14.7.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


Foilsiú folúntais le haghaidh feidhm Stiúrthóra Feidhmiúcháin

(Gníomhaire Sealadach – Grád AD 14)

An Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (EFCA) – Vigo (An Spáinn)

COM/2020/20050

 

Cé sinn

Gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh atá lonnaithe in Vigo na Spáinne is ea an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (EFCA nó “an Ghníomhaireacht”) a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 768/2005 ón gComhairle (1).

Leasaíodh an Rialachán bunaidh le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (2), lena gcoigeartaítear sainordú na Gníomhaireachta chun tacú le cur chun feidhme aonfhoirmeach chóras rialaithe an Chomhbheartais Iascaigh (CBI) agus le Rialachán (AE) 2016/1626 (3) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leathnaítear sainordú na Gníomhaireachta chun comhar Eorpach maidir le feidhmeanna Garda Cósta a chuimsiú ann.

Mar thoradh ar na leasuithe substaintiúla sin agus ar mhaithe le soiléire agus réasúntacht, rinneadh an Rialachán bunaidh sin a aisghairm in Aibreán 2019, trí theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) (códaithe) 2019/473 (4) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (dá ngairtear an Rialachán anseo feasta).

Tá tuairim is 70 ball foirne fostaithe ag an nGníomhaireacht faoi láthair agus tá buiséad de thart ar EUR 17 milliún aici le haghaidh na bliana 2020.

Leagtar síos i gCaibidil II den Rialachán misean na Gníomhaireachta agus a cúraimí, a chuimsíonn inter alia comhordú oibríochtúil ar ghníomhaíochtaí rialaithe agus cigireachta iascaigh a dhéanann na Ballstáit agus cúnamh a thabhairt do na Ballstáit oibriú i gcomhar lena chéile ar mhaithe le rialacha CBI a chomhlíonadh lena áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm é go héifeachtach agus go haonfhoirmeach. Ar an gcuma chéanna, tugann an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún Eorpach agus do na Ballstáit ar mhaithe lena áirithiú go gcomhlíonfaidh siad a n-oibleagáidí ar chaighdeán ard aonfhoirmeach éifeachtach faoi rialacha CBI, lena n-áirítear an comhrac i gcoinne iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN), agus tugann cúnamh dóibh sa chaidreamh a bhíonn acu le tríú tíortha agus le heagraíochtaí iascaigh idirnáisiúnta réigiúnacha a bhfuil an tAontas ina bhall díobh. I gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, tacaíonn an Ghníomhaireacht freisin leis na húdaráis náisiúnta a gcúraimí garda cósta a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus Eorpach, agus i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal idirnáisiúnta.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar shuíomh gréasáin EFCA: https://www.efca.europa.eu/en.

An tairiscint

Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Ghníomhaireacht a bhainistiú agus déanfaidh sé ionadaíocht thar a ceann, chomh maith le bheith ina ionadaí dlíthiúil agus ina aghaidh phoiblí le haghaidh na Gníomhaireachta. Le linn dó a chuid dualgas a fheidhmiú, beidh sé neamhspleách agus beidh sé freagrach don Bhord Riaracháin maidir lena chuid gníomhaíochtaí. Ionadaí amháin ó gach Ballstát agus seisear ionadaithe ón gCoimisiún Eorpach atá ar an mBord Bainistíochta.

Beidh ról lárnach ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin maidir le reáchtáil na Gníomhaireachta. Beidh sé freagrach as na bearta riaracháin, oibríochtúla agus airgeadais atá riachtanach a bhunú agus a bhainistiú chun an Ghníomhaireacht a oibriú mar is ceart.

Gan dochar d’inniúlachtaí an Choimisiúin Eorpaigh agus an Bhoird Riaracháin faoi seach, glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagracht iomlán as na cúraimí a chuirtear ar an nGníomhaireacht agus beidh sé faoi réir an nóis imeachta urscaoilte bhliantúil ag Parlaimint na hEorpa maidir le cur chun feidhme an bhuiséid. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle a iarraidh ar Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc a thabhairt ar fheidhmiú a chuid cúraimí.

Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i gceannas ar an nGníomhaireacht agus mar bhainisteoir uirthi, agus glacfaidh sé freagracht fhoriomlán as a cuid oibríochtaí lena áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí atá aici.

