28.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 342/5


Faisnéis atá le cur ar fáil de bhun Airteagal 5(2) Bunú Grúpála Eorpaí um Chomhar Críochach (GECC)

(Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 (IO L 210, 31.7.2006, lch. 19))

(2023/C 342/05)

I.1)   Ainm, seoladh agus pointe teagmhála

Ainm cláraithe: Evropsko združenje za teritorialno sodelovanje ‘Poti prihodnosti – Ljubljana – Novo mesto – Karlovec – Zagreb’ z omejeno odgovornostjo

Oifig chláraithe: 15, Podbreznik, 8000 Novo Mesto, an tSlóivéin

Pointe teagmhála: Tomaž Savšek, Stiúrthóir Gníomhach, mailto:info@future-paths.eu

I.2)   Fad na Grúpála

Fad na grúpála: tréimhse éiginnte

Dáta clárúcháin: 2.8.2023

Dáta clárúcháin: 21.10.2022

II.   CUSPÓIRÍ

Tá sé d’aidhm ag an ngrúpáil Eorpach um chomhar críochach (GECC):

1.

borradh a chur faoin éileamh ar iompar paisinéirí trí iompar poiblí iarnróid a ndéanfar rialú air agus a bheidh nua-aimseartha, tapa agus sábháilte ar bhonn trasteorann agus réigiúnach;

2.

feabhas suntasach a chur ar cháilíocht na seirbhísí i gcomhréir le riachtanais, ionchais agus éilimh na bpaisinéirí sa lá atá inniu ann;

3.

borradh a chur faoin úsáid a bhaintear as iompar poiblí do phaisinéirí, go háirithe an t-iompar d’iarnród, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as ardteicneolaíochtaí cliste agus an digitiú;

4.

iontaofacht na seirbhísí agus an fhreagrúlacht ar fud an iompair phoiblí d’iarnród a fheabhsú;

5.

an t-ualach ar an gcomhshaol a laghdú san fhadtéarma, agus naisc bhóthair a shaoradh ar an leibhéal trasteorann, ar an leibhéal réigiúnach agus níos faide i gcéin;

6.

an comhar foriomlán trasteorann, an fhorbairt, an comhordú polaitiúil ar an leibhéal áitiúil agus ionadaíocht leasanna na réigiún trasteorann ina n-iomláine a neartú a mhéid a bhaineann le beartas réigiúnach inbhuanaithe agus soghluaisteacht inbhuanaithe, agus úsáid á baint as modhanna iompair atá neamhdhíobhálach don chomhshaol;

7.

paisinéirí a bhfuil cuspóirí difriúla taistil acu a mhealladh chun an t-iompar d’iarnród a roghnú agus an t-iompar lasta d’iarnród a mhéadú;

8.

seirbhísí nuálacha nua-aimseartha a chur in úsáid laistigh den iompar poiblí iarnróid trasteorann agus réigiúnach do phaisinéirí;

9.

roinnt gníomhaíochtaí gearrthéarmacha a dhéanamh, e.g. tráthchláir a chomhordú; bóithre rochtana agus conairí rothar chuig stáisiúin iarnróid a thógáil; an rogha a chur ar fáil rothair, rothair leictreacha agus feithiclí leictreacha a thógáil amach ar cíos ag stáisiúin iarnróid; pointí páirceála agus taistil, saoráidí stórála rothar agus spásanna páirceála (clúdaithe agus eile) a eagrú;

10.

seirbhísí lóistíochta iompair trasteorann agus réigiúnacha inbhuanaithe a thabhairt isteach;

11.

glúnta nua d’fheithiclí iarnróid a cheannach lena n-úsáid san iompar poiblí iarnróid trasteorann agus réigiúnach do phaisinéirí (e.g. carráistí paisinéirí lenar féidir rothair a chur san áireamh);

12.

samhail chomhtháite trasteorann agus réigiúnach de sheirbhísí cliste a chur chun feidhme trí úsáid a bhaint as ardáin dhigiteacha agus feidhmchláir dhigiteacha, agus, ar an gcaoi sin, imscaradh nasc iompair idirmhódúil ardcháilíochta san iompar poiblí iarnróid trasteorann agus réigiúnach do phaisinéirí a chur chun cinn;

13.

taisteal ardluais agus ardleibhéil seirbhíse atá inchomparáide le seirbhísí in Iarthar na hEorpa a bhaint amach, an sciar paisinéirí san iompar poiblí iarnróid trasteorann agus réigiúnach do phaisinéirí a mhéadú agus sábháilteacht a mhéadú ar fud dheighleog iomlán an iompair d’iarnród;

14.

dícharbónú earnáil an iompair a fheabhsú agus an inbhuanaitheacht a chur chun cinn i ngach deighleog den earnáil;

15.

réimsí eile a fhorbairt freisin, a bhféadfadh tionchar breise a bheith acu, i dteannta a chéile, ar fhorbairt na sochaí, amhail an turasóireacht agus naisc nua rothaíochta a fhorbairt, agus cruthú post nua feadh na mbealaí iarnróid a éascú, etc.

