30.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 173/121


CINNEADH ÚDARÁS FAIREACHÁIN CSTE Uimh. 293/21/COL

an 16 Nollaig 2021

lena leasaítear na rialacha nós imeachta agus substainteacha i réimse na Státchabhrach trí Threoirlínte athbhreithnithe a thabhairt isteach maidir le hárachas creidmheasa onnmhairiúcháin gearrthéarmach [2022/1048]

TÁ ÚDARÁS FAIREACHÁIN CSTE (“ESA”),

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“Comhaontú LEE”), go háirithe Airteagail 61 go 63 agus Prótacal 26,

Ag féachaint don Chomhaontú idir na Stáit EFTA maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú (“an Comhaontú Faireacháin agus Cúirte”), go háirithe Airteagal 24 agus Airteagal 5(2)(b),

DE BHARR AN MHÉID SEO A LEANAS:

Faoi Airteagal 24 den Chomhaontú Faireacháin agus Cúirte, tá ESA le héifeacht a thabhairt d’fhorálacha Chomhaontú LEE maidir le Státchabhair.

Faoi Airteagal 5(2)(b) den Chomhaontú Faireacháin agus Cúirte, tá ESA le fógraí nó treoirlínte a eisiúint maidir le hábhair a ndéileáiltear leo i gComhaontú LEE, má dhéantar foráil shainráite maidir leis sin sa Chomhaontú sin nó sa Chomhaontú Faireacháin agus Cúirte nó má mheasann ESA gur gá sin.

An 6 Nollaig 2021, ghlac an Coimisiún Eorpach Teachtaireacht maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le hárachas creidmheasa onnmhairiúcháin gearrthéarmach (“na Treoirlínte”) (1).

Tá na Treoirlínte ábhartha maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“LEE”) freisin.

Tá cur i bhfeidhm aonfhoirmeach rialacha LEE maidir le Státchabhair le háirithiú ar fud LEE i gcomhréir le cuspóir na haonchineálachta a bhunaítear in Airteagal 1 de Chomhaontú LEE.

De réir Mhír II den Roinn Ghinearálta d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Comhaontú LEE, tá ESA, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún Eorpach, le gníomhartha a ghlacadh, ar gníomhartha iad a chomhfhreagraíonn do na gníomhartha sin arna nglacadh ag an gCoimisiún Eorpach.

Leis na Treoirlínte féadfar tagairt a dhéanamh d’ionstraimí beartais áirithe de chuid an Aontais agus do ghníomhartha dlí áirithe de chuid an Aontais nár ionchorpraíodh i gComhaontú LEE. D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach forálacha Státchabhrach mar aon le dálaí iomaíochta comhionanna a áirithiú ar fud LEE, déanfaidh ESA, go ginearálta, na pointí tagartha céanna a chur i bhfeidhm leis an gCoimisiún Eorpach agus measúnú á dhéanamh ar a chomhoiriúnaí le feidhmiú Chomhaontú LEE atá cabhair.

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dó dul i gcomhairle le Stáit CSTE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(1)   Leasaítear na rialacha substainteacha i réimse na Státchabhrach trí Threoirlínte athbhreithnithe a thabhairt isteach le haghaidh árachas creidmheasa onnmhairiúcháin gearrthéarmach. Tá na Treoirlínte i gceangal leis an gCinneadh seo agus is cuid dhílis de iad.

(2)   Cuirtear na Treoirlínte in ionad na dtreoirlínte atá ann cheana maidir le hárachas creidmheasa onnmhairiúcháin gearrthéarmach (2) le héifeacht ón 1 Eanáir 2022.

Airteagal 2

Cuireann ESA na Treoirlínte i bhfeidhm leis na hoiriúnuithe seo a leanas i gcás inarb infheidhme, lena n-áirítear an méid seo a leanas, ach gan bheith teoranta dó sin:

(a)

más ann do thagairt do “Ballstát” nó “Ballstáit”, léann ESA í mar thagairt do “Stát CSTE” nó “Stáit CSTE” (3), nó i gcás inarb iomchuí “Stát LEE” nó “Stáit LEE”;

(b)

más ann do thagairt don “Coimisiún Eorpach”, léann ESA í mar thagairt do “Údarás Faireacháin CSTE”;

(c)

más ann do thagairt do “an Conradh” nó “CFAE”, léann ESA í mar thagairt do “Comhaontú LEE”;

(d)

más ann do thagairt d’Airteagal 49 CFAE nó ranna den Airteagal sin, léann ESA í mar thagairt d’Airteagal 31 de Chomhaontú LEE agus na ranna comhfhreagracha den Airteagal sin;

(e)

más ann do thagairt d’Airteagal 63 CFAE nó ranna den Airteagal sin, léann ESA í mar thagairt d’Airteagal 40 de Chomhaontú LEE agus na ranna comhfhreagracha den Airteagal sin;

(f)

más ann do thagairt d’Airteagal 107 CFAE nó ranna den Airteagal sin, léann ESA í mar thagairt d’Airteagal 61 de Chomhaontú LEE agus na ranna comhfhreagracha den Airteagal sin;

(g)

más ann do thagairt d’Airteagal 108 CFAE nó ranna den Airteagal sin, léann ESA í mar thagairt d’Airteagal 1 de Chuid I de Phrótacal 3 den Chomhaontú Faireacháin agus Cúirte agus na ranna comhfhreagracha den Airteagal sin;

(h)

más ann do thagairt do Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle (4), léann ESA í mar thagairt do Chuid II de Phrótacal 3 den Chomhaontú Faireacháin agus Cúirte;

(i)

más ann do thagairt do Rialachán (CE) Uimh. 794/2004 (5), léann ESA í mar thagairt do Chinneadh 195/04/COL ó Údarás Faireacháin CSTE;

(j)

más ann do thagairt don fhoclaíocht “comhoiriúnach nó neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach”, léann ESA í mar “comhoiriúnach nó neamh-chomhoiriúnach le feidhmiú Chomhaontú LEE”;

(k)

más ann do thagairt don fhoclaíocht “laistigh (nó lasmuigh) den Aontas”, léann ESA í mar “laistigh (nó lasmuigh) de LEE”;

(l)

más ann do thagairt do “trádáil laistigh den Aontas”, léann ESA í mar thagairt do “trádáil laistigh de LEE”;

(m)

má leagtar amach leis na Treoirlínte go gcuirfear i bhfeidhm iad maidir le “gach earnáil de ghníomhaíocht eacnamaíoch”, cuireann ESA i bhfeidhm iad maidir le “gach earnáil de ghníomhaíocht eacnamaíoch nó cuid d’earnálacha de ghníomhaíocht eacnamaíoch a thagann faoi raon feidhme Chomhaontú LEE”;

(n)

más ann do thagairt do Theachtaireachtaí, Fógraí nó Treoirlínte ón gCoimisiún, léann ESA í mar thagairt do Threoirlínte ESA comhfhreagracha.

