Breithiúnas ón gCúirt
an 17 Samhain 2022
Cás E-8/22
Údarás Faireacháin CSTE v an Íoslainn
(Mainneachtain Stáit de chuid CSTE a oibleagáidí a chomhlíonadh - Mainneachtain maidir le cur chun feidhme - An creat um cheanglais chaipitil do bhainc)
(2023/C 87/14)
I gcás E-8/22, Údarás Faireacháin CSTE v an Íoslainn – IARRATAS ar dhearbhú, maidir le Gníomhartha áirithe a bhaineann leis an gcreat um cheanglais chaipitil do bhainc, arna n-ionchorprú in Iarscríbhinn IX (Seirbhísí Airgeadais) den Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch trí Chinntí Uimh. 80/2019, 81/2019, 82/2019, 83/2019 agus 17/2020 ó Chomhchoiste LEE, gur mhainnigh an Íoslainn na bearta is gá a ghlacadh chun cuid dá dlíchóras inmheánach a dhéanamh de na gníomhartha sin mar a cheanglaítear le hAirteagal 7 den Chomhaontú sin, thug an Chúirt, agus í comhdhéanta de Páll Hreinsson, Uachtarán, Per Christiansen agus Bernd Hammermann (Breitheamh-Rapóirtéir), na Breithiúna, thug sí a breithiúnas an 17 Samhain 2022, arb é seo a leanas an chuid oibríochtúil de:
Déanann an Chúirt, leis seo:
|
1.
|
A dhearbhú gur mhainnigh an Íoslainn a hoibleagáidí faoi Airteagal 7 LEE a chomhlíonadh trí gan cuid dá dlíchóras inmheánach a dhéanamh de na Gníomhartha seo a leanas, arna hoiriúnú le Prótacal 1 a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
a.
|
An Gníomh dá dtagraítear i bpointe 14e d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE (Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/98 ón gCoimisiún an 16 Deireadh Fómhair 2015 lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála chun na coinníollacha ginearálta maidir le feidhmiú choláistí na maoirseoirí a shonrú (1));
|
|
b.
|
An Gníomh dá dtagraítear i bpointe 14b d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 710/2014 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2014 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i ndáil leis na coinníollacha a bhaineann le próiseas na cinnteoireachta comhpháirtí maidir le ceanglais stuamachta atá sainiúil d’institiúid a chur i bhfeidhm de réir Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2));
|
|
c.
|
An Gníomh dá dtagraítear i bpointe 14f d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/99 ón gCoimisiún an 16 Deireadh Fómhair 2015 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i ndáil le feidhmiú oibríochtúil choláistí na maoirseoirí a chinneadh de réir Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3));
|
|
d.
|
An Gníomh dá dtagraítear i bpointe 14ae d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2016/100 ón gCoimisiún an 16 Deireadh Fómhair 2015 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme lena sonraítear próiseas na cinnteoireachta comhpháirtí maidir le ceanglais stuamachta atá sainiúil d’institiúid a chur i bhfeidhm de bhun Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4));
|
|
e.
|
An Gníomh dá dtagraítear ag pointe 14g d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE (Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 527/2014 ón gCoimisiún an 12 Márta 2014 lena bhforlíontar Treoir (AE) Uimh. 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na haicmí ionstraimí a léiríonn go leordhóthanach an cháilíocht chreidmheasa a bhaineann le hinstitiúid mar ghnóthas leantach, ar ionstraimí iad is iomchuí a úsáid chun críoch luacha saothair inathraithigh (5));
|
|
f.
|
An Gníomh dá dtagraítear ag pointe 14i d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE (Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 604/2014 ón gCoimisiún an 4 Márta 2014 lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála i ndáil le critéir cháilíochtúla agus chainníochtúla iomchuí chun catagóirí ball foirne a shainaithint a mbíonn tionchar ábhartha ag a ngníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca institiúide (6));
|
|
g.
|
An Gníomh dá dtagraítear i bpointe 14k d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE (Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1152/2014 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2014 lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála i ndáil le suíomh geografach na neamhchosaintí creidmheasa ábhartha a shainaithint chun rátaí maolán caipitil frith-thimthriallach institiúidsonracha a ríomh (7));
|
|
h.
|
An Gníomh dá dtagraítear i bpointí 14al agus 14i d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE (Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/861 ón gCoimisiún an 18 Feabhra 2016 lena gceartaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 528/2014 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála i ndáil le riosca neamh-deilte na roghanna sa chur chuige maidir le riosca margaidh caighdeánaithe agus lena gceartaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 604/2014 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála i ndáil le critéir cháilíochtúla agus chainníochtúla iomchuí chun catagóirí foirne a shainaithint a bhfuil tionchar ábhartha ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca institiúide (8));
|
|
i.
|
An Gníomh dá dtagraítear i bpointe 14n d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE (Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/180 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2016 lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála i ndáil le caighdeáin le haghaidh punanna tagarmharcála agus maidir le nósanna imeachta i ndáil le measúnaithe a roinnt (9));
|
|
j.
|
An Gníomh dá dtagraítear i bpointe 14m d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2070 ón gCoimisiún an 14 Meán Fómhair 2016 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le teimpléid, le sainmhínithe agus le réitigh TF atá le húsáid ag institiúidí agus iad ag tuairisciú don Údarás Baincéireachta Eorpach agus do na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 78(2) de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10));
|
|
k.
|
An Gníomh dá dtagraítear i bpointe 14o d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE (Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 524/2014 ón gCoimisiún an 12 Márta 2014 lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an fhaisnéis a sholáthraíonn údaráis inniúla ó Bhallstáit baile agus ó Bhallstáit óstacha dá chéile (11));
|
|
l.
|
An Gníomh dá dtagraítear i bpointe 14p d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 620/2014 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2014 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i ndáil le malartú faisnéise idir údaráis inniúla ó Bhallstáit baile agus ó Bhallstáit óstacha, de réir Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12));
|
|
m.
|
An Gníomh dá dtagraítear i bpointe 14m d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1486 ón gCoimisiún an 10 Iúil 2017 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2070 a mhéid a bhaineann le punanna tagarmharcála agus treoracha tuairiscithe (13));
|
|
n.
|
An Gníomh dá dtagraítear ag pointe 14m d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/439 ón gCoimisiún an 15 Feabhra 2019 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2070 a mhéid a bhaineann le punanna tagarmharcála, teimpléid tuairiscithe agus treoracha tuairiscithe atá le cur i bhfeidhm san Aontas maidir leis an tuairisciú dá dtagraítear in Airteagal 78(2) de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14)).
|
|
|
2.
|
Ordú a thabhairt don Íoslainn costais na n-imeachtaí sin a iompar.
|
(1) IO L 21, 28.1.2016, lch. 2.
(2) IO L 188, 27.6.2014, lch. 19.
(3) IO L 21, 28.1.2016, lch. 21.
(4) IO L 21, 28.1.2016, lch. 45.
(5) IO L 148, 20.5.2014, lch. 21.
(6) IO L 167, 6.6.2014, lch. 30.
(7) IO L 309, 30.10.2014, lch. 5.
(8) IO L 144, 1.6.2016, lch. 21.
(9) IO L 29, 3.2.2017, lch. 1.
(10) IO L 328, 2.12.2016, lch. 1.
(11) IO L 148, 20.5.2014, lch. 6.
(12) IO L 172, 12.6.2014, lch. 1.
(13) IO L 225, 31.8.2017, lch. 1.
(14) IO L 90, 29.3.2019, lch. 1.