|
16.10.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
Ard-Stiúrthóireacht
Foilsiú folúntais do Bhall den Bhord um Ghrinnscrúdú Rialála ar ghrád AD 14 (Príomhchomhairleoir)
(Fostú Baill Foirne Shealadaigh faoi Airteagal 2(a) de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile)
COM/2020/10396
Cé sinn
Bunaíodh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála (BGR) in 2015 le Cinneadh ó Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh (1) arb é an leagan is déanaí de (2020) atá bailí (2). Cuireann BGR le beartas “Rialáil Níos Fearr” an Choimisiún trí ghrinnscrúdú a dhéanamh ar mheasúnuithe tionchair, ar mheastóireachtaí ex post agus ar sheiceálacha oiriúnachta agus trí thuairimí a eisiúint faoi na dréacht-tuarascálacha a bhaineann leo. Is i mBéarla den chuid is mó a dhéantar na téacsanna a chuirtear isteach chuig BGR a dhréachtú agus a phlé.
Tá sé chomhalta agus cathaoirleach in BGR. Oibríonn comhaltaí BGR go lánaimseartha do BGR. Is lasmuigh de sheirbhísí an Choimisiúin Eorpaigh a earcaítear trí chomhalta de BGR agus is laistigh de a roghnaítear agus a cheaptar an triúr eile. Is ar bhonn a saineolais acadúil chruthaithe ar mheastóireacht tionchar, ar mheasúnú ex post agus ar bheartais rialála go ginearálta, i réimsí na maicreacnamaíochta, na micreacnamaíochta agus na mbeartas shóisialta agus comhshaoil, a roghnaítear comhaltaí seachtracha an Bhoird.
Oibríonn comhaltaí uile BGR go lánaimseartha don Bhord agus bíonn tréimhse oibre 3 bliana acu nach féidir a athnuachan. I gcásanna eisceachtúla is féidir síneadh bliana amháin ar a mhéad a chur leis an tréimhse sin más gá sin chun a chinntiú go leanfaidh an Bord dá chuid oibre gan bhriseadh, go mbeidh cothromaíocht san fhoireann idir comhaltaí inmheánacha agus comhaltaí seachtracha nó go mbeidh acmhainn iomlán aige tráth a bheidh ualach oibre thar a bheith trom air. Tá comhaltaí uile BGR ceangailte d'Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin Eorpaigh ó thaobh riaracháin de. Tá siad faoi réir Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach eile an Aontais Eorpaigh (3) agus chód an Choimisiúin Eorpaigh maidir le dea-iompar riaracháin. Tá rialacha dochta leagtha síos iontu sin maidir le heitic, rúndacht agus coinbhleacht leasa a bhfuil ábharthacht agus tábhacht ar leith acu i gcás ghníomhaíochtaí BGR. I gcomhréir le Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh, féadfaidh comhaltaí den Bhord páipéir a fhoilsiú le linn a dtréimhse oibre ar acht nach gcuirfidh sin isteach lena sainordú.