Airteagal 3

Cuireann ESA i bhfeidhm an liosta de thíortha riosca indíolta san Iarscríbhinn a ghabhann leis na Treoirlínte agus Lichtinstéin curtha leis.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Nollaig 2021.

Thar ceann Údarás Faireacháin CSTE

Bente ANGELL-HANSEN

Uachtarán

Comhalta Coláiste Freagrach

Högni KRISTJÁNSSON

Comhalta Coláiste

Stefan BARRIGA

Comhalta Coláiste

Melpo-Menie JOSÉPHIDÈS

Ag comhshíniú mar Stiúrthóir,

Gnóthaí Dlíthiúla agus Feidhmiúcháin


(1)  (IO C 497, 10.12.2021, lch. 5)

(2)  IO L 343, 19.12.2013, lch. 54, agus Forlíonadh LEE Uimh. 71, 19.12.2013, lch. 1, arna n-athghlacadh le Cinneadh Uimh. 4/19/COL ó Údarás Faireacháin CSTE an 6 Feabhra 2019 lena leasaítear, den cheathrú huair agus céad, na rialacha nós imeachta agus substainteacha i réimse na státchabhrach [2019/1008], IO L 163, 20.6.2019, lch. 110, agus Forlíonadh LEE Uimh. 48, 20.6.2019, lch. 1, arna leasú le Cinneadh Uimh. 30/20/COL an 1 Aibreán 2020 lena leasaítear, den séú huair aguss céad, na rialacha nós imeachta agus substainteacha i réimse na státchabhrach tríd an Iarscríbhinn a ghabhann leis na Treoirlínte maidir le hárachas creidmheasa onnmhairiúcháin gearrthéarmach a ionadú [2020/982] (IO L 220, 9.7.2020, lch. 8) agus Forlíonadh LEE Uimh. 46, 9.7.2020, lch. 1, Cinneadh Uimh. 90/20/COL an 15 Iúil 2020 lena leasaítear, den seachtú huair agus céad, na rialacha nós imeachta agus substainteacha i réimse na Státchabhrach, trí threoirlínte áirithe maidir le Státchabhair a leasú agus a fhadú [2020/1576] (IO L 359, 29.10.2020, lch. 16), agus Forlíonadh LEE Uimh. 68, 29.10.2020, lch. 4, agus Cinneadh Uimh. 12/21/COL an 24 Feabhra 2021 lena n-ionadaítear an Iarscríbhinn a ghabhann leis na Treoirlínte maidir le hárachas creidmheasa onnmhairiúcháin gearrthéarmach [2021/1238] (IO L 271, 29.7.2021, lch. 1), agus Forlíonadh LEE Uimh. 50, 29.7.2021, lch. 1.

(3)  Le “Stáit CSTE” tagraítear don Íoslainn, do Lichtinstéin agus don Iorua.

(4)  Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO L 248, 24.9.2015, lch. 9).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 794/2004 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2004 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO L 140, 30.4.2004, lch. 1).


Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le hárachas creidmheasa onnmhairiúcháin gearrthéarmach

1.   Réamhrá

1.

D’fhéadfadh fóirdheontais onnmhairiúcháin difear tromchúiseach a dhéanamh d’iomaíocht ar an margadh idir soláthróirí iomaitheoirí féideartha earraí agus seirbhísí. Sin é an chúis a cháineann an Coimisiún, agus é mar chaomhnóir iomaíochta faoin gConradh, cabhair le haghaidh onnmhairiúcháin i gcomhair na trádála laistigh den Aontas agus le haghaidh onnmhairí lasmuigh den Aontas. Is é is aidhm don Teachtaireacht seo measúnú an Choimisiúin ar an tacaíocht a thugann Ballstát d’árachas creidmheasa onnmhairiúcháin faoi rialacha Státchabhrach an Aontais a shoiléiriú.

2.

D’úsáid an Coimisiún a chumhacht chun treoraíocht a eisiúint maidir le Státchabhair sa réimse a bhaineann le hárachas creidmheasa onnmhairiúcháin gearrthéarmach.Bhí sé d’aidhm leis aghaidh a thabhairt ar shaobhadh iarbhír agus féideartha ar iomaíocht sa mhargadh inmheánach, ní hamháin i measc onnmhaireoirí i mBallstáit éagsúla (i dtrádáil laistigh agus lasmuigh den Aontas), ach i measc árachóirí creidmheasa onnmhairiúcháin a oibríonn san Aontas freisin. In 1997, leag an Coimisiún prionsabail amach le haghaidh idirghabháil ón Stát ina Theachtaireacht chuig na Ballstáit de bhun Airteagal 93(1) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh ag cur Airteagail 92 agus 93 den Chonradh i bhfeidhm ar árachas creidmheasa onnmhairiúcháin gearrthéarmach (1) (“Teachtaireacht 1997”). Bhí prionsabail Theachtaireacht 1997 le cur i bhfeidhm ar feadh tréimhse 5 bliana ón 1 Eanáir 1998. Rinneadh Teachtaireacht 1997 a oiriúnú ina dhiaidh sin agus cuireadh lena tréimhse chur i bhfeidhm in 2001 (2), 2004 (3), 2005 (4) agus in 2010 (5). Bhí feidhm ag a prionsabail go dtí an 31 Nollaig 2012.

3.

Moladh mar chuid den taithí a fuarthas ó phrionsabail Theachtaireacht 1997 a chur i bhfeidhm, go háirithe le linn na géarchéime airgeadais idir 2009 agus 2011, gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar bheartas an Choimisiúin sa réimse sin. Dá bhrí sin, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht nua chuig na Ballstáit maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le hárachas creidmheasa onnmhairiúcháin gearrthéarmach (6) (“Teachtaireacht 2012”). Bhí prionsabail Theachtaireacht 2012, i bprionsabal, le cur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 31 Nollaig 2018 (7). Rinneadh an Iarscríbhinn a ghabhann le Teachtaireacht 2012 a oiriúnú roinnt uaireanta ina dhiaidh sin (8) agus cuireadh síneadh le tréimhse chur i bhfeidhm na Teachtaireachta in 2018 (9)agus in 2020 (10). Tá feidhm aici go dtí an 31 Nollaig 2021 anois.

4.

