|
31.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 116/29 |
Aghaidh náisiúnta nua na mbonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht
(2023/C 116/10)
Aghaidh náisiúnta an bhoinn comórtha nua 2 euro atá ceaptha lena chur i gcúrsaíocht agus arna eisiúint ag an Spáinn
Tá stádas dlíthairisceana ar fud an limistéir euro ag boinn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht. Foilsíonn an Coimisiún tuairisc ar dhearadh na mbonn nua uile chun an pobal agus na páirtithe uile a úsáideann na boinn a chur ar an eolas (1). I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 10 Feabhra 2009 (2), ceadaítear do na Ballstáit sa limistéar euro agus do thíortha a bhfuil comhaontú airgeadaíochta tugtha i gcrích acu leis an Aontas Eorpach lena ndéantar foráil maidir le boinn euro a eisiúint, ceadaítear dóibh boinn euro chomórtha a eisiúint, boinn atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, go háirithe nach n-úsáidtear ach an ainmníocht 2 euro. Is ionann na saintréithe teicniúla a bhíonn ag na boinn sin agus na saintréithe a bhíonn ag boinn 2 euro eile, ach tá dearadh comórtha ar a n-aghaidh náisiúnta, dearadh lena mbaineann siombalachas nach beag ó thaobh an náisiúin nó ó thaobh na hEorpa de.
Tír is eisitheoir: An Spáinn
Ábhar an chomórtha: UNESCO: Cáceres
Tuairisc ar an dearadh: Is ceantar uirbeach é seanbhaile Cáceres atá suite i gComhphobal Uathrialach Extremadura in iarthar Leithinis na hIbéire. Cláraíodh é ar liosta na Láithreán Oidhreachta Domhanda as bheith ina cheantar ar leith mar gheall ar a ghnéithe stairiúla, ina bhfuil rianta tagtha slán chugainn (ó na Meánaoiseanna go dtí an tréimhse chlasaiceach) de thionchair an-éagsúil, agus iad ag teacht salach ar a chéile, mar shampla, Gotach Thuaidh, Ioslamach, Renaissance na hIodáile agus ealaíona an Domhain Nua.
Is é atá léirithe sa dearadh radharc lánléargais ar an gcoimpléasc séadchomhartha, an phríomhchearnóg go sonrach. Ag an mbarr, agus é i gceannlitreacha, tá an focal “ESPAÑA” agus bliain an bhuailte “2023”. Tá an marc mionta ar thaobh na láimhe deise uachtair. Ag an mbun, agus é i gceannlitreacha, tá an focal “CÁCERES”.
Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.
An líon measta bonn atá le heisiúint: 1 500 000
Dáta eisiúna: An chéad ráithe de 2023
(1) Féach IO C 373, 28.12.2001, lch. 1 i gcomhair aghaidh náisiúnta na mbonn uile a eisíodh in 2002.
(2) Féach conclúidí na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an 10 Feabhra 2009 agus an Moladh ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 maidir le treoirlínte comhchoiteanna i dtaca le haghaidh náisiúnta agus eisiúint bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (IO L 9, 14.1.2009, lch. 52).