An tairiscint
Post dúshlánach mar Chomhalta den Bhord um Ghrinnscrúdú Rialála a mbaineann dualgais shonracha leis:
|
— |
Measúnú a dhéanamh ar cháilíocht tuarascálacha a cuireadh isteach maidir le meastóireachtaí agus seiceálacha oiriúnachta ar bheartais reatha agus le measúnuithe tionchair arna n-ullmhú chun tacú le tionscnaimh pholaitiúla nua de chuid an Choimisiún; |
|
— |
Páirt a ghlacadh in ullmhú tuairimí faoi thuarascálacha ar mheasúnuithe tionchair, ar mheastóireachtaí agus ar sheiceálacha oiriúnachta agus in ullmhú moltaí faoi conas ba cheart iad a fheabhsú; |
|
— |
Faoi threoir an chathaoirligh, comhairle a thabhairt do sheirbhísí aonair de chuid an Choimisiún faoi chur i bhfeidhm agus léirmhíniú na dtreoirlínte ábhartha i meastóireachtaí atá níos dúshlánaí ná mar is gnách agus faoi shaincheisteanna modheolaíochta, más ábhartha. |
Cad atá á lorg againn (critéir roghnúcháin)
Gairmí dinimiciúil sármhaith a chomhlíonann na critéir roghnúcháin seo a leanas a theastaíonn le haghaidh an phoist seo:
Buanna Pearsanta
|
— |
Sárscileanna cumarsáide ó bhéal agus i scríbhinn chun gur féidir leis dul i gcomhairle agus a bheith ag obair i gcaidreamh agus i gcomhar go héifeachtach líofa le páirtithe leasmhara seachtracha agus chun ionadaíocht a dhéanamh don Choimisiún sna fóraim sheachtracha. |
Scileanna agus taithí
|
— |
Eolas agus inniúlacht chruthaithe i réimsí na rialála, phróisis agus mhodhanna an mheasúnaithe tionchair nó ex post, agus taifead acadúil láidir a bhfuil, go háirithe, foilseacháin ábhartha ina bhfianaise orthu. |
|
— |
Eolas an-mhaith ar bheartais an Aontais agus ar phróisis chinnteoireachta an Aontais, Beartas an Choimisiúin maidir le Rialála Níos Fearr san áireamh. |
|
— |
Saineolas sonrach i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas: an mhaicreacnamaíocht; an mhicreacnamaíocht; na beartais shóisialta; agus na beartais chomhshaoil; |
An bhainistíocht/scileanna comhairleacha ardleibhéil
|
— |
Scileanna láidre anailísiúcháin agus ardinniúlacht sa smaoineamh straitéiseach; |
|
— |
Scileanna comhordúcháin an-mhaith; |
Ba cheart don iarrthóir a roghnófar deimhniú bailí imréitigh slándála óna údarás náisiúnta slándála a bheith aige nó a bheith in ann an deimhniú sin a fháil. Is cinneadh riaracháin é an t-imréiteach slándála pearsanta a dhéantar tar éis grinnfhiosrúchán slándála a chur i gcrích, grinnfhiosrúchán a rinne údarás náisiúnta slándála inniúil an iarrthóra i gcomhréir leis na dlíthe agus na rialacháin náisiúnta slándála is infheidhme, agus lena ndeimhnítear go bhféadfar cead a thabhairt do dhuine aonair rochtain a fháil ar fhaisnéis rúnaicmithe suas le leibhéal áirithe. (Tabhair do d'aire gur ar iarraidh an fhostóra amháin is féidir tús a chur leis an nós imeachta is gá maidir le himréiteach slándála, agus ní ar iarraidh an iarrthóra).
Na cáilíochtaí nach mór a bheith ag iarrthóirí (critéir incháilitheachta)
Ní dhéanfar iarrthóirí a mheas le haghaidh na céime roghnúcháin ach amháin ar bhonn na gcritéar foirmiúil seo a leanas nach mór a bheith comhlíonta faoin sprioc-am le hiarratas a dhéanamh:
|
— |
Náisiúntacht: ní mór do gach iarrthóir a bheith ina shaoránach de cheann amháin de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh. |
|
— |
Céim nó dioplóma ollscoile: ní mór d'iarrthóirí:
|
|
— |
Taithí oibre: taithí oibre iarchéime 15 bliana ar a laghad (4) a bheith acu ar leibhéal ar féidir tosú air leis na cáilíochtaí dá bhfuil tagairt ann dóibh thuas. |
|
— |
Taithí chomhairleach: ní mór 5 bliana ar a laghad den taithí oibre iarchéime a bheith faighte i bpost bainistíochta ardleibhéil (5) i réimse atá ábhartha don phost seo. |
|
— |
Teangacha: ní mór d'iarrthóirí eolas cuimsitheach a bheith acu ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (6) agus eolas sásúil ar cheann eile de na teangacha oifigiúla sin. Deimhneoidh na painéil roghnúcháin le linn na n-agallamh an gcomhlíonann iarrthóirí an ceanglas maidir le heolas sásúil ar cheann eile de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Mar chuid den tástáil chéanna d'fhéadfaí an t-agallamh nó cuid den agallamh a dhéanamh sa teanga eile sin; |
|
— |
Teorainn aoise: ní mór do na hiarrthóirí a bheith faoi bhun na gnáthaoise scoir ar feadh na tréimhse oifige rompu, aois atá sainithe d'oifigigh an Aontais mar dheireadh na míosa inar shlánaigh an duine 66 bliana (féach Airteagal 52 lit (a) de na Rialacháin Foirne (7)). |
Roghnú agus ceapadh
Roghnóidh an Coimisiún Eorpach an t-iarrthóir ar éirigh leis i gcomhréir lena nósanna imeachta roghnúcháin agus earcaíochta (féach freisin an Doiciméad ar Bheartas Oifigeach Sinsearach (8)).
