9.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 49/7


Iarraidh ar Thuairim Chomhairleach ó Chúirt CSTE ó Verwaltungsgerichtshof des Fürstentums Liechtenstein dar dáta an 26 Meán Fómhair 2022 i gcás Maximilian Maier

(Cás E-12/22)

(2023/C 49/06)

An 30 Meán Fómhair 2022 fuair Clárlann na Cúirte iarraidh dar dáta 26 Meán Fómhair 2022 a rinne Verwaltungsgerichtshof des Fürstentums Liechtenstein (Cúirt Riaracháin Phrionsacht Lichtinstéin), ar iarraidh í ar Thuairim Chomhairleach a fháil ó Chúirt CSTE i gcás Maximilian Maier maidir leis an gceist seo a leanas:

Maidir le foráil náisiúnta, ar dá réir a bhfágtar, i ndáil le dlíodóir a chleachtann a ghairm de ghnáth i mBallstát seachas an ceann inar bhain sé amach a cháilíocht, nach n-údaraítear an dlíodóir sin le bheith ceaptha ina dhlíodóir saorchúnaimh, ina abhcóide cosanta saorchúnaimh nó ina chosantóir poiblí, an bhfuil an fhoráil sin comhoiriúnach le Treoir 98/5/CE (1)?


(1)  IO L 77, 14.3.1998, lch. 1..