17.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 288/3


Iarraidh ar Thuairim Chomhairleach ó Chúirt CSTE ó Beschwerdekommission der Finanzmarktaufsicht sa chás A Ltd v Finanzmarktaufsicht

(Cás E-2/23)

(2023/C 288/03)

An 24 Márta 2023 fuair Clárlann na Cúirte iarraidh dar dáta an 23 Márta 2023 ó Beschwerdekommission der Finanzmarktaufsicht (Bord um Achomhairc Údarás Maoirseachta na Margaí Airgeadais), arb iarraidh í ar Thuairim Chomhairleach ó Chúirt CSTE sa chás A Ltd v Finanzmarktaufsicht maidir leis na ceisteanna seo a leanas:

1.

Cén chaoi ar gá na téarmaí ‘oiriúnacht’ agus ‘clú’ a léirmhíniú chun críocha Airteagal 59(1)(a) de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II), IO L 335, 17.12.2009, lch. 1, arna hionchorprú i gComhaontú LEE le Cinneadh Uimh. 78/2011 ó Chomhchoiste LEE an 27 Samhain 2012, LGBl. 2012/384? An mbeartaítear ar an gcaoi sin tagairt a dhéanamh d’ionracas an fhaighteora bheartaithe amháin, nó tagairt a dhéanamh dá oiriúnacht ghairmiúil freisin?

2.

Sa mheasúnú ar fhóntacht airgeadais an fhaighteora bheartaithe de réir bhrí Aireagal 59(1)(c) den Treoir a luadh, an bhféadfar a chur san áireamh freisin, maidir le haon uair a thiocfaidh sé i gceist gur gá don duine sin cistí a sholáthar don ghnóthas árachais, go ndéanfar an soláthar sin a áirithiú trí ráthaíocht bhainc a chur ar fáil nó trí chistí a chur ar fáil ar chuntas iontaobhais ar féidir leis an ngnóthas árachais tarraingt air tráth ar bith?

3.

Cén chaoi ar gá na focail ‘foras réasúnta’ a léirmhíniú chun críocha Airteagal 59(2) den Treoir a luadh? Chun na críocha sin an bhfuil gá le cinnteacht maidir le neamhchomhlíonadh na gceanglas reachtúil nó an leor amhras cuí-réasúnaithe?

4.

Dearbhú arna dhéanamh ag an údarás inniúil – mar atá, sa chás seo, Údarás Maoirseachta Margaí Airgeadais Lichtinstéin – de bhun Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), IO L 331, 15.12.2010, lch. 48, arna ionchorprú i gComhaontú LEE le Cinneadh Uimh. 200/2016 ó Chomhchoiste LEE an 30 Meán Fómhair 2016, LGBl. 2016/303, go ndéanfaidh an t-údarás inniúil sin gach iarracht na treoirlínte a chomhlíonadh – mar atá, sa chás seo, na Treoirlínte Comhpháirteacha maidir le measúnú stuamachta éadálacha agus méaduithe sealúchas cáilitheach san earnáil airgeadais, JC/GL/2016/01 – an bhfuil éifeacht cheangailteach ag dearbhú dá leithéid ar chúirteanna na mBallstát ionas go bhfuil sé d’oibleagáid orthu gach iarracht a dhéanamh na treoirlínte sin a chomhlíonadh?