4.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


GLAO AR LÉIRIÚ SPÉISE

Iniúchóirí Airgeadais – Clár na nGairmithe Sóisearacha

Baill foirne shealadacha (grád AD 6)

 

CÉ MUIDE

Is í Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) iniúchóir seachtrach an Aontais Eorpaigh. Bunaíodh an Chúirt sa bhliain 1975, agus is ceann de sheacht n-institiúid an Aontais Eorpaigh í. Táimid lonnaithe i Lucsamburg agus tá thart ar 900 ball foirne iniúchóireachta, tacaíochta agus riaracháin fostaithe againn ó gach náisiúntacht AE.

Feidhmíonn an Chúirt mar chomhlacht coláisteach ina bhfuil 27 gComhalta, le comhalta amháin ó gach Ballstát AE. Is í an obair a bhíonn ar siúl ag ár n-iniúchóirí ná a chinntiú go bhfuil cuntais chearta á gcoinneáil ag an Aontas, go bhfuil na rialacha airgeadais á gcur i bhfeidhm i gceart aige, go gcomhlíonann beartais agus cláir AE na cuspóirí atá beartaithe leo, agus go gcuireann siad luach ar airgead ar fáil.

Cabhraímid leis an mbainistíocht airgeadais a dhéantar san Aontas a fheabhsú trínár gcuid oibre, chomh maith leis an gcuntasacht agus an trédhearcacht a chur chun cinn. Cuirimid reachtóirí agus lucht ceaptha beartais ón Aontais ar a bhfaichill ar rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann, tugaimid eolas dóibh faoi aon easnamh atá ann agus faoin dul chun cinn atá déanta acu. Tugaimid cinnteacht dóibh agus cuirimid comhairle orthu freisin. Cuirimid ár mbarúlacha agus moltaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus na rialtas agus parlaimintí náisiúnta, chomh maith leis an bpobail i gcoitinne freisin.

Tá an Chúirt roinnte i ndeich stiúrthóireacht iniúchóireachta agus riaracháin a fheidhmíonn le foirne atá solúbtha agus bunaithe ar chúraimí. Pléann na stiúrthóireachtaí iniúchóireachta le réimsí éagsúla beartais dá sanntar baill foirne de réir na dtosaíochtaí a eascraíonn as an gclár oibre. Tá an bainistiú eolais agus an fhorbairt a dhéantar ar saineolas iomchuí ríthábhachtach dár gcuid oibre iniúchóireachta, obair a bhaineann leis an taisteal go tíortha AE agus tíortha eile ar fud an domhain freisin. Tá timpeallacht foghlama spreagúil á tairiscint ag an gCúirt a chuireann deiseanna forbartha gairmiúla ar fáil.

A BHFUIL Á THAIRISCINT AGAINN

D’fhonn fostaíocht don aos óg a chur chun cinn agus céimithe nua éirimiúla a mhealladh, tá an Chúirt ag seoladh Clár Gairmithe Sóisearacha, ina bhfuil conarthaí iniúchóra ar feadh tréimhse teoranta á dtairiscint. Tabharfar deis forbartha gairmiúla uathúil agus taithí oibre luachmhar do rannpháirtithe sa chlár seo, chomh maith le léargas ar chúrsaí airgeadais, beartais an Aontais agus ról na Cúirte.

Chinneamar liosta ionadaithe d’iniúchóirí a bhunú, a d’fhéadfaí conarthaí a thairiscint dóibh mar fhoireann shealadach na hinstitiúide, ag brath ar na poist atá ar fáil agus na riachtanais oibríochtúla.

Earcófar na hiniúchóirí faoi Airteagal 2(b) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (CFSE) (1) ar feadh tréimhse ceithre bliana, atá inathnuaite uair amháin ar feadh uastréimhse dhá bhliain breise. Beidh an conradh tosaigh faoi réir tréimhse phromhaidh naoi mí.

Glacfaidh na hiniúchóirí nua-earcaithe páirt i gclár imeasctha na Cúirte agus is é a bheidh i gceist leis an gclár sin ná tréimhse ionduchtúcháin a mbeidh oiliúint iomchuí agus tumadh i bhfoirne iniúchóireachta ag gabháil léi.

Faoi láthair, is é EUR 5 563,58 an buntuarastal míosúil a íoctar ag grád AD 6 (céim 1).

