02008R1332 — GA — 03.12.2012 — 001.003


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (CE) Uimh. 1332/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Nollaig 2008

maidir le heinsímí bia agus lena leasaítear Treoir 83/417/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle, Treoir 2000/13/CE, Treoir 2001/112/CE ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 258/97

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

(IO L 354 31.12.2008, lch. 7)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

COMMISSION REGULATION (EU) No 1056/2012 of 12 November 2012 (*)

  L 313

9

13.11.2012



(*)

Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge




▼B

RIALACHÁN (CE) Uimh. 1332/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Nollaig 2008

maidir le heinsímí bia agus lena leasaítear Treoir 83/417/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle, Treoir 2000/13/CE, Treoir 2001/112/CE ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 258/97

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)



CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le heinsímí bia a úsáidtear i mbianna, lena n-áirítear einsímí a úsáidtear mar áiseanna próiseála, d'fhonn a áirithiú go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach ar bhealach éifeachtach agus ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus ardleibhéal cosanta don tomhaltóir á n-áirithiú ag an am céanna, lena n–áirítear cosaint do leasanna an tomhaltóra a áirithiú agus cleachtais chóra trádála i mbia agus, i gcás inarb iomchuí, caomhnú an chomhshaoil a chur san áireamh.

Chun na críocha sin, foráiltear leis an Rialachán seo:

(a) 

liosta Comhphobail einsímí bia formheasta;

(b) 

coinníollacha maidir le húsáid einsímí bia i mbianna;

(c) 

rialacha maidir le lipéadú einsímí bia a dhíoltar mar einsímí bia.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le heinsímí bia a shainmhínítear in Airteagal 3.

2.  Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le heinsímí bia nuair is le haghaidh na nithe seo a leanas a tháirgeadh a úsáidfear iad agus sa mhéid gur le haghaidh na nithe seo a leanas a tháirgeadh a úsáidfear iad:

(a) 

breiseáin bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008;

(b) 

áiseanna próiseála.

3.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar d'aon rialacha sonracha Comhphobail maidir le húsáid einsímí bia:

(a) 

i mbianna sonracha;

(b) 

chun críocha seachas na críocha a chumhdaítear faoin Rialachán seo.

4.  Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le saothráin mhicribhitheolaíocha a úsáidtear go traidisiúnta chun bia a tháirgeadh agus a d'fhéadfadh einsímí a tháirgeadh go teagmhasach ach nach go sonrach le haghaidh einsímí a tháirgeadh a úsáidtear iad.

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.  Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, i Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus i Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008.

2.  Beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas freisin:

(a) 

ciallaíonn ‘einsím bia’ táirge a fhaightear ó phlandaí, ó ainmhithe nó ó mhiocrorgánaigh nó ó tháirgí díobh sin, lena n–áirítear táirge a fhaightear trí phróiseas coipthe ina n–úsáidtear miocrorgánaigh:

(i) 

ina bhfuil einsím amháin nó níos mó ná einsím amháin atá in ann imoibriú sonrach bithcheimiceach a chatalú; agus

(ii) 

a chuirtear le bia chun críche teicneolaíche ag céim ar bith den mhonarú, den phróiseáil, den ullmhú, den chóireáil, den phacáistiú, den iompar nó den stóráil;

(b) 

ciallaíonn ‘ullmhóid einsímí bia’ foirmliú arb éard atá ann einsím bia amháin nó níos mó ná einsím bia amháin ina gcorpraítear substaintí amhail breiseáin bia agus/nó comhábhair eile bia d'fhonn a stóráil, a ndíol, a gcaighdeánú, a gcaolú nó a dtuaslagadh a éascú.



CAIBIDIL II

LIOSTA COMHPHOBAIL D'EINSÍMÍ BIA A FORMHEASADH

Airteagal 4

Liosta Comhphobail d'einsímí bia

Ní fhéadfar ach einsímí bia a áirítear ar an liosta Comhphobail a chur ar an margadh mar einsímí bia nó a úsáid i mbianna, i gcomhréir leis na sonraíochtaí agus leis na coinníollacha úsáide dá bhforáiltear in Airteagal 7(2).

