6.6.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


FÓGRA COMÓRTAIS OSCAILTE

EPSO/AD/374/19 — RIARTHÓIRÍ (AD 7) SNA RÉIMSÍ SEO A LEANAS

1. Dlí na hIomaíochta

2. An Dlí Airgeadais

3. Dlí an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta

4. Na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh

5. An chosaint ar ghóchumadh monaí euro

Ní foláir clárú faoin sprioc-am seo: 9 Iúil 2019 ar 12.00 (meán lae), Am Lár na hEorpa (CET)

Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtas oscailte ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha chun painéil a thiomsú as a bhféadfaidh an Coimisiún Eorpach baill nua den tseirbhís shibhialta a earcú mar “ riarthóirí ”(grúpa feidhme AD).

Is iad an fógra comórtais seo agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis creat dlí ceangailteach na bpróiseas roghnúcháin seo.

Tá na rialacha ginearálta maidir le comórtais oscailte in IARSCRÍBHINN III.

An líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal:

1. Dlí na hIomaíochta – 60

2. An Dlí Airgeadais – 33

3. Dlí an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta – 13

4. Na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh – 38

5. An chosaint ar ghóchumadh monaí euro – 12

Tá cúig réimse i gceist san fhógra seo. Ní féidir iarratas a dhéanamh ach ar aon cheann amháin acu. Ní mór duit an rogha a dhéanamh tráth an chlárúcháin ar líne agus ní fhéadfaidh tú an rogha sin a athrú i ndiaidh duit d’iarratas ar líne a bhailíochtú.

DUALGAIS AN PHOIST

1.   Dlí na hIomaíochta

Agus tú ag obair mar chás-láimhseálaí nó mar oifigeach beartais atá le hearcú go príomha ag aonad de chuid Ard-Stiúrthóireacht Iomaíochta an Choimisiúin Eorpaigh (AS COMP) nó ag an tSeirbhís Dlí, iarrfar ort a bheith in ann dul i mbun oibre láithreach agus, faoi mhaoirseacht na n-oifigeach os do chionn, a bheith ag obair i bhfoirne ar a bhfuil sé de chúram margaí a anailísiú i bhfianaise an chreata reachtaigh atá ann faoi láthair i dtaobh rialacha agus nósanna imeachta iomaíochta.

Ar na dualgais a d’fhéadfadh a bheith ann, ach gan a bheith teoranta dóibh, tá an méid seo a leanas:

imscrúduithe a dhéanamh: agallaimh le rannpháirtithe sa mhargadh, ceistneoirí imscrúdaithe margaidh a dhréachtú agus a anailísiú, doiciméid inmheánacha a athbhreithniú;

anailís dlí agus eacnamaíoch a dhéanamh;

cinntí agus tograí beartais a dhréachtú;

cásanna agus an cur chuige atá beartaithe a chur i láthair do na hoifigigh os do chionn agus don Choimisinéir;

cuidiú le Seirbhís Dlí an Choimisiúin Eorpaigh aighnis dlí a láimhseáil os comhair Chúirteanna an Aontais Eorpaigh nó ionadaíocht a dhéanamh di i leith na hoibre sin;

páirt a ghlacadh i meithle éagsúla um shaincheisteanna beartais agus reachtaíocht, etc.

2.   An Dlí Airgeadais

Agus tú ag obair mar oifigeach beartais atá le hearcú go príomha ag aonad de chuid Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil an Choimisiúin Eorpaigh (AS FISMA) nó sa tSeirbhís Dlí, iarrfar ort a bheith in ann dul i mbun oibre láithreach agus, faoi mhaoirseacht na n-oifigeach os do chionn, doiciméid a dhréachtú a bhaineann le d’ábhair agus freastal ar chruinnithe leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara eile agus seasamh an Choimisiúin Eorpaigh a mhíniú/a chur chun cinn.

Agus tú ag obair mar dhlíodóir airgeadais atá le hearcú go príomha ag AS FISMA, Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (AS ECFIN) nó ag an tSeirbhís Dlí, iarrfar ort a bheith in ann dul i mbun oibre láithreach agus, faoi mhaoirseacht na n-oifigeach os do chionn, reachtaíocht a dhréachtú agus comhlíontacht na ndlíthe náisiúnta le dlí an Aontais i do réimse inniúlachta a rialú. De réir an aonaid a mbeidh tú ag obair ann, iarrfar ort freisin reachtaíocht, cinntí agus doiciméid oibre a dhréachtú. Ar na cúraimí eile a bheidh ort tá ionadaíocht a dhéanamh do d’aonad ag cruinnithe le ranna eile de chuid an Choimisiúin agus ceisteanna ón bpobal agus ó Fheisirí Pharlaimint na hEorpa a fhreagairt. Lena chois sin, glacfaidh tú páirt i seisiúin eolais thar ceann do Choimisinéara, d’Ard-Stiúrthóra nó do Stiúrthóra, de réir mar is gá.

3.   Dlí an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta

Agus tú ag obair mar dhlíodóir ag a bhfuil speisialtóireacht i ndlí an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta atá le hearcú go príomha ag Ard-Stiúrthóireacht Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an Choimisiúin Eorpaigh (AS ECFIN) nó ag an tSeirbhís Dlí, iarrfar ort a bheith in ann dul i mbun oibre láithreach agus, faoi mhaoirseacht na n-oifigeach os do chionn, na cúraimí seo a leanas a dhéanamh go príomha:

reachtaíocht a bhaineann le feidhmiú an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta a dhréachtú agus a shocrú le caibidlíocht;

a mhéid a chomhlíonann reachtaíocht náisiúnta na mBallstát ceanglais chreat an Aontais a mheas;

nósanna imeachta um sárú a ullmhú agus a bhainistiú nuair a shainaithneofar bearta náisiúnta ar sáruithe iad ar cheanglais dlí an Aontais;

caibidil an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta den tuarascáil chóineasúcháin maidir le próisis um theacht isteach sa limistéar euro a ullmhú agus páirt a ghlacadh sna pléití a bhaineann le caibidil an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta maidir le caibidlíocht faoi theacht isteach san Aontas;

measúnuithe, doiciméid eolais agus nótaí cainte a ullmhú do na polaiteoirí agus do na riarthóirí os do chionn i do réimsí inniúlachta;

measúnuithe a ullmhú maidir le ceisteanna a bhaineann le dlí an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta;

cuidiú le Seirbhís Dlí an Choimisiúin Eorpaigh aighnis dlí a láimhseáil os comhair Chúirteanna an Aontais Eorpaigh nó ionadaíocht a dhéanamh di i leith na hoibre sin.

Iarrfar ort freisin ionadaíocht a dhéanamh do d’aonad nó don Choimisiún i gcruinnithe le ranna eile de chuid an Choimisiúin, leis na Ballstáit, leis na Bainc Cheannais, le Parlaimint na hEorpa nó le haon pháirtí leasmhar eile.

4.   Na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh

Agus tú ag obair mar oifigeach dlí ag a bhfuil speisialtóireacht sna rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad an Aontais atá le hearcú go príomha ag Ard-Stiúrthóireacht Buiséid an Choimisiúin Eorpaigh (AS BUDG) nó ag an tSeirbhís Dlí, iarrfar ort a bheith in ann dul i mbun oibre láithreach agus, faoi mhaoirseacht na n-oifigeach os do chionn, na cúraimí seo a leanas a dhéanamh:

comhairle a thabhairt do ranna an Choimisiúin agus d’institiúidí agus comhlachtaí an Aontais faoi chur chun feidhme agus léirmhíniú an Rialacháin Airgeadais agus cláir earnáilsonracha eile (deontais, soláthair, ionstraimí airgeadais, foirmeacha eile ranníocaíochta, cistí iontaobhais, comhaontuithe idirnáisiúnta, etc.);

oiliúint a thabhairt agus uirlisí agus treoracha a fhorbairt le haghaidh chur i bhfeidhm na rialachán sin agus le haghaidh tacaíocht (Deasc Chabhrach) do ranna an Choimisiúin agus d’institiúidí agus comhlachtaí an Aontais;

cúnamh a thabhairt i leith ullmhú cinntí maoiniúcháin; múnlaí de chonarthaí caighdeánacha, comhthéacs an ríomhdheonaithe/an ríomhsholáthair san áireamh;

comhairle dlí a thabhairt chun fadhbanna a réiteach maidir le bainistiú airgeadais tionscadal;

cúnamh agus comhairle a thabhairt do ranna an Choimisiúin agus bunghníomhartha nua le haghaidh cláir chaiteachais iar-2020 á socrú le caibidlíocht agus á gcur chun feidhme;

cuidiú le Seirbhís Dlí an Choimisiúin Eorpaigh aighnis dlí a láimhseáil os comhair Chúirteanna an Aontais Eorpaigh (AE) nó ionadaíocht a dhéanamh di i leith na hoibre sin.

5.   An chosaint ar ghóchumadh monaí euro

Agus tú ag obair mar anailísí in Ard-Stiúrthóireacht Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an Choimisiúin Eorpaigh (AS ECFIN), iarrfar ort a bheith in ann dul i mbun oibre láithreach agus a bheith ag obair, go háirithe sa Lárionad Eorpach Teicniúil agus Eolaíoch (LETE).

Ar na príomhchúraimí a bheidh le déanamh, tá:

an anailís iomchuí uile a dhéanamh ar mhonaí a bhfuil amhras ann go bhfuil siad góchumtha, gach cineál nua mona euro ghóchumtha a aicmiú agus cúnamh teicniúil a thabhairt d’údaráis na mBallstát;

faisnéis a ullmhú a bhaineann le monaí euro góchumtha a bheidh le húsáid ag lucht forfheidhmithe an dlí;

a chinnitú go bhfeabhsófar ábaltacht theicniúil agus oibríochtúil na mBallstát agus a n-inniúlacht i leith boinn ghóchumtha a láimhseáil agus obair leantach a dhéanamh ar an bhfeabhsú sin;

seimineáir oiliúna a mholadh agus a eagrú do shaineolaithe as na Ballstáit agus as tríú tíortha;

cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais i réimse chosaint an euro ar chalaois agus ar ghóchumadh a éascú;

gníomhaíochtaí teicniúla a chomhordú idir na Lárionaid Náisiúnta um Anailísiú Monaí sna Ballstáit;

ionadaíocht a dhéanamh don Choimisiún agus don Lárionad Eorpach Teicniúil agus Eolaíoch i gcoistí, meithle agus cruinnithe le hinstitiúidí eile agus leis an earnáil phríobháideach;

tuarascálacha staitistiúla agus teicniúla, nótaí inmheánacha, doiciméid eolais agus doiciméid ábhartha eile a ullmhú agus a dhréachtú.

Tá tuilleadh eolais in IARSCRÍBHINN I faoi phríomhdhualgais an phoist.

NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA

Faoin sprioc-am atá leagtha síos don chlárúchán ar líne, ní mór d’iarrthóirí GACH CEANN de na coinníollacha ginearálta agus sonracha seo a leanas a chomhlíonadh:

1)   Coinníollacha ginearálta

A gcearta mar shaoránach de Bhallstát den Aontas Eorpach a theachtadh.

Aon oibleagáid i dtaca le seirbhís mhíleata atá orthu de réir an dlí náisiúnta a chomhlíonadh.

Na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun dualgais an phoist a dhéanamh.

2)   Coinníollacha sonracha — teangacha

Ní mór eolas a bheith agat ar 2 cheann ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ; leibhéal C1 (eolas cuimsitheach ar an teanga) ar a laghad i gceann acu agus leibhéal B2 (eolas sásúil) ar a laghad sa cheann eile.

Tabhair do d’aire nach mór na híosleibhéil thuasluaite a bheith agat i dtaca le gach inniúlacht teanga (labhairt, scríobh, léamh agus éisteacht) atá iarrtha san fhoirm iarratais. Tá na hinniúlachtaí sin leagtha amach i gComhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (https://europass.cedefop.europa.eu/en/resources/european-language-levels-cefr).

San fhógra comórtais seo, is mar seo a thagraítear do na teangacha sin:

Teanga 1: an teanga atá le húsáid sna trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire

Teanga 2: an teanga atá le húsáid sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí (Talent Screener) i dtrialacha an ionaid measúnaithe agus sa chumarsáid idir EPSO agus iarrthóirí a bhfuil iarratas bailí déanta acu. An teanga a roghnófar mar theanga 1, ní féidir í a roghnú mar theanga 2 freisin.

Ní foláir an Béarla, an Fhraincis, an Ghearmáinis nó an Iodáilis a roghnú mar theanga 2.

Na hiarrthóirí a n-éireoidh leo agus a earcófar le bheith ag obair i réimsí an chomórtais seo, ní mór dóibh eolas sásúil a bheith acu ar an mBéarla, ar an bhFraincis, ar an nGearmáinis nó an Iodáilis (leibhéal B2 ar a laghad). Cé go bhféadfadh eolas ar theangacha eile a bheith ina bhuntáiste, is tacar beag teangacha a úsáideann na ranna de chuid an Choimisiúin atá i gceist le haghaidh anailísiú, cumarsáid inmheánach agus chun cinntí, tuarascálacha agus doiciméid eile a dhréachtú. Bíonn na ranna sin i dteagmháil go mion minic leis na Ballstáit, le páirtithe leasmhara seachtracha agus leis na príomhinstitiúidí a bhíonn ag obair sna réimsí atá i gceist (e.g BCE, BEI, ÚBE), atá suite den chuid is mó sa Bheilg, i Lucsamburg, sa Fhrainc agus sa Ghearmáin.

Go sonrach, chun na gníomhaíochtaí a dhéanamh a bhaineann le réimsí na heacnamaíochta, an airgeadais agus na hiomaíochta, ní mór a bheith i dteagmháil go minic leis na Ballstáit (e.g. faoi chuimsiú an tseimeastair Eorpaigh), leis na seirbhísí airgeadais agus le hearnáil an mhargaidh caipitil agus gníomhaithe eacnamaíocha, gnóthais atá gníomhach i réimsí gníomhaíochta amhail an bhaincéireacht, an t-airgeadas, an t-árachas agus an monarú san áireamh (e.g. i gcás chur i bhfeidhm dhlí iomaíochta an Aontais, cigireachtaí ar an láthair san áireamh).

Is ar mhaithe leis an tseirbhís a cinneadh air sin sa mhéid agus go bhfuil fianaise ann a léiríonn gurb iad na teangacha thuasluaite na teangacha is mó a úsáidtear sna réimsí sin. Tá roinnt de na teangacha thuasluaite ábhartha go háirithe i réimsí áirithe den chomórtas agus, dá bhrí sin, is iad na hiarrthóirí a bhfuil eolas sásúil acu ar an mBéarla, an Fhraincis, an Ghearmáinis nó an Iodáilis, le cois na teanga a roghnaigh siad mar theanga 1, agus iad sin amháin, a bheidh réidh le dul i mbun oibre láithreach.

3)   Coinníollacha sonracha — cáilíochtaí agus taithí oibre

1.   Dlí na hIomaíochta:

leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile a mhair 4 bliana ar a laghad agus ar baineadh dioplóma sa dlí amach dá bharr, agus 6 bliana ar a laghad de thaithí oibre a fuarthas ina dhiaidh sin i réimse a bhaineann le cur i bhfeidhm rialacha agus nósanna imeachta dhlí na hiomaíochta

leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile a mhair 3 bliana ar a laghad agus ar baineadh dioplóma sa dlí amach dá bharr, agus 7 mbliana ar a laghad de thaithí oibre a fuarthas ina dhiaidh sin i réimse a bhaineann le cur i bhfeidhm rialacha agus nósanna imeachta dhlí na hiomaíochta

leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile a mhair 4 bliana ar a laghad agus ar baineadh dioplóma i réimse eile amach dá bharr, agus 8 mbliana ar a laghad de thaithí oibre a fuarthas ina dhiaidh sin i réimse a bhaineann le cur i bhfeidhm rialacha agus nósanna imeachta dhlí na hiomaíochta

leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile a mhair 3 bliana ar a laghad agus ar baineadh dioplóma i réimse eile amach dá bharr, agus 9 mbliana ar a laghad de thaithí oibre a fuarthas ina dhiaidh sin i réimse a bhaineann le cur i bhfeidhm rialacha agus nósanna imeachta dhlí na hiomaíochta.

2.   An Dlí Airgeadais:

leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile a mhair 4 bliana ar a laghad agus ar baineadh dioplóma sa dlí amach dá bharr, agus 6 bliana ar a laghad de thaithí oibre a fuarthas ina dhiaidh sin i réimse a bhaineann le cur i bhfeidhm rialacha agus nósanna imeachta dhlí an airgeadais

leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile a mhair 3 bliana ar a laghad agus ar baineadh dioplóma sa dlí amach dá bharr, agus 7 mbliana ar a laghad de thaithí oibre a fuarthas ina dhiaidh sin i réimse a bhaineann le cur i bhfeidhm rialacha agus nósanna imeachta dhlí an airgeadais.

3.   Dlí an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta:

leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile a mhair 4 bliana ar a laghad agus ar baineadh dioplóma sa dlí amach dá bharr, agus 6 bliana ar a laghad de thaithí oibre a fuarthas ina dhiaidh sin i réimse a bhaineann le cur i bhfeidhm rialacha agus nósanna imeachta an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta

leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile a mhair 3 bliana ar a laghad agus ar baineadh dioplóma sa dlí amach dá bharr, agus 7 mbliana ar a laghad de thaithí oibre a fuarthas ina dhiaidh sin i réimse a bhaineann le cur i bhfeidhm rialacha agus nósanna imeachta an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta.

4.   Na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh:

leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile a mhair 4 bliana ar a laghad agus ar baineadh dioplóma sa dlí amach dá bharr, agus 6 bliana ar a laghad de thaithí oibre a fuarthas ina dhiaidh sin i réimse a bhaineann leis na rialacha agus nósanna imeachta is infheidhme maidir le buiséad an Aontais

leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile a mhair 3 bliana ar a laghad agus ar baineadh dioplóma sa dlí amach dá bharr, agus 7 mbliana ar a laghad de thaithí oibre a fuarthas ina dhiaidh sin i réimse a bhaineann leis na rialacha agus nósanna imeachta is infheidhme maidir le buiséad an Aontais

leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile a mhair 4 bliana ar a laghad agus ar baineadh dioplóma i réimse eile amach dá bharr, agus 8 mbliana ar a laghad de thaithí oibre a fuarthas ina dhiaidh sin i réimse a bhaineann leis na rialacha agus nósanna imeachta is infheidhme maidir le buiséad an Aontais

leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile a mhair 3 bliana ar a laghad agus ar baineadh dioplóma i réimse eile amach dá bharr, agus 9 mbliana ar a laghad de thaithí oibre a fuarthas ina dhiaidh sin i réimse a bhaineann le rialacha agus nósanna imeachta is infheidhme maidir le buiséad an Aontais.

5.   An chosaint ar ghóchumadh monaí euro:

leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile a mhair 4 bliana ar a laghad agus ar baineadh dioplóma amach dá bharr, agus 6 bliana ar a laghad de thaithí oibre a fuarthas ina dhiaidh sin i réimse a bhaineann le cosaint an euro ar ghóchumadh.

leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile a mhair 3 bliana ar a laghad agus ar baineadh dioplóma amach dá bharr, agus 7 mbliana ar a laghad de thaithí oibre a fuarthas ina dhiaidh sin i réimse a bhaineann le cosaint an euro ar ghóchumadh.

Tá samplaí d’íoscháilíochtaí in IARSCRÍBHINN IV.

CONAS A DHÉANFAR AN ROGHNÚ

1)   Iarratas a dhéanamh

Agus an fhoirm iarratais á líonadh isteach agat iarrfar ort teanga 1 agus teanga 2 a roghnú.. Beidh ort teanga 1 a roghnú as aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus an Béarla, an Fhraincis, an Ghearmáinis nó an Iodáilis a roghnú mar theanga 2. Iarrfar ort freisin a dheimhniú go bhfuil tú incháilithe don réimse agus eolas breise a thabhairt a bhaineann leis an réimse a roghnaigh tú sa chomórtas (mar shampla: dioplómaí, taithí oibre, agus freagraí ar cheisteanna réimse-shonracha (Talent Screener)).

Agus an fhoirm iarratais á líonadh isteach agat, beidh tú in ann aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh a roghnú, seachas don Talent Screener, rud nach mór a líonadh isteach sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 , ar na cúiseanna seo a leanas: déanann an bord roghnúcháin measúnú comparáideach ar na freagraí a thugtar sa Talent Screener, úsáideann an bord roghnúcháin mar dhoiciméad tagartha le linn an agallaimh réimse-shonraigh san ionad measúnaithe é, agus úsáidtear chun críocha earcaíochta é i gcás iarrthóirí ar éirigh leo. Is chun leas na seirbhíse agus na n-iarrthóirí atá sé, dá bhrí sin, an Talent Screener a líonadh isteach i dteanga 2.

Tabhair do d’aire go mbeidh an bord roghnúcháin (le linn an chomórtais) agus seirbhísí acmhainní daonna institiúidí an Aontais Eorpaigh (i gcás earcú iarrthóirí ar éirigh leo) ag rochtain na foirme iarratais ina hiomláine, agus gur líon teoranta teangacha na teangacha cumarsáide atá acu sin

Má éiríonn an comórtas leat agus go gcuirfear d’ainm ar an bpainéal, iarrfar ort aistriúchán ar an bhfoirm iarratais go teanga 2 (Béarla, Fraincis, Gearmáinis nó Iodáilis) a sholáthar do na seirbhísí earcaíochta má líon tú isteach an fhoirm iarratais i dteanga nach ceann de na teangacha sin í.

Is ionann an t-iarratas a bhailíochtú agus a dhearbhú ar d’fhocal go gcomhlíonann tú na coinníollacha ar fad atá luaite sa roinn “Na coinníollacha incháilitheachta”. A luaithe a bheidh d’fhoirm iarratais bailíochtaithe agat, ní fhéadfaidh tú aon athrú eile a dhéanamh uirthi. Fútsa atá sé féachaint chuige go mbeidh an t-iarratas líonta isteach agus bailíochtaithe faoin sprioc-am.

2)   Na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire

Má sháraíonn an líon iarrthóirí tairseach áirithe i dtaca le gach réimse, arna socrú ag stiúrthóir EPSO ina cháil mar údarás ceapacháin, tabharfar cuireadh do gach iarrthóir a bhailíochtaigh an fhoirm iarratais faoin sprioc-am sraith de thrialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a dhéanamh i gceann d’ionaid chreidiúnaithe EPSO.

Ach amháin má deirtear a mhalairt leat, ní mór duit coinne a dhéanamh chun na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a dhéanamh, de réir na dtreoracha a gheobhaidh tú ó EPSO. Is é is dóichí go dtairgfear roinnt dátaí duit ar a bhféadfaidh tú na trialacha a dhéanamh, agus roinnt ionad ina bhféadfaidh tú iad a dhéanamh. Na tréimhsí inar féidir an choinne agus na trialacha a dhéanamh, bíonn siad teoranta.

Má bhíonn an líon iarrthóirí faoi bhun na tairsí , is san ionad measúnaithe a bheidh na trialacha sin ar siúl (pointe 5).

Ag seo leagan amach na dtrialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire:

Triail

Teanga

Líon ceisteanna

Fad ama

Marcáil

Pasmharc

Réasúnaíocht bhriathartha

Teanga 1

20 ceist

35 min

As 20 bpointe a mharcálfar an triail seo

10/20

Réasúnaíocht uimhriúil

Teanga 1

10 gceist

20 min

As 10 bpointe a mharcálfar an triail seo

An réasúnaíocht uimhriúil agus an réasúnaíocht theibí le chéile: 10/20

Réasúnaíocht theibí

Teanga 1

10 gceist

10 min

As 10 bpointe a mharcálfar an triail seo

Trialacha díbeartha is ea na trialacha seo agus ní chuirfear na marcanna a ghnóthófar iontu leis na marcanna a ghnóthófar i dtrialacha an ionaid measúnaithe.

3)   Seiceálacha incháilitheachta

Déanfar na coinníollacha incháilitheachta atá leagtha síos sa roinn “Na Coinníollacha Incháilitheachta”a sheiceáil i gcomparáid leis na sonraí a thug na hiarrthóirí san iarratas ar líne. Is é EPSO a sheiceálfaidh an gcomhlíonann na hiarrthóirí na coinníollacha incháilitheachta ginearálta agus is é an bord roghnúcháin a sheiceálfaidh an gcomhlíonann na hiarrthóirí na coinníollacha incháilitheachta sonracha sna ranna “Oideachas agus Oiliúint”, “Taithí Oibre”agus “Scileanna Teanga”den iarratas ar líne.

Tá dhá chás is féidir a bheith ann:

Má dhéantar na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire roimh ré , déanfar seiceáil incháilitheachta ar chomhaid na n-arrthóirí, in ord íslitheach na marcanna a ghnóthaigh siad, go dtí go sroichfear an tairseach a leag EPSO síos do gach réimse ina cháil mar údarás ceapacháin. Ní sheiceálfar na comhaid eile.

Mura ndéanfar na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire roimh ré , déanfar seiceáil incháilitheachta ar chomhaid na n-iarrthóirí ar fad.

4)   Roghnú ar bhonn cáilíochtaí (Talent Screener)

Chun gur féidir leis an mbord roghnúcháin measúnú oibiachtúil a dhéanamh ar bhuanna gach iarrthóra ar dhóigh struchtúrtha, ní mór do na hiarrthóirí uile sa réimse chéanna den chomórtas seo aon tacar amháin ceisteanna a fhreagairt sa Talent Screener san fhoirm iarratais. Is ar na hiarrthóirí a mheasfar a bheith incháilithe agus orthu sin amháin a dhéanfar an roghnú ar bhonn cáilíochtaí agus déanfar é ar an gcaoi a bhfuil cur síos uirthi thuas i bpointe 3, agus is ar bhonn na bhfreagraí a thug na hiarrthóirí ar cheisteanna an Talent Screener, agus ar a bhonn sin amháin , a dhéanfar an measúnú. Dá bhrí sin, ba cheart duit gach eolas a bhaineann le hábhar a thabhairt sna freagraí ar cheisteanna an Talent Screener, fiú amháin má tá sé luaite cheana i gcodanna eile den fhoirm iarratais. Beidh na ceisteanna bunaithe ar na critéir roghnúcháin atá leagtha amach san fhógra seo.

Tá an liosta critéar in IARSCRÍBHINN II.

Chun an roghnú ar bhonn cáilíochtaí a dhéanamh, sa chéad dul síos, tabharfaidh an bord roghnúcháin ualú (ó 1 go dtí 3) do gach critéar roghnúcháin , a léiríonn tábhacht an chritéir sin le hais na gcritéar eile agus tabharfar idir 0 agus 4 phointe do gach freagra a thug an t-iarrthóir. Ansin, iolróidh an bord roghnúcháin na pointí faoin ualú atá ag gach critéar, agus suimeoidh siad iad lena fháil amach cé na hiarrthóirí is mó atá in oiriúint do dhualgais an phoist.

Is iad na hiarrthóirí a ghnóthaigh na marcanna foriomlána is airde sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí, agus na hiarrthóirí sin amháin, a rachaidh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile.

