Choimisiúin an 10 Eanáir 2007 dar teideal ‘Ionchais an mhargaidh inmheánaigh sa ghás agus sa leictreachas’ agus ‘Fiosrúchán de bhun Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ar earnálacha an gháis agus an leictreachais san Eoraip (Tuarascáil Chríochnaitheach)’, léiríodh nach soláthraítear, leis na rialacha agus na bearta reatha, an creat is gá chun cuspóir an mhargaidh inmheánaigh a fheidhmíonn go maith agus atá éifeachtúil agus oscailte a bhaint amach, ná nach ndéantar foráil leo maidir le cruthú acmhainní idirnaisc chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(14)

De bhreis ar an gcreat rialála atá ann a chur chun feidhme go críochnúil, ba cheart an creat rialála don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005 a oiriúnú i gcomhréir leis na teachtaireachtaí sin.

(15)

Go háirithe, tá gá le comhar agus comhordú méadaithe idir na hoibreoirí córas tarchurtha chun cóid ghréasáin a chruthú lena soláthrófar agus lena mbainisteofar rochtain éifeachtach agus thrédhearcach ar na gréasáin tarchurtha thar theorainneacha, agus chun pleanáil atá comhordaithe agus réamhbhreathnaitheach go leor agus forás fónta teicniúil a áirithiú don chóras tarchurtha sa Chomhphobal, lena n-áirítear acmhainní idirnaisc a chruthú, ag féachaint go cuí don chomhshaol. Ba cheart go mbeadh na cóid ghréasáin sin i gcomhréir leis na creat-treoirlínte ar de chineál neamhcheangailteach iad (creat-treoirlínte) agus a d'fhorbair an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 9991/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Gníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh ( 7 ), (an Ghníomhaireacht). Ba cheart go mbeadh ról ag an nGníomhaireacht maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar na dréachtchóid ghréasáin, ar athbhreithniú é a bheidh bunaithe ar ábhair fíoras, lena n-áirítear athbhreithniú i dtaobh an gcomhlíonann siad na creat-treoirlínte, agus ba cheart go gcumasófaí di a mholadh don Choimisiún iad a ghlacadh. Ba cheart go ndéanfadh an Ghníomhaireacht measúnú ar leasuithe a bheartaítear a dhéanamh ar na cóid ghréasáin agus ba cheart go gcumasófaí di a mholadh don Choimisiún iad a ghlacadh. Ba cheart go n-oibreodh oibreoirí córas tarchurtha a ngréasáin i gcomhréir leis na cóid ghréasáin sin.

(16)

Chun go n-áiritheofar bainistiú optamach an ghréasáin tarchurtha gáis sa Chomhphobal, ba cheart Gréasán Eorpach Oibreoirí na gCóras Tarchurtha don Ghás (an ENTSO don Ghás) a bhunú. Ba cheart go gcuirfeadh an ENTSO don Ghás a chuid cúraimí i gcrích i gcomhréir le rialacha iomaíochta an Chomhphobail atá infheidhme i gcónaí maidir le cinntí an ENTSO don Ghás. Ba cheart go saineofaí cúraimí an ENTSO don Ghás ar bhealach soiléir agus ba cheart go n-áiritheofaí lena mhodh oibre éifeachtúlacht, cineál ionadaíoch agus trédhearcacht an ENTSO don Ghás. Níl sé beartaithe go ngabhfadh na cóid ghréasáin a ullmhaíonn an ENTSO don Ghás ionad na gcód gréasáin náisiúnta atá riachtanach maidir le saincheisteanna nach saincheisteanna trasteorann iad. De bhrí go bhféadfar dul chun cinn níos éifeachtaí a dhéanamh trí chur chuige ar an leibhéal réigiúnach, ba cheart d'oibreoirí córas tarchurtha struchtúir réigiúnacha a chur ar bun laistigh den struchtúr comhair foriomlán, agus go n-áireofaí ag an am céanna go mbeadh na torthaí ar an leibhéal réigiúnach comhoiriúnach le cóid ghréasáin agus le pleananna forbartha gréasáin neamhcheangailteacha deich mbliana ar leibhéal an Chomhphobail. Maidir le comhar laistigh de struchtúir réigiúnacha den sórt sin, glactar leis go bhfuil díchuachadh éifeachtach á dhéanamh amhail idir gníomhaíochtaí gréasáin agus gníomhaíochtaí táirgthe agus soláthair. In éagmaig d'chuachaidh den sórt sin, tá riosca iompair frithiomaíochta ann mar gheall ar chomhar réigiúnach idir oibreoirí córas tarchurtha. Ba cheart do na Ballstáit an comhar ar leibhéal réigiúnach a chur chun cinn mar aon le faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht an ghréasáin ar an leibhéal sin. Ba cheart go mbeadh an comhar ar leibhéal réigiúnach comhoiriúnach leis an dul chun cinn i ndáil le margadh inmheánach iomaíoch agus éifeachtúil a bhaint amach i gcúrsaí gáis.

(17)

Tá leas ag rannpháirtithe uile an mhargaidh san obair a bhfuiltear ag súil léi ón ENTSO don Ghás. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, go mbeadh próiseas comhairliúcháin éifeachtach ann agus go mbeadh ról tábhachtach ag na struchtúir atá ann cheana féin agus a cuireadh ar bun chun an próiseas comhairliúcháin a éascú agus a shruthlíniú, amhail an Comhlachas Eorpach um shruthlíniú Malartaithe Fuinnimh, rialálaithe náisiúnta nó an Ghníomhaireacht.

(18)

D'fhonn breis trédhearcachta a áirithiú maidir le forbairt an ghréasáin iomláin tarchurtha gáis sa Chomhphobal, ba cheart don ENTSO don Ghás plean forbartha gréasáin uile-Chomhphobail neamhcheangailteach deich mbliana a tharraingt suas, a fhoilsiú agus a uasdátú go rialta (plean forbartha gréasáin uile-Chomhphobail). Ba cheart go ndéanfaí gréasáin inmharthana tarchurtha gáis agus na hidirnaisc réigiúnacha is gá, atá ábhartha ó thaobh tráchtála nó chinnteacht soláthair de, a chur san áireamh sa phlean forbartha gréasáin sin.

(19)

Chun iomaíocht a fheabhsú trí mhargaí mórdhíola leachtacha sa ghás, tá sé ríthábhachtach go bhféadfaí an gás a thrádáil go neamhspleách ón suíomh atá aige sa chóras. An t-aon slí chun é seo a dhéanamh is ea trí shaoirse a thabhairt d'úsáideoirí an ghréasáin acmhainn iontrála sa chóras agus acmhainn scoir as an gcóras a chur in áirithe go neamhspleách ar a chéile, agus sa chaoi sin iompar gáis a chruthú trí chriosanna seachas trí chonairí conarthacha. Thug formhór na ngeallsealbhóirí le fios cheana ag 6ú Fóram Mhaidrid an 30 agus an 31 Deireadh Fómhair 2002 gurbh é ba rogha leo córais iontrála-scoir chun forbairt iomaíochta a éascú. Níor cheart go mbeadh taraifí spleách ar an mbealach iompair. Dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh baint ag an taraif arna socrú le haghaidh pointe iontrála amháin nó níos mó leis an taraif arna socrú le haghaidh pointe scoir amháin nó níos mó, agus vice versa.

(20)

Ní chiallaíonn tagairtí do chonarthaí comhchuibhithe iompair i gcomhthéacs na rochtana neamh-idirdhealaithí ar ghréasán oibreoirí na gcóras tarchurtha gur gá gurb ionann téarmaí agus coinníollacha na gconarthaí iompair atá ag oibreoir córais ar leith i mBallstát amháin agus téarmaí agus coinníollacha oibreora eile córais sa Bhallstát sin nó i mBallstát eile, mura rud é go leagtar síos ceanglais íosta nach mór iad a chomhlíonadh sna conarthaí iompair uile.

(21)

Tá plódú suntasach conarthach ann sna gréasáin gáis. Dá bhrí sin, tá na prionsabail a bhaineann le bainistiú ar phlódú agus leithdháileadh maidir le hacmhainn i gcomhair conarthaí nua nó conarthaí a caibidlíodh as an nua bunaithe ar acmhainn nach bhfuil in úsáid a scaoileadh trí chead a thabhairt d'úsáideoirí an ghréasáin an acmhainn chonarthach atá acu a fholigean nó a athdhíol agus ar an oibleagáid atá ar oibreoirí na gcóras tarchurtha an acmhainn nach bhfuil in úsáid acu a thairiscint don mhargadh, ar bhonn lá roimh ré agus ar bhonn in-idirbhriste ar a laghad. I bhfianaise líon mór na gconarthaí reatha agus i bhfianaise an ghá atá le coinníollacha cothroma a chruthú idir úsáideoirí na hacmhainne nua agus na hacmhainne atá ann cheana, ba cheart na prionsabail sin a chur i bhfeidhm maidir leis an acmhainn chonarthach go léir, lena n-áirítear na conarthaí atá ann cheana.

(22)

Cé gurb annamh plódú fisiceach na ngréasán a bheith ina fhadhb sa Chomhphobal faoi láthair, d'fhéadfadh sé a bheith ina fhadhb amach anseo. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, an bunphrionsabal a sholáthar maidir le hacmhainn phlódaithe a leithdháileadh in imthosca den sórt sin.

(23)

De réir an fhaireacháin atá déanta ag an gCoimisiún agus ag na húdaráis rialála náisiúnta ar an margadh le blianta beaga anuas, léirítear nach leor na ceanglais reatha trédhearcachta agus na rialacha reatha maidir le rochtain ar bhonneagar chun fíormhargadh inmheánach a fheidhmíonn go maith agus atá oscailte agus éifeachtúil a bhaint amach.

(24)

Tá gá le rochtain chomhionann ar fhaisnéis maidir le stádas fisiceach agus le héifeachtúlacht an chórais ionas go mbeidh rannpháirtithe uile an mhargaidh in ann staid fhoriomlán an éilimh agus an tsoláthair a mheasúnú agus go mbeidh siad in ann cúiseanna na n-athruithe sa phraghas mórdhíola a shainaithint. Áirítear leis sin, faisnéis níos cruinne ar sholáthar agus ar éileamh, ar acmhainn an ghréasáin ar shreabha agus ar chothabháil, ar cothromú agus ar infhaighteacht agus úsáid stórála. Mar gheall ar an tábhacht a bhaineann leis an bhfaisnéis sin d'fheidhmiú an mhargaidh, is gá maolú ar na srianta atá ann cheana ar fhoilsiú ar chúiseanna rúndachta.

(25)

Maidir le ceanglais rúndachta i leith faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de, tá siad ábhartha go háirithe nuair a bhaineann siad le sonraí de chineál straitéiseach ó thaobh tráchtála don chuideachta lena mbaineann, i gcás nach bhfuil ach úsáideoir aonair amháin ann do shaoráid stórála, nó i gcás ina mbaineann sonraí le pointí scoir laistigh de chóras nó d'fhochóras nach bhfuil nasctha le córas tarchurtha ná dáileacháin eile ach atá nasctha le custaiméir deiridh tráchtála aonair, i gcás ina nochtfadh foilsiú sonraí den sórt sin faisnéis rúnda maidir le próiseas táirgthe an chustaiméara sin.

(26)

D'fhonn muinín sa mhargadh a fheabhsú, ní foláir do na rannpháirtithe a bheith cinnte go bhféadfar iad siúd a ghabhann do mhí-úsáid a chur faoi réir pionós atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Ba cheart go dtabharfaí an inniúlacht do na húdaráis inniúla chun líomhaintí maidir le mí-úsáid an mhargaidh a fhiosrú go héifeachtach. Chun na críche sin, is gá rochtain a bheith ag na húdaráis inniúla ar shonraí ina bhfuil faisnéis maidir le cinntí oibríochtúla a ghlacann gnóthais soláthair. I margadh an gháis, déantar na cinntí sin go léir a chur in iúl do na hoibreoirí córais i bhfoirm forchoimeádas acmhainne, ainmniúcháin agus sreabha réadaithe, Ba cheart d'oibreoirí córais faisnéis i dtaca leis sin a choimeád ar fáil do na húdaráis inniúla, agus rochtain éasca a bheith ag na húdaráis sin uirthi, go ceann tréimhse socraithe. Ina theannta sin, ba cheart go ndéanfadh na húdaráis inniúla faireachán go tráthrialta ar chomhlíonadh na rialacha ar thaobh na n-oibreoirí córas tarchurtha.

