|
4.6.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
GLAO AR LÉIRITHE SPÉISE
Iniúchóirí sna réimsí seo a leanas: i) an mhatamaitic agus an staidreamh – ii) eolaíocht sonraí, iniúchóireacht dhigiteach, anailís ar shonraí agus ar líonraí, mianadóireacht sonraí agus téacs, uathoibriú próiseas agus mianadóireacht próiseas
Foireann shealadach (gráid AD 5 – AD 9)
CÉ SINNE
Is í Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) iniúchóir seachtrach an Aontais Eorpaigh. Sa bhliain 1975 a bunaíodh í agus tá sí ar cheann de sheacht n-institiúid an Aontais Eorpaigh. Is i Lucsamburg atá an Chúirt suite agus tá thart ar 900 ball foirne iniúchóireachta, tacaíochta agus riaracháin de gach náisiúntacht AE fostaithe aici.
Feidhmíonn sí mar chomhlacht coláisteach ina bhfuil 27 gcomhalta, comhalta amháin as gach Ballstát den Aontas. Is í an obair a bhíonn ar bun ag ár n-iniúchóirí ná é a chinntiú go bhfuil cuntais chearta á gcoinneáil ag an Aontas Eorpach agus go bhfuil na rialacha airgeadais á gcur i bhfeidhm i gceart aige, agus go gcomhlíonann beartais agus cláir AE na cuspóirí atá beartaithe leo agus go gcuireann siad luach ar airgead ar fáil.
Trínár gcuid oibre, cabhraímid leis an mbainistíocht airgeadais a dhéantar san Aontas a fheabhsú agus an chuntasacht agus an trédhearcacht a chur chun cinn. Cuirimid reachtóirí agus lucht ceaptha beartais an Aontais Eorpaigh ar a bhfaichill ar rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann, tugaimid eolas dóibh faoi aon easnaimh atá ann agus faoin dul chun cinn atá déanta acu, agus tugaimid cinnteacht dóibh agus cuirimid comhairle orthu. Cuirimid ár mbarúlacha agus ár moltaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus na rialtas agus parlaimintí náisiúnta, agus faoi bhráid an phobail i gcoitinne freisin.
Tá an Chúirt roinnte ina Dlísheomraí iniúchóireachta. Tá struchtúr eagrúcháin aici atá bunaithe ar chúraimí, struchtúr ina gcuirtear baill foirne i ngrúpa; ansin roghnófar ón ngrúpa sin iad le haghaidh sannachán riaracháin chuig na Dlísheomraí éagsúla ar bhonn tosaíochta.
A BHFUIL Á THAIRISCINT AGAINN
Tá cinneadh déanta ag an gCúirt painéal iniúchóirí a chur le chéile agus d’fhéadfadh sé go dtairgfí conarthaí dóibh mar ghníomhairí sealadacha na hinstitiúide de réir na bpost a bheidh ar fáil agus de réir riachtanais oibríochtúla.
Déanfar na hiniúchóirí a earcú faoi Airteagal 2b de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (CFSE) ar feadh tréimhse 4 bliana, tréimhse is féidir a athnuachan ar feadh dhá bhliain eile ar a mhéad. Beidh an conradh tosaigh faoi réir tréimhse phromhaidh naoi mí.
Glacfaidh na hiniúchóirí nua-earcaithe páirt i gclár imeasctha na Cúirte agus is é a bheidh i gceist leis an gclár sin tréimhse ionduchtúcháin a mbeidh oiliúint iomchuí agus tumadh i bhfoirne iniúchóireachta ag gabháil léi.
Cuimsíonn an nós imeachta roghnúcháin sin feidhmghrúpa AD, grád AD5 go grád AD9 agus roinnt réimsí.
Cinnfear grád na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo ar bhonn a dtaithí ghairmiúil ábhartha.
Is é EUR 4 883,11 an buntuarastal míosúil do ghrád AD5 (céim 1), agus is é EUR 8 002,30 an buntuarastal míosúil do ghrád AD9 (céim 1).
Faoi na coinníollacha a leagtar síos sa CFSE, agus ag brath ar chúinsí an duine agus comhdhéanamh a theaghlaigh, féadfar liúntais áirithe a chur leis an mbuntuarastal agus beidh an tuarastal sin faoi réir cháin an Aontais Eorpaigh agus díolmhaithe ó cháin náisiúnta.
