|
29.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CA 227/1 |
Fógra maidir le Folúntas Seachtrach EUAA/2023/TA/009 — Leas-Stiúrthóra Feidhmiúcháin EUAA
(2023/C 227 A/01)
FAISNÉIS GHINEARÁLTA
|
Foilseachán |
Seachtrach |
|
Teideal na feidhme |
Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin |
|
Catagóir agus grád |
Gníomhaire Sealadach 2(a) (1) — AD 13 |
|
SPRIOC-AM LE hAGHAIDH IARRATAS |
31 IÚIL 2023 — 12.00 (meán-lae) |
1. Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann
Is lárionad saineolais í Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (“EUAA” anseo feasta), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) (an Rialachán maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann), de bhua a neamhspleáchais, de bhua cháilíocht eolaíoch agus theicniúil an chúnaimh a sholáthraíonn sí agus na faisnéise a bhailíonn agus a scaipeann sí, agus de bhua thrédhearcacht a nósanna imeachta agus modhanna oibriúcháin, a díograise i gcomhlíonadh na gcúraimí a shanntar di, agus na tacaíochta teicneolaíochta faisnéise is gá chun a sainordú a chomhlíonadh.
Go sonrach, díríonn EUAA ar na nithe seo a leanas:
|
— |
Rannchuidiú lena chinntiú go gcuirfear dlí an Aontais maidir le tearmann i bhfeidhm go héifeachtúil agus go haonfhoirmeach sna Ballstáit ar bhealach lena ndéantar lánurramú ar chearta bunúsacha. |
|
— |
Gníomhaíochtaí na mBallstát a éascú agus tacú leo maidir leis an gComhchóras Eorpach Tearmainn (CEAS) a chur chun feidhme, lena n-áirítear trí chóineasú a chumasú maidir le measúnú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta ar fud an Aontais agus tríd an gcomhar praiticiúil agus malartú faisnéise a chomhordú agus a neartú. |
|
— |
Feabhas a chur ar fheidhmiú CEAS, lena n-áirítear trí shásra faireacháin (3) agus trí chúnamh oibríochtúil agus teicniúil a sholáthar do na Ballstáit, go háirithe i gcás ina bhfuil a gcórais tearmainn agus ghlactha faoi bhrú díréireach. |
Is féidir cairt eagraíochtúil na Gníomhaireachta a léamh ar shuíomh gréasáin EUAA: https://euaa.europa.eu/about-us/who-we-are
Tá ceanncheathrú na Gníomhaireachta lonnaithe i gCuan Vaileite (Málta) agus tá oifigí breise aici sa Bhruiséil, san Iodáil, sa Ghréig, sa Spáinn agus sa Chipir.
2. Sainchuntas poist
Tabharfaidh an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin cúnamh don Stiúrthóir Feidhmiúcháin maidir le bainistiú na Gníomhaireachta agus comhlíonadh chúraimí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin mar a léirítear thíos agus mar a dtagraítear dóibh in Airteagal 47(5) de Rialachán EUAA. Má bhíonn an Stiúrthóir Feidhmiúcháin as láthair nó mura mbeidh sé nó sí ar fáil, glacfaidh an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin a ionad nó a hionad.
Is é Bord Bainistíochta EUAA a cheapann an sealbhóir poist, as measc rogha iarrthóirí arna moladh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.
