14.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

CA 130/1


An Comhghnóthas um Iarnród na hEorpa

Foilsiú folúntais le haghaidh phost an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

(Gníomhaire Sealadach — Grád AD 14)

COM/2023/20092

(2023/C 130 A/01)

 

Cé sinn?

Bunaíodh an Comhghnóthas um Iarnród na hEorpa (EU-Rail) le Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle lena mbunaítear na Comhghnóthais faoin gclár Fís Eorpach (1), rialachán a tháinig i bhfeidhm an 30 Samhain 2021, agus ghlac sé ionad an chomhghnóthais Shift2Rail a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 642/2014 (2).

Comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí san earnáil iarnróid is ea EU-Rail agus bunaíodh é de bhun Airteagal 187 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Is é is aidhm do EU-Rail líonra iarnróid ardacmhainneachta comhtháite Eorpach a chur ar fáil trí dheireadh a chur le bacainní ar an idir-inoibritheacht agus trí réitigh a sholáthar le haghaidh an chomhtháthaithe iomláin, lena gcumhdaítear bainistíocht tráchta, feithiclí, bonneagar agus seirbhísí agus é d’aidhm aige tionscadail agus nuálaíochtaí a chur á nglacadh agus á n-imscaradh níos tapúla. Ba cheart go saothródh sé sin an poitéinseal ollmhór atá ann maidir le digiteáil agus uathoibriú chun costais an iompair d’iarnród a laghdú, an acmhainneacht a mhéadú agus an tsolúbthacht agus an iontaofacht a fheabhsú san earnáil iarnróid, agus ba cheart é a bheith bunaithe ar ollstruchtúr córais feidhmiúil tagartha a bheadh comhroinnte ag an earnáil, i gcomhar le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh.

Trí thógáil ar an dul chun cinn atá déanta san uathoibriú agus sa digiteáil, tá sé d’aidhm ag EU-Rail dlús a chur le taighde, réitigh nuálacha oibríochtúla agus theicneolaíocha a fhorbairt agus a chur in úsáid chun claochlú radacach an chórais iarnróid a bhaint amach mar aon le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.

Is é EUR 600 000 000, le linn na tréimhse 2021 go 2027, an ranníocaíocht uasta airgeadais ón Aontas Eorpach leis an gComhghnóthas, agus leanfar le cur chun feidhme an tionscadail ar feadh 4 bliana eile ina dhiaidh sin.

Tá 29 mball foirne san iomlán ag an gComhghnóthas, iad roinnte idir foirne atá dírithe ar bhainistíocht agus riarachán airgeadais, ar bhainistíocht clár agus tionscadal agus ar chur i gcrích an Cholúin Chórasaigh.

An tairiscint

Post Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais.

Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an príomhfheidhmeannach atá freagrach as bainistíocht laethúil an Chomhghnóthais i gcomhréir le cinntí an bhoird rialaithe. Soláthróidh sé nó sí an fhaisnéis uile a theastóidh ón mbord rialaithe chun a chuid feidhmeanna a dhéanamh. Gan dochar do na hinniúlachtaí atá ag institiúidí an Aontais agus ag an mbord rialaithe faoi seach, ní dhéanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin treoracha a iarraidh ar aon rialtas ná ar aon chomhlacht eile, ná treoracha a ghlacadh uathu.

Is é/í an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ionadaí dlíthiúil an Chomhghnóthais. Beidh sé nó sí cuntasach do bhord rialaithe an Chomhghnóthais.

Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin buiséad an Chomhghnóthais chun feidhme agus áiritheoidh sé nó sí go bhfuil comhordú ann idir comhlachtaí agus seirbhísí éagsúla an Chomhghnóthais.

Tá an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as clár oibre an Chomhghnóthais a cheapadh agus a chur i gcrích, chun a áirithiú go ngnóthófar leis na spriocanna a leagtar amach thuas, agus gur léiriú iomchuí é ar leasanna éagsúla na gComhaltaí ag an am céanna. Tá ról ceannasach aige nó aici maidir le hobair leanúnach an Chomhghnóthais a chur in iúl do na páirtithe leasmhara ar fad.

Is féidir teacht ar thuairisc níos mionsonraithe ar chúraimí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin in Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2021/2085.

Cad atá á lorg againn? (na critéir roghnúcháin)

Scileanna bainistíochta

Scileanna láidre ceannaireachta, an cumas a bheith i gceannas ar eagraíocht thábhachtach, ar an leibhéal straitéiseach agus bainistíochta oibriúcháin araon, i dtimpeallacht eolaíoch agus oibríochta atá dinimiciúil agus athraitheach.

Cumas léirithe agus dea-theist maidir le hacmhainní airgeadais agus daonna seirbhíse móire a bhainistiú agus a stiúradh, i gcomhthéacs náisiúnta, Eorpach agus/nó idirnáisiúnta.

Taithí mhaith ar an idirbheartaíocht i dtimpeallacht idirnáisiúnta.

Bheadh buntáiste ag an té a mbeadh taithí bhainistíochta i dtimpeallacht ilchultúrtha ilteangach aige.

Sainscileanna agus taithí

Tuiscint an-mhaith ar institiúidí an Aontais Eorpaigh agus ar an gcaoi a n-oibríonn agus a n-idirghníomhaíonn siad.

Eolas maith agus/nó taithí ar bheartas iompair iarnróid an Aontais.

Bheadh tuiscint mhaith ar thaighde agus ar fhorbairt i réimse an taighde agus na nuálaíochta iarnróid agus/nó iompair ar an leibhéal náisiúnta, idirnáisiúnta nó Eorpach ina bhuntáiste.

Bheadh buntáiste ag an té a mbeadh taithí aige i riarachán poiblí náisiúnta, Eorpach nó idirnáisiúnta freisin.

Buanna pearsanta

An cumas cumarsáid a dhéanamh go héifeachtúil agus go líofa le páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha ar bhealach trédhearcach oscailte, lena n-áirítear cumarsáid leis na meáin, leis an bpobal, le húdaráis idirnáisiúnta, náisiúnta agus áitiúla, le heagraíochta idirnáisiúnta, agus chun ionadaíocht a dhéanamh ar an gComhghnóthas i bhfóraim sheachtracha.

Sárscileanna idirphearsanta agus an cumas caidreamh oibre éifeachtach le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh agus le húdaráis inniúla na mBallstát a choinneáil ar bun chun feidhmiú cuí an Chomhghnóthais a áirithiú.

An cumas treoirphrionsabail an Chomhghnóthais maidir le hoscailteacht, trédhearcacht, neamhspleáchas agus barr feabhais eolaíoch a chur chun cinn.

Na critéir atá le comhlíonadh ag iarrthóirí (ceanglais incháilitheachta)

Is ar bhonn na gcritéar foirmiúil seo a leanas amháin, nach mór iad a bheith comhlíonta faoin sprioc-am le hiarratas a dhéanamh, a chuirfear na hiarrthóirí san áireamh nuair a bheidh an rogha á déanamh:

Náisiúntacht: ní mór d’iarrthóirí a bheith ina saoránaigh de Bhallstát den Aontas Eorpach.

Céim nó dioplóma ollscoile: ní mór d’iarrthóirí:

leibhéal oideachais a bheith acu is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile ar baineadh dioplóma amach dá bharr i gcás ina maireann an ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile 4 bliana nó níos mó;

sin nó leibhéal oideachais a bheith acu is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile ar baineadh dioplóma amach dá bharr agus taithí ghairmiúil iomchuí bliana amháin ar a laghad i gcás ina maireann an ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile 3 bliana ar a laghad (ní féidir an bhliain amháin sin de thaithí ghairmiúil a chur san áireamh sa taithí ghairmiúil iarchéime a iarrtar thíos).

Taithí ghairmiúil: ní mór d’iarrthóirí taithí ghairmiúil iarchéime 15 bliana (3) ar a laghad a bheith acu ar leibhéal ar féidir tosú air leis na cáilíochtaí a ndéantar tagairt dóibh thuas. Ní mór 5 bliana ar a laghad den taithí oibre sin a bheith faighte i réimse ghníomhaíochtaí an Chomhghnóthais.

Taithí bhainistíochta: ní mór 5 bliana ar a laghad den taithí ghairmiúil iarchéime a bheith faighte i ról bainistíochta ardleibhéil (4) i réimse atá ábhartha don phost seo.

Teangacha: ní mór d’iarrthóirí eolas cuimsitheach a bheith acu ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (5) agus eolas sásúil a bheith acu ar cheann eile de na teangacha oifigiúla sin. Le linn an agallaimh nó na n-agallamh, deimhneoidh na painéil roghnúcháin an gcomhlíonann iarrthóirí an ceanglas maidir le heolas sásúil ar cheann eile de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh. D’fhéadfaí an t-agallamh nó cuid den agallamh a dhéanamh sa teanga eile sin mar chuid den tástáil chéanna.

Teorainn aoise: ní mór d’iarrthóirí a bheith ábalta, ag an sprioc-am le hiarratais a dhéanamh, an tréimhse oifige iomlán 4 bliana a chur i gcrích sula mbainfidh siad aois scoir amach. I gcás baill foirne shealadacha de chuid an Aontais Eorpaigh, sainítear gurb í an aois scoir deireadh na míosa ina mbeidh 66 bliana slán ag an duine (féach Airteagal 47 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (6)).

Roghnú agus ceapadh

Is é bord rialaithe an Chomhghnóthais a cheapfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar bhonn gearrliosta a chuirfidh an Coimisiún Eorpach ar fáil.

Chun an gearrliosta sin a thiomsú, eagróidh an Coimisiún Eorpach an roghnú i gcomhréir lena nósanna imeachta roghnúcháin agus earcaíochta (féach an Doiciméad faoin mBeartas maidir le hOifigigh Shinsearacha (7)).

Mar chuid den phróiseas roghnúcháin seo, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle, cuirfidh an Coimisiún Eorpach painéal réamhroghnúcháin ar bun ar a mbeidh ionadaí arna cheapadh ag gach catagóir comhalta den Chomhghnóthas, seachas an tAontas (8), agus ar a mbeidh breathnóir amháin arna cheapadh ag an mbord rialaithe.

Déanfaidh an painéal sin anailísiú ar na hiarratais uile, rachaidh sé ar aghaidh leis an gcéad fhíorú incháilitheachta agus sainaithneoidh sé na hiarrthóirí a bhfuil na próifílí is fearr acu i bhfianaise na gcritéar roghnúcháin a luaitear thuas, iarrthóirí a bhféadfaí cuireadh a thabhairt dóibh agallamh a dhéanamh leis an bpainéal réamhroghnúcháin.

Tar éis na n-agallamh sin, tarraingeoidh an painéal réamhroghnúcháin suas a chuid tuairimí agus molfaidh sé liosta iarrthóirí le haghaidh agallaimh eile le Coiste Comhairleach an Choimisiúin Eorpaigh um Cheapacháin (an Coiste um Cheapacháin). Cuirfidh an Coiste um Cheapacháin na tuairimí ón bpainéal réamhroghnúcháin san áireamh agus é ag cinneadh cé na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh chun agallaimh dóibh.

Na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh chun agallaimh leis an gCoiste um Cheapacháin dóibh, glacfaidh siad páirt in ionad measúnaithe bainistíochta a mhairfidh lá iomlán agus a reáchtálfaidh comhairleoirí earcaíochta seachtracha. Agus torthaí an agallaimh agus tuarascáil an ionaid measúnaithe á gcur san áireamh aige, tiomsóidh an Coiste um Cheapacháin gearrliosta d’iarrthóirí a mheasann sé a bheadh oiriúnach chun feidhmiú mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa.

An Comhalta nó na Comhaltaí den Choimisiún atá freagrach as an Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil caidreamh leis an gComhghnóthas faoina cúram, déanfaidh siad na hiarrthóirí atá ar ghearrliosta an Choiste um Cheapacháin a chur faoi agallamh.

Tar éis na n-agallamh sin, glacfaidh an Coimisiún Eorpach gearrliosta de trí cinn ar a laghad, más féidir, de na hiarrthóirí is oiriúnaí, agus cuirfear an gearrliosta sin in iúl do bhord rialaithe an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa. Féadfaidh an bord sin cinneadh a dhéanamh na hiarrthóirí a chur faoi agallamh sula ndéanfaidh sé an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh as na hiarrthóirí ar ghearrliosta an Choimisiúin. Ní hionann duine a bheith ar an ngearrliosta sin agus ráthaíocht go gceapfar é.

D’fhéadfaí a iarraidh ar iarrthóirí dul faoi agallaimh agus/nó tástálacha a dhéanamh, sa bhreis orthu siúd a luaitear thuas. D’fhéadfadh sé go n-iarrfaí orthu freisin ráiteas a dhéanamh os comhair an choiste nó na gcoistí ábhartha de chuid Pharlaimint na hEorpa.

Ba cheart an t-iarrthóir a roghnófar deimhniú bailí imréitigh slándála ó na húdarás náisiúnta slándála a bheith aige nó aici, nó a bheith in ann an deimhniú sin a fháil. Is éard atá in imréiteach slándála pearsanta cinneadh riaracháin a dhéantar tar éis grinnfhiosrúchán slándála a chur i gcrích, grinnfhiosrúchán a rinne údarás náisiúnta slándála inniúil an iarrthóra i gcomhréir leis na dlíthe agus na rialacháin náisiúnta slándála is infheidhme, agus lena ndeimhnítear go bhféadfar cead a thabhairt do dhuine aonair rochtain a fháil ar fhaisnéis rúnaicmithe suas le leibhéal áirithe. (Tabhair do d’aire gur ar iarraidh an fhostóra amháin is féidir tús a chur leis an nós imeachta is gá maidir le himréiteach slándála, agus ní ar iarraidh an iarrthóra).

Ní bheidh rochtain ag an iarrthóir ar fhaisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (FRAE) ar an leibhéal CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL nó os a chionn sin, agus ní fhreastalóidh an t-iarrthóir ar aon chruinniú ag a bpléifear FRAE den sórt sin, go dtí go dtabharfaidh an Ballstát lena mbaineann an t-imréiteach slándála pearsanta agus go gcuirfear an nós imeachta imréitigh i gcrích leis an seisiún faisnéise ó Stiúrthóireacht Slándála an Choimisiúin a cheanglaítear de réir dlí.

Comhdheiseanna

Tá cuspóir straitéiseach á shaothrú ag an gCoimisiún agus ag an gComhghnóthas an comhionannas inscne a bhaint amach ar gach leibhéal bainistíochta faoi dheireadh a thréimhse oifige reatha agus cuireann siad beartas comhdheiseanna agus neamh-idirdhealaithe i bhfeidhm, i gcomhréir le hAirteagal 1d de na Rialacháin Foirne (9), lena spreagtar iarratais a d’fhéadfadh cur leis an éagsúlacht, leis an gcomhionannas inscne agus leis an gcothromaíocht gheografach fhoriomlán.

Éagsúlacht agus Cuimsiú

Aithníonn an Comhghnóthas gur gné thábhachtach spreagtha do dhaoine go leor cothromaíocht shláintiúil oibre agus saoil agus go mbítear ag súil leis go minic obair sholúbtha a bheith mar chuid de thimpeallacht oibre nua-aimseartha. Mar fhostóir, tá an Comhghnóthas tiomanta do chomhionannas inscne a áirithiú agus idirdhealú a chosc gan beann ar an bhforas. Is mór aige iarratais ó na hiarrthóirí cáilithe uile ó chúlraí éagsúla, de gach cumas agus ón mbonn geografach is leithne is féidir i measc Bhallstáit an Aontais. Chun an comhionannas inscne a chur chun cinn, is mian leis an gComhghnóthas iarratais ó mhná go háirithe a spreagadh. Is féidir cúnamh a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas le linn an nós imeachta earcaíochta.

Coinníollacha fostaíochta

Leagtar síos na tuarastail agus na coinníollacha fostaíochta i gCoinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh.

Déanfaidh an Comhghnóthas um Iarnród na hEorpa an t-iarrthóir ar éirigh leis a fhostú mar Ghníomhaire Sealadach ag grád AD 14. Rangófar é ag céim 1 nó céim 2 laistigh den ghrád sin, de réir fhad a thaithí oibre roimhe sin.

Déanfar é a cheapadh le haghaidh tréimhse oifige thosaigh 4 bliana, agus an fhéidearthacht ann síneadh 3 bliana ar a mhéad a chur leis an tréimhse sin de réir an Rialacháin lena mbunaítear an Comhghnóthas.

Ba cheart d’iarratasóirí a thabhairt dá n-aire go gceanglaítear faoi Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh nach mór do gach ball foirne nua tréimhse phromhaidh 9 mí a chur i gcrích a mbeidh toradh sásúil uirthi.

Is í an Bhruiséil, an Bheilg, an áit ina bhfuil an t-ionad oibre.

Eolas tábhachtach d’iarrthóirí

Cuirtear i gcuimhne d’iarrthóirí gur faoi rún atá an obair a dhéanann na painéil roghnúcháin. Tá cosc ar iarrthóirí dul i dteagmháil, bíodh sé go díreach nó go hindíreach, le comhaltaí na bpainéal féin, agus tá cosc ar dhuine ar bith eile déanamh amhlaidh thar a gceann. Ní mór aon cheist a sheoladh chuig rúnaíocht an phainéil ábhartha.

Sonraí pearsanta a chosaint

Áiritheoidh an Coimisiún go bpróiseálfar sonraí pearsanta na n-iarrthóirí de réir mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Baineann sé sin go háirithe le rúndacht agus le slándáil na sonraí sin.

Neamhspleáchas agus dearbhú leasanna

Sula rachaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i mbun an dualgais, beidh sé de cheangal air nó uirthi dearbhú a thabhairt go bhfuil sé/sí tiomanta gníomhú go neamhspleách ar mhaithe leis an bpobal agus dearbhú a thabhairt maidir le haon leas atá aige/aici a d’fhéadfaí a mheas a bheith dochrach dá neamhspleáchas.

Nós imeachta maidir le hiarratas a dhéanamh

Sula gcuirfidh tú d’iarratas isteach, ba cheart duit a sheiceáil go cúramach an gcomhlíonann tú gach ceann de na ceanglais incháilitheachta (“Na critéir atá le comhlíonadh ag iarrthóirí”), go háirithe iad sin a bhaineann leis na cineálacha dioplómaí, an taithí ghairmiúil ardleibhéil agus an acmhainn teangacha atá ag teastáil. Má tá aon cheann de na ceanglais incháilitheachta nach gcomhlíonann tú, eisiafar thú go huathoibríoch ón bpróiseas roghnúcháin.

Más mian leat iarratas a dhéanamh, ní mór duit clárú ar an idirlíon ar an suíomh gréasáin seo thíos agus na treoracha maidir le céimeanna éagsúla an phróisis a leanúint:

https://ec.europa.eu/dgs/human-resources/seniormanagementvacancies/

Ní mór seoladh ríomhphoist bailí a bheith agat. Bainfear úsáid as an seoladh ríomhphoist sin chun a dheimhniú go bhfuil tú cláraithe agus chun dul i dteagmháil leat le linn na gcéimeanna éagsúla den phróiseas. Dá bhrí sin, coinnigh an Coimisiún Eorpach ar an eolas faoi aon athrú ar do sheoladh ríomhphoist.

Chun iarratas a dhéanamh, ní mór duit CV a uaslódáil i bhformáid PDF, i bhformáid CV Europass (11) más féidir é, agus litir inspreagtha a líonadh isteach ar líne (uasmhéid 8 000 carachtar). Is féidir leat do CV agus do litir inspreagtha a chur isteach in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

Is chun do leasa é a chinntiú go bhfuil d’iarratas cruinn, críochnúil agus fírinneach.

Ar chríochnú an chlárúcháin ar líne duit, gheobhaidh tú ríomhphost a dheimhneoidh gur cláraíodh d’iarratas. Mura bhfaighidh tú ríomhphost deimhnithe, níor cláraíodh d’iarratas!

Tabhair do d’aire nach féidir monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn d’iarratais ar líne. Rachaidh an Coimisiún Eorpach i dteagmháil go díreach leat maidir le stádas d’iarratais.

Ní ghlacfar le hiarratais a sheolfar trí ríomhphost. Má tá tuilleadh eolais uait nó má bhíonn fadhbanna teicniúla agat, cuir ríomhphost chuig:

HR-MANAGEMENT-ONLINE@ec.europa.eu

Is fútsa atá sé an clárú ar líne a chríochnú in am. Moltar go láidir duit gan fanacht go dtí cúpla lá roimh an dáta deiridh chun iarratas a dhéanamh, mar go bhféadfadh trácht trom ar an idirlíon nó fadhb a bhaineann leis an nasc idirlín deireadh a chur leis an gclárú ar líne sula mbeadh sé críochnaithe agat, rud a d’fhágfadh go mbeadh ort an próiseas clárúcháin a thosú athuair. Nuair a bheidh an sprioc-am le hiarratas a chur isteach thart, ní bheidh tú in ann tuilleadh sonraí a chur isteach. Ní ghlacfar le clárú déanach.

Dáta deiridh

Is é an 15.5.2023, 12.00 meán lae, am na Bruiséile, an sprioc-am chun clárú. Ní féidir clárú ina dhiaidh sin.


(1)  Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (IO L 427, 30.11.2021, lch. 17).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 642/2014 ón gComhairle an 16 Meitheamh 2014 lena mbunaítear an comhghnóthas Shift2Rail (IO L 177, 17.6.2014, lch. 9).

(3)  Ní chuirtear taithí ghairmiúil san áireamh ach amháin más caidreamh oibre iarbhír atá i gceist léi, caidreamh atá sainmhínithe mar fhíorobair a bhfuair an t-iarrthóir pá aisti mar fhostaí (ar aon chineál conartha) nó mar sholáthraí seirbhíse. Is ar bhonn pro rata a dhéanfar gníomhaíochtaí gairmiúla a rinneadh ar bhonn páirtaimseartha a ríomh, de réir an chéatadáin dheimhnithe de na huaireanta lánaimseartha a d’obair an t-iarrthóir. Tá saoire mháithreachais/saoire tuismitheora/saoire chun páiste a uchtú san áireamh más faoi chuimsiú conradh oibre atá an tsaoire sin. Déantar dochtúireachtaí a chuntas mar thaithí ghairmiúil, fiú amháin nuair nach dochtúireacht ar pá í, suas le huastréimhse 3 bliana, agus ar choinníoll gur éirigh leis an iarrthóir an dochtúireacht a bhaint amach. Ní féidir aon tréimhse ar leith a chomhaireamh ach aon uair amháin.

(4)  Maidir leis na blianta uile ina bhfuair na hiarrthóirí taithí bhainistíochta, ba cheart dóibh na nithe seo a leanas a léiriú go soiléir ina curriculum vitae: (1) teideal agus ról na bpost bainistíochta a bhí acu; (2) an líon ball foirne a ndearna siad maoirseacht orthu sna poist sin; (3) méid na mbuiséad a bhainistigh siad; (4) líon na sraitheanna ordlathais os a gcionn agus faoina mbun; agus (5) líon a bpiaraí.

(5)  Comhairle CEE: Rialachán Uimh. 1 lena gcinntear na teangacha a úsáidfidh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 17, 6.10.1958 lch. 385). Téacs comhdhlúite: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A01958R0001-20130701

(6)  IO 45, 14.6.1962, lch. 1385/62. Téacs comhdhlúite: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A01962R0031-20140701

(7)  https://commission.europa.eu/jobs-european-commission/job-opportunities/managers-european-commission_en (le fáil i mBéarla amháin).

(8)  Ciallaíonn comhaltaí seachas an tAontas “aon stát rannpháirteach, aon chomhalta príobháideach nó aon eagraíocht idirnáisiúnta eile atá mar chomhalta den Chomhghnóthas”.

(9)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A01962R0031-20140701

(10)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(11)  Tá eolas faoi conas CV Europass a chruthú le fáil ar líne ag: https://europa.eu/europass/en/create-europass-cv