14.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 271/10


Caingean arna tionscnamh an 3 Meitheamh 2022 ag Údarás Faireacháin CSTE i gcoinne na hÍoslainne

(Cás E-6/22)

(2022/C 271/09)

Thug Údarás Faireacháin CSTE caingean i gcoinne na hÍoslainne os comhair Chúirt CSTE an 3 Meitheamh 2022, agus ionadaíocht á déanamh don Údarás sin ag Kyrre Isaksen, Ingibjörg-Ólöf Vilhjálmsdóttir, agus Melpo-Menie Joséphidès, ag gníomhú dóibh mar Ghníomhairí Údarás Faireacháin CSTE, Avenue de Arts 19H, B-1000 an Bhruiséil, an Bheilg.

Iarrann Údarás Faireacháin CSTE ar Chúirt CSTE an méid seo a leanas a dhéanamh:

1.

A dhearbhú, maidir leis an nGníomh dá dtagraítear i bpointe 19bi d’Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/778 ón gCoimisiún an 2 Feabhra 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na himthosca agus na coinníollacha faoina bhféadfar íocaíocht na ranníocaíochtaí urghnácha ex post a chur siar go páirteach nó go hiomlán, agus maidir leis na critéir chun gníomhaíochtaí, seirbhísí agus oibríochtaí a chinneadh i dtaca le feidhmeanna criticiúla, agus chun na línte gnó agus seirbhísí gaolmhara i ndáil le croílínte gnó a chinneadh), arna oiriúnú le Prótacal 1 a ghabhann le Comhaontú LEE, gur mhainnigh an Íoslainn a cuid oibleagáidí faoi Airteagal 7 de Chomhaontú LEE a chomhlíonadh toisc nár éirigh léí cuid dá dlíchóras inmheánach a dhéanamh den Ghníomh sin;

2.

Ordú a thabhairt don Íoslainn costais na n-imeachtaí sin a iompar.

An cúlra dlíthiúil agus an cúlra fíorasach, mar aon le pléadálacha faoin dlí a tugadh ar aird chun tacú leis an méid sin:

Leis an iarratas seo, lorgaíonn Údarás Faireacháin CSTE dearbhú, maidir leis an nGníomh dá dtagraítear i bpointe 19bi d’Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“Comhaontú LEE”), eadhon Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/778 ón gCoimisiún an 2 Feabhra 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na himthosca agus na coinníollacha faoina bhféadfar íocaíocht na ranníocaíochtaí urghnácha ex post a chur siar go páirteach nó go hiomlán, agus maidir leis na critéir chun gníomhaíochtaí, seirbhísí agus oibríochtaí a chinneadh i dtaca le feidhmeanna criticiúla, agus chun na línte gnó agus seirbhísí gaolmhara i ndáil le croílínte gnó a chinneadh (“an Gníomh”), arna oiriúnú le Prótacal 1 a ghabhann le Comhaontú LEE, gur mhainnigh an Íoslainn na bearta is gá a ghlacadh chun cuid dá dlíchóras inmheánach a dhéanamh den ghníomh sin.

Maíonn Údarás Faireacháin CSTE gur mhainnigh an Íoslainn a hoibleagáidí faoi Airteagal 7 de Chomhaontú LEE a chomhlíonadh trí gan cuid dá dlíchóras inmheánach a dhéanamh den Gníomh laistigh den am a fhorodaítear.