19.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 18/6


Caingean arna tionscnamh an 7 Nollaig 2022 ag Údarás Faireacháin CSTE i gcoinne na hIorua

(Cás E-15/22)

(2023/C 18/04)

Thug Údarás Faireacháin CSTE caingean i gcoinne na hIorua os comhair Chúirt CSTE an 7 Nollaig 2022, agus ionadaíocht á déanamh don Údarás sin ag Kyrre Isaksen, Marte Brathovde agus Melpo-Menie Joséphidès, ag gníomhú dóibh mar Ghníomhairí Údarás Faireacháin CSTE, 19H Avenue des Arts, 1000 Bruxelles/Brussel, Belgique/België.

Iarrann Údarás Faireacháin CSTE ar Chúirt CSTE an méid seo a leanas a dhéanamh:

1.

A dhearbhú gur mhainnigh an Iorua, toisc nár sholáthair sí ná nár oibrigh sí seirbhísí nasctha sonraí faoin 5 Feabhra 2018, a hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 3(1) agus Airteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 29/2009 ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2009 lena leagtar síos ceanglais maidir le seirbhísí nasctha sonraí le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair (1), agus

2.

Ordú a thabhairt don Iorua costais na n-imeachtaí sin a iompar.

An cúlra dlíthiúil agus an cúlra fíorasach, mar aon le pléadálacha faoin dlí a tugadh ar aird chun tacú leis an méid sin:

Leis an iarratas seo, lorgaíonn Údarás Faireacháin CSTE (“an tÚdarás”) dearbhú nár chomhlíon an Iorua a hoibleagáidí faoi Airteagal 3(1) agus Airteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 29/2009 ón gCoimisiún (“an Rialachán”).

D’iarr an tÚdarás, i litir chuig Rialtas na hIorua dar dáta an 31 Bealtaine 2018, faisnéis maidir leis an stádas i leith seirbhísí nasctha sonraí a chur chun feidhme san Iorua. An 2 Iúil 2018, d’fhreagair Rialtas na hIorua nár chuir an soláthraí seirbhísí aerthráchta a d’ainmnigh an Iorua, Avinor Air Navigation Services (Avinor Flysikring), na seirbhísí nasctha sonraí chun feidhme go fóill mar a cheanglaítear leis an Rialachán.

Tar éis don Údarás litir fógra fhoirmiúil a eisiúint an 10 Meitheamh 2020, ní dhearna Rialtas na hIorua, ina fhreagra an 12 Deireadh Fómhair 2020, agóid i gcoinne mheasúnú an Údaráis gur mhainnigh an Iorua a hoibleagáidí faoi Airteagal 3(1) agus Airteagal 7(1) den Rialachán a chomhlíonadh.

I dtuairim réasúnaithe uaidh dar dáta an 10 Samhain 2021, chloígh sé lena mheasúnú agus chinn sé nár chomhlíon an Iorua a hoibleagáidí faoi Airteagal 3(1) agus Airteagal 7(1) den Rialachán toisc nár sholáthair sí ná nár oibrigh sí seirbhísí nasctha sonraí faoin 5 Feabhra 2018.

Sa litir uaidh dar dáta an 15 Feabhra 2022, rinne Rialtas na hIorua tagairt do dhúshláin theicniúla, costais mhíréasúnta agus ceisteanna sábháilteachta agus dúirt sé gurb iad sin an chúis nár chuir sé seirbhísí nasctha sonraí chun feidhme faoin spriocdháta a leagtar amach sa Rialachán nó i dtuairim réasúnaithe an Údaráis.

D’áitigh an tÚdarás nach bhfuil aon bhunús dlí sa Rialachán, mar a ionchorpraíodh i gComhaontú LEE, nó ar shlí eile sa Chomhaontú sin, ar dá réir a d’fhéadfadh údar cuí a bheith le neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3(1) agus Airteagal 7(1) den Rialachán sa chás seo.


(1)  IO L 13, 17.1.2009, lch. 3.