|
28.2.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
57 |
FÓGRA FOLÚNTAIS Uimh. PE/242/S
Stiúrthóir (BEAN/FEAR) (Grúpa Feidhme AD, grád 14)
AN ARD-STIÚRTHÓIREACHT UM NUÁLAÍOCHT AGUS UM THACAÍOCHT THEICNIÚIL — AN STIÚRTHÓIREACHT UM FHOILSITHEOIREACHT, UM NUÁLAÍOCHT AGUS UM BAINISTÍOCHT SONRAÍ
(2020/C 65 A/10)
1. Folúntas
Tá cinneadh déanta ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa tús a chur leis an nós imeachta chun post mar Stiúrthóir (1) (AD, grád 14) a líonadh laistigh den Ard-Stiúrthóireacht um Nuálaíocht agus um Thacaíocht Theicniúil – An Stiúrthóireacht um Fhoilsitheoireacht, um Nuálaíocht agus um Bainistíocht Sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 29(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (2) (dá ngairtear “Rialacháin Foirne” anseo feasta).
Seolfar an nós imeachta roghnúcháin seo, a bhfuil sé d’aidhm aige an rogha is leithne d’iarrthóirí a thabhairt don Údarás Ceapacháin, ag an am céanna leis na nósanna imeachta inmheánacha agus idirinstitiúideacha chun poist a líonadh.
Déanfar an earcaíocht ar ghrád AD14 (3). Is é EUR 14 837,60 in aghaidh na míosa an buntuarastal. I dteannta an bhuntuarastail atá faoi réir cáin Chomhphobail agus atá díolmhaithe ó cháin náisiúnta, tá liúntais áirithe a d’fhéadfaí a íoc leis an té a cheapfar, de réir mar a leagtar amach sna Rialacháin Foirne.
Cuirtear in iúl do na hiarrthóirí go bhfuil an post seo faoi réir na rialacha maidir leis an mbeartas soghluaisteachta arna nglacadh ag Biúró Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2018.
Éilítear solúbthacht leis an bpost seo agus go ndéanfar teagmháil go rialta le daoine laistigh agus lasmuigh den Pharlaimint, go háirithe leis na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa. Beidh ar an Stiúrthóir taisteal go minic idir láithreacha oibre na Parlaiminte agus go dtí láithreacha eile lasmuigh díobh.
2. Ionad Fostaíochta
Lucsamburg. D’fhéadfaí an post seo a aistriú go dtí ceann de láithreacha oibre eile Pharlaimint na hEorpa.
3. Comhionannas Deiseanna
Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa agus glacann sí le hiarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.
4. Cúraimí an phoist
Mar oifigeach sinsearach, beidh an Stiúrthóir freagrach as na dualgais seo a leanas, de réir na dtreoirlínte agus na gcinntí arna leagan síos ag an Údarás parlaiminteach agus ag an Ardstiúrthóir (4):
|
— |
a áirithiú go mbeidh eintiteas mór in Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa, ina bhfuil roinnt aonad atá freagrach as réimsí inniúlachta na Stiúrthóireachta, ag feidhmiú go maith; |
|
— |
foirne d’oifigigh a bhainistiú, a mhaoirsiú, a spreagadh agus a chomhordú; an úsáid is fearr a bhaint as acmhainní na roinne agus caighdeán cáilíochta na seirbhíse (eagrú, bainistiú acmhainní daonna agus buiséid, nuáil etc.) á áirithiú sna réimsí gníomhaíochta; |
|
— |
gníomhaíochtaí na Stiúrthóireachta (cuspóirí agus straitéisí a leagan amach) a phleanáil; na cinntí is gá a ghlacadh chun na cuspóirí a bheidh leagtha síos a ghnóthú; measúnú a dhéanamh ar na seirbhísí atá ar fáil chun cáilíocht na seirbhísí sin a ráthú; |
|
— |
comhairle a chur ar an Ardstiúrthóir, ar an Ardrúnaí agus ar Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa sna réimsí gníomhaíochta; |
|
— |
