|
15.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CA 56/1 |
Fógra folúntais CONS/AD/184/23
(2023/C 56 A/01)
EOLAS GINEARÁLTA
|
Roinn |
TREE.1 |
|
Ionad oibre |
An Bhruiséil, Áras Justus Lipsius |
|
Teideal an phoist |
Stiúrthóir |
|
Grúpa feidhme agus grád |
AD 14 |
|
An t-imréiteach slándála atá riachtanach |
SECRET UE/EU SECRET |
|
SPRIOC-AM LE hAGHAIDH IARRATAS an |
7 Márta 2023 – 12.00 meán lae (am na Bruiséile) |
Cé sinne?
Cuidíonn Ardrúnaíocht na Comhairle (an Ardrúnaíocht) leis an gComhairle Eorpach, le Comhairle an Aontais Eorpaigh agus lena gcomhlachtaí ullmhúcháin i ngach réimse a bhaineann lena ngníomhaíochtaí. Faoi údarás an Ardrúnaí, cuireann sí comhairle agus tacaíocht ar fáil don Chomhairle Eorpach agus don Chomhairle agus dá nUachtaráin i ngach réimse gníomhaíochta, lena n-áirítear comhairle faoi bheartais agus comhairle dhlíthiúil, cruinnithe idirnáisiúnta, comhordú le hinstitiúidí eile, comhréitigh a fhorbairt, maoirseacht a dhéanamh ar na nithe uile is gá chun dea-ullmhúchán a dhéanamh don Chomhairle Eorpach agus don Chomhairle agus chun go mbeidh siad á reáchtáil mar is cuí chomh maith le freastal a dhéanamh ar na nithe sin.
Is ardstiúrthóirtheacht í an Ard-Stiúrthóireacht um Iompar, Fuinneamh, Comhshaol agus Oideachas (DG TREE) a bhíonn ag plé le trí fhoirmíocht de chuid na Comhairle: An Comhshaol (ENV), Oideachas/Óige/Cultúr/Spórt (EYCS) agus Iompar/Teileachumarsáid/Fuinneamh (TTE). Is é atá mar phríomhchuspóir againn cur ar chumas na Comhairle agus a comhlachtaí ullmhúcháin a cuid oibre a chur chun cinn sna réimsí beartais sin, go háirithe trí thacaíocht a thabhairt d’Uachtaránachtaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus trí chomhairle a chur orthu, agus freagairt a thabhairt ar iarratais agus ar iarrataí ó Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus ón Ardrúnaí sna réimsí beartais an-ábhartha sin agus gníomhú ina leith.
Tá dhá stiúrthóireacht in DG TREE faoi láthair, agus díríonn siad ar réimsí sonracha beartais, eadhon pléann TREE.1 leis an gcomhshaol, an t-athrú aeráide, an óige, cultúr, closamharc agus spórt, gnéithe idirnáisiúnta san áireamh agus pléann TREE.2 le hiompar, fuinneamh agus teileachumarsáid/an clár oibre digiteach.
Comhordaíonn TREE.1 an t-eagrúchán agus an t-ullmhúchán substaintiúil a bhíonn i gceist le cruinnithe na gComhairlí ENV agus EYCS agus leis na cruinnithe a bhíonn ag a gcomhlachtaí ullmhúcháin (Coreper, Meithleacha). Thairis sin, cinntíonn sé an nasc foriomlán idir na réimsí beartais sin agus beartais eile de chuid an Aontais.
Tá an stiúrthóireacht comhdhéanta de dhá aonad a ndéanann stiúrthóir amháin a chomhordú. Pléann TREE.1.A leis an gcomhshaol agus leis an athrú aeráide agus díríonn TREE.1.B ar oideachas, an óige, cultúr, closamharc/na meáin agus spórt.
Ár dtairiscint
Is post dúshlánach tairbheach é post mar Stiúrthóir ar Stiúrthóireacht TREE 1 i réimsí beartais atá spéisiúil ó thaobh na polaitíochta de, a bhíonn ag athrú go gasta, agus ina bhfuil a lán geallsealbhóirí. Beidh tú i gceannas ar 25 bhall foirne ardcháilithe (2 Cheann Aonaid, 14 riarthóir agus 9 gcúntóir/rúnaí) agus beidh tú ag déileáil le gnéithe straitéiseacha agus oibríochtúla na gcomhad a bhíonn á láimhseáil acu.
