|
31.8.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
FÓGRA FOLÚNTAIS UIMH. COR/AD 14/20 BIS/20
Stiúrthóir (F/B) (1)
|
An Stiúrthóireacht |
An Stiúrthóireacht um Obair Reachtach 1 |
|
Folúntas |
AD 14 |
|
Cineál poist |
STIÚRTHÓIR |
|
|
Arna fhoilsiú faoi Airteagal 29(2) de na Rialacháin Foirne Arna fhoilsiú go comhuaineach faoi Airteagal 29(1) de na Rialacháin Foirne |
|
Dáta an fhoilsithe |
31 Lúnasa 2020 |
|
Spriocdháta: |
Meán lae (am na Bruiséile) an 9 Deireadh Fómhair 2020 |
1. Timpeallacht oibre
Is tionól polaitiúil é Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) a bhfuil ról institiúideach AE aige de bhun Chonradh Liospóin mar chomhlacht a chuireann comhairle ar Pharlaimint na hEorpa, ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún Eorpach. Is Uachtaráin thofa ar Réigiúin, Comhairleoirí réigiúnacha, Méaraí agus Comhairleoirí áitiúla iad ár gComhaltaí, atá freagrach go daonlathach do na saoránaigh. Tríd an obair a dhéanann seisear coimisinéirí, vótálann comhaltaí CnaR ar thuairimí polaitiúla mar chuid de phróiseas ullmhaithe reachtaíochta an Aontais Eorpaigh, rud a fhágann gur féidir éisteacht a thabhairt do thuairimí na n-údarás réigiúnach agus áitiúil, agus beartais an Aontais Eorpaigh á gceapadh agus reachtaíocht á dréachtú. Tugann a ról comhairleach cead do 329 gcomhalta agus 329 gcomhalta mhalartacha dá chuid, agus, dá réir sin, do na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla a ndéanann siad ionadaíocht thar a gceann, páirt a ghlacadh i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh (2).
Tá trí rúnaíocht (ceann in aghaidh an choimisiúin) agus foireann chothrománach ina bhfuil thart ar 50 oifigeach agus ball foirne eile sa Stiúrthóireacht um Obair Reachtach 1 (Stiúrthóireacht B). Is iad príomhchúraimí na Stiúrthóireachta teachtaireachtaí polaitiúla na hinstitiúide a ullmhú trí chúnamh a thabhairt do na comhaltaí tuairimí CnaR a tharraingt suas, tacú leis an bpróiseas polaitiúil laistigh den Bhiúró agus den Seisiún Iomlánach, agus cruinnithe na gcoimisiún agus imeachtaí seachtracha a eagrú. Is é príomh-mhisean na Stiúrthóireachta rannpháirtíocht agus rannchuidiú éifeachtach CnaR i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn.
2. Tuairisc ghairid ar na príomhfhreagrachtaí
Oibríonn an Stiúrthóir faoi údarás díreach an Ardrúnaí agus bíonn air nó uirthi an Stiúrthóireacht um Obair Reachtach 1 a bhainistiú, stiúrthóireacht a thugann tacaíocht do na comhaltaí na cumhachtaí comhairliúcháin a thugtar do CnaR leis na Conarthaí a chur chun feidhme faoi chuimsiú phróiseas reachtach an Aontais Eorpaigh.
Chun an leibhéal is airde éagsúlachta i measc bainisteoirí sinsearacha a áirithiú, más rud é go mbíonn an tuillteanas céanna ag roinnt iarrthóirí a bhfuil iarratas á dhéanamh acu faoin gcatagóir chéanna (Airteagal 29(1)(a), (b) nó Airteagal 29(2) in ord íslitheach tosaíochta), tabharfar tús áite d’iarrthóirí ar mná iad.
3. Dualgais
Áirítear na cúraimí seo a leanas ar phríomhchúraimí Stiúrthóir na Stiúrthóireachta um Obair Reachtach 1:
|
— |
rannchuidiú le foireann bainistíochta sinsearaí na hinstitiúide, faoi fhreagracht an Ardrúnaí; |
|
— |
gníomhaíocht reachtach rúnaíochtaí na gcoimisiún éagsúil atá sa Stiúrthóireacht a phleanáil, a eagrú agus a chomhordú agus an obair is bonn leis an bpróiseas comhairliúcháin a ullmhú ionas go mbeidh an tionchar is mó is féidir aici ar an gCoiste ó thaobh beartais de; |
|
— |
rannpháirtíocht na gcomhlachas ábhartha d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha ar fud an Aontais sa phróiseas comhairliúcháin, agus mar chuid den idirphlé struchtúrtha, a chomhordú; |
|
— |
na línte cumarsáide is fearr is féidir a choinneáil le comhaltaí CnaR, faoi chuimsiú shainchúraimí na Stiúrthóireachta, agus i gcomhréir le comhaltas na gcoimisiún éagsúil agus leis na freagrachtaí sonracha atá ar chathaoirligh na gcoimisiún, na ngrúpaí polaitiúla agus na dtoscaireachtaí náisiúnta; |
|
— |
rannchuidiú, faoi chuimsiú shainchúraimí na Stiúrthóireachta, le hobair na gcomhlachtaí uile atá in CnaR a ullmhú agus a chur chun feidhme: an uachtaránacht, Comhdháil na nUachtarán, an tionól iomlánach, an Biúró agus na coimisiúin; |
|
— |
cáilíocht na hoibre a dhéantar laistigh den Stiúrthóireacht a áirithiú; |
|
— |
cumarsáid inmheánach a áirithiú laistigh den Stiúrthóireacht agus le Stiúrthóireachtaí agus ranna eile na hArdrúnaíochta, go háirithe comhairliúchán idir-rannach; |
|
— |
bainistíocht fhónta acmhainní airgeadais agus daonna na Stiúrthóireachta a áirithiú trí acmhainní a leithdháileadh de réir phríomhthosaíochtaí agus mhisean na hinstitiúide agus tríd an mbreisluach is mó is féidir a chur le ról comhairliúcháin na hinstitiúide; |