Féadfar liúntais áirithe a chur leis an mbuntuarastal sin, rud a thiocfaidh faoi réir cháin AE agus a bheidh díolmhaithe ó cháin náisiúnta, de réir na gcoinníollacha a leagtar síos i CFSE agus ag brath ar chásanna aonair agus comhdhéanamh teaghlaigh.

Is féidir leis na forálacha atá ag treorú an ríomha maidir leis na lamháltais sin a phlé i CFSE.

Tá a gcórais pinsean agus sláinte féin ag institiúidí an Aontais agus déantar ranníocaíochtaí a asbhaint ó thuarastail na foirne ag an bhfoinse.

Féadfaidh leanaí na mball foirne clárú saor in aisce ag an Scoil Eorpach.

A BHFUIL Á LORG AGAINN

1.   Ceanglais dhlíthiúla

I gcomhréir le hAirteagal 12(2) de CFSE, ní mór d’iarrthóirí, faoi dháta a n-iarratais:

a bheith ina náisiúnach le ceann de Bhallstáit AE;

a gcearta iomlána mar shaoránaigh a bheith acu;

aon oibleagáid a chuirtear orthu leis na dlíthe earcaíochta a bhaineann leis an tseirbhís mhíleata a bheith comhlíonta acu; agus

na riachtanais charachtair a theastaíonn do na dualgais atá i gceist a shásamh.

2.   Cáilíochtaí

I gcomhréir le hAirteagal 10 (1) de CFSE:

i.

leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile 3 bliana ar a laghad ar baineadh dioplóma amach dá bharr, agus ar bronnadh an dioplóma sin níos lú ná 6 bliana roimh sprioc na n-iarratas maidir leis an nglao seo; nó

ii.

oiliúint ghairmiúil ar leibhéal comhionann, de réir mar is gá ar mhaithe le leas na seirbhíse ar tugadh faoi níos lú ná 6 bliana roimh sprioc na n-iarratas maidir leis an nglao seo.

Sa bhreis ar an méid thuasluaite, ní mór d’iarrthóirí:

céim mháistreachta a bheith acu san iniúchóireacht, cuntasaíocht, staidreamh, matamaitic, riarachán gnó, airgeadas nó eacnamaíocht; nó

cáilíocht ghairmiúil a bheith acu i réimse na hiniúchóireachta nó na cuntasaíochta (ACCA, CIA, srl.).

Tabhair faoi deara, le do thoil, nach gcuirfear san áireamh ach dioplómaí agus cáilíochtaí gairmiúla a bronnadh nó a aithníodh i mBallstáit AE (nó iar-AE), nó lena mbaineann teastais chomhionannais arna n-eisiúint ag údaráis ó cheann de na Ballstáit sin.

3.   Taithí ghairmiúil

Teastaíonn dhá (2) bhliain ar a laghad de thaithí oibre i réimse na hiniúchóireachta.

4.   Eolas ar theangacha

Sárchaighdeán (máthairtheanga nó leibhéal C2 ar a laghad i dtuiscint, labhairt agus scríobh na teanga) ar cheann de theangacha oifigiúla AE.

Ós rud é gurb iad an Béarla agus an Fhraincis na teangacha oibre oifigiúla sa Chúirt, ní mór eolas fónta a bheith ag an iarrthóir ar cheann de na teangacha sin (leibhéal C1 ar a laghad i dtuiscint, labhairt agus scríobh na teanga). Sa chás go bhfuil an Béarla nó an Fhraincis mar mháthairtheanga ag an iarrthóir, ní mór eolas fónta a bheith ag an duine sin ar theanga oibre oifigiúil eile na Cúirte (leibhéal C1 ar a laghad i dtuiscint, labhairt agus scríobh na teanga).

Bheadh eolas ar theangacha eile ina bhuntáiste.

Is féidir leat do chuid scileanna teanga iasachta a mheas ag:

https://www.coe.int/en/web/common-european-framework-reference-languages/table-2-cefr-3.3-common-reference-levels-self-assessment-grid

5.   Scileanna

cumasach maidir le faisnéis a bhailiú, a thiomsú agus anailís a dhéanamh uirthi

scileanna cumarsáide maithe

solúbthacht ó thaobh na hoibre in eagraíocht atá bunaithe ar chúraimí agus i dtimpeallacht idirnáisiúnta

Cumasach maidir le hobair a dhéanamh go neamhspleách agus mar chuid d’fhoireann, lena n-áirítear taisteal do mhisin iniúchóireachta.

athléimneacht agus spreagadh láidir

NÓS IMEACHTA

Déanfaidh coiste roghnúcháin, arna cheapadh ag an Údarás atá cumhachtaithe chun conarthaí fostaíochta a thabhairt i gcrích (AECCE) na hiarratais a scrúdú.

Déanfaidh an coiste roghnúcháin liosta de na hiarrthóirí a chomhlíonann critéir 1 go 4 thuas.

Beidh an liosta bailí go dtí an 31 Nollaig 2023 agus féadfar é a athnuachan.

Roghnóidh na stiúrthóireachtaí iniúchóireachta iarrthóirí ón liosta a dtabharfar cuireadh chun agallaimh dóibh, bunaithe ar a riachtanais seirbhíse. Féadfar iarradh ar iarrthóirí chun trialacha sonracha breise a dhéanamh maidir lena scileanna agus inniúlachtaí a mheas freisin. Cuirfear cineál, ábhar agus am na dtrialacha sin in iúl do na hiarrthóirí uile in am trátha.

Is é an coiste roghnúcháin a dhéanfaidh na hagallaimh agus na trialacha sin a reáchtáil.

Tar éis na n-agallamh agus na dtrialacha, molfaidh an coiste roghnúcháin do AECCE liosta d’iarrthóirí a chomhlíonann na riachtanais do dhualgais an phoist (critéir 3 go 5 thuas). Bunaithe ar riachtanais seirbhíse agus ar an bhfáil atá ar phoist, féadfaidh AECCE tairiscint poist a chur ar fáil d’iarrthóir amháin nó níos mó ar an liosta sin.

Ní chinntítear aon teidlíocht earcaíochta trí áit a bheith bainte amach ag na hiarrthóirí ar an liosta a chuirfear chuig AECCE.

IARRATAIS

Is é an 29 Deireadh Fómhair 2021 ar 12.00 (meán lae) am Lár na hEorpa an spriocdháta le haghaidh iarratas.

Ní mór don iarratas a dhréachtú i mBéarla nó i bhFraincis agus gan a úsáid ach an fhoirm ar líne atá ar fáil ag bun an ghlao ar léiriú spéise (EN nó FR) ar an leathanach Deiseanna Fostaíochta ar shuíomh gréasáin na Cúirte (faoi “Open positions”):

https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/JobOpportunities.aspx#page-search---index---lang---en_US

Ní mór na doiciméid seo a leanas a bheith san iarratas:

litir inspreagtha (leathanach amháin ar a mhéad),

CV atá cothrom le dáta (3 leathanach ar a mhéad) agus nach mór a bheith leagtha amach i bhformáid “Europass” (féach https://europa.eu/europass/ga).

Tabhair faoi deara, le do thoil, nach dtabharfar san áireamh leis an meastóireacht ar d’iarratais ach amháin an fhaisnéis a bheas le fáil i do CV agus i do litir inspreagtha.

Measfar na sonraí a thugtar san iarratas a bheith fíor agus ceart agus beidh siad ceangailteach ar an iarratasóir dá réir.

Ní mór d’iarrthóirí a bheith in ann, ar iarratas a fháil, fianaise i scríbhinn a sholáthar maidir lena gcáilíochtaí, taithí ghairmiúil agus dualgais reatha, má mheastar é sin a bheith riachtanach.

Molaimid go láidir d’iarratasóirí gan fanacht go dtí na huaireanta deiridh chun a n-iarratas a chur isteach lena chinntiú go bhfuil d’iarratas comhlánaithe in am. Tarlaíonn sé uaireanta go gcuirtear ró-ualach ar an gcóras sna laethanta roimh spriocdháta an iarratais.

Diúltófar d’aon iarratas nach mbeidh ag cloí go docht leis na treoracha sin.

BEARTAS EARCAÍOCHTA

I gcomhréir lenár mbeartas comhdheiseanna na Cúirte agus le hAirteagal 1d de na Rialacháin Foirne, fáiltímid roimh an éagsúlacht agus cuirimid comhdheiseanna chun cinn. Glacann an Chúirt le hiarratais gan idirdhealú atá bunaithe ar aon fhoras, agus tá céimeanna tugtha aici lena chinntiú go bhfuil cothromaíocht ann idir fir agus mná ó thaobh na hearcaíochta de, de bhun Airteagal 23 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Déanann an Chúirt bearta freisin d’fhonn réiteach a dhéanamh idir an saol oibre agus saol an teaghlaigh.