5)   An tIonad Measúnaithe

Trí hoiread, ar a mhéad , an lín iarrthóirí atá á lorg don phainéal, sin é an líon iarrthóirí a dtabharfar cuireadh chuig an gcéim seo dóibh. Má léiríonn an t-eolas a thug tú i d’iarratas ar líne go gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta agus má bhíonn an marc a ghnóthaigh tú sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí ar cheann de na marcanna foriomlána is airde , tabharfar cuireadh duit freastal ar ionad measúnaithe ar feadh lá amháin nó dhá lá agus trialacha a dhéanamh sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 . Is é is dóichí gur sa Bhruiséil a bheidh an chéim sin ar siúl.

Mura mbeidh na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a bhfuil cur síos orthu i bpointe 2 ar siúl roimh ré , is san ionad measúnaithe a dhéanfaidh tú iad. Trialacha díbeartha is ea na trialacha seo agus ní chuirfear na marcanna a ghnóthófar iontu leis na marcanna a ghnóthófar sna trialacha eile san ionad measúnaithe chun do scór foriomlán deiridh a ríomh.

Ach amháin má deirtear a mhalairt leat, is gá duit méaróg USB, agus cóipeanna scanta de do chuid doiciméad tacaíochta sábháilte uirthi, a thabhairt leat go dtí an t-ionad measúnaithe. Déanfaidh muintir EPSO do chuid doiciméad a íoslódáil agus tú ag déanamh thrialacha an ionaid measúnaithe agus tabharfaidh siad an mhéaróg USB ar ais duit iad an lá céanna.

Déanfar ocht gcinn d’inniúlachtaí ginearálta agus inniúlachtaí réimse-shonracha gach comórtais a mheas san ionad measúnaithe, agus déanfar sin le ceithre thriail (agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta, agallamh réimse-shonrach, cleachtadh i ngrúpa agus cás-staidéar), a bhfuil cur síos orthu sna táblaí seo:

Inniúlacht

Triail

1.

Anailísiú agus réiteach fadhbanna

Cleachtadh i ngrúpa

Cás-staidéar

2.

Cumarsáid

Cás-staidéar

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta

3.

Cáilíocht agus torthaí

Cás-staidéar

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta

4.

Foghlaim agus forbairt

Cleachtadh i ngrúpa

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta

5.

Tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán

Cleachtadh i ngrúpa

Cás-staidéar

6.

Buanseasmhacht

Cleachtadh i ngrúpa

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta

7.

Obair bhuíne

Cleachtadh i ngrúpa

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta

8.

Cumas ceannaireachta

Cleachtadh i ngrúpa

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta

Pasmharcanna: 3/10 i ngach inniúlacht agus 40/80 san iomlán

Inniúlacht

Triail

Pasmharc

Inniúlachtaí réimse-shonracha

Agallamh réimse-shonrach

50/100

6)   An painéal

I ndiaidh don bhord roghnúcháin an tseiceáil a dhéanamh ar dhoiciméid tacaíochta agus cáilíochtaí na n-iarrthóirí (Talent Screener), tiomsóidh sé painéal do gach réimse de na hiarrthóirí incháilithe sin a ghnóthaigh an pasmharc agus a bhfuil na marcanna foriomlána is airde acu i ndiaidh an ionaid measúnaithe, go dtí go sroichfear an líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal. Is in ord aibítre a bheidh na hainmneacha ar an bpainéal.

Cuirfear ar fáil d’institiúidí an Aontais Eorpaigh, chun críocha earcaíochta agus forbairt gairme sa todhchaí, na painéil d’iarrthóirí ar éirigh leo mar aon lena bpas inniúlachtaí, rud ina mbeidh aiseolas cáilíochtúil ón mbord roghnúcháin. Ní hionann duine a bheith ar an bpainéal agus aon cheart ar phost ná ráthaíocht a bheith aige go bhfaighidh sé post.

COMHDHEISEANNA AGUS SOCRUITHE SPEISIALTA

Déanann EPSO a dhícheall a chinntiú go bhfuil comhdheiseanna ag na hiarrthóirí uile, go gcaitear ar an dóigh chéanna leo agus go bhfuil an rochtain chéanna acu ar a chuid seirbhísí.

Má tá tú faoi mhíchumas nó má tá fadhb shláinte agat, agus go bhféadfadh sin difear a dhéanamh duit i dtaca leis na trialacha a dhéanamh, luaigh sin i d’iarratas agus abair cé na cineálacha socruithe speisialta atá de dhíth ort.

Tá tuilleadh eolais faoinár mbeartas comhdheiseanna agus faoin nós imeachta maidir le socruithe speisialta le fáil ar ár suíomh gréasáin (https://epso.europa.eu/how-to-apply/equal-opportunities_ga) agus sna Rialacha Ginearálta atá i gceangal leis an bhfógra seo (faoi phointe 1.3. Comhdheiseanna agus socruithe speisialta).

CATHAIN IARRATAS A DHÉANAMH AGUS CONAS É A DHÉANAMH

Chun iarratas a dhéanamh is é an chéad rud nach mór duit a dhéanamh cuntas EPSO a chruthú. Ní ceadmhach ach aon chuntas EPSO amháin a bheith agat agus ní mór an cuntas sin a úsáid do gach iarratas.

Is féidir iarratas a dhéanamh ar shuíomh gréasáin EPSO http://jobs.eu-careers.eu faoin sprioc-am seo:

9 Iúil 2019 ar 12 a chlog (meán lae), Am Lár na hEorpa (CET)


IARSCRÍBHINN I

DUALGAIS

1.   Dlí na hIomaíochta

Tá an Coimisiún Eorpach ag lorg oifigigh bheartais nó cás-láimhseálaithe a bhfuil eolas maith agus saineolas acu ar dhlí iomaíochta an Aontais (dlíthe in aghaidh trustaí, cumaisc agus/nó státchabhair) mar aon le taithí a bhfuil cruthúnas uirthi ar chur i bhfeidhm rialacha agus nósanna imeachta iomaíochta. Ba cheart ábaltacht chruthaithe a bheith ag na hiarrthóirí i dtaobh cásanna iomaíochta a anailísiú agus na gnéithe eacnamaíochta á gcur san áireamh go hiomchuí, measúnú dlí a dhéanamh faoi na rialacha agus na nósanna imeachta iomaíochta, agus dréachtaí dlíthiúla a chur i láthair.

Baineann na príomhchúraimí le hanailís a dhéanamh ar bheartais an Aontais Eorpaigh i leith na ndlíthe in aghaidh trustaí, i leith cumasc agus i leith státchabhrach, agus le dualgais riaracháin, chomhairleacha, agus mhaoirseachta a dhéanamh a bhaineann le cur i bhfeidhm dhlí iomaíochta an Aontais Eorpaigh.

Beidh dualgais na n-oifigeach beartas nó na gcás-láimhseálaithe ag brath ar cé acu i réimse na ndlíthe in aghaidh trustaí, i réimse na gcumasc, i réimse na státchabhrach nó sa tSeirbhís Dlí a bheidh siad ag obair. Ach d’fhéadfadh dualgais ar nós na ndualgas seo a bheith le déanamh:

measúnú a dhéanamh ar iompraíocht nó comhaontú ar leith a rinneadh idir roinnt comhlachtaí féachaint a dhéanamh amach an sárú é ar Airteagail 101 nó 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

measúnú a dhéanamh féachaint an dtiocfadh as cumasc ar tugadh fógra ina leith mórbhac ar iomaíocht éifeachtach de réir bhrí Airteagal 2(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 (“an Rialachán maidir le cumaisc”) agus an mbeadh ina thoradh ar ghealltanais na bpáirtithe deireadh a chur leis na cúiseanna imní a lean an cumasc;

measúnú a dhéanamh ar cheisteanna dlínse le linn saolré cáis, e.g. an cumasc le gné AE atá ag teacht faoi Rialachán an Aontais Eorpaigh maidir le cumaisc é idirbheart ar leith;

measúnú a dhéanamh ar cheisteanna nós imeachta, ceisteanna a bhaineann le rochtain a tabhairt ar chomhaid san áireamh;

measúnú a dhéanamh ar bheart ar leith féachaint a dhéanamh amach an státchabhair é de réir an tsainmhínithe atá in Airteagal 107(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

anailís a dhéanamh ar an measúnú comhoiriúnachta a rinneadh ar bheart státchabhrach, i gcomhréir leis na rialacha infheidhme;

imscrúduithe margaidh a dhéanamh, úsáid ceistneoirí imscrúdúcháin agus agallamh le rannpháirtithe sa mhargadh san áireamh;

meamraim inmheánacha, Cinntí ón gCoimisiún agus doiciméid nós imeachta de chineálacha eile (e.g. ráitis agóidí) a ullmhú agus a dhréachtú;

reachtaíocht, fógraí ón gCoimisiún agus doiciméid beartais eile a ullmhú agus a dhréachtú a bhaineann le beartais an Aontais Eorpaigh i leith na ndlíthe in aghaidh trustaí, i leith cumasc agus i leith státchabhrach;

cuidiú le Seirbhís Dlí an Choimisiúin Eorpaigh aighnis dlí a láimhseáil os comhair Chúirteanna an Aontais Eorpaigh nó ionadaíocht a dhéanamh dó i leith na hoibre sin.

2.   An Dlí Airgeadais

Tá an Coimisiún Eorpach ag lorg dlíodóirí a bhfuil eolas maith agus saineolas acu ar dhlí an airgeadais (go príomha rialáil bhaincéireachta, téarnamh agus réiteach banc, dlí na seirbhísí airgeadais (tomhaltóirí), an dlí is infheidhme maidir le hurrúis, bonneagar na margaí airgeadais, iarthrádáil agus margaí caipitil, gnólachtaí agus cistí infheistíochta, dlí an árachais agus na gcistí pinsean, dlí na dócmhainneachta, dlí an mhaoinithe chorparáidigh) mar aon le taithí a bhfuil cruthúnas uirthi ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta is ábhartha nó ar chomhairle a thabhairt fúithi.

Ba cheart ábaltacht chruthaithe a bheith ag na dlíodóirí i dtaobh tuairimí dlí, ionstraimí dlí agus doiciméid dlí a dhréachtú, cásanna a anailísiú, measúnuithe dlí a dhéanamh agus comhairle a thabhairt.

Ar phríomhdhualgais na ndlíodóirí tá reachtaíocht an Aontais a fhorbairt, a dhréachtú agus caibidlíocht a dhéanamh fúithi, monatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme/trasuí reachtaíochta isteach sa reachtaíocht náisiúnta, dualgais chomhairleachta, riaracháin agus chomhordúcháin a dhéanamh agus páirt a ghlacadh i bhfóraim idirnáisiúnta sna réimsí beartais is ábhartha. Is féidir go mbeidh dualgais éagsúla ar dhlíodóirí ag brath ar an réimse sa dlí airgeadais ina mbeidh siad ag obair agus is féidir go mbeidh ar na dualgais sin:

páirt a ghlacadh i sainiú beartas agus i réimsí sonracha de reachtaíocht an Aontais Eorpaigh maidir le seirbhísí airgeadais a fhorbairt agus an próiseas cinnteoireachta a éascú, go háirithe trí chomhairle dlí agus ionchur dlí a thabhairt;

reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a fhorbairt, go háirithe trí thograí reachtacha ón gCoimisiún a dhréachtú i réimsí éagsúla den dlí airgeadais agus trína chinntiú go mbeidh na gníomhartha dlí a bheidh beartaithe fónta comhleanúnach ó thaobh an dlí de, gníomhartha a dhréachtaíonn gníomhaireachtaí maoirseachta an Aontais a d’fhormhuinigh an Coimisiún Eorpach san áireamh;

a bheith rannpháirteach sa chaibidlíocht idirinstitiúideach chun reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a ghlacadh agus a bheith ag freastal ar chruinnithe sa Chomhairle agus i bParlaimint na hEorpa, tograí reachtacha a chur faoi bhráid rialálaithe náisiúnta, páirtithe leasmhara, grúpaí leasmhara agus institiúidí eile an Aontais;

taighde cuimsitheach dlí a dhéanamh ar dhlí an Aontais Eorpaigh, agus ar an dlí náisiúnta nó idirnáisiúnta, lena n-áirítear cásdlí, anailís mhionsonraithe a chur ar fáil ar chúrsaí atá sannta agus tuairimí dlí, ionstraimí dlí agus doiciméid maidir le cur i bhfeidhm agus léirmhíniú na rialacha agus na nósanna imeachta i réimse na seirbhísí airgeadais agus aon fhoráil eile dlí is infheidhme a ullmhú;

monatóireacht a dhéanamh féachaint an bhfuil dlí an Aontais Eorpaigh á chomhlíonadh ag an dlí náisiúnta (teagmhálacha a choinneáil leis na riaracháin náisiúnta, ceisteanna ó na saoránaigh, ó chuideachtaí agus ó údaráis phoiblí a fhreagairt, bainistiú a dhéanamh ar cheisteanna parlaiminte, ar achainí ar Pharlaimint na hEorpa, ar iarratais ar rochtain ar dhoiciméid, gearáin a láimhseáil agus céimeanna réamhdhlíthíochta sháruithe dhlí an Aontais Eorpaigh a bhainistiú);

dualgais a dhéanamh i gcomhthéacs chéimeanna an aighnis dlí, amhail cabhrú chun ráitis a tharraingt suas maidir le seasamh/tuairimí os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nó os comhair na Cúirte Ginearálta;

páirt a ghlacadh i gcaibidlíocht na gcomhaontuithe idirnáisiúnta nó páirt a ghlacadh in obair na gcomhlachtaí a leagann síos na caighdeáin idirnáisiúnta (mar shampla Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht, an Comhlachas Idirnáisiúnta Maoirseoirí Árachais, an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais, etc.), go háirithe chun deimhin a dhéanamh de chóineasú na gcreat rialála agus maoirseachta;

freastal ar chruinnithe ullmhúcháin agus caidreamh a dhéanamh le contrapháirtithe ábhartha laistigh d’údaráis mhaoirseachta an Chórais Eorpaigh Maoirseoirí Airgeadais, páirt a ghlacadh san obair a dtugtar fúithi i ngrúpaí oibre idirnáisiúnta ábhartha eile, a bheith rannpháirteach i seimineáir agus i gcomhdhálacha a eagraítear faoin reachtaíocht maidir le seirbhísí airgeadais;

a bheith ag comhoibriú le saineolaithe agus le contrapháirtithe in institiúidí an Aontais Eorpaigh (an Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Banc Ceannais Eorpach), leis na húdaráis náisiúnta agus le páirtithe leasmhara eile;

doiciméid eolais agus preaslínte a ullmhú, ionadaíocht a dhéanamh don Choimisiún i gcruinnithe leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara (infheisteoirí, tionsclaíocht, rialálaithe);

cuidiú le Seirbhís Dlí an Choimisiúin Eorpaigh aighnis dlí a láimhseáil os comhair Chúirteanna an Aontais Eorpaigh nó ionadaíocht a dhéanamh dó i leith na hoibre sin.