|
— |
freagrachtaí an oifigigh údarúcháin trí fho-tharmligean a chur i gcrích laistigh de na teorainneacha atá leagtha síos; |
|
— |
caidreamh a chothú agus a fhorbairt tuilleadh le hinstitiúidí eile an Aontais agus ionadaíocht a dhéanamh thar ceann CnaR i gcomhlachtaí idirinstitiúideacha. |
4. Critéir incháilitheachta
Iarrthóirí a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas ar an dáta atá socraithe chun iarratais a chur isteach, beidh siad in ann páirt a ghlacadh sa nós imeachta roghnúcháin:
|
— |
a bheith ina náisiúnach de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh; |
|
— |
lánchearta mar shaoránach a bheith acu agus a bheith in ann teistiméireachtaí carachtair iomchuí a chur ar fáil maidir lena oiriúnaí atá siad do na dualgais a bheidh le comhlíonadh; |
|
— |
aon oibleagáidí faoi na dlíthe a bhaineann le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta acu; |
|
— |
a bheith faoi bhun na haoise scoir, a dtiocfaidh éifeacht léi, i gcás oifigigh agus bhaill foirne eile an Aontais Eorpaigh, ag deireadh na míosa sin ina mbeidh siad 66 bliana d’aois; |
|
— |
a bheith corpacmhainneach chun na dualgais a chomhlíonadh – cinnteofar sin trí scrúdú a dhéanfaidh oifigeach leighis CnaR ar an iarrthóir rathúil sula ndéanfar aon cheapachán; |
|
— |
leibhéal ardoideachais arb ionann é agus timthriall iomlán staidéir ollscoile dar críoch céim a bhaint i gcás inar mhair gnáthfhad na tréimhse staidéir sin ceithre bliana nó níos mó, nó leibhéal oideachais arb ionann é agus timthriall iomlán staidéir ollscoile dar críoch céim a bhaint agus tréimhse bliana ar a laghad de thaithí ghairmiúil ábhartha ina dhiaidh sin i gcás inar mhair gnáthfhad na tréimhse staidéir sin trí bliana ar a laghad; |
|
— |
taithí ghairmiúil cúig bliana déag ar a laghad a bheith acu i réimse a bhaineann leis an bpost, agus cúig bliana díobh sin ar a laghad i réimse an chomhair dhírigh le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha mar phríomhghníomhaíocht. As na cúig bliana déag thuasluaite, níor mhór cúig bliana díobh ar a laghad a bheith caite i bpost bainistíochta (cineál poist: ceann aonaid nó a choibhéis nó níos airde). |
|
— |
sáreolas ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh mar phríomhtheanga agus eolas sásúil ar a laghad ar theanga oifigiúil eile de chuid an Aontais; i bhfianaise na gcineálacha dualgas a bheidh le comhlíonadh, teastaíonn eolas maith (leibhéal B2 ar a laghad mar a mheastar sin sa Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha (3)) ar an mBéarla nó ar an bhFraincis; measfar gur buntáiste é eolas sásúil ar a laghad a bheith ag iarrthóirí ar an gceann eile den dá theanga sin. |
Maidir leis an ngá atá ann oifigeach a earcú ag a bhfuil na caighdeáin is airde ó thaobh inniúlachta, feidhmíochta agus ionracais de, caithfear cothromaíocht a aimsiú idir sin agus leas na seirbhíse, rud a éilíonn go mbeidh iarrthóirí in ann a bheith ag feidhmiú láithreach agus go mbeidh sé ar a gcumas cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach laistigh den institiúid ina gcuid oibre laethúla i gceann amháin de na teangacha is mó a úsáideann oifigigh agus baill foirne eile an Aontais mar theanga oibre inmheánach. Is modh comhréireach, dá bhrí sin, í an tástáil le linn an phróisis earcaíochta ar eolas na n-iarrthóirí ar theangacha chun a dheimhniú go bhfuil na cáilíochtaí is airde acu chun dualgais an Stiúrthóra a chomhlíonadh i dtimpeallacht oibre CnaR. Iarrthóirí a bhfuil ceann de na teangacha thuasluaite acu mar phríomhtheanga, iarrfar orthu le linn an agallaimh iad féin a chur in iúl go sásúil i dteanga oifigiúil eile nach í a bpríomhtheanga í.
Is buntáiste freisin iarrthóirí a bheith in ann iad féin a chur in iúl go héifeachtach i dteangacha oifigiúla eile de chuid an Aontais; is gá a thabhairt le fios sa dearbhú de mheon macánta (féach pointe 7.1 agus Iarscríbhinn I) go gcomhlíonann an t-iarrthóir na ceanglais maidir le heolas ar theangacha agus déanfar na scileanna sin a thástáil le linn an agallaimh (féach pointe 6).
5. An chéad scagadh incháilitheachta agus réamhroghnú
|
5.1. |
Is éard atá sa chéad scagadh incháilitheachta anailís a dhéanfaidh an bord roghnúcháin ar gach comhad a cuireadh isteach maidir leis an bhfógra folúntais seo chun comhlíonadh na gcritéar incháilitheachta atá leagtha síos i bpointe 4 a fhíorú. Beidh an Ardrúnaíocht de chúnamh ag an mbord roghnúcháin. |
5.2. Réamhroghnú ar pháipéar
Is é a dhéanfar i gcéim an réamhroghnúcháin measúnú comparáideach ar thaithí oibre na n-iarrthóirí incháilithe ar bhonn na faisnéise atá i gcomhaid na n-iarrthóirí.
Tabharfar tús áite d’iarrthóirí a bhfuil na nithe seo a leanas acu:
5.2.1.
|
— |
an cumas chun oibriú rianúil agus cost-éifeachtúil Stiúrthóireachta a áirithiú, lena n-éilítear máistreacht ar mhodhanna bainistíochta agus an cumas foirne móra a stiúradh; |
|
— |
taithí ar bhearta éifeachtúla agus nuálacha bainistíochta a fhorbairt agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear i ndáil le bainistiú acmhainní daonna agus buiséadacha. |
5.2.2.
|
— |
scileanna caibidlíochta: bheadh sé ina bhuntáiste a bheith in ann teacht ar chomhréitigh i ndáil le cinnteoireacht ardleibhéil; |
|
— |
scileanna cumarsáide agus caidrimh phoiblí. |
5.2.3.
|
— |
eolas ar bheartais an Aontais Eorpaigh; |
|
— |
taithí mhaith ar bheith ag obair le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha; ba bhuntáiste é dá mba i gcomhlacht áitiúil nó réigiúnach a fuarthas an taithí sin; |
|
— |
eolas ar phróiseas cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh agus taithí i réimse an chomhair idirinstitiúidigh, i dtimpeallacht pholaitiúil más féidir; |
|
— |
taithí ar bheith ag plé le nósanna imeachta riaracháin agus buiséadacha, agus leis an gcreat dlíthiúil, lena rialaítear gníomhaíochtaí na n-institiúidí Eorpacha. |
|
5.2.4. |
Cuirfear san áireamh sa réamhroghnú ar pháipéar freisin an díocas atá ar na hiarrthóirí dul i mbun dhualgais Stiúrthóir na Stiúrthóireachta um Obair Reachtach 1 agus na ndúshlán a bheidh roimh an institiúid amach anseo, de réir mar a leagadh an t-inspreagadh sin amach sa litir chumhdaigh. |
|
5.2.5. |
Tá CnaR i bhfabhar soghluaisteacht inmheánach laistigh den institiúid le himeacht ama; dá réir sin, is inmhianaithe freisin an cumas chun freagrachtaí bainistíochta sinsearaí eile a chur i gcrích. |
6. Critéir roghnúcháin
Déanfar an roghnú trí agallamh agus lena linn sin cuirfidh an bord roghnúcháin (féach pointe 7.3.2) roinnt ceisteanna den chineál céanna ar gach iarrthóir le go bhféadfar meastóireacht chomparáideach a dhéanamh ar na hiarrthóirí a bheidh á mbreithniú ag an gcéim seo.
Beidh an t-agallamh dírithe go sonrach ar na nithe seo a leanas:
|
— |
eolas ar bheartais an Aontais Eorpaigh, ar leagan amach institiúideach an Aontais agus ar a mhodhanna oibre; |
|
— |
eolas agus tuiscint ar na húdaráis phoiblí áitiúla agus réigiúnacha, ar a líonraí agus ar an gcaidreamh a bhíonn acu le CnaR; |
|
— |
scileanna bainistíochta, an cumas straitéisí nua a mhúnlú agus a chur chun feidhme, chun na cuspóirí a bheidh ag an Stiúrthóireacht um Obair Reachtach 1 amach anseo a mhúnlú, chun na torthaí a bhfuiltear ag súil leo a chur i láthair agus a mhíniú agus chun comhoibriú go gníomhach le Stiúrthóireachtaí eile; |
|
— |
inspreagadh agus scileanna idirphearsanta; |
|
— |
an cumas cumarsáid a dhéanamh, labhairt go poiblí, cás éifeachtach a dhéanamh agus dul i mbun caibidlíochta; |
|
— |
meon na tionscnaíochta, cumas gníomhú go réamhghníomhaíoch agus cumas cruthaithe acu gur féidir leo athrú a stiúradh agus a chur chun feidhme go rathúil; |
|
— |
an cumas ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna CnaR ar an leibhéal idirinstitiúideach. |
Ar chúiseanna feidhmiúla agus d’fhonn an nós imeachta roghnúcháin a chur i gcrích a luaithe is féidir ar mhaithe leis na hiarrthóirí agus leis an institiúid, is i mBéarla nó i bhFraincis, de réir rogha an iarrthóra, a dhéanfar an t-agallamh. I gcás iarrthóirí arb iad an Béarla nó an Fhraincis a bpríomhtheanga, déanfar iad a thástáil freisin le linn an agallaimh féachaint an bhfuil eolas sásúil acu ar theanga oifigiúil eile de chuid an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, déanfar measúnú le linn an agallaimh ar an gcumas cumarsáid éifeachtach a dhéanamh i dteangacha oifigiúla eile de chuid an Aontais Eorpaigh (féach pointe 4).
Chun an leibhéal is airde éagsúlachta i measc bainisteoirí sinsearacha a áirithiú, más rud é go mbíonn an tuillteanas céanna ag roinnt iarrthóirí a bhfuil iarratas á dhéanamh acu faoin gcatagóir chéanna (Airteagal 29(1)(a), (b) nó Airteagal 29(2) in ord íslitheach tosaíochta), tabharfar tús áite d’iarrthóirí ar mná iad.
7. Céimeanna an nós imeachta
7.1. Comhaid iarratais a chur isteach
Ní ghlacfar ach le comhaid iarratais a chuirfear isteach go leictreonach i bhformáid pdf nach mó ná 10 MB chuig an seoladh seo a leanas: Recruitment.DirB@cor.europa.eu
Iarrthóirí atá faoi mhíchumas a chuireann bac orthu a n-iarratas a chur isteach ar líne, féadfaidh siad a n-iarratas a sheoladh tríd an bpost cláraithe chuig an seoladh: Comité européen des régions, à l’attention du chef de l’unité Recrutement et carrière, 101 rue Belliard, 1040 Bruxelles Belgique, agus “Confidentiel – avis de vacance – à ne pas ouvrir par le service courrier” marcáilte ar an gclúdach litreach, faoin sprioc-am atá luaite i bpointe 7.2 ar a dhéanaí, agus is é an postmharc a chruthóidh gur cuireadh sa phost faoin dáta sin iad. I gcás den sórt sin, beidh ar na hiarrthóirí teastas lena n-aithnítear a stádas mar dhuine faoi mhíchumas agus a d’eisigh comhlacht údaraithe a chur isteach lena n-iarratas. Iarrtar orthu freisin a chur in iúl i scríbhinn má tá aon rud ar leith a mheasann siad a bheith riachtanach le go bhféadfaidh siad páirt a ghlacadh sa nós imeachta earcaíochta. Is tríd an bpost a dhéanfar aon chumarsáid bhreise idir CnaR agus na hiarrthóirí sin. Forchoimeádann CnaR an ceart soiléiriú a iarraidh i dtaobh na ndoiciméad tacaíochta a iarrtar thíos.