Airteagal 5

Toirmeasc ar einsímí bia neamhchomhlíontacha agus/nó ar bhia neamhchomhlíontach

Ní chuirfidh aon duine einsím bia ná aon bhia inar úsáideadh einsím bia den sórt sin ar an margadh mura gcomhlíonann úsáid na heinsíme bia sin an Rialachán seo agus a bhearta cur chun feidhme.

Airteagal 6

Coinníollacha ginearálta maidir le heinsímí bia a chur ar an liosta Comhphobail

Ní fhéadfar einsím bia a chur ar an liosta Comhphobail seachas má chomhlíonann sí na coinníollacha seo a leanas agus, i gcás inarb ábhartha, tosca dlisteanacha eile:

(a) 

nach údar imní í, ar bhonn na fianaise eolaíche atá ar fáil, ó thaobh shláinte an tomhaltóra de, ar an leibhéal a bheartaítear í a úsáid;

(b) 

go bhfuil gá teicneolaíoch réasúnta ann léi, agus

(c) 

nach gcuireann a húsáid an tomhaltóir amú. Áirítear leis an tomhaltóir a chur amú saincheisteanna a bhaineann le cineál, le húire agus le cáilíocht na gcomhábhar a úsáidtear, le nádúrthacht táirge nó le nádúrthacht an phróisis táirgthe, nó le cáilíocht chothaitheach an táirge, ach níl sé teoranta dóibh sin.

Airteagal 7

Inneachar an liosta Comhphobail d'einsímí bia

1.  Féadfar einsím bia a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 6 a chur ar an liosta Comhphobail, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008.

2.  Sonrófar an méid seo a leanas nuair a bheidh einsím bia á cur ar an liosta:

(a) 

ainm na heinsíme bia;

(b) 

sonraíochtaí na heinsíme bia, lena n–áirítear a tionscnamh, a critéir íonachta agus aon fhaisnéis eile a mbeidh gá léi;

(c) 

na bianna ar féidir an einsím bia a chur leo;

(d) 

na coinníollacha faoinar féidir an einsím bia a úsáid; ní shocrófar aon uasleibhéal d'einsím bia, i gcás inarb iomchuí. Sa chás sin, úsáidfear an einsím bia i gcomhréir le prionsabal an quantum satis;

(e) 

más iomchuí, cé acu an bhfuil, nó nach bhfuil, aon srianta ar an einsím bia a dhíol go díreach leis an dtomhaltóir deiridh;

(f) 

i gcás inar gá, ceanglais shonracha maidir le lipéadú ar bhia inar úsáideadh na heinsímí bia, d'fhonn a áirithiú go gcuirfí an tomhaltóir deiridh ar an eolas faoi riocht fisiciúil an bhia nó faoin gcóireáil shonrach a rinneadh air.

3.  Leasófar an liosta Comhphobail i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008.

Airteagal 8

Einsímí bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003

1.  Ní fhéadfar einsím bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 a áireamh ar an liosta Comhphobail i gcomhréir leis an Rialachán seo ach amháin nuair a chumhdaítear faoi údarú í i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

2.  Nuair a tháirgtear einsím bia atá ar an liosta Comhphobail cheana féin ó fhoinse dhifriúil a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, ní bheidh údarú nua de dhíth air faoin Rialachán seo, chomh fada agus go gcumhdaítear an fhoinse nua faoi údarú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus go gcomhlíonann an einsím bia na sonraíochtaí a bunaíodh faoin Rialachán seo.

Airteagal 9

Cinntí léirmhínithe

I gcás inar gá, féadfar a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2) cé acu:

(a) 

an gcomhlíonann substaint áirithe an sainmhíniú ar einsím bia in Airteagal 3;

(b) 

an mbaineann bia áirithe le catagóir bia ar an liosta Comhphobail d'einsímí bia.



CAIBIDIL III

LIPÉADÚ

Airteagal 10

Lipéadú ar einsímí bia agus ar ullmhóidí einsímí bia nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a cheaptar iad

1.  Breiseáin bia agus ullmhóidí einsímí bia nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a cheaptar iad, bídís á ndíol ina gceann agus ina gceann nó measctha lena chéile agus/nó le comhábhair eile bia mar a shainmhínítear in Airteagal 6(4) de Threoir 2000/13/CE iad, ní fhéadfar iad a chur ar an margadh mura mbeidh an lipéadú dá bhforáiltear in Airteagal 11 den Rialachán seo orthu, a chaithfidh a bheith sofheicthe, soléite agus doscriosta. Beidh an fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 11 i dteanga ar furasta do cheannaitheoirí í a thuiscint.

2.  Laistigh dá chríoch féin, is féidir leis an mBallstát ina bhfuil an t–earra á chur ar an margadh, a ordú, i gcomhréir leis an gConradh, go dtabharfar an fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 11 i dteanga amháin nó i mbreis agus teanga amháin de theangacha oifigiúla an Chomhphobail, a chinnfidh an Ballstát sin. Ní choiscfidh sé sin an fhaisnéis sin a thabhairt i líon teangacha.

Airteagal 11

Ceanglais ghinearálta maidir le lipéadú d'einsímí bia agus d'ullmhóidí einsímí bia nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a cheaptar iad

1.  I gcás ina ndíolfar einsímí bia agus ullmhóidí einsímí bia nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a cheaptar iad, ina gceann agus ina gceann nó measctha lena chéile agus/nó le comhábhair eile bia, beidh an fhaisnéis a leanas ar a bpacáistiú nó ar a gcoimeádáin:

(a) 

an t–ainm a leagtar síos faoin Rialachán seo maidir le gach einsím bia nó cur síos díolacháin lena n–áirítear ainm gach einsíme bia nó in éagmais ainm den sórt sin, an t–ainm inghlactha a leagtar síos de réir ainmníocht an Aontais Idirnáisiúnta um Bithcheimic agus Bitheolaíocht Mhóilíneach (IUBMB);

(b) 

an ráiteas ‘le húsáid i mbia’ nó an ráiteas ‘úsáid shrianta i mbia’ nó tagairt níos sainiúla don úsáid a bheartaítear di i mbia;

(c) 

na coinníollacha speisialta stórála agus/nó úsáide, más gá;

(d) 

marc lena sainaithnítear an bhaisc nó an luchtóg;

(e) 

treoracha úsáide, dá mba rud é go gcuirfí cosc ar cheartúsáid an bhreiseáin bia toisc na treoracha a bheith fágtha ar lár;

(f) 

ainm nó ainm gnó agus seoladh an mhonaróra, an phacálaithe nó an díoltóra;

(g) 

sonrú maidir le líon uasta gach comhpháirte nó gach grúpa comhpháirteanna atá faoi réir srianta cainníochta i mbia agus/nó faisnéis iomchuí atá soiléir agus sothuigthe agus a chuirfidh ar chumas an cheannaitheora an Rialachán seo nó dlí ábhartha eile Comhphobail a chomhlíonadh; i gcás ina mbainfidh an teorainn cainníochta chéanna le grúpa comhpháirteanna a úsáidtear ina gceann agus ina gceann nó i dteannta a chéile, féadfar an céatadán iomlán a thabhairt mar fhigiúr amháin; cuirfear an teorainn ar chainníocht in iúl trí uimhreacha nó trí phrionsabal an quantum satis;

(h) 

an chainníocht ghlan;

(i) 

gníomhaíocht na heinsíme bia nó na n–einsímí bia;

(j) 

an dáta íosmharthanachta nó an dáta éaga;

(k) 

i gcás inarb ábhartha, faisnéis ar einsím bia nó ar shubstaintí eile dá dtagraítear san Airteagal seo agus a liostaítear in Iarscríbhinn IIIa a ghabhann le Treoir 2000/13/CE.

