20.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 484/42


Aghaidh náisiúnta nua bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht

(2022/C 484/24)

Image 1

Aghaidh náisiúnta an bhoinn nua chomórtha 2 euro atá ceaptha lena chur i gcúrsaíocht agus arna eisiúint ag an Liotuáin

Tá stádas dlíthairisceana ar fud an limistéir euro ag boinn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht. Foilsíonn an Coimisiún tuairisc ar dhearadh na mbonn nua uile chun an pobal agus na páirtithe uile a úsáideann na boinn a chur ar an eolas (1). I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 10 Feabhra 2009 (2), ceadaítear do na Ballstáit sa limistéir euro agus do thíortha a bhfuil comhaontú airgeadaíochta tugtha i gcrích acu leis an Aontas Eorpach lena ndéantar foráil maidir le boinn euro a eisiúint, ceadaítear dóibh boinn chomórtha euro a eisiúint, boinn atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, go háirithe nach n-úsáidtear ach an ainmníocht 2-euro. Is ionann na saintréithe teicniúla a bhíonn ag na boinn sin agus na saintréithe a bhíonn ag boinn 2-euro eile, ach tá dearadh comórtha ar a n-aghaidh náisiúnta, dearadh lena mbaineann siombalachas nach beag ó thaobh an náisiúin agus na hEorpa de.

Tír is eisitheoir: an Liotuáin

Ábhar an chomórtha: 100 bliain de chispheil sa Liotuáin

Tuairisc ar an dearadh: Léirítear sa dearadh comhrian léarscáil na Liotuáine atá socraithe mar chúirt chispheile sa lár, rud a léiríonn go bhfuil cispheil á himirt sa Liotuáin le 100 bliain anuas. Ar an mbonn freisin, tá na hinscríbhinní “LIETUVA” (an Liotuáin), “1922-2022” agus lógó mhionta na Liotuáine, a mhonaróir, socraithe i leathchiorcal timpeall an láir.

Taispeántar 12 réalta bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon measta na mbonn atá le heisiúint:750 000

Dáta eisiúna: An dara ráithe de 2022


(1)  Féach IO C 373, 28.12.2001, lch. 1 le haghaidh aghaidh náisiúnta na mbonn uile a eisíodh in 2002.

(2)  Féach conclúidí na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an 10 Feabhra 2009 agus an Moladh ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 maidir le treoirlínte comhchoiteanna i dtaca le haghaidh náisiúnta agus eisiúint bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (IO L 9, 14.1.2009, lch. 52).