(27)

Ní leor an rochtain atá ann ar shaoráidí stórála gáis agus ar shaoráidí gáis nádúrtha leachtaithe (GNL), i roinnt Ballstát, agus is gá, dá bhrí sin, cur chun feidhme na rialacha atá ann cheana a fheabhsú. Is é an tátal a baineadh as faireachán Ghrúpa Rialálaithe na hEorpa um Leictreachas agus Ghás ná nach gcuirtear i bhfeidhm go leordhóthanach na treoirlínte deonacha maidir le cleachtas rochtana tríú páirtí le haghaidh oibreoirí na gcóras stórála, ar treoirlínte iad ar chomhaontaigh na geallsealbhóirí go léir orthu ag Fóram Mhaidrid, agus nach mór, dá bhrí sin, na treoirlínte sin a bheith ceangailteach.

(28)

Is sásraí tábhachtacha iad córais chomhardúcháin neamh-idirdhealaitheacha trédhearcacha a oibríonn oibreoirí na gcóras tarchurtha, go háirithe maidir le hiontrálaithe nua ar an margadh a bhféadfadh níos mó deacrachta a bheith acu a bpunann fhoriomlán díolacháin a chomhardú ná mar atá ag cuideachtaí atá bunaithe cheana laistigh den mhargadh ábhartha. Is gá, dá bhrí sin, rialacha a leagan síos chun a áirithiú go n-oibreoidh oibreoirí na gcóras tarchurtha sásraí den sórt sin ar dhóigh atá comhoiriúnach le coinníollacha neamh-idirdhealaitheacha, trédhearcacha agus éifeachtacha rochtana ar an ngréasán.

(29)

Is cuid thábhachtach de mhargadh iomaíoch a fhorbairt agus de leachtacht a chruthú cearta acmhainne príomhúla a thrádáil. Ba cheart, dá bhrí sin, go ndéanfaí bunrialacha a bhaineann le trádáil den sórt sin a leagan síos leis an Rialachán seo.

(30)

Ba cheart go n-áiritheodh na húdaráis rialála náisiúnta comhlíonadh na rialacha atá sa Rialachán seo agus na dTreoirlínte a ghlactar ar bhonn an Rialacháin seo.

(31)

Sna Treoirlínte atá i gceangal leis an Rialachán seo, déantar rialacha cur chun feidhme mionsonraithe sonracha a shainiú ar bhonn an dara sraith Treoirlínte le haghaidh Dea-Chleachtais. I gcás inarb iomchuí, tiocfaidh éabhlóid ar na rialacha sin le himeacht ama, agus na difríochtaí idir na córais náisiúnta gáis á gcur san áireamh.

(32)

Le linn leasú ar na treoirlínte atá san Iarscríbhinn atá i gceangal leis an Rialachán seo a mholadh, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go rachfaí i gcomhairle roimh ré leis na páirtithe ábhartha uile a bhfuil baint acu leis na Treoirlínte, arb iad na heagraíochtaí gairmiúla a n-ionadaithe, agus leis na Ballstáit laistigh d'Fhóram Mhaidrid.

(33)

Ba cheart go gceanglófaí ar na Ballstáit agus ar na húdaráis náisiúnta inniúla faisnéis ábhartha a sholáthar don Choimisiún. Ba cheart don Choimisiún déileáil le faisnéis den sórt sin mar fhaisnéis rúnda.

(34)

Beidh an Rialachán seo agus na Treoirlínte a ghlacfar i gcomhréir leis gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha iomaíochta an Chomhphobail.

(35)

Maidir leis na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún ( 8 ).

(36)

Ba cheart, go háirithe, go gcumhachtófaí don Choimisiún na Treoirlínte is gá a bhunú nó a ghlacadh d'fhonn an leibhéal íosta comhchuibhithe is gá a sholáthar chun aidhmeanna an Rialacháin seo a bhaint amach. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(37)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon rialacha córa a leagan síos maidir le coinníollacha rochtana ar ghréasáin tarchurtha gáis nádúrtha, saoráidí stórála agus GNL, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(38)

Ag féachaint do raon feidhme na leasuithe atá á ndéanamh leis seo ar Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005, is inmhianaithe, ar mhaithe le soiléireacht agus le cuíchóiriú, na forálacha i dtrácht a athmhúnlú trína dtabhairt le chéile i dtéacs amháin i Rialachán nua.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:



Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Is é is aidhm don Rialachán seo:

(a) rialacha neamh-idirdhealaitheacha maidir le coinníollacha rochtana ar chórais tarchurtha gáis nádúrtha a shocrú, agus saintréithe speisialta na margaí náisiúnta agus na margaí réigiúnacha á gcur san áireamh, d'fhonn feidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh sa ghás a áirithiú;

(b) rialacha neamh-idirdhealaitheacha maidir le coinníollacha rochtana ar shaoráidí GNL agus ar shaoráidí stórála a shocrú, agus saintréithe speisialta na margaí náisiúnta agus na margaí réigiúnacha á gcur san áireamh; agus

(c) teacht chun cinn margaidh mórdhíola a éascú ar margadh é a bheidh trédhearcach agus a fheidhmeoidh go maith agus a mbeidh leibhéal ard cinnteachta soláthair gáis aige agus sásraí a sholáthar chun na rialacha rochtana gréasáin do mhalartuithe trasteorann sa ghás a chomhchuibhiú.

Áireofar sna cuspóirí dá dtagraítear sa chéad fhomhír seo prionsabail chomhchuibhithe a shocrú i gcomhair taraifí, nó le haghaidh na modheolaíochtaí is bun lena ríomh, le haghaidh rochtana ar an ngréasán, ach ní ar saoráidí stórála, seirbhísí rochtana a bhunú do thríú páirtithe agus prionsabail chomhchuibhithe a bhaineann le leithdháileadh acmhainne agus le bainistiú ar phlódú, ceanglais trédhearcachta, rialacha comhardúcháin agus muirir i leith éagothroime a chinneadh agus trádáil in acmhainn a éascú.

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo, cé is moite d'Airteagal 19(4), ach amháin maidir le saoráidí stórála a thagann faoi Airteagal 33(3) nó (4) de Threoir 2009/73/CE.

Féadfaidh na Ballstáit eintiteas nó comhlacht a bhunú i gcomhréir le Treoir 2009/73/CE chun ceann amháin nó níos mó de na feidhmeanna a leagtar de ghnáth ar an oibreoir córais tarchurtha a chur i gcrích agus beidh an t-eintiteas nó an comhlacht sin faoi réir cheanglais an Rialacháin seo. Beidh an t-eintiteas nó an comhlacht sin faoi réir deimhniúcháin i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán seo agus beidh sé faoi réir ainmniúcháin i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir 2009/73/CE.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.  Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) ciallaíonn ‘tarchur’ gás nádúrtha a iompar trí ghréasán, arb é atá ann den chuid is mó píblínte ardbhrú, seachas gréasán réamhtheachtach píblínte agus seachas an chuid de na píblínte ardbhrú a úsáidtear go príomha i gcomhthéacs an dáileacháin áitiúil ar ghás nádúrtha d'fhonn é a sheachadadh ar chustaiméirí, ach gan soláthar a áireamh ann;

(2) ciallaíonn ‘conradh iompair’ conradh a chuir an t-oibreoir córais tarchurtha i gcrích le húsáideoir gréasáin d'fhonn tarchur a chur i gcrích;

(3) ciallaíonn ‘acmhainn’ an sreabhadh uasta, arna shloinneadh i méadair chiúbacha in aghaidh an aonaid ama nó in aonad fuinnimh in aghaidh an aonaid ama, arb é an sreabhadh é a bhfuil úsáideoir an ghréasáin i dteideal é a bheith aige i gcomhréir le forálacha an chonartha iompair;

(4) ciallaíonn ‘acmhainn neamhúsáidte’ acmhainn dhocht a fuair úsáideoir gréasáin faoi chonradh iompair ach nár ainmnigh an t-úsáideoir roimh an spriocdháta a sonraíodh sa chonradh;

(5) ciallaíonn ‘bainistiú ar phlódú’ bainistiú phunann acmhainne an oibreora córais tarchurtha d'fhonn an úsáid optamach agus an úsáid uasta a bhaint as an acmhainn theicniúil agus brath tráthúil a dhéanamh ar na pointí plódúcháín agus sáithiúcháin amach anseo;

(6) ciallaíonn ‘margadh tánaisteach’ margadh na hacmhainne a ndéantar trádáil uirthi seachas ar an margadh príomha;

(7) ciallaíonn ‘ainmniúchán’ an tuairisciú roimh ré a dhéanann úsáideoir an ghréasáin chuig an oibreoir córais tarchurtha maidir leis an sreabhadh iarbhír ar mian le húsáideoir an ghréasáin a instealladh isteach sa chóras nó a bhaint uaidh;

(8) ciallaíonn ‘ath-ainmniúchán’ an tuairisciú ina dhiaidh sin ar ainmniúchán ceartaithe;

(9) ciallaíonn ‘sláine córais’ aon staid maidir le gréasán tarchurtha, lena n-áirítear na saoráidí tarchurtha riachtanacha ina bhfanann brú agus cáilíocht an gháis nádúrtha laistigh de na teorainneacha íosta agus uasta arna leagan síos ag an ibreoir córais tarchurtha, ionas go ndéantar ráthú ar tharchur an gháis nádúrtha ón taobh teicniúil;

(10) ciallaíonn ‘tréimhse chothromúcháin’ an tréimhse inar gá do gach úsáideoir gréasáin aistarraingt méid gáis nádúrtha, arna shloinneadh in aonaid fuinnimh, a fhritháireamh tríd an oiread céanna gáis nádúrtha a instealladh sa ghréasán tarchurtha i gcomhréir leis an gconradh iompair nó leis an gcód gréasáin;

(11) ciallaíonn ‘úsáideoir gréasáin’ custaiméir nó custaiméir ionchasach de chuid oibreora córais tarchurtha, agus oibreoirí na gcóras tarchurtha iad féin, a mhéid is gá dóibh a gcuid feidhmeanna a chur i gcrích maidir leis an tarchur;

(12) ciallaíonn ‘seirbhísí in-idirbhriste’ seirbhísí a thairgeann an t-oibreoir córais tarchurtha i dtaca le hacmhainn in-idirbhriste;

(13) ciallaíonn ‘acmhainn in-idirbhriste’ acmhainn tarchurtha gáis a fhéadfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha a idirbhriseadh i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa chonradh iompair;

(14) ciallaíonn ‘seirbhísí fadtéarmacha’ seirbhísí a thairgeann an t-oibreoir córais tarchurtha ar bliain amháin nó níos faide a ré;

(15) ciallaíonn ‘seirbhísí gearrthéarmacha’ seirbhísí a thairgeann an t-oibreoir córais tarchurtha ar giorra a ré ná bliain amháin;

(16) ciallaíonn ‘acmhainn dhocht’ acmhainn tarchurtha gáis ar ina leith, de réir conartha, a ráthaíonn an t-oibreoir córais tarchurtha go bhfuil sí do-idirbhriste;

(17) ciallaíonn ‘seirbhísí dochta’ seirbhísí a thairgeann an t-oibreoir córais tarchurtha i dtaca le hacmhainn dhocht;

(18) ciallaíonn ‘acmhainn theicniúil’ an acmhainn dhocht uasta ar féidir leis an oibreoir córais tarchurtha a thairscint do na húsáideoirí gréasáin, agus sláine an chórais agus riachtanais oibríochtúla an ghréasáin tarchurtha á gcur san áireamh;

(19) ciallaíonn ‘acmhainn chonarthach’ an acmhainn a leithdháil an t-oibreoir córais tarchurtha d'úsáideoir gréasáin trí bhíthin conartha iompair;

(20) ciallaíonn ‘acmhainn atá ar fáil’ an chuid den acmhainn theicniúil nach bhfuil leithdháilte agus atá ar fáil i gcónaí ag an gcóras an tráth sin;

(21) ciallaíonn ‘plódú conarthach’ staid inar mó leibhéal na hacmhainne doichte ná an acmhainn theicniúil;

(22) ciallaíonn ‘margadh príomha’ margadh na hacmhainne a dhéanann an t-oibreoir córais tarchurtha a thrádáil go díreach;

(23) ciallaíonn ‘plódú fisiceach’ staid inar mó leibhéal an éilimh ar sheachadtaí iarbhír ná an acmhainn theicniúil aon tráth áirithe;

(24) ciallaíonn ‘acmhainn saoráide GNL’ acmhainn a bheadh ag críochfort GNL do leachtú gáis nádúrtha nó d'allmhairiú, do dhí-ualú, do sheirbhísí coimhdeacha, do stóráil shealadach agus d'athghású GNL;

(25) ciallaíonn ‘spás’ an méid gáis atá úsáideoir saoráide stórála i dteideal a úsáid chun gás a stóráil;

(26) ciallaíonn ‘inseachadtacht’ an ráta ag a bhfuil úsáideoir na saoráide stórála i dteideal gás a aistarraingt as an tsaoráid stórála;

(27) ciallaíonn ‘in-instealltacht’ an ráta ag a bhfuil úsáideoir na saoráide stórála i dteideal gás a instealladh isteach sa tsaoráid stórála;

(28) ciallaíonn ‘acmhainn stórála’ aon teaglaim spáis, in-instealltachta agus inseachadtachta.

