19.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 163/6


GLAO AR THOGRAÍGR/002/22

Clár Taighde Acadúil EUIPO

(2022/C 163/06)

1.   Cuspóirí agus cur síos

Tá sé d’aidhm ag EUIPO naisc níos cóngaraí a chothú leis an saol acadúil ar mhaithe le taighde i réimsí a bhaineann leis an maoin intleachtúil (MI) ar suim leis an Oifig a chur chun cinn. Chuige sin, tá Clár Taighde Acadúil EUIPO (CTA) curtha ag bun ag an Oifig.

Tá coincheap an chláir ag iarraidh a chinntiú:

go dtáirgeann an clár taighde atá ábhartha don EUIPO agus a páirtithe leasmhara.

go bhfeiceann an lucht acadúil ar an chlár mar chlár atá dírithe ar thionscadail d’ardchaighdeán agus bunaithe ar rialacha roghnúcháin atá cothrom agus trédhearcach.

go bhfuiltear ag súil go gcruthóidh an Clár pobal bríomhar de scoláirí ar ard-leibhéal (as réimse na MI ach as disciplíní eile chomh maith), thart ar EUIPO, ar fud na hEorpa.

gur cheart go n-ardódh an clár leas an phobail acadúil ar ábhair atá ábhartha leis an Oifig.

go mbeadh an clár infheicthe go mór sa phobal acadúil agus níos faide i gcéin.

Beidh staidéar ar ábhar ábhartha (mar a shainaithnítear sa Ghlao) mar thoradh ar thionscadal a thacaigh an Glao seo ar Thograí. Beidh an tionscadal ag teacht leis an amlíne agus an buiséad luaite sa togra.

Bunófar córas rialaithe, a dhéantar de chruinnithe idirlinne ar líne, le monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn an taighde agus lena chinntiú go bhfuil sé ag teacht leis an gcur síos ar an togra a cuireadh isteach nuair a seoladh an ghlao ar thograí. Beidh cruinniú amháin ar siúl ar a laghad le linn an chéad trí mhí i ndiaidh síniú den comhaontú deontais. D’fhéadfadh sé go ngairmfí cruinnithe breise ag brath ar na torthaí den chéad chruinniú agus fad an tionscadail taighde.

Eagrófar ceardlann Clár Taighde Acadúil ag an EUIPO taobh istigh de 11 mí ó síníodh an comhaontú deontais ar a mhoille. Clúdóidh EUIPO costas an taistil agus lóistín do na rannpháirtithe.

Déanfaidh na tionscadail a thabharfar gradaim dóibh torthaí a dtaighde a chur i láthair ag ceardlann.

Tréimhse ama nach lú ná mí, ó dheireadh na ceardlainne go dtí an spriocdháta leis an bpáipéar taighde deireanach a leagan isteach le deis a thabhairt do na taighdeoirí aon chomhairle mholta nó nuashonruithe a chur isteach arna n-eascairt as na comhráite i rith na ceardlainne.

Beidh an íocaíocht dheireanach den deontas ag brath ar bhailíochtú ar an bpáipéar taighde deireanach.

Díríonn an Clár Taighde Acadúil EUIPO ar thaighde i réimsí na heacnamaíochta, an dlí, na teicneolaíochta agus bainistíochta. Cuireann scoláirí dlí agus eacnamaithe spéis in MI ó thaobh beartas poiblí de go príomhúil. Tabharfar tús áite do thograí i gcomhair taighde atá ag díriú ar impleachtaí eacnamaíochta, sochaíocha agus polaitíochta a gcuid torthaí. Is fearr go ndíríonn an staidéar ar ábhair a bhaineann le Trádmharcanna agus Dearthaí, ámh bheadh ábhair eile amhail comharthaí tíreolaíochta, SMEnna, cur chuige custaiméara nó traenáil agus oideachas MI faoin scóip chomh maith.

Tá an oifig ag súil le trí thionscadal a mhaoiniú.

Cuirfear fáilte roimh thograí sna réimsí/téamaí a leanas:

(1)

Trádmharcanna mar tháscaire den nuálaíocht agus gníomhaíocht gheilleagrach eile

(2)

Dearthaí mar tháscaire den nuálaíocht agus gníomhaíocht gheilleagrach eile

(3)

Úsáid cearta MI ag fiontair bheaga agus mheanmhéide le bacainní roimh fhás a shárú

Séanadh: Caithfear aon iarratas taighde/topaic a bheith nasctha le ceann amháin de na trí réimse leathana thuasluaite. Beidh an roghnúchán de na topaicí deireanacha ag EUIPO ag teacht leis na topaicí is mó suime don Oifig (go fiú mura mbíonn siad nasctha ach le ceann amháin de na trí réimse).

Beidh an mheasúnacht ar gach togra bunaithe ar ghnáthchritéir oibiachtúla, oscailte agus réamhshainithe (e.g., cáilíocht an togra, cáilíocht na n-iarrthóirí, an tionchar atáthar ag súil leis, creidiúnacht bhuiséad an togra).

