25.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 262/5


Aghaidh náisiúnta nua na mbonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht

(2023/C 262/05)

Image 1

Aghaidh náisiúnta an bhoinn nua chomórtha 2 euro atá ceaptha lena chur i gcúrsaíocht agus arna eisiúint ag an nGréig

Tá stádas dlíthairisceana ar fud an limistéir euro ag boinn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht. Foilsíonn an Coimisiún tuairisc ar dhearadh na mbonn nua uile chun an pobal agus na páirtithe uile a úsáideann na boinn a chur ar an eolas (1). I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 10 Feabhra 2009 (2), ceadaítear do na Ballstáit sa limistéar euro agus do thíortha a bhfuil comhaontú airgeadaíochta tugtha i gcrích acu leis an Aontas Eorpach lena ndéantar foráil maidir le boinn euro a eisiúint, ceadaítear dóibh boinn euro chomórtha a eisiúint, boinn atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, go háirithe nach n-úsáidtear ach an ainmníocht 2 euro. Is ionann na saintréithe teicniúla a bhíonn ag na boinn sin agus na saintréithe a bhíonn ag boinn 2 euro eile, ach tá dearadh comórtha ar a n-aghaidh náisiúnta, dearadh lena mbaineann siombalachas nach beag ó thaobh an náisiúin nó ó thaobh na hEorpa de.

Tír is eisitheoir: an Ghréig

Ábhar an chomórtha: 100 bliain ó rugadh Maria Callas

Tuairisc ar an dearadh: Tá portráid de Maria Calla, an soprán Gréagach mór le rá, le feiceáil sa dearadh. Tá an fhoclaíocht ‘100 BLIAIN Ó RUGADH MARIA CALLAS’ inscríofa ar feadh an chiumhais inmheánaigh, agus ar dheis tá bliain a bhuailte ‘2023’ agus pailméad (marc mionta mhionta na Gréige); faoi bhun na portráide tá an inscríbhinn ‘AN PHOBLACHT HEILLÉANACH’.

Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

An líon measta bonn atá le heisiúint: 750 000

Dáta eisiúna: Iúil 2023


(1)  Féach IO C 373, 28.12.2001, lch. 1 i gcomhair aghaidh náisiúnta na mbonn uile a eisíodh in 2002.

(2)  Féach conclúidí na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an 10 Feabhra 2009 agus an Moladh ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 maidir le treoirlínte comhchoiteanna i dtaca le haghaidh náisiúnta agus eisiúint bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (IO L 9, 14.1.2009, lch. 52).