Ní mór uimhir thagartha an fhógra folúntais ( COR/AD 14/20 BIS/20 ) a lua sa cheannteideal sa chomhad iarratais agus an méid seo a leanas a bheith sa chomhad:
|
— |
litir chumhdaigh (5 leathanach ar a mhéad), agus dáta agus síniú uirthi, ar cheart inspreagadh an iarrthóra a bheith luaite inti, ina mbeidh fianaise ar dhea-theist chruthaithe an iarrthóra sna réimsí dá dtagraítear i bpointe 5.2 agus ina leagfar amach freisin an fhís atá ag an iarrthóir maidir leis na dúshláin a bheidh roimh CnaR amach anseo; |
|
— |
Curriculum vitae atá cothrom le dáta (i bhformáid Europass); |
|
— |
an dearbhú de mheon macánta, agus dáta agus síniú air, (féach an fhoirm in Iarscríbhinn I) lena ndeimhnítear gur comhlíonadh na coinníollacha incháilitheachta a liostaítear i bpointe 4; |
|
— |
an seicliosta atá in Iarscríbhinn II, agus dáta agus síniú air; |
|
— |
cóip de dhoiciméad aitheantais; |
|
— |
cóip den dioplóma ar a bhfuil an grád tugtha (féach pointe 4); |
|
— |
cóipeanna den fhianaise ar thaithí ghairmiúil lenar féidir taithí an iarrthóra a fhíorú, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i bpointe 4; |
|
— |
deimhniú oifigiúil a chruthaíonn gur oifigeach de chuid an Aontais Eorpaigh an t-iarrthóir, agus ina luaitear an cineál ceapacháin agus an grád atá aige nó aici agus, i gcás oifigigh de ghrád AD 13, dáta an ghráid; |
|
— |
an seicliosta atá in Iarscríbhinn III, agus dáta agus síniú air. |
Is ar an bhfaisnéis a thugtar sa chomhad iarratais, lena n-áirítear an fhaisnéis a thugtar sa dearbhú de mheon macánta, a mhéid atá doiciméid tacaíochta ag gabháil leis an bhfaisnéis sin, agus ar an bhfaisnéis sin amháin, a bhunófar an chéad scagadh incháilitheachta agus na critéir réamhroghnúcháin a leagtar amach i bpointe 4, i bpointe 5.1 agus i bpointe 5.2. Ní chuirfear an fhaisnéis a thugtar sa CV ná sa litir chumhdaigh san áireamh mura bhfuil doiciméid tacaíochta ag gabháil leis an bhfaisnéis sin.
Maidir leis an taithí ghairmiúil a iarrtar faoi phointe 4, ní mór cóipeanna den fhianaise ar thaithí ghairmiúil a chur ar fáil ina dtugtar le fios na cineálacha dualgas a bhí i gceist, an fad a mhair na poist agus an leibhéal freagrachta.
Is ar an dearbhú de mheon macánta a bhunófar an fíorú a dhéanfar air go bhfuil an t-iarrthóir ag comhlíonadh na gcritéar incháilitheachta maidir leis an eolas ar theangacha a iarrtar; déanfar leibhéal na scileanna teanga a scrúdú le linn an agallaimh (féach pointe 6 den fhógra folúntais).
Nuair a bheidh an comhad iarratais á ullmhú, ní gá na cóipeanna a dheimhniú mar chóipeanna deimhnithe de na bundoiciméid.
Ní bhreithneofar comhaid iarratais neamhiomlána ná comhaid a chuirtear isteach tar éis don dáta deiridh chun iarratas a dhéanamh dul in éag nó comhaid nach gcloíonn leis na forálacha lena rialaítear an chaoi ar gá comhaid iarratais a chur isteach. Cuirfidh aon dearbhú bréagach faoi deara láithreach go bhfuil an t-iarratas ar neamhní.
Cuirtear in iúl d’iarrthóirí nach bhfuil cead acu teagmháil phearsanta a bheith acu le comhaltaí an bhoird roghnúcháin agus gur foras é sin le hiarrthóir a dhícháiliú as an bpróiseas roghnúcháin.
7.2. An dáta deiridh chun comhaid iarratais a chur isteach: Meán lae (am na Bruiséile) an 9 Deireadh Fómhair 2020
Gheobhaidh na hiarrthóirí admháil trí ríomhphost go bhfuarthas a gcomhad iarratais. Déanfar comhaid iarratais a thagann tríd an bpost cláraithe i gcomhréir le pointe 7.1 a admháil tríd an bpost.