Ar na dualgais agus cumhachtaí atá ag an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, tá na freagrachtaí seo a leanas:

a áirithiú go n-oibreoidh an Ghníomhaireacht i gcomhréir lena Rialachán bunaidh;

cuspóirí agus tosaíochtaí foriomlána chlár oibre na Gníomhaireachta a bhaint amach agus córas faireacháin éifeachtach a eagrú chun bheith in ann an méid atá bainte amach ag an nGníomhaireacht a chur i gcomparáid lena cuspóirí oibríochtúla;

an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a ullmhú lena cur chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig an gCoimisiún Eorpach, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle;

an Doiciméad Clársceidealaithe Aonair a tharraingt suas ina mbeidh clársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil, i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach, agus na céimeanna is gá a ghlacadh chun an clársceidealú sin a chur chun feidhme agus lena áirithiú go mbainfear an úsáid is éifeachtaí agus is éifeachtúla as na hacmhainní;

buiséad na Gníomhaireachta a ullmhú agus a fheidhmiú mar oifigeach údarúcháin, i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach agus i gcomhréir le rialacha airgeadais na Gníomhaireachta agus prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais;

comhar éifeachtach agus éifeachtúil a fhorbairt agus a chothabháil le seirbhísí inniúla an Choimisiúin Eorpaigh, leis na Ballstáit, agus le tríú tíortha agus páirtithe leasmhara lena mbaineann, de réir mar is iomchuí, chun cur i bhfeidhm éifeachtach aonfhoirmeach CBI a chur chun cinn, i gcomhréir le cúraimí na Gníomhaireachta;

gach beart is gá a dhéanamh, lena n-áirítear cinntí a ghlacadh maidir le freagrachtaí na Gníomhaireachta i ndáil lena misean agus a cuid cúraimí, maille le modhanna rialaithe agus cigireachta a chairtfhostú agus a oibriú agus gréasán faisnéise a oibriú;

páirt a ghlacadh, gan ceart vótála, i gcruinnithe an Bhoird Riaracháin agus rúnaíocht an Bhoird a sholáthar;

cinntí an Bhoird Riaracháin a chur chun feidhme;

gach beart is gá a dhéanamh, lena n-áirítear treoracha inmheánacha riaracháin a ghlacadh agus fógraí a fhoilsiú, chun eagrú agus feidhmiú na Gníomhaireachta a áirithiú i gcomhréir le forálacha a Rialacháin bhunaidh;

bainistiú laethúil na Gníomhaireachta a dhéanamh, baill foirne na Gníomhaireachta arb é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an oifigeacht uachtarach díreach os a gcionn a earcú agus a mheas, i gcomhréir le Rialacháin Foirne an Aontais, agus san an am céanna dea-spiorad foirne agus timpeallacht dhearfach oibre a chothú;

Oibriú i gcomhar le Stiúrthóirí Feidhmiúcháin Frontex agus EMSA chun pacáiste an Gharda Cósta a chur chun feidhme (5);

cumarsáid a dhéanamh go díreach agus go hindíreach leis an bpobal maidir le gach ábhar a thagann faoi shainchúram na Gníomhaireachta.

An té atá uainn

An t-iarratsóir sár-oiriúnach ar an bpost, ba cheart na buanna seo a leanas a bheith aige:

(a)

Sárscileanna bainistíochta, go háirithe:

an cumas fís fhoriomlán réamhbhreathnaitheach a fhorbairt, straitéisí a shainaithint, tosaíochtaí a leagan síos agus cuspóirí straitéiseacha na Gníomhaireachta a chur chun feidhme chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhíonn le sárú ag comhlacht a bhíonn ag idirghníomhú le páirtithe leasmhara éagsúla;

éachtaí ar leith a bheith déanta mar cheannaire, mar bhainisteoir agus ó thaobh cumarsáid a dhéanamh, lena mbaineann bainistiú foirne móra agus acmhainní airgeadais ar leibhéal ard, a bheith in ann gníomhaireacht dhíláraithe ina bhfuil tuairim is 70 gairmeach ardcháilithe a stiúradh agus a spreagadh, ar an leibhéal straitéiseach agus ar an leibhéal inmheánach araon. Bheadh taithí a fuarthas i dtimpeallacht ilchultúrtha ina bhuntáiste;

an cumas athrú agus claochlú a chruthú agus a bhainistiú;

taithí chruthaithe maidir le bainistíocht bhuiséadach, airgeadais agus acmhainní daonna, lena n-áirítear rialú inmheánach, ar leibhéal sinsearach i dtimpeallacht náisiúnta, Eorpach agus/nó idirnáisiúnta;

an cumas dlúthchaidreamh a choinneáil ar bun le hinstitiúidí an Aontais agus le húdaráis inniúla na mBallstát.