comhoibriú leis na stiúrthóireachtaí éagsúla san Ardrúnaíocht, ionadaíocht a dhéanamh ar an institiúid agus conarthaí nó comhaontuithe a chaibidliú ina réimsí gníomhaíochta; |
|
— |
tionscadail shonracha a bhféadfadh freagrachtaí airgeadais a bheith ag gabháil leo a bhainistiú agus a thabhairt chun críche; |
|
— |
feidhmeanna oifigigh údaraithe trí fhotharmligean a fheidhmiú. |
5. Incháilitheacht
Tá an nós imeachta roghnúcháin seo ar oscailt d’iarrthóirí a chomhlíonann na critéir riachtanacha seo a leanas faoin dáta deiridh chun iarratas a chur isteach:
|
(a) |
Coinníollacha ginearálta I gcomhréir le hAirteagal 28 de na Rialacháin Foirne, ní mór do na hiarrthóirí:
|
|
(b) |
Coinníollacha sonracha
|
6. Nós imeachta roghnúcháin
Chun cabhrú leis an Údarás Ceapacháin a rogha a dhéanamh, déanfaidh an Coiste Comhairleach um Oifigigh Shinsearacha a Cheapadh liosta iarrthóirí a chur ar bun agus molfaidh sé do Bhiúró Pharlaimint na hEorpa cé hiad na daoine a nglaofar orthu chun agallaimh. Glacfaidh an Biúró an liosta de na daoine sin, agus seolfaidh an Coiste na hagallaimh agus cuirfidh sé a thuarascáil chríochnaitheach faoi bhráid an Bhiúró le haghaidh cinnidh. Ag an gcéim seo, féadfaidh an Biúró na hiarrthóirí a chur faoi agallamh.
7. Iarratais a chur isteach
Is é an dáta deiridh chun iarratas a chur isteach ná
20 Márta 2020, ar 12:00 (meán lae, am na Bruiséile).
Iarrtar ar na hiarrthóirí ráiteas maidir leis na cúiseanna atá acu le cur isteach ar an bpost (a bheidh i bhformáid pdf agus é dírithe chuig Monsieur le Secrétaire général du Parlement européen, avis de recrutement numéro PE/242/S), mar aon le curriculum vitae i bhformáid Europass (8), a sheoladh trí ríomhphost, agus ar an modh sin amháin, agus tagairt don fhógra seo (PE/242/S) i líne an ábhair, chuig an seoladh ríomhphoist a leanas:
PERS-EPSeniorManagement@ep.europa.eu
agus is é dáta agus am seolta an ríomhphoist a bheidh mar fhianú air.
Is faoi na hiarrthóirí a bheidh sé a dheimhniú go mbeidh gach doiciméad scanta inléite.
Ní mór do na hiarrthóirí a gheobhaidh glao chun agallaimh, faoi dháta an agallaimh, na doiciméid tacaíochta a bhaineann lena staidéir, lena dtaithí ghairmiúil agus lena bhfreagrachtaí reatha a thabhairt ar aird, agus na doiciméid sin a bheith i bhfoirm cóipeanna nó fótachóipeanna amháin (9). Ní thabharfar na doiciméid sin ar ais do na hiarrthóirí.
Déanfar na sonraí pearsanta a chuirfidh na hiarrthóirí in iúl faoin nós imeachta roghnúcháin seo a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/222/CE (10).
(1) Aon tagairt san fhógra seo do dhuine den ghnéas fireann measfar freisin gur tagairt í do dhuine den ghnéas baineann, agus a mhalairt go cruinn.
(2) Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1) arna leasú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 723/2004 (IO L 124, 27.4.2004, lch. 1) agus arna leasú go deireanach le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (IO L 287, 29.10.2013, lch. 15).
(3) Earcófar an t-oifigeach sa chéim is iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 32 de na Rialacháin Foirne.
(4) Féach an Iarscríbhinn do phríomhdhualgais an phoist seo.
(5) Ní chuirfear an bhliain sin de thaithí san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar an taithí ghairmiúil a éilítear sa chéad fhleasc eile den mhír seo.
