8.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

CA 111/10


Fógra lena leasaítear fógra comórtais oscailte — EPSO/AD/390/21 — Riarthóirí (AD 6) i réimse an bheartais ceimiceán

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 82 A an 11 Márta 2021 )

(2022/C 111 A/08)

Ar leathanach 5, ba cheart Roinn 5 “An tIonad Measúnaithe” a léamh mar seo a leanas:

“5)    An tIonad Measúnaithe

Trí oiread, ar a mhéad , an lín iarrthóirí atá á lorg don phainéal, sin é an líon iarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh chuig an gcéim seo. Má léiríonn an t-eolas a thug tú i d’iarratas ar líne go gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta agus má bhíonn an marc a ghnóthaigh tú sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí ar cheann de na marcanna foriomlána is airde , tabharfar cuireadh duit freastal ar ionad measúnaithe (ar líne nó go fisiceach) ar feadh 1 lá amháin nó roinnt laethanta agus trialacha a dhéanamh sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 . Tabhair do d’aire gur féidir go n-eagrófar an triail scríofa sa réimse i gceann d’ionaid trialacha chreidiúnaithe EPSO nó go cianda. Cuirfear sonraí breise agus treoracha breise sa litir chuiridh a chuirfear chugat.

Mura mbeidh na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a bhfuil cur síos orthu i bpointe 2 ar siúl roimh ré , is san ionad measúnaithe nó i gceann d’ionaid trialacha chreidiúnaithe EPSO a dhéanfaidh tú iad nó déanfaidh tú iad go cianda. Trialacha díbeartha is ea na trialacha seo agus ní chuirfear na marcanna a ghnóthófar iontu leis na marcanna a ghnóthófar sna trialacha eile san ionad measúnaithe chun do mharc iomlán a ríomh.

Ach amháin má deirtear a mhalairt leat, ní mór duit cóipeanna scanta de do chuid doiciméad tacaíochta a uaslódáil chuig do chuntas EPSO. Cuirfear sonraí breise agus treoracha breise sa litir chuiridh a chuirfear chugat.

Déanfar ocht n-inniúlacht ghinearálta mar aon le hinniúlachtaí réimse-shonracha an chomórtais a thástáil san ionad measúnaithe. Déanfar sin le ceithre thriail faoi mar atá léirithe sna táblaí thíos:

Inniúlacht

Triail

1.

Anailísiú agus réiteach fadhbanna

Agallamh suíomhúil ar bhonn inniúlachtaí

2.

Cumarsáid

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta

3.

Cáilíocht agus torthaí

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta

4.

Foghlaim agus forbairt

Agallamh suíomhúil ar bhonn inniúlachtaí

5.

Tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán

Agallamh suíomhúil ar bhonn inniúlachtaí

6.

Buanseasmhacht

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta

7.

Obair bhuíne

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta

8.

Cumas ceannaireachta

Agallamh suíomhúil ar bhonn inniúlachtaí

As 10 bpointe a mharcálfar gach inniúlacht ghinearálta. Níl aon phasmharc ann in aghaidh na hinniúlachta. Mar sin féin, ní mór d’iarrthóirí pasmharc 40/80 ar a laghad a ghnóthú san iomlán.

Inniúlacht

Triail

Pasmharc

Inniúlachtaí réimse-shonracha

Agallamh réimse-shonrach

25/50

Triail scríofa sa réimse

25/50”