3.   Dlí an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta

Tá an Coimisiún Eorpach ag lorg dlíodóirí a bhfuil saineolas maith acu ar an gcreat dlí a bhaineann leis an aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta, is é sin dlíodóirí a bhfuil taithí a bhfuil cruthúnas uirthi acu freisin sa réimse sin.

Ba cheart ábaltacht chruthaithe a bheith ag na hiarrthóirí i dtaobh measúnú a dhéanamh ar shaincheisteanna dlí a eascraíonn as cur chun feidhme chaibidil an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta den Chonradh agus/nó reachtaíochta tánaistí a ghlactar ar a bhonn sin. Ba cheart dóibh a bheith in ann cuidiú le tograí dlí agus anailís a ullmhú sa réimse seo agus comhairle iomchuí a sholáthar dá réir don lucht bainistíochta.

Is féidir go mbeidh na cúraimí seo a leanas ar iarrthóirí a n-éireoidh leo:

measúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht Reachtaíochtaí an Bhainc Ceannais le ceanglais an Chonartha;

cuid dlí na tuarascála maidir le cóineasú a bunaíodh le hAirteagal 140 den Chonradh (CFAE) a ullmhú;

measúnú dlí a dhéanamh ar chomhoiriúnacht na reachtaíochta náisiúnta le creat an Aontais Eorpaigh le haghaidh aontachas leis an Aontas Eorpach;

rannchuidithe a bhainistiú i dtaca le nósanna imeachta maidir le sárú i réimse an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta;

páirt a ghlacadh i ndréachtú dlíthiúil agus i gcaibidlíocht reachtach/idir-rialtasach na reachtaíochta i réimse an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta;

cuidiú le Seirbhís Dlí an Choimisiúin Eorpaigh aighnis dlí a láimhseáil os comhair Chúirteanna an Aontais Eorpaigh nó ionadaíocht a dhéanamh dó i leith na hoibre sin.

4.   Na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh

Tá an Coimisiún Eorpach ag lorg oifigigh dlí a bhfuil eolas maith agus saineolas acu ar rialacha agus nósanna imeachta airgeadais is infheidhme maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh (go príomha an Rialachán Airgeadais, na rialacha earnála is infheidhme maidir le cistiú ón Aontas Eorpach faoi bhainistiú comhroinnte nó beartais inmheánacha nó maidir le caidreamh seachtrach, rialacha maidir le hionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha a mhaoinítear ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh, rialacha maidir leis an gcalaois a chomhrac amhail an córas luathbhraite agus eisiaimh) mar aon le taithí a bhfuil cruthúnas uirthi ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta ábhartha, nó comhairle a thabhairt fúithi.

Ba cheart ábaltacht chruthaithe a bheith ag na hoifigigh dlí i dtaobh tuairimí dlí, ionstraimí dlí agus doiciméid dlí a dhréachtú, cásanna a anailísiú, measúnuithe dlí a dhéanamh agus comhairle a thabhairt.

Ar phríomhdhualgais na n-oifigeach dlí tá reachtaíocht an Aontais a fhorbairt, a dhréachtú agus caibidlíocht a dhéanamh fúithi, monatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme/trasuí reachtaíochta isteach sa reachtaíocht náisiúnta, dualgais chomhairleachta, riaracháin agus chomhordúcháin a dhéanamh agus páirt a ghlacadh i bhfóraim idirnáisiúnta sna réimsí beartais is ábhartha. Is féidir go mbeidh dualgais éagsúla ar na hoifigigh dlí ar brath ar an réimse dlí ina mbeidh siad ag obair agus is féidir go mbeidh ar na dualgais sin:

páirt a ghlacadh i sainiú beartas agus i réimsí sonracha de rialacha agus nósanna imeachta an Aontais Eorpaigh is infheidhme maidir le buiséad an Aontais a fhorbairt agus an próiseas cinnteoireachta a éascú, go háirithe trí chomhairle dlí agus ionchur dlí a thabhairt;

reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a fhorbairt, go háirithe trí thograí reachtacha ón gCoimisiún a dhréachtú i réimsí éagsúla de na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh agus a chinntiú go mbeidh na gníomhartha dlí a bheidh beartaithe fónta comhleanúnach ó thaobh an dlí de, gníomhartha a dhréachtaíonn institiúidí, comhlachtaí, gníomhaireachtaí feidhmiúcháin nó comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha eile an Aontais Eorpaigh san áireamh;

comhairle a thabhairt i dtaca le rialacha agus nósanna imeachta airgeadais a bhaineann le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais agus go háirithe i dtaca le cláir caiteachais, trí bhíthin ionstraimí dlí éagsúla (soláthar poiblí, deontais, duaiseanna, bainistiú indíreach lena n-áirítear comhaontuithe tarmligin, Ionstraimí Airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha) agus i dtaca le cur chun feidhme rialacha maidir le calaois a chomhrac amhail an córas luathbhraite agus eisiaimh;

doiciméid chaighdeánacha dlí (go háirithe múnlaí de chonarthaí agus comhfhreagras dlíthiúil), agus treoracha (Vade-mecum, nótaí ciorclacha) a dhréachtú agus cúrsaí oiliúna a thabhairt;

a bheith rannpháirteach sa chaibidlíocht idirinstitiúideach chun reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a ghlacadh agus a bheith ag freastal ar chruinnithe sa Chomhairle agus i bParlaimint na hEorpa, tograí reachtacha a chur faoi bhráid páirtithe leasmhara, grúpaí leasmhara agus institiúidí eile an Aontais Eorpaigh;

taighde cuimsitheach dlí a dhéanamh ar dhlí an Aontais Eorpaigh, agus ar an dlí náisiúnta nó idirnáisiúnta, lena n-áirítear cásdlí, anailís mhionsonraithe a chur ar fáil ar chúrsaí atá sannta agus tuairimí dlí, ionstraimí dlí agus doiciméid maidir le cur i bhfeidhm agus léirmhíniú na rialacha agus na nósanna imeachta i réimse na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh agus aon fhoráil eile dlí is infheidhme a ullmhú;

monatóireacht a dhéanamh féachaint an bhfuil na rialacha agus nósanna imeachta is infheidhme maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh á gcomhlíonadh ag na rialacha náisiúnta agus idirnáisiúnta (teagmhálacha a choinneáil leis na riaracháin náisiúnta, ceisteanna ó na saoránaigh, ó chuideachtaí agus ó údaráis phoiblí a fhreagairt, bainistiú a dhéanamh ar cheisteanna parlaiminte, ar achainí ar Pharlaimint na hEorpa, ar iarratais ar rochtain ar dhoiciméid, gearáin a láimhseáil agus céimeanna réamhdhlíthíochta sháruithe dhlí an Aontais Eorpaigh a bhainistiú);

dualgais a dhéanamh i gcomhthéacs chéimeanna an aighnis dlí, amhail cabhrú chun ráitis a tharraingt suas maidir le seasamh/tuairimí os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nó os comhair na Cúirte Ginearálta;

páirt a ghlacadh i gcaibidlíocht comhaontuithe idirnáisiúnta, go háirithe chun cóineasú a chinntiú leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh;

freastal ar chruinnithe ullmhúcháin agus caidreamh a dhéanamh le contrapháirtithe ábhartha in institiúidí, comhlachtaí, gníomhaireachtaí feidhmiúcháin nó comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha an Aontais Eorpaigh nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta, a bheith rannpháirteach i seimineáir agus i gcomhdhálacha a eagraítear maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh;

comhoibriú le saineolaithe agus contrapháirtithe in institiúidí, comhlachtaí, gníomhaireachtaí feidhmiúcháin nó comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha an Aontais Eorpaigh, le heagraíochtaí idirnáisiúnta, le húdaráis náisiúnta agus le páirtithe leasmhara;

doiciméid eolais agus preaslínte a ullmhú, ionadaíocht a dhéanamh don Choimisiún i gcruinnithe leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara;

cuidiú le Seirbhís Dlí an Choimisiúin Eorpaigh aighnis dlí a láimhseáil os comhair Chúirteanna an Aontais Eorpaigh nó ionadaíocht a dhéanamh dó i leith na hoibre sin.

1.   An chosaint ar ghóchumadh monaí euro

Tá an Coimisiún Eorpach ag lorg anailísithe a bhfuil eolas maith agus saineolas acu ar chosaint ar ghóchumadh monaí euro. Ba cheart ábaltacht chruthaithe a bheith ag na hiarrthóirí i dtaobh anailís theicniúil agus aicmiú a dhéanamh ar mhonaí euro a bhfuil amhras ann go bhfuil siad gochumtha. Beidh taithí forfheidhmithe dlí ar ghóchumadh monaí euro a chomhrac ina buntáiste.

Is féidir go mbeidh na cúraimí seo a leanas ar iarrthóirí a n-éireoidh leo:

anailís theicniúil a dhéanamh ar mhonaí euro a bhfuil amhras ann go bhfuil siad gochumtha agus gach cineál nua mona euro ghóchumtha a aicmiú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001 ón gComhairle;

faisnéis a ullmhú a bhaineann le monaí euro gochumtha agus a bheidh le húsáid ag lucht forfheidhmithe dlí speisialaithe;

cuidiú le hIonaid Náisiúnta Anailísithe Bonn agus iad a chomhordú i leith anailís monaí euro agus daingniú chosaint an euro ar chalaois agus ar ghóchumadh;

páirt a ghlacadh i gcur chun feidhme bheartas an Choimisiúin maidir le cosaint an euro ar ghóchumadh, go háirithe trí bhearta oiliúna a eagrú agus a chur chun feidhme faoi chuimsiú an chláir “Pericles 2020” de bhun Rialachán (AE) Uimh. 331/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1210/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 2182/2004 ón gComhairle a éascú;

na hacmhainní ábhartha sa Mhionta Francach in Pessac a chomhordú i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2017/1507 ón gCoimisiún;

a bheith ag obair i gcomhar le hinstitiúidí an Aontais, le húdaráis náisiúnta agus le páirtithe leasmhara eile chun beartas éifeachtach a fhorbairt i leith chosaint an euro ar ghóchumadh;

cruinnithe tráthrialta den Ghrúpa Saineolaithe um Monaí Góchumtha (GSMG) agus a fhoghrúpa a eagrú agus páirt a ghlacadh iontu;

tuarascálacha staitistiúla agus teicniúla, nótaí inmheánacha, doiciméid eolais agus doiciméid ábhartha eile faoi mhonaí euro a ullmhú agus a dhréachtú;

ionadaíocht a dhéanamh don Choimisiún agus don Lárionad Eorpach Teicniúil agus Eolaíoch i gcoistí, meithle agus cruinnithe le hinstitiúidí eile agus leis an earnáil phríobháideach;

cuir i láthair a dhéanamh ag comhdhálacha idirnáisiúnta agus ag cruinnithe.

Deireadh IARSCRÍBHINN I. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.


IARSCRÍBHINN II

CRITÉIR ROGHNÚCHÁIN

Déanfaidh an bord roghnúchán na critéir seo a leanas a chur san áireamh agus an roghnú ar bhonn cáilíochtaí á dhéanamh:

1.   Dlí na hIomaíochta

1.

Taithí oibre ar chur i bhfeidhm rialacha agus nósanna imeachta dhlí iomaíochta an Aontais Eorpaigh nó na mBallstát a fuarthas i ngnólacht dlí.

2.

Taithí oibre ar chur i bhfeidhm rialacha agus nósanna imeachta dhlí iomaíochta an Aontais Eorpaigh nó na mBallstát a fuarthas in údarás iomaíochta náisiúnta nó idirnáisiúnta.

3.

Taithí oibre ar chur i bhfeidhm rialacha agus nósanna imeachta dhlí iomaíochta an Aontais Eorpaigh nó na mBallstát a fuarthas i gceann amháin nó níos mó de na comhlachtaí seo a leanas:

i ngnólacht i gcáil dlíodóir inmheánach,

i gcúirt náisiúnta nó idirnáisiúnta.

4.

Taithí oibre ar chur i bhfeidhm rialacha agus nósanna imeachta dhlí iomaíochta an Aontais Eorpaigh nó na mBallstát ar cheann de na réimsí sonracha seo a leanas:

cumaisc

dlíthe in aghaidh trustaí

státchabhair

cairtéil

5.

Taithí oibre i ngnólacht dlí, i ngnólacht i gcáil dlíodóir inmheánach, i gcomhlacht náisiúnta/idirnáisiúnta nó i gcúirt náisiúnta/idirnáisiúnta ar cheann de na réimsí seo a leanas:

an dlí trádála

dlí na gconarthaí

dlí na maoine intleachtúla

dlí na margaí caipitil

dlí an fhuinnimh

dlí na gcumasc agus na n-éadálacha

an dlí cánachais

soláthar poiblí

6.

Taithí oibre ar dhlí na hiomaíochta i gcuideachta comhairliúchán straitéise agus/nó i gcuideachta comhairliúcháin eacnamaíoch.

7.

Céim Mháistreachta agus/nó céim Dhochtúireachta lena mbaineann speisialtóireacht i ndlí na hiomaíochta.

8.

Taithí i réimse dhlí na hiomaíochta (dlí in aghaidh trustaí: comhaontuithe sriantacha, ceannas, cairtéil; cumaisc agus/nó státchabhair) ar cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

cúrsa iomlán a theagasc (a bhfuil scrúdú deiridh mar chuid de) in institiúid acadúil ar feadh seimeastar amháin ar a laghad

foilseacháin in irisí léinn piarmheasúnaithe

rannpháirteachas i gcomhdhálacha nó i gceardlanna mar chainteoir

2.   An Dlí Airgeadais

1.

Taithí oibre ar an dlí airgeadais, a bhfuil cur síos air i ndualgais an phoist, a fuarthas i gceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

a.

gnólacht dlí;

b.

cuideachta nó eagraíocht gnó;

c.

riarachán náisiúnta poiblí;

d.

údarás maoirseachta;

e.

cúirt náisiúnta/idirnáisiúnta nó eagraíocht nó comhlacht.

2.

Taithí oibre ar ghníomhartha dlí, nó doiciméad, cinntí agus tuairimí a dhréachtú ar chúrsaí atá ábhartha maidir leis an dlí airgeadais.

3.

Taithí oibre ar ghnéithe den dlí príobháideach a bhaineann le hairgeadas (i.e. dlí na gconarthaí/trustaí, an dlí maidir le cothromas príobháideach, maoiniú fiachais a struchtúrú, an dlí infheistíochta).

4.

Taithí oibre a bhaineann leis an dlí airgeadais i gcomhthéacs idirnáisiúnta.

5.

Céim Mháistreachta agus/nó céim Dhochtúireachta lena mbaineann speisialtóireacht i réimsí den dlí airgeadais agus/nó de dhlí an Aontais Eorpaigh.

6.

Taithí oibre a bhaineann leis an dlí airgeadais (go príomha i rialáil bhaincéireachta, téarnamh agus réiteach banc, dlí na seirbhísí airgeadais (tomhaltóirí), an dlí is infheidhme maidir le hurrúis, bonneagar na margaí airgeadais, iarthrádáil agus margaí caipitil, gnólachtaí agus cistí infheistíochta, dlí an árachais agus na gcistí pinsean, dlí na dócmhainneachta, dlí an mhaoinithe chorparáidigh) ar cheann amháin nó ar an dá ghníomhaíocht seo a leanas:

taighde acadúil a dhéanamh

cúrsa iomlán a theagasc (a bhfuil scrúdú deiridh mar chuid de) in institiúid acadúil ar feadh seimeastar amháin ar a laghad

7.

Taithí oibre a bhaineann leis an dlí airgeadais (go príomha i rialáil bhaincéireachta, téarnamh agus réiteach banc, dlí na seirbhísí airgeadais (tomhaltóirí), an dlí is infheidhme maidir le hurrúis, bonneagar na margaí airgeadais, iarthrádáil agus margaí caipitil, gnólachtaí agus cistí infheistíochta, dlí an árachais agus na gcistí pinsean, dlí na dócmhainneachta, dlí an mhaoinithe chorparáidigh) ar cheann amháin nó ar an dá ghníomhaíocht seo a leanas:

foilseacháin in irisí léinn piarmheasúnaithe

rannpháirteachas i gcomhdhálacha nó i gceardlanna mar chainteoir

8.

Taithí oibre ar chaibidlíocht idirnáisiúnta gníomhartha dlí agus/nó doiciméad eile (amhail moltaí, treoracha) a eisíonn eagraíochtaí idirnáisiúnta agus comhlachtaí.

3.   Dlí an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta

1.

Taithí oibre ar shaincheisteanna an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (go príomha anailís dlí, cinntí na Comhairle Rialaithe a ullmhú, agus comhairle dlí a chur ar an nGobharnóir) laistigh de Bhanc Ceannais de chuid an Aontais Eorpaigh.

2.

Taithí oibre ar saincheisteanna an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (go príomha anailís dlí, téacsanna dlí a bhaineann le is an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a ullmhú nó a chaibidliú, seasamh dlí na hinstitiúide nó an chomhlachta de chuid an Aontais Eorpaigh a ullmhú maidir le saincheisteanna dlí a bhaineann leis an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta) laistigh d’institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh.

3.

Taithí oibre ar shaincheisteanna an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (go príomha in anailís dlí, rannpháirtíocht dhíreach i gcaibidlíocht théacsanna dlí de chuid an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, seasaimh náisiúnta maidir le cúrsaí dlí an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a ullmhú) laistigh d’Aireacht Airgeadais an Aontais Eorpaigh.

4.

Taithí oibre ar dhlí an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a fuarthas i gceann amháin nó sa dá cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

cúrsa iomlán a theagasc (a bhfuil scrúdú deiridh mar chuid de) in institiúid acadúil ar feadh seimeastar amháin ar a laghad

foilseacháin in irisí léinn piarmheasúnaithe

5.

Céim Mháistreachta nó céim Dhochtúireachta lena mbaineann speisialtóireacht i ndlí an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta.

6.

Taithí oibre ar dhlí an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a fuarthas i gcomhthéacs idirnáisiúnta.

7.

Taithí oibre ar shainorduithe a bhaineann leis an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a fuarthas i ngnólacht dlí.

4.   Na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh

Tabhair do d’aire maidir le tagairtí don Rialachán Airgeadais faoi chritéir 1, 2 agus 7, go dtagraítear leo do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

1.

Taithí oibre ar na rialacha agus na nósanna imeachta airgeadais is infheidhme maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh, go príomha: a) an Rialachán Airgeadais; b) na rialacha agus nósanna imeachta airgeadais sonracha le haghaidh chomhlachtaí, ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin nó chomhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha an Aontais; c) na rialacha agus nósanna imeachta airgeadais earnála is infheidhme maidir le cistiú ón Aontas Eorpach faoi bhainistiú comhroinnte; d) na rialacha agus nósanna imeachta airgeadais is infheidhme maidir le cistiú ón Aontas Eorpach le haghaidh beartais inmheánacha nó caidreamh seachtrach; e) na rialacha maidir le deontais nó soláthar poiblí; f) na rialacha maidir le hionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha a mhaoinítear ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh; g) na rialacha maidir le calaois a chomhrac (mar shampla, an Córas Luathbhraite agus Eisiaimh), a fuarthas i gceann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí seo a leanas de chuid an Aontais Eorpaigh:

a.

institiúidí;

b.

comhlachtaí, gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

c.

comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha.

2.

Taithí oibre ar na rialacha agus na nósanna imeachta airgeadais is infheidhme maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh, go príomha i dtaca leis na réimsí seo a leanas: a) an Rialachán Airgeadais; b) na rialacha airgeadais sonracha le haghaidh chomhlachtaí, ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin nó chomhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha an Aontais; c) na rialacha earnála is infheidhme maidir le cistiú ón Aontas Eorpach faoi bhainistiú comhroinnte, maidir le beartais inmheánacha nó maidir le caidreamh seachtrach; d) na rialacha maidir le deontais nó soláthar poiblí; e) na rialacha maidir le hionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha a mhaoinítear ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh; f) na rialacha maidir le calaois a chomhrac (mar shampla, an Córas Luathbhraite agus Eisiaimh), a fuarthas i gceann amháin nó níos mó de na comhlachtaí seo a leanas:

a.

riarachán náisiúnta poiblí;

b.

cuideachta nó eagraíocht gnó;

c.

cúirt náisiúnta/idirnáisiúnta nó eagraíocht nó comhlacht.

3.

Taithí oibre ar ghníomhartha dlí, cinntí, tuairimí agus ar dhoiciméid eile a dhréachtú maidir le cúrsaí atá ábhartha i dtaca leis na rialacha agus na nósanna imeachta airgeadais is infheidhme maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh.

4.

Taithí oibre ar ghnéithe den dlí príobháideach a bhaineann leis na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh (go príomha soláthar, comhaontuithe deontais, ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha, dlí na gconarthaí/trustaí, gnéithe den dlí maidir le cothromas príobháideach, maoiniú fiachais a struchtúrú).

5.

Taithí oibre ar chaibidlíochtaí gníomhartha dlí agus/nó doiciméad eile (amhail moltaí, treoracha) arna n-eisiúint ag eagraíochtaí agus comhlachtaí idirnáisiúnta nó institiúidí airgeadais.

6.

Céim Mháistreachta agus/nó céim Dhochtúireachta lena mbaineann speisialtóireacht i ndlí an Aontais Eorpaigh agus/nó sa dlí trádála.

7.

Taithí oibre ar na rialacha agus na nósanna imeachta airgeadais is infheidhme maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh, go príomha i dtaca leis na réimsí seo a leanas: a) an Rialachán Airgeadais; b) na rialacha airgeadais sonracha le haghaidh chomhlachtaí, ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin nó chomhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha an Aontais; c) na rialacha earnála is infheidhme maidir le cistiú ón Aontas Eorpach faoi bhainistiú comhroinnte, maidir le beartais inmheánacha nó maidir le caidreamh seachtrach; d) na rialacha maidir le deontais nó soláthar poiblí; e) na rialacha maidir le hionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha a mhaoinítear ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh; f) na rialacha maidir le calaois a chomhrac (mar shampla, an Córas Luathbhraite agus Eisiaimh), a fuarthas i gceann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí seo a leanas:

a.

taighde acadúil;

b.

cúrsa iomlán a theagasc (a bhfuil scrúdú deiridh mar chuid de) in institiúid acadúil ar feadh seimeastar amháin ar a laghad;

c.

foilseacháin in irisí léinn piarmheasúnaithe;

d.

rannpháirteachas i gcomhdhálacha nó i gceardlanna mar chainteoir.

5.   An chosaint ar ghóchumadh monaí euro

1.

Taithí oibre ar rialacha agus nósanna imeachta an dlí náisiúnta agus/nó dhlí an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir le cosaint an euro in aghaidh góchumadh. Ní chuirfear an taithí oibre sin san áireamh mura bhfuarthas í i gceann amháin nó níos mó de na comhlachtaí seo a leanas:

a.

údarás náisiúnta inniúil dá dtagraítear in Airteagal 2(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1338/2001 ón gComhairle;

b.

institiúid, comhlacht nó gníomhaireacht de chuid an Aontais.

2.

Taithí oibre ar anailís theicniúil ar mhonaí euro góchumtha.

3.

Taithí oibre ar mhonaí euro góchumtha a aicmiú.

4.

Taithí forfheidhmithe dlí ar ghóchumadh euro a chomhrac.

5.

Taithí oibre ar uirlisí sonracha TF a úsáid chun anailís a dhéanamh ar mhonaí euro góchumtha agus chun iad a aicmiú, go príomha an Córas Monatóireachta ar Ghóchumadh.

6.

Taithí oibre ar chur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1210/2010 (“maidir le monaí euro a fhíordheimhniú agus le monaí euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta a láimhseáil”) agus/nó Rialachán (CE) Uimh. 2182/2004 ón gComhairle (“maidir le boinn agus dearbháin atá cosúil le boinn euro”).

7.

Taithí oibre ar thuarascálacha staitistiúla agus teicniúla a dhréachtú.

8.

Taithí oibre ar chomhar idirnáisiúnta laistigh den Aontas Eorpach nó le tríú tíortha sa réimse maidir leis an euro a chosaint ar ghóchumadh.

9.

Taithí oibre ar chruinnithe comhdhálacha, seisiúin oiliúna nó ceardlanna idirnáisiúnta nó de chuid an Aontais Eorpaigh a ullmhú agus a eagrú, nó a bheith rannpháirteach mar chainteoir.

10.

Rannpháirteachas i seisiúin oiliúna maidir le hairgeadra góchumtha a bhrath, a aicmiú nó anailís a dhéanamh air.

Deireadh IARSCRÍBHINN II. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.


IARSCRÍBHINN III

NA RIALACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE COMÓRTAIS OSCAILTE

FAISNÉIS GHINEARÁLTA

Gach áit a ndéantar tagairt do dhaoine d’inscne ar leith i bpróiseas roghnúcháin de chuid EPSO, glactar leis gur ag tagairt do dhaoine d’aon inscne eile atáthar freisin.

Maidir leis an áit dheireanach le dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, rachaidh siad ar fad ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas. Aon iarrthóir a ligfear isteach sa chomórtas arís mar thoradh ar achomharc ar éirigh leis, tabharfar cuireadh chun na chéad chéime eile den phróiseas dó.

Maidir leis an áit dheireanach ar an bpainéal, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, cuirfear iad go léir ar an bpainéal. Aon iarrthóir a ligfear isteach sa chomórtas arís mar thoradh ar achomharc ar éirigh leis ag an gcéim seo den chomórtas, cuirfear ar an bpainéal é.

1.   NA DAOINE AR FÉIDIR LEO IARRATAS A DHÉANAMH

1.1.   Coinníollacha ginearálta agus coinníollacha sonracha

Tá coinníollacha ginearálta agus coinníollacha sonracha gach réimse nó próifíle (eolas ar theangacha san áireamh), tá siad luaite sa roinn “Na coinníollacha incháilitheachta”.

Maidir le cáilíochtaí, taithí oibre agus eolas ar theangacha, bíonn na coinníollacha sonracha ina leith éagsúil ó phróifíl go chéile. San iarratas, ba cheart duit a oiread eolais is féidir a thabhairt, a bhaineann le dualgais an phoist , i dtaobh do cháilíochtaí agus do thaithí oibre (nuair a iarrtar sin) de réir an méid atá ráite sa roinn “Na coinníollacha incháilitheachta”thuas.