Faoi údarás an Ard-Stiúrthóra, déanfaidh tú do Stiúrthóireacht agus acmhainní na Stiúrthóireachta a bhainistiú agus a chomhordú ar bhealach gairmiúil, eagróidh tú a cuid gníomhaíochtaí agus déanfaidh tú maoirseacht orthu, tacóidh tú leis an bhfoireann agus spreagfaidh tú í agus í i mbun a cuid oibre. Cinnteoidh tú cáilíocht na seirbhísí agus na dtorthaí a chuirfidh an Stiúrthóireacht ar fáil chomh maith le cumarsáid agus comhar éifeachtach laistigh den Stiúrthóireacht, san Ard-Stiúrthóireacht agus le seirbhísí eile na hArdrúnaíochta, leis na Ballstáit agus le hinstitiúidí an Aontais, mar shampla, le Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún, agus le comhlachtaí agus geallsealbhóirí seachtracha eile.
Cuirfidh tú comhairle ardleibhéil straitéiseach i ndáil le beartais agus nósanna imeachta ar fáil don Chomhairle Eorpach, don Chomhairle, do Coreper, do Chathaoirligh a nUachtaránachtaí, agus don Ardrúnaí faoi ghnéithe uile na sainchomhad a thagann faoi chúram na Stiúrthóireachta. Beidh tú rannpháirteach i gcruinnithe agus, i gcás inarb iomchuí, i seisiúin eolais agus/nó i gcaibidlíocht d’fhonn teacht ar chomhréitigh agus réitigh a aimsiú. Sa chomhthéacs sin, tabharfaidh tú cúnamh do na hUachtaránachtaí sa chaibidlíocht agus áiritheoidh tú go mbeidh cumarsáid agus comhar éifeachtach ann le hinstitiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais i réimsí atá faoi chuimsiú shainordú an Stiúrthóra. Beidh tú páirteach sa chaibidlíocht trípháirteach faoin nGnáthnós Imeachta Reachtach le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún freisin, agus ar an gcaoi sin, cuideoidh tú leis an Uachtaránacht bailchríoch a chur ar an scrúdú a dhéantar ar thograí reachtacha.
Saineoidh tú na cuspóirí atá le baint amach, agus cinnteoidh tú go mbainfear amach iad trí chlár oibre na Stiúrthóireachta a bhunú agus faireachán iomchuí a chinntiú i ndáil le cur i bhfeidhm na gcuspóirí sin.
Beidh tú in ann obair a phleanáil agus a eagrú ar bhealach solúbtha, faoi réir uaireanta oibre agus sceideal cruinnithe i réimse gníomhaíochta na Stiúrthóireachta. Beidh tú féin agus an fhoireann in ann leas a bhaint as socruithe oibre na hArdrúnaíochta, lena n-áirítear teilea-obair.
Beidh ort dul ar mhisin thar lear ó am go ham. Is i Lucsamburg a bheidh an chuid is mó de chruinnithe na Comhairle, in Strasbourg a dhéanfar an chuid is mó den chaibidlíocht thrípháirteach le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún mar aon leis na Ballstáit chun na hUachtaránachtaí a ullmhú agus le haghaidh aon chruinnithe neamhfhoirmiúla de chuid na nAirí. D’fhéadfadh sé go mbeadh ort freastal ar chruinnithe idirnáisiúnta lasmuigh den Aontas freisin.
An té atá uainn
Táimid ag lorg bainisteoir a bhfuil taithí aige nó aici ar cheapadh beartais an Aontais agus ar phróiseas reachtach an Aontais chomh maith le heolas maith ar shaincheisteanna institiúideacha an Aontais. Is buntáiste é eolas ar na réimsí a chumhdaíonn an stiúrthóireacht agus eolas ar ról agus ar fheidhmiú na Comhairle.
Mar bhainisteoir de chuid na hArdrúnaíochta, beifear ag súil go gcuirfidh tú comhairle orthu siúd atá i gceannas agus ar na geallsealbhóirí, go ndéanfaidh tú an fhoireann agus na hacmhainní airgeadais a bhainistiú, agus go ndéanfaidh tú ionadaíocht don Ardrúnaíocht. Leagtar amach an méid sin sa phróifíl chothrománach do bhainisteoirí na hArdrúnaíochta (1).