Is féidir breathnú ar na forálacha lena dtreoraítear ríomh na liúntas sin i gCoinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile (1).
Tá a gcórais pinsean agus sláinte féin ag institiúidí an Aontais agus déantar ranníocaíochtaí a asbhaint ó thuarastail na foirne ag an bhfoinse.
Féadfar leanaí na foirne a chlárú ag an Scoil Eorpach saor in aisce.
A BHFUIL Á LORG AGAINN
I. Critéir incháilitheachta
1. Ceanglais dhlíthiúla
I gcomhréir le hAirteagal 12(2) de na Coinníollacha Fostaíochta, ní mór duit, faoi dháta an iarratais:
|
— |
a bheith i do náisiúnach de Bhallstát den Aontas; |
|
— |
do chearta iomlána mar shaoránach a bheith á dteachtadh agat; |
|
— |
aon oibleagáidí a chuirtear ort leis na dlíthe earcaíochta a bhaineann leis an tseirbhís mhíleata a bheith comhlíonta agat; agus |
|
— |
na riachtanais charachtair a theastaíonn do na dualgais atá i gceist a shásamh. |
2. Cáilíochtaí
I gcomhréir le hAirteagal 10(1) de na Coinníollacha Fostaíochta:
|
— |
i gcás grád AD5 agus grád AD6: leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile 3bliana ar a laghad ar baineadh dioplóma amach dá bharr, i gceachtar de na réimsí seo a leanas: (i) an mhatamaitic agus an staidreamh (ii) eolaíocht sonraí, iniúchóireacht dhigiteach, anailís ar shonraí/anailís ar líonraí/anailís ghnó, mianadóireacht sonraí/téacs, cuntasaíocht fhóiréinseach, uathoibriú próiseas nó mianadóireacht próiseas; nó |
|
— |
i gcás grád AD7 go grád AD9: leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile 3bliana ar a laghad ar baineadh dioplóma amach dá bharr, i gceachtar de na réimsí seo a leanas: (i) an mhatamaitic agus an staidreamh (ii) eolaíocht sonraí, iniúchóireacht dhigiteach, anailís ar shonraí/anailís ar líonraí/anailís ghnó, mianadóireacht sonraí/téacs, cuntasaíocht fhóiréinseach, uathoibriú próiseas nó mianadóireacht próiseas; |
Tabhair do d’aire nach mbreithneofar ach dioplómaí a bronnadh i mBallstáit AE nó lena mbaineann teastais chomhionannais arna n-eisiúint ag na húdaráis i gceann amháin de na Ballstáit sin.
3. Taithí ghairmiúil (féach freisin an Iarscríbhinn)
Roimh an sprioc-am d’iarratais ar an nglao seo, ní foláir d’iarrthóirí:
|
— |
dhá (2) bhliain, ar a laghad, de thaithí ghairmiúil ábhartha a bheith acu i gceachtar de na réimsí seo a leanas (i) an mhatamaitic agus an staidreamh nó (ii) eolaíocht sonraí, iniúchóireacht dhigiteach, anailís ar shonraí agus ar líonraí, mianadóireacht sonraí agus téacs, uathoibriú próiseas agus mianadóireacht próiseas, chun bheith earcaithe ar ghrád AD5; nó |
|
— |
ceithre (4) bliana, ar a laghad, de thaithí ghairmiúil ábhartha a bheith acu i gceachtar de na réimsí seo a leanas (i) an mhatamaitic agus an staidreamh nó (ii) eolaíocht sonraí, iniúchóireacht dhigiteach, anailís ar shonraí agus ar líonraí, mianadóireacht sonraí agus téacs, uathoibriú próiseas agus mianadóireacht próiseas, chun bheith earcaithe ar ghrád AD6; nó |
|
— |
seacht (7) mbliana, ar a laghad, de thaithí ghairmiúil ábhartha a bheith acu i gceachtar de na réimsí seo a leanas (i) an mhatamaitic agus an staidreamh nó (ii) eolaíocht sonraí, iniúchóireacht dhigiteach, anailís ar shonraí agus ar líonraí, mianadóireacht sonraí agus téacs, uathoibriú próiseas agus mianadóireacht próiseas, chun bheith earcaithe ar ghrád AD7; nó |
|
— |
deich (10) mbliana, ar a laghad, de thaithí ghairmiúil ábhartha a bheith acu i gceachtar de na réimsí seo a leanas (i) an mhatamaitic agus an staidreamh nó (ii) eolaíocht sonraí, iniúchóireacht dhigiteach, anailís ar shonraí agus ar líonraí, mianadóireacht sonraí agus téacs, uathoibriú próiseas agus mianadóireacht próiseas, chun bheith earcaithe ar ghrád AD8; nó |
|
— |
trí bliana déag (13), ar a laghad, de thaithí ghairmiúil ábhartha a bheith acu i gceachtar de na réimsí seo a leanas (i) an mhatamaitic agus an staidreamh nó (ii) eolaíocht sonraí, iniúchóireacht dhigiteach, anailís ar shonraí agus ar líonraí, mianadóireacht sonraí agus téacs, uathoibriú próiseas agus mianadóireacht próiseas, chun bheith earcaithe ar ghrád AD9. |
4. Eolas ar theangacha
Ós rud é gurb iad EN agus FR teangacha oifigiúla oibre na Cúirte, ní foláir eolas maith a bheith agat ar cheann amháin de na teangacha sin (íosleibhéal C1 i dtuiscint, i labhairt agus i scríobh na teanga).