2.  Gan dochar do na sainmhínithe atá i mír 1 den Airteagal seo, tá feidhm freisin ag na sainmhínithe atá in Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE, agus atá ábhartha maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, cé is moite den sainmhíniú ar tharchur i bpointe 3 den Airteagal sin.

Ar an gcuma chéanna, tá feidhm ag na sainmhínithe i dtaca le tarchur a thugtar i bpointí 3 go 23 de mhír 1 den Airteagal seo maidir le saoráidí stórála agus GNL.

Airteagal 3

Deimhniú ar oibreoirí na gcóras tarchurtha

1.  A luaithe is a fhaightear é, scrúdóidh an Coimisiún aon fhógra faoi chinneadh ar dheimhniúchán oibreora córas tarchurtha mar a leagtar síos é in Airteagal 10(6) de Threoir 2009/73/CE. Laistigh de dhá mhí ón lá a bhfaighidh sé an fógra sin, tabharfaidh an Coimisiún a thuairim don údarás rialála náisiúnta ábhartha i dtaca lena chomhoiriúnacht le hAirteagal 10(2) nó le hAirteagal 11, agus le hAirteagal 9 de Threoir 2009/73/CE.

Nuair atá an tuairim dá dtagraítear sa chéad fhomhír á hullmhú aige, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an nGníomhaireacht a tuairim a thabhairt ar chinneadh an údaráis rialála náisiúnta. I gcás den sórt sin, déanfar an tréimhse dhá mhí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fhadú dhá mhí eile.

In éagmais tuairime ón gCoimisiún laistigh den tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, measfar nach bhfuil aon agóid ag an gCoimisiún i gcoinne chinneadh an údaráis rialála.

2.  Laistigh de dhá mhí ón tráth a fhaightear tuairim ón gCoimisiún, glacfaidh an t-údarás rialála náisiúnta a chinneadh críochnaitheach maidir le deimhniúchán an oibreora córas tarchurtha, agus an aird is mó is féidir á tabhairt ar an tuairim sin. Foilseofar cinneadh an údaráis rialála agus tuairim an Choimisiúin in éineacht lena chéile.

3.  Féadfaidh na húdaráis rialála agus/nó an Coimisiún, tráth ar bith le linn an nós imeachta, a iarraidh ar oibreoir córais tarchurtha agus/nó ar ghnóthas a dhéanann aon cheann de na feidhmeanna giniúna nó soláthair, aon fhaisnéis a sholáthar atá ábhartha maidir le comhlíonadh a gcúraimí faoin Airteagal seo.

4.  Déanfaidh na húdaráis rialála agus an Coimisiún rúndacht aon fhaisnéise íogaire tráchtála a chaomhnú.

5.  Féadfaidh an Coimisiún Treoirlínte a ghlacadh lena leagtar amach mionsonraí an nós imeachta a bheidh le leanúint chun mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 28(2).

6.  I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún fógra faoi chinneadh ar dheimhniúchán oibreora córais tarchurtha faoi Airteagal 9(10) de Threoir 2009/73/CE, déanfaidh sé cinneadh a bhaineann le deimhniúchán. Comhlíonfaidh an t-údarás rialála cinneadh an Choimisiúin.

Airteagal 4

Gréasán Eorpach na n-oibreoirí córas tarchurtha don ghás

Comhoibreoidh na hoibreoirí córas tarchurtha uile ar leibhéal an Chomhphobail tríd an ENTSO don Ghás chun comhlánú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh sa ghás nádúrtha agus trádáil trasteorann a chur chun cinn agus chun bainistiú optamach, oibríocht chomhordaithe agus forás fónta teicniúil an ghréasáin tarchurtha Eorpaigh don ghás nádúrtha a áirithiú.

Airteagal 5

An ENTSO don Ghás a bhunú

1.  Faoin 3 Márta 2011 déanfaidh na hoibreoirí córas tarchurtha don ghás dréacht-reachtanna, liosta comhaltaí agus dréacht-rialacha nós imeachta an ENTSO don Ghás a bheidh le bunú, lena n-áirítear rialacha nós imeachta a bhaineann leis an gcomhairliúchán le páirtithe leasmhara eile, a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus na Gníomhaireachta.

2.  Laistigh de dhá mhí ón lá a bhfaighfear iad, tar éis di dul i gcomhairle go foirmiúil le heagraíochtaí atá ionadaitheach do na páirtithe leasmhara uile, go háirithe úsáideoirí an chórais, lena n-áirítear custaiméirí, soláthróidh an Ghníomhaireacht tuairim don Choimisiún maidir leis na dréacht-reachtanna, maidir le liosta na gcomhaltaí agus maidir leis na dréacht-rialacha nós imeachta.

3.  Tabharfaidh an Coimisiún tuairim maidir leis na dréacht-reachtanna, maidir le liosta na gcomhaltaí agus maidir leis na dréacht-rialacha nós imeachta, agus aird á tabhairt aige ar thuairim na Gníomhaireachta dá bhforáiltear i mír 2, agus déanfar amhlaidh laistigh de thrí mhí ón lá a bhfaighfear an tuairim ón nGníomhaireacht.

4.  Laistigh de thrí mhí ón lá a bhfaighfear an tuairim ón gCoimisiún, bunóidh na hoibreoirí córas tarchurtha an ENTSO don Ghás, agus glacfaidh siad, agus foilseoidh siad, a reachtanna agus a rialacha nós imeachta.

Airteagal 6

Cóid ghréasáin a bhunú

1.  Tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht, leis an ENTSO don Ghás agus leis na geallsealbhóirí ábhartha eile, bunóidh an Coimisiún liosta tosaíochta bliantúil lena sainaithneofar na réimsí a leagtar amach in Airteagal 8(6) mar réimsí a bheidh le cur san áireamh i bhforbairt na gcód gréasáin.

2.  Iarrfaidh an Coimisiún ar an nGníomhaireacht creat-treoirlíne neamhcheangailteach (creat-treoirlíne) a chur faoina bhráid laistigh de thréimhse réasúnach nach faide ná sé mhí, ar treoirlíne í lena leagfar amach prionsabail a bheidh oibiachtúil agus soiléir, i gcomhréir le hAirteagal 8(7), maidir le forbairt cód gréasáin a bhaineann leis na réimsí arna sainaithint sa liosta tosaíochta. Rannchuideoidh gach creat-treoirlíne le neamh-idirdhealú, le hiomaíocht éifeachtach agus le feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh a chur chun cinn. Ar iarraidh réasúnaithe ón nGníomhaireacht, féadfaidh an Coimisiún an tréimhse sin a fhadú.

3.  Rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle go foirmiúil leis an ENTSO don Ghás agus leis na geallsealbhóirí ábhartha eile maidir leis an gcreat-treoirlíne, le linn tréimhse nach giorra ná dhá mhí, ar bhealach oscailte agus trédhearcach.

4.  Má mheasann an Coimisiún nach rannchuidíonn an chreat-treoirlíne le neamh-idirdhealú, iomaíocht éifeachtach agus feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh, féadfaidh sé a iarraidh ar an nGníomhaireacht athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat-treoirlíne laistigh de thréimhse réasúnach agus í a chur faoi bhráid an Coimisiún athuair.

5.  Má mhainníonn an Ghníomhaireacht creat-treoirlíne a chur faoi bhráid an Choimisiún nó í a chur faoina bhráid athuair laistigh den tréimhse arna socrú ag an gCoimisiún faoi mhír 2 nó faoi mhír 4, tarraingeoidh an Coimisiún suas an chreat-treoirlíne neamhcheangailteach i dtrácht.

6.  Iarrfaidh an Coimisiún ar an ENTSO don Ghás cód gréasáin atá i gcomhréir leis an gcreat-treoirlíne ábhartha a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta laistigh de thréimhse réasúnach nach faide ná 12 mhí.

7.  Laistigh de thréimhse trí mhí ón lá a bhfaighfear cód gréasáin, ar tréimhse í a bhféadfaidh an Ghníomhaireacht dul i gcomhairle go foirmiúil leis na geallsealbhóirí ábhartha lena linn, soláthróidh an Ghníomhaireacht tuairim réasúnaithe don ENTSO don Ghás maidir leis an gcód gréasáin.

8.  Féadfaidh an ENTSO don Ghás an cód gréasáin a leasú i bhfianaise thuairim na Gníomhaireachta agus é a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta athuair.

9.  Nuair is deimhin leis an nGníomhaireacht go bhfuil an cód gréasáin i gcomhréir leis an gcreat-treoirlíne ábhartha, cuirfidh an Ghníomhaireacht an cód gréasáin faoi bhráid an Choimisiúin agus féadfaidh sí a mholadh go nglacfar é laistigh de thréimhse ama réasúnach. Mura nglacfaidh an Coimisiún an cód gréasáin, luafaidh sé na cúiseanna atá leis sin.

10.  I gcás an ENTSO don Ghás a bheith tar éis mainneachtain cód gréasáin a fhorbairt laistigh den thréimhse ama a bheidh socraithe ag an gCoimisiún faoi mhír 6, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an nGníomhaireacht dréachtchód gréasáin a ullmhú ar bhonn na creat-treoirlíne ábhartha. Féadfaidh an Ghníomhaireacht dul i mbun tuilleadh comhairliúcháin le linn dréachtchód gréasáin a ullmhú faoin mír seo. Déanfaidh an Ghníomhaireacht dréachtchód gréasáin, arna ullmhú faoin mír seo, a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus féadfaidh sí a mholadh go nglacfar é.

11.  Féadfaidh an Coimisiún cód gréasáin amháin nó níos mó sna réimsí a liostaítear in Airteagal 8(6) a ghlacadh, ar a thionscnamh féin, i gcás an ENTSO don Ghás a bheith tar éis mainneachtain cód gréasáin a fhorbairt nó i gcás an Ghníomhaireacht a bheith tar éis mainneachtain dréachtchód gréasáin dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal seo a ullmhú, nó ar mholadh ón nGníomhaireacht faoi mhír 9 den Airteagal seo.

I gcás ina mbeartóidh an Coimisiún cód gréasáin a ghlacadh ar a thionscnamh féin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an nGníomhaireacht, leis an ENTSO don Ghás agus leis na geallsealbhóirí ábhartha uile maidir leis an dréachtchód gréasáin le linn tréimhse nach giorra ná dhá mhí. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 28(2).

12.  Beidh an tAirteagal seo gan dochar do cheart an Choimisiúin na Treoirlínte a ghlacadh agus a leasú mar atá leagtha síos in Airteagal 23.

Airteagal 7

Leasuithe ar chóid ghréasáin

1.  Féadfaidh daoine ar dóigh dóibh leas a bheith acu sa chód gréasáin, lena n-áirítear an ENTSO don Ghás, oibreoirí córais tarchurtha, úsáideoirí córas agus tomhaltóirí, dréachtleasuithe ar aon chód gréasáin a ghlactar faoi Airteagal 6 a mholadh don Ghníomhaireacht. Ar a tionscnamh féin, féadfaidh an Ghníomhaireacht leasuithe a mholadh freisin.

2.  Rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle leis na geallsealbhóirí go léir i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 9991/2009. Tar éis an phróisis sin, féadfaidh an Ghníomhaireacht tograí réasúnaithe le haghaidh leasuithe a chur chuig an gCoimisiún, á mhíniú conas atá na tograí sin i gcomhréir le cuspóirí na gcód gréasáin a leagtar amach in Airteagal 6(2) den Rialachán seo.

3.  Féadfaidh an Coimisiún leasuithe a ghlacadh ar aon chód gréasáin arna ghlacadh faoi Airteagal 6, agus moltaí na Gníomhaireachta á gcur san áireamh aige. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 28(2).

4.  Le linn na leasuithe atá beartaithe faoin nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 28(2) a bheith á mbreithniú, ní bhreithneofar ach amháin na gnéithe a bhaineann leis an leasú atá beartaithe. Beidh na leasuithe sin atá beartaithe gan dochar do leasuithe eile a fhéadfaidh an Coimisiún a mholadh.

Airteagal 8

Cúraimí an ENTSO don Ghás

1.  Tarraingeoidh an ENTSO don Ghás suas cóid ghréasáin sna réimsí dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 6(6).

2.  Féadfaidh an ENTSO don Ghás cóid ghréasáin a tharraingt suas sna réimsí a leagtar amach i mír 6 d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4 a bhaint amach, i gcás nach mbainfidh na cóid sin le réimsí a chumhdaítear leis an iarraidh a dhíreoidh an Coimisiún chuige. Cuirfear na cóid ghréasáin sin faoi bhráid na Gníomhaireachta le go dtabharfaidh sí tuairim ina leith. Tabharfaidh an ENTSO don Ghás aird chuí ar an tuairim sin.