7.3. Grinnscrúdú ar na comhaid iarratais: an chéad scagadh incháilitheachta, an réamhroghnú agus an próiseas roghnúcháin
|
7.3.1. |
Bunaithe ar réamhanailís a bheidh déanta ag an Ardrúnaíocht, déanfaidh bord roghnúcháin incháilitheacht na n-iarrthóirí a mbeidh a n-iarratais curtha isteach acu faoin sprioc-am a mheasúnú ar bhonn na ndoiciméad tacaíochta a iarrtar faoi phointe 7.1. |
|
7.3.2. |
Is iad a bheidh ar an bpainéal roghnúcháin Uachtarán CnaR, an chéad Leas-Uachtarán ar CnaR agus cathaoirligh na sé ghrúpa pholaitiúla (nó a n-ionadaithe) in CnaR. Beidh Ardrúnaí CnaR rannpháirteach ag gach céim den phróiseas roghnúcháin chun tacaíocht riaracháin agus dhlíthiúil a chur ar fáil don bhord roghnúcháin. |
|
7.3.3. |
Fíoróidh an bord roghnúcháin ar dtús go bhfuil na coinníollacha incháilitheachta comhlíonta bunaithe ar an dearbhú de mheon macánta, an litir chumhdaigh, an CV agus na cóipeanna de na doiciméid atá liostaithe i bpointe 7.1 den fhógra folúntais seo. Tá na coinníollacha incháilitheachta a sheiceálfar ag an gcéim seo den nós imeachta liostaithe i bpointe 4.
Na hiarrthóirí sin a measfar nach bhfuil a n-iarratas incháilithe, cuirfear ar an eolas iad faoi sin. |
|
7.3.4. |
Na hiarratais a ligfear isteach ag deireadh na céime a bhfuil cur síos uirthi sa phointe thuas, beidh siad faoi réir próiseas réamhroghnúcháin a chuirfidh an bord roghnúcháin i gcrích le cúnamh ón Ardrúnaí. Is ar bhonn an chomhaid iarratais a dhéanfar sin. Ainmneacha na n-iarrthóirí sin is fearr a chomhlíonann na critéir atá leagtha síos i bpointí 5.1 go 5.2 den fhógra folúntais seo, cuirfear ar ghearrliosta iad ar a mbeidh seacht n-ainm ar a mhéad.
I bhfianaise an réamhroghnúcháin sin atá bunaithe ar na comhaid, iarrtar ar na hiarrthóirí na gnéithe sin dá CV a fhreagraíonn do na dualgais atá i gceist, dá n-inspreagadh agus dá dtuairimí i leith na ndúshlán a bheidh roimh an Stiúrthóireacht um Obair Reachtach 1 amach anseo a thabhairt le fios ina litir chumhdaigh. |
|
7.3.5. |
Tabharfar cuireadh ansin do na hiarrthóirí atá ar an ngearrliosta freastal ar mheasúnú in “ionad measúnaithe”. Cuirfear an clár agus an mhodheolaíocht don mheasúnú sin in iúl do na hiarrthóirí in am trátha. Is é a dhéanfar le linn an mheasúnaithe sin measúnú ar scileanna bainistíochta na n-iarrthóirí (bainistíocht faisnéise, tascanna, daoine, caidreamh idirphearsanta agus an cumas cuspóirí a bhaint amach). Is tuairim neamhcheangailteach é an measúnú seo a chuirfear ar fáil don bhord roghnúcháin roimh an agallamh. |
|
7.3.6. |
Tar éis chéim an ionaid measúnaithe, tabharfar cuireadh do na hiarrthóirí céanna (atá ar an ngearrliosta) freastal ar agallamh leis an mbord roghnúcháin i gcomhréir le forálacha phointe 6. Le linn an phróisis sin, cuideoidh an tArdrúnaí leis an mbord roghnúcháin agus cuirfidh sé torthaí an ionaid measúnaithe os a gcomhair.
Tar éis an agallaimh, cinnfidh an bord roghnúcháin cén t-iarrthóir is oiriúnaí le dul i mbun dhualgais Stiúrthóir na Stiúrthóireachta um Obair Reachtach 1. Molfaidh an tArdrúnaí an t-iarrthóir sin don Bhiúró, agus féadfaidh an Biúró cuireadh chun éisteachta a thabhairt don iarrthóir sin. Cuirfear na hiarrthóirí nár moladh le haghaidh ceapacháin ar an eolas faoi sin nuair a bheidh deireadh leis an bpróiseas. I gcomhréir le Rialacha Nós Imeachta CnaR, braitheann ceapachán aon oifigigh i ngrád níos airde ná AD 12 ar vóta fabhrach ón mBiúró. I gcás vóta fabhrach, tabharfaidh an Biúró treoir d’Uachtarán CnaR an cinneadh lena gcumhdaítear ceapachán an iarrthóra a roghnaíodh a shíniú. I gcás nach vóta fabhrach é an vóta ón mBiúró, cuirfear deireadh leis an bpróiseas roghnúcháin gan aon iarrthóir a cheapadh. Faoi chuimsiú an fhógra folúntais seo, scrúdóidh an tÚdarás Ceapacháin na féidearthachtaí chun an folúntas a líonadh i gcomhréir leis an ordú a leagtar amach in Airteagal 29 de na Rialacháin Foirne: scrúdú na n-iarratas faoi Airteagal 29(1)(a) (post le líonadh trí aistriú, trí cheapachán nó trí ardú céime), ansin faoi Airteagal 29(1)(b) (aistriú idir institiúidí), agus ar deireadh faoi Airteagal 29(2). Déanfar an t-ordú sin a chomhlíonadh ag gach ceann de na céimeanna a leagtar amach thuas. |
8. Téarmaí earcaíochta
Más rud é gur cuireadh an t-iarratas isteach faoin bhfógra folúntais seo, déanfar an t-iarrthóir a roghnaíodh a cheapadh mar Stiúrthóir ar an Stiúrthóireacht um Obair Reachtach 1 (grád AD 14).
Sula n-earcófar an duine sin, beidh ar an iarrthóir a roghnaíodh sliocht as an taifead coiriúil a sholáthar chun a léiriú go bhfuil na ceanglais reachtúla uile maidir le teistiméireachtaí carachtair comhlíonta aige nó aici.
9. Barúlacha
Déanfar an ceapachán ar choinníoll gur leor na cistí atá ar fáil dó.
