15.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 208/62 |
Fógra ó Údarás Faireacháin CSTE maidir le rátaí úis aisghabhála státchabhrach agus rátaí tagartha/lascaine i gcás Stáit CSTE is infheidhme ón 1 Márta 2023
(Arna fhoilsiú i gcomhréir leis na rialacha maidir le rátaí tagartha agus lascaine a leagtar amach i gCuid VII de Threoirlínte Údarás Faireacháin CSTE maidir le Státchabhair agus Airteagal 10 de Chinneadh CSTE Uimh. 195/04/COL an 14 Iúil 2004 (1))
(2023/C 208/07)
Ríomhtar bonnrátaí i gcomhréir leis an gCaibidil maidir leis an modh chun rátaí tagartha agus lascaine Threoirlínte CSTE maidir le Státchabhair a shocrú arna leasú le Cinneadh CSTE Uimh. 788/08/COL an 17 Nollaig 2008. Chun na rátaí tagartha is infheidhme a fháil, cuirfear corrlaigh iomchuí leis an mbonnráta i gcomhréir leis na Treoirlínte maidir le Státchabhair.
Cinneadh na bonnrátaí mar a leanas:
|
an Íoslainn |
Lichtinstéin |
an Iorua |
1.3.2023 – |
6,37 |
-0,12 |
3,15 |
(1) IO L 139, 25.5.2006, lch. 37 agus Forlíonadh LEE don IO Uimh. 26/2006, 25.5.2006, lch. 1.