2.  I gcás ina ndíolfar einsímí bia agus/nó ullmhóidí einsímí bia measctha lena chéile agus/nó le comhábhair eile bia, beidh liosta de na comhábhair uile ar a bpacáistiú nó ar a gcoimeádáin, de réir ord a gcéatadáin meáchain anuas.

3.  Beidh liosta de na comhpháirteanna uile ina gcéatadáin den mheáchan iomlán anuas ar phacáistiú nó ar choimeádáin ullmhóidí einsímí bia.

4.  De mhaolú ar mhír 1, ar mhír 2 agus ar mhír 3, an fhaisnéis a cheanglaítear a thabhairt i mír 1 pointe (e) go pointe (g) agus i mír 2 agus i mír 3, féadfaidh sé gur ar na doiciméid sin amháin a bhaineann leis an gcoinsíneacht a bheidís, doiciméid atá le soláthar leis an seachadadh nó roimhe, ar choinníoll go mbeidh an sonrú ‘ná miondíoltar’ le feiceáil ar chuid shofheicthe de phacáistiú nó de choimeádán an táirge a bheidh i gceist.

5.  De mhaolú ar mhír 1, ar mhír 2, agus ar mhír 3, i gcás ina soláthrófar einsímí bia agus ullmhóidí einsímí bia i dtancaeir, féadfaidh an fhaisnéis uile a bheith ar na doiciméid sin amháin a ghabhann leis an gcoinsíneacht agus a sholáthrófar leis an seachadadh.

Airteagal 12

Lipéadú ar einsímí bia agus ar ullmhóidí einsímí bia nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a cheaptar iad

1.  Gan dochar do Threoir 2000/13/CE, do Threoir 89/396/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1989 maidir le sonruithe nó marcanna lena sainaithnítear an luchtóg lena mbaineann earra bia ( 1 ) agus do Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, einsímí bia agus ullmhóidí einsímí bia a dhíoltar ina gceann agus ina gceann nó measctha lena chéile agus/nó le comhábhair eile bia agus ar lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a cheaptar iad, ní fhéadfar iad a chur ar an margadh mura mbeidh an fhaisnéis a leanas ar an bpacáistiú:

(a) 

an t–ainm a leagtar síos faoin Rialachán seo maidir le gach einsím bia nó cur síos díolacháin lena n–áirítear ainm gach einsíme bia nó in éagmais ainm den sórt sin, an t–ainm inghlactha a leagtar síos de réir ainmníocht an IUBMB;

(b) 

an ráiteas ‘le húsáid i mbia’ nó an ráiteas ‘úsáid shrianta i mbia’ nó tagairt níos sainiúla don úsáid a cheaptar di i mbia.

2.  Dá réir sin, don fhaisnéis dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 13(2) de Threoir 2000/13/CE.

Airteagal 13

Ceanglais eile maidir le lipéadú

Beidh feidhm ag Airteagal 10 go hAirteagal 12 gan dochar do dhlíthe, do rialacháin, ná d'fhorálacha riaracháin níos mionsonraithe agus níos cuimsithí a bhaineann le meáchain agus le tomhais, nó a bhfuil feidhm acu maidir le cur i láthair, le haicmiú, le pacáistiú agus le lipéadú ar shubstaintí agus ar ullmhóidí contúirteacha, nó a bhfuil feidhm acu maidir le substaintí agus le hullmhóidí den sórt sin a iompar.



CAIBIDIL IV

FORÁLACHA NÓS IMEACHTA AGUS CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 14

Oibleagáid maidir le faisnéis

1.  Cuirfidh táirgeoir nó úsáideoir einsíme bia aon fhaisnéis nua eolaíoch nó aon fhaisnéis nua theicniúil a d'fhéadfadh difear a dhéanamh don mheasúnú ar shábháilteacht na heinsíme bia in iúl don Choimisiún láithreach.