Déanfar na sonraí pearsanta atá sna hiarratais a phróiseáil i gcomhréir leis an reachtaíocht Eorpach um chosaint sonraí.
Mar fhostóir, cuireann CnaR beartas maidir le comhionannas deiseanna i bhfeidhm, lena gcuirtear bac ar aon idirdhealú, agus tá sé tiomanta freisin an comhshaol a chosaint.
Amchlár sealadach:
|
Dáta deiridh le haghaidh iarratas: |
9 Deireadh Fómhair 2020 |
|
Seiceáil incháilitheachta + gearrliosta: |
Lár mhí na Samhna 2020 |
|
Ionad measúnaithe: |
Deireadh mhí na Samhna/Tús mhí na Nollag 2020 |
|
Dáta earcaíochta: |
Aibreán 2021 |
10. Gearáin
Beag beann ar an gceart atá acu gearán a dhéanamh faoi Airteagal 90(2), nó achomharc a dhéanamh le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh faoi Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne, féadfaidh iarrthóirí athbhreithniú inmheánach a iarraidh ar aon chinneadh a rinne an bord roghnúcháin má chuireann sé isteach go díreach agus láithreach bonn ar a stádas sa phróiseas roghnúcháin ar an ábhar nár comhlíonadh na rialacha lena rialaítear an próiseas roghnúcháin mar atá leagtha síos san fhógra folúntais. Ní mór an iarraidh sin a sheoladh trí ríomhphost (Recruitment.DirB@cor.europa.eu) laistigh de 5 lá oibre ón dáta a cuireadh an cinneadh in iúl don iarrthóir trí ríomhphost. Ní mór an cinneadh agus na forais ar a bhfuil an iarraidh bunaithe a lua inti.
Déanfaidh an bord roghnúcháin a chinneadh ina leith sin agus cuirfear freagra réasúnaithe chuig an iarrthóir in am agus i dtráth.
(1) Aon tagairt a dhéantar san fhógra seo d’fhireannach glacfar leis gur ag tagairt do bhaineannach atáthar freisin.
(2) Le haghaidh tuilleadh eolais ar Choiste Eorpach na Réigiún agus ar thosaíochtaí polaitiúla a théarma cúig bliana, féach ar an nasc seo:
https://cor.europa.eu/en/engage/brochures/Documents/Bringing%20Europe%20closer%20to%20people,%20The%20political%20priorities%20of%20the%20European%20Committee%20of%20the%20Regions%202020-2025/4325%20Political%20Priorities%20Brochure.pdf
(3) https://www.coe.int/en/web/common-european-framework-reference-languages/table-1-cefr-3.3-common-reference-levels-global-scale
IARSCRÍBHINN I
FÓGRA FOLÚNTAIS Uimh. COR/AD 14/20 BIS/20
DEARBHÚ DE MHEON MACÁNTA
Airteagal 29(2)
AN tIARRTHÓIR
Sloinne agus céadainm:
Dearbhaím go bhfuil an fhaisnéis agus na doiciméid go léir a chuir mé san iarratas fíor agus iomlán.
Dearbhaím ar m’fhocal agus ar m’fhírinne ar an dáta deiridh le haghaidh iarratas:
|
i. |
gur náisiúnach de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh mé; |
|
ii. |
go bhfuil lánchearta mar shaoránach á dteachtadh agam; |
|
iii. |
go bhfuil aon oibleagáidí atá orm faoi na dlíthe a bhaineann le seirbhís mhíleata comhlíonta agam; |
|
iv. |
go gcuirfidh mé ar fáil na teistiméireachtaí carachtair is gá chun na dualgais a chomhlíonadh; |
|
v. |
go bhfuilim, a mhéid is eol dom, corpacmhainneach chun na dualgais atá beartaithe a chomhlíonadh; |
|
vi. |
go bhfuilim faoi bhun na haoise scoir a dtiocfaidh éifeacht léi, i gcás oifigigh agus bhaill foirne eile an Aontais Eorpaigh, ag deireadh na míosa sin ina mbeidh mé 66 bliana d’aois; |
|
vii. |
go bhfuil agam leibhéal ardoideachais arb ionann é agus timthriall iomlán staidéir ollscoile dar críoch céim a bhaint i gcás inar mhair gnáthfhad na tréimhse staidéir sin ceithre bliana nó níos mó, nó leibhéal oideachais arb ionann é agus timthriall iomlán staidéir ollscoile dar críoch céim a bhaint agus tréimhse bliana ar a laghad de thaithí ghairmiúil ábhartha ina dhiaidh sin i gcás inar mhair gnáthfhad na tréimhse staidéir sin trí bliana ar a laghad; |
|
viii. |
go bhfuil agam taithí ghairmiúil cúig bliana déag ar a laghad i réimse a bhaineann leis an bpost, agus cúig bliana díobh sin ar a laghad i réimse an chomhair dhírigh le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha mar phríomhghníomhaíocht. As na cúig bliana déag thuasluaite, chaith mé cúig bliana díobh ar a laghad i bpost bainistíochta (cineál poist: ceann aonaid nó a choibhéis nó níos airde); |
|
ix. |
go bhfuil sáreolas agam ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh mar phríomhtheanga agus eolas sásúil ar a laghad ar theanga oifigiúil eile de chuid an Aontais Eorpaigh; |
|
x. |
go bhfuil eolas maith ar a laghad agam ar an mBéarla nó ar an bhFraincis (Leibhéal B2). |
Is dlúthchuid den chomhad iarratais an dearbhú seo agus an seicliosta agus is gá iad a chur isteach in éindí leis an litir chumhdaigh uaim.
Is eol dom:
|
— |
go ndiúltófar do m’iarratas mura seolfaidh mé na doiciméid a iarradh i gcomhréir leis na socruithe atá leagtha síos san fhógra folúntais; |
|
— |
go ndéanfar m’iarratas a neamhniú láithreach má tá aon dearbhú bréagach san iarratas. |
Dáta:
Síniú:
IARSCRÍBHINN II
FÓGRA FOLÚNTAIS Uimh. COR/AD 14/20 BIS/20
SEICLIOSTA
Airteagal 29(2)
AN tIARRTHÓIR
Sloinne agus céadainm:
Dearbhaím go bhfuil na doiciméid seo a leanas san áireamh sa chomhad iarratais (cuir X sna boscaí ábhartha):
|
|
TÁ |
NÍL |
||
|
□ |
□ |
||
|
□ |
□ |
||
|
□ |
□ |
||
|
□ |
□ |
||
|
□ |
□ |
||
|
□ |
□ |
Dáta:
Síniú:
IARSCRÍBHINN III
FORÁLACHA MAIDIR LE hIARRATAÍ AR ATHBHREITHNIÚ – ACHOMHAIRC – GEARÁIN CHUIG AN OMBUDSMAN EORPACH – COMHIONANNAS DEISEANNA – ROCHTAIN AR DHOICIMÉID – COSAINT SONRAÍ PEARSANTA
IARRATAÍ AR ATHBHREITHNIÚ:
Is féidir athbhreithniú a iarraidh más rud é:
|
— |
nár chloígh an bord roghnúcháin leis na forálacha lena rialaítear an nós imeachta roghnúcháin; |
|
— |
nár chloígh an bord roghnúcháin leis na forálacha lena rialaítear a chuid oibre. |
Is ceart a thabhairt faoi deara go bhfuil sciar maith rogha ag an mbord roghnúcháin agus measúnú á dhéanamh acu féachaint an bhfuil na freagraí a thug tú ceart nó mícheart agus a mhéid atá siad ceart nó mícheart. Ní fiú, dá bhrí sin, do chuid mharcanna a chonspóid mura rud é go ndearnadh earráid shoiléir dlí nó earráid shoiléir fírice.
Ní mór duit an iarraidh chuí-réasúnaithe uait a chur isteach laistigh de chúig lá oibre ón dáta a seoladh an ríomhphost lenar diúltaíodh an post duit. Seoltar í chuig an seoladh céanna agus a seoladh an t-iarratas. Cuirfidh an Roinn Acmhainní Daonna an litir ar aghaidh chuig comhaltaí an bhoird roghnúcháin a scrúdóidh í agus tiocfaidh siad ar chinneadh laistigh de chúig lá oibre.
Is gá na sonraí seo a leanas a lua i líne an ábhair sa litir:
|
— |
uimhir an fhógra folúntais, |
|
— |
“request for review” (“demande de réexamen”), |
|
— |
an chéim lena mbaineann sa phróiseas roghnúcháin (incháilitheacht, réamhroghnú, etc.). |
Is ceart a thabhairt faoi deara nach féidir aon iarraidh ar athbhreithniú a chur isteach tar éis an agallaimh.
ACHOMHAIRC:
Má chreideann tú, le linn céim ar bith den nós imeachta roghnúcháin, gur ghníomhaigh CnaR nó an bord roghnúcháin go héagothrom nó nár chloígh siad le forálacha an fhógra folúntais, agus go bhfuil tú faoi mhíbhuntáiste mar thoradh air sin, féadfaidh tú gearán riaracháin a dhéanamh faoi Airteagal 90(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh trí ríomhphost a sheoladh chuig an Ardrúnaí ag an seoladh ríomhphoist feidhmiúil seo: Recruitment.DirB@cor.europa.eu
Is gá na sonraí seo a leanas a lua i líne an ábhair sa litir:
|
— |
uimhir an fhógra folúntais, |
|
— |
gearán faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne (“réclamation article 90, paragraphe 2, du statut”), |
|
— |
an chéim lena mbaineann sa phróiseas roghnúcháin (incháilitheacht, réamhroghnú, toradh deiridh, etc.). |
Is ceart a thabhairt faoi deara go bhfuil sciar maith rogha ag an mbord roghnúcháin.
Ní fiú gearán a chur isteach i gcoinne chinneadh an bhoird roghnúcháin toisc go bhfuil siad iomlán neamhspleách agus nach féidir leis an Údarás Ceapacháin a gcinntí a chur ar ceal. Níl an sciar maith rogha atá acu faoi réir seiceálacha ach amháin i gcás sárú soiléir ar na rialacha lena rialaítear a gcuid oibre. Sa chás sin, féadfar agóid a dhéanamh i gcoinne cinneadh de chuid an bhoird roghnúcháin díreach os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh gan gearán a bheith déanta roimh ré faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne. Faoi Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne, is féidir achomharc a chur chuig:
|
An Chúirt Ghinearálta |
|
Boulevard Konrad Adenauer |
|
2925 Lucsamburg |
|
Lucsamburg |
Tá sonraí faoin gcaoi le hachomharc a dhéanamh le fáil ar shuíomh gréasáin na Cúirte Ginearálta (https://curia.europa.eu/jcms/jcms/Jo2_7033/en/).
Maidir leis an dá nós imeachta thuas, tosóidh tréimhse na teorann ama ar an dáta a chuirtear an cinneadh is ábhar don achomharc in iúl duit.
GEARÁIN CHUIG AN OMBUDSMAN EORPACH
Mar shaoránach den Aontas Eorpach, féadfaidh tú gearán a chur chuig:
|
An tOmbudsman Eorpach |
|
1, avenue du Président Robert Schuman |
|
CS 30403 |
|
67 001 Strasbourg |
|
An Fhrainc |
|
https://www.ombudsman.europa.eu/ga/media/ga/default.htm |
Tugtar faoi deara maidir le gearáin a dhéantar leis an Ombudsman Eorpach nach mbeidh éifeacht fionraíochta ar bith acu maidir leis an tréimhse a leagtar síos in Airteagal 90(2) agus in Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne i ndáil le gearáin nó le hachomhairc a dhéanamh leis an gCúirt Ghinearálta faoi Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Tugtar faoi deara freisin nach mór dul i muinín nósanna imeachta riaracháin cuí n-institiúidí agus na gcomhlachtaí lena mbaineann sula ndéanfar gearán ar bith leis an Ombudsman de réir Airteagal 2(4) de na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman.
COMHIONANNAS DEISEANNA
Féachfaidh CnaR chuige nach ndéanfar idirdhealú de chineál ar bith le linn an phróisis roghnúcháin. Tá beartas maidir le comhionannas deiseanna i bhfeidhm aige agus glacann sé le hiarratais gan aon idirdhealú bunaithe ar inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, saintréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó staid teaghlaigh.
Iarrtar ar iarrthóirí atá faoi mhíchumas aon riachtanais speisialta atá acu a chur in iúl i nóta séalaithe faoi rún a bheidh curtha isteach lena n-iarratas. Is go discréideach a dhéileálfar leis an iarraidh sin agus ní choimeádfar aon taifead di.
IARRTHÓIRÍ AG IARRAIDH ROCHTAIN AR DHOICIMÉID A BHAINEANN GO DÍREACH LEO
Tá ceart ar leith ag iarrthóirí rochtain a fháil ar fhaisnéis áirithe a bhaineann go díreach agus go leithleach leo.
Féadfaidh iarrthóirí a fuair cuireadh freastal ar an ionad measúnaithe agus ar an agallamh ó bhéal cóip den tuairisc ar an measúnú a bhaineann go sonrach leo a fháil, ach sin a iarraidh. Ní cheadaítear iarraidh ar chóipeanna a chur isteach go dtí go mbeidh deireadh leis an bpróiseas roghnúcháin.
Déileálfar le hiarrataí i gcomhréir leis an gceanglas go mbeidh obair an bhoird roghnúcháin faoi rún agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil.
COSAINT SONRAÍ PEARSANTA
Cinnteoidh CnaR ina cháil mar an comhlacht atá freagrach as an bpróiseas roghnúcháin a eagrú go bpróiseálfar sonraí pearsanta na n-iarrthóirí, go háirithe maidir le rúndacht agus slándáil, díreach mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. (1)
Cuireann Oifigeach Cosanta Sonraí CnaR feidhm chomhairleach neamhspleách ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1725 agus tá sé ina cheangal ar an Oifigeach sin clár lárnach a choimeád de gach taifead ar ghníomhaíochtaí próiseála sonraí pearsanta a dhéanann an institiúid.
Ní dhéanfar sonraí pearsanta a bhailiú ná a phróiseáil ach amháin chun an próiseas roghnúcháin seo a eagrú agus chun an toradh a bhainistiú (lena n-áirítear gnéithe a bhaineann le haon iniúchadh inmheánach nó seachtrach nó le haon imeachtaí dlíthiúla a bhaineann leis an bpróiseas roghnúcháin); más ábhartha, cuirfear sonraí áirithe le comhad pearsanta na n-iarrthóirí sin ar éirigh leo agus a thiocfaidh chun bheith ina n-oifigigh.
Is iad seo a leanas faighteoirí na sonraí:
|
— |
an fhoireann atá i gceannas ar an nós imeachta earcaíochta laistigh den Stiúrthóireacht um Acmhainní Daonna agus Airgeadas; |
|
— |
comhaltaí an bhoird roghnúcháin; |
|
— |
i gcás inarb infheidhme, an tSeirbhís Dlí; |
|
— |
i gcás inarb infheidhme, an tseirbhís iniúchóireachta inmheánaí, an Chúirt Iniúchóirí, na húdaráis araíonachta, OLAF agus an Chúirt Bhreithiúnais. |
Tá sé de cheart ag na hiarrthóirí, de bhun iarraidh ar chearta rochtana agus ceartúcháin, a sonraí a rochtain, a athrú, a léirscriosadh agus a agóid (seoladh ríomhphoist: Recruitment.DirB@cor.europa.eu).
Tá rochtain ag na hiarrthóirí ar a n-iarratas agus tá sé de cheart acu é a cheartú:
|
— |
maidir leis na doiciméid lena léirítear incháilitheacht, go dtí an dáta deiridh le haghaidh iarratas; |
|
— |
maidir le sonraí céannachta, gan aon teorainn ama. |
An ceart sonraí a agóid agus a léirscriosadh: laistigh de chúig lá oibre tar éis an iarraidh a fháil.
Déanfaidh an roinn riaracháin atá freagrach doiciméid a bhaineann leis an bpróiseas roghnúcháin (lena n-áirítear doiciméid a bhaineann leis na hiarrthóirí ar diúltaíodh dóibh) a choimeád go ceann cúig bliana tar éis an t-iarrthóir is oiriúnaí a earcú (tá údar leis an tréimhse sin toisc go bhféadfadh gá a bheith ann freagra a thabhairt ar nós imeachta iniúchóireachta).
Scriosfar aon doiciméid a bhaineann le hiarraidh maidir le míchumas tar éis dheireadh an phróisis roghnúcháin, mura rud é gur tabhaíodh costais mar thoradh ar an iarraidh sin, agus sa chás sin coimeádfar iad ar feadh cúig bliana (tá údar leis an tréimhse sin toisc go bhféadfadh gá a bheith ann freagra a thabhairt ar nós imeachta iniúchóireachta).
A luaithe a bheidh an tréimhse choinneála caite, scriosfar na doiciméid.
Tarraingítear aird na n-iarrthóirí air go bhfuil an rogha acu teagmháil a dhéanamh tráth ar bith le hOifigeach Cosanta Sonraí CnaR: data.protection@cor.europa.eu, agus leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí: edps@edps.europa.eu.
Faighte ag an iarrthóir:
|
Dáta: |
Síniú: |
(1) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).