3.  Glacfaidh an ENTSO don Ghás:

(a) uirlisí coiteanna d'oibriú an ghréasáin, lena áirithiú go ndéanfar comhordú ar oibriú an ghréasáin i ngnáthdhálaí agus i ndálaí éigeandála, lena n-áirítear scála coiteann chun teagmhais a aicmiú agus pleananna taighde;

(b) plean forbartha líonra neamhcheangailteach deich mbliana uile-Chomhphobail, (plean forbartha líonra uile-Chomhphobail), lena n-áirítear tuar Eorpach ar leordhóthanacht soláthair, gach dhá bhliain;

(c) moltaí maidir le comhordú an chomhair theicniúil idir oibreoirí córas tarchurtha sa Chomhphobal agus oibreoirí córas tarchurtha i dtríú tíortha;

(d) clár oibre bliantúil;

(e) tuarascáil bhliantúil;

(f) tuar bliantúil ar leordhóthanacht soláthair an tsamhraidh agus an gheimhridh.

4.  Cumhdófar leis an tuar ar leordhóthanacht soláthair Eorpach dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3, leordhóthanacht foriomlán an chórais gáis chun freastal ar éilimh reatha agus ar éilimh réamh-mheasta ar ghás don tréimhse cúig bliana atá le teacht chomh maith leis an tréimhse idir cúig bliana agus 10 mbliana ó dháta an tuair sin. Déanfaidh an tuar Eorpach ar leordhóthanacht soláthair forbairt na tuar náisiúnta ar leordhóthanacht soláthair a ullmhaíonn gach oibreoir córais tarchurtha ar leith.

5.  Is é a bheidh sa chlár oibre bliantúil dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 3 ná liosta de na cóid ghréasáin atá le hullmhú agus tuairisc orthu, plean maidir le comhordú oibriú an ghréasáin agus gníomhaíochtaí taighde agus forbartha, a dhéanfar an bhliain sin, mar aon le féilire táscach.

6.  Agus sainiúlachtaí réigiúnacha á gcur san áireamh, más iomchuí, cumhdóidh na cóid ghréasáin dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 na réimsí seo a leanas:

(a) rialacha maidir le slándáil agus iontaofacht an ghréasáin;

(b) rialacha maidir le nascadh leis an ngréasán;

(c) rialacha maidir le rochtain ag tríú páirtithe;

(d) rialacha maidir le malartú sonraí agus maidir le socrú sonraí;

(e) rialacha idir-inoibritheachta;

(f) nósanna imeachta oibríochtúla i gcás éigeandála;

(g) rialacha maidir le leithdháileadh acmhainne agus maidir le bainistiú ar phlódú;

(h) rialacha trádála a bhaineann le soláthar teicniúil agus oibríochtúil seirbhísí rochtana ar an ngréasán agus le comhardú an chórais;

(i) rialacha trédhearcachta;

(j) rialacha comhardúcháin lena n-áirítear rialacha a bhaineann le gréasáin maidir le nós imeachta ainmniúcháin, rialacha maidir le muirir i leith éagothroime agus rialacha maidir le comhardú oibríochtúil idir córais oibreoirí na gcóras tarchurtha;

(k) rialacha maidir le struchtúir chomhchuibhithe do tharaifí tarchurtha; agus

(l) éifeachtúlacht fuinnimh i dtaca le gréasáin gháis.

7.  Déanfar na cóid ghréasáin a fhorbairt maidir le saincheisteanna a bhaineann le líonraí trasteorann agus saincheisteanna a bhaineann le comhtháthú an mhargaidh agus beidh siad gan dochar do cheart na mBallstát cóid ghréasáin náisiúnta a bhunú nach ndéanann difear don trádáil trasteorann.

8.  Déanfaidh an ENTSO don Ghás faireachán agus anailís ar chur chun feidhme na gcód gréasáin agus na dTreoirlínte arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 6(11), agus ar a n-éifeacht ar chomhchuibhiú na rialacha is infheidhme agus arb é is aidhm dóibh comhtháthú an mhargaidh a éascú. Déanfaidh an ENTSO don Ghás a fhionnachtana a thuairisciú don Ghníomhaireacht agus déanfaidh sé torthaí na hanailíse a chur san áireamh sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 3 den Airteagal seo.

9.  Déanfaidh an ENTSO don Ghás an fhaisnéis uile a chur ar fáil a éilíonn an Ghníomhaireacht chun a cúraimí a chomhlíonadh faoi Airteagal 9(1).

10.  Gach dhá bhliain, glacfaidh agus foilseoidh an ENTSO don Ghás plean forbartha gréasáin uile-Chomhphobail dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3. Cuimseofar samhaltú an ghréasáin chomhtháthaithe, forbairt cásanna, tuar Eorpach ar leordhóthanacht soláthair agus measúnú ar stóinseacht an chórais sa phlean forbartha uile-Chomhphobail.

Go háirithe, déanfar na nithe seo a leanas tríd an bplean forbartha gréasáin uile-Chomhphobail:

(a) cuirfidh sé le pleananna infheistíochta náisiúnta, agus aird á tabhairt ar phleananna infheistíochta réigiúnacha dá dtagraítear in Airteagal 12(1) agus, más iomchuí, ar na gnéithe Comhphobail den phleanáil gréasáin lena n-áirítear na treoirlínte do Ghréasáin Fuinnimh Tras-Eorpacha i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 );

(b) i réimse na n-idirnascairí trasteorann, cuirfidh sé le riachtanais réasúnacha úsáideoirí na gcóras éagsúil agus déanfaidh sé gealltanais fhadtéarmacha ó infheisteoirí dá dtagraítear in Airteagal 14 agus in Airteagal 22 de Threoir 2009/73/CE; agus

(c) sainaithneofar sé bearnaí san infheistíocht, go háirithe maidir le hacmhainn trasteorann.

I dtaca le pointe (c) den dara fomhír, féadfar athbhreithniú a chur mar iarscríbhinn leis an bplean forbartha gréasáin uile-Chomhphobail, is é sin, athbhreithniú ar na bacainní atá ar mhéadú acmhainn trasteorann an ghréasáin agus a eascraíonn as nósanna imeachta nó cleachtais formheasta éagsúla.

11.  Déanfaidh an Ghníomhaireacht athbhreithniú ar na pleananna forbartha gréasáin deich mbliana náisiúnta d'fhonn measúnú a dhéanamh ar a mhéid atá siad i gcomhréir leis an bplean forbartha gréasáin deich mbliana uile-Chomhphobail. Má shainaithníonn an Ghníomhaireacht neamhréireachtaí idir plean forbartha gréasáin deich mbliana náisiúnta agus an plean forbartha gréasáin deich mbliana uile-Chomhphobail, molfaidh sé go ndéanfar an plean forbartha gréasáin náisiúnta nó an plean forbartha gréasáin deich mbliana uile-Chomhphobail a leasú de réir mar is cuí. Má fhorbraítear plean forbartha gréasáin náisiúnta deich mbliana den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal 22 de Threoir 2009/73/CE, molfaidh an Ghníomhaireacht don údarás rialála náisiúnta inniúil an plean forbartha gréasáin deich mbliana náisiúnta a leasú i gcomhréir le hAirteagal 22(7) den Treoir sin agus cuirfidh sé an méid sin in iúl don Choimisiún.

12.  Arna iarraidh sin don Choimisiún, tabharfaidh an ENTSO don Ghás a thuairimí don Choimisiún maidir le glacadh na dTreoirlínte de réir mar atá leagtha síos in Airteagal 23.

Airteagal 9

An faireachán a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht

1.  Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar fhorghníomhú chúraimí an ENTSO don Ghás dá dtagraítear in Airteagal 8(1), (2) agus (3) agus tíolacfaidh sí tuarascáil don Choimisiún.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar an mbealach a ndéanann an ENTSO don Ghás na cóid ghréasáin arna dtarraingt suas faoi Airteagal 8(2) agus na cóid ghréasáin arna bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 6(1) go dtí (10), ach nach bhfuil glactha ag an gCoimisiún faoi Airteagal 6(11), a chur chun feidhme. I gcás ina mbeidh an ENTSO don Ghás tar éis mainneachtain cóid ghréasáin den sórt sin a chur chun feidhme, iarrfaidh an Ghníomhaireacht ar an ENTSO don Ghás míniú cuí-réasúnaithe a thabhairt faoin gcúis gur mhainnigh sé déanamh amhlaidh. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an míniú sin in iúl don Choimisiún agus tabharfaidh sí a tuairim ina leith.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán agus anailís ar chur chun feidhme na gcód gréasáin agus na dTreoirlínte arna nglacadh ag an gCoimisiún de réir mar a leagtar síos in Airteagal 6(11), agus ar a n-éifeacht ar chomhchuibhiú na rialacha is infheidhme, arb é is aidhm dóibh comhtháthú an mhargaidh a éascú, agus ar neamh-idirdhealú, ar iomaíocht éifeachtach agus ar fheidhmiú éifeachtúil an mhargaidh, agus tíolacfaidh sí tuarascáil don Choimisiún.

2.  Déanfaidh an ENTSO don Ghás an dréachtphlean forbartha gréasáin uile-Chomhphobail, an dréachtchlár oibre bliantúil, lena n-áirítear an fhaisnéis maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin agus na doiciméid eile dá dtagraítear in Airteagal 8(3) a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta chun a tuairim a fháil.

Laistigh de thréimhse dhá mhí ón lá a bhfaighfear é, tabharfaidh an Ghníomhaireacht tuairim chuí-réasúnaithe, chomh maith le moltaí, don ENTSO don Ghás agus don Choimisiún, i gcás ina measfaidh sé nach rannchuideoidh an dréachtchlár oibre bliantúil nó an dréachtphlean forbartha gréasáin uile-Chomhphobail arna thíolacadh ag an ENTSO don Ghás le neamh-idirdhealú, le hiomaíocht éifeachtach nó le feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh nó le leibhéal sásúil idirnaisc trasteorann a bheidh oscailte do rochtain ag tríú páirtithe.

Airteagal 10

Comhairliúcháin

1.  Agus é ag ullmhú na gcód gréasáin, an dréachtphlean forbartha gréasáin uile-Chomhphobail agus an chláir oibre bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 8(1), (2) agus (3), seolfaidh an ENTSO don Ghás próiseas comhairliúcháin forleathan, ag céim luath agus ar bhealach trédhearcach agus oscailte, ina n-áireofar na rannpháirtithe ábhartha go léir sa mhargadh, agus, go háirithe, na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht do na geallsealbhóirí uile, i gcomhréir lena rialacha nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 5(1). Áireofar sa chomhairliúchán sin na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis náisiúnta eile, gnóthais soláthair agus táirgthe, úsáideoirí gréasáin, lena n-áirítear custaiméirí, oibreoirí córas dáileacháin, lena n-áirítear comhlachais tionsclaíocha ábhartha agus comhlachtaí teicniúla agus grúpaí de gheallsealbhóirí. Is é a bheidh mar aidhm aige ná tuairimí agus tograí na bpáirtithe ábhartha uile a shainaithint i rith an phróisis cinnteoireachta.

2.  Poibleofar na doiciméid agus na miontuairiscí uile a bhaineann leis na comhairliúcháin dá dtagraítear i mír 1.

3.  Sula nglacfaidh sé an clár oibre bliantúil agus na cóid ghréasáin dá dtagraítear in Airteagal 8(1), (2) agus (3), tabharfaidh an ENTSO don Ghás le fios conas a rinneadh na barúlacha a fuarthas le linn an chomhairliúcháin a chur san áireamh. I gcás nach mbeidh barúlacha curtha san áireamh, tabharfaidh sé na cúiseanna atá leis sin.

Airteagal 11

Costais

Is iad na hoibreoirí córas tarchurtha a iompróidh na costais a bhaineann le gníomhaíochtaí an ENTSO don Ghás dá dtagraítear in Airteagal 4 go hAirteagal 12, agus cuirfear na costais sin san áireamh le linn taraifí a ríomh. Ní dhéanfaidh na húdaráis rialála na costais sin a fhormheas ach amháin má tá siad réasúnach agus comhréireach.

Airteagal 12

Comhar réigiúnach idir na hoibreoirí córas tarchurtha

1.  Bunóidh na hoibreoirí córas tarchurtha comhar réigiúnach laistigh den ENTSO don Ghás d'fhonn rannchuidiú leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 8(1), (2) agus (3). Déanfaidh siad, go háirithe, plean infheistíochta réigiúnach a fhoilsiú gach dara bliain agus féadfaidh siad cinntí infheistíochta a ghlacadh a bheidh bunaithe ar an bplean infheistíochta réigiúnach sin.