In 2019, sheol an Coimisiún meastóireacht ar Theachtaireacht 2012 mar chuid den tSeiceáil Oiriúnachta ar an bpacáiste um nuachóiriú Státchabhrach, treoirlínte iarnróid agus árachas creidmheasa onnmhairiúcháin gearrthéarmach (11). Léiríodh i dtorthaí na meastóireachta go n-oibríonn na rialacha go maith, i bprionsabal, ach go dteastaíonn roinnt feabhsuithe beaga uathu chun forbairtí sa mhargadh a léiriú. Dá bhrí sin, níl sa Teachtaireacht seo ach roinnt leasuithe teicniúla ag coinneáil na bprionsabal a leagtar amach i dTeachtaireacht 2012 ag an am céanna.

5.

Cuideoidh na rialacha a leagtar amach sa Teachtaireacht seo chun a áirithiú nach saobhann Státchabhair iomaíocht idir árachóirí creidmheasa onnmhairiúcháin príobháideacha agus poiblí ná iad siúd ag a bhfuil tacaíocht phoiblí. Cuideoidh na rialacha sin le cothrom na Féinne a chruthú i measc onnmhaireoirí.

6.

Sa Teachtaireacht seo tugtar treoraíocht níos mionsonraithe do Bhallstáit maidir leis na prionsabail ar a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún a léirmhíniú ar Airteagail 107 agus 108 den Chonradh a bhunú agus a gcur i bhfeidhm ar árachas creidmheasa onnmhairiúcháin gearrthéarmach. Ba cheart di beartas an Choimisiúin sa réimse sin a dhéanamh chomh trédhearcach agus is féidir agus intuarthacht agus cóir chomhionann a áirithiú. Chuige sin, leagtar amach inti sraith coinníollacha nach mór a chomhlíonadh nuair is mian le hárachóirí an Stáit dul isteach sa mhargadh árachais chreidmheasa onnmhairiúcháin ghearrthéarmaigh le haghaidh rioscaí indíolta.

7.

Tá rioscaí atá neamh-indíolta i bprionsabal lasmuigh de raon feidhme na Teachtaireachta seo.

8.

Tugtar tuairisc i Roinn 2 ar raon feidhme na Teachtaireachta seo agus leagtar amach na sainmhínithe a úsáidtear inti. Pléitear i Roinn 3 le hinfheictheacht Airteagal 107(1) den Chonradh agus an toirmeasc ginearálta atá ar Státchabhair le haghaidh rioscaí indíolta árachais chreidmheasa onnmhairiúcháin. Ar deireadh, déantar foráil i Roinn 4 maidir le roinnt eisceachtaí ó raon feidhme na rioscaí indíolta agus sonraítear inti na coinníollacha faoina bhféadfaidh tacaíocht Stáit le haghaidh árachas riosca atá neamh-indíolta go sealadach a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach.

2.   Raon feidhme na teachtaireachta agus na sainmhínithe

2.1.   Raon feidhme

9.

Ní chuirfidh an Coimisiún na prionsabail a leagtar amach sa Teachtaireacht seo i bhfeidhm ach ar árachas creidmheasa onnmhairiúcháin amháin agus tréimhse riosca níos lú ná 2 bhliain ag gabháil leis. Eisiatar gach ionstraim airgeadais onnmhairiúcháin ó raon feidhme na Teachtaireachta seo.

2.2.   Sainmhínithe

10.

Chun críocha na Teachtaireachta seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “árachas creidmheasa onnmhairiúcháin” táirge árachais lena soláthraíonn an t-árachóir árachas in aghaidh riosca tráchtála nó polaitiúil, nó an dá cheann, a bhaineann le hoibleagáidí íocaíochta in idirbheart onnmhairiúcháin;

(2)

ciallaíonn “árachóir creidmheasa príobháideach” cuideachta nó eagraíocht seachas árachóir Stáit a sholáthraíonn árachas creidmheasa onnmhairiúcháin;

(3)

ciallaíonn “árachóir Stáit” cuideachta nó eagraíocht eile a sholáthraíonn árachas creidmheasa onnmhairiúcháin le tacaíocht ó Bhallstát, nó thar ceann Ballstáit, nó Ballstát a sholáthraíonn árachas creidmheasa onnmhairiúcháin;

(4)

ciallaíonn “rioscaí indíolta” rioscaí tráchtála nó polaitiúla, nó an dá cheann, a bhfuil uastréimhse riosca níos lú ná 2 bhliain acu, maidir le ceannaitheoirí poiblí agus neamhphoiblí sna tíortha a liostaítear san Iarscríbhinn; meastar gach riosca eile a bheith neamh-indíolta chun críocha na Teachtaireachta seo;

(5)

áirítear le “rioscaí tráchtála” na rioscaí a leanas go háirithe:

(a)

séanadh treallach conartha ag ceannaitheoir, is é sin, aon chinneadh treallach a dhéanann ceannaitheoir neamhphoiblí chun cur isteach ar an gconradh nó chun an conradh a fhoirceannadh gan cúis dhlisteanach;

(b)

diúltú treallach ag ceannaitheoir neamhphoiblí glacadh leis na hearraí a chumhdaítear leis an gconradh gan cúis dlisteanach;

(c)

dócmhainneacht ceannaitheora neamhphoiblí agus a ráthóra;

(d)

mainneachtain fhadtréimhseach, is é sin, neamhíocaíocht fiachais de thoradh an chonartha ag ceannaitheoir neamhphoiblí agus ag a ráthóir;

(6)

áitítear le “rioscaí polaitiúla” na rioscaí a leanas go háirithe:

(a)

an riosca go gcuireann ceannaitheoir poiblí nó tír cosc ar thabhairt i gcrích idirbhirt nó nach n-íocann siad in am;

(b)

riosca a ghabhann thar raon feidhme ceannaitheora aonair nó atá lasmuigh de fhreagracht an cheannaitheora aonair;

(c)

an riosca go mainníonn tír na hairgid arna n-íoc ag ceannaitheoirí atá ina gcónaí sa tír sin a aistriú chuig tír na ndaoine atá faoi árachas;

(d)

an riosca go dtarlódh cás force majeure lasmuigh de thír an árachóra, a bhféadfadh imeachtaí cogaidh a bheith i gceist leis, a mhéid nach bhfuil a éifeachtaí faoi árachas seachas sin;

(7)

ciallaíonn “tréimhse riosca” an tréimhse mhonaraíochta móide an tréimhse chreidmheasa;

(8)

ciallaíonn “tréimhse mhonaraíochta” an tréimhse idir an dáta a fhaightear ordú agus an dáta ar a seachadtar na hearraí nó na seirbhísí;

(9)

ciallaíonn “tréimhse chreidmheasa” an tréimhse ama a thugtar don cheannaitheoir chun íoc as na hearraí agus seirbhísí seachadta faoi idirbheart creidmheasa onnmhairiúcháin;

(10)

ciallaíonn “cumhdach aonriosca” cumhdach le haghaidh na ndíolachán uile a dhéantar le ceannaitheoir amháin nó le haghaidh conradh amháin ag a bhfuil ceannaitheoir amháin;