Ní mheasfar ach na tionscadail is mó tábhacht don Oifig. Áireofar tionscadail a ngineann fianaise eimpíreach ábhartha do lucht déanta cinntí in réimse an pholasaí agus ghnó. Áireofar tionscadail ábhartha dírithe ar an MI, tionscnaimh atá bunaithe ar shonraí agus an clár SME chomh maith.

Tá tuilleadh sonraí le fáil i gCaibidil II de na Treoirlínte d’iarratasóirí.

2.   Incháilitheacht

2.1   Iarratasóirí incháilithe

Tá an glao seo oscailte do thaighdeoirí acadúla a bhfuil baint acu le hOllscoileanna agus institiúidí taighde atá lonnaithe i mBallstát de chuid na 27 Ballstát AE. Tá siad incháilithe don chlár, beag beann ar a náisiúntacht (ach go amháin go bhfuil siad ina gcónaí san AE).

Is féidir leis na taighdeoirí a bheith ina n-iarrthóirí PhD, taighdeoirí iardhochtúireachta, baill den fhoireann teagaisc nó aon chineál taighdeoirí sa réimse acadúil.

2.2   Gníomhaíochtaí incháilithe

Is é 12 mhí fad uasta na dtionscadal.

Staidéar taighde ar ábhair a bhaineann leis an Maoin Intleachtúil, mar a shonraítear sa chur síos ar thopaicí den ghlao ar thograí.

Tá tuilleadh sonraí le fáil i gCaibidil II de na Treoirlínte d’iarratasóirí.

3.   Critéir Eisiaimh agus Roghnúcháin

Níor cheart d’iarratasóirí a bheith i gcor ina n-eisiafar iad ó rannpháirtíocht agus/nó ó dhámhachtain mar a shainmhínítear leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena rialacha cur chun feidhme.

Ní mór go mbeadh an cumas airgeadais agus oibríochtúil ag iarratasóirí chun na gníomhaíochtaí atá beartaithe a chur i gcrích.

Féach ar Chaibidil II de na Treoirlínte d’iarratasóirí chun tuilleadh sonraí a fháil faoi na doiciméid tacaíochta atá le cur ar fáil.

4.   Critéir dhámhachtana

Déantar na critéir chun tograí incháilithe a mheasúnú agus a dhámhachtain a leithdháileadh as iomlán de 100 bunaithe ar an ualú seo a leanas:

Critéir dhámhachtana

Scór íosta

Scór uasta

Barr Feabhais

20

40

Tionchar

15

30

Cáilíocht agus éifeachtúlacht an chur chun feidhme

15

30

Scóir (pas) fhoriomlána

50

100

Ionas gur féidir tograí a bhreithniú chun maoiniú a fháil, ní mór an scór seo a leanas a fháil:

50 pointe, ar a laghad, ar an iomlán

agus

na pointí íosta i ngach ceann de na fochritéir

Tá tuilleadh sonraí le fáil i gCaibidil II de na Treoirlínte d’iarratasóirí.

5.   Buiséad

Meastar gurb ionann agus EUR 60 000,00 an buiséad iomlán le gníomhaíochtaí atá mar chuid den ghlao ar thograí a mhaoiniú. Beidh an méid roinnte thar dhá bhuiséad bliantúlachta. Beidh infhaighteacht an chiste a bhaineann le buiséad 2023 faoi réir ag an údarás buiséadach de chuid na hOifige ag glacadh leis an mbuiséad.

Is idir 10 000,00 go 300 000,00 EUR uasdeontas agus íosdeontas in aghaidh an tionscadail.

Forchoimeádann EUIPO an ceart gan na cistí ar fad atá ar fáil a dháileadh.

6.   An Spriocdháta chun Iarratais a Chur Isteach

Tá an pacáiste iarratais le fáil ar an idirlíon ag an seoladh seo a leanas:

Ní mór iarratais a chur chuig EUIPO trí úsáid a bhaint as an bhfoirm iarratais ar líne (Foirm Leictreonach) faoi 19 Bealtaine 2022 ag 13:00 (am áitiúil).

Ní ghlacfar le hiarratais a chuirfear isteach ar shlí ar bith eile.

Ba cheart d’iarratasóirí a chinntiú go gcuirfear na doiciméid go léir a iarradh agus a luaitear san Fhoirm Leictreonach ar fáil.

Ní chuirfear san áireamh iarratais nach n-áirítear iontu na hiarscríbhinní ordaithe go léir agus nach gcuirtear isteach roimh an spriocdháta.

Tá tuilleadh sonraí le fáil i gCaibidil IV de na Treoirlínte d’iarratasóirí.

7.   Sonraí Iomlána

Tá na coinníollacha mionsonraithe a bhaineann leis an nglao seo ar thograí le fáil i dTreoirlínte d’iarratasóirí ag an seoladh idirlín seo a leanas:

Ní mór téarmaí uile na dtreoirlínte a chomhlíonadh sna hiarratais agus ní mór iad a chur isteach sna foirmeacha atá tugtha.

8.   Teagmháil

Má tá tuilleadh eolais uait, téigh i dteagmháil leis an mbosca poist seo a leanas: