1.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 100/36


Aghaidh náisiúnta nua bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht

(2022/C 100/04)

Image 1

Aghaidh náisiúnta an bhoinn nua chomórtha 2 euro atá ceaptha lena chur i gcúrsaíocht agus arna eisiúint ag an bhFrainc

Tá stádas dlíthairisceana ar fud an limistéir euro ag boinn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht. Foilsíonn an Coimisiún tuairisc ar dhearadh na mbonn nua uile chun an pobal agus na páirtithe uile a úsáideann na boinn a chur ar an eolas (1). I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 10 Feabhra 2009 (2), ceadaítear do na Ballstáit sa limistéir euro agus do thíortha a bhfuil comhaontú airgeadaíochta tugtha i gcrích acu leis an Aontas Eorpach lena ndéantar foráil maidir le boinn euro a eisiúint, ceadaítear dóibh boinn chomórtha euro a eisiúint, boinn atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, go háirithe nach n-úsáidtear ach an ainmníocht 2-euro. Is ionann na saintréithe teicniúla a bhíonn ag na boinn sin agus na saintréithe a bhíonn ag boinn 2-euro eile, ach tá dearadh comórtha ar a n-aghaidh náisiúnta, dearadh lena mbaineann siombalachas nach beag ó thaobh an náisiúin agus na hEorpa de.

Tír is eisitheoir: an Fhrainc

Ábhar an chomórtha: Rugadh an tUachtarán Jacques Chirac 90 bliain ó shin

Tuairisc ar an dearadh: Bhí Jacques Chirac ina Uachtarán ar Phoblacht na Fraince ar feadh dhá théarma agus bhí baint mhór aige le tógáil an Aontais. Bhí sé ina Uachtarán nuair a tugadh an Euro isteach in 2002, ócáid a ndearnadh comóradh 20 bliain uirthi ag tús na bliana seo.

Sa dearadh, léirítear próifíl shollúnta an Uachtaráin Jacques Chirac agus é ag féachaint chun cinn. Tá siombailí timpeall air lena léirítear a ghníomhaíochtaí: siombail euro, mar léiriú ar an mbaint a bhí aige leis an Euro a thabhairt isteach agus a mheon Eorpach, agus bratach na Fraince a léirítear ina dathanna araltais, bratach atá maisithe le RF mar thagairt dá uachtaránacht. Tá bliain a bhreithe agus a bháis ar lógó an Euro. Is cuid den dearadh iad na marcanna mionta mar aon leis an mbliain.

Taispeántar 12 réalta bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon measta na mbonn atá le heisiúint: 9 000 000

Dáta eisiúna: Eanáir 2022


(1)  Féach IO C 373, 28.12.2001, lch. 1 le haghaidh aghaidh náisiúnta na mbonn uile a eisíodh in 2002.

(2)  Féach na conclúidí ón gComhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an 10 Feabhra 2009 agus an Moladh ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 maidir le treoirlínte comhchoiteanna i dtaca leis an aghaidh náisiúnta agus eisiúint bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (IO L 9, 14.1.2009, lch. 52).