(11)

ciallaíonn “athárachas” árachas a cheannaíonn árachóir ó árachóir eile chun riosca a bhainistiú trína riosca féin a ísliú;

(12)

ciallaíonn “comhárachas” an céatadán de gach caillteanas faoi árachas nach bhfuil slánaithe ag an árachóir ach a n-íocfaidh árachóir eile as;

(13)

ciallaíonn “cuóta-scair” athárachas faoina n-éilítear ar an árachóir céatadán áirithe de gach riosca laistigh de chatagóir shainithe gnó arna scríobh ag an árachóir a aistriú, agus faigheann an t-athárachóir an céatadán sin;

(14)

ciallaíonn “cumhdach breisithe” cumhdach breise thar theorainn chreidmheasa arna shuí ag árachóir eile;

(15)

ciallaíonn “beartas láimhdeachais iomlán” beartas árachais chreidmheasa seachas cumhdach aonriosca; is é sin, beartas árachais chreidmheasa a chumhdaíonn díolacháin chreidmheasa uile, nó an chuid is mó díobh, den duine a cheannaíonn an t-árachas chomh maith leis na suimeanna infhála íocaíochtaí ó dhíolacháin le ceannaitheoirí iomadúla.

3.   Infheidhmeacht Airteagal 107(1) den Chonradh

3.1.   Prionsabail ghinearálta

11.

De réir Airteagal 107(1) den Chonradh “aon chabhair arna deonú ag Ballstát nó arna deonú trí bhíthin acmhainní Stáit i bhfoirm ar bith, agus a bhéarfaidh nó is baolach a bhéarfadh saobhadh ar iomaíocht trí thaobhú le gnóthais áirithe nó le táirgeadh earraí áirithe, ní bheidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach a mhéid a dhéanann sí difear don trádáil idir Ballstáit”.

12.

Má sholáthraíonn árachóirí Stáit árachas creidmheasa onnmhairiúcháin, baineann acmhainní Stáit le hárachas den sórt sin. Agus an Stát rannpháirteach, d’fhéadfadh sé go mbeadh buntáiste roghnach ag árachóirí nó ag onnmhaireoirí agus dá bhrí sin d’fhéadfaidís an iomaíocht a shaobhadh nó an baol ar shaobhadh ar iomaíocht a bhreith, agus tionchar a bheith acu ar thrádáil idir Ballstáit. Dearadh na prionsabail a leagtar amach i Roinn 3.2, Roinn 3.3 agus Roinn 4 chun treoraíocht a sholáthar ar an gcaoi a dhéantar measúnú ar bhearta den sórt sin faoi rialacha Státchabhrach.

3.2.   Cabhair i gcomhair árachóirí

13.

Má tá buntáistí áirithe ag árachóirí Stáit i gcomparáid le hárachóirí creidmheasa príobháideacha, d’fhéadfadh Státchabhair a bheith i gceist. Is iomaí foirm a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis na buntáistí agus d’fhéadfadh na buntáistí a leanas a bheith ina measc mar shampla:

(a)

Ráthaíochtaí Stáit ar iasachtaí agus ar chaillteanais;

(b)

díolúine ón gceanglas cúlchistí leordhóthanacha a bheith acu agus ó cheanglais eile a eascraíonn as eisiamh oibríochtaí árachais chreidmheasa onnmhairiúcháin le haghaidh cuntas an Stáit nó atá ráthaithe ag an Stát ó Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12);

(c)

faoiseamh nó díolúine ó chánacha a bheadh iníoctha de ghnáth (amhail cánacha cuideachta agus cánacha a ghearrtar ar bheartais árachais);

(d)

dámhachtainí cabhrach nó soláthar caipitil ón Stát nó foirmeacha eile maoinithe nach bhfuil i gcomhréir le prionsabal an infheisteora i ngeilleagar an mhargaidh;

(e)

seirbhísí comhchineáil arna soláthar ag an Stát, amhail rochtain agus úsáid bhonneagar, shaoráidí nó fhaisnéis faoi phribhléid an Stáit, ar théarmaí nach léiríonn a luach margaidh;

(f)

athárachas díreach ag an Stát nó ráthaíocht athárachais dhíreach Stáit ar théarmaí atá níos fabhraí ná na téarmaí atá ar fáil ar an margadh athárachais príobháideach, agus an cumhdach athárachais a bheith praghsáilte faoina luach nó cruthú saorga acmhainneachta nach mbeadh ar fáil ar an margadh príobháideach mar thoradh air sin.

3.3.   Toirmeasc ar Státchabhair le haghaidh creidmheasanna onnmhairiúcháin

14.

Déanann na buntáistí le haghaidh árachóirí Stáit a liostaítear i bpointe 13 maidir le rioscaí indíolta difear do thrádáil laistigh den Aontas i seirbhísí árachais creidmheasa. Bíonn éagsúlachtaí sa chumhdach árachais atá ar fáil le haghaidh rioscaí indíolta i mBallstáit éagsúla de thoradh na mbuntáistí sin. Saobhann sé sin iomaíocht i measc árachóirí i mBallstáit éagsúla agus bíonn éifeachtaí tánaisteacha aige ar thrádáil laistigh den Aontas gan beann ar cibé acu a bhaineann sé le honnmhairí laistigh den Aontas nó le honnmhairí lasmuigh den Aontas (13). Ar na cúiseanna sin, má tá buntáistí den sórt sin ag árachóirí Stáit i gcomparáid le hárachóirí creidmheasa príobháideacha, níor cheart dóibh a bheith in ann rioscaí indíolta a árachú. Is gá dá bhrí sin na coinníollacha faoinar féidir le hárachóirí Stáit oibriú a chinneadh, chun a áirithiú nach dtairbhíonn siad de Státchabhair.

15.

Cuirtear buntáistí le haghaidh árachóirí Stáit ar aghaidh, i bpáirt ar a laghad, chuig onnmhaireoirí uaireanta freisin. D’fhéadfadh buntáistí den sórt sin an iomaíocht agus an trádáil a shaobhadh agus d’fhéadfaí Státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) den Chonradh a chuimsiú leis. Má chomhlíontar na coinníollacha chun árachas creidmheasa onnmhairiúcháin a sholáthar le haghaidh rioscaí indíolta, áfach, mar a leagtar amach i Roinn 4.3 den Teachtaireacht seo, measfaidh an Coimisiún nár cuireadh aon bhuntáiste míchuí ar aghaidh chuig onnmhaireoirí.

4.   Na coinníollacha chun árachas creidmheasa onnmhairiúcháin a sholáthar le haghaidh rioscaí atá neamh-indíolta go sealadach

4.1.   Prionsabail ghinearálta

16.

Mar a luaitear i bpointe 14, má tá aon bhuntáiste ag árachóirí Stáit i gcomparáid le hárachóirí creidmheasa príobháideacha, mar a thugtar tuairisc orthu i bpointe 13, ní ceadmhach dóibh rioscaí indíolta a chur faoi árachas. Más mian le hárachóirí Stáit nó a bhfochuideachtaí rioscaí indíolta a chur faoi árachas, ní mór a áirithiú nach dtairbhíonn siad de Státchabhair go díreach nó go hindíreach, agus na rioscaí sin á gcur faoi árachas acu. Chuige sin, ní mór méid áirithe cistí dílse (corrlach sócmhainneachta, lena n-áirítear ciste ráthaíochta) agus forálacha teicniúla (cúlchiste comhionannaithe) a bheith acu agus ní mór dóibh an t-údarú is gá a bheith faighte acu i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE. Ní mór dóibh, ar a laghad, cuntas riaracháin ar leithligh a choimeád agus cuntais ar leithligh dá gcuid árachais ar rioscaí indíolta agus rioscaí neamh-indíolta le tacaíocht ón Stát, nó thar ceann an Stáit, chun léiriú nach bhfaigheann siad Státchabhair dá n-árachas le haghaidh rioscaí neamh-indíolta. Ba cheart do na cuntais le haghaidh gnólachtaí atá faoi árachas ar chuntas dílis an árachóra Treoir 91/674/CE ón gComhairle a chomhlíonadh (14).

17.

Ní mór do Bhallstáit a sholáthraíonn cumhdach athárachais d’árachóir creidmheasa onnmhairiúcháin trí rannpháirtíocht i gconarthaí athárachais san earnáil phríobháideach nó a bheith bainteach leo, ina gcumhdaítear rioscaí indíolta agus neamh-indíolta, ní mór do na Ballstáit sin a bheith in ann a thaispeáint nach bhfuil Státchabhair dá dtagraítear i bpointe 13(f) i gceist leis na socruithe.

18.

Féadfaidh árachóirí Stáit árachas creidmheasa onnmhairiúcháin a sholáthar le haghaidh rioscaí atá neamh-indíolta go sealadach, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i Roinn 4 den Teachtaireacht seo.

4.2.   Eisceachtaí ó raon feidhme na rioscaí indíolta: rioscaí atá neamh-indíolta go sealadach

19.

D’ainneoin an tsainmhínithe ar indíolta, rioscaí tráchtála nó polaitiúla áirithe, nó an dá cheann, ar cheannaitheoirí atá bunaithe sna tíortha a liostaítear san Iarscríbhinn meastar go bhfuil na rioscaí sin neamh-indíolta go sealadach sna cásanna a leanas:

(a)

i gcás ina gcinneann an Coimisiún tír amháin nó níos mó a bhaint den liosta de thíortha lena mbaineann riosca indíolta san Iarscríbhinn, mar a dhéantar tuairisc air i Roinn 5.2, mar gheall nach bhfuil acmhainneacht an mhargaidh árachais phríobháidigh leordhóthanach chun na rioscaí uile a bhfuil údar eacnamaíoch leo sa tír nó sna tíortha lena mbaineann a chumhdach;

(b)

i gcás ina gcinneann an Coimisiún, tar éis fógra a fháil ó Bhallstát dá dtagraítear i Roinn 5.3 den Teachtaireacht seo, go bhfuil na rioscaí a thabhaíonn fiontair bheaga agus mheánmhéide mar a shainítear i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (15), le láimhdeachas onnmhairiúcháin iomlán bliantúil nach mó ná EUR 2.5 mhilliún, neamh-indíolta go sealadach le haghaidh onnmhaireoirí sa Bhallstát a thugann fógra;

(c)

i gcás ina gcinneann an Coimisiún, tar éis fógra a fháil ó Bhallstát dá dtagraítear i Roinn 5.3 den Teachtaireacht seo, go bhfuil an cumhdach aonriosca ag a bhfuil tréimhse riosca de 181 lá ar a laghad agus níos lú ná 2 bhliain neamh-indíolta go sealadach le haghaidh onnmhaireoirí sa Bhallstát a thugann fógra;

(d)

i gcás ina gcinneann an Coimisiún, tar éis fógra a fháil ó Bhallstát dá dtagraítear i Roinn 5.4 den Teachtaireacht seo, go bhfuil riosca áirithe neamh-indíolta go sealadach le haghaidh onnmhaireoirí sa Bhallstát a thugann fógra i ngeall ar ghanntanas árachais creidmheasa onnmhairiúcháin.

20.

Chun saobhadh ar iomaíocht sa mhargadh inmheánach a íoslaghdú, is féidir rioscaí a mheastar a bheith neamh-indíolta i gcomhréir le pointe 19 a bheith cumhdaithe le hárachóirí Stáit, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach i Roinn 4.3.

4.3.   Coinníollacha chun árachas creidmheasa onnmhairiúcháin a sholáthar le haghaidh rioscaí atá neamh-indíolta go sealadach

4.3.1.   Cáilíocht an chumhdaigh

21.

Ní mór do cháilíocht an chumhdaigh a thairgeann árachóirí Stáit a bheith comhsheasmhach le caighdeáin an mhargaidh. Go háirithe, ní féidir ach amháin rioscaí a bhfuil údar eacnamaíoch leo, is é sin, rioscaí atá inghlactha ar bhonn prionsabal frithgheallta fónta, a chumhdach. Ní mór 95 % a bheith mar uaschéatadán cumhdaigh le haghaidh rioscaí tráchtála agus rioscaí polaitiúla agus ní mór don tréimhse feithimh ar éilimh a bheith socraithe ag 90 lá ar a laghad.

4.3.2.   Prionsabail fhrithgheallta

22.

Ní mór prionsabail fhrithgheallta fhónta a chur i bhfeidhm i gcónaí maidir leis an measúnú ar rioscaí. Dá réir sin, ní mór nach mbeadh an riosca maidir le hidirbhearta atá neamhfhónta ó thaobh airgeadais de a bheith incháilithe do chumhdach faoi scéimeanna a dtacaítear go poiblí leo. Maidir le prionsabail den sórt sin, ní mór do chritéir inghlacthachta riosca a bheith follasach. Má tá caidreamh gnó ann cheana féin, ní mór taithí dhearfach trádála nó íocaíochta, nó an dá cheann, a bheith ag onnmhaireoirí. Ní mór taifead glan d’éilimh a bheith ag ceannaitheoirí, ní mór do dhóchúlacht mainneachtana na gceannaitheoirí a bheith inghlactha agus ní mór dá rátálacha inmheánacha nó seachtracha a bheith inghlactha freisin.

4.3.3.   Praghsáil leordhóthanach

23.

Ní mór íoc as gabháil riosca sa chonradh árachais creidmheasa onnmhairiúcháin le préimh leordhóthanach. D’fhonn brú amach árachóirí creidmheasa príobháideacha a íoslaghdú, ní mór do mheánphréimheanna faoi scéimeanna a dtacaítear leo go poiblí a bheith níos airde ná na meánphréimheanna a ghearrann árachóirí creidmheasa príobháideacha maidir le rioscaí comhchosúla. Áirithítear céimniú amach idirghabháil an Stáit leis an gceanglas sin, mar áiritheofar leis an bpréimh níos airde go bhfilleann árachóirí creidmheasa príobháideacha a luaithe a ligeann na coinníollacha margaidh dóibh filleadh agus a thagann an riosca indíolta chun cinn arís.

24.

Meastar praghsáil a bheith leordhóthanach má ghearrtar an t-íosphréimh bliantúil le haghaidh riosca (16) (“préimh thearmainn”) le haghaidh catagóir ábhartha na gceannaitheoirí (17), mar a leagtar amach sa tábla a leanas. Tá feidhm ag an bpréimh thearmainn ach amháin má sholáthraíonn Ballstáit fianaise nach bhfuil na rátaí sin leordhóthanach don riosca atá i gceist. Maidir le beartas láimhdeachais iomlán, ní mór don chatagóir riosca comhfhreagairt do mheánriosca na gceannaitheoirí atá cumhdaithe faoin mbeartas.

Catagóir riosca

Íosmhéid bliantúil don phréimh riosca  (18) (% den mhéid faoi árachas)

Den scoth (19)

0,2 – 0,4

Go maith (20)

0,41 – 0,9

Sásúil (21)

0,91 – 2,3

Lag (22)

2,31 – 4,5

25.

Maidir le comhárachas, cuóta-scair agus cumhdach breisithe, ní mheastar praghsáil a bheith leordhóthanach ach amháin má ghearrtar an préimh ag 30 % níos airde ar a laghad ná an préimh don chumhdach (bunaidh) a sholáthair árachóir creidmheasa príobháideach.

26.

Ní mór táille riaracháin a chur leis an bpréimh riosca gan beann ar an téarma a ghabhann leis an gconradh sula measfar praghsáil a bheith leordhóthanach.

4.3.4.   Trédhearcacht agus tuairisciú

27.

Ní mór do Bhallstáit na scéimeanna a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh rioscaí a mheastar a bheith neamh-indíolta go sealadach i gcomhréir le pointe 19 a fhoilsiú ar shuíomhanna gréasáin na n-árachóirí Stáit, ag sonrú na gcoinníollacha uile is infheidhme ina leith.

28.

Ní mór dóibh tuarascálacha bliantúla a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na rioscaí a mheastar a bheith neamh-indíolta go sealadach i gcomhréir le pointe 19 agus a gcumhdaíonn árachóirí Stáit iad. Ní mór dóibh amhlaidh a dhéanamh an 31 Iúil den bhliain i ndiaidh na hidirghabhála ar a dhéanaí.

29.

Ní mór an fhaisnéis a leanas a bheith sa tuarascáil maidir le gach scéim:

(a)

an méid iomlán de theorainneacha creidmheasa a deonaíodh;

(b)

an láimhdeachas atá faoi árachas;

(c)

na préimheanna a ghearrtar;

(d)

na héilimh atá cláraithe agus íoctha;

(e)

méideanna a aisghabháladh;

(f)

costais riaracháin na scéime.

30.

Soláthrófar faisnéis i bhformáid scarbhileoige sonraí, lenar féidir sonraí a chuardach, a asbhaint, a íoslódáil agus a fhoilsiú go héasca ar an idirlíon, i bhformáid CSV nó XML mar shampla. Ní mór do na Ballstáit na tuarascálacha a fhoilsiú ar shuíomhanna gréasáin na n-árachóirí Stáit.

5.   Rialacha nós imeachta

5.1.   Prionsabail ghinearálta

31.

Is féidir le hárachóirí Stáit na rioscaí a shonraítear i bpointe 19(a) a chumhdach, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i Roinn 4.3. Ní gá fógra a thabhairt don Choimisiún i gcásanna den sórt sin.

32.

Is féidir le hárachóirí Stáit na rioscaí a shonraítear i bpointí 19(b), (c) agus (d) a chumhdach, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i Roinn 4.3 agus tar éis fógra a thabhairt don Choimisiún agus faomhadh a fháil uaidh.

33.

Má mhainnítear aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach i Roinn 4.3 a chomhlíonadh, ní chiallaíonn sé sin go dtoirmisctear an scéim árachais creidmheasa onnmhairiúcháin ná an scéim árachais go huathoibríoch. Más mian le Ballstát imeacht ó aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach i Roinn 4.3 nó má tá aon amhras faoi cibé a chomhlíonann, nó nach gcomhlíonann, scéim árachais creidmheasa onnmhairiúcháin beartaithe na coinníollacha a leagtar amach sa Teachtaireacht seo, go háirithe Roinn 4, ní mór don Bhallstát fógra a thabhairt don Choimisiún faoin scéim.

34.

Ní thugann anailís faoi rialacha Státchabhrach réamhbhreithiúnas ar chomhoiriúnacht bheart áirithe le forálacha eile an Chonartha.

5.2.   Leasú ar an liosta de thíortha lena mbaineann riosca indíolta

35.

Le linn cinneadh a bheith á dhéanamh faoi cibé an dtugann nó nach dtugann an easpa acmhainneachta príobháidí údar cuí le tír a bhaint go sealadach ón liosta de thíortha riosca indíolta, dá dtagraítear i bpointe 19(a), cuirfidh an Coimisiún na tosca a leanas san áireamh, in ord tosaíochta:

(a)

crapadh in acmhainneacht an árachais creidmheasa phríobháidigh: go háirithe, an cinneadh a dhéanann árachóir mór creidmheasa gan rioscaí ar cheannaitheoirí sa tír lena mbaineann a chumhdach, laghdú suntasach ar na méideanna iomlána atá faoi árachas nó laghdú suntasach ar chóimheasa inghlacthachta don tír lena mbaineann laistigh de thréimhse 6 mhí;

(b)

meath ar rátálacha earnála ceannasaí: go háirithe, athruithe tobanna ar rátálacha creidmheasa laistigh de thréimhse 6 mhí, mar shampla íosghrádú a dhéanann roinnt gníomhaireachtaí rátála neamhspleácha, nó méadú mór ar raonta difríochta na babhtála mainneachtana creidmheasa;

(c)

meath ar fheidhmíocht na hearnála corparáidí: go háirithe, méadú géar ar dhócmhainneachtaí sa tír lena mbaineann laistigh de thréimhse 6 mhí.

36.

I gcás ina n-éiríonn acmhainneacht an mhargaidh neamhimleor chun gach riosca a bhfuil údar eacnamaíoch leis a chumhdach, féadfaidh an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an liosta de thíortha indíolta atá san Iarscríbhinn ar iarraidh i scríbhinn a fháil ó thrí Bhallstát ar a laghad nó ar a thionscnamh féin.

37.

Má tá sé de rún ag an gCoimisiún an liosta de thíortha riosca indíolta a mhodhnú, rachaidh sé i gcomhairle leis na Ballstáit agus lorgóidh sé faisnéis uathu, ó árachóirí creidmheasa príobháideacha agus ó pháirtithe leasmhara. Fógrófar an comhairliúchán agus an cineál faisnéise atá á lorg ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin. Ní bheidh an tréimhse comhairliúcháin níos faide ná 20 lá oibre de ghnáth. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, bunaithe ar an bhfaisnéis a bhailítear, an liosta de thíortha riosca indíolta a mhodhnú, fógróidh sé an cinneadh sin ar a shuíomh gréasáin.

38.

Beidh baint shealadach tír ón liosta de thíortha riosca indíolta bailí ar feadh 12 mhí ar a laghad, i bprionsabal. Féadfaidh polasaithe árachais a bhaineann leis an tír a bhainfear go sealadach agus a shíneofar le linn na tréimhse sin a bheith bailí ar feadh uastréimhse 180 lá tar éis an dáta a dtiocfaidh deireadh leis an mbaint shealadach. Ní fhéadfar aon pholasaí árachais nua a shíniú i ndiaidh an dáta sin. 3 mhí roimh an dáta a dtiocfaidh deireadh leis an mbaint shealadach, measfaidh an Coimisiún cibé a chuirfidh sé, nó nach gcuirfidh sé, síneadh leis an tréimhse a mbeidh an tír lena mbaineann bainte den liosta. Má chinneann an Coimisiún go bhfuil acmhainneacht an mhargaidh fós neamhimleor chun gach riosca a bhfuil údar eacnamaíoch leis a chumhdach, ag cur na dtosca a leagtar amach i bpointe 35 san áireamh, féadfaidh sé síneadh a chur le baint shealadach na tíre den liosta, i gcomhréir le pointe 37.

5.3.   Oibleagáid maidir le fógra a thabhairt le haghaidh rioscaí neamh-indíolta dá dtagraítear i bpointe 19(b) agus (c)

39.

Tugtar le fios san fhianaise atá ar fáil don Choimisiún faoi láthair go bhfuil bearna sa mhargadh a mhéid a bhaineann leis na rioscaí a shonraítear i bpointí 19(b) agus (c) agus go bhfuil na rioscaí sin neamh-indíolta dá bhrí sin. Ní mór cuimhneamh, áfach, nach bhfuil an easpa cumhdaigh i ngach Ballstát agus go bhféadfadh an cás athrú thar am, mar d’fhéadfadh sé go mbeadh suim ag an earnáil phríobháideach sa sciar sin den mhargadh amach anseo. Níor cheart idirghabháil Stáit a cheadú ach amháin le haghaidh rioscaí nach gcumhdódh an margadh murach sin.

40.

Ar na cúiseanna sin, más mian le Ballstát na rioscaí a shonraítear i bpointí 19(b) nó (c) den Teachtaireacht seo a chumhdach, ní mór dó fógra a thabhairt don Choimisiún de bhun Airteagal 108(3) den Chonradh agus a léiriú ina fhógra go ndeachaigh sé i dteagmháil leis na príomhárachóirí agus na príomh-bhróicéirí creidmheasa sa Bhallstát sin (23) agus gur thug sé deis dóibh fianaise a sholáthar go bhfuil cumhdach le haghaidh na rioscaí lena mbaineann ar fáil sa tír sin. Mura soláthraíonn na hárachóirí agus na bróicéirí creidmheasa lena mbaineann faisnéis don Bhallstát nó don Choimisiún a bhaineann leis na coinníollacha cumhdaigh agus na méideanna atá faoi árachas le haghaidh an chineál riosca ar mian leis an mBallstát a chumhdach laistigh de 30 lá tar éis iarraidh a fháil ón mBallstát é sin a dhéanamh, nó mura dtaispeántar san fhaisnéis a soláthraíodh go bhfuil cumhdach le haghaidh na rioscaí lena mbaineann ar fáil sa Bhallstát sin, measfaidh an Coimisiún go bhfuil na rioscaí sin neamh-indíolta go sealadach.

5.4.   Oibleagáid maidir le fógra a thabhairt i gcásanna eile

41.

A mhéid a bhaineann leis na rioscaí a shonraítear i bpointe 19(d), ní mór don Bhallstát lena mbaineann, ina fhógra chuig an gCoimisiún de bhun Airteagal 108(3) den Chonradh, a thaispeáint nach bhfuil an cumhdach ar fáil le haghaidh onnmhaireoirí sa Bhallstát áirithe sin mar gheall ar rúscadh soláthair sa mhargadh árachais phríobháidigh, go háirithe nuair a tharraingíonn mór-árachóir creidmheasa siar ón mBallstát lena mbaineann, nuair a bhíonn acmhainneacht laghdaithe ann nó raon teoranta táirgí i gcomparáid le Ballstáit eile.

6.   Dáta cur i bhfeidhm agus fad

42.

Cuirfidh an Coimisiún na prionsabail a leagtar amach sa Teachtaireacht seo i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2022, cé is moite den liosta de thíortha san Iarscríbhinn a chuirfear i bhfeidhm ón 1 Aibreán 2022 Go dtí an 31 Márta 2022, déanfaidh an Coimisiún gach riosca tráchtála agus polaitiúil a bhaineann le honnmhairí chuig gach tír atá neamh-indíolta go sealadach i gcomhréir leis an díolúine shealadach a shonraítear i bpointe 33 den Chreat Sealadach le haghaidh bearta Státchabhrach chun tacú leis an ngeilleagar le linn ráig COVID-19 atá ann faoi láthair (24) agus i bpointe 62 de Theachtaireacht C(2021) 8442 ón gCoimisiún maidir leis an 6ú Leasú ar an gCreat Sealadach, a mheas.Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh chun an Teachtaireacht seo a oiriúnú tráth ar bith más gá sin ar chúiseanna atá bainteach le beartas iomaíochta nó chun beartais eile an Aontais agus gealltanais idirnáisiúnta a chur san áireamh.

(1)  IO C 281, 17.9.1997, lch. 4.

(2)  IO C 217, 2.8.2001, lch. 2.

(3)  IO C 307, 11.12.2004, lch. 12.

(4)  IO C 325, 22.12.2005, lch. 22.

(5)  IO C 329, 7.12.2010, lch. 6.