Bheadh eolas ar theangacha eile ina bhuntáiste.
Is féidir leat do chuid scileanna teanga iasachta a mheasúnú ag:
http://europass.cedefop.europa.eu/en/resources/european-language-levels-cefr
II. Critéir roghnúcháin
Sa bhreis ar na cáilíochtaí, an taithí ghairmiúil agus an leibhéal teanga a shonraítear faoi I. Critéir incháilitheachta, déanfar na hinniúlachtaí seo a leanas a mheas ag céim níos déanaí sa phróiseas roghnúcháin:
|
— |
Teastas gairmiúil ó eagraíocht(aí) idirnáisiúnta ardleibhéil in aon cheann de na réimsí dá dtagraítear thuas (deimhniú CISA, mar shampla); |
|
— |
Trí bliana ar a laghad de thaithí ghairmiúil i réimsí na hiniúchóireachta (iniúchóireacht airgeadais agus iniúchóireacht comhlíonta, iniúchóireacht feidhmíochta), ag cur i bhfeidhm an t-eolas a fuarthas in aon cheann de na réimsí dá dtagraítear thuas; |
|
— |
Dea-thaifead acadúil, is é sin PhD nó taighde acadúil oifigiúil in aon cheann de na réimsí dá dtagraítear thuas. |
NÓS IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN
Déanfaidh Coiste Roghnúcháin, arna cheapadh ag an Údarás atá cumhachtaithe chun conarthaí fostaíochta a thabhairt i gcrích (AECCE) na hiarratais a scrúdú, ar bhonn na faisnéise a sholáthrófar amháin.
Tarraingeoidh an Coiste Roghnúcháin suas, in ord aibítre, painéal de na hiarrthóirí a chomhlíonann na critéir incháilitheachta.
Féadfar cuireadh chun agallaimh a thabhairt do na hiarrthóirí atá ar an bpainéal. Roghnófar iad ar bhonn fhiúntas a bpróifílí agus cuirfear san áireamh riachtanais na seirbhíse agus na hinniúlachtaí dá dtagraítear faoi phointe II – Critéir roghnúcháin – den fhógra seo.
Is é cuspóir an agallaimh seo a chinneadh an gcomhlíonann an t-iarrthóir/na hiarrthóirí na riachtanais maidir le dualgais an phoist.
D'fhéadfaí freisin go n-iarrfaí orthu tuilleadh tástálacha sonracha a dhéanamh d’fhonn a scileanna agus a n-inniúlachtaí a mheas.
Tar éis na n-agallamh, tabharfaidh an Coiste Roghnúcháin liosta beartaithe don AECCE den iarrthóir/de na hiarrthóirí a chomhlíonann na riachtanais maidir le dualgais an phoist.
Ar an mbonn sin, féadfaidh an AECCE post a thairiscint do cheann amháin nó níos mó de na hiarrthóirí a roghnófar.
Ní chinntítear aon teidlíocht earcaíochta trí áit a bheith bainte amach ag na hiarrthóirí ar an liosta a chuirfear chuig an AECCE.
IARRATAIS
Is é meán lae, an 2 Iúil 2020 (CET) an sprioc-am d’iarratais.
Ní mór an t-iarratas a dhréachtú i mBéarla nó i bhFraincis agus gan a úsáid ach an fhoirm ar líne atá ar fáil ag bun an Ghlao (EN nó FR) ar an leathanach Deiseanna Fostaíochta ar shuíomh gréasáin na Cúirte (faoi “Open positions”):
https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/JobOpportunities.aspx#page-search---index---lang---en_US
Ní foláir na doiciméid seo a leanas ag gabháil leis an iarratas:
|
— |
Litir inspreagtha (dhá leathanach ar a mhéad); |
|
— |
curriculum vitae (cúig leathanach ar a mhéad) atá cothrom le dáta agus i bhformáid “Europass” (féach: http://europass.cedefop.europa.eu); |
Ba cheart duit an réimse atá roghnaithe agat a lua go soiléir san iarratas: (i) an mhatamaitic agus an staidreamh nó (ii) eolaíocht sonraí, iniúchóireacht dhigiteach, anailís ar shonraí agus ar líonraí, miandóireacht sonraí agus téacs, uathoibriú próiseas agus mianadóireacht próiseas.
Tabhair do d’aire nach gcuirfear san áireamh ach an t-eolas atá curtha agat i do CV agus i do litir inspreagtha nuair a bheidh d’iarratas á mheas.
Glacfar leis go bhfuil na mionsonraí atá curtha ar fáil san fhoirm iarratais fíor agus ceart agus, dá réir sin, beidh siad ceangailteach ar an iarrthóir.
Ní mór go mbeadh iarrthóirí in ann, arna iarraidh sin, fianaise i scríbhinn a sholáthar maidir lena gcáilíochtaí, taithí ghairmiúil agus dualgais reatha, má mheastar gá a bheith lena leithéid.
Ba cheart d’iarratasóirí a bhfuil spéis acu sa phost a n-iarratas ar líne a chomhlánú in am. Moltar go mór d’iarratasóirí gan fanacht go dtí na huaireanta deiridh chun a n-iarratas a chur isteach. Tarlaíonn sé in amanna go gcuirtear ró-ualach ar an gcóras sna laethanta roimh an sprioc-am d’iarratais. Dá bhrí sin, d'fhéadfadh sé a bheith deacair iarratas a chur isteach in am.
Diúltófar d’aon iarratas nach mbeidh ag cloí go docht leis na treoracha seo.
BEARTAS EARCAÍOCHTA
I gcomhréir le beartas comhdheiseanna na Cúirte agus le hAirteagal 1d de na Rialacháin Foirne, glacann an Chúirt leis an éagsúlacht agus cuireann sí comhdheiseanna chun cinn. Glacann an Chúirt le hiarratais gan aon idirdhealú atá bunaithe ar aon fhoras agus tá céimeanna tugtha aici chun a áirithiú go bhfuil cothromaíocht ann idir fir agus mná ó thaobh na hearcaíochta de, de bhun Airteagal 23 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ina cheann sin, cuireann an Chúirt bearta chun feidhme d’fhonn réiteach a dhéanamh idir an saol oibre agus saol an teaghlaigh.
Má theastaíonn aon socruithe speisialta uait (de bharr bac nó míchumas ar leith) chun gur féidir leat páirt a ghlacadh sa nós imeachta roghnúcháin seo, seol ríomhphost tamall maith roimh ré chuig ECA-Recrutement@eca.europa.eu.
COSAINT SONRAÍ
Tá rún daingean ag an gCúirt a áirithiú go ndéanfar sonraí pearsanta na n-iarrthóirí a phróiseáil de réir mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh, 1247/2002/CE (2).
Féach an ráiteas príobháideachais sonrach i dtaca le folúntais fostaíochta chun tuilleadh eolais a fháil:
https://www.eca.europa.eu/Lists/ECADocuments/Specific_Privacy_Statement_vacancies/Specific_Privacy_Statement_vacancies_EN.PDF
Má dhéantar foráil maidir le fógra folúntais nó maidir le glao ar léiriú spéise go mbunófar painéal iniúchóirí, foilseofar an painéal ar a mbeidh ainmneacha na n-iarrthóirí ar éirigh leo ar shuíomh gréasáin CIE (Inlíon/Idirlíon). Fanfaidh an painéal ar ár suíomh gréasáin go dtí nach mbeidh sé bailí a thuilleadh. Tabhair do d’aire go bhfuil sé de cheart agat a iarraidh go bhfágfar d’ainm ar lár ón bpainéal a fhoilseofar. Is féidir é sin a dhéanamh ach ríomhphost a sheoladh chuig ECA-recrutement@eca.europa.eu.
IARRATAÍ AR ATHBHREITHNIÚ — GEARÁIN AGUS ACHOMHAIRC — GEARÁIN CHUIG AN OMBUDSMAN EORPACH
Má mheasann tú, tráth ar bith le linn an nós imeachta roghnúcháin, go bhfuil tú thíos le cinneadh éigin a rinneadh, tá na roghanna seo a leanas agat:
I. Iarratas go ndéanfaí athmhachnamh ar chinneadh an Choiste Roghnúcháin
Féadfaidh tú iarraidh réasúnaithe i scríbhinn a chur chuig an gCoiste maidir le hathmhachnamh a dhéanamh ar a chinneadh. Ní foláir an iarraidh sin a sheoladh chuig an seoladh seo a leanas laistigh de 10 lá tar éis an fógra faoin gcinneadh a fháil: ECA-Recours@eca.europa.eu.
II. Gearáin
De bhun Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne, féadfaidh tú gearán i gcoinne chinneadh na Cúirte diúltú do d’iarratas a chur chuig an seoladh seo a leanas, ach sin a dhéanamh laistigh de 3 mhí tar éis duit fógra a fháil ina leith.
|
An tArdrúnaí |
|
Cúirt Iniúchóirí na hEorpa |
|
12, rue Alcide De Gasperi, |
|
L-1615 Lucsamburg |
|
LUCSAMBURG |
III. Achomharc breithiúnach
De bhun Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne, féadfaidh tú, i gcás ina ndiúltófar do do ghearán agus i gcás ina mbeidh tú thíos leis an gcinneadh sin, féadfaidh tú achomharc a dhéanamh ansin le Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa. Ní foláir do dhlíodóir achomhairc den sórt sin a dhéanamh laistigh de 3mhí tar éis fógra a fháil faoin gcinneadh diúltú don ghearán.
IV. Gearáin chuig an Ombudsman Eorpach
Má mheasann tú gur bhain drochriarachán leis an gcaoi a ndearna Cúirt Iniúchóirí na hEorpa d’iarratas a láimhseáil, féadfaidh tú gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman Eorpaigh, tar éis duit teagmháil a dhéanamh leis an gCúirt i dtosach báire d’fhonn an díospóid a réiteach. Ní foláir do ghearán i scríbhinn a chur isteach laistigh de dhá bhliain tar éis duit eolas a fháil ar na fíorais ábhartha. Tá foirm ghearáin leictreonach le fáil ar shuíomh gréasáin an Ombudsman Eorpaigh. I gcás ina ndéanfar gearán leis an Ombudsman Eorpach, ní chuirfidh sin na spriocdhátaí achomhairc thuasluaite ar fionraí.
(1) https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:01962R0031-20200101&from=EN
IARSCRÍBHINN
TAITHÍ GHAIRMIÚIL
An taithí ghairmiúil atá ag teastáil don nós imeachta roghnúcháin thuas, d’fhéadfadh sé gur gnóthaíodh an taithí sin, mar shampla, i gcuideachtaí príobháideacha, in eagraíochtaí idirnáisiúnta agus/nó i gcomhlachtaí idirnáisiúnta, in institiúidí agus nó gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh, i riaracháin náisiúnta agus/nó réigiúnacha, sa saol acadúil, in institiúidí taighde, san earnáil tionsclaíochta, in eagraíochtaí neamhrialtais nó i ngníomhaíocht mar dhuine féinfhostaithe, agus ní chuirfear an taithí sin san áireamh ach amháin:
|
— |
más fíorobair éifeachtach a bhí ann, |
|
— |
más obair í a raibh luach saothair ag dul léi, |
|
— |
más obair í a bhfuil gaol fo-ordaithe nó soláthar seirbhíse i gceist léi, agus |
|
— |
má tá sí faoi réir na coinníollacha seo a leanas:
|