|
9.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 87/39 |
BREITHIÚNAS ón gCÚIRT
an 17 Samhain 2022
Cás E-6/22
Údarás Faireacháin CSTE v an Íoslainn
(Mainneachtain Stáit de chuid CSTE a oibleagáidí a chomhlíonadh - Mainneachtain maidir le cur chun feidhme - Rialachán (AE) 2016/778)
(2023/C 87/12)
I gCás E-6/22, Údarás Faireacháin CSTE v An Íoslainn – IARRATAS ar dhearbhú nár chomhlíon an Íoslainn a cuid oibleagáidí faoi Airteagal 7 den Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch trí mhainneachtain na bearta a ghlacadh, maidir leis an nGníomh dá dtagraítear ag pointe 19bi d’Iarscríbhinn IX (Seirbhísí Airgeadais) a ghabhann leis an gComhaontú sin (Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/778 ón gCoimisiún an 2 Feabhra 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na himthosca agus na coinníollacha faoina bhféadfaí íocaíocht ranníocaíochtaí urghnácha ex post a chur siar go páirteach nó go hiomlán, agus i dtaca leis na critéir chun na gníomhaíochtaí, na seirbhísí agus na hoibríochtaí a chinneadh maidir le feidhmeanna criticiúla, agus chun na línte gnó agus na seirbhísí gaolmhara a chinneadh maidir le croílínte gnó (1)), arna oiriúnú le Prótacal 1 a ghabhann le Comhaontú LEE, gur mhainnigh an Íoslainn na bearta is gá a ghlacadh chun cuid dá dlíchóras inmheánach a dhéanamh den ghníomh sin, thug an Chúirt, agus í comhdhéanta de Páll Hreinsson, Uachtarán, Per Christiansen agus Bernd Hammermann (Breitheamh-Rapóirtéir), na Breithiúna, thug sí a breithiúnas an 17 Samhain 2022, arb é seo a leanas an chuid oibríochtúil de:
Déanann an Chúirt, leis seo:
|
1. |
A dhearbhú, maidir leis an nGníomh dá dtagraítear i bpointe 19bi d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE (Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/778 ón gCoimisiún an 2 Feabhra 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na himthosca agus na coinníollacha faoina bhféadfar íocaíocht na ranníocaíochtaí urghnácha ex post a chur siar go páirteach nó go hiomlán, agus maidir leis na critéir chun gníomhaíochtaí, seirbhísí agus oibríochtaí a chinneadh i dtaca le feidhmeanna criticiúla, agus chun na línte gnó agus seirbhísí gaolmhara i ndáil le croílínte gnó a chinneadh), arna oiriúnú le Prótacal 1 a ghabhann le Comhaontú LEE, gur mhainnigh an Íoslainn a cuid oibleagáidí faoi Airteagal 7 de Chomhaontú LEE a chomhlíonadh toisc nár éirigh léi, laistigh den am a fhorodaítear, na bearta is ga a ghlacadh chun cuid dá dlíchóras inmheánach a dhéanamh den Ghníomh sin. |
|
2. |
Ordú a thabhairt don Íoslainn costais na n-imeachtaí sin a iompar. |