|
20.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 484/44 |
Aghaidh náisiúnta nua bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht
(2022/C 484/26)
Aghaidh náisiúnta an bhoinn nua chomórtha 2 euro atá ceaptha lena chur i gcúrsaíocht agus arna eisiúint ag an Laitvia
Tá stádas dlíthairisceana ar fud an limistéir euro ag boinn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht. Foilsíonn an Coimisiún tuairisc ar dhearadh na mbonn nua uile chun an pobal agus na páirtithe uile a úsáideann na boinn a chur ar an eolas (1). I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 10 Feabhra 2009 (2), ceadaítear do na Ballstáit sa limistéir euro agus do thíortha a bhfuil comhaontú airgeadaíochta tugtha i gcrích acu leis an Aontas Eorpach lena ndéantar foráil maidir le boinn euro a eisiúint, ceadaítear dóibh boinn chomórtha euro a eisiúint, boinn atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, go háirithe nach n-úsáidtear ach an ainmníocht 2-euro. Is ionann na saintréithe teicniúla a bhíonn ag na boinn sin agus na saintréithe a bhíonn ag boinn 2-euro eile, ach tá dearadh comórtha ar a n-aghaidh náisiúnta, dearadh lena mbaineann siombalachas nach beag ó thaobh an náisiúin agus na hEorpa de.
Tír is eisitheoir: an Laitvia
Ábhar an chomórtha: Comóradh céad bliain ar Latvijas Banka – litearthacht airgeadais
Tuairisc ar an dearadh: Is éard atá i gceist le litearthacht airgeadais an cumas tábhachtach scileanna airgeadais éagsúla a thuiscint agus a úsáid go héifeachtach, lena n-áirítear bainistíocht airgeadais phearsanta, buiséadú, agus infheistiú. Is í an litearthacht airgeadais bunchloch ár gcaidrimh le hairgead, agus is turas foghlama ar feadh an tsaoil í. Taispeántar crann sa dearadh, rud a sheasann do thábhacht na litearthachta airgeadais agus don eolas faoi. Tá bliain na heisiúna “2022” ag an mbun agus tá ainm na tíre eisiúna “LATVIJA” faoina bun.
Taispeántar 12 réalta bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.
Líon measta na mbonn atá le heisiúint:415 000
Dáta eisiúna: Aibreán-Bealtaine 2022
(1) Féach IO C 373, 28.12.2001, lch. 1 le haghaidh aghaidh náisiúnta na mbonn uile a eisíodh in 2002.
(2) Féach conclúidí na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an 10 Feabhra 2009 agus an Moladh ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 maidir le treoirlínte comhchoiteanna i dtaca le haghaidh náisiúnta agus eisiúint bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (IO L 9, 14.1.2009, lch. 52).