2.  Cuirfidh oibreoirí córas tarchurtha socruithe oibríochtúla chun cinn d'fhonn an bainistiú is fearr ar an ngréasán a áirithiú agus déanfaidh siad forbairt malartuithe fuinnimh, leithdháileadh comhordaithe acmhainne trasteorann trí réitigh neamh-idirdhealaitheacha margadh-bhunaithe, agus aird chuí á tabhairt ar thuillteanais shonracha na gceantanna intuigthe do leithdháileadh gearrthéarmach, agus comhtháthú na sásraí um chomhardú a chur chun cinn.

3.  Chun na spriocanna atá leagtha síos i mír 1 agus i mír 2 a bhaint amach, féadfaidh an Coimisiún an limistéar geografach a chumhdaíonn gach struchtúr comhair réigiúnaigh a shainiú, ag féachaint do na struchtúir comhair réigiúnaigh atá ann cheana féin. Ceadófar do gach Ballstát comhar a chur chun cinn i níos mó ná limistéar geografach amháin. Maidir leis an mbeart dá dtagraítear sa chéad abairt, ar beart é atá cheaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 28(2).

Chuige sin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an nGníomhaireacht agus leis an ENTSO don Ghás.

Airteagal 13

Taraifí chun rochtain a fháil ar ghréasáin

1.  Maidir leis na taraifí, nó na modheolaíochtaí a úsáidfear chun iad a ríomh, arna gcur i bhfeidhm ag oibreoirí na gcóras tarchurtha agus arna bhformheas ag na húdaráis rialála de bhun Airteagal 41(6) de Threoir 2009/73/CE, chomh maith leis na taraifí arna bhfoilsiú de bhun Airteagal 32(1) den Treoir sin, beidh siad trédhearcach, cuirfear san áireamh iontu an gá atá le sláine an chórais agus le feabhas a chur ar shláine an chórais agus déanfaidh siad léiriú a thabhairt ar na costais iarbhír a thabhaítear, a mhéid a fhreagraíonn na costais sin do chostais oibreora gréasáin atá éifeachtúil agus atá inchomparáide ó thaobh struchtúir de, agus a mhéid atá na costais sin trédhearcach, agus cuirfidh siad san áireamh toradh iomchuí ar infheistíochtaí, agus i gcás inarb iomchuí, cuirfidh siad san áireamh an tagarmharcáil a dhéanann na húdaráis rialála ar tharaifí. Maidir leis na taraifí, nó na modheolaíochtaí a úsáidfear chun iad a ríomh, cuirfear i bhfeidhm ar shlí neamh-idirdhealaitheach iad.

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go bhféadfar taraifí a chinneadh freisin trí shocruithe margadh-bhunaithe amhail ceantanna, ar choinníoll go mbeidh na socruithe sin agus an t-ioncam a eascróidh astu formheasta ag an údarás rialúcháin.

Maidir leis na taraifí, nó na modheolaíochtaí a úsáidfear chun iad a ríomh, éascóidh siad an trádáil éifeachtúil sa ghás agus éascóidh siad an iomaíocht, agus ag am céanna seachnóidh siad crosfhóirdheontais idir úsáideoirí gréasán agus soláthróidh siad dreasachtaí don infheistíocht agus chun an idir-inoibritheacht a chothabháil nó a chruthú do ghréasáin tarchurtha.

Beidh na taraifí le haghaidh úsáideoirí gréasán neamh-idirdhealaitheach agus socrófar iad go leithleach le haghaidh gach pointe iontrála ar an gcóras tarchurtha agus gach pointe scoir as. Formheasfaidh na húdaráis naisiúnta rialála na sásraí chun costais a leithdháileadh agus an mhodheolaíocht chun rátaí a shocrú. Faoin 3 Meán Fómhair 2011, áiritheoidh na Ballstáit, tar éis idirthréimhse, nach ndéanfar muirir ghréasáin a ríomh ar bhonn conairí conartha.

2.  Maidir leis na taraifí ar rochtain ar ghréasáin, ní shrianfaidh siad leachtacht an mhargaidh ná ní dhéanfaidh siad saobhadh ar an trádáil thar theorainneacha córas éagsúil tarchurtha. I gcás ina gcuirfeadh difríochtaí idir struchtúir taraifí nó idir sásraí comhardúcháin isteach ar an trádáil thar chórais tarchurtha, agus ainneoin Airteagal 41(6) de Threoir 2009/73/CE, déanfaidh oibreoirí córais tarchurtha rompu, i ndlúthchomhar leis na húdaráis náisiúnta ábhartha, an cóineasú ar struchtúir taraifí agus ar phrionsabail mhuirearúcháin, lena n-áirítear iad a bhaint amach i ndáil leis an gcomhardú, a shaothrú go gníomhach.

Airteagal 14

Seirbhísí rochtana tríú páirtithe a bhaineann le hoibreoirí na gcóras tarchurtha

1.  Déanfaidh oibreoirí na gcóras tarchurtha an méid seo a leanas:

(a) áiritheoidh siad go dtairgfidh siad seirbhísí ar bhonn neamh-idirdhealaitheach do na húsáideoirí gréasáin uile;

(b) déanfaidh siad seirbhísí rochtana atá docht agus in-idirbhriste araon a sholáthar do thríú páirtithe. Léireofar i bpraghas na hacmhainne in-idirbhiste an dóchúlacht go dtarlóidh idirbhriseadh;

(c) tairgfidh siad seirbhísí fadtéarmacha agus seirbhísí gearrthéarmacha d'úsáideoirí na ngréasán.

Maidir le pointe (a) den chéad fhomhír, i gcás ina mbeidh an tseirbhís chéanna á tairiscint ag oibreoir córais tarchurtha do chustaiméirí éagsúla, déanfaidh sé amhlaidh faoi théarmaí conarthacha coibhéiseacha agus faoi choinníollacha conarthacha coibhéiseacha, agus conarthaí comhchuibhithe iompair nó cód coiteann gréasáin arna fhormheas ag an údarás inniúil i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 41 de Threoir 2009/73/CE á n-úsáid aige.

2.  Ní bheidh de thoradh ar chonarthaí iompair a síníodh agus dátaí tosaithe neamhchaighdeánacha acu nó ar giorra a ré ná ré conartha chaighdeánaigh bhliantúil iompair, go mbeidh taraifí ann atá níos airde nó níos ísle go treallach ar taraifí iad nach léiríonn luach margaidh na seirbhíse, i gcomhréir leis an bprionsabal a leagtar síos in Airteagal 13(1).

3.  I gcás inarb iomchuí, féadfar seirbhísí rochtana tríú páirtithe a dheonú, faoi réir ráthaíochtaí iomchuí ó úsáideoirí an ghréasáin maidir le creidmheasacht na n-úsáideoirí sin. Ní bheidh na ráthaíochtaí sin ina mbacainní míchuí ar iontráil sa mhargadh agus caithfidh siad a bheith neamh-idirdhealaitheach, trédhearcach agus comhréireach.

Airteagal 15

Seirbhísí rochtana tríú páirtithe a bhaineann le saoráidí GNL

1.  Déanfaidh oibreoirí córais GNL agus oibreoirí córais stórála an méid seo a leanas:

(a) tairgfidh siad seirbhísí ar bhonn neamh-idirdhealaitheach do gach aon úsáideoir gréasáin a dhéanfaidh freastal ar éileamh an mhargaidh; go háirithe, i gcás ina dtairgfidh oibreoir córais GNL nó oibreoir córais stórála an tseirbhís chéanna do chustaiméirí éagsúla, déanfaidh sé amhlaidh de réir téarmaí agus coinníollacha conarthacha coibhéiseacha;

(b) tairgfidh siad seirbhísí atá comhoiriúnach le húsáid córas iompair gáis idirnasctha agus éascóidh siad rochtain trí chomhar leis an oibreoir córais tarchurtha; agus

(c) poibleoidh siad aon fhaisnéis ábhartha, go háirithe sonraí maidir le húsáid agus maidir le hinfhaighteacht seirbhísí, i dtréimhse ama atá comhoiriúnach leis na riachtanais réasúnta tráchtála atá ag úsáideoirí saoráidí GNL nó stórála, agus an foilsiú sin a bheith faoi réir faireacháin ag an údarás náisiúnta rialála.

2.  Déanfaidh gach oibreoir córais stórála an méid seo a leanas:

(a) déanfaidh sé seirbhísí rochtana atá daingean agus in-idirbhriste araon a sholáthar do thríú páirtithe; léireofar i bpraghas na hacmhainne in-idirbhriste an dóchúlacht le hidirbhriseadh;

(b) déanfaidh sé seirbhísí fadtéarmacha agus seirbhísí gearrthéarmacha a thairiscint d'úsáideoirí na saoráidí stórála; agus

(c) déanfaidh sé seirbhísí cuachta agus seirbhísí díchuachta spáis stórála, in-instealltachta agus inseachadtachta a thairiscint d'úsáideoirí na saoráidí stórála.

3.  Ní bheidh de thoradh ar na conarthaí GNL ná ar na conarthaí saoráidí stórála go mbeidh taraifí níos airde ann go treallach i gcás ina síneofar iad:

(a) lasmuigh de bhliain gháis nádúrtha a bhfuil dátaí tosaigh neamhchaighdeánacha aici;

(b) ar feadh ré is giorra ná an ré a bheadh i gceist le conradh caighdeánach GNL agus stórála ar bhonn bliantúil.

4.  I gcás inarb iomchuí, féadfar seirbhísí rochtana tríú páirtithe a dheonú, faoi réir ráthaíochtaí iomchuí ó úsáideoirí an ghréasáin maidir le creidmheasacht na n-úsáideoirí sin. Ní bheidh ráthaíochtaí den sórt sin ina mbacainní míchuí ar iontráil sa mhargadh agus beidh siad neamh-idirdhealaitheach, trédhearcach agus comhréireach.

5.  Beidh údar maith, agus é bunaithe ar shrianta teicniúla, leis na teorainneacha conarthacha ar an íosmhéid is gá d'acmhainn saoráide GNL agus d'acmhainn stórála, agus ceadóidh siad d'úsáideoirí stórála atá níos lú rochtain a fháil ar sheirbhísí stórála.

Airteagal 16

Prionsabail maidir le sásraí do leithdháileadh acmhainne agus nósanna imeachta um bainistiú ar phlódú a bhaineann le hoibreoirí na gcóras tarchurtha

1.  Déanfar an acmhainn uasta ag na pointí ábhartha uile dá dtagraítear in Airteagal 18(3) a chur ar fáil do na rannpháirtithe sa mhargadh, agus sláine an chórais agus oibriú éifeachtúil an ghréasáin á gcur san áireamh.

2.  Déanfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha sásraí neamh-idirdhealaitheacha, trédhearcacha leithdháilte acmhainne a chur chun feidhme agus foilseoidh sé iad agus déanfar mar a leanas leis na sásraí sin:

(a) cuirfidh siad comharthaí iomchuí eacnamaíocha ar fáil maidir le húsáid éifeachtúil uasta na hacmhainne teicniúla agus éascóidh siad an infheistíocht i mbonneagar nua agus eascóidh siad malartuithe trasteorann sa ghás nadúrtha;

(b) beidh siad comhoiriúnach leis na sásraí margaidh, lena n-áirítear spotmhargaí agus moil trádála, agus beidh siad solúbtha agus beidh ar a gcumas, an tráth céanna, iad féin a chur in oiriúint d'imthosca margaidh atá i mbun forbartha; agus

(c) beidh siad comhoiriúnach le córais na mBallstát um rochtain ar ghréasáin.

3.  Cuirfidh an t-oibreoir córais tarchurtha chun feidhme agus foilseoidh sé nósanna imeachta neamh-idirdhealaitheacha trédhearcacha um bainistiú ar phlódú ar nósanna imeachta iad a éascóidh malartuithe trasteorann sa ghás nádúrtha ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus a bheidh bunaithe ar na prionsabail seo a leanas:

(a) i gcás plódaithe chonarthaigh, go dtairgfidh an t-oibreoir córais tarchurtha an acmhainn atá gan úsáid ar an margadh príomha ar bhonn lá roimh ré agus ar bhonn in-idirbhriste ar a laghad; agus

(b) go mbeidh úsáideoirí gréasán ar mian leo an acmhainn chonarthach gan úsáid atá acu i dteideal í a athdhíol nó a fholigean ar an margadh tánaisteach.

Maidir le pointe (b) den chéad fhomhír, féadfaidh Ballstát a cheangal go dtabharfaidh usáideoirí gréasáin fógra nó faisnéis d'oibreoir an chórais tarchurtha.

4.  I gcás ina mbeidh plódú fisiceach ann, cuirfidh oibreoir an chórais tarchurtha nó, de réir mar is iomchuí, na húdaráis rialála sásraí neamh-idirdhealaitheacha, trédhearcacha leithdháilte acmhainne i bhfeidhm.

5.  Déanfaidh oibreoirí na gcóras tarchurtha measúnú go rialta ar éileamh an mhargaidh ar infheistíocht nua. Agus infheistíochtaí nua á bpleanáil, déanfaidh oibreoirí na gcóras tarchurtha measúnú ar éileamh an mhargaidh agus cuirfidh siad cinnteacht an tsoláthair san áireamh.

Airteagal 17

Prionsabail maidir le sásraí leithdháilte acmhainne agus nósanna imeachta um bainistiú ar phlódú a bhaineann le saoráidí stórála agus le saoráidí GNL

1.  Cuirfear an t-uasmhéid acmhainne stórála agus an t-uasmhéid acmhainne saoráide GNL ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh, agus sláine agus oibriú an chórais á gcur san áireamh.

2.  Déanfaidh oibreoirí córais GNL agus oibreoirí córais stórála sásraí neamh-idirdhealaitheacha trédhearcacha leithdháilte acmhainne a chur chun feidhme agus foilseoidh sé iad, agus déanfar mar a leanas leis na sásraí sin:

(a) cuirfidh siad comharthaí iomchuí eacnamaíocha ar fáil maidir le húsáid éifeachtúil uasta na hacmhainne agus éascóidh siad an infheistíocht i mbonneagar nua;

(b) beidh siad comhoiriúnach le sásra an mhargaidh lena n-áirítear spotmhargaí agus moil trádála, agus beidh siad solúbtha an tráth céanna, agus beidh ar a gcumas iad féin a chur in oiriúint do na himthosca margaidh atá i mbun forbartha; agus

(c) beidh siad comhoiriúnach leis na córais idirnasctha um rochtain ar ghréasáin.

3.  Áireofar bearta i gconarthaí na saoráidí GNL agus na saoráidí stórála chun bac a chur le cnapaireacht acmhainne, trí na prionsabail seo a leanas a chur san áireamh, a mbeidh feidhm acu i gcásanna plódaithe chonarthaigh:

(a) ní mór d'oibreoir córais an acmhainn saoráide GNL agus an acmhainn stórála nach bhfuil in úsáid sa mhargadh príomha a thairiscint gan mhoill; i gcás na saoráidí stórála, tarlóidh sé seo ar bhonn lá roimh ré agus ar bhonn in-idirbhriste ar a laghad;

(b) ní mór go mbeidh úsáideoirí saoráidí GNL agus saoráidí stórála ar mian leo a n-acmhainn chonarthach a athdhíol ar an margadh tánaisteach i dteideal déanamh amhlaidh.

Airteagal 18

Ceanglais trédhearcachta a bhaineann le hoibreoirí na gcóras tarchurtha

1.  Poibleoidh oibreoir an chórais tarchurtha faisnéis mhionsonraithe maidir leis na seirbhísí a bheidh á dtairiscint aige agus maidir leis na coinníollacha ábhartha a chuirfear i bhfeidhm, i dteannta na faisnéise teicniúla is gá le go mbeidh rochtain éifeachtach ar ghréasáin ag úsáideoirí na ngréasán.

2.  Chun go n-áiritheofar go mbeidh taraifí trédhearcacha, oibiachtúla, neamh-idirdhealaitheacha ann agus chun go n-éascófar úsáid éifeachtúil ghréasán an gháis, foilseoidh oibreoirí na gcóras tarchurtha nó na húdaráis náisiúnta ábhartha faisnéis atá réasúnta mionsonraithe agus atá mionsonraithe go leordhóthanach maidir le díorthú taraife, modheolaíocht taraife agus struchtúr taraife.

3.  Maidir leis na seirbhísí a sholáthraíonn siad, poibleoidh oibreoirí na gcóras tarchurtha uile faisnéis faoi na hacmhainní teicniúla, faoi na hacmhainní conarthacha agus faoi na hacmhainní atá ar fáil, ar bhonn uimhriúil do na pointí ábhartha uile, lena n-áirítear na pointí iontrála agus na pointí scoir, ar bhonn rialta atrátha agus ar bhealach caighdeánaithe agus furasta a úsáid.

4.  Maidir le pointí ábhartha an chórais tarchurtha a bhfuil an fhaisnéis ina leith le poibliú, formheasfaidh na húdaráis inniúla iad tar éis dul i gcomhairle le húsáideoirí an ghréasáin.

5.  Maidir leis an bhfaisnéis a cheanglaítear leis an Rialachán seo a thabhairt, nochtfaidh oibreoir an chórais tarchurtha i gcónaí í ar bhealach atá bríoch, atá soiléir ar dhóigh inchainníochtaithe agus atá inrochtana go héasca agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach.

6.  Poibleoidh oibreoir an chórais tarchurtha faisnéis ex-ante agus ex-post a bhaineann le soláthar agus le héileamh, is faisneis a bheidh bunaithe ar ainmniúcháin, ar réamhaisnéisí agus ar shreabha réadaithe isteach sa chóras agus amach as an gcóras. Áiritheoidh an t-údarás náisiúnta rialála go gcuirfear an fhaisnéis sin go léir ar fáil don phobal. Léireoidh leibhéal mionsonraithe na faisnéise a phoibleofar an fhaisnéis atá ar fáil d'oibreoir an chórais tarchurtha.

Poibleoidh oibreoir an chórais tarchurtha na bearta a glacadh agus na costais a tabhaíodh agus an t-ioncam a gineadh chun an córas a chomhardú.

Déanfaidh na rannpháirtithe sa mhargadh lena mbaineann na sonraí dá dtagraítear san Airteagal seo a sholáthar d'oibreoir an chórais tarchurtha.

Airteagal 19

Ceanglais trédhearcachta a bhaineann le saoráidí stórála agus le saoráidí GNL

1.  Poibleoidh gach oibreoir córais GNL agus gach oibreoir córais stórála faisnéis mhionsonraithe a bhaineann leis na seirbhísí a thairgeann sé agus leis na coinníollacha ábhartha a chuirtear i bhfeidhm, mar aon leis an bhfaisnéis theicniúil is gá d'úsáideoirí na saoráidí GNL agus na saoráidí stórála chun rochtain éifeachtach a fháil ar na saoráidí GNL agus ar na saoráidí stórála.

2.  Poibleoidh gach oibreoir córais GNL agus gach oibreoir córais stórála, i leith na seirbhísí arna soláthar acu, faisnéis maidir leis an acmhainn chonarthach stórála agus GNL atá ar fáil ar bhonn uimhriúil, ar bhonn rialta agus atrátha agus i slí chaighdeánaithe atá furasta le húsáid.

3.  Maidir leis an bhfaisnéis a cheanglaítear leis an Rialachán seo a thabhairt, nochtfaidh gach oibreoir córais GNL agus gach oibreoir córais stórála i gcónaí í ar bhealach atá bríoch, atá soiléir ar dhóigh inchainníochtaithe agus atá inrochtana go héasca agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach.

4.  Poibleoidh gach oibreoir córais GNL agus córais stórála an méid gáis atá i ngach saoráid stórála nó GNL, nó i ngach ngrúpa saoráidí stórála má fhreagraíonn sé sin don chaoi a dtairgtear an rochtain d'úsáideoirí na gcóras, an t-insreabhadh agus an t-eis-sreabhadh, agus an acmhainn stórála agus GNL atá ar fáil, lena n-áirítear na saoráidí sin atá díolmhaithe ó rochtain do thríú páirtithe. Cuirfear an fhaisnéis sin in iúl freisin d'oibreoir an chórais tarchurtha agus poibleoidh an t-oibreoir sin ar leibhéal comhiomlánaithe í i gcomhair gach córais nó gach fochórais ar leith mar a shainmhínítear leis na pointí ábhartha. Déanfar an fhaisnéis a uasdátú go laethúil ar a laghad.

I gcásanna inar úsáideoir córais stórála an t-aon úsáideoir amháin maidir le saoráid stórála, féadfaidh úsáideoir an chórais stórála iarraidh réasúnaithe a chur faoi bhráid an údaráis rialála náisiúnta go ndéileálfar faoi rún leis na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír. I gcás ina gcinnfidh an t-údarás riálála náisiúnta go bhfuil údar maith leis an iarraidh sin, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh an gá atá le leas dlisteanach chosaint na rún gnó, a mbeadh tionchar diúltach ag gabháil lena nochtadh ar straitéis tráchtála fhoriomlán úsáideoir na stórála, a chomhardú leis an gcuspóir atá ann margadh inmheánach iomaíoch a chruthú don ghás, féadfaidh sé a cheadú nach bpoibleoidh oibreoir an chórais stórála na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, go ceann ré nach faide ná bliain.

Beidh feidhm ag an dara fomhír gan dochar d'oibleagáidí oibreoir an chórais tarchurtha maidir le cumarsáid agus maidir le poibliú, mura rud é go bhfuil na sonraí comhiomlánaithe comhionann le sonraí leithleacha an chórais stórála a bhfuil formheas tugtha i leith a neamhphoibliú ag an údarás rialála náisiúnta.

5.  D'fhonn taraifí trédhearcacha, oibiachtúla, neamh-idirdhealaitheacha a áirithiú agus d'fhonn úsáid éifeachtúil an bhonneagair a éascú, déanfaidh oibreoirí na saoráidí LNG agus na saoráidí stórála nó na húdaráis rialála ábhartha faisnéis a phoibliú atá mionsonraithe go leor maidir le díorthú taraife, na modheolaíochtaí taraife agus na struchtúir taraife le haghaidh bonneagair a thagann faoi réim rochtana rialaithe ag tríú páirtí.

Airteagal 20

Oibreoirí córais do choimeád taifead

Déanfaidh oibreoirí na gcóras tarchurtha, oibreoirí na gcóras stórála agus oibreoirí na gcóras GNL an fhaisnéis uile dá dtagraítear in Airteagal 18 agus in Airteagal 19 agus i gCuid 3 d'Iarscríbhinn I a choimeád ar fáil, go ceann tréimhse cúig bliana, do na húdaráis náisiúnta, lena n-áirítear an t-údarás rialála náisiúnta, an t-údarás iomaíochta naisiúnta agus an Coimisiún.

Airteagal 21

Rialacha comhardúcháin agus muirir i leith éagothroime

1.  Déanfar na rialacha comhardúcháin a cheapadh ar bhealach cóir, neamh-idirdhealaitheach agus beidh siad bunaithe ar chritéir oibiachtúla. Léireoidh na rialacha comhardúcháin fíor-riachtanais an chórais, agus na hacmhainní atá ar fáil ag oibreoir an chórais tarchurtha á gcur san áireamh. Beidh na rialacha comhardúcháin bunaithe ar an margadh.

2.  Chun go n-éascófar glacadh tráthúil beart ceartaitheach ag úsáideoirí gréasán, soláthróidh oibreoir córais tarchurtha faisnéis leordhóthanach, thráthúil, iontaofa ar-líne maidir le stádas comhardúcháin na n-úsáideoirí gréasán.

Léireoidh an fhaisnéis a sholáthrófar an leibhéal faisnéise atá ar fáil d'oibreoir an chórais tarchurtha agus an tréimhse shocraíochta dá ríomhtar muirir i leith éagothroime.

Ní ghearrfar aon táille ar sholáthar faisnéise faoin mhír seo.

3.  Beidh na muirir i leith éagothroime costas-léiritheach, a oiread is féidir, agus an tráth céanna beidh dreasachtaí ann d'úsáideoirí gréasán a n-ionchur gáis agus a n-aistarraingt gáis a chomhardú. Seachnóidh siad an trasfhóirdheontasú idir úsáideoirí gréasán agus ní chuirfidh siad bac ar iontrálaithe nua sa mhargadh.

Maidir le haon mhodheolaíocht chun muirir i leith éagothroime, chomh maith leis na taraifí deiridh, a ríomh, poibleoidh na húdaráis inniúla nó oibreoir an chórais tarchurtha iad, de réir mar is iomchuí.

4.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh oibreoirí na gcóras tarchurtha a ndícheall chun comhchuibhiú a dhéanamh ar na réimis chomhardúcháin agus chun sruthlíniú a dhéanamh ar struchtúir agus ar leibhéal na muirear comhardúcháin chun an trádáil sa ghás a éascú.

Airteagal 22

Trádáil i gcearta acmhainne

Glacfaidh gach oibreoir córais tarchurtha, córais stórála agus córais GNL bearta réasúnta chun a cheadú go bhféadfar na cearta acmhainne a thrádáil faoi shaoirse agus chun an trádáil sin a éascú ar shlí thrédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach. Déanfaidh gach oibreoir den sórt sin conarthaí, agus nósanna imeachta comhchuibhithe maidir le hiompar, saoráidí GNL agus stóráil, a fhorbairt ar an margadh príomha chun trádáil thánaisteach acmhainne a éascú agus aithneoidh siad aistriú na gceart acmhainne príomha i gcás ina dtabharfaidh úsáideoirí an chórais fógra dóibh faoi.