Mar chuid den phróiseas roghnúcháin seo, cuirfidh an Coimisiún Eorpach painéal réamhroghnúcháin ar bun. Déanfaidh an painéal sin anailísiú ar na hiarratais go léir, rachaidh sé ar aghaidh leis an gcéad fhíorú incháilitheachta agus sainaithneoidh sé na hiarrthóirí a bhfuil na próifílí is fearr acu i bhfianaise na gcritéar roghnúcháin a luaitear thuas agus a bhféadfaí cuireadh a thabhairt dóibh agallamh a dhéanamh leis an bpainéal réamhroghnúcháin.
Tar éis na n-agallamh sin, tarraingeoidh an painéal réamhroghnúcháin suas a thuairimí agus molfaidh sé liosta iarrthóirí le haghaidh agallaimh eile le Coiste Comhairleach an Choimisiúin Eorpaigh um Cheapacháin (CCA). Cuirfidh CCA na tuairimí ón bpainéal réamhroghnúcháin san áireamh agus é ag cinneadh cé na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh chun agallaimh dóibh.
Glacfaidh na iarrthóirí a dtugtar cuireadh chun agallaimh le CCA dóibh páirt in ionad measúnaithe bainistíochta a mhairfidh lá iomlán a reáchtálfaidh comhairleoirí earcaíochta seachtracha. Agus torthaí an agallaimh agus tuarascáil an ionaid measúnaithe á gcur san áireamh, tiomsaíonn CCA gearrliosta iarrthóirí a mheasann sé a bheadh oiriúnach do bheith ag feidhmiú mar Chomhalta den Bhord um Ghrinnscrúdú Rialála.
Is é an comhalta den Choimisiún ar a bhfuil cúram na Rialála Níos Fearr a chuirfidh agallamh ar na hiarrthóirí ar ghearrliosta CCA (9).
I ndiaidh na n-agallamh sin, déanfaidh an Coimisiún Eorpach an cinneadh ceapacháin.
Ar chúiseanna feidhmiúla agus d'fhonn an próiseas roghnúcháin a chur i gcrích chomh tapa agus is féidir ar mhaithe leis na hiarrthóirí agus leis an nGníomhaireacht araon, is i mBéarla nó i bhFraincis amháin a dhéanfar an próiseas roghnúcháin (10).
Ní bheidh rochtain ag an iarrthóir ar fhaisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (FRAE) ar an leibhéal CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL nó os a chionn sin, agus ní fhreastalóidh an t-iarrthóir ar aon chruinniú ag a bpléifear FRAE den sórt sin, go dtabharfaidh an Ballstát lena mbaineann an t-imréiteach slándála pearsanra agus go gcuirfear an nós imeachta imréitigh i gcrích leis an seisiún faisnéise, a bhfuil ceangal dlí leis, ó Stiúrthóireacht Slándála an Choimisiúin.
Comhdheiseanna
Cuireann an Coimisiún Eorpach agus an Ghníomhaireacht beartas comhdheiseanna agus neamh-idirdhealaithe i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 1d de na Rialacháin Foirne.