(a)

Dioplómaí agus/nó teastais: Caithfidh gach dioplóma, is cuma cé acu i mBallstát den Aontas nó i dtír nach Ballstát den Aontas í a eisíodh, a bheith aitheanta ag comhlacht oifigiúil de chuid Ballstáit, e.g. roinn oideachais. Cuirfidh an bord roghnúcháin san áireamh na difir idir córais oideachais.

Maidir le hoideachas iar-mheánscoile agus oiliúint ghairmiúil, oiliúint theicniúil agus sainoiliúint, luaigh na hábhair a ndearnadh staidéar orthu, fad an chúrsa agus cé acu cúrsa lánaimseartha, cúrsa páirtaimseartha nó rang oíche a bhí ann.

(b)

Maidir le taithí oibre (má iarrtar sin), ní chuirfear san áireamh í ach amháin sa chás go mbaineann sí le dualgais an phoist agus más rud é:

gur fíorobair éifeachtach a bhí inti;

gur obair ar íocaíocht a bhí inti;

go raibh caidreamh íochtaránachta nó soláthar seirbhíse i gceist léi; agus

faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

obair dheonach: más obair ar íocaíocht a bhí inti agus go raibh na huaireanta oibre sa tseachtain agus an fad a mhair an phost ar nós uaireanta oibre agus fad gnáthphoist;

tréimhsí oiliúna: más tréimhsí oiliúna ar íocaíocht a bhí iontu;

seirbhís mhíleata éigeantach: is cuma cé acu sular baineadh an dioplóma amach nó ina dhiaidh a rinneadh an tseirbhís mhíleata, agus ní chuirfear san áireamh tréimhse seirbhíse níos faide ná an tréimhse atá leagtha síos i ndlí an Bhallstáit i gceist;

saoire mháithreachais/atharthachta/altramais: má bhí an tsaoire leagtha síos sa chonradh fostaíochta;

dochtúireacht: 3 bliana ar a mhéad a chuirfear san áireamh, ar choinníoll gur baineadh amach an dochtúireacht, agus is cuma cé acu obair ar íocaíocht nó obair gan íocaíocht a bhí sa dochtúireacht; agus

obair pháirtaimseartha: is ar bhonn pro rata a ríomhfar obair pháirtaimseartha, ar bhonn an lín uaireanta an chloig a oibríodh, e.g. mheasfaí gur 3 mhí oibre ab ea obair leathama a mhair 6 mhí.

1.2.   Doiciméid tacaíochta

Ag céimeanna éagsúla den phróiseas roghnúcháin, iarrfar ort doiciméad oifigiúil a sholáthar a chruthaíonn do náisiúntacht (e.g. pas, cárta aitheantais), agus ní mór an doiciméad sin a bheith bailí an dáta deiridh le hiarratais a dhéanamh (i gcás iarratas ina bhfuil dhá chuid, is é dáta deiridh na chéad choda den iarratas an dáta sin).

Ní mór bunchóipeanna nó cóipeanna deimhnithe de na nithe seo a leanas a chur ar fáil i leith gach tréimhse oibre:

doiciméid ó iarfhostóir(í) agus ó fhostóir(í) reatha ina bhfuil cineál agus leibhéal na ndualgas a rinneadh luaite, dáta tosaigh agus dáta deiridh na tréimhse, agus suaitheantas agus stampa oifigiúil an chomhlachta ar an bpáipéar mar aon le hainm agus síniú an duine a bhí i gceannas; nó

conradh/conarthaí fostaíochta agus an chéad duillín pá agus an duillín pá deiridh, maille le cur síos mionsonraithe ar na dualgais a rinneadh;

(i gcás taithí oibre gan tuarastal, e.g. féinfhostaíocht nó fostaíocht sna gairmeacha liobrálacha) sonraisc nó foirmeacha ordaithe agus na dualgais a rinneadh sonraithe iontu, nó aon doiciméad tacaíochta oifigiúil eile a bhaineann le hábhar;

(i gcás comórtais d’ateangairí comhdhála ina n-iarrtar taithí oibre), doiciméid a léiríonn an líon laethanta a oibríodh agus na teangacha a ndearnadh ateangaireacht astu agus go dtí iad, agus a bhain go sonrach le hateangaireacht chomhdhála.

Is gnách nach dteastaíonn aon doiciméid tacaíochta chun d’eolas ar theangacha a chruthú, ach amháin i gcás comórtas do theangeolaithe agus sainphróifílí áirithe.

Féadfar iarraidh ort, ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin, breis eolais nó breis doiciméad a chur ar fáil. Cuirfidh EPSO in iúl duit cé na doiciméid tacaíochta nach mór duit a chur ar fáil agus cathain nach mór iad a chur ar fáil.

1.3.   Comhdheiseanna agus socruithe speisialta

Má tá tú faoi mhíchumas nó má tá fadhb shláinte agat, agus go bhféadfadh sin bac a chur ort na trialacha a dhéanamh, luaigh sin i d’iarratas agus abair cé na cineálacha socruithe speisialta atá de dhíth ort. Má thagann míchumas nó fadhb shláinte ort i ndiaidh duit an t-iarratas a bhailíochtú, ní mór duit EPSO a chur ar an eolas a luaithe is féidir é ar an dóigh thíosluaite.

Tabhair do d’aire nach mór duit, chun go gcuirfear d’iarratas san áireamh, teastas ó chomhlacht stáit de chuid do Bhallstáit nó teastas dochtúra a thabhairt do EPSO. Scrúdófar do chuid doiciméad tacaíochta sa chaoi is go bhféadfar freastal réasúnta a dhéanamh ort más gá.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh le foireann inrochtana EPSO:

trí ríomhphost (EPSO-accessibility@ec.europa.eu);

facs (+ 32 22998081); nó

tríd an bpost:

An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

EPSO accessibility

Avenue de Cortenbergh/Kortenberglaan 25

1049 Bruxelles/Brussels

BELGIQUE/BELGIË

2.   CÉ A DHÉANFAIDH MEASÚNÚ ORM?

Ceaptar bord roghnúcháin chun iarrthóirí a chur i gcomparáid le chéile agus na hiarrthóirí is fearr díobh a roghnú ar bhonn inniúlachtaí, buanna agus cáilíochtaí, i bhfianaise na riachtanas atá leagtha amach san fhógra comórtais. Is é an bord roghnúcháin sin a chinneann leibhéal deacrachta thrialacha an chomórtais agus a fhaomhann a bhfuil iontu i bhfianaise moltaí ó EPSO.

Chun neamhspleáchas an bhoird roghnúcháin a chinntiú, tá diantoirmeasc ar iarrthóirí agus ar aon duine nach ball den bhord é iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil le haon cheann de bhaill an bhoird, ach amháin le linn trialacha ós rud é gur cuid díobh plé díreach a bheith ag iarrthóirí agus ag an mbord le chéile.

Iarrthóirí ar mian leo a gcás a mhíniú nó a gcearta a éileamh, is i scríbhinn is éigean dóibh sin a dhéanamh, agus aon chomhfhreagras atá acu do bhall ar leith de bhord roghnúcháin, is chuig EPSO is éigean dóibh é a chur. Cuirfidh EPSO an comhfhreagras ar aghaidh chuig an mbord. Tá toirmeasc ar na hiarrthóirí aon chumarsáid dhíreach nó indíreach nach gcomhlíonann na nósanna imeachta sin a dhéanamh, agus is féidir go ndícháileofar ón gcomórtas iad dá bharr

Meastar gur coinbhleacht leasa é cóngas gaoil nó nasc ordlathach a bheith idir iarrthóir agus ball de bhord roghnúcháin, go háirithe. Iarrtar ar bhaill bord roghnúcháin aon chóngas dá leithéid a chur in iúl do EPSO a luaithe a fhaigheann siad a fhios sin. Measfaidh EPSO gach cás ar bhonn leithligh agus déanfaidh sé aon bheart is iomchuí. Mura ndéantar sin is féidir go mbeidh mar thoradh air go gcuirfear bearta araíonachta i bhfeidhm ar an mball den bhord roghnúcháin agus go ndícháileofar an t-iarrthóir ón gcomórtas (féach roinn 4.4).

Foilsítear ainmneacha baill an bhoird roghnúcháin ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu) roimh thosach an Ionaid Measúnaithe/roimh thosach chéim an mheasúnaithe.

3.   CUMARSÁID

3.1.   Cumarsáid a dhéanamh le EPSO

Ba cheart duit breathnú i do chuntas EPSO dhá uair sa tseachtain ar a laghad chun go mbeidh tú ar an eolas faoi dhul chun cinn atá déanta agat sa chomórtas. Mura féidir leat sin a dhéanamh de dheasca fadhb theicniúil ar thaobh EPSO, ní mór duit EPSO a chur ar an eolas faoi sin láithreach agus tríd suíomh greasáin EPSO amháin (https://epso.europa.eu/help_ga).

Forchoimeádann EPSO an ceart gan eolas a thabhairt atá tugtha go soiléir san fhógra comórtais seo, in iarscríbhinní an fhógra comórtais seo, nó ar shuíomh gréasáin EPSO, an roinn “ceisteanna coitianta”san áireamh.

I ngach comhfhreagras a bhaineann le hiarratas, iarrtar ort d’ainm a lua (an t-ainm a thug tú i do chuntas EPSO), mar aon le d’uimhir iarratais agus uimhir thagartha an phróisis roghnúcháin.

Cuireann EPSO i bhfeidhm prionsabail an Chóid um Dhea-iompraíocht Riaracháin, arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh https://ec.europa.eu/info/about-european-union/principles-and-values/ethics-and-integrity/code-conduct-eu-staff_ga. Dá réir sin, forchoimeádann EPSO an ceart deireadh a chur le haon chomhfhreagras atá míchuí (i.e. comhfhreagras atá liodánach, tarcaisneach, agus/nó nach mbaineann le hábhar).

3.2.   Rochtain ar fhaisnéis

Tá cearta sonracha ag iarrthóirí sonraí áirithe a bhaineann leo go pearsanta a rochtain, cearta atá acu de bharr na hoibleagáide cúiseanna a thabhairt, ionas go bhféadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh cinntí diúltúcháin.

Ach i dteannta na hoibleagáide sin cúiseanna a thabhairt, tá rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin le cur san áireamh, rúndacht a chinntíonn neamhspleáchas an bhoird agus oibiachtúlacht an roghnaithe. Ar chúiseanna rúndachta, ní féidir an meon atá ag baill aonair de bhord roghnúcháin i leith measúnuithe ar iarrthóirí aonair ná i leith measúnuithe comparáideacha, ní féidir sin a nochtadh.

Na cearta rochtana sin, is cearta iad a bhaineann go sonrach le hiarrthóirí i gcomórtas oscailte, agus is féidir nach mbeidh aon chearta ag iarrthóirí sa bhreis ar na cearta a luaitear sa roinn seo faoin reachtaíocht atá ann maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid.

3.2.1.   Faisnéis a nochtar go huathoibríoch

Gheobhaidh tú go huathoibríoch an t-eolas seo a leanas ar fad i do chuntas EPSO i ndiaidh gach céim den phróiseas roghnúcháin:

na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire: do thorthaí agus tábla a bhfuil na freagraí a thug tú ann mar aon le huimhir nó tagairt na bhfreagraí cearta. Ní féidir, ar chúinse ar bith, rochtain a fháil ar théacs ná ar fhreagraí na gceisteanna;

incháilitheacht: deirtear cé acu ar tugadh cead duit páirt a ghlacadh sa chomórtas nó nár tugadh; murar tugadh an cead sin duit, deirtear cé na coinníollacha incháilitheachta nár comhlíonadh;

Talent Screener (an scagthóir buanna): do thorthaí agus tábla ina bhfuil ualú gach ceiste, na pointí a tugadh do na freagraí a thug tú agus do scór iomlán;

na réamhthrialacha: do thorthaí;

na trialacha idirmheánacha: do thorthaí, mura bhfuil tú ar na hiarrthóirí ar tugadh cuireadh chun na chéad chéime eile dóibh;

an t-ionad measúnaithe/céim an mheasúnaithe: mura bhfuil tú dícháilithe, do phas inniúlachtaí ina léireofar na marcanna foriomlána a ghnóthaigh tú i ngach inniúlacht agus ráiteas an bhoird roghnúcháin ina mbeidh aiseolas cainníochtúil agus cáilíochtúil ar a fheabhas a chruthaigh tú san ionad measúnaithe/i gcéim an mheasúnaithe.

Is é is gnáiche nach nochtann EPSO d’iarrthóirí aon cheann de na téacsanna a úsáideadh sna trialacha ná i gcleachtaí na dtrialacha arae bíonn sé beartaithe iad sin a úsáid arís i gcomórtais eile. I gcás téacsanna áirithe, ámh, is féidir go ndéanfaidh EPSO, ar bhonn eisceachtúil, na téacsanna sin a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin, ar chuntar:

go bhfuil na trialacha thart;

go bhfuil na torthaí socraithe agus gur cuireadh in iúl do na hiarrthóirí iad; agus

nach bhfuil sé beartaithe iad a úsáid arís i gcomórtas eile.

3.2.2.   Faisnéis a iarraidh

Is ceadmhach duit cóip neamhcheartaithe de do chuid freagraí sna trialacha scríofa a iarraidh, ar chuntar gur ceisteanna iad nach bhfuil sé beartaithe a úsáid arís i gcomórtas eile. Ní dhéanfar, ar chúinse ar bith, freagraí cás-staidéar a chur ar fáil.

Tá scripteanna ceartaithe agus na sonraí marcála, go háirithe, faoi chumhdach rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin agus ní nochtfar iad.

Féachann EPSO leis an oiread faisnéise is féidir a chur ar fáil d’iarrthóirí, i gcomhréir leis an oibleagáid atá air cúiseanna a thabhairt, le rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin agus leis na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta. Is i bhfianaise na dtosca sin a mheasfar gach iarraidh ar faisnéis.

