20.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 484/25


Aghaidh náisiúnta nua bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht

(2022/C 484/07)

Image 1

Aghaidh náisiúnta an bhoinn nua chomórtha 2 euro atá ceaptha lena chur i gcúrsaíocht agus arna eisiúint ag an mBeilg

Tá stádas dlíthairisceana ar fud an limistéir euro ag boinn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht. Foilsíonn an Coimisiún tuairisc ar dhearadh na mbonn nua uile chun an pobal agus na páirtithe uile a úsáideann na boinn a chur ar an eolas (1). I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 10 Feabhra 2009 (2), ceadaítear do na Ballstáit sa limistéir euro agus do thíortha a bhfuil comhaontú airgeadaíochta tugtha i gcrích acu leis an Aontas Eorpach lena ndéantar foráil maidir le boinn euro a eisiúint, ceadaítear dóibh boinn chomórtha euro a eisiúint, boinn atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, go háirithe nach n-úsáidtear ach an ainmníocht 2-euro. Is ionann na saintréithe teicniúla a bhíonn ag na boinn sin agus na saintréithe a bhíonn ag boinn 2-euro eile, ach tá dearadh comórtha ar a n-aghaidh náisiúnta, dearadh lena mbaineann siombalachas nach beag ó thaobh an náisiúin agus na hEorpa de.

Tír is eisitheoir: An Bheilg

Ábhar an chomórtha: Earnáil an chúraim sláinte mar aitheantas ar an ngealltanas eisceachtúil le linn phaindéim COVID-19

Tuairisc ar an dearadh: Sa chuid istigh den bhonn, léirítear an pearsanra sláinte sa dearadh. Ar thaobh na láimhe clé, tá an inscríbhinn “Danke – Merci – Dank u” in éineacht le picteagraim éagsúla lena dtagraítear d’earnáil an chúraim sláinte. Ón mbarr anuas, taispeántar cros, steiteascóp, croí, steallaire, cathaoir rothaí agus meascán ceimiceach. Is ar thaobh na láimhe deise ar fad atá inisealacha an dearthóra, Luc Luycx. Ós rud é gurb é Mionta Ríoga na hÍsiltíre a bhuailfidh na boinn, tá bachall Mhearcair, marc mionta Utrecht, suite ar an mbun in éineacht le máistirmharc mhionta na Beilge, armas bhardas Herzele, an cód tíre BE agus marc na bliana 2022.

Taispeántar 12 réalta bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon measta na mbonn atá le heisiúint:2 000 000

Dáta eisiúna: EARRACH 2022


(1)  Féach IO C 373, 28.12.2001, lch. 1 le haghaidh aghaidh náisiúnta na mbonn uile a eisíodh in 2002.

(2)  Féach conclúidí na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an 10 Feabhra 2009 agus an Moladh ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 maidir le treoirlínte comhchoiteanna i dtaca le haghaidh náisiúnta agus eisiúint bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (IO L 9, 14.1.2009, lch. 52).