Tabharfar fógra do na húdaráis rialála faoi na conarthaí agus na nósanna imeachta comhchuibhithe a bhaineann le hiompar, le saoráidí GNL agus le stóráil.

Airteagal 23

Treoirlínte

1.  I gcás inarb iomchuí, sonrófar an méid seo a leanas i dTreoirlínte lena dtabharfar an méid íosta comhchuibhiúcháin is gá chun aidhmeanna an Rialacháin seo a bhaint amach:

(a) sonraí maidir leis na seirbhísí rochtana tríú páirtithe, lena n-áirítear cineál, ré agus ceanglais eile na seirbhísí sin, i gcomhréir le hAirteagal 14 agus Airteagal 15;

(b) sonraí maidir leis na prionsabail is bun leis na sásraí maidir le leithdháileadh acmhainne agus sonraí maidir le cur i bhfeidhm nósanna imeachta um bainistiú ar phlódú i gcás plódaithe chonarthaigh, i gcomhréir le hAirteagal 16 agus Airteagal 17;

(c) sonraí maidir le soláthar faisnéise agus sainmhíniú ar an bhfaisnéis theicniúil a bhfuil gá ag úsáideoirí gréasán léi chun rochtain éifeachtach a fháil ar an gcóras agus sainmhíniú ar na pointí ábhartha go léir a bhaineann le ceanglais trédhearcachta, lena n-áirítear an fhaisnéis is gá a fhoilsiú ag na pointí ábhartha go léir agus an sceideal ama a leanfar agus an fhaisnéis seo á foilsiú, i gcomhréir le hAirteagal 18 agus Airteagal 19;

(d) sonraí maidir leis an modheolaíocht i leith taraifí i ndáil le trádáil trasteorann sa ghás nádúrtha, i gcomhréir le hAirteagal 13;

(e) sonraí maidir leis na réimsí a liostaítear in Airteagal 8(6).

Chun na críche sin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an nGníomhaireacht agus leis an ENTSO don Ghás.

2.  Tá treoirlínte maidir leis na saincheisteanna a liostaítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 1 leagtha síos in Iarscríbhinn I maidir le hoibreoirí na gcóras tarchurtha.

Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a ghlacadh maidir leis na saincheisteanna a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo agus leasú a dhéanamh ar na Treoirlínte dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) de. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 28(2).

3.  Maidir le cur i bhfeidhm agus leasú na dTreoirlínte arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, léireoidh siad na difríochtaí atá idir na córais náisiúnta gáis, agus dá bhrí sin, ní bheidh gá le téarmaí ná le coinníollacha mionsonraithe aonfhoirmeacha maidir le rochtain ag tríú páirtithe ar leibhéal an Chomhphobail. Féadfar ceanglais íosta a leagan síos leo, áfach, chun coinníollacha neamh-idirdhealaitheacha, trédhearcacha rochtana a bheidh le comhlíonadh chun margadh inmheánach sa ghás nádúrtha a bhaint amach, ar ceanglais iad a fhéadfar a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin i bhfianaise na ndifríochtaí atá idir na córais náisiúnta gáis.

Airteagal 24

Údaráis rialála

Agus a bhfreagrachtaí faoin Rialachán seo á bhfeidhmiú acu, áiritheoidh na húdaráis rialála go gcomhlíonfar an Rialachán seo agus na Treoirlínte arna nglacadh de bhun Airteagal 23.

I gcás inarb iomchuí, rachaidh siad i gcomhar lena chéile, leis an gCoimisiún agus leis an nGníomhaireacht i gcomhlíonadh Chaibidil VIII de Threoir 2009/73/CE.

Airteagal 25

Faisnéis a sholáthar

Déanfaidh na Ballstáit agus na húdaráis rialála an fhaisnéis go léir is gá chun críocha Airteagal 23 a sholáthar don Choimisiún, arna iarraidh sin.

Socróidh an Coimisiún teorainn ama réasúnach chun an fhaisnéis a sholáthar, agus castacht na faisnéise is gá agus an phráinn a ghabhann leis an ngá sin á gcur san áireamh.

Airteagal 26

Ceart na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le bearta níos mionsonraithe

Beidh an Rialachán seo gan dochar do chearta na mBallstát bearta a choimeád ar bun nó a thabhairt isteach ar bearta iad ina bhfuil forálacha níos mionsonraithe ná na forálacha a leagtar amach sa Rialachán seo nó sna Treoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 23.

Airteagal 27

Pionóis

1.  Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir le pionóis a bheidh infheidhme i leith sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá lena áirithiú go gcuirfear na forálacha sin chun feidhme. Ní mór do na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Déanfaidh na Ballstáit, faoin 1 Iúil 2006, fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis na rialacha sin, ar rialacha iad a chomhfhreagraíonn do na forálacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005 agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill maidir le haon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh. ►C2  Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún maidir leis na rialacha sin nach gcomhfhreagraíonn d’fhorálacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005 faoin 3 Márta 2011 agus tabharfaidh siad fógra gan mhoill don Choimisiún maidir le haon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh. ◄

2.  Ní pionóis de chineál dlí choiriúil a bheidh sna pionóis dá bhforáiltear de bhun mhír 1.

Airteagal 28

An nós imeachta coiste

1.  Tabharfaidh an coiste arna chur ar bun le hAirteagal 51 de Threoir 2009/73/CE cúnamh don Choimisiún.

2.  I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 29

Tuarascáil an Choimisiúin

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme an Rialacháin seo. Ina thuarascáil faoi Airteagal 52(6) de Threoir 2009/73/CE, tabharfaidh an Coimisiún tuairisc freisin ar an taithí a fuarthas agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm. Go háirithe, déanfar scrúdú leis an tuarascáil ar a mhéid a d'éirigh leis an Rialachán seo coinníollacha neamh-idirdhealaitheacha agus costas-léiritheacha a áirithiú do rochtain ar an ngréasán i gcomhair gréasán tarchurtha gáis, d'fhonn rannchuidiú leis an rogha atá ag an gcustaiméir i margadh inmheánach atá ag feidhmiú go maith agus d'fhonn cur le cinnteacht fhadtéarmach an tsoláthair. Más gá, beidh tograí agus/nó moltaí iomchuí ann in éineacht leis an tuarascáil.

Airteagal 30

Maoluithe agus díolúintí

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a) córais tarchurtha gáis nádúrtha atá suite i mBallstáit, ar feadh ré na maoluithe arna ndeonú faoi Airteagal 49 de Threoir 2009/73/CE;

(b) mórbhonneagar nua, i.e. idirnascairí, saoráidí GNL agus saoráidí stórála, agus méaduithe suntasacha ar acmhainn sa bhonneagar reatha agus modhnuithe ar bhonneagar den sórt sin lena gcumasaítear foinsí nua a fhorbairt don soláthar gáis dá dtagraítear in Airteagal 36(1) agus (2) de Threoir 2009/73/CE, atá díolmhaithe ó fhorálacha Airteagail 9, 14, 32, 33, 34 nó Airteagal 41(6), (8) agus (10) den Treoir sin, fad atá siad díolmhaithe ó na forálacha dá dtagraítear san fhomhír seo, cé is moite d'Airteagal 19(4) den Rialachán seo; nó

(c) córais tarchurtha gáis nádúrtha ar deonaíodh maoluithe dóibh faoi Airteagal 48 de Threoir 2009/73/CE.

Maidir le pointe (a) den chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit ar deonaíodh maolú dóibh faoi Airteagal 49 de Threoir 2009/73/CE, iarratas a chur chuig an gCoimisiún ar mhaolú sealadach ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar feadh tréimhse suas go dhá bhliain ón dáta a rachaidh an maolú dá dtagraítear sa phointe seo in éag.

Airteagal 31

Aisghairm

Aisghairfear Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005 ón 3 Márta 2011. Deánfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.

Airteagal 32

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

▼C1

Той се прилага от 3 март 2011 г.

▼B

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I

TREOIRLÍNTE MAIDIR LEIS NA NITHE SEO A LEANAS

1.   Seirbhísí rochtana tríú páirtithe a bhaineann le hoibreoirí córas tarchurtha

1.

Déanfaidh oibreoirí córas tarchurtha seirbhísí daingne agus in-idirbhriste a thairiscint síos go híostréimhse aon lae amháin.

2.

Déanfar conarthaí comhchuibhithe iompair agus cóid ghréasáin chomhchoiteanna a cheapadh ar bhealach a éascóidh trádáil agus athúsáid acmhainne conarthaí ag úsáideoirí gréasáin gan bac a chur ar scaoileadh acmhainne.

3.

Forbróidh oibreoirí córas tarchurtha cóid ghréasáin agus conarthaí comhchuibhithe tar éis comhairliúchán cuí a dhéanamh leis na húsáideoirí lionra.

4.

Déanfaidh oibreoirí córas tarchurtha nósanna imeachta caighdeánaithe a chur chun feidhme maidir le hainmniúchán agus athainmniúchán. Forbróidh siad córais faisnéise agus modhanna leictreonacha cumarsáide chun sonraí leordhóthanacha a sholáthar d'úsáideoirí gréasáin agus chun na hidirbhearta a shimpliú, amhail ainmniúcháin, conarthaí maidir le hacmhainn agus aistriú ceart acmhainne idir úsáideoirí gréasáin.

5.

Comhchuibheoidh oibreoirí córas tarchurtha nósanna imeachta foirmiúla um iarraidh agus agaí freagartha de réir an dea-chleachtais thionsclaíoch d'fhonn na hagaí freagartha a íoslaghdú. Tráth nach déanaí ná an 1 Iúil 2006, agus tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na húsáideoirí ábhartha gréasáin, déanfaidh siad foráil maidir le córais ar-líne, scáileán-bhunaithe i gcomhair áirithiú agus daingniú a dhéanamh agus maidir le nósanna imeachta ainmniúcháin agus athainmniúcháin.

6.

Ní ghearrfaidh oibreoirí córas tarchurtha táillí ar leith ar úsáideoirí gréasáin as iarrataí ar fhaisnéis agus as idirbhearta a bhaineann lena gconarthaí iompair agus a chuirtear i gcrích de réir rialacha agus nósanna imeachta caighdeánacha.

7.

Maidir le hiarrataí ar fhaisnéis a dteastaíonn costais urghnácha nó costais iomarcacha ina leith, amhail staidéir féidearthachta, féadfar muirir ar leith a ghearradh ina leith, ar choinníoll gur féidir na táillí sin a mhíniú mar is cuí.

8.

Comhoibreoidh oibreoirí córas tarchurtha le hoibreoirí córas tarchurtha eile chun cothabháil a ngréasán faoi seach a chomhordú d'fhonn aon chur isteach ar sheirbhísí tarchurtha a íoslaghdú d'úsáideoirí gréasáin agus d'oibreoirí córas tarchurtha i gceantair eile agus d'fhonn a áirithiú go mbeidh sochair chothroma ann ó thaobh chinnteacht an tsoláthair, lena n-áirítear i dtaca le hidirthuras.

9.

Déanfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha, go bliantúil ar a laghad, roimh spriocdháta réamhshocraithe, na tréimhsí cothabhála go léir atá beartaithe agus a bhféadfadh difear a dhéanamh do chearta úsáideoirí gréasáin a thagann ó chonarthaí iompair an fhaisnéis oibríochtúil chomhfhreagrach mar aon le réamhfhógra leordhóthanach a fhoilsiú. Áireofar leis sin go bhfoilseofar, ar bhonn pras neamh-idirdhealaitheach, aon athruithe ar na tréimhsí cothabhála atá beartaithe agus go dtabharfar fógra faoi chothabháil neamhphleanáilte, a luaithe atá an fhaisnéis sin ar fáil don oibreoir córais tarchurtha. Le linn na dtréimhsí cothabhála, foilseoidh na hoibreoirí córais tarchurtha faisnéis a dhéantar a uasdátú go tráthrialta maidir le mionsonraí na cothabhála agus maidir leis an ré a cheaptar a bheidh sí ar siúl agus an éifeacht a bheidh aici.

10.

Déanfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha cuntas laethúil a choimeád maidir leis an gcothabháil iarbhír agus maidir leis an gcur isteach iarbhír ar shreabhadh a tharla, agus cuirfidh siad ar fáil don údarás inniúil é, arna iarraidh sin dó. Cuirfear an fhaisnéis ar fáil freisin dóibh siúd a ndearna an cur isteach difear dóibh, arna iarraidh sin dóibh.

2.   Prionsabail maidir le sásraí leithdháilte acmhainne agus nósanna imeachta bainistithe ar phlódú a bhaineann le hoibreoirí córais tarchurtha agus cur i bhfeidhm na nithe sin i gcás plódaithe chonarthaigh

2.1.   Prionsabail maidir le sásraí leithdháilte acmhainne agus nósanna imeachta bainistithe ar phlódú maidir le hoibreoirí córais tarchurtha

1.