Is tríd an roinn “teagmháil a dhéanamh linn”ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu) ba cheart gach iarraidh ar fhaisnéis a dhéanamh, laistigh de dheich lá tar éis fhoilsiú do thorthaí i do chuntas EPSO.

4.   GEARÁIN AGUS DEACRACHTAÍ

4.1.   Saincheisteanna teicniúla agus eagraíochtúla

Má thagann mórdheacracht theicniúil nó eagraíochtúil romhat ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin, iarrtar ort EPSO a chur ar an eolas ina thaobh sa chaoi go bhféadfar an cás a bhreathnú agus beart a dhéanamh chun é a leigheas. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn trí shuíomh gréasáin EPSO (https://epso.europa.eu/help_ga).

Iarrtar ort d’ainm (an t-ainm a thug tú i do chuntas EPSO) a lua i ngach comhfhreagras, mar aon le d’uimhir iarratais agus uimhir thagartha an phróisis roghnúcháin.

I gcás fadhb a tharla san ionad trialacha iarrtar ort:

na feitheoirí a chur ar an eolas láithreach sa chaoi gur féidir réiteach a aimsiú san ionad féin. I gcás ar bith, iarraidh ar na feitheoirí an gearán atá agat a chur i scríbhinn; agus

teagmháil a dhéanamh le EPSO tráth nach déanaí ná 3 lá féilire i ndiaidh na trialach trí shuíomh gréasáin EPSO (https://epso.europa.eu/help_ga) agus cur síos gairid a thabhairt dóibh ar an bhfadhb.

I gcás fadhb a tharla lasmuigh den ionad trialacha (e.g. fadhb a bhaineann le hiarratas nó coinne a dhéanamh), lean na treoracha i do chuntas EPSO agus ar shuíomh gréasáin EPSO nó déan teagmháil le EPSO láithreach trí shuíomh gréasáin EPSO (https://epso.europa.eu/help_ga).

I gcás fadhbanna a bhaineann le d’iarratas, ní mór duit teagmháil a dhéanamh le EPSO láithreach agus go cinnte roimh an sprioc-am le hiarratas a dhéanamh, trí shuíomh gréasáin EPSO (https://epso.europa.eu/help_ga). Má chuirtear ceist isteach níos lú ná 5 lá oibre roimh an sprioc-am le hiarratas a dhéanamh, is féidir nach bhfreagrófar roimh an sprioc-am iad.

4.2.   Nósanna imeachta um athbhreithniú inmheánach

4.2.1.   Earráidí sna ceisteanna ilrogha ar ríomhaire

Déanann EPSO agus na bord roghnúcháin grinnrialú cáilíochta go seasta ar an mbunachar de cheisteanna ilrogha.

Má mheasann tú nár fhéad tú ceann amháin nó níos mó de na ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a fhreagairt toisc earráid a bheith inti nó iontu, tá tú i dteideal iarraidh ar an mbord roghnúcháin an cheist nó na ceisteanna a athbhreithniú (faoin “nós imeachta neodrúcháin”).

Faoin nós imeachta sin féadfaidh an bord roghnúcháin cinneadh ar an gceist ina bhfuil an earráid a chur ar ceal agus na marcanna don cheist sin a athdháileadh ar na ceisteanna eile. Is d’iarrthóirí a raibh an cheist earráideach le freagairt acu, agus dóibh siúd amháin, a dhéanfaidh an t-athríomh pointí difear. Ní thiocfaidh aon athrú dá thoradh sin ar scéim mharcála na dtrialacha a leagtar amach sna codanna ábhartha den fhógra comórtais seo.

Ag seo an dóigh le gearán a dhéanamh faoi thriail ceisteanna ilrogha ar ríomhaire:

nós imeachta: déan teagmháil le EPSO trí shuíomh gréasáin EPSO amháin (https://epso.europa.eu/help_ga);

teanga: sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 don chomórtas i gceist;

sprioc-am: ní mór an gearán a dhéanamh laistigh de 3 lá féilire tar éis an dáta a rinne tú na trialacha ar ríomhaire;

faisnéis bhreise: déan cur síos ar an gceist ionas go bhféadfar í a aithint, agus mínigh chomh soiléir agus is féidir cad í an earráid a deirtear a bheith ann.

Iarrataí a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama nó iarrataí nach bhfuil cur síos soiléir iontu ar an gceist/ar na ceisteanna atá á conspóid/á gconspóid agus ar an earráid/na hearráidí a deirtear a bheith ann, ní chuirfear san áireamh iad.

Gearáin nach bhfuil luaite iontu, cuir i gcás, ach fadhbanna aistriúcháin a deirtear a bheith ann, agus gan aon sonraí eile tugtha, ní chuirfear san áireamh iad.

Tá an nós imeachta athbhreithniúcháin céanna i bhfeidhm maidir le hearráidí sa chleachtadh inbhosca ríomhphoist.

4.2.2.   Iarrataí ar athbhreithniú

Féadfaidh tú athbhreithniú a iarraidh ar aon chinneadh a rinne an bord roghnúcháin nó EPSO lena gcinntear do thorthaí nó lena gcinntear cé acu a rachaidh tú ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas nó a dhíbreofar thú.

Is féidir iarrataí ar athbhreithniú a bheith bunaithe ar:

míréireacht ábhartha i bpróiseas an chomórtais; agus/nó

an bord roghnúchán nó EPSO gan na Rialacháin Foirne, an fógra comórtais, iarscríbhinní an fhógra comórtais agus/nó an cásdlí a chomhlíonadh.

Tabhair do d’aire nach ceadmhach duit agóid a dhéanamh in aghaidh bhailíocht aon mheasúnaithe a rinne an bord roghnúcháin ar a fheabhas a chruthaigh tú i dtriail ná in aghaidh a ábhartha atá do cháilíochtaí agus do thaithí oibre. Is breith fiúntais measúnú sin an bhoird roghnúcháin agus ní haon chruthúnas é iarrthóir a bheith ag easaontú leis an mbreith a thug an bord ar a thrialacha, a thaithí agus/nó a cháilíochtaí, ní haon chruthúnas sin go bhfuil earráid déanta ag an mbord. Ní bheidh toradh dearfach ar aon iarrataí ar athbhreithniú a dhéanfar ar an mbonn sin.

Ag seo an dóigh le hiarraidh ar athbhreithniú a dhéanamh:

nós imeachta: déan teagmháil le EPSO trí shuíomh gréasáin EPSO amháin (https://epso.europa.eu/help_ga);

teanga: sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 don chomórtas i gceist;

sprioc-am: ní mór an iarraidh a dhéanamh laistigh de 10 lá féilire tar éis an dáta a foilsíodh an cinneadh atá á chonspóid;

faisnéis bhreise: luaigh go soiléir an cinneadh atá á chonspóid agat agus cúiseanna na conspóide.

Iarrataí a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama, ní chuirfear san áireamh iad.

Laistigh de 15 lá oibre gheobhaidh tú admháil go bhfuarthas d’iarraidh. An comhlacht a rinne an cinneadh atá á chonspóid, déanfaidh sé anailís air agus déanfaidh sé cinneadh i leith d’iarrata, agus a luaithe is féidir é cuirfear freagra réasúnaithe chugat.

Más toradh dearfach a bhíonn ar d’iarraidh, cuirfear isteach sa phróiseas roghnúcháin arís thú ag an gcéim a raibh tú dulta a fhad leis nuair a díbríodh thú, is cuma cén chéim atá sroichte sa chomórtas faoin tráth sin.

4.3.   Modhanna eile le conspóid a dhéanamh

4.3.1.   Gearáin riaracháin

I do cháil mar iarrthóir i gcomórtas oscailte, tá sé de cheart agat gearán riaracháin a chur faoi bhráid Stiúrthóir EPSO ina cháil mar údarás ceapacháin.

Ní fhéadfaidh tú gearán a dhéanamh i gcoinne cinneadh a rinneadh, nó i gcoinne cinneadh nach ndearnadh, a bhfuil tionchar díreach láithreach aige ar do stádas dlí mar iarrthóir, ach amháin más léir gur sáraíodh rialacha an phróisis roghnúcháin. Ní féidir le Stiúrthóir EPSO breith fiúntais a thug bord roghnúcháin a chur ar ceal (féach roinn 4.2.2).

Ag seo an dóigh le gearán riaracháin a dhéanamh:

nós imeachta: déan teagmháil le EPSO trí shuíomh gréasáin EPSO amháin (https://epso.europa.eu/help_ga),

teanga: sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 don chomórtas i gceist,

sprioc-am: laistigh de 3 mhí tar éis fógra a bheith tugtha faoin gcinneadh atá á chonspóid nó tar éis an dáta ar cheart cinneadh a bheith déanta roimhe,

faisnéis bhreise: luaigh go soiléir an cinneadh atá á chonspóid agat agus cúiseanna na conspóide.

Iarrataí a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama, ní chuirfear san áireamh iad.

4.3.2.   Achomhairc bhreithiúnacha

I do cháil mar iarrthóir i gcomórtas oscailte, tá sé de cheart agat achomharc breithiúnach a chur faoi bhráid na Cúirte Ginearálta, faoi Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne.

Tabhair do d’aire nach mbeidh achomhairc i gcoinne cinntí a rinne EPSO seachas an bord roghnúcháin, nach mbeidh siad inghlactha os comhair na Cúirte Ginearálta mura ndearnadh achomharc riaracháin roimhe sin faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne (féach roinn 4.3.1). Go háirithe, is amhlaidh atá i gcás cinntí a bhaineann leis na critéir incháilitheachta ghinearálta, arb é EPSO a dhéanann iad seachas an bord roghnúcháin.

Ag seo an dóigh le hachomharc breithiúnach a dhéanamh:

nós imeachta: gabh chuig suíomh gréasáin na Cúirte Ginearálta (http://curia.europa.eu/jcms/).

4.3.3.   An tOmbudsman Eorpach

Is féidir le gach saoránach den Aontas Eorpach agus gach duine atá ina chónaí san Aontas Eorpach gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman Eorpaigh.

Sula ndéanfaidh tú sin, ní mór duit teagmháil a dhéanamh leis na hinstitiúidí agus na comhlachtaí lena mbaineann agus na foirmeáltachtaí riaracháin iomchuí a chomhlíonadh (féach ranna 4.1–4.3).

Ní bheidh mar thoradh ar ghearán a chur faoi bhráid an Ombudsman síneadh a chur leis na sprioc-amanna atá ann le gearáin riaracháin nó achomhairc bhreithiúnacha a dhéanamh.

Ag seo an dóigh le gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman:

nós imeachta: gabh chuig suíomh gréasáin an Ombudsman Eorpaigh (http://www.ombudsman.europa.eu/).

4.4.   Dícháiliú ón bpróiseas roghnúcháin

Féadfar tú a dhícháiliú ag aon chéim den phróiseas roghnúcháin má fhaigheann EPSO amach:

gur chruthaigh tú níos mó ná cuntas EPSO amháin;

go ndearna tú iarratas ar theaglaim réimsí nó próifílí nach bhfuil ceadaithe;

nach gcomhlíonann tú na critéir incháilitheachta ar fad;

go ndearna tú dearbhuithe bréagacha nó dearbhú nach raibh na doiciméid chuí mar thaca leis;

nach ndearna tú coinne chun ceann amháin nó níos mó de na trialacha a dhéanamh nó nach ndearna tú ceann amháin nó níos mó de na trialacha féin;

go ndearna tú séitéireacht i dtriail;

nár dhearbhaigh tú san fhoirm iarratais na teangacha nach mór a bheith agat i gcomhréir leis an bhFógra Comórtais seo, nó nár dhearbhaigh tú na híosleibhéil a theastaíonn sna teangacha sin;

gur fhéach tú le dul i dteagmháil le ball den bhord roghnúcháin ar dhóigh neamhúdaraithe;

nár chuir tú in iúl do EPSO go bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith ann a bhaineann le ball den bhord roghnúcháin;

gur i dteanga seachas an teanga/na teangacha a leagadh síos san fhógra comórtais a líon tú isteach d’iarratas (féadfar teanga eile a úsáid i gcásanna áirithe, e.g. ainmneacha dílse, teidil oifigiúla, teidil poist sna doiciméid tacaíocht agus in ainmneacha/teidil dioplómaí); agus/nó

go ndearna tú nó gur scríobh tú sainmharc i dtrialacha scríofa a mharcáiltear gan aon ainm luaite leo nó i dtrialacha praiticiúla.

Caithfidh daoine atá ag lorg post in institiúidí an Aontais Eorpaigh a léiriú go bhfuil siad sár-ionraic. Aon duine a dhéanann calaois nó iarracht ar chalaois, is féidir go ngearrfar pionós air, rud a d’fhéadfadh é a dhéanamh neamh-incháilithe do chomórtais eile ina dhiaidh sin.

Deireadh IARSCRÍBHINN III. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.


