24.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

8


An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta

Foilsiú folúntais le haghaidh fheidhm an Leas-Stiúrthóra Feidhmiúcháin ar Bhainistiú an Bhuanchóir

(Gníomhaire Sealadach – Grád AD 13)

COM/2021/20058

 

Cé sinn

Cuireadh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) ar bun faoin Rialachán maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach (1). Bunaíodh an Ghníomhaireacht ar dhúshraith na Gníomhaireachta Eorpaí chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle (2)). Leagtar síos a sainordú reatha i Rialachán 2019/1896 a tháinig i bhfeidhm an 4 Nollaig 2019.

Tá Frontex suite i Vársá na Polainne, agus táthar ag méadú a lín ball foirne go mór chun na cúraimí breise bunaithe ar an Rialachán sin atá air a chomhlíonadh.

Déantar foráil sa Rialachán nua maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach i leith buanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a bhunú, a mbeidh suas le 10 000 ball foirne oibríochtúil ann faoin mbliain 2027, agus déanfar é a imscaradh ar feadh theorainneacha seachtracha talún, muirí agus aeir an Aontais Eorpaigh agus limistéar Schengen. Leis an rialachán sin, treisítear ról na Gníomhaireachta go mór freisin i dtaca le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais, agus dá bhrí sin tá ról lárnach aige i gcóras coiteann an Aontais maidir le filleadh, a fógraíodh sa Chomhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann, chun go n-éireoidh leis an bhfilleadh i gcleachtas. Tá sé ina thosaíocht ag an nGníomhaireacht a bheith ina cuid oibríochtúil de bheartas an Aontais um Fhilleadh.

Le bunú an bhuanchóir – an chéad seirbhís Eorpach faoi éide um fhorfheidhmiú an dlí – cuireann Frontex deis uathúil cheannródaíoch ar fáil ar bheith rannpháirteach in eite oibríochtúil an Aontais maidir le bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip. Cruthaíonn bunú agus oibríochtaí an bhuanchóir dúshláin agus rioscaí dlíthiúla atá éagsúil agus nua. Beidh deis ag an iarrthóir a roghnófar cur go mór le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais sa réimse sin trí réitigh chruthaitheacha dlí a fhorbairt i gcomhar le páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha.

Ar phríomhchúraimí na Gníomhaireachta tá an méid seo a leanas:

cúnamh oibríochtúil agus teicniúil a thabhairt do Bhallstáit an Aontais ag a dteorainneacha seachtracha trí chomh-oibríochtaí rialaithe teorann a chomhordú, lena n-áirítear buanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh agus soithí, aerárthaí agus trealamh eile a imscaradh,

laistigh den sainordú atá aici, gníomhaíochtaí faireachais teorainneacha agus gníomhaíochtaí forfheidhmithe dlí a chomhordú mar chuid den tslándáil mhuirí i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta agus le gníomhaireachtaí an Aontais, amhail Europol, EMSA agus EFCA,

monatóireacht staide a dhéanamh ar theorainneacha seachtracha an Aontais agus anailísiú riosca ar gach gné de bhainistiú comhtháite teorainneacha an Aontais, lena n-áirítear measúnú ar chumas údaráis rialaithe teorann na mBallstát aghaidh a thabhairt ar an mbrú imirce agus ar dhúshláin éagsúla ag a dteorainneacha seachtracha,

agus urraim iomlán á tabhairt do chearta bunúsacha, cuidiú leis na Ballstáit náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil sé de cheart acu fanacht ar chríoch an Aontais, a chur ar ais,

cláir oiliúna a fhorbairt do ghardaí teorann agus cósta Eorpacha,

monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí teicneolaíochta nua i réimse an rialaithe teorann agus feidhmiú mar chomhéadan idir na hinstitiúidí taighde, an tionsclaíocht agus údaráis náisiúnta garda teorann agus cósta,

laistigh den sainordú atá aici, oibriú i gcomhar le heagraíochtaí an Aontais agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta i réimse bhainistiú an gharda teorann agus cósta, i réimse na slándála agus i réimse chosc na coireachta trasteorann (lena n-áirítear an sceimhlitheoireacht),

cuidiú le tíortha nach Ballstáit den Aontas Eorpach iad, i gcomhthéacs an chomhair theicniúil agus oibríochtúil faoin gcreat Eorpach um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha agus faoi bheartas chaidreamh sheachtraigh an Aontais.