Maidir le meicníochtaí leithdháilte acmhainne agus nósanna imeachta um bainistiú ar phlódú, éascóidh siad forbairt na hiomaíochta agus forbairt thrádáil leachtach na hacmhainne agus beidh siad comhoiriúnach le sásraí margaidh lena n-áirítear spotmhargaí agus moil trádála. Beidh siad solúbtha agus beidh siad in ann iad féin a chur in oiriúint do chúinsí athraitheacha an mhargaidh.

2.

Cuirfear san áireamh sna meicníochtaí agus sna nósanna imeachta sin sláine an chórais lena mbaineann mar aon le cinnteacht an tsoláthair.

3.

Ní bheidh na sásraí agus na nósanna imeachta sin ina mbac ar iontráil rannpháirtithe nua sa mhargadh ná ní chruthóidh siad bacainní míchuí ó thaobh iontráil isteach sa margadh. Ní chuirfidh siad cosc ar rannpháirtithe sa mhargadh, lena n-áirítear iontrálaithe nua sa mhargadh agus cuideachtaí a bhfuil sciar bheag den mhargadh acu, ó dhul in iomaíocht go héifeachtach.

4.

Leis na sásraí agus na nósanna imeachta sin, soláthrófar comharthaí iomchuí eacnamaíocha maidir le húsáid éifeachtach uasta na hacmhainne teicniúla agus éascóidh siad an infheistíocht i mbonneagar nua.

5.

Cuirfear úsáideoirí gréasáin ar an eolas faoin gcineál cúinsí a d'fhéadfadh difear a dhéanamh d'infhaigteacht na hacmhainne conarthaí. Ba cheart go léireodh an fhaisnéis maidir le hidirbhriseadh an leibhéal faisnéise atá ar fáil don oibreoir córais tarchurtha.

6.

I gcás ina mbeadh deacrachtaí ann chun na hoibleagáidí conarthacha maidir le seachadadh a chomhlíonadh de bharr cúiseanna a bhaineann le sláine an chórais, ba cheart go gcuirfeadh na hoibreoirí córais tarchurtha úsáideoirí gréasáin ar an eolas faoin méid sin agus ba cheart dóibh díriú ar réiteach neamh-idirdhealaitheach a fháil gan mhoill.

Rachaidh na hoibreoirí córais tarchurtha i gcomhairle leis na húsáideoirí greasáin maidir le nósanna imeachta sula gcuirfear chun feidhme iad agus comhaontóidh siad iad leis an údarás rialála.

2.2.   Nósanna imeachta um bainistiú ar phlódú i gcás plódaithe chonarthaigh

1.

I gcás nach n-úsáidfear acmhainn chonarthach, cuirfidh na hoibreoirí córais tarchurtha an acmhainn sin ar fáil, ar bhonn in-idirbhriste, ar an margadh príomha, trí mheán conarthaí a mbeidh réanna éagsúla acu, fad nach dtairgeann an t-úsáideoir gréasáin ábhartha an acmhainn sin ar fáil ar an margadh tánaisteach ar phraghas réasúnach.

2.

Déanfar an t-ioncam ón acmhainn in-idirbhriste a scaoiltear a roinnt de réir rialacha arna leagan síos nó arna gceadú ag an údarás rialála ábhartha. Beidh na rialacha sin comhoiriúnach leis an gceanglas maidir le húsáid éifeachtach agus éifeachtúil an chórais.

3.

Féadfaidh na húdaráis rialála ábhartha praghas réasúnach a chinneadh don acmhainn in-idirbhriste a scaoiltear agus na cúinsí sonracha atá i gceist á gcur san áireamh.

4.

I gcás inarb iomchuí, déanfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha iarrachtaí réasúnacha chun codanna, ar a laghad, den acmhainn nach n-úsáidtear a thairiscint don mhargadh mar acmhainn dhaingean.

3.   Sainiú na faisnéise teicniúla is gá le go mbeidh úsáideoirí gréasáin in ann rochtain éifeachtach a fháil ar an gcóras, sainiú na bpointí ábhartha uile do cheanglais trédhearchachta agus an fhaisnéis atá le foilsiú ag na pointí ábhartha uile agus an sceideal ama ar dá réir a fhoilseofar an fhaisnéis sin

3.1.   Sainiú ar an bhfaisnéis theicniúil is gá le go mbeidh úsáideoirí gréasáin in ann rochtain éifeachtach a fháil ar an gcóras

Foilseoidh oibreoirí córais tarchurtha an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, faoina gcórais agus faoina seirbhísí:

(a) tuairisc mhionsonraithe chuimsitheach ar na seirbhísí éagsúla a thairgtear agus ar na muirir a ghabhann leo;

(b) na cineálacha éagsúla conarthaí iompair atá ar fáil do na seirbhísí sin agus, de réir mar is infheidhme, an cód gréasáin agus/nó na coinníollacha caighdeánacha lena leagtar amach go hachomair cearta agus freagrachtaí na n-úsáideoirí gréasáin ar fad, lena n-áirítear conarthaí comhchuibhithe iompair agus doiciméid ábhartha eile;

(c) na nósanna imeachta comhchuibhithe a chuirtear i bhfeidhm agus an córas tarchurtha in úsáid, lena n-áirítear sainiú na dtéarmaí tábhachtacha;

(d) forálacha maidir le leithdháileadh acmhainne, bainistiú ar phlódú agus nósanna imeachta frithchnapaireachta agus athúsáidte;

(e) na rialacha is infheidhme maidir le trádáil acmhainne ar an margadh tánaisteach i leith an oibreora córais tarchurtha;

(f) más infheidhme, na leibhéil solúbthachta agus lamháltais a chuimsítear sna seirbhísí iompair agus i seirbhísí eile nach muirearaítear go leithleach, agus aon solúbthacht a thairgtear sa bhreis air sin agus na muirir chomhfhreagracha;

(g) tuairisc mhionsonraithe ar chóras gáis an oibreora córais tarchurtha lena léirítear na pointí ábhartha uile a idirnascann a chóras agus córas oibreoirí córais tarchurtha eile agus/nó bonneagar gáis amhail gás nádúrtha leachtaithe (GNL) agus bonneagar is gá chun seirbhísí coimhdeacha a sholáthar mar a shainítear le hAirteagal 2, pointe 14, de Threoir 2009/73/CE;

(h) faisnéis maidir le cáilíocht an gháis agus riachtanais ó thaobh brú;

(i) na rialacha is infheidhme maidir le nascadh leis an gcóras a oibríonn an t-oibreoir córais tarchurtha;

(j) aon fhaisnéis, agus í á cur ar fáil go tráthúil, maidir le hathruithe a bheartaítear agus/nó a dhéantar iarbhír ar na seirbhísí nó ar na coinníollacha, lena n-áirítear na nithe a liostaítear i bpointe (a) go pointe (i).

3.2.   Sainiú na bpointí ábhartha uile maidir le riachtanais trédhearcachta

Áireofar an méid seo a leanas sna na pointí ábhartha:

(a) na pointí iontrála uile ar lionra atá á oibriú ag oibreoir córais tarchurtha;

(b) na príomhphointí scoir agus na príomhlimistéir scoir a chumhdóidh ar a laghad 50 % d'acmhainn imeachta iomláin gréasáin de chuid oibreora córais tarchurtha ar leith, lena n-áirítear na pointí scoir nó na limistéir scoir ar fad lena gcumhdaítear níos mó ná 2 % d'acmhainne iomláin an ghréasáin;

(c) na pointí uile lena nasctar gréasáin éagsúla de chuid oibreoirí córas tarchurtha;

(d) na pointí uile lena nasctar gréasán oibreora córais tarchurtha le críochfort GNL;

(e) na pointí fíor-riachtanacha i ngréasán oibreora córais tarchurtha ar leith, lena n-áirítear na pointí lena nasctar le moil gáis. Meastar gur pointí fíor-riachtanacha na pointí uile ar dóigh, i bhfianaise na taithí atá faighte, go mbrathfar plódú fisiciúil iontu;

(f) na pointí uile lena nasctar gréasán oibreora córais tarchurtha ar leith le bonneagar is gá chun seirbhísí coimhdeacha a sholáthar mar a shainítear le hAirteagal 2, pointe 14, de Threoir 2009/73CE.

3.3.   Faisnéis atá le foilsiú ag na pointí ábhartha uile agus an sceideal ama ar dá réir is ceart an fhaisnéis sin a fhoilsiú

1.

Déanfaidh na hoibreoirí córais tarchurthaan fhaisnéis seo a leanas maidir le staid na hacmhainne síos go dtí tréimhsí laethúla, a fhoilsiú ag na pointí ábhartha uile ar an Idirlíon ar bhonn tráthrialta/atrátha agus ar bhealach soláimhsithe caighdeánaithe:

(a) acmhainn uasta theicniúil na sreabh sa dá threo;

(b) an acmhainn chonarthach agus in-idirbhriste iomlán; agus

(c) an acmhainn atá ar fáil.

2.

Maidir leis na pointí ábhartha uile, déanfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha na hacmhainní atá ar fáil do thréimhse 18 mí ar aghaidh, ar a laghad, a fhoilsiú agus uasdátóidh siad an fhaisnéis sin gach mí, ar a laghad, nó níos minice ná sin má tá faisnéis nua ar fáil.

3.

Foilseoidh na hoibreoirí córais tarchurtha faisnéis uasdátaithe in aghaidh an lae maidir le hinfhaighteacht na seirbhísí gearrthréimhseacha (lá roimh ré agus seachtain roimh ré) a bheidh bunaithe, inter alia, ar ainmniúcháin, ar ghealltanais chonarthacha reatha agus ar réamhaisnéisí fadtréimhseacha tráthrialta maidir le hacmhainní atá ar fáil ar bhonn bliantúil, ar feadh suas le deich mbliana, do na pointí ábhartha uile.

4.

Foilseoidh na hoibreoirí córais tarchurtha uasrátaí agus íosrátaí stairiúla úsáide acmhainne de réir na míosa agus meánsreabha bliantúla do na pointí ábhartha uile do na trí bliana dheireanacha ar bhonn atrátha.

5.

Coinneoidh na hoibreoirí córais tarchurtha cuntas laethúil ar shreabha comhiomlánaithe iarbhír ar feadh trí mhí, ar a laghad.

6.

Coinneoidh na hoibreoirí córais tarchurtha taifid éifeachtacha maidir leis na conarthaí acmhainne uile agus maidir leis bhfaisnéis ábhartha go léir eile i ndáil le ríomh na n-acmhainní atá ar fáil agus i ndáil le rochtain orthu agus beidh rochtain ar na taifid sin ag na húdaráis ábhartha náisiúnta chun a ndualgais a chomhlíonadh.

7.

Déanfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha ionstraimí soláimhsithe a sholáthar chun taraifí a ríomh do na seirbhísí atá ar fáil agus chun an acmhainn atá ar fáil a fhíorú ar-líne.

8.

I gcás nach mbeidh na hoibreoirí córais tarchurtha in ann faisnéis a fhoilsiú i gcomhréir le pointe 1, pointe 3 agus pointe 7, rachaidh siad i gcomhairle lena n-údaráis náisiúnta ábhartha agus déanfaidh siad plean gníomhaíochta maidir le cur chun feidhmea chur ar bun a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2006.




IARSCRÍBHINN II

TÁBLA COMHGHAOIL



Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 3

Airteagal 13

Airteagal 4

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 5

Airteagal 16

Airteagal 17

Airteagal 6

Airteagal 18

Airteagal 19

Airteagal 20

Airteagal 7

Airteagal 21

Airteagal 8

Airteagal 22

Airteagal 9

Airteagal 23

Airteagal 10

Airteagal 24

Airteagal 11

Airteagal 25

Airteagal 12

Airteagal 26

Airteagal 13

Airteagal 27

Airteagal 14

Airteagal 28

Airteagal 15

Airteagal 29

Airteagal 16

Airteagal 30

Airteagal 31

Airteagal 17

Airteagal 32

Iarscríbhinn

Iarscríbhinn I



( 1 ) IO C 211, 19.8.2008, lch. 23.

( 2 ) IO C 172, 5.7.2008, lch. 55.

( 3 ) Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Iúil 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil), Comhsheasamh ón gComhairle an 9 Eanáir 2009 (IO C 75 E, 31.3.2009, lch. 38) agus Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Aibreán 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Cinneadh ón gComhairle an 25 Meitheamh 2009.

( 4 ) IO L 176, 15.7.2003, lch. 57.

( 5 ) IO L 289, 3.11.2005, lch. 1.

( 6 ) Féach leathanach 94 den Iris Oifigiúil seo.

( 7 ) Féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo.

( 8 ) IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

( 9 ) IO L 262, 22.9.2006, lch. 1.