Freagrachtaí sonracha
Tuairiscíonn an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin don Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus tugann sé nó sí cúnamh don té sin na dualgais atá air nó uirthi a chur chun feidhme, go háirithe:
|
a) |
Rannchuidiú le bainistiú laethúil na Gníomhaireachta, lena n-áirítear maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme beartais, nósanna imeachta agus treoirlínte inmheánacha lena gcinntítear go bhfuil an Ghníomhaireacht ag feidhmiú i gcomhréir lena sainordú, a cuspóirí agus a misean; |
|
b) |
Gníomhú mar oifigeach tuairiscithe Cheann an Lárionaid Riaracháin, eadhon i ndáil leis na cúraimí a dhéanann an tAonad Acmhainní Daonna, an tAonad Airgeadais, an tAonad Bainistíochta Soláthair agus Saoráidí agus an tAonad um Theicneolaíocht Faisnéise agus Chumarsáide; |
|
c) |
Maoirseacht a dhéanamh ar fhorbairt agus ar chur chun feidhme shainordú faireacháin na Gníomhaireachta; |
|
d) |
Maoirsiú a dhéanamh ar chórais rialaithe inmheánaigh na Gníomhaireachta i gcomhthéacs comhlíonadh dlí agus an dea-rialachais, agus simpliú riaracháin á chur chun cinn go gníomhach an tráth céanna, nuair is féidir é; lena n-áirítear feidhmiú mar oifigeach tuairiscithe Cheann an Aonaid um Rialú Inmheánach agus um Chomhlíonadh; |
|
e) |
Iarrachtaí a chomhordú maidir le leithdháileadh acmhainní a bharrfheabhsú (lena n-áirítear leas a bhaint as catagóirí éagsúla pearsanra agus saineolaithe seachtracha le haghaidh gníomhaíochtaí éagsúla de chuid na Gníomhaireachta); |
|
f) |
Rannpháirtíocht ghníomhach na mball foirne a chothú, lena n-áirítear trí uirlisí cumarsáide inmheánacha; |
|
g) |
Ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na Gníomhaireachta vis-à-vis an Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus comhlachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais Eorpaigh de réir mar a iarrann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin; |
|
h) |
Comhar a fhorbairt agus a éascú idir EUAA agus gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais Eorpaigh, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus údaráis náisiúnta ábhartha de réir mar is gá chun an sainordú a chur chun feidhme agus de réir mar a iarrann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin; |
|
i) |
Aon chúraimí eile a dhéanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a shannadh nó a tharmligean a chur chun feidhme. |
3. Ceanglais
A) Critéir Incháilitheachta
Measfar iarrthóirí a bheith incháilithe lena roghnú ar bhonn na gcritéar foirmiúil seo a leanas a bheith comhlíonta faoin spriocdháta le haghaidh iarratas:
|
1. |
Leibhéal oideachais arb ionann é agus staidéar ollscoile 4 bliana ar a laghad a bheith curtha i gcrích, agus é fianaithe le dioplóma, agus taithí ghairmiúil chuí 15 bliana ar a laghad a bheith gnóthaithe acu tar éis dóibh an dioplóma ollscoile sin a bhaint amach, nó leibhéal oideachais arb ionann é agus staidéar ollscoile 3 bliana ar a laghad a bheith curtha i gcrích, agus é fianaithe le dioplóma, agus taithí ghairmiúil chuí 16 bliana ar a laghad a bheith gnóthaithe acu tar éis dóibh an dioplóma ollscoile sin a bhaint amach (4); |
|
2. |
A bheith ina náisiúnach de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh; |
|
3. |
A bheith i dteideal a gceart iomlán mar shaoránach den Aontas; |
|
4. |
Eolas críochnúil (leibhéal C1 i ngach gné de réir an Chreata Chomhchoitinn Thagartha Eorpaigh le haghaidh Teangacha nó CCTE) a bheith acu ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais agus eolas sásúil (leibhéal B2 i ngach gné de réir CCTE) ar theanga oifigiúil eile de chuid an Aontais a mhéid is gá chun na dualgais a bhaineann leis an bpost a chomhlíonadh (5); |
|
5. |
A bheith in ann sainordú iomlán conartha 5 bliana a chur i gcrích sula mbeidh siad in aois scoir. I gcás baill foirne shealadacha de chuid an Aontais Eorpaigh, sainmhínítear an aois scoir mar dheireadh na míosa ina slánóidh an duine 66 bliana d’aois (6); |
|
6. |
Aon oibleagáidí a bheith comhlíonta acu ar cinn iad a fhorchuirtear orthu de réir na ndlíthe maidir le seirbhís mhíleata; |
|
7. |
Na riachtanais charachtair a bhaineann leis na dualgais atá i gceist a chomhlíonadh (7); |
|
8. |
A bheith corpacmhainneach chun na dualgais a bhaineann leis an bpost a chomhlíonadh (8). |
B) Critéir Roghnúcháin
Má chomhlíontar na critéir incháilitheachta a leagtar amach i roinn A Critéir Incháilitheachta, is ar bhunús na gcritéar roghnúcháin a leanas a dhéanfar meastóireacht ar iarratais na n-iarrthóirí. Tá na critéir sin foroinnte in dhá chatagóir: Critéir Roghnúcháin Riachtanacha agus Bhuntáisteacha.
Tabhair do d’aire gur critéir éigeantacha iad na cinn riachtanacha ar fad, rud a chiallaíonn nach ndéanfar aon iarratas a mheas a thuilleadh má fhaigheann iarrthóir marc nialais in aon cheann de na Critéir Riachtanacha. Tabharfar cuireadh chun agallaimh do na hiarrthóirí is oiriúnaí a bhfuil na marcanna foriomlána is airde acu.
Riachtanach
|
1. |
Taithí ghairmiúil chruthaithe 10 mbliana ar a laghad a fuarthas i gceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas: oifig tearmainn i mBallstát, roinn rialtais a bhainistíonn saincheisteanna tearmainn, gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh nó eagraíocht mhór; |
|
2. |
Eolas maith, cruthaithe ar reachtaíocht an Aontais maidir le beartas tearmainn; |
|
3. |
Taithí ghairmiúil chruthaithe ar sheirbhísí tacaíochta amhail acmhainní daonna, airgeadas, bainistíocht soláthair agus saoráidí, agus teicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide; |
|
4. |
Taithí ghairmiúil chruthaithe lena léirítear an cumas gníomhaíochtaí de chuid na heagraíochta a phleanáil, a mhaoirsiú agus a mheas, agus, an tráth céanna, tomhas a dhéanamh ar thorthaí agus díriú ar fhíorais chriticiúla i gcreataí casta dlíthiúla agus beartais; |
|
5. |
Taithí ghairmiúil chruthaithe lena léirítear scileanna anailíseacha an-mhaith agus an cumas fadhbanna eagraíochtúla agus oibríochtúla a réiteach; |
|
6. |
Taithí ghairmiúil chruthaithe 5 bliana ar a laghad i bhfeidhm bainistíochta ardleibhéil de chuid eagraíocht mhór; |
|
7. |
Taithí ghairmiúil chruthaithe ar phróisis athraithe a bhainistiú i bhfeidhm bainistíochta ardleibhéil (9); |
|
8. |
Taithí ghairmiúil chruthaithe lena léirítear an cumas foirne ilchultúrtha ina bhfuil daoine ardcháilithe a stiúradh, a spreagadh agus a fhorbairt ionas go mbainfear barr a gcumas amach; |
|
9. |
Taithí ghairmiúil chruthaithe lena léirítear an cumas gníomhaíochtaí éagsúla a chomhordú i gcomhar le geallsealbhóirí inmheánacha agus seachtracha na heagraíochta chun a spriocanna straitéiseacha a bhaint amach; |
|
10. |
Taithí ghairmiúil chruthaithe lena léirítear sárscileanna cumarsáide; |
|
11. |
Taithí ghairmiúil chruthaithe lena léirítear an cumas a bheith ag obair i ndlúthpháirt leis an bhfoireann bainistíochta a bhfuilítear páirteach inti agus gníomhú mar bhall éifeachtach d’fhoireann. |
Buntáisteach
|
1. |
Tuiscint chríochnúil ar Institiúidí an Aontais Eorpaigh agus ar an gcaoi a mbíonn siad ag oibriú agus ag idirghníomhú, agus ar bheartais an Aontais Eorpaigh agus gníomhaíochtaí idirnáisiúnta atá ábhartha i leith ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta; |
|
2. |
Taithí ghairmiúil chruthaithe ar ionadaíocht a dhéanamh d’ardfheidhmeanna riaracháin. |
C) Critéir bhreise do chéim an mheasúnaithe
I gcás iarrthóirí a dtugtar cuireadh dóibh chuig an bpróiseas agallaimh (agallamh, triail scríofa agus ionad measúnaithe), déanfar iad a mheasúnú ar bhonn na gcritéar riachtanach agus buntáisteach a thuairiscítear i Roinn B Critéir Roghnúcháin, agus ar bhonn na gcritéar breise a leanas a bhaineann leis an bpost:
|
1. |
Sárscileanna cumarsáide maidir le scríobh agus labhairt an Bhéarla, teanga oibre EUAA; |
|
2. |
A bheith in ann úsáid chumasach a bhaint as trealamh leictreonach oifige agus feidhmchláir oifige (próiseáil focal, scarbhileoga, cuir i láthair, cumarsáid leictreonach, an t-idirlíon, etc.); |
|
3. |
An cumas a bheith ag obair faoi bhrú agus spriocdhátaí a chomhlíonadh i leith cúraimí éagsúla; |
|
4. |
Sárscileanna pleanála agus eagrúcháin agus an cumas torthaí a sholáthar faoi bhrú; |
|
5. |
An cumas na cúraimí is tábhachtaí a chur in ord tosaíochta, a bheith ag obair ar bhealach solúbtha agus a n-ualach oibre féin agus ualach oibre daoine eile a eagrú go héifeachtúil; |
|
6. |
Sárscileanna anailíseacha agus taighde; |
|
7. |
Eolas den scoth ar acquis an Aontais Eorpaigh i dtaobh gnéithe a bhaineann leis an tearmann, agus saineolas teicniúil air; |
|
8. |
Cumas tréan i dtaobh a bheith ag obair go héifeachtach i bhfoireann ildisciplíneach i dtimpeallacht ilchultúrtha ilteangach; |
|
9. |
Eolas fairsing ar mhisean agus eagrú EUAA; |
|
10. |
An cumas freagracht phearsanta a ghlacadh as obair ar ardchaighdeán a sheachadadh faoi réir nósanna imeachta réamhshocraithe, agus treallús a léiriú ina leith sin; |
|
11. |
A léiriú go soiléir go bhfuiltear ag díriú ar chustaiméirí (inmheánacha agus seachtracha); |
|
12. |
Próisis chórasacha agus mhodheolaíocha a bhunú i dtionscadail agus san obair a dhéanann an duine féin, agus san obair a dhéanann a fhoireann nó a foireann; |
|
13. |
An cumas daoine agus foirne a threorú agus a bhainistiú chun torthaí a bhaint amach. |
4. An próiseas earcaíochta
A) Iarrthóirí incháilithe a shainaithint
Tar éis an sprioc-ama i gcomhair iarratais a chur isteach, fíoróidh an Coiste Roghnúcháin na hiarratais a cuireadh isteach de réir na gcritéar incháilitheachta a thuairiscítear i Roinn 3A (“Critéir Incháilitheachta”). Déanfar gach iarratas a chomhlíonann na coinníollacha sin a mheasúnú ansin de réir “Critéir Roghnúcháin” faoi Roinn 3B.
B) Tuilleadh anailíse ar iarratais
Tar éis an mheasúnaithe tosaigh sin, déanfaidh an Coiste Roghnúcháin comparáid idir iarratais na n-iarrthóirí incháilithe agus tagairt á déanamh dóibh seo a leanas:
|
— |
Na Critéir Roghnúcháin (“Riachtanach” agus “Buntáisteach”); |
|
— |
Cáilíocht fhoriomlán an iarratais agus oiriúnacht na n-iarrthóirí don phost i gcomparáid leis an bpróifíl phoist a leagtar síos. |
Tabhair do d’aire go bhfuil na Critéir Riachtanacha Roghnúcháin éigeantach, agus ní dhéanfar measúnú breise ar aon iarratas más rud go bhfuil ceann de na critéir sin nach gcomhlíontar é.
Ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coiste Roghnúcháin liosta de na hiarrthóirí is oiriúnaí a bhfuil cuireadh le tabhairt dóibh chuig céim an mheasúnaithe. Is i mBéarla a dhéanfar na measúnuithe sin. Ní thabharfar fógra faoi sin ach do na hiarrthóirí atá ar an ngearrliosta agus a dtabharfar cuireadh chuig an agallamh agus an triail scríofa dóibh.
C) Céim an mheasúnaithe
Tá na comhpháirteanna seo a leanas i gcéim an mheasúnaithe:
|
a) |
Triail scríofa ar inniúlacht theicniúil agus/nó aon mheasúnú eile a mheastar a bheith riachtanach don phost; |
|
b) |
Agallamh leis an gCoiste Roghnúcháin; |
|
c) |
Ionad measúnaithe. |
Ceapfar céim an mheasúnaithe chun meastóireacht a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:
|
— |
Inniúlacht ghinearálta agus cumas teanga a mhéid is gá chun a ndualgais a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 12.2(e) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh; |
|
— |
Inniúlachtaí sonracha agus aird ar phróifílí na n-iarratasóirí i gcomhréir leis na critéir a shonraítear i Roinn 3C (“Critéir bhreise do chéim an mheasúnaithe”) den Fhógra Folúntais; |
|
— |
Déanfar anailís ar scileanna bainistíochta praiticiúla in ionad measúnaithe ar líne, ina n-áireofar cleachtaí agus gníomhaíochtaí grúpa agus cinn aonair chomh maith le hagallaimh dhomhain. Is soláthraí seachtrach a dhéanfaidh iad sin. |
Tabhair do d’aire nach gcuirfear ar an liosta ionadaithe ach na hiarrthóirí sin a n-éireoidh leo i ngach gné de chéim an mheasúnaithe.
D) Doiciméid tacaíochta a fhíorú
Ní iarrfar ach ar na hiarrthóirí a fhaigheann an tairiscint phoist i scríbhinn (litir thairisceana) bunchóipeanna nó cóipeanna deimhnithe de na doiciméid a liostaítear thíos a chur ar fáil chun cruinneas agus incháilitheacht an iarratais a dheimhniú i gcomparáid lena gcuid doiciméad tacaíochta:
|
— |
Doiciméad lena gcruthaítear saoránacht an iarrthóra (e.g. pas); |
|
— |
Aon cháilíocht acadúil a luaitear san iarratas; |
|
— |
Aon taithí ghairmiúil a luaitear san iarratas. |
Féadfar an nós imeachta roghnúcháin sin, nó céimeanna ar leith de, a eagrú ar líne. Sa chás sin, cuirfidh EUAA faisnéis bhreise ar fáil d’iarrthóirí a dtabharfar cuireadh chun agallaimh dóibh maidir leis na socruithe praiticiúla don mheasúnú.
E) Liosta ionadaithe a bhunú d’iarrthóirí ar éirigh leo
Bunófar liosta ionadaithe ar a mbeidh triúr iarrthóirí ar a laghad ar bhonn thoradh chéim an mheasúnaithe agus beidh an liosta sin bailí go dtí deireadh na bliana reatha ó dháta a bhunaithe.
Tabharfaidh iarrthóirí dá n-aire nach bhfágann áireamh ar an liosta ionadaithe go n-earcófar an té sin. Beidh aon earcaíocht a dhéanfar amach anseo faoi réir poist agus buiséad a bheith ar fáil.
F) Ceapadh an iarrthóra a n-éireoidh leis nó léi
Ceapfaidh an Bord Bainistíochta an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ar bhonn liosta ar a mbeidh triúr iarrthóirí ar a laghad arna moladh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar bhonn liosta ionadaithe d’iarrthóirí ar éirigh leo, a luaitear sa roinn roimhe seo.
Féadfaidh an Bord Bainistíochta agallamh breise a chur ar na hiarrthóirí a mholfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.
Sula rachaidh sé nó sí i mbun dualgas, iarrfar ar an iarrthóir a n-éireoidh leis nó léi dul faoi scrúdú leighis éigeantach a dhéanfaidh oifigigh leighis an Choimisiúin, rud a chuirfidh ar a chumas do EUAA a chinntiú go gcomhlíonann an té sin an ceanglas a luaitear in Airteagal 12(2)(d) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh.
Beidh ar an iarrthóir a roghnófar dul faoi nós imeachta grinnfhiosrúcháin a dhéanfaidh Údarás Slándála Náisiúnta stát saoránachta an iarratasóra chun imréiteach slándála pearsanra a fháil. Braitheann leibhéal an imréitigh sin ar an bpost sonrach. I gcás iarrthóirí a bhfuil imréiteach slándála pearsanra bailí acu ar an leibhéal a cheanglaítear (nó ar leibhéal níos airde), tráth na hiarrata, d’fhéadfadh sé nach mbeadh orthu ceann nua a fháil agus deimhneoidh a nÚdarás Slándála Náisiúnta faoi seach an amhlaidh atá. Cuirfidh Údarás Slándála Náisiúnta an iarrthóra tuairim nó imréiteach slándála pearsanra ar fáil don Ghníomhaireacht i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta ábhartha. I gcás nach bhfuil imréiteach slándála bailí ar an leibhéal thuasluaite ag an iarrthóir a roghnaíodh faoi láthair, iarrfaidh EUAA é sin ar Údarás Slándála Náisiúnta an stáit a bhfuil an t-iarrthóir ina shaoránach nó ina saoránach de. I gcás nach bhfaighfear an t-imréiteach slándála pearsanra is gá nó má eisíonn an tÚdarás Náisiúnta Slándála tuairim dhiúltach ar an leibhéal thuasluaite tar éis shíniú an chonartha fostaíochta, tá sé de cheart ag an nGníomhaireacht an conradh fostaíochta a fhoirceannadh.
5. Comhdheiseanna
Cuireann EUAA beartas comhdheiseanna i bhfeidhm agus glacann sé le hiarratais gan idirdhealú a dhéanamh bunaithe ar inscne, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún, tuairim pholaitiúil nó aon tuairim eile, ballraíocht de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois ná claonadh gnéasach.
6. Coinníollacha fostaíochta
Ceapfaidh an Bord Bainistíochta an t-iarrthóir a roghnófar mar Ghníomhaire Sealadach de réir bhrí na Rialachán Foirne agus Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (10).
Earcófar an té sin mar Ghníomhaire Sealadach de bhun Airteagal 2(a) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh go ceann tréimhse 5 bliana, ar tréimhse í a fhéadfar a athnuachan aon uair amháin. Cuirfear an post atá i gceist mar Ghníomhaire Sealadach i ngrúpa AD 13.
I gcás na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo agus a n-earcófar iad, beidh siad faoi réir tréimhse phromhaidh thosaigh a mhairfidh 9 mí.
Is é an pá i gcomhair Gníomhaire Sealadach, AD 13 (céim 1) buntuarastal EUR 14 399,73 arna ualú ag an gcomhéifeacht cheartúcháin (arb ionann í agus 92,1 % i gcás Mhálta faoi láthair). Tá liúntais éagsúla, liúntas teaghlaigh agus liúntas easaoránachta san áireamh, ag gabháil leis an mbuntuarastal sin. Tá tuarastail na mball foirne faoi réir cáin de chuid an Aontais Eorpaigh a asbhaintear ag an bhfoinse. Tá baill foirne díolmhaithe ó cháin náisiúnta ar thuarastal agus is baill iad de scéimeanna slándála sóisialta agus pinsin an Aontais Eorpaigh.
Féach ar Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh le haghaidh tuilleadh eolais faoi choinníollacha oibre Gníomhairí Sealadacha:
http://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=CONSLEG:1962R0031:20140101:EN:PDF
Is é Cuan Vaileite (Málta) an áit fostaíochta.
Neamhspleáchas agus dearbhú leasanna
Sula dtabharfaidh an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoina chuid dualgas nó a cuid dualgas, ceanglófar air nó uirthi a dhearbhú go bhfuil sé nó sí tiomanta do ghníomhú go neamhspleách ar mhaithe le leas an phobail agus dearbhú a thabhairt maidir le haon leasanna atá aige nó aici a bhféadfaí a mheas ina leith go bhfuil siad dochrach dá neamhspleáchas.
7. Nós imeachta chun iarratas a dhéanamh
Tá folúntais uile EUAA le fáil ar an leathanach Folúntas (11) atá againn agus ar an uirlis ríomhearcaíochta ar líne (12). Ionas go mbeidh iarratais bailí, úsáidfidh iarrthóirí uirlis ríomhearcaíochta ar líne EUAA chun cuntas iarrthóra a chruthú, é a ghníomhachtú agus gach cuid d’fhoirm iarratais EUAA a líonadh isteach, mar a shonraítear sa Lámhleabhar Úsáideora (13) atá ar an leathanach tuirlingthe. Iarrtar ar iarrthóirí a n-iarratas a líonadh isteach i mBéarla.
Dícháileofar iarratais neamhiomlána agus caithfear leo mar iarratais neamh-incháilithe. Tabhair do d’aire go bhféadfadh sé go mairfeadh an próiseas roghnúcháin roinnt míonna. Chun an próiseas roghnúcháin a éascú, is i mBéarla a bheidh an comhfhreagras ar fad a sheolfar chuig iarrthóirí maidir leis an bhfolúntas seo.
Níor cheart d’iarrthóirí dul i dteagmháil leis an gCoiste Roghnúcháin, cé acu go díreach nó go hindíreach, in imthosca ar bith maidir leis an bpróiseas earcaíochta seo. Coimeádann an Ghníomhaireacht chuici féin an ceart aon iarrthóir a dhéanfaidh neamhaird den treoir sin a dhícháiliú.
Dáta deiridh:
Is é an dáta deiridh le hiarratais a chur isteach ná an 31 Iúil 2023 ag 12:00 (meán lae — am Mhálta). Ní thabharfaidh EUAA aird ar aon iarratas a gheofar tar éis an dáta agus an ama sin.
Moltar go mór d’iarratasóirí gan fanacht go dtí an spriocdháta chun a n-iarratas a chur isteach. Ní bheidh EUAA freagrach as aon mhoill ar chur isteach na n-iarratas i ngeall ar dheacrachtaí teicniúla nó aon tosca eile a d’fhéadfadh a bheith ann.
Más rud é go n-aimsítear ag aon chéim den nós imeachta gur sholáthair iarrthóir faisnéis bhréagach, tá sé de cheart ag EUAA an t-iarrthóir atá i gceist a dhícháiliú.
8. Cosaint sonraí
Is é an cuspóir atá le próiseáil na sonraí pearsanta a chuirfidh an t-iarrthóir isteach ná iarratas nó iarratais an iarrthóra a bhainistiú i ndáil le roghnú agus earcú féideartha chuig post le EUAA.
Ní chuireann EUAA ar fáil go poiblí ainmneacha na n-iarrthóirí ar éirigh leo dul ar liostaí ionadaithe. D’fhéadfadh sé, chun críocha earcaíochta agus chun críocha gaolmhara pleanála, go mbeadh rochtain ag daoine d’fhoireann bainistíochta EUAA ar liostaí ionadaithe agus, i gcásanna sonracha, ar fhoirm iarratais iarrthóra (gan doiciméid tacaíochta, ar doiciméid iad a choimeádann an tAonad Acmhainní Daonna faoi rún). I gcás iarrthóirí nach ndéantar a earcú, coimeádtar a gcomhaid iarratais go ceann 2 bhliain ó dháta éaga an liosta ionadaithe, agus ansin scriostar iad.
Próiseálfar an fhaisnéis phearsanta a iarrtar i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14).
9. Nósanna imeachta achomhairc
De bhun Airteagal 90(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, féadfaidh iarrthóir gearán a chur isteach i gcoinne gníomh lena bhfuil dochar á dhéanamh dó nó di. Ní mór an gearán a chur isteach laistigh de 3 mhí ó dháta an fhógra chuig an seoladh seo a leanas:
|
Rúnaíocht an Bhoird Bainistíochta |
|
An Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn |
|
Winemakers Wharf, |
|
Grand Harbour Valletta, MRS 1917 |
|
MÁLTA |
Má dhiúltaítear don ghearán, de bhun Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 91 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus de bhun Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, féadfaidh iarrthóir athbhreithniú breithiúnach ar an ngníomh a iarraidh. Ní mór an t-achomharc a chur isteach laistigh de 3 mhí ó dháta an fhógra chuig an seoladh seo a leanas:
|
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh |
|
Rue du Fort Niedergrünewald |
|
L-2925 Lucsamburg |
|
LUCSAMBURG |
Má chreideann tú go raibh drochriarachán i gceist, féadfaidh tú gearán a thaisceadh leis an Ombudsman Eorpach laistigh de 2 bhliain ón dáta ar tháinig tú chun fios a bheith agat i dtaobh na bhfíoras ar a bhfuil an gearán sin bunaithe (féach http://www.ombudsman.europa.eu), nó féadfaidh tú scríobh chuig:
|
An tOmbudsman Eorpach |
|
1, Avenue du President Robert Schuman – BP 403 |
|
67001 Strasbourg Cedex |
|
AN FHRAINC |
Tabhair do d’aire nach bhfuil d’éifeacht ag gearáin a dhéantar leis an Ombudsman Eorpach an tréimhse a luaitear in Airteagail 90 agus 91 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh maidir le gearán a thaisceadh nó achomharc a chur isteach de bhun Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur ar fionraí.
(1) Féach Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh ag http://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=CONSLEG:1962R0031:20140101:EN:PDF
(2) Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 (IO L 468, 30.12.2021, lch. 1).
(3) Tiocfaidh na forálacha dlíthiúla is infheidhme i bhfeidhm an 31 Nollaig 2023.
(4) Ní ghlacfar ach le dioplómaí arna n-eisiúint ag údaráis Bhallstáit den Aontas Eorpach agus le dioplómaí arna n-aithint mar dhioplómaí coibhéiseacha ag comhlachtaí ábhartha Ballstáit den Aontas. Más lasmuigh den Aontas Eorpach a rinneadh an príomhstaidéar, ní mór cáilíocht an iarrthóra a bheith aitheanta ag comhlacht ar tharmlig ceann amháin de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (amhail Aireacht Oideachais náisiúnta) go hoifigiúil é chun na críche sin agus ní mór doiciméad lena bhfianaítear an méid sin a chur isteach i gcás ina bhfaighidh tú cuireadh chun agallaimh. Cuirfidh sé sin ar a chumas don bhord roghnóireachta leibhéal na gcáilíochtaí a mheasúnú go cruinn.
(5) Féach https://epso.europa.eu/en/selection-procedure/general-and-specific-eligibility-requirements
(6) Féach Airteagal 47 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh ag http://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=CONSLEG:1962R0031:20140101:EN:PDF
(7) Sula ndéanfar an ceapachán, iarrfar ar an iarrthóir a n-éireoidh leis nó léi cruthúnas a sholáthar lena léirítear nach bhfuil taifead coiriúil aige nó aici.
(8) Sula ndéanfar an ceapachán, cuirfear an t-iarrthóir a n-éireoidh leis nó léi faoi scrúdú leighis a dhéanfaidh duine d’oifigigh leighis an Choimisiúin ionas gur féidir le EUAA a chinntiú go gcomhlíonann sé nó sí an ceanglas atá sonraithe in Airteagal 12(2)(d) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh.
(9) Ina gcuraclam vitae, ba chóir d’iarrthóirí a léiriú go soiléir na blianta go léir inar gnóthaíodh taithí bhainistíochta: (1) teideal agus ról na bpost bainistíochta a bhí acu; (2) líon na mball foirne a ndearnadh maoirseacht orthu sna poist sin; (3) méid na mbuiséad a bainistíodh; (4) líon na sraitheanna ordlathais os a gcionn agus faoina mbun agus (5) líon na bpiaraí.
(10) Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1),arna leasú go deireanach le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 287, 29.10.2013 lch. 15).
(11) https://euaa.europa.eu/careers/vacancies
(12) https://careers.euaa.europa.eu/
(13) https://careers.euaa.europa.eu/Candidate%20Application%20Guide.pdf
(14) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).