|
8.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CA 111/9 |
Fógra lena leasaítear fógra comórtais oscailte — EPSO/AD/389/21 — Riarthóirí (AD 6) i réimse na talmhaíochta inbhuanaithe agus na forbartha tuaithe
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 39 A an 4 Feabhra 2021 )
(2022/C 111 A/07)
Ar leathanach 5, ba cheart Roinn 5 “An tIonad Measúnaithe” a léamh mar seo a leanas:
“5) An tIonad Measúnaithe
Trí oiread, ar a mhéad , an lín iarrthóirí atá á lorg don phainéal, sin é an líon iarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh chuig an gcéim seo. Má léiríonn an t-eolas a thug tú i d’iarratas ar líne go gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta agus má bhíonn an marc a ghnóthaigh tú sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí ar cheann de na marcanna foriomlána is airde , tabharfar cuireadh duit freastal ar an ionad measúnaithe (ar líne nó go fisiceach) ar feadh lá amháin nó roinnt laethanta agus trialacha a dhéanamh sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 . Tabhair do d’aire gur féidir go n-eagrófar an cás-staidéar agus an triail scríofa sa réimse i gceann d’ionaid trialacha chreidiúnaithe EPSO nó go cianda. Cuirfear sonraí breise agus treoracha breise sa litir chuiridh a chuirfear chugat.
Mura mbeidh na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a bhfuil cur síos orthu i bpointe 2 ar siúl roimh ré , is san ionad measúnaithe nó i gceann d’ionaid trialacha chreidiúnaithe EPSO a dhéanfaidh tú iad nó déanfaidh tú iad go cianda. Trialacha díbeartha is ea na trialacha seo agus ní chuirfear na marcanna a ghnóthófar iontu leis na marcanna a ghnóthófar sna trialacha eile san ionad measúnaithe chun do mharc iomlán a ríomh.
Ach amháin má deirtear a mhalairt leat, ní mór duit cóipeanna scanta de do chuid doiciméad tacaíochta a uaslódáil chuig do chuntas EPSO. Cuirfear sonraí breise agus treoracha breise sa litir chuiridh a chuirfear chugat.
Déanfar ocht n-inniúlacht ghinearálta agus inniúlachtaí réimse-shonracha an chomórtais a thástáil san ionad measúnaithe. Déanfar sin le ceithre thriail faoi mar atá léirithe sna táblaí thíos:
|
Inniúlacht |
Triail |
||
|
Cás-staidéar |
||
|
Cás-staidéar |
||
|
Cás-staidéar |
||
|
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Cás-staidéar |
||
|
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
As 10 bpointe a mharcálfar gach inniúlacht ghinearálta. Níl aon phasmharc ann in aghaidh na hinniúlachta. Mar sin féin, ní mór d’iarrthóirí pasmharc 40/80 ar a laghad a ghnóthú san iomlán.
|
Inniúlacht |
Triail |
Pasmharc |
|
Inniúlachtaí réimse-shonracha |
Agallamh réimse-shonrach |
25/50 |
|
Triail scríofa sa réimse |
25/50” |