Coinníollacha fostaíochta
Tá na tuarastail agus na coinníollacha fostaíochta leagtha síos i gCoinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.
Déanfar an t-iarrthóir ar éirigh leis a fhostú mar Ghníomhaire Sealadach ag grád AD 14. Rangófar é i gcéim 1 nó i gcéim 2 laistigh den ghrád sin, de réir fhad a thaithí an tráth sin. Is post sealadach atá ann ar féidir síneadh eisceachtúil a chur leis ar feadh bliana amháin ar a mhéad.
Ba chóir d'iarratasóirí a thabhairt dá n-aire go gceanglaítear faoi Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile go gcuirfidh gach ball foirne nua tréimhse phromhaidh 9 mí i gcrích.
Is sa Bhruiséil atá an t-ionad oibre, áit a bhfuil an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála suite.
Neamhspleáchas agus dearbhú leasanna
Sula rachaidh an Príomhchomhairleoir i mbun a chuid dualgas, cuirfear de cheangal air dearbhú a thabhairt go bhfuil sé tiomanta a bheith ag gníomhú go neamhspleách ar mhaithe leis an bpobal agus dearbhú a thabhairt maidir le haon leas atá aige a d'fhéadfaí a mheas a bheith dochrach dá neamhspleáchas.
Nós imeachta maidir le hiarratas a dhéanamh
Sula gcuirfear an t-iarratas isteach, ba cheart don iarrthóir a sheiceáil go cúramach an gcomhlíonann sé gach ceann de na riachtanais incháilitheachta (“Ní mór na cáilíochtaí seo a bheith ag iarrthóirí”), go háirithe iad sin a bhaineann leis na cineálacha dioplóma, an taithí oibre ardleibhéil agus an acmhainn theangeolaíoch atá ag teastáil. Má tá aon cheann de na riachtanais incháilitheachta nach gcomhlíonann iarrthóir, eisiafar é go huathoibríoch ón bpróiseas roghnúcháin.
Más mian leat iarratas a dhéanamh, ní mór duit clárú ar an idirlíon ar an suíomh gréasáin seo thíos agus na treoracha maidir le céimeanna éagsúla an phróisis a leanúint:
https://ec.europa.eu/dgs/human-resources/seniormanagementvacancies/
Ní mór seoladh ríomhphoist bailí a bheith agat. Bainfear úsáid as an seoladh ríomhphoist sin chun do chlárú a dheimhniú agus chun dul i dteagmháil leat ag céimeanna éagsúla den phróiseas. Dá bhrí sin, coinnigh an Coimisiún Eorpach ar an eolas faoi aon athrú ar do sheoladh ríomhphoist.
Chun iarratas a dhéanamh, ní mór duit CV a uaslódáil i bhformáid PDF agus litir inspreagtha a líonadh isteach ar líne (uasmhéid 8 000 carachtar). Is féidir leat an CV agus an litir inspreagtha a chur isteach in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.
Ar chríochnú do chlárúcháin ar líne duit, gheobhaidh tú ríomhphost a dheimhneoidh gur cláraíodh d'iarratas. Mura bhfaighidh tú ríomhphost deimhnithe, níor cláraíodh d'iarratas!
Tabhair do d'aire nach féidir monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn d'iarratais ar líne. Rachaidh an Coimisiún Eorpach i dteagmháil go díreach leat maidir le stádas d'iarratais.
Má tá tuilleadh eolais uait nó má bhíonn fadhbanna teicniúla agat, seol ríomhphost chuig: HR-MANAGEMENT-ONLINE@ec.europa.eu
Sprioc-am
Is é 12.00 meán lae, am na Bruiséile, an 16 Samhain 2020 an sprioc-am le clárú. Ní féidir clárú ina dhiaidh sin.