(b)

Eolas teicniúil, go háirithe:

tuiscint mhaith ar chomhthéacs an Aontais agus ar an idirghníomhaíocht idir riaracháin náisiúnta agus institiúidí an Aontais;

eolas maith ar an gComhbheartas Iascaigh agus ar bheartas muirí an Aontais;

taithí ar a bheith ag plé le rialú agus bainistíocht iascaigh; bheadh taithí a fuarthas i riarachán poiblí náisiúnta, Eorpach nó idirnáisiúnta ina bhuntáiste;

an cumas fís straitéiseach a fhorbairt le haghaidh na hearnála rialaithe iascaigh agus na Gníomhaireachta agus a bheith in ann oibriú de réir cur chuige ar leith maidir le pleanáil straitéiseach riosca-bhunaithe.

(c)

Buanna pearsanta, go háirithe:

sárscileanna idirphearsanta, cinnteoireachta, eagrúcháin agus caibidlíochta, chomh maith leis an gcumas caidreamh iontaofa oibre a chothú le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh agus le páirtithe leasmhara eile;

sárchumas coincheapúil agus loighce, i dteannta le scileanna láidre réitigh fadhbanna agus breithiúnais;

an-athléimneacht;

cumas agus taithí chruthaithe maidir le cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach agus go líofa ar gach leibhéal, ar bhealach trédhearcach agus oscailte, le raon leathan páirtithe leasmhara (údaráis Eorpacha, idirnáisiúnta, náisiúnta agus áitiúla, eagraíochtaí idirnáisiúnta, chomh maith le heagraíochtaí neamhrialtasacha) agus leis an bpobal i gcoitinne. Bheadh eolas cuimsitheach ar an mBéarla ina bhuntáiste.

Ní mór na cáilíochtaí seo a bheith ag iarrthóirí

Critéir incháilitheachta

Déanfar iarrthóirí a mheas don chéim roghnúcháin ar bhonn na gcritéar foirmiúil seo a leanas nach mór a chomhlíonadh faoin spriocdháta le haghaidh iarratas:

Náisiúntacht: a bheith i do shaoránach de Bhallstát den Aontas;

Céim nó dioplóma ollscoile:

leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile ar baineadh dioplóma amach dá bharr i gcás ina maireann an ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile 4 bliana nó níos mó, nó;

leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile ar baineadh dioplóma amach dá bharr agus ag bliain amháin de thaithí oibre chuí ar a laghad i gcás ina maireann an ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile 3 bliana ar a laghad (ní féidir an bhliain amháin sin de taithí oibre a chur san áireamh sa taithí oibre iarchéime a iarrtar thíos).

Taithí oibre: 15 bliana taithí oibre iarchéime ar laghad a bheith acu a fuarthas i ndiaidh na cáilíochtaí riachtanacha dá dtagraítear thuas a bhaint amach (6); ní mór 5 bliana de thaithí oibre ar a laghad a bheith faighte i réimse atá ábhartha do ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta;

Taithí bhainistíochta: taithí oibre 5 bliana ar a laghad a fuarthas i bhfeidhm bhainistíochta ardleibhéil (7);

Teangacha: eolas cuimsitheach a bheith acu ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais agus eolas sásúil ar cheann eile de na teangacha sin (8). Measfar eolas sásúil ar theangacha oifigiúla eile de chuid an Aontais a bheith ina bhuntáiste. Deimhneoidh na painéil roghnúcháin le linn na n-agallamh an gcomhlíonann iarrthóirí an ceanglas maidir le heolas sásúil a bheith acu ar cheann eile de theangacha oifigiúla an Aontais. Mar chuid den tástáil chéanna d’fhéadfaí an t-agallamh nó cuid den agallamh a dhéanamh sa teanga eile sin;

Teorainn aoise: a bheith in ann an sainordú 5 bliana ina iomláine a chur i gcrích sula mbainfidh siad aois scoir amach. I gcás ball foirne sealadach de chuid an Aontais Eorpaigh, sainítear an aois scoir mar dheireadh na míosa a bheidh 66 bliana d’aois slán ag an duine (féach Airteagal 47 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (9)).

Ina theannta sin, ní mór d’iarrthóirí aon oibleagáid dlí a bhaineann le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta acu, teistiméireachtaí carachtair cuí a chur ar fáil maidir lena oiriúnaí atá siad i dtaca lena gcuid dualgas a dhéanamh, agus a bheith in ann ag dualgas an phoist ó thaobh folláine coirp de.

Neamhspleáchas agus dearbhú leasanna

Beidh sé de cheangal ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dearbhú a thabhairt go bhfuil sé tiomanta do bheith ag gníomhú go neamhspleách ar mhaithe le leas an phobail agus dearbhú a thabhairt maidir le haon leas atá aige a d’fhéadfaí a mheas a bheith dochrach dá neamhspleáchas. Ní mór d’iarratasóirí a dheimhniú ina n-iarratas go bhfuil siad toilteanach sin a dhéanamh.

Roghnú agus ceapadh

Is é Bord Riaracháin na Gníomhaireachta a cheapfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar bhonn gearrliosta a chuirfidh an Coimisiún Eorpach ar fáil.

Chun an gearrliosta sin a thiomsú, eagróidh an Coimisiún Eorpach an próiseas de réir a phróisis roghnúcháin agus earcaíochta (féach an Doiciméad ar Bheartas Oifigeach Sinsearach (10)). Chun na críche sin, cuirfidh sé painéal réamhroghnúcháin ar bun. Tabharfaidh an painéal sin cuireadh chun agallaimh do na hiarratasóirí a bhfuil an phróifíl is fearr acu maidir le riachtanais shonracha an phoist. Is ar bhonn a mbuanna féin agus na gcritéar a leagtar amach thuas a dhéanfar na hiarrthóirí sin a roghnú.

Na hiarrthóirí a bheidh á moladh ag an bpainéal réamhroghnúcháin, is féidir go n-iarrfar orthu dul faoi agallamh breise le Coiste Comhairleach an Choimisiúin Eorpaigh um Cheapacháin (CCA). I gcás ina dtabharfar cuireadh chun agallaimh le CCA, ní mór d’iarrthóirí freastal ar ionad measúnaithe atá á reáchtáil ag comhairleoirí earcaíochta seachtracha. Is é an comhalta den Choimisiún a bhfuil cúraimí an Chomhshaoil, na nAigéan agus an Iascaigh air a chuirfidh agallamh ar na hiarrthóirí a bheidh ar a ghearrliosta ag CCA (11). Tar éis na n-agallamh céanna, déanfaidh an comhalta den Choimisiún a bhfuil na cúraimí sin air gearrliosta de bheirt iarrthóirí ar a laghad a mholadh don Choimisiún. D’fhéadfadh sé go gcinnfeadh an Coimisiún próiseas roghnúcháin nua a sheoladh i gcás nach mbeadh sé sásta le hoiriúnacht aon duine de na hiarrthóirí.

Cuirfear an gearrliosta d’iarrthóirí rathúla in iúl do Bhord Riaracháin na Gníomhaireachta. Ní hionann duine a bheith ar an bpainéal agus ráthaíocht a bheith aige go gceapfar é. Féadfaidh an Bord Riaracháin a chinneadh agallamh a chur ar na hiarrthóirí atá ar an ngearrliosta agus, trí thromlach dhá thrian, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh as measc na n-iarrthóirí ar ghearrliosta an Choimisiúin ar bhonn a mbuanna agus a scileanna doiciméadaithe i réimsí an riaracháin agus na bainistíochta. Is féidir a iarraidh ar iarrthóirí dul faoi agallaimh bhreise agus/nó tástálacha breise a dhéanamh, sa bhreis orthu siúd a luadh thuas.

Mura bhfaighidh aon duine de na hiarrthóirí an tromlach is gá,, d’fhéadfadh an Bord Riaracháin próiseas roghnúcháin eile a iarraidh (12).

Is i mBéarla nó i bhFraincis amháin a reáchtálfar an próiseas roghnúcháin, lena n-áirítear comhfhreagras leis na painéil roghnúcháin le linn an phróisis agus cumarsáid le hiarratasóirí (13).

