|
11.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 166/6 |
Fógra cealúcháin maidir le comórtas oscailte EPSO/AST/154/22 – Cúntóirí (AST 3) sna réimsí seo a leanas: 1. Bainistíocht airgeadais 2. Cuntasaíocht agus státchiste 3. Soláthar poiblí 4. Dearadh grafach agus táirgeadh ábhair amhairc 5. Na meáin shóisialta agus na meáin dhigiteacha 6. Stiúrthóir gréasáin
(2023/C 166/06)
An comórtas oscailte EPSO/AST/154/22 ar foilsíodh an fógra ina leith in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (1), tá sé curtha ar ceal.
Is é Stiúrthóir EPSO, ina cháil mar údarás ceapacháin, a rinne an cinneadh an comórtas a chur ar ceal, i gcomhaontú le comhlacht rialaithe EPSO, an Bord Bainistíochta idirinstitiúideach. Cinneadh an comórtas a chur ar ceal tar éis anailís chúramach a dhéanamh, inar cuireadh san áireamh roinnt mhaith deacrachtaí a bhain leis an gcéad chéim den roghnú, go háirithe a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme trialacha a ndéantar feitheoireacht chianda orthu, mífheidhmiú teicniúil agus ábhair imní maidir le cosaint sonraí ina measc. Bhain na deacrachtaí sin de chaighdeán foriomlán na cáilíochta lena mbítear ag súil agus de phrionsabal na córa comhionainne is infheidhme maidir le gach iarrthóir a ghlacann páirt sa chomórtas. Is chun leas na seirbhíse é, dá bhrí sin, gan leanúint den roghnú faoi chomórtas EPSO/AST/154/22.