(6)  IO C 392, 19.12.2012, lch. 1.

(7)  Bhí Pointe 18(a) agus Roinn 5.2 de Theachtaireacht 2012 le cur i bhfeidhm ó dháta glactha Theachtaireacht 2012.

(8)  IO C 398, 22.12.2012, lch. 6; IO C 372, 19.12.2013, lch. 1; IO C 28, 28.1.2015, lch. 1; IO C 215, 1.7.2015, lch. 1; IO C 244, 5.7.2016, lch. 1; IO C 206, 30.6.2017, lch. 1; IO C 225, 28.6.2018, lch. 1; IO C 457, 19.12.2018, lch. 9; IO C 401, 27.11.2019, lch. 3; IO C 101I, 28.3.2020, lch. 1; IO C 340I, 13.10.2020, lch. 1; IO C 34, 1.2.2021, lch. 6.

(9)  IO C 457, 19.12.2018, lch. 9.

(10)  IO C 224, 8.7.2020, lch. 2.

(11)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin – Seiceáil Oiriúnachta ar an bpacáiste um nuachóiriú Státchabhrach 2012, treoirlínte iarnróid agus árachas creidmheasa onnmhairiúcháin gearrthéarmach, 30.10.2020, SWD(2020) 257 final.

(12)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais agus leanúint den ghnó sin (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).

(13)  Ina breithiúnas Cás C-142/87 Ríocht na Beilge v. Coimisiún na gComhphobal Eorpach, chinn an Chúirt ní hamháin go bhfuil tionchar in ann a bheith ag cabhair le haghaidh onnmhairí laistigh den Aontas ar iomaíocht agus trádáil laistigh den Aontas, ach go bhféadfadh tionchar a bheith ag cabhair le haghaidh onnmhairí lasmuigh den Aontas orthu freisin. Árachaíonn árachóirí creidmheasa onnmhairiúcháin an dá chineál oibríochta agus d’fhéadfadh dá bhrí sin cabhair le haghaidh an dá chineál difear a dhéanamh d’iomaíocht agus trádáil laistigh den Aontas.

(14)  Treoir 91/674/CE ón gComhairle an 19 Nollaig 1991 maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite ghnóthais árachais (IO L 374, 31.12.1991, lch. 7).

(15)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(16)  Maidir le gach catagóir riosca ábhartha, suíodh an raon don phréimh thearmainn ar bhonn raonta difríochta na babhtála mainneachtana creidmheasa d’aon bhliain amháin, bunaithe ar rátáil chumaisc lena n-áirítear rátálacha ó gach ceann de na 3 phríomhghníomhaireachtaí rátála creidmheasa (Standard & Poor’s, Moody’s agus Fitch) le haghaidh na mblianta 2007-11, ag glacadh leis gurb ag 40 % atá na meánchóimheasa téarnaimh le haghaidh árachas creidmheasa onnmhairiúcháin gearrthéarmach. Athraíodh na raonta ionas go mbeidh siad leanúnach ina dhiaidh sin mar léiriú níos fearr nach bhfanann préimheanna riosca seasmhach thar am.

(17)  Tá catagóirí riosca na gceannaitheoirí bunaithe ar rátálacha creidmheasa. Ní gá rátálacha a fháil ó ghníomhaireachtaí rátála sonracha. Beidh córais rátála náisiúnta nó córais rátála a úsáideann bainc chomh hinghlactha céanna. Maidir le gnólachtaí nach bhfuil rátáil phoiblí acu, d’fhéadfaí rátáil bunaithe ar fhaisnéis infhíoraithe a chur i bhfeidhm.

(18)  Is féidir an tearmann le haghaidh conradh 30 lá a fháil tríd an bpréimh riosca bliantúil a roinnt faoi 12.

(19)  Áirítear leis an gcatagóir den scoth rioscaí atá coibhéiseach le AAA, AA+, AA, AA-, A+, A, A- i rátálacha creidmheasa Standard & Poor.

(20)  Áirítear leis an gcatagóir riosca go maith rioscaí atá coibhéiseach le BBB+, BBB nó BBB- i rátálacha creidmheasa Standard & Poor.

(21)  Áirítear leis an gcatagóir riosca sásúil rioscaí atá coibhéiseach le BB+, BB nó BB- i rátálacha creidmheasa Standard & Poor.

(22)  Áirítear leis an gcatagóir riosca lag rioscaí atá coibhéiseach le B+, B nó B- i rátálacha creidmheasa Standard & Poor.

(23)  Ba cheart do na hárachóirí agus na bróicéirí creidmheasa a ndéantar teagmháil leo a bheith ionadaíoch i dtéarmaí na dtáirgí a thairgtear (mar shampla, sain-soláthraithe le haghaidh rioscaí aonair) agus méid an mhargaidh a chumhdaíonn siad (mar shampla, ag déanamh ionadaíochta go comhpháirteach ar sciar íosta de 50 % den mhargadh).

(24)  Teachtaireacht ón gCoimisiún “Creat sealadach le haghaidh bearta Státchabhrach chun tacú leis an ngeilleagar le linn ráig COVID-19 atá ann faoi láthair”, C(2020)1863, 19.3.2020 (IO C 91 I, 20.3.2020, lch. 1), arna leasú le Teachtaireachtaí C(2020) 2215 (IO C 112I, 4.4.2020, lch. 1), C(2020) 3156 (IO C 164, 13.5.2020, lch. 3), C(2020) 4509 (IO C 218, 2.7.2020, lch. 3), C(2020) 7127 (IO C 340I, 13.10.2020, lch. 1), C(2021) 564 (IO C 34, 1.2.2021, lch. 6) agus C(2021) 8442 (IO C 473, 24.11.2021, lch. 1) ón gCoimisiún. I bPointí 24 go 27 agus 62 de Theachtaireacht C(2021) 8442 ón gCoimisiún maidir leis an 6ú Leasú ar an gCreat Sealadach soláthraítear tuilleadh faisnéise maidir leis an díolúine shealadach.


IARSCRÍBHINN

Liosta de Thíortha Riosca Indíolta

An Bheilg

An Chipir

An tSlóvaic

An Bhulgáir

An Laitvia

An Fhionlainn

An tSeicia

An Liotuáin

An tSualainn

An Danmhairg

Lucsamburg

An Astráil

An Ghearmáin

An Ungáir

Ceanada

An Eastóin

Málta

An Íoslainn

Éire

An Ísiltír

An tSeapáin

An Ghréig

An Ostair

An Nua Shéalainn

An Spáinn

An Pholainn

An Iorua

An Fhrainc

An Phortaingéil

An Eilvéis

An Chróit

An Rómáin

An Ríocht Aontaithe

An Iodáil

An tSlóivéin

Stáit Aontaithe Mheiriceá