Mar chaighdeán, beidh an méid a leanas ag teastáil ón té a cheapfar:
|
— |
an cumas smaoineamh agus pleanáil go straitéiseach, fadhbanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn a thuar agus a shainaithint, agus réitigh agus comhréitigh inoibrithe a mholadh; |
|
— |
ceannaireacht agus an cumas spiorad foirne láidir a chur chun cinn, agus an cumas baill foirne a threorú, a spreagadh agus a chumhachtú i dtimpeallacht ilchultúrtha éagsúil, agus béim láidir á leagan ar fhorbairt foirne; |
|
— |
scileanna taidhleoireachta, tuiscint maidir le cathain is féidir a bheith solúbtha nó cathain is gá seasamh go diongbháilte, agus an cumas aird a thabhairt ar mhionsonraí gan dearmad a dhéanamh ar an bpictiúr foriomlán; |
|
— |
an cumas dea-chaidrimh oibre a chur chun cinn agus a chothabháil le réimse idirghabhálaithe inmheánacha agus seachtracha; |
|
— |
cumas comhaontuithe nó spriocanna comhchoiteanna a bhaint amach trí chomhairle spriocdhírithe a chur ar fáil do gheallsealbhóirí agus trí phléití a éascú ar bhealach éifeachtach cuiditheach; |
|
— |
an cumas obair fhoriomlán na Stiúrthóireachta a eagrú chun spriocdhátaí ríthábhachtacha a chomhlíonadh agus a chinntiú go roinnfear an t-ualach oibre go cothrom ar an bhfoireann, chomh maith le pleanáil comharbais; |
|
— |
an cumas athruithe a bhainistiú agus tacaíocht a thabhairt don fhoireann nuair a bhíonn athrú ann; |
|
— |
sárscileanna cumarsáide, lena n-áirítear scileanna cumarsáide idirphearsanta. |
Ós rud é go bhfuil beartas soghluaisteachta ag an Ardrúnaíocht dá bainisteoirí, a bhfuiltear ag súil go mbeidh taithí leathan acu, ba cheart do na hiarrthóirí a bheith toilteanach agus ábalta dul i mbun oibre i réimsí éagsúla gníomhaíochta le linn a ngairmréimeanna san Ardrúnaíocht.
BEARTAS EARCAÍOCHTA
Caithfidh na coinníollacha iontrála a leanas a bheith á gcomhlíonadh ag na hiarratasóirí tráth a mbeidh an t-iarratas á dhéanamh:
|
a) |
Coinníollacha ginearálta
|
|
b) |
Coinníollacha sonracha
|
NB:
|
(1) |
Tá gá le himréiteach slándála le haghaidh an phoist seo, lena gceadaítear rochtain ar dhoiciméid rúnaicmithe (go dtí leibhéal SECRET UE/EU SECRET). Caithfidh na hiarrthóirí a chuirfidh isteach ar an bpost seo a bheith toilteanach dul faoi scagadh slándála faoi Chinneadh 2013/488/AE ón gComhairle (3). Ní chuirfear ceapachán chun an phoist i bhfeidhm ach ar choinníoll go bhfuair an t-iarrthóir a roghnófar deimhniú bailí ar imréiteach slándála. Déanfar conradh sealadach a thairiscint d’iarrthóir gan imréiteach slándála go dtí go bhfaighfear toradh an nós imeachta maidir le himréiteach slándála. |
|
(2) |
Ní mór don iarrthóir a n-éireoidh leis nó léi a bheith sásta páirt a ghlacadh in oiliúint bhainistíochta na hArdrúnaíochta. |
AN NÓS IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN
Chun na hiarrthóirí rathúla a roghnú, cabhróidh coiste comhairleach roghnúcháin leis an údarás ceapacháin. Beidh ionad measúnaithe ag an gcoiste comhairleach roghnúcháin, a bheidh á reáchtáil ag comhairleoirí seachtracha earcaíochta. Na tuarascálacha i dtaca le poist den chineál céanna a chuirfidh an t-ionad measúnaithe le chéile, scoirfidh siad de bheith bailí 2 bhliain tar éis an dáta a ndearnadh na cleachtaí ábhartha nó ar críochnaíodh an creatchonradh idir an Ardrúnaíocht agus an t-ionad measúnaithe atá i gceist – cibé dáta is luaithe.
Déanfaidh an coiste comhairleach roghnúcháin cáilíochtaí, taithí agus spreagthacht na n-iarratasóirí go léir a mheas agus a chur i gcomparáid le chéile ar dtús, ar bhonn a n-iarratas. Bunaithe ar an measúnú comparáideach sin, cuirfidh an coiste comhairleach na hiarrthóirí is oiriúnaí, dar leis, ar ghearrliosta chun cuireadh a fháil chuig an gcéad agallamh. Toisc gur ar mheasúnú comparáideach na n-iarratas a bhíonn an chéad roghnú sin bunaithe, ní hionann ceanglais an fholúntais seo a chomhlíonadh agus ráthaíocht go bhfaighfear cuireadh chuig an gcéad agallamh. As measc na n-iarrthóirí a chuirfear faoi agallamh, déanfaidh an coiste comhairleach na hiarrthóirí a réamhroghnú chun freastal ar an ionad measúnaithe agus chun freastal, ina dhiaidh sin, ar an dara hagallamh leis an gcoiste comhairleach roghnúcháin.