2.  I gcás einsíme bia arna formheas cheana féin faoin Rialachán seo agus a ullmhaítear le modhanna táirgthe nó ag úsáid ábhar tosaigh a bhfuil difríocht shuntasach idir iad agus na modhanna táirge nó na hábhair tosaigh a áiríodh i measúnú riosca an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (dá ngairfear ‘an tÚdarás’ anseo feasta), ba cheart don táirgeoir nó don úsáideoir na sonraí is gá a chur faoi bhráid an Choimisiúin sula gcuirfear an einsím bia ar an margadh, le go mbeidh an tÚdarás in ann meastóireacht a dhéanamh uirthi maidir leis an modh táirgthe modhnaithe nó maidir leis na saintréithe modhnaithe.

3.  Ar iarratas uaidh, cuirfidh táirgeoir nó úsáideoir einsíme bia an Coimisiún ar an eolas maidir le húsáid iarbhír na heinsíme bia. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil do na Ballstáit.

Airteagal 15

An Coiste

1.  Tabharfaidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe cúnamh don Choimisiún.

2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 16

Maoiniú Comhphobail ar bheartais chomhchuibhithe

Is é Airteagal 66(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 a bheidh mar bhunús dlí do mhaoiniú beart a eascróidh as an Rialachán seo.



CAIBIDIL V

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 17

An liosta Comhphobail d'einsímí bia a bhunú

1.  Tarraingeofar suas an liosta Comhphobail d'einsímí bia ar bhonn iarratas a dhéanfar de bhun mhír 2.

2.  Féadfaidh páirtithe leasmhara iarratais a chur isteach chun einsím bia a chur ar an liosta Comhphobail.

▼M1

The deadline for submitting such applications shall be 42 months after the date of application of the implementing measures laid down in accordance with Article 9(1) of Regulation (EC) No 1331/2008 establishing a common authorisation procedure for food additives, food enzymes and food flavourings.

▼B

3.  Bunóidh an Coimisiún Clár de na heinsímí bia uile a bheidh le breithniú lena n–áireamh ar an liosta Comhphobail agus ar tíolacadh iarratas ina leith lena gcomhlíontar na critéir bailíochta a leagfar síos i gcomhréir le hAirteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo (dá ngairfear ‘an Clár’ anseo feasta). Cuirfear an Clár ar fáil don phobal.

Cuirfidh an Coimisiún na hiarratais faoi bhráid an Údaráis d'fhonn a thuairim a fháil.

4.  Glacfaidh an Coimisiún an liosta Comhphobail i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 a luaithe a eiseoidh an tÚdarás tuairim faoi gach einsím bia a áirítear sa Chlár.

De mhaolú ar an nós imeachta sin, áfach:

(a) 

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 5(1) de Rialachán Uimh. 1331/2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bia] maidir le glacadh a thuairime ag an Údarás;

(b) 

glacfaidh an Coimisiún an liosta Comhphobail den chéad uair tar éis don Údarás a thuairim a thabhairt uaidh maidir leis na heinsímí bia uile a liostaítear sa Chlár.

5.  Más gá, glacfar aon bhearta idirthréimhseacha chun críocha an Airteagail seo a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 15(3).

Airteagal 18

Bearta idirthréimhseacha

1.  D'ainneoin Airteagal 7 agus Airteagal 17 den Rialachán seo, áireofar na heinsímí bia seo a leanas ar an liosta Comhphobail, nuair a dhréachtófar é:

(a) 

E 1103 Inbhéartáis agus E 1105 Lísisím, mar aon leis na coinníollacha a rialaíonn a n-úsáid mar a shonraítear in Iarscríbhinn I agus i gCuid C d'Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 95/2/CE iad;

(b) 

Úiréáis, béite–glúcanáis agus lísisím le húsáid i bhfíon i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 agus le rialacha cur chun feidhme an Rialacháin sin.