Is fútsa atá sé do chlárúchán ar líne a chríochnú in am. Moltar go láidir duit gan fanacht go dtí cúpla lá roimh an sprioc-am chun iarratas a dhéanamh, mar go bhféadfadh trácht trom ar an idirlíon nó fadhb a bhaineann leis an nasc idirlín deireadh a chur leis an gclárúchán ar líne sula mbeadh críochnaithe agat, rud a chuirfeadh iallach ort an próiseas clárúcháin a thosú athuair. Nuair a bheidh an sprioc-am le hiarratas a chur isteach thart, ní bheidh tú in ann tuilleadh sonraí a chur isteach. Ní ghlactar le clárúcháin dhéanacha.
Eolas tábhachtach d'iarrthóirí
Cuirtear i gcuimhne d'iarrthóirí gur faoi rún atá an obair a dhéanann na painéil roghnúcháin éagsúla. Tá cosc ar iarrthóirí dul i dteagmháil, bíodh sé díreach nó indíreach, le comhaltaí na bpainéal sin, agus tá cosc ar dhuine ar bith eile déanamh amhlaidh thar a gceann. Ní mór gach fiosrúchán a sheoladh chuig rúnaíocht an phainéil ábhartha.
Sonraí pearsanta a chosaint
Áiritheoidh an Coimisiún go bpróiseálfar sonraí pearsanta na n-iarrthóirí de réir mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). Baineann sé sin go háirithe le rúndacht agus slándáil na sonraí sin.
(1) Cinneadh C(2015) 3263 an 19 Bealtaine 2015 faoi Bhord um Ghrinnscrúdú Rialála Neamhspleách a bhunú.
(2) Cinneadh P(2020) 2 an 23 Eanáir 2020 faoi Bhord um Ghrinnscrúdú Rialála Neamhspleách.
(3) http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:01962R0031-20140701&from=EN
(4) Ní chuirtear taithí oibre san áireamh ach amháin más fíorchaidreamh oibre atá i gceist léi, caidreamh atá sainmhínithe mar fhíorobair a bhfuarthas pá aisti agus mar fhostaí (aon chineál conartha) nó mar sholáthraí seirbhíse. Déanfar gníomhaíocht ghairmiúil a rinneadh ar bhonn páirtaimseartha a ríomh ar bhonn pro rata, de réir chéatadán deimhnithe na n-uaireanta lánaimseartha a oibríodh. Cuirtear saoire mháithreachais/saoire tuismitheora/saoire páiste a uchtú san áireamh más faoi chuimsiú conartha oibre atá sí. Déantar dochtúireachtaí a chomhshamhlú le taithí oibre, fiú amháin nuair nach dochtúireachtaí ar pá iad, ach déantar sin ar feadh uastréimhse 3 bliana amháin, ar choinníoll gur éirigh leis an iarrthóir an dochtúireacht a bhaint amach. Ní féidir tréimhse áirithe a áireamh ach uair amháin.
(5) Ba cheart d'iarrthóirí ina gcuraclam vitae na blianta go léir ina bhfuair siad taithí bhainistíochta a léiriú go soiléir: (1) teideal agus ról na bpost a bhí acu; (2) an réimse ábhar sonrach agus an leibhéal san eagraíocht ar a raibh an post (líon na sraitheanna cliarlathais os cionn an phoist agus faoina bhun); (3) línte tuairisciúcháin gach poist a bhí ag an iarrthóir.
(6) http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:01958R0001-20130701&qid=1408533709461&from=EN
(7) http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:01962R0031-20140701&from=EN
(8) https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/compilation-of-the-senior-official-policy-at-the-european-commission_en.pdf.
Eagróidh an Coimisiún Eorpach an próiseas roghnúcháin i mBéarla, Fraincis nó Gearmáinis.
(9) Ach amháin i gcás ina dtarmligfidh an Comhalta Coimisiúin lena mbaineann, i gcomhréir le Cinneadh ón gCoimisiún an 5 Nollaig 2007 (PV(2007) 1811), an cúram sin do Chomhalta eile de chuid an Choimisiúin.
(10) Féachfaidh na painéil roghnúcháin chuige nach dtabharfar aon bhuntáiste míchuí do chainteoirí dúchais na dteangacha sin.
(11) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).