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig ár suíomh gréasáin: http://www.frontex.europa.eu.

Is éard atá á thairiscint

Agus é ag obair faoi mhaoirseacht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, déanfaidh an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar Bhainistiú an Bhuanchóir maoirseacht agus comhordú ar obair na Rannán faoi seach agus beidh sé freagrach as an méid seo a leanas:

tacaíocht agus cuidiú a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus don Bhord Bainistíochta maidir le forbairt straitéiseach Frontex trí chomhairle agus saineolas a chur ar fáil ina réimse freagrachta sannta,

tacaíocht agus cuidiú a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin i dtaca le cruinnithe an Bhoird Bainistíochta a ullmhú agus i dtaca lena chuid cinntí a chur chun feidhme ina réimse freagrachta sannta,

maoirseacht a dhéanamh ar ullmhú agus cur chun feidhme an chlársceidealaithe ilbhliantúil agus an chláir oibre bhliantúil laistigh dá réimse freagrachta sannta agus tuairisciú don Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus don Bhord Bainistíochta maidir lena gcur chun feidhme,

úsáid acmhainní na Gníomhaireachta a phleanáil, a threorú agus a chomhordú i dtaca le cur i gcrích na ngníomhaíochtaí ina réimse freagrachta sannta, agus an éifeachtacht a uasmhéadú, an éifeactúlacht a mhéadú agus ardcháilíocht táirgí agus seirbhísí a chinntiú,

cur chun feidhme na gcinntí a rinneadh le linn chruinniú faisnéise Bhord Oibríochtúil agus Stiúrthóirí na Gníomhaireachta a chinntiú ina réimse freagrachta sannta,

ceannaireacht agus treoir a thabhairt dá fhoireann sna Rannáin faoi seach i dtaca le comhlíonadh na gcúraimí agus na gcuspóirí a bheidh sannta dó,

an pleanáil ghnó a threorú agus maoirseacht a dhéanamh uirthi, agus bainistiú feidhmíochta agus cáilíochta a dhéanamh laistigh dá réimse freagrachta sannta agus tuairisciú don Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoi thorthaí na pleanála,

naisc straitéiseacha a choinneáil ar bun le comhpháirtithe seachtracha agus le páirtithe leasmhara atá ábhartha dá réimse freagrachta sannta,

comhar éifeachtach idir na Rannáin a chur chun cinn agus a stiúradh,

ionadaíocht a dhéanamh do Frontex ag cruinnithe agus comhdhálacha de réir mar a iarrfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin,

gníomhú thar ceann an Stiúrthóra Feidhmiúcháin nuair a bheidh sé as láthair, i gcomhréir leis an gcóras ionadaíochta inmheánach,

aon chúraimí a shannfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dó a dhéanamh nó díriú ar aon chuspóirí a shannfaidh sé dó.

Áirítear i réimse freagrachta sannta an Leas-Stiúrthóra Feidhmiúcháin ar Bhainistiú an Bhuanchóir na cúraimí seo a leanas:

obair an Rannáin um Fhothú Acmhainneachta agus an Rannáin um Bainistiú Imscartha a stiúradh, a chomhordú agus maoirseacht a dhéanamh uirthi.

cuidiú leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin rannchuidiú na Gníomhaireachta leis na cumais dá bhforáiltear i dtimthriall an bheartais straitéisigh ilbhliantúil le haghaidh Bainistiú Comhtháite Teorainneacha na hEorpa (IBM), a chur ar bun,

cuidiú leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ullmhacht bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a chinntiú trí mhaoirseacht a dhéanamh ar bhainistiú agus infhaighteacht thráthúil acmhainneachtaí an bhuanchóir mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn I den Rialachán maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach

maoirseacht agus comhordú a dhéanamh ar na forbairtí agus na hinfheistíochtaí straitéiseacha fadtéarmacha agus meántéarmacha a chuireann leis an Straitéis Eorpach um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, idir theicniúil agus oibríochtúil, agus a thagann as an straitéis sin,

maoirseacht agus comhordú a dhéanamh ar sholáthar acmhainneachtaí trealaimh theicniúil agus na réiteach nuálach don bhuanchór a úsáidtear i limistéir oibríochtúla,

maoirseacht agus comhordú a dhéanamh ar an bpróiseas pleanála forbartha cumais, ar an straitéis fála ilbhliantúil agus ar ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta,

tacú le comhdhlúthú na n-inniúlachtaí is gá i réimse na hinnealtóireachta teicneolaíochta, agus le bainistiú saolré trealaimh atá faoi úinéireacht na Gníomhaireachta,

Cad atá á lorg againn (critéir roghnúcháin)

Gairmí dinimiciúil sármhaith a theastaíonn le haghaidh an phoist seo, a chomhlíonann na critéir roghnúcháin seo a leanas:

a)   Scileanna agus taithí bhainistíochta:

scileanna láidre riaracháin agus bainistíochta a bhfuil cruthúnas orthu, go háirithe taithí ar bhainistiú buiséid, acmhainní airgeadais agus acmhainní daonna ar an leibhéal sinsearach i gcomhthéacs náisiúnta, Eorpach agus/nó idirnáisiúnta,

taithí ar idirchaidreamh agus comhar maidir le hábhair oibríochtúla, straitéiseacha agus beartas,

an cumas próisis agus struchtúir a fhorbairt thar réimsí éagsúla gníomhaíochtaí agus athruithe a bhainistiú agus maoirseacht a dhéanamh orthu agus triail a bhaint as modhanna nua feabhsúcháin,

an cumas cuspóirí a shocrú agus a athbhreithniú laistigh de chreat straitéiseach iomlán na Gníomhaireachta, cuspóirí oibríochtúla intomhaiste a dhéanamh de thosaíochtaí agus de threoirlínte bheartais na Gníomhaireachta agus pleananna dea-eagraithe a fhorbairt de réir céimeanna loighciúla, agus iad a bheith bunaithe ar thuiscint chuí ar na tosaíochtaí.

an cumas plé a stiúradh agus na torthaí is fearr is féidir a ghiniúint gan an caidreamh oibre táirgiúil leis na páirtithe eile atá rannpháirteach a chur i mbaol.

an cumas foireann a chumhachtú agus a chinntiú ag an am céanna go dtuigfidh siad cad a bhfuiltear ag súil leis uathu agus conas a chuireann a gcuid oibre le cuspóirí na Gníomhaireachta.

an cumas forbairt gairme agus deiseanna foghlama a fhorbairt don fhoireann agus an cumas tacú leis na deiseanna sin.

an cumas caidreamh oibre táirgiúil comhair a thógáil leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, leis na Leas-Stiúrthóirí Feidhmiúcháin eile agus le comhghleacaithe eile sa Ghníomhaireacht.

b)   Sainscileanna agus saintaithí:

eolas agus tuiscint chuimsitheach ar shainordú, ar spriocanna, ar chuspóirí agus ar chúraimí na Gníomhaireachta, chomh maith le tuiscint ar na himpleachtaí praiticiúla agus oibríochtúla atá leo,

eolas an-mhaith ar bheartais agus ar chreat dlíthiúil an Aontais i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais, agus go háirithe i réimse an bhainistithe teorann agus an fhillidh, lena n-áirítear an creat dlíthiúil maidir le cearta bunúsacha, agus tuiscint ar na cúiseanna atá le forbairt an réimse beartais sin,

tuiscint láidir ar thimpeallacht slándála inmheánach an Aontais Eorpaigh agus ar chreat dlíthiúil agus sásraí praiticiúla an chomhair idir na húdaráis slándála inmheánacha ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, go háirithe maidir le réimsí gníomhaíochta a bhaineann le sainordú Frontex,

tuiscint láidir ar an ngné mhuirí de shainordú Frontex,

eolas agus taithí phraiticiúil ar ábhair airgeadais agus bhuiséadacha agus ar nósanna imeachta soláthair i dtimpeallacht an Aontais,

(inmhianaithe) céim ollscoile i réimsí atá ábhartha do shainordú agus oibriú na Gníomhaireachta,

c)   Buanna Pearsanta:

sárscileanna anailísiúchán, eagrúcháin agus cinnteoireachta, lena n-airítear, an cumas tosaíochtaí soiléire a bhunú,

sárchumas caidreamh oibre éifeachtach a chruthú agus a choinneáil ar bun le réimse leathan páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha agus dinimic na heagraíochta a thuiscint, lena n-áirítear tuiscint láidir ar nithe atá íogair ó thaobh na straitéise agus na polaitíochta de,

sárchumas tuiscint straitéiseach a léiriú, fís a léiriú lena dtuigtear saincheisteanna go tapa agus lena ndéantar fís straitéiseach díobh,

sárscileanna cur i láthair, cumas a bhfuil cruthúnas air oibriú le páirtithe leasmhara i seirbhísí oibríochtúla, in údaráis rialtais agus i dtimpeallacht pholaitiúil.

cumas a bhfuil cruthúnas air cumarsáid shoiléir a dhéanamh agus ábhair chasta a chur i láthair go simplí, ó bhéal agus i scríbhinn araon, agus é a dhéanamh leis na baill foirne freisin,

cumas a bhfuil cruthúnas air ionchuir a mhealladh ón bhfoireann, ó chomhpháirtithe agus ó pháirtithe leasmhara agus go bhfuil sé in ann éisteacht leo,

an cumas plé éifeachtach a dhéanamh go measúil agus go cúirtéiseach le daoine.

Ní mór na cáilíochtaí seo a bheith ag iarrthóirí (ceanglais incháilitheachta)

Ní dhéanfar iarrthóirí a mheas don chéim roghnúcháin ach amháin ar bhonn na gcritéar foirmiúil seo a leanas nach mór a bheith comhlíonta faoin sprioc-am le hiarratas a dhéanamh:

Náisiúntacht: ní mór do gach iarrthóir a bheith ina shaoránach de cheann amháin de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh nó de thír atá comhlachaithe le Schengen.

Céim nó dioplóma ollscoile: ní mór d’iarrthóirí:

leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile ar baineadh dioplóma amach dá bharr i gcás ina maireann an ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile 4 bliana nó níos mó;

nó leibhéal oideachais a bheith acu is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile ar baineadh dioplóma amach dá bharr agus taithí oibre chuí bliana amháin ar a laghad i gcás ina maireann an ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile 3 bliana ar a laghad (ní féidir an bhliain amháin sin de thaithí oibre a chur san áireamh sa taithí oibre iarchéime a iarrtar thíos).

Taithí oibre: ní mór d’iarrthóirí taithí oibre iarchéime 15 bliana ar a laghad a bheith acu (3) ar leibhéal ar féidir tosú air leis na cáilíochtaí dá dtagraítear thuas. Ní mór 5 bliana ar a laghad den taithí oibre sin a bheith faighte i réimse ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta.

Taithí bhainistíochta: ní mór 5 bliana ar a laghad den taithí oibre iarchéime a bheith faighte i bhfeidhm bainistíochta ardleibhéil (4) i réimse atá ábhartha don phost seo.

Teangacha: ní mór d’iarrthóirí eolas cuimsitheach a bheith acu ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (5) agus eolas sásúil ar cheann eile de na teangacha oifigiúla sin. Deimhneoidh na painéil roghnúcháin le linn na n-agallamh an gcomhlíonann iarrthóirí an ceanglas maidir le heolas sásúil ar cheann eile de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh. D’fhéadfaí an t-agallamh nó cuid den agallamh a dhéanamh sa teanga eile sin mar chuid den tástáil sin.

Teorainn aoise: ní mór d’iarrthóirí a bheith in ann, ag an sprioc-am le hiarratais a dhéanamh, an sainordú iomlán 5 bliana a chur i gcrích sula mbainfidh siad aois scoir amach. I gcás baill foirne shealadacha de chuid an Aontais Eorpaigh, sainítear an aois scoir mar dheireadh na míosa ina mbeidh 66 bliana slán ag an duine (féach Airteagal 47 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (6)).

Roghnú agus ceapadh

Is é Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta a cheapfaidh an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus déanfaidh sé sin ar bhonn gearrliosta a chuirfidh an Coimisiún Eorpach ar fáil.

Chun an gearrliosta sin a thiomsú, eagróidh an Coimisiún Eorpach an próiseas de réir a phróisis roghnúcháin agus earcaíochta (féach an Doiciméad ar Bheartas Oifigeach Sinsearach (7)).

Mar chuid den phróiseas roghnúcháin seo, cuirfidh an Coimisiún Eorpach painéal réamhroghnúcháin ar bun. Déanfaidh an painéal sin anailísiú ar na hiarratais go léir, rachaidh sé ar aghaidh leis an gcéad fhíorú incháilitheachta agus sainaithneoidh sé na hiarrthóirí a bhfuil na próifílí is fearr acu i bhfianaise na gcritéar roghnúcháin a luaitear thuas agus a bhféadfaí cuireadh a thabhairt dóibh agallamh a dhéanamh leis an bpainéal réamhroghnúcháin.

I ndiaidh na n-agallamh sin, tarraingeoidh an painéal réamhroghnúcháin suas a thuairimí agus molfaidh sé liosta iarrthóirí le haghaidh agallaimh eile le Coiste Comhairleach an Choimisiúin Eorpaigh um Cheapacháin (CCA). Cuirfidh CCA na tuairimí ón bpainéal réamhroghnúcháin san áireamh agus é ag cinneadh cé na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh chun agallaimh dóibh.

Glacfaidh na hiarrthóirí a dtugtar cuireadh chun agallaimh le CCA dóibh páirt in ionad measúnaithe bainistíochta a mhairfidh lá iomlán a reáchtálfaidh comhairleoirí earcaíochta seachtracha. Agus torthaí an agallaimh agus thuarascáil an ionaid measúnaithe á gcur san áireamh aige, tiomsóidh CCA gearrliosta d’iarrthóirí a mheasann sé a bheadh oiriúnach do bheith ag feidhmiú mar Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta.

Is é/iad Comhalta/Comhaltaí an Choimisiúin atá i gceannas ar an Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil caidreamh leis an nGníomhaireacht faoina cúram a chuirfidh na hiarrthóirí atá ar ghearrliosta CCA faoi agallamh (8).

I ndiaidh na n-agallamh sin, glacfaidh an Coimisiún Eorpach gearrliosta de na trí iarrthóir is oiriúnaí, agus cuirfear an gearrliosta sin ar aghaidh chuig Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta. Féadfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh a dhéanamh na hiarrthóirí a chur faoi agallamh sula ndéanfaidh siad an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh as na hiarrthóirí ar ghearrliosta an Choimisiúin. Ní hionann duine a bheith ar an bpainéal agus ráthaíocht a bheith aige go gceapfar é.

D’fhéadfaí a iarraidh ar iarrthóirí dul faoi agallaimh bhreise agus/nó tástálacha breise a dhéanamh, sa bhreis orthu siúd a luadh thuas.

Ar chúiseanna feidhmiúla agus d’fhonn an próiseas roghnúcháin a chur i gcrích chomh tapa agus is féidir ar mhaithe leis na hiarrthóirí agus leis an institiúid araon, is i mBéarla nó i bhFraincis amháin a dhéanfar an próiseas roghnúcháin (9).

Comhdheiseanna

Cuireann an Coimisiún Eorpach agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta beartas comhdheiseanna agus neamh-idirdhealaithe i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 1d de na Rialacháin Foirne (10).

Coinníollacha fostaíochta

Tá na tuarastail agus na coinníollacha fostaíochta leagtha síos i gCoinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile (11).

Déanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta an t-iarrthóir ar éirigh leis a fhostú mar Ghníomhaire Sealadach ar ghrád AD 13 (12). Rangófar é i gcéim 1 nó i gcéim 2 laistigh den ghrád sin, de réir fhad a thaithí oibre an tráth sin.

Déanfar é a cheapadh le tréimhse oifige thosaigh 5 bliana, agus an fhéidearthacht ann síneadh suas le 5 bliana ar a mhéad a chur léi de réir an Rialacháin lena mbunaítear an Ghníomhaireacht um an nGarda Teorann agus Cósta de réir mar is infheidhme tráth an cheapacháin.

Ba chóir d’iarratasóirí a thabhairt dá n-aire go gceanglaítear faoi Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile nach mór do gach ball foirne nua tréimhse phromhaidh 9 mí a chur i gcrích agus toradh sásúil uirthi.

Is é Vársá na Polainne an áit fostaíochta, áit a bhfuil suíomh na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta.

Táthar ag súil leis an bpost a líonadh láithreach.

Neamhspleáchas agus dearbhú leasanna

Sula rachaidh an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin i mbun a chuid dualgas, beidh air dearbhú a thabhairt go bhfuil sé tiomanta a bheith ag gníomhú go neamhspleách ar mhaithe leis an bpobal agus aon leas atá aige a d’fhéadfaí a mheas a bheith dochrach dá neamhspleáchas a dhearbhú.

Nós imeachta maidir le hiarratas a dhéanamh

Sula gcuirfear an t-iarratas isteach, ba cheart don iarrthóir a sheiceáil go cúramach an gcomhlíonann sé gach ceann de na riachtanais incháilitheachta (“Ní mór na cáilíochtaí seo a bheith ag iarrthóirí”), go háirithe iad sin a bhaineann leis na cineálacha dioplóma, an taithí oibre ardleibhéil agus an acmhainn theangeolaíoch atá ag teastáil. Má tá aon cheann de na riachtanais incháilitheachta nach gcomhlíonann iarrthóir, eisiafar é go huathoibríoch ón bpróiseas roghnúcháin.

Más mian leat iarratas a dhéanamh, ní mór duit clárú ar an idirlíon ar an suíomh gréasáin seo thíos agus na treoracha maidir le céimeanna éagsúla an phróisis a leanúint:

https://ec.europa.eu/dgs/human-resources/seniormanagementvacancies/

Ní mór seoladh ríomhphoist bailí a bheith agat. Bainfear úsáid as an seoladh ríomhphoist sin chun do chlárú a dheimhniú agus chun dul i dteagmháil leat ag céimeanna éagsúla den phróiseas. Dá bhrí sin, coinnigh an Coimisiún Eorpach ar an eolas faoi aon athrú ar do sheoladh ríomhphoist.

Chun iarratas a dhéanamh, ní mór duit CV a uaslódáil i bhformáid PDF agus litir inspreagtha a líonadh isteach ar líne (uasmhéid 8 000 carachtar). Is féidir leat an CV agus an litir inspreagtha a chur isteach in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

Ar chríochnú do chlárúcháin ar líne duit, gheobhaidh tú ríomhphost a dheimhneoidh gur cláraíodh d’iarratas. Mura bhfaighidh tú ríomhphost deimhnithe, níor cláraíodh d’iarratas!

Tabhair do d’aire nach féidir monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn d’iarratais ar líne. Rachaidh an Coimisiún Eorpach i dteagmháil go díreach leat maidir le stádas d’iarratais.

Má tá tuilleadh eolais uait nó má bhíonn fadhbanna teicniúla agat, seol ríomhphost chuig: HR-MANAGEMENT-ONLINE@ec.europa.eu

Sprioc-am

Is é 12.00 meán lae, am na Bruiséile, 23 Aibreán 2021, an sprioc-am le clarú. Ní féidir clarú ina dhiaidh sin.

Is fútsa atá sé do chlárúchán ar líne a chríochnú in am. Moltar go láidir duit gan fanacht go dtí cúpla lá roimh an sprioc-am chun iarratas a dhéanamh, mar go bhféadfadh trácht trom ar an idirlíon nó fadhb a bhaineann leis an nasc idirlín deireadh a chur leis an gclárúchán ar líne sula mbeadh sé críochnaithe agat, rud a chuirfeadh iallach ort an próiseas clárúcháin a thosú athuair. Nuair a bheidh an sprioc-am le hiarratas a chur isteach thart, ní bheidh tú in ann tuilleadh sonraí a chur isteach. Ní ghlactar le clárúcháin dhéanacha.

Eolas tábhachtach d’iarrthóirí

Cuirtear i gcuimhne d’iarrthóirí gur faoi rún atá an obair a dhéanann na painéil roghnúcháin éagsúla. Tá cosc ar iarrthóirí dul i dteagmháil, bíodh sé díreach nó indíreach, le comhaltaí na bpainéal sin, agus tá cosc ar dhuine ar bith eile déanamh amhlaidh thar a gceann. Ní mór gach fiosrúchán a sheoladh chuig rúnaíocht an phainéil ábhartha.

Sonraí pearsanta a chosaint

Áiritheoidh an Coimisiún go bpróiseálfar sonraí pearsanta na n-iarrthóirí de réir mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). Baineann sé sin go háirithe le rúndacht agus slándáil na sonraí sin.


(1)  Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2004 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (IO L 349, 25.11.2004, lch. 1).

(3)  Ní chuirtear taithí oibre san áireamh ach amháin más fíorchaidreamh oibre atá i gceist léi, caidreamh atá sainmhínithe mar fhíorobair a bhfuarthas pá aisti agus mar fhostaí (aon chineál conartha) nó mar sholáthraí seirbhíse. Déanfar gníomhaíocht ghairmiúil a rinneadh ar bhonn páirtaimseartha a ríomh ar bhonn pro rata, de réir chéatadán deimhnithe na n-uaireanta lánaimseartha a oibríodh. Cuirtear saoire mháithreachais/saoire tuismitheora/saoire páiste a uchtú san áireamh más faoi chuimsiú conartha oibre atá sí. Déantar dochtúireachtaí a chomhshamhlú le taithí oibre, fiú amháin nuair nach dochtúireachtaí ar pá iad, ach déantar sin ar feadh uastréimhse 3 bliana amháin, ar choinníoll gur éirigh leis an iarrthóir an dochtúireacht a bhaint amach. Ní féidir tréimhse áirithe a áireamh ach uair amháin.

(4)  Ba cheart d’iarrthóirí a léiriú go soiléir ina gcuraclam vitae na blianta go léir ina bhfuair siad taithí bhainistíochta: (1) teideal agus ról na bpost bainistíochta a bhí acu; (2) líon na mball foirne a ndearna siad maoirseacht orthu sna poist sin; (3) méid na mbuiséad a bhainistigh siad; (4) líon na sraitheanna ordlathais os a gcionn agus faoina mbun; agus (5) líon a bpiaraí.

(5)  http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:01958R0001-20130701&qid=1408533709461&from=EN

(6)  http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:01962R0031-20140701&from=EN

(7)  https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/compilation-of-the-senior-official-policy-at-the-european-commission_en.pdf

(8)  Ach amháin i gcás ina dtarmligfidh an Comhalta den Choimisiún lena mbaineann, i gcomhréir le Cinneadh ón gCoimisiún an 5 Nollaig 2007 (PV(2007) 1811), agus an 30 Meán Fómhair 2020 (PV(2020) 2351) an cúram sin do Chomhalta eile de chuid an Choimisiúin.

(9)  Féachfaidh na painéil roghnúcháin chuige nach dtabharfar aon bhuntáiste míchuí do chainteoirí dúchais na dteangacha sin…

(10)  http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:01962R0031-20140701&from=EN

(11)  http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:01962R0031-20140701&from=EN

(12)  Tá an chomhéifeacht cheartúcháin is infheidhme don Pholainn maidir le luach saothair agus pinsin oifigeach agus seirbhíseach eile de chuid an Aontais socraithe ag 70,9 % ón 1 Iúil 2020. Tá an chomhéifeacht sin faoi réir athbhreithniú bliantúil.

(13)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295 an 21.11.2018, lch. 39).