10.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 69/10


Glaonna ar thograí agus ar ghníomhaíochtaí gaolmhara faoi Chlár Oibre CNE 2022 faoin gclár Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2021-2027)

(2022/C 69/10)

Tugtar fógra leis seo maidir le seoladh na nglaonna ar thograí agus ar ghníomhaíochtaí gaolmhara faoi Chlár Oibre CNE 2022 faoin gclár Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2021-2027).

Ghlac an Coimisiún Clár Oibre CNE 2022 le Cinneadh C(2022) 701 an 7 Feabhra 2022.

Iarrtar tograí le haghaidh na nglaonna sin. Tá Clár Oibre CNE 2022, lena n-áirítear sprioc-amanna agus buiséid, ar fáil ar shuíomh gréasáin na ndeiseanna maoiniúcháin agus tairisceana mar aon le heolas maidir le módúlachtaí na nglaonna agus na ngníomhaíochtaí gaolmhara agus eolas d’iarratasóirí maidir le conas tograí a chur isteach:

https://ec.europa.eu/info/funding-tenders/opportunities/portal/screen/home