23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

CA 206/1


An Comhghnóthas um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach (CBE JUI)

Foilsiú folúntais le haghaidh fheidhm an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

(Gníomhaire Sealadach — Grád AD 14)

COM/2022/20077

(2022/C 206 A/01)

 

Cé sinn

An Comhghnóthas um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach, Comhghnóthas a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle (1), is comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí idir an Coimisiún Eorpach agus Cuibhreannas na dTionscal Bithbhunaithe (BIC) é an Comhghnóthas sin arb é is aidhm dó tacú le nuálaíocht atá bunaithe ar an inbhuanaitheacht chun luach áitiúil nua a chruthú ó dhramhaíl agus ó bhithmhais. Díreoidh sé ar chuidiú le teicneolaíochtaí inbhuanaithe atá neodrach ó thaobh na haeráide de a fhorbairt agus bithmhais agus dramhaíl a chur in ionad acmhainní iontaise agus mianraí neamh-inathnuaite chun táirgí agus cothaithigh inathnuaite a fháil. Tagann CBE JU i gcomharbas ar an gComhghnóthas Tionscail Bhithbhunaithe (BBI JU) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 560/2014 ón gComhairle (2) agus tagann sé in ionad an Chomhghnóthais sin freisin.

Tá sé ar intinn ag CBE JU:

ciorclaíocht na gcóras bithbhunaithe a mhéadú trí réitigh chiorclacha atá neamhdhíobhálach don aeráid ná don chomhshaol a fhorbairt i ngach céim de shaolré táirgí bithbhunaithe, óna bhfoinsiú go dtí a bpróiseáil, óna bhfeidhmeanna margaidh go dtí a dtomhailt.

foinsiú agus úsáid inbhuanaithe amhábhar a fhorbairt agus a leathnú, lena n-áirítear iarmhair bhitheolaíocha, foshruthanna agus sruthanna dramhaíola ó earnálacha talmhaíochta, dobharshaothraithe agus iascaigh, foraoiseachta, tionscail agus bardasacha, mar shampla.

tacú le modhanna nuálacha níos éifeachtúla níos lú truaillithe a fhorbairt chun bithmhais a thiontú ina dtáirgí bithbhunaithe trí theicneolaíocht phróiseála bhithscaglainne ilscála.

slabhraí luacha ciorclacha nua a chruthú le haghaidh táirgí bithbhunaithe agus margaí nua a fhiosrú.

tacú le hathbheochan agus le forbairt na réigiún tuaithe, na réigiún cósta agus na réigiún forimeallach trí réitigh theicneolaíocha iomchuí a fhorbairt, agus trí rannpháirtíocht agus cumhachtú gníomhaithe áitiúla sa bhithgheilleagar.

Cuirfidh ICBE JU acmhainní suntasacha ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach ar fáil, acmhainní a theastaíonn chun a chuid cuspóirí a bhaint amach agus cuirfidh sé buiséad suas le EUR 2 bhilliún chun feidhme. Beidh thart ar 30 ball foirne aige. Tá tuilleadh eolais faoi CBE JU le fáil i Rialachán (AE) 2021/2085, go háirithe in Airteagail 46-56 de, agus ar shuíomh gréasáin CBE JU atá le fáil ag https://www.cbe.europa.eu.

Is éard atá á thairiscint

Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ionadaí dlíthiúil agus aghaidh phoiblí an Chomhghnóthais. Déanfaidh sé a chuid cúraimí go neamhspleách agus is don Bhord Rialaithe a bheidh sé cuntasach. Soláthróidh sé ceannaireacht agus treoir ar fud ghníomhaíochtaí CBE JUE agus beidh sé lárnach chun rannpháirtíocht na foirne a áirithiú agus chun timpeallacht oibre atá dearfach agus sláintiúil a chur chun cinn.

Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a ghlacfaidh freagracht fhoriomlán as oibríochtaí CBE JU, lena n-áirítear cur chun feidhme an bhuiséid, chomh maith lena chinntiú go mbainfear amach na cuspóirí atá aige.

Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as CBE JU a bhainistiú ó lá go lá i gcomhréir le cinntí an Bhoird Rialaithe, agus beidh na cúraimí seo a leanas, i measc nithe eile, de chúram air:

príomhdhoiciméid, amhail an dréachtbhuiséad bliantúil agus an plean bunaithe foirne, an clár oibre, an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí, a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird Rialaithe;

gníomhú mar chomhéadan idir CBE JU agus, go háirithe, institiúidí an Aontais agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais agus comhpháirtíochtaí Eorpacha. Beidh sé freagrach freisin as comhordú a dhéanamh ar an idirghníomhaíocht agus ar an bhfaisnéis is gá maidir le comhlachtaí uile CBE JU;

maoirseacht a dhéanamh ar na glaonna ar thograí, ar a mbainistiú agus ar na próisis mheastóireachta a bhaineann leo, agus comhaontuithe deontais le haghaidh na tograí arna roghnú a shíniú;

beartas cumarsáide an Chomhghnóthais a chur chun feidhme;

formhaoirseacht a dhéanamh ar chóras rialaithe inmheánaigh CBE JU agus ar a mheasúnuithe riosca agus ar a bhainistiú riosca, agus an tráth céanna an fhreagracht fhoriomlán a choinneáil as leasanna airgeadais an Aontais a chosaint i gcomhthéacs a chuid oibríochtaí;

baill foirne CBE JU a cheapadh agus maoirseacht a dhéanamh orthu, agus dea-spiorad foirne agus dea-thimpeallacht oibre a chothú.

Tá tuairisc níos mionsonraithe ar na cúraimí le fáil i Rialachán (AE) 2021/2085. Tháinig CBE JU in ionad Comhghnóthas BBI (BBI JU) a bhí ann roimhe, an 30 Samhain 2021, agus ghlac sé chuige a ghníomhaíochtaí agus dá bhrí sin, clúdóidh cúraimí Stiúrthóir Feidhmiúcháin CBE JU freisin na gníomhaíochtaí atá fós ar siúl ag BBI JU.

Gan dochar d’inniúlachtaí an Choimisiúin Eorpaigh agus an Bhoird Rialaithe faoi seach ar a bhfuil ionadaithe ón gCoimisiún Eorpach agus ón gcomhlachas tionscail, glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagracht iomlán as na cúraimí a chuirtear ar an gComhghnóthas agus beidh sé faoi réir an nós imeachta um urscaoileadh bliantúil ag Parlaimint na hEorpa as cur chun feidhme an bhuiséid.

Cad atá á lorg againn (critéir roghnúcháin)

Ba cheart do Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais na critéir roghnúcháin seo a leanas a chomhlíonadh:

Scileanna bainistíochta:

an cumas fís réamhbhreathnaitheach agus straitéisí a fhorbairt, a chur in iúl agus a fheidhmiú, agus tosaíochtaí a leagan síos agus cuspóirí straitéiseacha an Chomhghnóthais a chur chun feidhme;

rudaí suntasacha a bheith bainte amach mar cheannaire, mar bhainisteoir agus mar chumarsáidí, lena n-áirítear foirne agus acmhainní airgeadais a bhainistiú ar leibhéal atá i gcomhréir le cineál an Chomhghnóthais;

an cumas foireann a stiúradh agus a spreagadh, an cumas cúram a thabhairt di agus an cumas a bheith i do cheannaire uirthi, ar foireann í lena n-áirítear pearsanra riaracháin agus teicniúil, i dtimpeallacht Eorpach atá ilchultúrtha agus ilteangach;

scileanna maithe cinnteoireachta, an cumas tionchar a imirt laistigh den bhuiséad seasta agus den uainiú san áireamh.

Sainscileanna agus saintaithí:

sárthuiscint ar thaighde agus nuálaíocht sa bhithgheilleagar agus ina slabhraí luacha, go háirithe ar thaighde tionsclaíoch agus nuálaíocht thionsclaíoch agus ar na dúshláin a bhaineann le réitigh bhithbhunaithe a chur in úsáid;

eolas ar chláir thaighde, forbartha agus nuálaíochta réigiúnacha, náisiúnta, idir-rialtasacha agus/nó Eorpacha;

taithí a bhfuil cruthúnas uirthi ar chomhar idir páirtithe leasmhara éagsúla sa taighde agus nuálaíocht bhithbhunaithe, amhail comhar idir lucht tionscail agus lucht acadúil;

tuiscint mhaith ar institiúidí an Aontais, ar a bhfeidhmiú agus a n-idirghníomhú, agus ar bheartais de chuid an Aontais agus gníomhaíochtaí idirnáisiúnta a bhaineann le gníomhaíochtaí an Chomhghnóthais, bheadh an méid sin ina buntáiste;

bheadh taithí ar aistriú teicneolaíochta, paitinniú, caighdeánú, nuálaíocht oscailte, páipéir (acadúla) a fhoilsiú agus caibidlíochtaí conartha ina buntáiste.

Buanna pearsanta:

an cumas cumarsáid a dhéanamh go líofa agus go héifeachtach agus caidreamh oibre maith a fhorbairt le páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha éagsúla;

sárscileanna idirphearsanta agus líonraithe ar an sárthuiscint ar an bhfreagracht agus cumas gníomhú go stuama, le híogaireacht pholaitiúil agus go cúramach;

ardleibhéal athléimneachta;

taithí stóinseach ar chaibidlíocht a dhéanamh i dtimpeallacht idirnáisiúnta.

Ní mór na cáilíochtaí seo a bheith ag iarrthóirí (ceanglais incháilitheachta)

Is ar bhonn na gcritéar foirmiúil seo a leanas amháin, nach mór iad a bheith comhlíonta faoin sprioc-am le hiarratas a dhéanamh, a chuirfear na hiarrthóirí san áireamh nuair a bheidh an rogha á déanamh:

Náisiúntacht: ní mór do na hiarrthóirí a bheith ina saoránaigh de cheann amháin de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.

Céim nó dioplóma ollscoile: ní mór d’iarrthóirí:

leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile ar baineadh dioplóma amach dá bharr i gcás ina maireann an ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile 4 bliana nó níos mó,

nó leibhéal oideachais a bheith acu is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile ar baineadh dioplóma amach dá bharr agus taithí oibre chuí bliain amháin ar a laghad i gcás ina maireann an ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile 3 bliana ar a laghad (ní féidir an bhliain amháin sin de thaithí oibre a chur san áireamh sa taithí oibre iarchéime a iarrtar thíos).

Taithí ghairmiúil: Ní mór d’iarrthóirí taithí ghairmiúil iarchéime 15 bliana ar a laghad (3) a bheith acu ar leibhéal ar féidir tosú air leis na cáilíochtaí dá dtagraítear thuas (ní mór 5 bliana ar a laghad den taithí oibre sin a bheith faighte i réimse ghníomhaíochtaí an Chomhghnóthais).

Taithí bhainistíochta: ní mór 5 bliana ar a laghad den taithí oibre iarchéime a bheith faighte i bhfeidhm bainistíochta ardleibhéil (4) i réimse atá ábhartha don phost seo.

Teangacha: ní mór d’iarrthóirí eolas cuimsitheach a bheith acu ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (5) agus eolas sásúil ar cheann eile de na teangacha oifigiúla sin. Deimhneoidh na painéil roghnúcháin le linn na n-agallamh an gcomhlíonann iarrthóirí an ceanglas maidir le heolas sásúil ar cheann eile de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh. D’fhéadfaí an t-agallamh nó cuid den agallamh a dhéanamh sa teanga eile sin mar chuid den tástáil sin.

Teorainn aoise: ní mór d’iarrthóirí a bheith in ann, ag an sprioc-am le hiarratais a dhéanamh, an sainordú iomlán 4 bliana a chur i gcrích sula mbainfidh siad aois scoir amach. I gcás baill foirne shealadacha de chuid an Aontais Eorpaigh, sainítear an aois scoir mar dheireadh na míosa ina mbeidh 66 bliana slán ag an duine (féach Airteagal 47 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (6)).

Roghnú agus ceapadh

Is é Bord Rialaithe an Chomhghnóthais a cheapfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar bhonn gearrliosta a chuirfidh an Coimisiún Eorpach ar fáil. Leis an nós imeachta roghnúcháin oscailte trédhearcach, déanfar prionsabal an chomhionannais inscne a urramú.

Chun an gearrliosta sin a thiomsú, eagróidh an Coimisiún Eorpach an roghnú de réir a nós imeachta roghnúcháin agus earcaíochta (féach an Doiciméad ar Bheartas Oifigeach Sinsearach (7)).

Mar chuid den nós imeachta roghnúcháin seo, i gcomhréir leis an Rialachán lena mbunaítear an Comhghnóthas, cuirfidh an Coimisiún Eorpach painéal réamhroghnúcháin ar bun ar a mbeidh ionadaí a cheapfaidh gach cineál comhalta seachas Aontas an chomhghnóthais, agus breathnóir amháin a cheapfaidh an Bord Rialaithe. Déanfaidh an painéal réamhroghnúcháín anailísiú ar na hiarratais go léir, agus sainaithneoidh sé líon iarrthóirí a bhfuil na próifílí is fearr acu i bhfianaise na gcritéar roghnúcháin a luaitear thuas agus a bhféadfaí cuireadh a thabhairt dóibh agallamh a dhéanamh leis an bpainéal réamhroghnúcháin.

I ndiaidh na n-agallamh sin, tarraingeoidh an painéal réamhroghnúcháin suas a thuairimí agus molfaidh sé liosta iarrthóirí le haghaidh agallaimh eile le Coiste Comhairleach an Choimisiúin Eorpaigh um Cheapacháin (CCA). Cuirfidh CCA na tuairimí ón bpainéal réamhroghnúcháin san áireamh agus é ag cinneadh cé na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh chun agallaimh dóibh.

Glacfaidh na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh chun agallaimh le CCA dóibh páirt in ionad measúnaithe bainistíochta a mhairfidh lá iomlán a reáchtálfaidh comhairleoirí earcaíochta seachtracha. Agus torthaí an agallaimh agus tuarascáil an ionaid measúnaithe á gcur san áireamh aige, tiomsóidh CCA gearrliosta d’iarrthóirí a mheasann sé a bheadh oiriúnach do bheith ag feidhmiú mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais.

Is é/iad Comhalta/Comhaltaí an Choimisiúin atá freagrach as an Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil caidreamh leis an gComhghnóthas faoina cúram a chuirfidh na hiarrthóirí atá ar ghearrliosta CCA faoi agallamh (8).

I ndiaidh na n-agallamh sin, glacfaidh an Coimisiún Eorpach gearrliosta de na hiarrthóirí is oiriúnaí, agus cuirfear an gearrliosta sin in iúl do Bhord Rialaithe an Chomhghnóthais. Féadfaidh an Bord Rialaithe cinneadh a dhéanamh na hiarrthóirí a chur faoi agallamh sula ndéanfaidh siad an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh as na hiarrthóirí ar ghearrliosta an Choimisiúin. Ní hionann duine a bheith ar an bpainéal agus ráthaíocht a bheith aige go gceapfar é.

D’fhéadfaí a iarraidh ar iarrthóirí dul faoi agallaimh bhreise agus/nó tástálacha breise a dhéanamh, sa bhreis orthu siúd a luadh thuas. D’fhéadfadh sé go mbeadh ceanglas orthu freisin ráiteas a chur faoi bhráid choiste/choistí ábhartha Pharlaimint na hEorpa.

Comhdheiseanna

Cuireann an Coimisiún Eorpach agus an Comhghnóthas beartas comhdheiseanna agus neamh-idirdhealaithe i bhfeidhm de réir Airteagal 1d de na Rialacháin Foirne (9). Tá fáilte roimh iarratais a d’fhéadfadh cur leis an éagsúlacht, an comhionannas inscne agus leis an gcothromaíocht gheografach fhoriomlán. Leagtar amach go sonrach sa Rialachán ón gComhairle lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fhís Eorpach go ndéanfar prionsabal na cothromaíochta inscne a urramú sa nós imeachta roghnúcháin agus cuirtear fáilte ar leith roimh iarratais ó mhná.