III.   SONRAÍ BREISE MAIDIR LE hAINM NA GRÚPÁLA

Ainm as Béarla: European Grouping of Territorial Cooperation ‘Paths of the Future – Ljubljana – Novo Mesto – Karlovec – Zagreb’, with limited liability

IV.   BAILL

IV.1)   Líon iomlán na mball sa ghrúpáil: 13

IV.2)   Náisiúntachtaí na mball sa ghrúpáil: SL, HR

IV.3)   Faisnéis faoi na baill

Ainm oifigiúil: OBČINA ŠKOFLJICA

Seoladh poist: 3, Šmarska cesta, 1291 ŠKOFLJICA, AN tSLÓIVÉIN

Cineál ballraíochta: údarás áitiúil

Ainm oifigiúil: OBČINA GROSUPLJE

Seoladh poist: 2, TABORSKA CESTA, 1290 GROSUPLJE, AN tSLÓIVÉIN

Cineál ballraíochta: údarás áitiúil

Ainm oifigiúil: OBČINA IVANČNA GORICA

Seoladh poist: 8, SOKOLSKA ULICA, 1295 IVANČNA GORICA, AN tSLÓIVÉIN

Cineál ballraíochta: údarás áitiúil

Ainm oifigiúil: OBČINA TREBNJE

Seoladh poist: 5, GOLIEV TRG, 8210 TREBNJE, AN tSLÓIVÉIN

Cineál ballraíochta: údarás áitiúil

Ainm oifigiúil: OBČINA MIRNA PEČ

Seoladh poist: 2, TRG, 8216 MIRNA PEČ, AN tSLÓIVÉIN

Cineál ballraíochta: údarás áitiúil

Ainm oifigiúil: MESTNA OBČINA NOVO MESTO

Seoladh poist: 1, SEIDLOVA CESTA, 8000 NOVO MESTO, AN tSLÓIVÉIN

Cineál ballraíochta: údarás áitiúil

Ainm oifigiúil: OBČINA SEMIČ

Seoladh poist: 9, ŠTEFANOV TRG, 8333 SEMIČ, AN tSLÓIVÉIN

Cineál ballraíochta: údarás áitiúil

Ainm oifigiúil: OBČINA ČRNOMELJ

Seoladh poist: 3, TRGO SVOBODE, 8340 ČRNOMELJ, AN tSLÓIVÉIN

Cineál ballraíochta: údarás áitiúil

Ainm oifigiúil: OBČINA METLIKA

Seoladh poist: 24, GOLIEV TRG, 8330 METLIKA, AN tSLÓIVÉIN

Cineál ballraíochta: údarás áitiúil

Ainm oifigiúil: RAZVOJNI CENTER NOVO MESTO D.O.O. [IONAD FORBARTHA NOVO MESTO – COMHLACHT TEORANTA]

Oifig chláraithe: 15, PODBREZNIK, 8000 NOVO MESTO, AN tSLÓIVÉIN

Cineál ballraíochta: comhlacht faoi rialú an dlí phoiblí

Ainm oifigiúil: SLOVENSKE ŽELEZNICE D.O.O. [IARNRÓID NA SLÓIVÉINE – COMHLACHT TEORANTA]

Seoladh poist: 11, KOLODVORSKA ULICA, 1000 LJUBLJANA, AN tSLÓIVÉIN

Cineál ballraíochta: comhlacht faoi rialú an dlí phoiblí

Ainm oifigiúil: KARLOVAČKA ŽUPANIJA

Seoladh poist: 2, AMBROZA VRANICZANYA, 47000 KARLOVAC, AN CHRÓIT

Cineál ballraíochta: údarás réigiúnach

Ainm oifigiúil: HŽ INFRASTRUKTURA D.O.O. [BONNEAGAR IARNRÓID NA CRÓITE – COMHLACHT TEORANTA] – BAINISTIÚ, COTHABHÁIL AGUS TÓGÁIL AN BHONNEAGAIR IARNRÓID

Seoladh poist: 12, MIHANOVIĆEVA, 10000 SÁGRAB, AN CHRÓIT

Cineál ballraíochta: comhlacht faoi rialú an dlí phoiblí