(6) Féach Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CEFR) — https://europass.cedefop.europa.eu/sites/default/files/cefr-en.pdf
(7) Is iad teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh: an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis agus an Ungáiris.
(8) http://europass.cedefop.europa.eu/
(9) Ní bhaineann sé seo le hiarrthóirí atá ag obair do Pharlaimint na hEorpa ar an dáta deiridh le haghaidh iarratais.
IARSCRÍBHINN
AN ARD-STIÚRTHÓIREACHT UM NUÁLAÍOCHT AGUS UM THACAÍOCHT THEICNIÚIL - AN STIÚRTHÓIREACHT UM FHOILSITHEOIREACHT, UM NUÁLAÍOCHT AGUS UM BAINISTÍOCHT SONRAÍ
PRÍOMHCHÚRAIMÍ
(Líon foirne iomlán de 164 ghníomhaire: 120 oifigeach, 3 ghníomhaire shealadacha agus 41 ghníomhaire conarthach)
Déanann Stiúrthóireacht EDIT seirbhísí foilsitheoireachta úrscothacha a sholáthar, nuálaíocht a chothú agus sonraí corparáideacha a bhainistiú i bParlaimint na hEorpa.
Áirítear lena raon freagrachtaí clódóireacht agus dearadh grafaicí, forbairt ar réitigh le haghaidh foilsitheoireacht dhigiteach, agus tabhairt isteach agus cur i bhfeidhm teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, amhail intleacht shaorga.
Tá eagarthóireacht ar inlíon na Parlaiminte faoina ceannaireacht agus éascaíonn sí trédhearcacht na hinstitiúide trí shonraí parlaiminteacha a chur ar fáil don phobal.
AN tAONAD UM NUÁLAÍOCHT, UM INLÍONTA AGUS UM RÉITIGH DHIGITEACHA
|
— |
Cultúr na nuálaíochta a chur chun cinn; |
|
— |
Réitigh dhigiteacha a cheapadh; |
|
— |
Cumais eagarthóireachta a oiriúnú sa chaoi go mbeidh siad ag forbairt i gcónaí agus go mbeidh siad ag fónamh do riachtanais na n-úsáideoirí. |
An tSeirbhís Nuála
|
— |
Anailís a dhéanamh ar acmhainneacht na dteicneolaíochtaí nua atá ag teacht chun cinn agus, i gcás inarb iomchuí, rochtain orthu a láimhseáil chun dlús a chur lena nglacadh sa Pharlaimint d’fhonn táirgiúlacht agus éifeachtúlacht a fheabhsú; |
|
— |
An bonn a leagan síos le haghaidh lárionad inniúlachta IS; |
|
— |
Cultúr na nuálaíochta agus na cruthaitheachta in TFC a chur chun cinn laistigh den Pharlaimint; |
|
— |
Cruthúnas Coincheap, atá nithiúil agus feidhmiúil, a thabhairt, lena gcumhdaítear soghluaisteacht, seirbhísí suíomhbhunaithe, anailísíocht sonraí, comhoibriú agus cumarsáid, Idirlíon na Rudaí Nithiúla agus teicneolaíochtaí eile atá ag teacht chun cinn; |
|
— |
Uirlisí agus teicnící lena gcothaítear cumas nuálaíochta na hinstitiúide a sholáthar; |
|
— |
Na comhpháirtíochtaí is gá a bhunú chun meon na hoscailteachta agus na nuálaíochta a spreagadh; |
|
— |
Ardán INNOVATE a threorú agus seachtain na nuálaíochta, a bhíonn ann gach bliain, agus imeachtaí gaolmhara eile a eagrú; |
An tSeirbhís um Inlíonta agus um Réitigh Dhigiteacha
|
— |
Réitigh foilsitheoireachta uas-scálaithe, nuálacha agus dhigiteacha a thabhairt isteach agus a chur chun feidhme agus tacú leo; |
|
— |
Seirbhísí eagarthóireachta a sholáthar i ndlúthchomhar le cliaint na Seirbhíse; |
|
— |
Tacú leis na tionscnaimh maidir le néalríomhaireacht agus bainistiú sonraí; |
|
— |
Obair a dhéanamh i dtreo nuálaíocht inbhuanaithe trí réitigh inscálaithe a dhéanamh de chruthúnais nuálacha coincheap; |
|
— |
Uirlisí agus feidhmchláir a bhaineann go sonrach leis an Stiúrthóireacht (comhoibríoch, MIS4Stats, feidhmchláir eagarthóireachta) a nuashonrú agus a chomhchuibhiú; |
|
— |
Feabhas a chur ar fheidhmchláir do Chlár Saor ó Pháipéar na Parlaiminte: eCommittee, eDelegation, eMeeting, MyEPDocuments agus PLM-REP; cur lena chumas tacú le cruinnithe eile gan pháipéar; |
|
— |
Anailísí coincheapa a dhéanamh chun na hinlíonta nua a thabhairt chun cinn tuilleadh (e.g. ailtireacht ábhair agus straitéis maidir le gnéithe sóisialta); |
|
— |
A áirithiú, maidir le feidhmchláir TF amhail APP-FTU, EDIT Cat, QE2WEB agus IPMS, go dtacaítear leo, go dtáirgtear iad agus go ndéantar obair leantach agus cothabháil éabhlóideach orthu. |
AN tAONAD UM THÁIREGADH DOICIMÉAD
|
— |
Lárionad saineolais um bainistiú sonraí a chruthú chun tacú le samhail TF shonraíbhunaithe a fhorbairt; |
|
— |
An bonn a fhorbairt le haghaidh beartas bainistithe sonraí; |
|
— |
Beartas a shainiú le haghaidh sonraí oscailte; |
|
— |
Seirbhísí foilsitheoireachta agus profléitheoireachta a sholáthar. |
An tSeirbhís um Bainistiú Sonraí agus um Próiseáil Doiciméad
|
— |
Creat le haghaidh bainistiú sonraí i bParlaimint na hEorpa a fhorbairt agus é a chomhcheangal le seirbhísí gaolmhara lena ndéantar doiciméid pharlaiminteacha a innéacsú; |
|
— |
Doiciméid pharlaiminteacha a phróiseáil agus a thiontú i bhformáid XML lena n-úsáid sa slabhra reachtach; |
|
— |
An tionscadal um Shonraí Parlaiminteacha Oscailte a bhainistiú; |
|
— |
Beartas uileghabhálach agus comhsheasmhach um shonraí oscailte a shainiú; |
|
— |
Féachaint ar na deiseanna agus na réitigh atá ann maidir le meaisín-innéacsú; |
|
— |
Athbhreithniú a dhéanamh ar na bealaí agus na sreafaí oibre atá ann faoi láthair chun doiciméid pharlaiminteacha a innéacsú; |
|
— |
Comhar maidir le bainistiú sonraí agus le sonraí oscailte a chothú ar an leibhéal idirinstitiúideach; |
|
— |
Idirchaidreamh a dhéanamh le clár e-Parliament chun feabhas a chur ar cháilíocht na ndoiciméad parlaiminteach a dhéantar a phróiseáil agus a thiontú i bhformáid XML. |
An tSeirbhís um Ullmhú Doiciméad Ilteangach
|
— |
Seirbhísí foilsitheoireachta agus profléitheoireachta a sholáthar i dteangacha oifigiúla uile an Aontais; |
|
— |
Profaí de dhoiciméid reachtacha agus pharlaiminteacha éagsúla atá réidh lena gcló a phróiseáil agus a tháirgeadh, e.g. miontuairiscí ar na seisiúin pharlaiminteacha, téacsanna arna nglacadh, ceisteanna i scríbhinn agus freagraí orthu, bileoga eolais ar an Aontas Eorpach, etc. |
AN tAONAD UM CHLÓDÓIREACHT
|
— |
Bainistiú, comhordú, treorú agus airgeadas an Aonaid um Chlódóireacht agus a chuid seirbhísí a riar; |
|
— |
Rúnaíocht an Aonaid a riar; |
|
— |
Feidhmeanna comhfhreagraí do Stiúrthóireacht EDIT a chomhlíonadh (nuálaíocht, rioscaí, cosaint sonraí, slándáil, EMAS); |
|
— |
Cúram a dhéanamh do na dálaí oibre laistigh de Stiúrthóireacht EDIT; |
|
— |
Tionscadail PPP a leanúint. |
AN tAONAD UM THACAÍOCHT FOILSITHEOIREACHTA AGUS UM AMHARCTHIONSCADAIL
|
— |
Seirbhísí a bhaineann le bainistiú cliant a sholáthar i réimse na clódóireachta, an deartha agus na n-ilmheán, mar aon le hullmhú teicniúil foilseachán; |
|
— |
Seirbhísí clódóireachta ar éileamh a sholáthar agus doiciméid a dháileadh ar an mbealach traidisiúnta, is é sin thar an gcuntar sa Bhruiséil agus in Strasbourg. |
An tSeirbhís um Chliaint agus um Thionscadail
Cuntar na Foilsitheoireachta & na nDoiciméad
|
— |
Féachaint ar réitigh nuálacha nua le haghaidh “clódóireacht ar éileamh” nó seirbhísí eile; |
|
— |
Forbairtí i réimse na ndoiciméad digiteach agus móibíleach a leanúint; |
|
— |
Sineirgíocht a fhorbairt idir seirbhísí foilsitheoireachta éagsúla a bheadh ag obair san aon áit amháin chun fónamh níos fearr do chliaint. |
Deasc Seirbhíse na Foilsitheoireachta
|
— |
Foireann de dhearthóirí grafaicí a chur ar bun; |
|
— |
Nósanna imeachta agus uirlisí soiléire a shainiú le haghaidh comhoibriú éifeachtúil idir bainisteoirí cliant agus dearthóirí grafaicí; |
|
— |
Faireachán a dhéanamh ar rochtain ar fhreastalaithe agus ar chartlannú chun éifeachtúlacht agus aga freagartha a fheabhsú; |
|
— |
Obair a dhéanamh sa chaoi go mbeidh na seirbhísí a sholáthraítear do chliaint ag feabhsú go leanúnach (suirbhéanna ar shástacht, eochairtháscairí feidhmíochta); |
|
— |
An catalóg ar líne a nuashonrú; |
|
— |
An caidreamh le cliaint a neartú: Na Feisirí, na Grúpaí Polaitiúla, na Coistí, na hArd-Stiúrthóireachtaí agus Oifig na bhFoilseachán; |
|
— |
Rannchuidiú leis an gCoiste Eagarthóireachta; |
|
— |
Web2Print a athdhearadh i gcomhthéacs na Straitéise nua maidir le Clódóireacht; |
|
— |
Rannchuidiú le straitéis seirbhíse trí líonraí agus próisis trasnacha a athbhreithniú agus a chur ar bun laistigh den Stiúrthóireacht um Fhoilsiú; |
|
— |
Anailís a dhéanamh ar tháirgeadh atá dian ar pháipéar agus a mholadh do chliaint úsáid a bhaint as bealaí dáileacháin leictreonacha. |
An tSeirbhís um Uathoibriú Foilsitheoireachta
|
— |
Feidhmchláir foilsitheoireachta (e.g. Web2Print) a fhorbairt, a fheabhsú agus a chothabháil; |
|
— |
Cúram a dhéanamh d’uathoibriú na bpróiseas táirgthe priontála, ón uair a chuirtear ordú isteach go dtína sheachadadh; |
|
— |
Uirlisí agus modhanna coiteanna a bhunú maidir le foilsiú agus le próiseáil doiciméad; |
|
— |
Caighdeáin PDF a shainiú le haghaidh clódóireachta; |
|
— |
Uirlisí foilsitheoireachta nua a chuardach ar an margadh atá dírithe ar tháirgí foilsitheoireachta digití a chruthú; |
|
— |
Na huirlisí eagarthóireachta a riar; |
|
— |
Leanúnachas seirbhíse a ráthú le haghaidh Web2Print agus MIS. |