2.  Einsímí bia, ullmhóidí einsímí bia agus bia ina bhfuil einsímí bia a cuireadh ar an margadh nó a lipéadaíodh roimh 20 Éanair 2010 agus nach gcomhlíonann forálacha Airteagal 10 go hAirteagal 12, féadfar iad a chur ar an margadh go dtí a ndáta íosmharthanachta nó a ndáta éaga.

Airteagal 19

Leasuithe ar Threoir 83/417/CEE

I dTreoir 83/417/CEE, in Iarscríbhinn I, Roinn III(d), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na bhfleascanna:

— 
‘— 

binid a chomhlíonfaidh ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le heinsímí bia ( *1 );

— 
— 

einsímí eile téachta bainne a chomhlíonfaidh ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008.

Airteagal 20

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999

Cuirtear an mhír seo a leanas le hAirteagal 43 de Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999:

‘3.  Einsímí agus ullmhóidí einsímeacha a úsáidtear sna cleachtais agus sna próisis fíoneolaíochta atá údaraithe agus a liostaítear in Iarscríbhinn IV, comhlíonfaidh siad ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an an 16 Nollaig 2008 maidir le heinsímí bia ( *2 ).

Airteagal 21

Leasuithe ar Threoir 2000/13/CE

Leasaítear leis seo Treoir 2000/13/CE mar seo a leanas:

1) 

leasaítear Airteagal 6(4) mar seo a leanas:

(a) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a) 

ciallóidh “comhábhar” aon substaint, lena n–áirítear breiseáin agus einsímí, a úsáidtear i monarú nó in ullmhú earra bia agus atá fós ann san earra críochnaithe, más i bhfoirm athraithe féin é.’;

(b) 

i bpointe (c)(ii), cuirtear ‘breiseáin agus einsímí’ in ionad an fhocail tosaigh ‘breiseáin’;

(c) 

i bpointe (c)(iii) cuirtear ‘breiseáin nó einsímí nó blastáin’ in ionad na bhfocal ‘breiseáin nó blastáin’;

2) 

cuirtear an fhleasc seo a leanas le hAirteagal 6(6):

— 
‘— 

einsímí seachas na heinsímí dá dtagraítear i mír 4(c)(ii), saineofar iad le hainm ceann de na catagóirí comhábhar a liostaítear in Iarscríbhinn II, agus lena n–ainm sonrach ina dhiaidh sin,’.

Airteagal 22

Leasuithe ar Threoir 2001/112/CE

I dTreoir 2001/112/CE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ceathrú, an cúigiú agus an séú fleasc d'Iarscríbhinn 1, Cuid II(2):

— 
‘— 

Einsímí peicteolaíocha a chomhlíonfaidh ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le heinsímí bia ( *3 );

— 
— 

Einsímí próitéalaíocha a chomhlíonfaidh ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008;

— 
— 

Einsímí amalaíocha a chomhlíonfaidh ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008.

Airteagal 23

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 258/97

I Rialachán (CE) Uimh. 258/97 cuirtear an pointe seo a leanas le hAirteagal 2(1):

‘(d) 

einsímí bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le heinsímí bia ( *4 ).

Airteagal 24

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 4 ó dháta chur i bhfeidhm an liosta Comhphobail. Go dtí an dáta sin, leanfaidh forálacha náisiúnta maidir le heinsímí bia agus bia a tháirgtear le heinsímí bia a chur ar an margadh agus a úsáid d'fheidhm a bheith acu sna Ballstáit.

Beidh feidhm ag Airteagal 10 go hAirteagal 13 ón 20 Éanair 2010.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.



( 1 ) IO L 186, 30.6.1989, lch. 21.

( *1 ) IO L 354, 31.12.2008, lch. 7.’

( *2 ) IO L 354, 31.12.2008, lch. 7.’

( *3 ) IO L 354, 31.12.2008, lch. 7.’

( *4 ) IO L 354, 31.12.2008, lch. 7.’