Seo a leanas an phleanáil shealadach maidir leis an nós imeachta roghnúcháin:
|
— |
meastar go gcuirfear na hiarrthóirí a roghnófar chun agallaimh ar an eolas sa dara leath de mhí an Mhárta 2023; |
|
— |
tá sé beartaithe go mbeidh an chéad bhabhta agallamh ar siúl ag tús mhí Aibreáin 2023; |
|
— |
meastar go mbeidh na himeachtaí san ionad measúnaithe ar siúl sa dara leath de mhí Aibreáin 2023; |
|
— |
beartaítear go mbeidh an dara babhta agallamh ar siúl ag tús mhí na Bealtaine 2023. |
NB: Is sceideal táscach amháin é an sceideal thuas agus is féidir é a mhodhnú.
AN BUNÚS DLÍ
Foilsítear an post seo in institiúidí uile an Aontais Eorpaigh agus lasmuigh de na hinstitiúidí, i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 d’Airteagal 29 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (4).
CONAS IARRATAS A DHÉANAMH
Is é an 7 Márta 2023, 12.00 (meán lae) am na Bruiséile, an dáta deiridh chun iarratais a chur isteach.
Ní ghlacfar le hiarratais ach le ríomhphost agus ní mór iad a sheoladh chuig “applications.management@consilium.europa.eu” (5) tráth nach déanaí ná an spriocdháta agus an sprioc-am deiridh. Ní chuirfear aon iarratas déanach san áireamh.
Ní mór an seoladh ríomhphoist thuasluaite a úsáid i gcás aon chomhfhreagras a bhaineann leis an nós imeachta roghnúcháin (ní mór an teideal seo a leanas a bheith luaite sa bhosca ina luaitear ábhar an ríomhphoist: CONS/AD/184/23.
Sula gcuirfear an t-iarratas isteach, ba cheart do na hiarrthóirí a sheiceáil go grinn an gcomhlíonann siad na ceanglais a liostaítear faoi “Beartas Earcaíochta” thuas, chun nach n-eisiafar as an nós imeachta roghnúcháin go huathoibríoch iad.
Chun go mbeidh an t-iarratas bailí, ní mór na doiciméid seo a leanas a bheith sa chomhad iarratais, i bhfoirm pdf (NB: ní ghlacfar le doiciméid faoi ghlas, le doiciméid atá cosanta ag pasfhocal ná le doiciméid a shínítear go leictreonach):
|
(a) |
an fhoirm iarratais agus í comhlánaithe agus dátaithe mar is cuí (comhad le “XXX (DO SHLOINNE) – Foirm iarratais.pdf” mar theideal); chun an fhoirm iarratais leictreonach (EN nó FR) a íoslódáil, cliceáil ar an nasc cuí thíos nó cóipeáil agus greamaigh isteach i do bhrabhsálaí í (6): https://www.consilium.europa.eu/media/53249/gsc-application_form_senior_management_en.docx https://www.consilium.europa.eu/media/53248/gsc-application_form_senior_management_fr.docx |
|
(b) |
curriculum vitae mionsonraithe, i mBéarla nó i bhFraincis, (gan aon ghrianghraf san áireamh) de rogha i bhformáid an Europass (https://europa.eu/europass/ga/create-europass-cv) lena gcumhdófar gairmréim iomlán an iarratasóra agus ina sonrófar, inter alia, cáilíochtaí an iarratasóra, cur amach an iarratasóra ar theangacha, taithí an iarratasóra agus na cúraimí atá air nó uirthi faoi láthair (comhad le “XXX (DO SHLOINNE) – Cv.pdf” mar theideal); |
|
(c) |
litir inspreagtha, i mBéarla nó i bhFraincis (comhad le “XXX (DO SHLOINNE) – Motivation letter.pdf” mar theideal); |
|
(d) |
cóipeanna de dhioplómaí lena ndeimhnítear oideachas agus cóipeanna de dhoiciméid agus de theastais a bhaineann le taithí ghairmiúil agus iad grúpáilte le chéile in aon doiciméad pdf amháin. Ní leor an curriculum vitae a luaitear faoi (b) amháin a chur isteach. Ní mór gur tríú páirtí a d’eisigh na doiciméid tacaíochta (comhad le “XXX (DO SHLOINNE) – Doiciméid tacaíochta.pdf” mar theideal). |
Mura gcuirtear na doiciméid sin san áireamh, beidh an t-iarratas neamhbhailí.
Ní mór gach doiciméad tacaíochta a luaitear faoi (d), a uimhriú (Iarscríbhinn 1, 2, etc.) agus a ghrúpáil mar a luaitear thuas.
Ní fhéachfar ar aon iarratas a gheofar tríd an bpost, nó trí réitigh stórála sonraí néalbhunaithe nó trí ardán comhroinnte comhad.
An t-iarrthóir a chuirfear ar an ngearrliosta, iarrfar air nó uirthi bundoiciméid na gcóipeanna thuas a thabhairt ar láimh.
Cuirfear ríomhphost chuig iarrthóirí lena dheimhniú go bhfuarthas a n-iarratas. Mar sin féin, d’fhéadfadh deacrachtaí teicniúla a bhaineann le seoladh ríomhphost a bheith ann. Dá bhrí sin, mura bhfaigheann iarrthóir ríomhphost lena dheimhniú go bhfuarthas an t-iarratas, iarrtar ar iarrthóirí teagmháil a dhéanamh le applications.management@consilium.europa.eu. Ós rud é go dtosóidh an coiste comhairleach roghnúcháin ar a chuid oibre go luath i ndiaidh dháta deiridh na n-iarratas, ba cheart aon chomhfhreagras faoin iarratas a bheith faighte a dhéanamh an tseachtain tar éis an dáta sin.
CUIMSIÚ AGUS ÉAGSÚLACHT
Tá an Ardrúnaíocht tiomanta don chuimsiú agus don éagsúlacht. Chun tuilleadh eolais a fháil, iarrtar ort féachaint ar an ráiteas ábhartha: https://www.consilium.europa.eu/ga/general-secretariat/jobs/diversity-and-inclusion/.
ATHSCRÚDÚ AR IARRATAIS
Chun eolas a fháil faoi na nósanna imeachta a bhaineann le hiarratais ar ghearáin, achomhairc agus tarchuir chuig an Ombudsman Eorpach, féadfaidh tú dul i gcomhairle le:
https://www.consilium.europa.eu/media/56643/complaint-ga.pdf.
COSAINT SONRAÍ
Tá na rialacha lena rialaítear próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis an nós imeachta roghnúcháin seo leagtha amach sa ráiteas príobháideachais: https://www.consilium.europa.eu/media/56667/jobs-data-protection-083r00-ga.pdf.
(1) https://www.consilium.europa.eu/media/53261/gsc-manager-profile-ga.pdf
(2) Ceanglaítear le hAirteagal 5(3)(c) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (na Rialacháin Foirne) nach mór do na hiarratasóirí an méid seo a leanas a bheith acu ar a laghad:
|
(i) |
leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa ollscoile a bheith críochnaithe acu agus sin á fhianú ag dioplóma nuair is 4 bliana nó níos mó atá sa ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile, nó |
|
(ii) |
leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa ollscoile a bheith críochnaithe acu agus sin á fhianú ag dioplóma agus taithí ghairmiúil iomchuí bliana ar a laghad nuair is 3 bliana ar a laghad atá sa ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile. |
(3) Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).
(4) Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh, arna leagan síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle, (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1), téacs comhdhlúite atá ar fáil ag
https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A01962R0031-20220101.
(5) Tá an seoladh ríomhphoist nasctha le bosca ríomhphoist feidhmiúil nach féidir leis ach teachtaireachtaí ag a bhfuil an rogha íogaireachta “Normal” a phróiseáil; ní féidir ríomhphoist a sheoltar, ag a bhfuil roghanna eile íogaireachta (e.g. “Personal”, “Private”, “Confidential” nó poist chriptithe), a phróiseáil. Dá bhrí sin, iarrtar ort an rogha íogaireachta “Normal” a roghnú. Ní ceadmhach do ríomhphost a bheith níos mó ná 25MB. Má sháraíonn do ríomhphost, mar aon leis na ceangaltáin, an t-uasmhéid sin, iarrtar ort na ceangaltáin a roinnt agus a sheoladh i gcúpla ríomhphost.
(6) Má theastaíonn tuilleadh eolais uait agus/nó má bhíonn fadhbanna teicniúla agat, seol ríomhphost chuig: applications.management@consilium.europa.eu