IARSCRÍBHINN IV

SAMPLAÍ D’ÍOSCHÁILÍOCHTAÍ, DE RÉIR TÍRE AGUS GRÁID, A FHREAGRAÍONN, i bPRIONSABAL, DO NA CINN A IARRTAR SNA FÓGRAÍ COMÓRTAS

Cliceáil anseo má tá leagan soléite de na samplaí uait

TÍR

AST-SC 1 go AST-SC 6

AST 1 go AST 7

AST 3 go AST 11

AD 5 go AD 16

Oideachas meánscoile (lenar féidir leanúint ar aghaidh go dtí an t-oideachas iar-mheánscoile)

Oideachas iar-mheánscoile (cúrsa ardoideachais nach cúrsa ollscoile é nó cúrsa gearr ollscoile a mhair dhá bhliain ar a laghad)

Oideachas ar leibhéal ollscoile (a mhair trí bliana ar a laghad)

Oideachas ar leibhéal ollscoile (a mhair ceithre bliana nó níos mó)

Belgique —

België —

Belgien

Certificat de l’enseignement secondaire supérieur (CESS)/Diploma secundair onderwijs

Diplôme d’aptitude à accéder à l’enseignement supérieur (DAES)/Getuigschrift van hoger secundair onderwijs

Diplôme d’enseignement professionnel/Getuigschrift van het beroepssecundair onderwijs

Candidature/Kandidaat

Graduat/Gegradueerde

Bachelor/Professioneel gerichte Bachelor

Bachelor académique (180 crédits)

Academisch gerichte Bachelor (180 ECTS)

Licence/Licentiaat

Master

Diplôme d’études approfondies (DEA)

Diplôme d’études spécialisées (DES)

Diplôme d’études supérieures spécialisées (DESS)

Gediplomeerde in de Voortgezette Studies (GVS)

Gediplomeerde in de Gespecialiseerde Studies (GGS)

Gediplomeerde in de Aanvullende Studies (GAS)

Agrégation/Aggregaat

Ingénieur industriel/Industrieel ingenieur

Doctorat/Doctoraal diploma

България

Диплома за завършено средно образование

Специалист по …

 

Диплома за висше образование

Бакалавър

Магистър

Česká republika

Vysvědčení o maturitní zkoušce

Vysvědčení o absolutoriu (Absolutorium) + diplomovaný specialista (DiS.)

Diplom o ukončení bakalářského studia (Bakalář)

Diplom o ukončení vysokoškolského studia

Magistr

Doktor

Danmark

Bevis for:

Studentereksamen

Højere Forberedelseseksamen (HF)

Højere Handelseksamen (HHX)

Højere Afgangseksamen (HA)

Bac pro: Bevis for Højere Teknisk Eksamen (HTX)

Videregående uddannelser

= Bevis for = Eksamensbevis som (erhvervsakademiuddannelse AK)

Bachelorgrad (BA eller BS)

Professionsbachelorgrad

Diplomingeniør

Kandidatgrad/Candidatus

Master/Magistergrad (mag.art)

Licenciatgrad

ph.d.-grad

Deutschland

Abitur/Zeugnis der allgemeinen Hochschulreife

Fachabitur/Zeugnis der Fachhochschulreife

 

Fachhochschulabschluss

Bachelor

Hochschulabschluss/ Fachhochschulabschluss/ Master

Magister Artium/Magistra Artium

Staatsexamen/Diplom

Erstes Juristisches Staatsexamen

Doktorgrad

Eesti

Gümnaasiumi lõputunnistus + riigieksamitunnistus

Lõputunnistus kutsekeskhariduse omandamise kohta

Tunnistus keskhariduse baasil kutsekeskhariduse omandamise kohta

Bakalaureusekraad (min 120 ainepunkti)

Bakalaureusekraad (< 160 ainepunkti)

Rakenduskõrghariduse diplom

Bakalaureusekraad (160 ainepunkti)

Magistrikraad

Arstikraad

Hambaarstikraad

Loomaarstikraad

Filosoofiadoktor

Doktorikraad (120–160 ainepunkti)

Éire/Ireland

Ardteistiméireacht, Grád D3, I 5 ábhar/Leaving Certificate Grade D3 in 5 subjects

Gairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT)/Leaving Certificate Vocational Programme (LCVP)

Teastas Náisiúnta/National Certificate

Gnáthchéim bhaitsiléara/Ordinary bachelor degree

Dioplóma náisiúnta (ND, Dip.)/National diploma (ND, Dip.)

Ardteastas (120 ECTS)/Higher Certificate (120 ECTS)

Céim onóracha bhaitsiléara (3 bliana/180 ECTS) (BA, B.Sc, B.Eng)/Honours bachelor degree (3 years/180 ECTS) (BA, B.Sc, B.Eng)

Céim onóracha bhaitsiléara (4 bliana/240 ECTS)/Honours bachelor degree (4 years/240 ECTS)

Céim ollscoile/University degree

Céim mháistir (60-120 ECTS)/Master’s degree (60-120 ECTS)

Dochtúireacht/Doctorate

Ελλάδα

Απολυτήριο Γενικού Λυκείου Απολυτήριο Κλασικού Λυκείου

Απολυτήριο Τεχνικού Επαγγελματικού Λυκείου

Απολυτήριο Ενιαίου Πολυκλαδικού Λυκείου

Απολυτήριο Ενιαίου Λυκείου

Απολυτήριο Τεχνολογικού Επαγγελματικού Εκπαιδευτηρίου

Δίπλωμα επαγγελματικής κατάρτισης (ΙΕΚ)

 

Πτυχίο ΑΕΙ (πανεπιστημίου, πολυτεχνείου, ΤΕΙ)

Μεταπτυχιακό Δίπλωμα Ειδίκευσης (2ος κύκλος)

Διδακτορικό Δίπλωμα (3ος κύκλος)

España

Bachillerato + Curso de Orientación Universitaria (COU)

Bachillerato

BUP

Diploma de Técnico especialista

FP grado superior (Técnico superior)

Diplomado/Ingeniero técnico

Licenciatura

Máster

Ingeniero

Título de Doctor

France

Baccalauréat

Diplôme d’accès aux études universitaires (DAEU)

Brevet de technicien

Diplôme d’études universitaires générales (DEUG)

Brevet de technicien supérieur (BTS)

Diplôme universitaire de technologie (DUT)

Diplôme d’études universitaires scientifiques et techniques (DEUST)

Licence

Maîtrise

Maîtrise des sciences et techniques (MST), maîtrise des sciences de gestion (MSG), diplôme d’études supérieures techniques (DEST), diplôme de recherche technologique (DRT), diplôme d’études supérieures spécialisées (DESS), diplôme d’études approfondies (DEA), master 1, master 2 professionnel, master 2 recherche

Diplôme des grandes écoles

Diplôme d’ingénieur

Doctorat

Hrvatska

Svjedodžba o državnoj maturi

Svjedodžba o završnom ispitu

Stručni pristupnik/pristupnica

Baccalaureus/Baccalaurea (sveučilišni prvostupnik/prvostupnica)

Baccalaureus/Baccalaurea (sveučilišni prvostupnik/prvostupnica)

Stručni specijalist

Magistar struke

Magistar inženjer/magistrica inženjerka (mag. ing)

Doktor struke

Doktor umjetnosti

Italia

Diploma di maturità (vecchio ordinamento)

Perito ragioniere

Diploma di superamento dell’esame di Stato conclusivo dei corsi di studio di istruzione secondaria superiore

Diploma universitario (DU)

Certificato di specializzazione tecnica superiore

Attestato di competenza (4 semestri)

Diploma di laurea – L (breve)

Diploma di laurea (DL)

Laurea specialistica (LS)

Master di I livello

Dottorato di ricerca (DR)

Κύπρος

Απολυτήριο

Δίπλωμα = Programmes offered by Public/Private Schools of Higher Education (for the latter accreditation is compulsory)

Higher Diploma

 

Πανεπιστημιακό Πτυχίο/Bachelor

Master

Doctorat

Latvija

Atestāts par vispārējo vidējo izglītību

Diploms par profesionālo vidējo izglītību

Diploms par pirmā līmeņa profesionālo augstāko izglītību

Bakalaura diploms (min. 120 kredītpunktu)

Bakalaura diploms (160 kredītpunktu)

Profesionālā bakalaura diploms

Maģistra diploms

Profesionālā maģistra diploms

Doktora grāds

Lietuva

Brandos atestatas

Aukštojo mokslo diplomas

Aukštesniojo mokslo diplomas

Profesinio bakalauro diplomas

Aukštojo mokslo diplomas

Aukštojo mokslo diplomas

Bakalauro diplomas

Magistro diplomas

Daktaro diplomas

Meno licenciato diplomas

Luxembourg

Diplôme de fin d’études secondaires et techniques

BTS

Brevet de maîtrise

Brevet de technicien supérieur

Diplôme de premier cycle universitaire (DPCU)

Diplôme universitaire de technologie (DUT)

Bachelor

Diplôme d’ingénieur technicien

Master

Diplôme d’ingénieur industriel

DESS en droit européen

Magyarország

Gimnáziumi érettségi bizonyítvány

Szakközépiskolai érettségi-képesítő bizonyítvány

Felsőfokú szakképesítést igazoló bizonyítvány (Higher Vocational Programme)

Főiskolai oklevél

Alapfokozat (Bachelor degree 180 credits)

Egyetemi oklevél

Alapfokozat (Bachelor degree 240 credits)

Mesterfokozat (Master degree) (Osztatlan mesterképzés)

Doktori fokozat

Malta

Advanced Matriculation or GCE Advanced level in 3 subjects (2 of them grade C or higher)

Matriculation certificate (2 subjects at Advanced level and 4 at Intermediate level including Systems of Knowledge with overall grade A-C) + Passes in the Secondary Education Certificate examination at Grade 5

2 A Levels (passes A-C) + a number of subjects at Ordinary level, or equivalent

MCAST diplomas/certificates

Higher National Diploma

Bachelor’s degree

Bachelor’s degree

Master of Arts

Doctorate

Nederland

Diploma VWO

Diploma staatsexamen (2 diploma’s)

Diploma staatsexamen voorbereidend wetenschappelijk onderwijs (Diploma staatsexamen VWO)

Diploma staatsexamen hoger algemeen voortgezet onderwijs (Diploma staatsexamen HAVO)

Kandidaatsexamen

Associate degree (AD)

Bachelor (WO)

HBO bachelor degree

Baccalaureus of “Ingenieur”

HBO/WO Master’s degree

Doctoraal examen/Doctoraat

Österreich

Matura/Reifeprüfung

Reife- und Diplomprüfung

Berufsreifeprüfung

Kollegdiplom/Akademiediplom

Fachhochschuldiplom/Bakkalaureus/Bakkalaurea

Universitätsdiplom

Fachhochschuldiplom

Magister/Magistra

Master

Diplomprüfung, Diplom-Ingenieur

Magisterprüfungszeugnis Rigorosenzeugnis

Doktortitel

Polska

Świadectwo dojrzałości

Świadectwo ukończenia liceum ogólnokształcącego

Dyplom ukończenia kolegium nauczycielskiego

Świadectwo ukończenia szkoły policealnej

Licencjat/Inżynier

Magister/Magister inżynier

Dyplom doktora

Portugal

Diploma de Ensino Secundário

Certificado de Habilitações do Ensino Secundário

 

Bacharel Licenciado

Licenciado

Mestre

Doutorado

România

Diplomă de bacalaureat

Diplomă de absolvire (colegiu universitar)

Învățământ preuniversitar

Diplomă de licență

Diplomă de licență

Diplomă de inginer

Diplomă de urbanist

Diplomă de master

Certificat de atestare (studii academice postuniversitare)

Diplomă de doctor

Slovenija

Maturitetno spričevalo (spričevalo o poklicni maturi) (spričevalo o zaključnem izpitu)

Diploma višje strokovne šole

Diploma o pridobljeni visoki strokovni izobrazbi

Univerzitetna diploma

Magisterij

Specializacija

Doktorat

Slovensko

Vysvedčenie o maturitnej skúške

Absolventský diplom

Diplom o ukončení bakalárskeho štúdia (Bakalár)

Diplom o ukončení vysokoškolského štúdia

Bakalár (Bc.)

Magister

Magister/Inžinier

ArtD.

Suomi/Finland

Ylioppilastutkinto tai peruskoulu + kolmen vuoden ammatillinen koulutus - Studentexamen eller grundskola + treårig yrkesinriktad utbildning

Todistus yhdistelmäopinnoista (Betyg över kombinationsstudier)

Ammatillinen opistoasteen tutkinto -Yrkesexamen på institutnivå

Kandidaatin tutkinto -Kandidatexamen/Ammattikorkeakoulututkinto - Yrkeshögskoleexamen (min. 120 opintoviikkoa - studieveckor)

Maisterin tutkinto -Magisterexamen/Ammattikorkeakoulututkinto -Yrkeshögskoleexamen (min. 160 opintoviikkoa - studieveckor)

Tohtorin tutkinto (Doktorsexamen) joko 4 vuotta tai 2 vuotta lisensiaatin tutkinnon jälkeen - antingen 4 år eller 2 år efter licentiatexamen

Lisensiaatti/Licentiat

Sverige

Slutbetyg från gymnasieskolan (3-årig gymnasial utbildning)

Högskoleexamen (80 poäng)

Högskoleexamen, 2 år, 120 högskolepoäng

Yrkeshögskoleexamen/Kvalificerad yrkeshögskoleexamen, 1–3 år

Kandidatexamen (akademisk examen omfattande minst 120 poäng, varav 60 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 10 poäng)

Meriter på grundnivå: Kandidatexamen, 3 år, 180 högskolepoäng (Bachelor)

Magisterexamen (akademisk examen omfattande minst 160 poäng, varav 80 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 20 poäng eller två uppsatser motsvarande 10 poäng vardera)

Licentiatexamen

Doktorsexamen

Meriter på avancerad nivå:

Magisterexamen, 1 år, 60 högskolepoäng

Masterexamen, 2 år, 120 högskolepoäng

Meriter på forskarnivå:

Licentiatexamen, 2 år, 120 högskolepoäng

Doktorsexamen, 4 år, 240 högskolepoäng

United Kingdom

General Certificate of Education Advanced level — 2 passes or equivalent (grades A to E)

BTEC National Diploma

General National Vocational Qualification (GNVQ), advanced level

Advanced Vocational Certificate of Education, A level (VCE A level)

Higher National Diploma/Certificate (BTEC)/SCOTVEC

Diploma of Higher Education (DipHE)

National Vocational Qualifications (NVQ)

Scottish Vocational Qualifications (SVQ) level 4

(Honours) Bachelor degree

NB: Master’s degree in Scotland

Honours Bachelor degree

Master’s degree (MA, MB, MEng, MPhil, MSc)

Doctorate

Deireadh IARSCRÍBHINN IV. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs