7.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 181/22


CINNEADH ÚDARÁS FAIREACHÁIN CSTE Uimh. 280/21/COL

an 13 Nollaig 2021

lena leasaítear na rialacha nós imeachta agus substainteacha i réimse na Státchabhrach trí Threoirlínte nua a thabhairt isteach maidir le critéir chun anailís a dhéanamh ar a chomhoiriúnaí leis an margadh inmheánach atá Státchabhair chun forghníomhú tionscadal tábhachtach ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne a chur chun cinn [2022/1170]

Tá Údarás Faireacháin CSTE (“ESA”),

Ag féachaint don mhéid seo a leanas an Comhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“Comhaontú LEE”), go háirithe Airteagail 61 go 63 agus Prótacal 26,

an Comhaontú idir na Stáit EFTA maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú (“an Comhaontú Faireacháin agus Cúirte”), go háirithe Airteagal 24 agus Airteagal 5(2)(b),

DE BHARR AN MHÉID SEO A LEANAS:

Faoi Airteagal 24 den Chomhaontú Faireacháin agus Cúirte, tabharfaidh ESA éifeacht d’fhorálacha Chomhaontú LEE maidir le Státchabhair.

Faoi Airteagal 5(2)(b) den Chomhaontú Faireacháin agus Cúirte, eiseoidh ESA fógraí nó treoirlínte maidir le hábhair a ndéileáiltear leo i gComhaontú LEE, má dhéantar foráil shainráite maidir leis sin sa Chomhaontú sin nó sa Chomhaontú Faireacháin agus Cúirte nó má mheasann ESA gur gá sin.

An 25 Samhain 2021, ghlac an Coimisiún Eorpach Teachtaireacht athbhreithnithe maidir le critéir chun anailís a dhéanamh ar a chomhoiriúnaí leis an margadh inmheánach atá státchabhair chun forghníomhú tionscadal tábhachtach ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne a chur chun cinn (“na Treoirlínte”) (1).

Tá na Treoirlínte ábhartha maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“LEE”) freisin.

Tá cur i bhfeidhm aonfhoirmeach rialacha LEE maidir le Státchabhair le háirithiú ar fud LEE i gcomhréir le cuspóir na haonchineálachta a bhunaítear in Airteagal 1 de Chomhaontú LEE.

De réir Mhír II den Roinn Ghinearálta d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Comhaontú LEE, tá ESA, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún Eorpach, le gníomhartha a ghlacadh, ar gníomhartha iad a chomhfhreagraíonn do na gníomhartha sin arna nglacadh ag an gCoimisiún Eorpach.

Leis na Treoirlínte féadfar tagairt a dhéanamh d’ionstraimí beartais áirithe de chuid an Aontais agus do ghníomhartha dlí áirithe de chuid an Aontais nár ionchorpraíodh i gComhaontú LEE. D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach forálacha Státchabhrach mar aon le dálaí iomaíochta comhionanna a áirithiú ar fud LEE, déanfaidh ESA, go ginearálta, na pointí tagartha céanna a chur i bhfeidhm leis an gCoimisiún Eorpach agus measúnú á dhéanamh ar a chomhoiriúnaí le feidhmiú Chomhaontú LEE atá cabhair.

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dó dul i gcomhairle le Stáit CSTE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(1)   Déantar na rialacha substainteacha i réimse na Státchabhrach a leasú trí Threoirlínte nua a thabhairt isteach maidir le critéir chun anailís a dhéanamh ar a chomhoiriúnaí leis an margadh inmheánach atá Státchabhair chun forghníomhú tionscadal tábhachtach ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne a chur chun cinn. Tá na Treoirlínte i gceangal leis an gCinneadh seo agus is cuid dhílis de iad.

(2)   Cuirfear na Treoirlínte in ionad na dtreoirlínte atá ann cheana chun anailís a dhéanamh ar a chomhoiriúnaí le feidhmiú Chomhaontú LEE atá státchabhair chun forghníomhú tionscadal tábhachtach ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne a chur chun cinn (2) le héifeacht ón 1 Eanáir 2022.

Airteagal 2

Cuirfidh ESA na Treoirlínte i bhfeidhm, leis na hoiriúnuithe seo a leanas i gcás inarb infheidhme, lena n-áirítear an méid seo a leanas, ach gan bheith teoranta dó sin:

(a)

Más ann do thagairt do “Ballstát” nó “Ballstáit”, léann ESA í mar thagairt do “Stát CSTE” nó “Stáit CSTE” (3), nó i gcás inarb iomchuí “Stát LEE” nó “Stáit LEE”.

(b)

Más ann do thagairt don “Coimisiún Eorpach”, léann ESA í mar thagairt do “Údarás Faireacháin CSTE”.

(c)

Más ann do thagairt do “an Conradh” nó “CFAE”, léann ESA í mar thagairt do “Comhaontú LEE”.

(d)

Más ann do thagairt d’Airteagal 107 CFAE nó ranna den Airteagal sin, léann ESA í mar thagairt d’Airteagal 61 de Chomhaontú LEE agus na ranna comhfhreagracha den Airteagal sin.

(e)

Más ann do thagairt d’Airteagal 108 CFAE nó ranna den Airteagal sin, léann ESA í mar thagairt d’Airteagal 1 de Chuid 1 de Phrótacal 3 den Chomhaontú Faireacháin agus Cúirte agus na ranna comhfhreagracha den Airteagal sin.

(f)

Más ann do thagairt don fhoclaíocht “comhoiriúnach nó neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach”, léann ESA í mar “comhoiriúnach nó neamh-chomhoiriúnach le feidhmiú Chomhaontú LEE”.

(g)

Más ann do thagairt don fhoclaíocht “laistigh (nó lasmuigh) den Aontas”, léann ESA í mar “laistigh (nó lasmuigh) de LEE”.

(h)

Más ann do thagairt do “trádáil laistigh den Aontas”, léann ESA í mar thagairt do “trádáil laistigh de LEE”.

(i)

Má leagtar amach leis na Treoirlínte go gcuirfear i bhfeidhm iad maidir le “gach earnáil de ghníomhaíocht eacnamaíoch”, cuireann ESA i bhfeidhm iad maidir le “gach earnáil de ghníomhaíocht eacnamaíoch nó cuid d’earnálacha de ghníomhaíocht eacnamaíoch a thagann faoi raon feidhme Chomhaontú LEE”.

(j)

Más ann do thagairt d’Fhógraí nó Treoirlínte ón gCoimisiún, léann ESA í mar thagairt do Threoirlínte ESA comhfhreagracha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Nollaig 2021.

Thar ceann Údarás Faireacháin CSTE

Bente ANGELL-HANSEN

Uachtarán

Comhalta Coláiste Freagrach

Högni S. KRISTJÁNSSON

Comhalta Coláiste

Stefan BARRIGA

Comhalta Coláiste

Melpo-Menie JOSÉPHIDÈS

Ag comhshíniú mar Stiúrthóir,

Gnóthaí Dlíthiúla agus Feidhmiúcháin


(1)  C(2021) 8481 final (OJ C 528, 30.12.2021, p. 10), níor foilsíodh na Treoirlínte in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh fós.

(2)  Cinneadh Uimh. 84/16/COL ó Údarás Faireacháin CSTE an 27 Aibreán 2016 lena leasaítear, den chéad agus aonú huair, na rialacha nós imeachta agus substainteacha i réimse na Státchabhrach trí Threoirlínte nua a thabhairt isteach chun anailís a dhéanamh ar a chomhoiriúnaí le feidhmiú Chomhaontú LEE atá Státchabhair chun forghníomhú tionscadal tábhachtach ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne a chur chun cinn [2017/267], IO L 39, 16.2.2017, lch. 49, agus Forlíonadh LEE Uimh. 11, 16.2.2017, lch. 1.

(3)  Le “Stáit CSTE” tagraítear don Íoslainn, do Lichtinstéin agus don Iorua.


TEACHTAIREACHT ÓN GCOIMISIÚN

Critéir chun anailís a dhéanamh ar a chomhoiriúnaí leis an margadh inmheánach atá Státchabhair chun tionscadail thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne a chur chun cinn

1.   RÉAMHRÁ

1.

Sa Teachtaireacht seo tugtar treoraíocht maidir le measúnú a dhéanamh ar mhaoiniú poiblí tionscadal tábhachtach ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne (IPCEInna) faoi rialacha Státchabhrach an Aontais.

2.

Is féidir le IPCEInna cur le fás eacnamaíoch inbhuanaithe, poist, iomaíochas agus athléimneacht don tionscal agus don gheilleagar san Aontas agus a neamhspleáchas straitéiseach oscailte a neartú, trí nuálaíocht cheannródaíoch agus tionscadail bhonneagair a chumasú trí chomhar trasteorann agus bheadh éifeachtaí iarmharta dearfacha aige sin ar an margadh inmheánach agus ar an tsochaí ina hiomláine.

3.

Le IPCEInna, is féidir eolas, saineolas, acmhainní airgeadais agus gníomhaithe eacnamaíocha ó gach cearn den Aontas a thabhairt le chéile, d’fhonn aghaidh a thabhairt ar theipeanna tábhachtacha margaidh nó sistéamacha nó ar dhúshláin shochaíocha nach bhféadfaí aghaidh a thabhairt orthu murach sin. Dearadh iad chun na hearnálacha poiblí agus príobháideacha a thabhairt le chéile chun tabhairt faoi thionscadail ar an scála mór lena mbaineann tairbhe suntasach don Aontas agus dá shaoránaigh.

4.

Féadfaidh IPCEInna a bheith mar bhonn taca faoi gach beartas agus gníomhaíocht a bhfuil sé mar aidhm leo cuspóirí Eorpacha comhchoiteanna a bhaint amach, go háirithe an Comhaontú Glas don Eoraip (1), an Straitéis Dhigiteach (2) agus an Deacáid Dhigiteach (3), an Straitéis Eorpach Nua maidir le Tionsclaíocht (4) agus an leagan nuashonraithe di (5), an Straitéis Eorpach maidir le Sonraí (6) agus Next Generation EU (7). Féadfaidh IPCEInna cur le téarnamh inbhuanaithe i ndiaidh suaití tromchúiseacha ar an ngeilleagar amhail iad sin a cruthaíodh mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus féadfaidh siad tacú leis na hiarrachtaí chun athléimneacht shochaíoch agus eacnamaíoch an Aontais a neartú.

5.

Ag cur na Straitéise Nua maidir le Tionsclaíocht don Eoraip agus na Straitéise um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide (FBManna) (8) san áireamh, tá sé tábhachtach go mbeidh FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta in ann tairbhiú díobh. Agus measúnú á dhéanamh aige cuirfidh an Coimisiún san áireamh tosca ar bith lena léirítear gur lú an dóchúlacht go ndéanfadh an chabhair a dtugtar fógra ina leith iomaíocht a shaobhadh go míchuí, mar shampla mar gheall ar mhéid na cabhrach.

6.

Is minic a éilítear le húsáid IPCEInna go mbeadh rannpháirtíocht shuntasach ann ó údaráis phoiblí uair ar bith nach ndéanfadh an margadh tionscadail den sórt sin a mhaoiniú murach sin. Sa Teachtaireacht sin leagtar amach na rialacha a bhfuil feidhm leo i gcásanna ina bhfuil Státchabhair i gceist le maoiniú poiblí tionscadal den sórt sin, chun Státchabhair le haghaidh IPCEInna a mheas mar chabhair atá comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Go háirithe, is é is aidhm do na rialacha a áirithiú nach ndéanann cabhair den sórt sin difear tromchúiseach a oiread is míchuí do choinníollacha trádála idir na Ballstáit, agus na héifeachtaí atá ag cabhair den sórt sin ar thrádáil agus ar iomaíochas a theorannú a laghad is gá.

7.

Le hAirteagal 107(3), pointe (b) den Chonradh maidir le Feidhmiú an Aontais Eorpaigh foráiltear i ndáil le cabhair chun feidhmiú tionscadal tábhachtach ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne a chur chun cinn, go bhféadfaí an chabhair sin a mheas mar chabhair atá comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Dá réir sin, leagtar amach sa Teachtaireacht sin treoraíocht maidir leis na critéir a chuirfidh an Coimisiún i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar Státchabhair a dheonaítear chun feidhmiú IPCEInna a chur chun cinn. Ar an gcéad dul síos, leagtar amach inti a raon feidhme agus ansin soláthraítear liosta de na critéir a úsáidfidh an Coimisiún chun measúnú a dhéanamh ar chineál agus ar thábhacht IPCEInna chun Airteagal 107(3), pointe (b) den Chonradh a chur i bhfeidhm. Ansin, mínítear an bealach a ndéanfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhoiriúnacht mhaoiniú poiblí IPCEInna le rialacha Státchabhrach.

8.

Ní eisiatar leis an Teachtaireacht sin an fhéidearthacht go bhféadfaí a chinneadh freisin go bhfuil cabhair chun feidhmiú IPCEInna a chur chun cinn comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn forálacha eile den Chonradh, go háirithe Airteagal 107(3), pointe (c) den Chonradh. D’fhéadfadh sé nach dtabharfaí aghaidh go hiomlán áfach ar ábharthacht, sainiúlachtaí agus gnéithe IPCEInna sna forálacha sin den Chonradh. D’fhéadfadh sé go n-éileofaí leo sin rialacha sonracha maidir le hincháilitheacht, comhoiriúnacht agus nósanna imeachta, mar a leagtar amach sa Teachtaireacht seo.

2.   RAON FEIDHME

9.

Cuirfidh an Coimisiún na prionsabail a leagtar amach sa Teachtaireacht seo i bhfeidhm maidir le IPCEInna i ngach earnáil de ghníomhaíocht eacnamaíoch.

10.

Níl feidhm ag na prionsabail sin maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

bearta arb é atá iontu cabhair le haghaidh gnóthas i gcruachás, mar a shainítear sna treoirlínte maidir le teacht i gcabhair agus athstruchtúrú (9) nó aon treoirlíne a thagann i ndiaidh na dtreoirlínte sin, cé is moite de ghnóthais nach raibh i gcruachás an 31 Nollaig 2019 ach a tháinig chun bheith ina ngnóthais i gcruachás an 1 Eanáir 2020 nó dá éis fad is a chuirtear an Creat Sealadach (10) i bhfeidhm;

(b)

bearta arb é atá iontu cabhair le haghaidh gnóthas atá faoi réir ordú gnóthaithe gan íoc tar éis cinneadh roimhe sin ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil cabhair neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach;

(c)

bearta cabhrach arb é atá iontu féin, de bhua na gcoinníollacha a ghabhann leo nó de bhua a modh maoinithe, sárú neamh-inscartha ar dhlí an Aontais (11), go háirithe:

(i)

bearta cabhrach ar i gcomhréir leo atá deonú na cabhrach faoi réir na hoibleagáide go mbeadh ceanncheathrú ag an tairbhí sa Bhallstát lena mbaineann nó a bheith bunaithe go príomha sa Bhallstát sin,

(ii)

hoibleagáide go n-úsáidfidh an tairbhí earraí a tháirgtear sa náisiún nó seirbhísí náisiúnta, bearta cabhrach ar i gcomhréir leo atá deonú na cabhrach faoi réir na

(iii)

ndéanfaidh an tairbhí na torthaí taighde, forbartha agus nuálaíochta a fuarthas a úsáid i mBallstáit eile. bearta cabhrach lena gcuirtear srian ar an bhféidearthacht go

3.   CRITÉIR INCHÁILITHEACHTA

11.

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar cibé atá nó nach bhfuil tionscadal laistigh de raon feidhme Airteagal 107(3), pointe (b) den Chonradh, cuirfidh an Coimisiún na critéir a leagtar amach i roinn 3.1, roinn 3.2 agus i roinn 3.3 den Teachtaireacht seo i bhfeidhm.

3.1.   Sainmhíniú ar thionscadal

12.

Ní mór an togra cabhrach a bheith bainteach le haon tionscadal amháin, atá sainithe go soiléir i leith na gcuspóirí atá leis chomh maith le téarmaí a chur chun feidhme, lena n-áirítear rannpháirtithe an togra agus maoiniú an togra (12).

13.

Féadfaidh an Coimisiún “tionscadal comhtháite” a mheas mar thionscadal incháilithe freisin, is é sin, grúpa tionscadal aonair arna gcur isteach i struchtúr, treochlár nó i gclár comhchoiteann a dhíríonn ar an gcuspóir céanna agus atá bunaithe ar chur chuige córasach comhleanúnach. Féadfaidh baint a bheith ag comhpháirteanna aonair den tionscadal comhtháite le leibhéil ar leithligh den slabhra soláthair ach ní mór dóibh a bheith comhlántach agus luach suntasach a chur leis ina rannchuidiú chun an cuspóir Eorpach a bhaint amach (13).

3.2.   Leas na hEorpa i gcoitinne

3.2.1.   Critéir charnacha ghinearálta

14.

Ní mór rannchuidiú tábhachtach coincréiteach, soiléir agus inaitheanta i dtreo chuspóirí nó straitéisí an Aontais a léiriú leis an tionscadal agus ní mór tionchar suntasach a bheith aige ar fhás inbhuanaithe, mar shampla trí bheith an-tábhachtach don Chomhaontú Glas don Eoraip, don Straitéis Dhigiteach, don Deacáid Dhigiteach agus don Straitéis Eorpach maidir le Sonraí, don Straitéis Nua Tionsclaíochta don Eoraip agus an nuashonrú a rinneadh air, do NextGenerationEU, d’Aontas Sláinte na hEorpa (14), don Limistéar Taighde nua Eorpach le haghaidh taighde agus nuálaíochta (15), don Phlean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach (16), nó do chuspóir an Aontais chun bheith aeráidneodrach faoi 2050, i measc cuspóirí eile.

15.

Ní mór a léiriú leis an tionscadal gur dearadh é chun teipeanna tábhachtacha margaidh nó teipeanna sistéamacha a shárú, agus nach bhféadfaí an tionscadal a dhéanamh a mhéid céanna nó ar an mbealach céanna in éagmais na cabhrach, nó go bhfuil sé deartha chun dúshláin shochaíocha a shárú, rudaí nach dtabharfaí aghaidh orthu nó nach réiteofaí ar bhealach leordhóthanach murach é.

16.

Ní mór de ghnáth do cheithre Bhallstát ar a laghad a bheith rannpháirteach sa tionscadal mura bhfuil údar maith le líon níos lú de bharr chineál an tionscadail (17), agus ní mór gan a thairbhí a bheith teoranta do mhaoiniú Ballstát amháin, ach a bheith leathnaithe amach chuig cuid níos leithne den Aontas. Ní mór tairbhí an tionscadail a bheith sainithe go soiléir ar bhealach coincréiteach agus inaitheanta (18).

17.

Ní mór fíordheis a thabhairt do gach Ballstát a bheith rannpháirteach i dtionscadal atá ag teacht chun cinn. Ní mór do Bhallstáit a thugann fógra a léiriú gur cuireadh na Ballstáit uile ar an eolas faoi theacht chun cinn féideartha tionscadail, mar shampla trí bhíthin teagmhálaithe, comhghuaillíochtaí, cruinnithe nó imeachtaí meaitseála a bhfuil FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta rannpháirteach iontu freisin agus ar tugadh deis dóibh a bheith rannpháirteach.

18.

Níor cheart tairbhí an tionscadail a bheith teoranta do na gnóthais ná don earnáil lena mbaineann ach a bheith ábhartha agus i bhfeidhm ar bhealach níos leithne maidir leis an ngeilleagar nó leis an tsochaí san Aontas trí éifeachtaí iarmhartacha dearfacha (amhail éifeachtaí sistéamacha a bheith acu ar leibhéil iomadúla den slabhra luacha, nó ar mhargaí uas-srutha nó íos-srutha, nó úsáidí malartacha a bheith acu in earnálacha eile nó aistriú módúil a bheith ag baint leo) atá sainithe go soiléir ar bhealach coincréiteach agus inaitheanta.

19.

Ní mór cómhaoiniú tábhachtach ón tairbhí a bheith mar chuid den tionscadal freisin (19).

20.

Ní mór do Bhallstáit fianaise a sholáthar cibé an gcomhlíonann, nó nach gcomhlíonann, an tionscadal an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852, nó modheolaíochtaí inchomparáide eile (20). Agus éifeachtaí dearfacha na cabhrach á gcothromú ar an iomlán in aghaidh éifeachtaí diúltacha na cabhrach ar iomaíocht agus trádáil, measfaidh an Coimisiún gur toisc thábhachtach ina mheasúnú go bhfuiltear ag comhlíonadh an phrionsabail sin. Go ginearálta, ní dócha go mbeadh dóthain éifeachtaí leordhóthanacha ag infheistíochtaí a dhéanann dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 a d’fhágfadh go mbeidís níos mó ná na héifeachtaí diúltacha a bheadh acu ar iomaíochas agus trádáil. Tá éifeachtaí dearfacha tionscadail chun aghaidh a thabhairt ar theipeanna tábhachtacha sistéamacha nó margaidh nó ar dhúshláin shochaíocha nach bhféadfaí aghaidh a thabhairt orthu murach sin faoi réir measúnú indibhidiúlaithe i ngach cás.

3.2.2.   Táscairí dearfacha ginearálta

21.

Anuas ar na critéir charnacha i Roinn 3.2.1, tabharfaidh an Coimisiún dá aire go dearfach na gnéithe a leanas arna moladh ag na Ballstáit:

(a)

tá baint ag an gCoimisiún nó ag aon chomhlacht dlíthiúil ar tharmlig an Coimisiún a chumhachtaí chuige le dearadh an tionscadail, amhail an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

(b)

tá baint ag an gCoimisiún nó ag aon chomhlacht dlíthiúil ar tharmlig an Coimisiún a chumhachtaí chuige le roghnú an tionscadail, ar choinníoll go ngníomhaíonn an comhlacht sin chun na críche sin mar struchtúr cur chun feidhme;

(c)

tá baint ag an gCoimisiún nó ag aon chomhlacht dlíthiúil ar tharmlig an Coimisiún a chumhachtaí chuige, agus ag na Ballstáit rannpháirteacha le struchtúr rialachais an tionscadail;

(d)

tá idirghníomhaíochtaí comhoibríocha tábhachtacha i dtéarmaí an líon comhpháirtithe, rannpháirtíocht eagraíochtaí ó earnálacha éagsúla, nó rannpháirtíocht ghnóthais de mhéideanna éagsúla agus, go háirithe, comhar idir fiontair mhóra agus FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, i mBallstáit éagsúla i gceist leis an tionscadal agus tacaíonn sé le forbairt na réigiún atá níos mó faoi mhíbhuntáiste;

(e)

tá comhchistiú nó cómhaoiniú ó chiste de chuid an Aontais (21) i mbainistíocht dhíreach, indíreach nó chomhroinnte, i gceist leis an tionscadal;

(f)

tá ranníocaíocht shuntasach ó infheisteoirí príobháideacha neamhspleácha i gceist leis an tionscadal (22);

(g)

tugtar aghaidh sa tionscadal ar spleáchas straitéiseach suntasach atá sainaitheanta go soiléir.

3.2.3.   Critéir shonracha

22.

Ní mór do thionscadail Taighde agus Forbartha agus Nuálaíochta (“T&F&N”) a bheith de chineál mór-nuálaíochta nó breisluach tábhachtach i dtéarmaí T&F&N a chuimsiú i bhfianaise na scotha san earnáil lena mbaineann (23).

23.

Tionscadail a bhfuil an chéad chur in úsáid tionsclaíoch mar chuid díobh, ní mór dóibh ceadú do tháirge nó seirbhís nua ag a bhfuil ard-inneachar taighde agus nuálaíochta a fhorbairt nó do phróiseas táirgthe atá nuálach go bunúsach a chur in úsáid. Ní cháilíonn uasghráduithe tráthrialta gan gné nuálach maidir le saoráidí atá ann cheana féin ná forbairt leaganacha níos nuaí de tháirgí atá ann cheana mar chéad chur in úsáid tionsclaíoch.

24.

Chun críche na Teachtaireachta seo, ciallaíonn an chéad chur in úsáid tionsclaíoch uas-scálú saoráidí píolótacha, monarchana taispeántais nó trealamh agus saoráidí ceannródaíocha a chumhdaíonn na céimeanna a thagann i ndiaidh na líne píolótaí, lena n-áirítear céim na tástála agus táirgeadh baisce a thabhairt chun scála, ach ní chumhdaítear olltáirgeadh ná gníomhaíochtaí tráchtála leis (24). Cinntear deireadh an chéad chur in úsáid tionsclaíoch ag cur, inter alia, na dtáscairí ábhartha a bhaineann le T&F&N lena léirítear acmhainneacht chun tús a chur le holltáirgeadh, san áireamh. Féadfar na chéad ghníomhaíochtaí cur in úsáid tionsclaíoch a mhaoiniú le Státchabhair a fhad agus a leanann an chéad chur in úsáid thionsclaíoch as gníomhaíocht T&F&N arb é atá ann comhpháirt thábhachtach T&F&N ann féin ar eilimint dhílis agus riachtanach é le haghaidh chur chun feidhme rathúil an tionscadail. Ní gá go dtabharfadh an t-eintiteas céanna a rinne an ghníomhaíocht T&F&N faoin gcéad chur in úsáid tionsclaíoch, a fhad agus a fhaigheann an t-eintiteas sin na cearta chun na torthaí ón ngníomhaíocht T&F&N a úsáid, agus go dtugtar tuairisc ar an ngníomhaíocht T&F&N agus ar an gcéad chur in úsáid tionsclaíoch araon sa tionscadal.

25.

Tionscadail bhonneagair sna hearnálacha comhshaoil, fuinnimh, iompair, sláinte nó digiteacha, a mhéid nach gcumhdaítear iad le pointí 22 agus 23, ní mór tábhacht mhór a bheith iontu do straitéisí comhshaoil, aeráide, fuinnimh (lena n-áirítear slándáil agus soláthar fuinnimh), iompair, sláinte, tionsclaíocha nó digiteacha an Aontais nó ní mór dóibh cur leis an margadh inmheánach ar bhealach suntasach, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do na hearnálacha sonracha sin, agus d’fhéadfaí tacú leo ar feadh na tréimhse go dtí go mbeidh siad feidhmiúil go hiomlán i ndiaidh a dtógála.

3.3.   Tábhacht an tionscadail

26.

Chun cáiliú mar IPCEI, ní mór do thionscadal a bheith tábhachtach go cainníochtúil nó go cáilíochtúil. Ba cheart don tionscadal a bheith tábhachtach go háirithe ó thaobh méide nó raoin feidhme de nó riosca an-suntasach teicneolaíochta nó airgeadais, nó an dá cheann a bheith ag baint leis. Chun tábhacht tionscadail a chinneadh, cuirfidh an Coimisiún na critéir a leagtar amach i roinn 3.2 san áireamh.

4.   CRITÉIR CHOMHOIRIÚNACHTA

27.

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar chomhoiriúnacht státchabhrach leis an margadh inmheánach chun feidhmiú IPCEI a chur chun cinn ar bhonn Airteagal 107(3), pointe (b) den Chonradh, cuirfidh an Coimisiún na critéir (25) a leagtar amach i ranna 4.1, 4.2 agus 4.3 den Teachtaireacht seo san áireamh.

28.

Déanfaidh an Coimisiún, de réir bhrí roinn 4.2, tástáil cothromúcháin chun a mheas cibé an mó, nó nach mó, éifeachtaí dearfacha beartaithe na cabhrach ná na héifeachtaí diúltacha féideartha.

29.

Ag cur cineál an tionscadail san áireamh, féadfaidh an Coimisiún glacadh leis go bhfuil teipeanna tábhachtacha margaidh nó sistéamacha nó dúshláin shochaíocha atá ann, chomh maith leis an rannchuidiú le leas na hEorpa i gcoitinne, le haghaidh comhpháirteanna aonair de thionscadal comhtháite ina gcomhlíonann an tionscadal na critéir incháilitheachta a leagtar amach i Roinn 3.

4.1.   Gá agus comhréireacht na cabhrach

30.

Ní mór gan fóirdheonú a dhéanamh leis an gcabhair ar chostais tionscadail a thabhódh gnóthas ar aon chaoi agus ní mór di gan an gnáthriosca gnó a bhaineann le gníomhaíocht eacnamaíoch a chúiteamh. Ba cheart é a bheith dodhéanta an tionscadal a bhaint amach d’uireasa na cabhrach, nó níor cheart go mbeadh sé indéanta ach ar scála níos lú, le raon feidhme níos cúinge, nó gan dóthain luais, nó ar bhealach éagsúil a chuirfeadh srian suntasach leis na tairbhí a mbeadh coinne leo (26). Ní mheasfar cabhair a bheith comhréireach ach amháin murar féidir an toradh céanna a bhaint amach le níos lú cabhrach.

31.

Ní mór do na Ballstáit faisnéis leordhóthanach a sholáthar don Choimisiún maidir leis an tionscadal ar tugadh an chabhair dó chomh maith le tuairisc chuimsitheach ar an gcás frithfhíorasach, a chomhfhreagraíonn do chás nach ndeonaíonn aon Bhallstát aon chabhair (27). D’fhéadfadh an cás frithfhíorasach a bheith ann in éagmais tionscadail mhalartaigh, i gcás ina dtacaíonn fianaise gurb é sin an cás frithfhíorasach is dóichí, nó i dtionscadal malartach a mheasann ceann de na tairbhithe ina gcinnteoireacht inmheánach, agus d’fhéadfadh sé go mbainfeadh sé le tionscadal malartach a dhéantar ina iomláine nó i bpáirt lasmuigh den Aontas. Chun creidiúnacht an cháis fhrithfhíorasaigh a chuireann na tairbhithe i láthair a thaispeáint, iarrtar ar na Ballstáit a thugann fógra doiciméid inmheánacha ábhartha a sholáthar de na tairbhithe, amhail cuir i láthair, anailísí, tuarascálacha agus staidéir de chuid an bhoird (28).

