|
8.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 345/5 |
Iarratas ar Thuairim Chomhairleach ó Chúirt CSTE ó Oslo tingrett dar dáta an 14 Márta 2022 i gcás Stendi AS & Norlandia Care Norge AS v Oslo kommune v/ordføreren
(Cás E-4/22)
(2022/C 345/04)
Cuireadh iarratas faoi bhráid Chúirt CSTE, dar dáta an 14 Márta 2022, ó Oslo tingrett (Cúirt Dúiche Osló), a fuarthas i gClárlann na Cúirte an 30 Márta 2022, ar Thuairim Chomhairleach i gcás Stendi AS & Norlandia Care Norge AS v Oslo kommune v/ordføreren, maidir leis na saincheisteanna seo a leanas:
Faoi cé acu a thagann an soláthar laistigh de choincheap na seirbhíse nó nó lasmuigh de:
|
1. |
An bhfuil conradh ar mhaithe le leas airgid lena ndéantar foráil maidir le soláthar áiteanna fadtéarmacha i dtithe altranais agus déantar an soláthar sin faoi na coinníollacha a thuairiscítear [san iarratas], a mheasfar gur chonradh é a bhaineann le soláthar “seirbhísí” faoi phointe (9) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2014/24/AE? |
Maidir leis an eisceacht in Airteagal 32 LEE maidir le feidhmiú údaráis oifigiúil:
|
1. |
An bhfuil tionchar ag an méid seo a leanas ar chumas údaráis chonarthaigh phoiblí bheith ag brath ar an eisceacht in Airteagal 32 de Chomhaontú LEE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 39:
|
|
2. |
Conas a fhorléireofar an fhoclaíocht “fiú go hócáideach” in Airteagal 32 de Chomhaontú LEE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 39? |
Maidir le forchoimeádas eagraíochtaí neamhbhrabúsacha:
|
1. |
An gcuirtear cosc le hAirteagal 31 agus le hAirteagal 36 de Chomhaontú LEE agus Airteagail 74 – 77 de Threoir 2014/24/AE ar reachtaíocht náisiúnta lena gceadaítear d’údaráis chonarthacha phoiblí an ceart a fhorchoimeád chun páirt a ghlacadh i nósanna imeachta tairisceana a bhaineann le seirbhísí sláinte agus sóisialta do “eagraíochtaí neamhbhrabúsacha” ar na téarmaí a leagtar síos san fhoráil reachtaíochta náisiúnta lena mbaineann? |