Coinníollacha fostaíochta

Tá na tuarastail agus na coinníollacha fostaíochta leagtha síos i gCoinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

Ceapfaidh an Bord Rialaithe an Stiúrthóir Feidhmiúcháin mar Ghníomhaire Sealadach ar ghrád AD 14, de bhun Airteagail 2a agus 10 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh. Rangófar é i gcéim 1 nó i gcéim 2 laistigh den ghrád sin, de réir fhad na taithí gairmiúla a bheidh aige an tráth sin.

Déanfar an t-iarrthóir a n-éireoidh leis a cheapadh le tréimhse oifige thosaigh 4 bliana, agus an fhéidearthacht ann síneadh 3 bliana ar a mhéad a chur léi.

Ba cheart d’iarratasóirí a thabhairt dá n-aire go gceanglaítear le Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile go gcuirfidh gach ball foirne nua tréimhse phromhaidh naoi mí i gcrích agus go n-éireoidh an tréimhse sin leis.

Is sa Bhruiséil atá an folúntas, áit a bhfuil áitreabh CBE JU lonnaithe.

Beidh an post ar fáil ón 1 Deireadh Fómhair 2022 amach.

Neamhspleáchas agus dearbhú leasanna

Sula rachaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i mbun a chuid dualgas, cuirfear de cheangal air dearbhú a thabhairt go bhfuil sé tiomanta a bheith ag gníomhú go neamhspleách ar mhaithe leis an bpobal agus dearbhú a thabhairt maidir le haon leas atá aige a d’fhéadfaí a mheas a bheith dochrach dá neamhspleáchas.

Nós imeachta maidir le hiarratas a dhéanamh

Sula gcuirfear an t-iarratas isteach, ba cheart don iarrthóir a sheiceáil go cúramach an gcomhlíonann sé gach ceann de na ceanglais incháilitheachta (“Ní mór na cáilíochtaí seo a bheith ag iarrthóirí”), go háirithe iad sin a bhaineann leis na cineálacha dioplóma, an taithí oibre ardleibhéil agus an acmhainn theangeolaíoch atá ag teastáil. Má tá aon cheann de na ceanglais incháilitheachta nach gcomhlíonann iarrthóir, eisiafar é go huathoibríoch ón nós imeachta roghnúcháin.

Más mian leat iarratas a dhéanamh, ní mór duit clárú ar an idirlíon ar an suíomh gréasáin seo thíos agus na treoracha maidir le céimeanna éagsúla an nós imeachta a leanúint:

https://ec.europa.eu/dgs/human-resources/seniormanagementvacancies/

Ní mór seoladh ríomhphoist bailí a bheith agat. Bainfear úsáid as an seoladh ríomhphoist sin chun do chlárú a dheimhniú agus chun dul i dteagmháil leat ag céimeanna éagsúla den nós imeachta. Dá bhrí sin, coinnigh an Coimisiún Eorpach ar an eolas faoi aon athrú ar do sheoladh ríomhphoist.

Chun iarratas a dhéanamh, ní mór duit CV a uaslódáil i bhformáid PDF, i bhformáid CV Europass más féidir é (10), agus litir inspreagtha a líonadh isteach ar líne (uasmhéid 8 000 carachtar). Is féidir leat an CV agus an litir inspreagtha a chur isteach in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

Ar chríochnú do chlárúcháin ar líne duit, gheobhaidh tú ríomhphost a dheimhneoidh gur cláraíodh d’iarratas. Mura bhfaighidh tú ríomhphost deimhnithe, níor cláraíodh d’iarratas!

Tabhair do d’aire nach féidir monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn d’iarratais ar líne. Rachaidh an Coimisiún Eorpach i dteagmháil go díreach leat maidir le stádas d’iarratais.

Má tá tuilleadh eolais uait nó má bhíonn fadhbanna teicniúla agat, seol ríomhphost chuig: HR-MANAGEMENT-ONLINE@ec.europa.eu.

Dáta deiridh

Is é 12.00 meán lae, am na Bruiséile, an 13 Meitheamh 2022, an sprioc-am le clárú. Ní féidir clárú ina dhiaidh sin.

Is fútsa atá sé do chlárúchán ar líne a chríochnú in am. Moltar go láidir duit gan fanacht go dtí cúpla lá roimh an sprioc-am chun iarratas a dhéanamh, mar go bhféadfadh trácht trom ar an idirlíon nó fadhb a bhaineann leis an nasc idirlín deireadh a chur leis an gclárúchán ar líne sula mbeadh sé críochnaithe agat, rud a chuirfeadh iallach ort an próiseas clárúcháin a thosú athuair. Nuair a bheidh an sprioc-am le hiarratas a chur isteach thart, ní bheidh tú in ann tuilleadh sonraí a chur isteach. Ní ghlactar le clárúcháin dhéanacha.

Eolas tábhachtach d’iarrthóirí

Cuirtear i gcuimhne d’iarrthóirí gur faoi rún atá an obair a dhéanann na painéil roghnúcháin éagsúla. Tá cosc ar iarrthóirí dul i dteagmháil, bíodh sé díreach nó indíreach, le comhaltaí na bpainéal sin, agus tá cosc ar dhuine ar bith eile déanamh amhlaidh thar a gceann. Ní mór gach fiosrúchán a sheoladh chuig rúnaíocht an phainéil ábhartha.

Sonraí pearsanta a chosaint

Áiritheoidh an Coimisiún go bpróiseálfar sonraí pearsanta na n-iarrthóirí de réir mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). Baineann sé sin go háirithe le rúndacht agus slándáil na sonraí sin.


(1)  Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (IO L 427, 30.11.2021, lch. 17).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 560/2014 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 lena mbunaítear an Comhghnóthas Tionscail Bhithbhunaithe, Téacs atá ábhartha maidir le LEE (IO L 169, 7.6.2014, lch. 130).

(3)  Ní chuirtear taithí oibre san áireamh ach amháin más fíorchaidreamh oibre atá i gceist léi, caidreamh atá sainmhínithe mar fhíorobair a bhfuarthas pá aisti agus mar fhostaí (aon chineál conartha) nó mar sholáthraí seirbhíse. Déanfar gníomhaíocht ghairmiúil a rinneadh ar bhonn páirtaimseartha a ríomh ar bhonn pro rata, de réir chéatadán deimhnithe na n-uaireanta lánaimseartha a oibríodh. Cuirtear saoire mháithreachais/saoire tuismitheora/saoire páiste a uchtú san áireamh más faoi chuimsiú conradh oibre atá sí. Déantar dochtúireachtaí a chomhshamhlú le taithí oibre, fiú amháin nuair nach dochtúireachtaí ar pá iad, ach uastréimhse 3 bliana amháin atá i gceist sa chás sin, ar choinníoll gur éirigh leis an iarrthóir an dochtúireacht a bhaint amach. Ní féidir tréimhse a chomhaireamh ach uair amháin.

(4)  Ba cheart d’iarrthóirí a léiriú go soiléir ina gcuraclam vitae na blianta go léir ina bhfuair siad taithí bhainistíochta: (1) teideal agus ról na bpost bainistíochta a bhí acu; (2) an líon ball foirne a ndearna siad maoirseacht orthu sna poist sin; (3) méid na mbuiséad a bhainistigh siad; (4) an líon sraitheanna ordlathais os a gcionn agus faoina mbun; agus (5) líon a bpiaraí.

(5)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A01958R0001-20130701

(6)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A01962R0031-20140701

(7)  https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/compilation-of-the-senior-official-policy-at-the-european-commission_en.pdf (is im Béarla amháin atá seo ar fáil)

(8)  Ach amháin i gcás ina dtarmligfidh an Comhalta den Choimisiún lena mbaineann, i gcomhréir le Cinntí ón gCoimisiún an 5 Nollaig 2007 (PV(2007) 1811) agus an 30 Meán Fómhair 2020 (PV(2020) 2351) an cúram sin do Chomhalta eile de chuid an Choimisiúin.

(9)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A01962R0031-20140701

(10)  Tá eolas le fáil faoi conas CV Europass a chruthú ar líne ag: https://europa.eu/europass/ga/create-europass-cv

(11)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).