Coinníollacha fostaíochta

Ceapfaidh an Bord Riaracháin an Stiúrthóir Feidhmiúcháin mar bhall d’fhoireann na Gníomhaireachta, mar ghníomhaire sealadach ag grád AD 14 de bhun Airteagal 2(a) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (14) go ceann tréimhse cúig bliana, tréimhse nach féidir a athnuachan ach aon uair amháin, mar atá luaite sa bhunús dlí. Rangófar é ag céim 1 nó céim 2 laistigh den ghrád sin, de réir fhad a thaithí oibre roimhe sin. Tá tuarastail agus na coinníollacha fostaíochta leagtha síos i gCoinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile (15)

Is in Vigo na Spáinne atá an folúntas, áit a bhfuil an Ghníomhaireacht lonnaithe.

Táthar ag súil go rachaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i mbun oifige an 1 Meán Fómhair 2021.

Ba chóir d’iarratasóirí a thabhairt dá n-aire go gceanglaítear faoi Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile go gcuirfidh gach ball foirne nua tréimhse phromhaidh 9 mí i gcrích.

Comhdheiseanna

Cuireann an Ghníomhaireacht beartas comhdheiseanna agus neamh-idirdhealaithe i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 1d de na Rialacháin Foirne (16).

Nós imeachta maidir le hiarratas a dhéanamh

Sula gcuirfear an t-iarratas isteach, ba cheart don iarrthóir a sheiceáil go cúramach an gcomhlíonann sé gach ceann de na critéir incháilitheachta (“Ní mór na cáilíochtaí seo a bheith ag iarrthóirí”), go háirithe iad sin a bhaineann leis na cineálacha dioplóma agus taithí oibre atá ag teastáil. Má tá aon cheann de na riachtanais incháilitheachta nach gcomhlíonann iarrthóir, eisiafar é go huathoibríoch ón bpróiseas roghnúcháin.

Más mian leat iarratas a dhéanamh, ní mór duit clárú ar an idirlíon ar an suíomh gréasáin seo thíos agus na treoracha maidir le céimeanna éagsúla an phróisis a leanúint:

https://ec.europa.eu/dgs/human-resources/seniormanagementvacancies/

Ní mór seoladh ríomhphoist bailí a bheith agat. Bainfear úsáid as an seoladh ríomhphoist sin chun do chlárú a dheimhniú agus chun dul i dteagmháil leat ag na céimeanna éagsúla den phróiseas. Dá bhrí sin, coinnigh an Coimisiún Eorpach ar an eolas faoi aon athrú ar do sheoladh ríomhphoist.

Chun iarratas a dhéanamh, ní mór duit CV a uaslódáil i bhformáid PDF agus litir inspreagtha a líonadh isteach ar líne (uasmhéid 8 000 carachtar). Is féidir leat an CV agus an litir inspreagtha a chur isteach in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

Ar chríochnú do chlárúcháin ar líne duit, gheobhaidh tú ríomhphost a dheimhneoidh gur cláraíodh d’iarratas. Tá uimhir chlárúcháin sa ríomhphost freisin, a bheidh mar uimhir thagartha agat maidir le gach ceist a bhaineann le d’iarratas. Mura bhfaighidh tú ríomhphost deimhnithe, níor cláraíodh d’iarratas!

Tabhair do d’aire nach féidir monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn d’iarratais ar líne. Rachaidh an Coimisiún Eorpach i dteagmháil go díreach leat maidir le stádas d’iarratais.

Má tá tuilleadh eolais uait nó má bhíonn fadhbanna teicniúla agat, seol ríomhphost chuig HR-MANAGEMENT-ONLINE@ec.europa.eu.

Sprioc-am

Is é 12.00 meán lae, am na Bruiséile, Dé Céadaoin an 9 Meán Fómhair 2020 an sprioc-am le haghaidh clárú. Ní féidir clárú ina dhiaidh sin.

Is fútsa atá sé do chlárúchán ar líne a chríochnú in am. Moltar go láidir duit gan fanacht go dtí cúpla lá roimh an sprioc-am chun iarratas a dhéanamh, mar go bhféadfadh trácht trom ar an idirlíon nó fadhb a bhaineann leis an nasc idirlín deireadh a chur leis an gclárúchán ar líne sula mbeadh sé críochnaithe agat, rud a chuirfeadh iallach ort an próiseas clárúcháin a thosú athuair.