Má theastaíonn aon socrú speisialta uait (de bharr bac nó míchumas ar leith) chun gur féidir leat páirt a ghlacadh sa nós imeachta roghnúcháin seo, seol ríomhphost in am trátha roimh ré chuig ECA-Selection@eca.europa.eu.

COSAINT SONRAÍ

Tá rún daingean ag an gCúirt a chinntiú go ndéanfar sonraí pearsanta na n-iarrthóirí a phróiseáil de réir mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018, maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin. Áirítear aisghairm Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (2).

Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil sa ráiteas príobháideachais sonrach maidir le folúntais fostaíochta, ar fáil ag:

https://www.eca.europa.eu/Lists/ECADocuments/Specific_Privacy_Statement_vacancies/Specific_Privacy_Statement_vacancies_EN.PDF

Déanfar liosta d’ainmneacha na n-iarrthóirí a chomhlíonann na critéir a leagtar amach sa ghlao seo ar léiriú spéise, agus foilseofar ar shuíomh gréasáin CIE (inlíon agus idirlíon) é. Fanfaidh an liosta sin ar ár suíomh gréasáin go dtí nach mbeidh sé bailí a thuilleadh. Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil sé de cheart agat iarratas a dhéanamh chun d’ainm a bhaint den liosta foilsithe. Féadfaidh tú é sin a dhéanamh trí ríomhphost a sheoladh chuig ECA-Selection@eca.europa.eu.

IARRATAÍ AR ATHBHREITHNIÚ — GEARÁIN AGUS ACHOMHAIRC — GEARÁIN CHUIG AN OMBUDSMAN EORPACH

Má mheasann tú go bhfuil tú thíos le cinneadh éigin a rinneadh tráth ar bith le linn an nós imeachta roghnúcháin, tá na roghanna seo a leanas agat:

I.   Iarraidh a chur chuig an gcoiste roghnúcháin maidir le hathmhachnamh a dhéanamh ar a chinneadh

Féadfaidh tú iarraidh réasúnaithe i scríbhinn a chur isteach le go ndéanfaí athmhachnamh ar chinneadh atá déanta ag bord. Ní mór an t-iarratas sin a sheoladh chuig ECA-Recours@eca.europa.eu laistigh de 10 lá ó fhógairt an chinnidh.

II.   Gearáin

De réir Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne, féadfaidh tú gearán a chur isteach in aghaidh Cinneadh ón gCúirt diúltú don iarratas uait, laistigh de thrí mhí ó fhógra a fháil faoin gcinneadh sin, chuig an seoladh seo:

The Secretary-General

European Court of Auditors

12, rue Alcide De Gasperi

L-1615 Luxembourg

LUXEMBOURG

III.   Achomhairc bhreithiúnacha

Faoi Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne, féadfaidh tú achomharc in aghaidh cinneadh diúltú don ghearán uait, sa mhéid a chuireann an cinneadh sin isteach ort, a chur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Ní mór do dhlíodóir caingean den sórt sin a thaisceadh laistigh de thrí mhí tar éis fógra a fháil faoin gcinneadh diúltú don ghearán.

IV.   Gearáin chuig an Ombudsman Eorpach

Má mheasann tú gur bhain drochriarachán leis an gcaoi a ndearna CIE d’iarratas a láimhseáil, féadfaidh tú gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman Eorpaigh, tar éis duit teagmháil a dhéanamh leis an gCúirt i dtosach báire d’fhonn an díospóid a réiteach. Ní mór do ghearán i scríbhinn a chur isteach laistigh de dhá bhliain tar éis duit eolas a fháil ar na fíorais ábhartha. Tá foirm ghearáin leictreonach le fáil ar shuíomh gréasáin an Ombudsman Eorpaigh. Sa chás go ndéanfar gearán leis an Ombudsman Eorpach, ní chuirfidh sin na spriocdhátaí achomhairc thuasluaite ar fionraí.


(1)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:01962R0031-20200101&from=EN

(2)  IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.