32.

In éagmais tionscadail mhalartaigh, fíoróidh an Coimisiún nach mó méid na cabhrach ná an t-íosmhéid is gá don tionscadal a fhaigheann cabhair le bheith sách brabúsach, mar shampla trí chur ar a chumas dó ráta toraidh inmheánach a bhaint amach a chomhfhreagraíonn don tagarmharc nó don íosráta toraidh a bhaineann go sonrach leis an earnáil nó leis an ngnólacht. Féadfar gnáthrátaí toraidh a éilíonn na tairbhithe i dtionscadail infheistíochta eile den chineál céanna, a gcostais chaipitil ina n-iomláine nó torthaí a fheictear go coitianta sa tionscal lena mbaineann a úsáid chun na críche sin freisin. Ní mór gach costas agus tairbhe ábhartha a bhfuil coinne leo thar shaolré an tionscadail a mheas.

33.

Déanfar an leibhéal uasta cabhrach a cheadófar a chinneadh maidir leis an mbearna cistithe sainaitheanta i ndáil leis na costais incháilithe. Má thugann an anailís ar an mbearna cistithe údar leis, d’fhéadfadh an déine cabhrach na costais incháilithe uile a chumhdach. Tagraíonn an bhearna cistithe don difríocht idir na sreafaí airgid dearfacha agus na sreafaí airgid diúltacha le linn shaolré na hinfheistíochta, agus iad lascainithe chuig a luach reatha ar bhonn fachtóra lascainithe iomchuí a léiríonn an ráta toraidh is gá don tairbhí chun an tionscadal a dhéanamh, go háirithe i bhfianaise na rioscaí a bhaineann leis. Leagtar amach na costais incháilithe san Iarscríbhinn (29).

34.

I gcás ina léirítear, mar shampla trí bhíthin doiciméid inmheánacha cuideachta, go bhfuil rogha shoiléir roimh thairbhí na cabhrach idir an tionscadal a fhaigheann cabhair nó tionscadal malartach gan chabhair, déanfaidh an Coimisiún comparáid idir glanluachanna na hinfheistíochta a bhfuil coinne leo sa tionscadal a fhaigheann cabhair agus an tionscadal frithfhíorasach, agus na féidearthachtaí go dtarlódh na cásanna gnó éagsúla á gcur san áireamh.

35.

Féadfar státchabhair chun feidhmiú IPCEInna a chur chun cinn a charnadh in éineacht le cistiú ón Aontas nó le Státchabhair eile, ar choinníoll nach mó méid iomlán an chistithe poiblí a dheonaítear i ndáil leis na costais incháilithe céanna ná an ráta cistithe is fabhraí a leagtar síos sna rialacha is infheidhme de dhlí an Aontais.

36.

Mar chosaint bhreise chun a áirithiú go mbíonn an Státchabhair fós comhréireach agus teoranta don mhéid is gá, féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar an mBallstát a thugann fógra sásra aisghlámtha a chur chun feidhme (30). Ba cheart don mheicníocht aisghlámtha dáileadh cothrom de ghnóthachain bhreise a áirithiú i gcás ina bhfuil an tionscadal níos brabúsaí ná mar a bhí coinne leis san anailís ar an mbearna cistithe dá tugadh fógra agus níor cheart feidhm a bheith leis ach amháin ar na hinfheistíochtaí sin, bunaithe ar na torthaí sreafa airgid ex post agus ar eisíocaíochtaí Státchabhrach, a bhaineann ráta toraidh amach ar mó é ná costas caipitil na dtairbhithe. Ba cheart go saineofaí roimh ré in aon mheicníocht aisghlámtha den sórt sin chun intuarthacht airgeadais a sholáthar le haghaidh tairbhithe tráth a dhéantar cinneadh maidir le rannpháirtíocht sa tionscadal. Ba cheart meicníocht den sórt sin a dhearadh ar bhealach chun dreasachtaí láidre a choinneáil le haghaidh tairbhithe chun a n-infheistíocht agus a bhfeidhmíocht tionscadail a uasmhéadú.

37.

Cuirfidh an Coimisiún na gnéithe a leanas san áireamh ina anailís:

(a)

sonraíocht an athraithe atá beartaithe: ní mór don Bhallstát an t-athrú in iompraíocht a bhfuil coinne leis mar gheall ar an Státchabhair a shonrú, is é sin, cibé a chuirfear, nó nach gcuirfear, tús le tionscadal nua, nó cibé a dhéanfar nó nach ndéanfar méid, raon feidhme, luas nó gné thrasteorann de thionscadal a fheabhsú. Ní mór don athrú in iompraíocht a shainaithint trí chomparáid a dhéanamh idir an toradh a bhfuil coinne leis agus an leibhéal gníomhaíochta beartaithe leis an gcabhair agus gan an chabhair. Léirítear sa difríocht idir an dá chás tionchar an bhirt cabhrach agus an éifeacht dreasachta atá aige;

(b)

an leibhéal brabúsachta: i gcás nach mbeadh tionscadal brabúsach leis féin ar bhealach leordhóthanach go dtabharfadh gnóthas príobháideach faoi, ach go nginfeadh sé tairbhí tábhachtacha don tsochaí, is mó is dóichí go mbeadh éifeacht dreasachta ag an gcabhair.

38.

Ionas go dtabharfaí aghaidh ar shaobhadh díreach nó indíreach iarbhír nó féideartha ar an trádáil idirnáisiúnta, d’fhéadfadh an Coimisiún a chur san áireamh go bhfuair iomaitheoirí atá suite lasmuigh den Aontas, go díreach nó go hindíreach, cabhair le 3 bliana anuas, nó go bhfaighidh siad cabhair de dhéine coibhéiseach le haghaidh tionscadal comhchosúil. I gcás inar dóichí go dtarlóidh saobhadh ar thrádáil idirnáisiúnta tar éis níos mó ná 3 bliana, áfach, i bhfianaise cineál áirithe na hearnála i gceist, féadfar síneadh a chur leis an tréimhse tagartha dá réir sin. Más féidir ar chor ar bith, soláthróidh an Ballstát lena mbaineann fianaise leordhóthanach don Choimisiún chun é a chur ar a chumas dó measúnú a dhéanamh ar an gcás, go háirithe ar an ngá atá leis an mbuntáiste iomaíoch a bhíonn ag iomaitheoir tríú tír a chur san áireamh. Mura bhfuil fianaise ag an gCoimisiún maidir leis an gcabhair arna dámhadh nó atá beartaithe, d’fhéadfadh sé a chinneadh a bhunú ar fhianaise imthoisceach freisin. Féadfaidh an Coimisiún gníomh iomchuí a ghlacadh freisin chun aghaidh a thabhairt ar shaobhadh ar iomaíocht a eascraíonn as fóirdheontais a fhaightear ó lasmuigh den Aontas.

39.

Le linn don Choimisiún fianaise a bhailiú, féadfaidh sé a chumhachtaí imscrúdaithe a úsáid (31).

40.

Ní mór an rogha maidir le hionstraim chabhrach a dhéanamh ag féachaint ar an teip mhargaidh nó ar theipeanna tábhachtacha sistéamacha eile a fhéachann sí le haghaidh a thabhairt orthu. Mar shampla, i gcás inarb é easpa rochtana ar mhaoiniú an bhunfhadhb, ba cheart do Bhallstáit cabhair i bhfoirm tacaíochta leachtachta, amhail iasacht nó ráthaíocht, a roghnú de ghnáth (32). I gcás ina bhfuil gá leis freisin chun méid áirithe comhroinnte riosca a sholáthar don ghnóthas, ba cheart airleacan inaisíoctha a bheith ar an rogha ionstraime cabhrach de ghnáth. Measfar gur táscaire dearfach iad ionstraimí cabhrach inaisíoctha go ginearálta.

41.

Measfar gur táscaire dearfach é roghnú tairbhithe trí nós imeachta iomaíoch, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach.

4.2.   Saobhadh míchuí ar iomaíocht a sheachaint agus tástáil cothromúcháin

42.

Ní mór do na Ballstáit fianaise a sholáthar gurb éard atá sa bheart cabhrach beartaithe an ionstraim beartais iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar chuspóir an tionscadail. Ní bhreithneofar go mbeidh beart cabhrach iomchuí más rud é gur féidir an toradh céanna a bhaint amach le hionstraimí beartais eile nach bhfuil chomh saobhach céanna nó le cineálacha ionstraimí cabhrach eile nach bhfuil chomh saobhach céanna.

43.

Chun go mbeidh an chabhair comhoiriúnach, ní mór éifeachtaí diúltacha an bhirt cabhrach i dtéarmaí saobhadh ar an iomaíocht agus tionchar ar an trádáil idir na Ballstáit a bheith teoranta agus gur mó na héifeachtaí dearfacha a bhaineann léi i dtéarmaí rannchuidiú leis an gcuspóir maidir le leas na hEorpa i gcoitinne.

44.

Agus measúnú á dhéanamh ar éifeachtaí diúltacha an bhirt cabhrach, díreoidh an Coimisiún a anailís ar an tionchar intuartha a d’fhéadfadh a bheith ag an gcabhair ar an iomaíocht idir gnóthais sna margaí táirgí lena mbaineann, lena n-áirítear margaí uas-srutha nó íos-srutha, agus an riosca a bhaineann le ró-acmhainneacht.

45.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an riosca a bhaineann le foriamh agus ceannasacht margaidh. Tionscadail a bhfuil tógáil bonneagair i gceist leo (33), ní mór dóibh na prionsabail a bhaineann le rochtain oscailte agus neamh-idirdhealaitheach ar an mbonneagar agus praghsáil agus feidhmiú líonra neamh-idirdhealaitheach a chomhlíonadh, lena n-áirítear iad siúd a leagtar síos i ndlí an Aontais (34).

46.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na héifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ar thrádáil, lena n-áirítear an riosca maidir le rás fóirdheontais idir Ballstáit, rud a d’fhéadfadh tarlú go háirithe maidir leis an rogha suímh.

47.

Sa mheasúnú a dhéanfaidh sé ar na héifeachtaí diúltacha féideartha ar thrádáil, measfaidh an Coimisiún cibé atá, nó nach bhfuil, an chabhair ag brath ar athshocrú gníomhaíocht táirgthe nó aon ghníomhaíocht eile de chuid an tairbhí ó Pháirtí Conarthach eile sa Chomhaontú LEE chuig críoch an Bhallstáit a bhfuil an chabhair á deonú aige. Dhealródh sé go mbeadh coinníoll den sórt sin díobhálach don mhargadh inmheánach, gan beann ar an líon post a cailleadh iarbhír le bunú tosaigh an tairbhí in LEE, agus ní dócha go ndéanfaidh aon éifeacht dhearfach é sin a chúiteamh.

4.3.   Trédhearcacht

48.

Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go bhfoilseofar an fhaisnéis seo a leanas i modúl an Choimisiúin maidir le trédhearcacht dámhachtana nó ar shuíomh gréasáin Státchabhrach cuimsitheach, ar leibhéal náisiúnta nó réigiúnach:

(a)

téacs iomlán an chinnidh deonúcháin cabhrach aonair agus a fhorálacha cur chun feidhme, nó nasc chuige;

(b)

aitheantas an údaráis nó na n-údarás deonúcháin;

(c)

ainm agus aitheantóir gach tairbhí, cé is moite de rúin ghnó agus faisnéis rúnda eile i gcásanna a dtabharfar údar cuí leo agus faoi réir chomhaontú an Choimisiúin i gcomhréir le Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le rúndacht ghairmiúil i gcinntí Státchabhrach (35);

(d)

an ionstraim chabhrach (36), an ghné chabhrach agus, i gcás ina mbeidh sé éagsúil leis, méid ainmniúil na cabhrach, arna shloinneadh mar an méid iomlán san airgeadra náisiúnta a deonaíodh do gach tairbhí;

(e)

an dáta deonaithe agus an dáta foilsithe;

(f)

an cineál tairbhí (FBM/cuideachta mhór/gnólacht nuathionscanta);

(g)

an réigiún ina bhfuil an tairbhí lonnaithe (ar leibhéal NUTS II nó faoina bhun);

(h)

an phríomhearnáil eacnamaíoch ina bhfuil a chuid gníomhaíochtaí ag an tairbhí (ar leibhéal ghrúpa NACE);

(i)

cuspóir na cabhrach.

49.

Tá feidhm ag an gceanglas i ndáil le faisnéis a fhoilsiú maidir le dámhachtainí cabhrach aonair níos mó ná EUR 100 000. Ní mór faisnéis den sórt sin a fhoilsiú tar éis an cinneadh chun an chabhair a dheonú a bheith déanta, ní mór í a choimeád ar feadh 10 mbliana ar a laghad agus a bheith ar fáil don phobal i gcoitinne gan srianta (37).

5.   FÓGRA A THABHAIRT, TUAIRISCIÚ AGUS CUR I bhFEIDHM

5.1.   Oibleagáid maidir le fógra a thabhairt

50.

De réir Airteagal 108(3) den Chonradh, ní mór do Bhallstáit fógra a thabhairt don Choimisiún roimh ré maidir le haon phlean atá acu Státchabhair a dheonú nó a athrú, lena n-áirítear cabhair le haghaidh IPCEI.

51.

Iarrtar ar Bhallstáit atá ag gabháil don IPCEI céanna, aon uair is féidir, fógra comhpháirteach a thabhairt don Choimisiún, lena n-áirítear téacs chomhpháirteach ina dtugtar tuairisc ar an IPCEI agus ina léirítear a incháilitheacht.

5.2.   Meastóireacht agus tuairisciú ex post

52.

Ní mór d’fheidhmiú an tionscadail a bheith faoi réir tuairiscithe rialta. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh go ndéanfaí meastóireacht ex post.

5.3.   Iarratas

53.

Cuirfidh an Coimisiún na prionsabail a leagtar amach sa Teachtaireacht seo i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2022.

54.

Cuirfidh an Coimisiún na prionsabail sin i bhfeidhm maidir leis na tionscadail chabhrach uile dá dtugtar fógra ina leith agus a n-iarrtar air cinneadh a dhéanamh ina leith an 1 Eanáir 2022 nó dá éis, fiú i gcás inar tugadh fógra maidir leis an tionscadal roimh an dáta sin.

55.

I gcomhréir leis an bhFógra i dtaca leis na rialacha is infheidhme a chinneadh, ar rialacha iad maidir le measúnú a dhéanamh ar Státchabhair neamhdhleathach (38), cuirfidh an Coimisiún na prionsabail a leagtar amach sa Teachtaireacht seo i bhfeidhm má deonaíodh an chabhair an 1 Eanáir 2022 nó dá éis, agus na rialacha a bhí i bhfeidhm tráth ar deonaíodh an chabhair i ngach cás eile.

(1)  Communication from the Commission to the European Parliament, the European Council, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions – “The European Green Deal”, [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig An Chomhairle Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – “An Comhaontú Glas don Eoraip”], COM(2019) 640 final, 11 Nollaig 2019.

(2)  Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions – “Shaping Europe’s digital future”, [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún – “Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú”], COM(2020) 67 final, 19 Feabhra 2020.

(3)  Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún:the European way for the Digital Decade”, (“Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach don Deacáid Dhigiteach”], COM(2021), 118 final, 9 Márta 2021.

(4)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig An Chomhairle Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – “Straitéis Nua Tionsclaíochta don Eoraip”, COM(2020) 102 final, 10 Márta 2020.

(5)  Communication from the Commission to the European Parliament, the European Council, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions – “Updating the 2020 New Industrial Strategy: [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig An Chomhairle Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Ag Nuashonrú Straitéis Nua Tionsclaíochta don Eoraip: Building a stronger Single Market for Europe’s recovery [Margadh Aonair níos láidre a thógáil le haghaidh théarnamh na hEorpa], COM(2021) 350 final, 5 Bealtaine 2021.

(6)  Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions – “A European strategy for data”, [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, “Straitéis Eorpach maidir le sonraí”], COM(2020) 66 final, 19 Feabhra 2020.

(7)  Communication from the Commission to the European Parliament, the European Council, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions – “Europe’s moment: [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig An Chomhairle Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún:] Repair and Prepare for the Next Generation”, [Deisiú agus Ullmhú don Chéad Ghlúin Eile]”, COM(2020) 456 final, 27 Bealtaine 2020.

(8)  Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions “An SME Strategy for a sustainable and digital Europe” [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún “Straitéis FBM le haghaidh Eoraip inbhuanaithe dhigiteach”], COM(2020)103 final, 10 Márta 2020.

(9)  Treoirlínte maidir le Státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnóthais neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu (IO C 249, 31.7.2014, lch. 1). Mar a mhínítear i mír 23 de na treoirlínte sin, toisc go bhfuil baol ann go dtiocfaidh deireadh leis an ngnóthas ar fad, ní féidir a mheas gur meán cuí é gnóthas i gcruachás chun cuspóirí eile a bhaineann le beartas poiblí a chur chun cinn ach amháin go dtí go ndearbhófar inmharthanacht an ghnóthais sin.

(10)  Teachtaireacht ón gCoimisiún - Creat sealadach le haghaidh bearta Státchabhrach chun tacú leis an ngeilleagar le linn ráig COVID-19 atá ann faoi láthair (IO C 91I, 20.3.2020, lch. 1) agus na leasuithe air.

(11)  Féach, mar shampla, Cás C-156/98, An Ghearmáin v. An Coimisiún, [2000] ECLI:EU:C:2000:467, mír 78 agus Cás C-333/07 Régie Networks v. Rhone Alpes Bourgogne [2008] ECLI:EU:C:2008:764, míreanna 94 go 116.

(12)  I gcás taighde agus forbartha, nuair nach féidir dhá thionscadal nó níos mó a scaradh go soiléir óna chéile agus, go háirithe nuair nach bhfuil dóchúlachtaí neamhspleácha maidir le rath teicneolaíochta acu, ní mór iad a mheas mar thionscadal aonair.

(13)  Tagraítear do thionscadal aonair agus do thionscadal comhtháite mar “tionscadal” anseo feasta.

(14)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig An Chomhairle Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, – “Aontas Sláinte na hEorpa a thógáil - ullmhacht agus athléimneacht”, COM/2020/724 final, 11 Samhain 2020.

(15)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – “Limistéar Eorpach Taighde le haghaidh Taighde agus Nuálaíochta”, COM(2020) 628 final, 30 Meán Fómhair 2020.

(16)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – “Plean nua Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach i gcomhair Eoraip níos glaine agus níos iomaíche”, COM(2020)98 final, 11 Márta 2020.

(17)  Féadfar údar a thabhairt le líon níos lú Ballstát, ach nach lú ná dhá bhallstát, ar bhonn eisceachtúil i ndálaí atá réasúnaithe mar is cuí, mar shampla, má bhaineann an tionscadal le bonneagair thaighde idirnasctha, tionscadail GTE-F agus TEN-T a mbaineann tábhacht thrasnáisiúnta bhunúsach leo toisc go bhfuil siad mar chuid de líonra trasteorann atá nasctha go fisiciúil nó toisc go bhfuil siad fíor-riachtanach chun bainistíocht tráchta nó idir-inoibritheacht thrasteorann a fheabhsú; nó toisc go bhfuil an tionscadal maoinithe le cistí an Aontais, a dteastaíonn forálacha dlíthiúla i leith comhoibriú ó líon níos ísle de Bhallstáit rannpháirteacha. I ngach cás, ní mór tionscadail a dhearadh ar bhealach trédhearcach i gcomhréir le pointe 17.

(18)  Díreach toisc go bhfuil an tionscadal á dhéanamh ag gnóthais i dtíortha éagsúla, nó go n-úsáideann gnóthais atá bunaithe i mBallstáit éagsúla bonneagar taighde ina dhiaidh sin, ní leor na rudaí sin chun tionscadal a cháiliú mar IPCEI. Sheas an Chúirt le beartas an Choimisiúin faoina meastar go bhféadfaí tuairisc a thabhairt ar thionscadal mar thionscadal atá ar son leas na hEorpa i gcoitinne chun críocha Airteagal 107(3), pointe (b) nuair is cuid é de chlár trasnáisiúnta Eorpach a gcomhthacaíonn roinnt rialtas de chuid na mBallstát leis, nó a eascraíonn as gníomhaíocht chomhbheartaithe ag roinnt Ballstát chun bagairt chomhchoiteann a chomhrac. Cásanna Uamtha C-62/87 agus 72/87 Exécutif regional wallon and SA Glaverbel v.an Coimisiún [1988] ECLI:EU:C:1988:132, mír 22.

(19)  Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar mhéid an chómhaoinithe, cuirfidh an Coimisiún saintréithe earnálacha agus FBManna áirithe san áireamh. I gcásanna eisceachtúla, agus in imthosca atá réasúnaithe mar is cuí, féadfaidh an Coimisiún a mheas go bhfuil údar le cabhair fiú in éagmais cómhaoinithe thábhachtaigh ón tairbhí.

(20)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13). Le haghaidh bearta atá comhionann le bearta laistigh de Phleananna Téarnaimh agus Athléimneachta arna bhformheas ag an gComhairle, meastar go gcomhlíontar an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” mar fíoraíodh é sin cheana.

(21)  Ní Státchabhair é cistiú ón Aontas arna bhainistiú go lárnach ag institiúidí, gníomhaireachtaí, comhghnóthais nó comhlachtaí eile de chuid an Aontais nach bhfuil faoi smacht go díreach nó go hindíreach ag na Ballstáit. Féadfar Státchabhair a charnadh le maoiniú ó chiste de chuid an Aontais ar choinníoll go gcomhlíontar an coinníoll i bpointe 35.

(22)  Ní mór cuntas a thabhairt ar an rannchuidiú de shócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe, chomh maith le talamh, ag praghas an mhargaidh.

(23)  D’fhéadfadh, i gcás inarb ábhartha, dul chun cinn céimneach i dtreo na scotha a bheith i gceist leis sin, a mhéid a dhíríonn agus a thugtar tuairisc inchreidte i dtionscadal rannpháirteach ar an mbealach a rachaidh sé thar scoth den sórt sin.

(24)  Déantar díolacháin theoranta, i gcás inar gá san earnáil shonrach, a bhaineann leis an gcéim thástála, lena n-áirítear díolacháin samplaí, díolacháin chun aiseolas a fháil nó díolacháin deimhnithe, a eisiamh ón nóisean a bhaineann le “gníomhaíochtaí tráchtála”.

(25)  De réir na Cúirte Breithiúnais, tairbhíonn an Coimisiún de dhiscréid a mhéid a bhaineann leis an measúnú ar chomhoiriúnacht IPCEInna. Cásanna Uamtha C-62/87 agus 72/87 Exécutif regional wallon and SA Glaverbel v.an Coimisiún [1988] ECLI:EU:C:1988:132, mír 21.

(26)  Ní mór cur i bhfeidhm na cabhrach tarlú sula dtosaíonn na hoibreacha, is é sin ag tús na hoibreacha ullmhúcháin ar an infheistíocht nó an chéad ghealltanas daingean chun trealamh a ordú nó gealltanas eile a chiallaíonn go bhfuil an infheistíocht do-aisiompaithe, cibé acu a tharlaíonn i dtosach. Ní mheastar gur tosach oibreacha é talamh a cheannach ná obair ullmhúcháin a dhéanamh amhail ceadúnais a fháil agus réamhstaidéir fhéidearthachta a dhéanamh.

(27)  Maidir le tionscadail a dhéanann FBManna, d’fhéadfadhéagmais tionscadail mhalartaigh dá dtagraítear i bpointe 32 a bheith mar chás frithfhíorasach.

(28)  I gcás ina bhfuil an fhaisnéis a soláthraíodh cumhdaithe ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla, déanfar í a láimhseáil i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO L 248, 24.9.2015, lch. 9).

(29)  I gcás tionscadail chomhtháite, ní mór do na costais incháilithe a mhionsonrú ar leibhéal gach tionscadail aonair.

(30)  Maidir le tionscadail FBManna, ní gá aon mheicníocht aisghlámtha a chur chun feidhme ach i gcásanna eisceachtúla, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na méideanna cabhrach dá dtugtar fógra le haghaidh tionscadail den sórt sin.

(31)  Féach Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO L 248, 24.9.2015, lch. 9).

(32)  Ní mór do chabhair i bhfoirm ráthaíochtaí a bheith teoranta ó thaobh ama de, agus ní mór do chabhair i bhfoirm iasachtaí a bheith faoi réir tréimhsí aisíocaíochta.

(33)  D’fhonn amhras a sheachaint, ní mheastar gur bonneagair iad línte píolótacha.

(34)  I gcás ina bhfuil bonneagar fuinnimh i gceist le tionscadal, beidh sé faoi réir an rialacháin taraife agus rochtana agus na gceanglas díchuachtai gcás ina gceanglaítear sin le reachtaíocht an mhargaidh inmheánaigh.

(35)  C(2003) 4582 (IO C 297, 9.12.2003, lch. 6).

(36)  Deontas/Fóirdheontais ráta úis Iasacht/Airleacain inaisíoctha/Deontas in-aisíoctha; Ráthaíocht; Buntáiste cánach nó díolúine chánach; Maoiniú riosca; Eile. I gcás ina ndeonaítear an chabhair le níos mó ná ionstraim chabhrach amháin, ní mór an méid cabhrach a sholáthar le hionstraim.

(37)  Ní mór an fhaisnéis sin a fhoilsiú laistigh de 6 mhí ón dáta deonúcháin. I gcás cabhair neamhdhleathach, ceanglófar ar na Ballstáit a áirithiú go bhfoilsítear an fhaisnéis ex post, laistigh de 6 mhí ó dháta an chinnidh ón gCoimisiún. Ní mór an fhaisnéis a bheith ar fáil i bhformáid lena gceadaítear sonraí a chuardach, a bhaint, agus a fhoilsiú go héasca ar an idirlíon, mar shampla i bhformáid CSV nó XML.

(38)  Fógra ón gCoimisiún maidir le cinneadh na rialacha is infheidhme chun measúnú a dhéanamh ar Státchabhair neamhdhleathach (IO C 119, 22.5.2002, lch. 22).


IARSCRÍBHINN

COSTAIS INCHÁILITHE

a)

Staidéir féidearthachta, lena n-áirítear staidéir ullmhúcháin theicniúla, agus na costais a bhaineann leis na ceadanna is gá a fháil chun an tionscadal a réadú.

b)

Costais na n-ionstraimí agus an trealaimh (lena n-áirítear suiteálacha agus feithiclí iompair) a mhéid a úsáidtear le haghaidh an tionscadail iad agus ar feadh na tréimhse a úsáidtear lena haghaidh iad. Mura n-úsáidtear na hionstraimí ná an trealamh sin ar feadh a saolré iomláine le haghaidh an tionscadail, ní mheastar ach na costais dímheasa a chomhfhreagraíonn do shaolré an tionscadail, arna ríomh ar bhonn dea-chleachtas cuntasaíochta, agus na costais sin amháin, a bheith incháilithe.

c)

Costais éadála (nó tógála) foirgneamh, bonneagair agus talún, a mhéid a úsáidtear le haghaidh an tionscadail iad agus ar feadh na tréimhse a úsáidtear lena haghaidh iad. I gcás ina gcinnfear na costais sin maidir leis an luach aistrithe tráchtála nó na costais chaipitil a tabhaíodh iarbhír, seachas na costais dímheasa, ba cheart luach iarmharach na talún, an fhoirgnimh nó an bhonneagair a asbhaint den bhearna chistithe, ex ante nó ex post.

d)

Costais ábhar, soláthairtí agus táirgí comhchosúla eile is gá le haghaidh an tionscadail.

e)

Costais a bhaineann le paitinní agus sócmhainní doláimhsithe eile a fháil, a bhailíochtú agus a chosaint. Costais a bhaineann le taighde conarthach, le heolas agus le paitinní a cheannaítear nó a cheadúnaítear ó fhoinsí seachtracha de réir coinníollacha maidir le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách, mar aon leis na costais a bhaineann le seirbhísí comhairleoireachta agus seirbhísí coibhéiseacha a úsáidtear go heisiach don tionscadal;

f)

Costais phearsanra agus riaracháin (lena n-áirítear forchostais) a thabhaítear go díreach le haghaidh na ngníomhaíochtaí TFN, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí TFN sin a bhaineann leis an gcéad chur in úsáid tionsclaíoch, nó i gcás tionscadal bonneagair, a thabhaítear le linn thógáil an bhonneagair.

g)

I gcás cabhair chuig tionscadal lena mbaineann an chéad chur in úsáid tionsclaíoch, na caiteachais chaipitil agus oibriúcháin a mhéid a úsáidtear le haghaidh an tionscadail iad agus ar feadh na tréimhse a úsáidtear lena haghaidh iad, fad a leanann an cur in úsáid tionsclaíoch as gníomhaíocht TFN agus atá comhchuid thábhachtach TFN ann féin ar eilimint dhílis agus riachtanach í le haghaidh chur chun feidhme rathúil an tionscadail ina chuid de. Ní mór baint a bheith ag na caiteachais oibriúcháin leis an gcomhchuid sin den tionscadal.

h)

Féadfar glacadh le costais eile má tá údar leis sin, agus i gcás ina mbeidh siad nasctha go dlúth le réadú an tionscadail, agus costais oibriúcháin nach gcumhdaítear le pointe (g) á n-eisiamh.