Nuair a bheidh an sprioc-am le hiarratas a chur isteach thart, ní bheidh tú in ann tuilleadh sonraí a chur isteach. Ní ghlacfar le clárúcháin dhéanacha.

Forchoimeádann an Coimisiún Eorpach an ceart dáta deiridh an fholúntais seo a chur siar trína fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh amháin.

Eolas tábhachtach d’iarrthóirí

Cuirtear i gcuimhne d’iarratasóirí gur faoi rún atá an obair a dhéanann na painéil roghnúcháin éagsúla. Tá cosc ar iarratasóirí dul i dteagmháil, bíodh sé díreach nó indíreach, le comhaltaí na bpainéal sin, agus tá cosc ar dhuine ar bith eile déanamh amhlaidh thar a gceann.

Sonraí pearsanta a chosaint

Áiritheoidh an Coimisiún Eorpach agus an Ghníomhaireacht go ndéanfar sonraí pearsanta na n-iarrthóirí a phróiseáil de réir mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (17).


(1)  IO L 128, 21.5.2005, lch. 1.

(2)  IO L 343, 22.12.2009, lch. 1, Airteagal 120 amháin.

(3)  IO L 251, 16.9.2016, lch. 80.

(4)  IO L 83, 25.3.2019, lch. 18.

(5)  Le pacáiste an Gharda Cósta déantar tagairt don tsábháilteacht mhuirí, an tslándáil mhuirí, cuardach agus tarrtháil ar muir, rialú teorann muirí, rialú iascaigh, rialú custaim muirí, forfheidhmiú ginearálta an dlí, cosaint an chomhshaoil mhuirí.

(6)  Ní chuirtear taithí oibre san áireamh ach amháin más fíorchaidreamh oibre atá i gceist léi, caidreamh atá sainmhínithe mar fhíorobair a bhfuarthas pá aisti agus mar fhostaí (aon chineál conartha) nó mar sholáthraí seirbhíse. Déanfar gníomhaíocht ghairmiúil a rinneadh ar bhonn páirtaimseartha a ríomh ar bhonn pro rata, de réir chéatadán deimhnithe na n-uaireanta lánaimseartha a oibríodh. Cuirtear saoire mháithreachais/saoire tuismitheora/saoire chun páiste a uchtú san áireamh más faoi chuimsiú conartha oibre atá sí. Déantar dochtúireachtaí a chomhshamhlú le taithí oibre, fiú amháin nuair nach dochtúireachtaí ar pá iad, ach déantar sin ar feadh uastréimhse 3 bliana amháin, ar choinníoll gur baineadh an dochtúireacht amach go rathúil. Ní féidir tréimhse áirithe a áireamh ach uair amháin.

(7)  Ina CV ba chóir d’iarrthóirí a chur in iúl maidir leis na 5 bliana sin a fuarthas taithí bainistíochta ardleibhéil an méid seo a leanas ar a laghad: (1) teideal agus ról na bpost bainistíochta a bhí acu, (2) líon na mball foirne ar a raibh siad i gceannas le linn na poist sin a bheith acu, (3) méid na mbuiséad a bhainistigh siad, (4) an líon leibhéal bainistíochta lastuas agus laistíos de na poist sin agus an líon piaraí.

(8)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:31958R0001

(9)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:01962R0031-20140501

(10)  https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/compilation-of-the-senior-official-policy-at-the-european-commission_en.pdf

(11)  Ach amháin i gcás ina dtarmligfidh an Comhalta Coimisiúin lena mbaineann, i gcomhréir le Cinneadh ón gCoimisiún an 5 Nollaig 2007 (PV(2007) 1811), an cúram sin do Chomhalta eile de chuid an Choimisiúin.

(12)  Airteagal 10 (2.2) de rialacha nós imeachta Bhord Riaracháin EFCA.

(13)  Déanfaidh na painéil roghnúcháin deimhin de nach dtabharfar aon bhuntáiste míchuí do chainteoirí dúchais na dteangacha sin.

(14)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:01962R0031-20140501

(15)  Tá an chomhéifeacht cheartúcháin is infheidhme don Spáinn maidir le luach saothair agus pinsin oifigeach agus seirbhíseach eile de chuid an Aontais socraithe ag 91,6 % ón 1 Iúil 2019. Tá an chomhéifeacht sin faoi réir athbhreithniú bliantúil.

(16)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:01962R0031-20140501

(17)  IO L 295, 21.11.2018 lch. 39