|
7.5.2019 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
FÓGRA COMÓRTAIS OSCAILTE
EPSO/AD/372/19
RIARTHÓIRÍ I RÉIMSE NA HINIÚCHÓIREACHTA (AD 5/AD 7)
Ní foláir clárú faoin sprioc-am seo: 12 Meitheamh 2019 ar 12.00 (meán lae), Am Lár na hEorpa (CET)
Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtas oscailte ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha chun painéil a thiomsú óna bhféadfaidh institiúidí an Aontais Eorpaigh, go háirithe an Coimisiún Eorpach sa Bhruiséil agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa i Lucsamburg, baill nua den tseirbhís shibhialta a earcú mar “ riarthóirí ”(grúpa feidhme AD).
Is iad an fógra comórtais seo agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis creat dlí ceangailteach an phróisis roghnúcháin seo.
Tá na rialacha ginearálta maidir le comórtais oscailte le fáil in IARSCRÍBHINN III.
An líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal:
|
Grád AD 5: 84 |
Grád AD 7: 37 |
Baineann an fógra seo le dhá ghrád. Ní féidir iarratas a dhéanamh ach ar aon cheann amháin acu . Ní mór duit an rogha a dhéanamh tráth an chlárúcháin ar líne agus ní fhéadfaidh tú an rogha sin a athrú i ndiaidh duit d’iarratas ar líne a bhailíochtú. Mar sin féin, faoi choinníollacha áirithe , féach pointe 3 Seiceálacha incháilitheachta , féadfaidh an bord roghnúcháin d’iarratas ar ghrád AD 7 a aistriú chuig grád AD 5.
DUALGAIS AN PHOIST
Is é is aidhm don chomórtas seo riarthóirí i réimse na hiniúchóireachta a earcú.
In institiúidí an Aontais Eorpaigh, is é an príomhchúram a bhíonn ar riarthóirí tacú le lucht déanta cinntí.
Déanann iniúchóirí institiúidí an Aontais Eorpaigh iniúchtaí éagsúla ag brath ar an institiúid agus ar an tseirbhís i gceist, agus is féidir na hiniúchtaí sin a dhéanamh ar bhonn seachtrach, inmheánach nó rialú ex-post. Ar na cineálacha iniúchtaí a dhéantar tá iniúchtaí airgeadais, feidhmíochta agus comhlíonta, nó cumasc de na trí cinn sin.
I dtaca le hiniúchóirí, go háirithe, is é a bhíonn de chúram orthu siúd faisnéis a thabhairt do lucht bainistíochta na heagraíochta ina bhfuil siad ag obair trí iniúchtaí a dhéanamh i raon leathan de réimsí beartais an Aontais Eorpaigh agus scrúdú a dhéanamh féachaint an bhfuil dlíthe agus rialacha á gcomhlíonadh agus an bhfuil luach ar airgead á fháil.
Déanann siad measúnú ar eagraíochtaí ó thaobh a éifeachtaí atá próisis bhainistithe rioscaí, próisis rialachais, agus próisis inmheánacha rialaithe. Bíonn na hiniúchtaí a dhéantar an-éagsúil ó chéile ó thaobh scóipe agus cineáil, agus ó thaobh na bpróiseas riaracháin agus oibríochtúil a chlúdaíonn siad.
Cuireann iniúchóirí seirbhísí faisnéise agus comhairleacha ar fáil sna réimsí oibríochtúla uile a mbíonn an tAontas Eorpach ag plé leo, agus dá dhroim sin is féidir go mbeidh orthu a bheith ag obair i mBallstáit éagsúla agus i dtíortha lasmuigh den Aontas Eorpach le linn a ngairmré.
Cuireann iniúchóirí seirbhísí comhairliúcháin ar fáil freisin agus tugann siad comhairle don lucht bainistíochta i dtaobh conas córais agus próisis bainistithe agus rialála.
Tá tuilleadh eolais in IARSCRÍBHINN I faoi phríomhdhualgais an phoist.
NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA
Ar an dáta deiridh atá leagtha síos don chlárúchán ar líne, ní mór d’iarrthóirí GACH CEANN de na coinníollacha ginearálta agus sonracha seo a leanas a chomhlíonadh:
1) Coinníollacha ginearálta
|
— |
A gcearta mar shaoránach de Bhallstát den Aontas Eorpach a theachtadh. |
|
— |
Aon oibleagáid i dtaca le seirbhís mhíleata atá orthu de réir an dlí náisiúnta a chomhlíonadh. |
|
— |
Na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun dualgais an phoist a dhéanamh. |
2) Coinníollacha sonracha — teangacha
Ní mór eolas a bheith agat ar 2 cheann ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ; leibhéal C1 (eolas cuimsitheach) ar a laghad i gceann acu agus leibhéal B2 (eolas sásúil) ar a laghad sa cheann eile.
Tabhair do d’aire nach mór na híosleibhéil thuasluaite a bheith agat i dtaca le gach inniúlacht teanga (labhairt, scríobh, léamh agus éisteacht) atá iarrtha san fhoirm iarratais. Tá na hinniúlachtaí sin leagtha amach i gComhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (https://europass.cedefop.europa.eu/en/resources/european-language-levels-cefr).
San fhógra comórtais seo is mar seo a thagraítear do na teangacha:
|
— |
Teanga 1: an teanga atá le húsáid sna trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire |
|
— |
Teanga 2: an teanga atá le húsáid sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí (Talent Screener) i dtrialacha an ionaid measúnaithe agus sa chumarsáid idir EPSO agus iarrthóirí a bhfuil iarratas bailí déanta acu. |
An teanga a roghnófar mar theanga 2, ní féidir í a roghnú mar theanga 1 freisin
Ní mór an Béarla nó an Fhraincis a roghnú mar theanga 2.
Cuirtear in iúl do na hiarrthóirí gur sainíodh na roghanna le haghaidh teanga 2 sa chomórtas seo de réir leas na seirbhísí, leas a fhágann go gcaithfidh earcaigh nua bheith in ann dul i mbun oibre láithreach agus nach mór é a bheith ar a gcumas cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le linn na hoibre laethúla. Ina éagmais sin, bheadh baol ann go gcuirfí bac mór ar obair na hinstitiúide.
Ó thaobh an Choimisiúin de, siúd agus go bhféadfadh eolas ar theangacha eile a bheith ina bhuntáiste, is iad an Béarla nó an Fhraincis a úsáideann tromlach ranna iniúchóireachta ar na cúiseanna seo a leanas:
|
— |
i dtaca leis na feidhmeanna a dhéanann iniúchóirí, tá sé intuigthe go mbíonn teagmhálacha ann go minic le seirbhísí éagsúla an Choimisiúin, lena agus anailís ar na doiciméid a tháirgeann na seirbhísí sin chomh maith le caidreamh ó bhéal nó i scríbhinn le baill foirne. De réir na fianaise, is sa Bhéarla nó sa Fhraincis go príomha a bhíonn an t-ábhar i scríbhinn a tháirgtear, ábhar nár mhór d’iniúchóirí a bheith ag brath air chun a gcuid dualgas a chur i gcrích. |
|
— |
i dtaca leis na gníomhaíochtaí a dhéantar i réimse an chomórtais seo, tá sé intuigthe go mbíonn teagmhálacha ann go minic le líon mór Ballstát, go háirithe leis na Ballstáit sin a fhaigheann maoiniú ón Aontas Eorpach, nó le tríú tíortha, agus le húdaráis phoiblí nó le daoine dlítheanacha nó nádúrtha. Is iad an Béarla agus an Fhraincis an dá theanga is mó a úsáidtear chun cumarsáid a dhéanamh leis na tíortha sin agus chun dualgais na n-iniúchóirí a chur i gcrích. Ina theannta sin, is sa Bhéarla agus sa Fhraincis go príomha a dhéantar teagmháil le páirtithe leasmhara seachtracha. |
|
— |
lena chois sin, na malartuithe leis an gCúirt Iniúchóirí agus ar bhonn níos ginearálta le piaraí laistigh den chomhphobal idirnáisiúnta iniúchóirí agus laistigh de na líonraí Eorpacha, malartuithe atá ríthábhachtach le haghaidh comhar institiúideach, an oiliúint leanúnach agus an fhorbairt ghairmiúil, is sa Bhéarla nó sa Fhraincis go príomha a dhéantar iad. |
De bhun Chinneadh Uimh. 22-2004 ón gCúirt Iniúchóirí faoi rialacha maidir le haistriú doiciméad le haghaidh cruinnithe den Chúirt, de Ghrúpaí agus den Choiste Riaracháin, is iad an Béarla agus an Fhraincis teangacha dréachta/droichid na Cúirte. Ar an dóigh sin, beidh na riarthóirí dá sannfar cúraimí iniúchóireachta i gcónaí in ann dréacht-doiciméid nó litreacha a ullmhú, doiciméid inmheánacha a úsáid agus cumarsáid a dhéanamh mar chuid dá gcúraimí iniúchóireachta le comhghleacaithe san institiúid chéanna, le páirtithe iniúchta agus le saineolaithe seachtracha, gan dul i muinín tríú páirtí ná seirbhísí aistriúcháin a úsáid. Cuireann sin le héifeachtúlacht, éifeachtacht agus tíosaíocht.
Dá bhrí sin, is ar mhaithe leis an tseirbhís an socrú sin agus, dá réir sin, dá n-éireodh le hiarrthóir nach mbeadh eolas sásúil aige ar cheann den dá theanga sin, ní bheadh sé réidh le dul i mbun oibre láithreach.
Dá bhrí sin, agus leas agus riachtanais na seirbhísí agus inniúlachtaí na n-iarrthóirí á gcur sa mheá, agus sainréimse an chomórtais seo á chur san áireamh, tá údar maith leis na trialacha a eagrú sa dá theanga sin chun a chinntiú go mbeidh na hiarrthóirí uile in ann a gcuid oibre a dhéanamh i gceann den dá theanga oifigiúla sin ar a laghad, is cuma cén teanga atá roghnaithe acu mar theanga 1. Ina theannta sin, chun go mbeidh cothrom iomaíochta ann, ní mór do gach iarrthóir — fiú na hiarrthóirí sin ar cheann den dá theanga sin an teanga atá roghnaithe acu mar theanga 1 — roinnt trialacha a dhéanamh sa teanga atá roghnaithe acu mar theanga 2, a bheidh le roghnú as an dá theanga sin. Trí na hinniúlachtaí sonracha a mheas ar an dóigh sin, is féidir le hinstitiúidí an Aontais a meas a thabhairt ar a ábalta atá na hiarrthóirí dul i mbun oibre láithreach i dtimpeallacht atá cosúil leis an timpeallacht ina n-iarrfar orthu bheith ag obair.
3) Coinníollacha sonracha — cáilíochtaí agus taithí oibre
— Grád AD 5:
|
1. |
Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile, 3 bliana ar a laghad , ar baineadh dioplóma amach dá bharr san iniúchóireacht, san eacnamaíocht, sa chuntasaíocht, san airgeadas, sa dlí, sa riarachán gnó, agus/nó san fhaisnéisíocht. nó |
|
2. |
Cáilíocht ghairmiúil ar leibhéal is comhionann le leibhéal an chúrsa atá luaite thuas, san iniúchóireacht, san eacnamaíocht, sa chuntasaíocht, san airgeadas, sa dlí, sa riarachán gnó, agus/nó san fhaisnéisíocht. |
— Grád AD 7:
|
1. |
Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile, 4 bliana ar a laghad , ar baineadh dioplóma amach dá bharr, agus 6 bliana ar a laghad de thaithí oibre a fuarthas ina dhiaidh sin agus 3 bliana ar a laghad den tréimhse sin caite i réimse na hiniúchóireachta (iniúchóireacht inmheánach nó sheachtrach, iniúchóireacht teicneolaíochta faisnéise san áireamh). nó |
|
2. |
Cáilíocht ghairmiúil ar leibhéal is comhionann le leibhéal an chúrsa atá luaite i bpointe 1 thuas agus 6 bliana ar a laghad de thaithí oibre a fuarthas ina dhiaidh sin agus 3 bliana ar a laghad den tréimhse sin caite i réimse na hiniúchóireachta (iniúchóireacht inmheánach nó sheachtrach, iniúchóireacht teicneolaíochta faisnéise san áireamh). nó |
|
3. |
Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile, 3 bliana ar a laghad , ar baineadh dioplóma amach dá bharr, agus 7 mbliana ar a laghad de thaithí oibre a fuarthas ina dhiaidh sin agus 4 bliana ar a laghad den tréimhse sin caite i réimse na hiniúchóireachta (iniúchóireacht inmheánach nó sheachtrach, iniúchóireacht teicneolaíochta faisnéise san áireamh). nó |
|
4. |
Cáilíocht ghairmiúil ar leibhéal is comhionann leis an gcúrsa atá luaite i bpointe 3 thuas agus 7 mbliana ar a laghad de thaithí oibre a fuarthas ina dhiaidh sin agus 4 bliana ar a laghad den tréimhse sin caite i réimse na hhiniúchóireachta (iniúchóireacht inmheánach nó sheachtrach, iniúchóireacht teicneolaíochta faisnéise san áireamh). |
Tá samplaí d’íoscháilíochtaí in IARSCRÍBHINN IV.
CONAS A DHÉANFAR AN ROGHNÚ
1) Iarratas a dhéanamh
Agus an fhoirm iarratais á líonadh isteach agat iarrfar ort teanga 1 agus teanga 2 a roghnú. Beidh ort teanga 1 a roghnú as aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus an Béarla nó an Fhraincis a roghnú mar theanga 2. Iarrfar ort freisin a dheimhniú go bhfuil tú incháilithe don chomórtas agus eolas breise a thabhairt a bhaineann leis an gcomórtas (mar shampla: dioplómaí, taithí oibre, agus freagraí ar cheisteanna réimse-shonracha (Talent Screener)).
Is féidir an fhoirm iarratais a líonadh isteach in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh, amach ón Talent Screener . Ní mór an chuid sin a líonadh isteach sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 , ar na cúiseanna seo a leanas: déanann an bord roghnúcháin measúnú comparáideach ar na freagraí a thugtar sa Talent Screener, úsáideann an bord roghnúcháin é mar dhoiciméad tagartha le linn an agallaimh réimse-shonraigh san ionad measúnaithe, agus úsáidtear chun críocha earcaíochta é i gcás iarrthóirí ar éirigh leo. Is chun leas na seirbhísí agus na n-iarrthóirí atá sé, dá bhrí sin, an Talent Screener a líonadh isteach i dteanga 2.
Tabhair do d’aire go mbeidh an bord roghnúcháin (le linn an chomórtais) agus seirbhísí acmhainní daonna institiúidí an Aontais Eorpaigh (i gcás earcú iarrthóirí ar éirigh leo) ag rochtain na foirme iarratais ina hiomláine, agus gur líon teoranta teangacha na teangacha cumarsáide atá acu sin. Má éiríonn an comórtas leat agus go gcuirfear d’ainm ar an bpainéal, iarrfar ort aistriúchán ar an bhfoirm iarratais go teanga 2 (Béarla nó Fraincis) a sholáthar do na seirbhísí earcaíochta má líon tú isteach an fhoirm iarratais i dteanga nach ceann de na teangacha sin í.
Is ionann an t-iarratas a bhailíochtú agus a dhearbhú ar d’fhocal go gcomhlíonann tú na coinníollacha ar fad atá luaite sa roinn “Na coinníollacha incháilitheachta”. A luaithe a bheidh d’fhoirm iarratais bailíochtaithe agat, ní fhéadfaidh tú aon athrú eile a dhéanamh uirthi. Fútsa atá sé féachaint chuige go mbeidh an t-iarratas líonta isteach agus bailíochtaithe faoin sprioc-am .
2) Na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire
Má sháraíonn an líon iarrthóirí tairseach áirithe do gach grád, arna socrú ag stiúrthóir EPSO ina cháil mar údarás ceapacháin, tabharfar cuireadh do gach iarrthóir a bhailíochtaigh an fhoirm iarratais faoin sprioc-am sraith de thrialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a dhéanamh i gceann d’ionaid chreidiúnaithe EPSO.
Ach amháin má deirtear a mhalairt leat, ní mór duit coinne a dhéanamh chun na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a dhéanamh, de réir na dtreoracha a gheobhaidh tú ó EPSO. Is é is dóichí go dtairgfear roinnt dátaí duit ar a bhféadfaidh tú na trialacha a dhéanamh, agus roinnt ionad ina bhféadfaidh tú iad a dhéanamh. Bíonn teorainn leis na tréimhsí inar féidir an choinne agus na trialacha a dhéanamh.
Má bhíonn an líon iarrthóirí faoi bhun na tairsí , is san ionad measúnaithe a bheidh na trialacha sin ar siúl (pointe 5).
Ag seo leagan amach na dtrialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire:
|
Trialacha |
Teanga |
Líon ceisteanna |
Fad ama |
Pasmharc |
|
Réasúnaíocht bhriathartha |
Teanga 1 |
20 ceist |
35 nóiméad |
10/20 |
|
Réasúnaíocht uimhriúil |
Teanga 1 |
10 gceist |
20 nóiméad |
An réasúnaíocht uimhriúil agus an réasúnaíocht theibí le chéile: 10/20 |
|
Réasúnaíocht theibí |
Teanga 1 |
10 gceist |
10 nóiméad |
Trialacha díbeartha is ea na trialacha seo agus ní chuirfear na marcanna a ghnóthófar iontu leis na marcanna a ghnóthófar i dtrialacha eile an ionaid measúnaithe.
3) Seiceálacha incháilitheachta
Déanfar na coinníollacha incháilitheachta atá leagtha síos sa roinn “Na Coinníollacha Incháilitheachta”a sheiceáil i gcomparáid leis na sonraí a thug na hiarrthóirí san iarratas ar líne. Is é EPSO a sheiceálfaidh an gcomhlíonann na hiarrthóirí na coinníollacha incháilitheachta ginearálta agus is é an bord roghnúcháin a sheiceálfaidh an gcomhlíonann na hiarrthóirí na coinníollacha incháilitheachta sonracha sna ranna “Oideachas agus Oiliúint”, “Taithí Oibre”agus “Scileanna Teanga”den iarratas ar líne.
Tá dhá chás is féidir a bheith ann:
|
— |
Má dhéantar na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire roimh ré , déanfar seiceáil incháilitheachta ar chomhaid na n-iarrthóirí, in ord íslitheach na marcanna a ghnóthaigh siad sna trialacha sin, go dtí go sroichfear an tairseach a leag stiúrthóir EPSO síos, ina cháil mar údarás ceapacháin, roimh na trialacha do gach grád. Ní sheiceálfar na comhaid eile. |
|
— |
Mura ndéanfar na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire roimh ré , déanfar seiceáil incháilitheachta ar chomhaid na n-iarrthóirí ar fad a bhailíochtaigh a bhfoirm iarratais faoin sprioc-am. |
Iarrthóirí ar ghrád AD 7: le linn na seiceála incháilitheachta, féadfaidh an bord roghnúcháin d’iarratas a aistriú chuig grád AD 5 sna cásanna seo a leanas:
|
— |
má bhí na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire ar siúl roimh ré — tá an marc a ghnóthaigh tú ar cheann de na marcanna foriomlána is airde do ghrád AD 7, agus |
|
— |
de réir an eolais atá i d’iarratas, ní chomhlíonann tú coinníollacha incháilitheachta ghrád AD 7, ach comhlíonann tú coinníollacha incháilitheachta ghrád AD 5, agus |
|
— |
thoiligh tú i d’iarratas le haistriú d’iarratais chuig AD 5, agus |
|
— |
má bhí na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire ar siúl roimh ré — tá an marc a ghnóthaigh tú ar cheann de na marcanna foriomlána is airde do ghrád AD 5 freisin. |
Sa chás sin, measfar gur iarrthóir ar ghrád AD 5 thú don chuid eile den phróiseas roghnúcháin.
Déanfar an t-aistriú sin sula gcuirfear tús leis an roghnú ar bhonn cáilíochtaí agus is ar bhonn an eolais a thug tú san iarratas ar líne a dhéanfar é. Iarrthóirí a mbeidh a marcanna faoi bhun na tairsí atá leagtha síos do ghrád AD 7, ní fhéadfar a n-iarratas a aistriú go grád AD 5.
4) Roghnú ar bhonn cáilíochtaí (Talent Screener)
Chun gur féidir leis an mbord roghnúcháin measúnú oibiachtúil a dhéanamh ar bhuanna gach iarrthóra ar dhóigh struchtúrtha, ní mór do na hiarrthóirí uile ar an ngrád céanna aon tacar amháin ceisteanna a fhreagairt i dteanga 2 sa Talent Screener san fhoirm iarratais. Is ar na hiarrthóirí a mheasfar a bheith incháilithe agus orthu sin amháin a dhéanfar an roghnú ar bhonn cáilíochtaí agus déanfar é ar an gcaoi a bhfuil cur síos uirthi thuas i bpointe 3, agus is ar bhonn na bhfreagraí a thug na hiarrthóirí ar cheisteanna an Talent Screener, agus ar a bhonn sin amháin , a dhéanfar an measúnú. Dá bhrí sin, ba cheart duit gach eolas a bhaineann le hábhar a thabhairt sna freagraí ar cheisteanna an Talent Screener, fiú amháin má tá sé luaite cheana i gcodanna eile den fhoirm iarratais. Beidh na ceisteanna bunaithe ar na critéir roghnúcháin atá leagtha amach san fhógra seo.
Tá an liosta critéar in IARSCRÍBHINN II.
Chun an roghnú ar bhonn cáilíochtaí a dhéanamh, sa chéad dul síos, tabharfaidh an bord roghnúcháin ualú (ó 1 go dtí 3) do gach critéar roghnúcháin , a léiríonn tábhacht an chritéir sin le hais na gcritéar eile agus tabharfar idir 0 agus 4 phointe do gach freagra a thug an t-iarrthóir. Iolrófar na pointí faoin ualú atá ag gach critéar, agus suimeofar iad lena fháil amach cé na hiarrthóirí is mó atá in oiriúint do dhualgais an phoist.
Is iad na hiarrthóirí a ghnóthaigh na marcanna foriomlána is airde sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí, agus na hiarrthóirí sin amháin, a rachaidh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile.
5) An tIonad Measúnaithe
3 oiread ar a mhéad an lín iarrthóirí atá á lorg don phainéal do gach grád, sin é an líon iarrthóirí a dtabharfar cuireadh chun na céime seo dóibh. Má léiríonn an t-eolas a thug tú i d’iarratas ar líne go gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta agus má bhíonn an marc a ghnóthaigh tú sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí ar cheann de na marcanna foriomlána is airde , tabharfar cuireadh duit freastal ar ionad measúnaithe ar feadh 1 lá amháin nó 2 lá agus trialacha a dhéanamh sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 . Is é is dóichí gur sa Bhruiséil a bheidh an chéim sin ar siúl.
Mura ndéanfar na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a bhfuil cur síos orthu i bpointe 2 roimh ré , is san ionad measúnaithe a dhéanfar iad. Trialacha díbeartha is ea na trialacha seo agus ní chuirfear na marcanna a ghnóthófar iontu leis na marcanna a ghnóthófar i dtrialacha eile an ionaid measúnaithe chun do mharc iomlán a ríomh.
Ach amháin má deirtear a mhalairt leat, is gá duit méaróg USB, agus cóipeanna scanta de do chuid doiciméad tacaíochta sábháilte uirthi, a thabhairt leat go dtí an t-ionad measúnaithe. Déanfaidh muintir EPSO do chuid doiciméad a íoslódáil agus tú ag déanamh thrialacha an ionaid measúnaithe agus tabharfaidh siad an mhéaróg USB ar ais duit iad an lá céanna.
Déanfar ocht gcinn d’inniúlachtaí ginearálta chomh maith le hinniúlachtaí réimse-shonracha an chomórtais seo a mheas san ionad measúnaithe, agus déanfar sin le ceithre thriail (agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta, agallamh réimse-shonrach, cleachtadh i ngrúpa agus cás-staidéar), a bhfuil cur síos orthu sna táblaí seo:
|
Inniúlacht |
Triail |
|||
|
Cleachtadh i ngrúpa |
Cás-staidéar |
||
|
Cás-staidéar |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Cás-staidéar |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Cleachtadh i ngrúpa |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Cleachtadh i ngrúpa |
Cás-staidéar |
||
|
Cleachtadh i ngrúpa |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Cleachtadh i ngrúpa |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Cleachtadh i ngrúpa |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
Pasmharc: 3/10 i ngach inniúlacht agus 40/80 san iomlán
|
Inniúlacht |
Triail |
Pasmharc |
|
Inniúlachtaí réimse-shonracha |
Agallamh réimse-shonrach |
50/100 |
6) An painéal
I ndiaidh dó an tseiceáil a dhéanamh ar dhoiciméid tacaíochta agus cáilíochtaí na n-iarrthóirí (Talent Screener), tiomsóidh an Bord Roghnúcháin painéal , i ndáil le gach grád, de na hiarrthóirí incháilithe sin a ghnóthaigh an pasmharc ar a laghad i ngach triail agus a bhfuil na marcanna foriomlána is airde acu i ndiaidh an ionaid measúnaithe, go dtí go sroichfear an líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal. Is in ord aibítre a bheidh na hainmneacha ar an bpainéal.
Cuirfear ar fáil d’institiúidí an Aontais Eorpaigh, chun críocha earcaíochta agus forbairt gairme amach anseo, an painéal d’iarrthóirí ar éirigh leo mar aon lena bpas inniúlachtaí, rud ina mbeidh aiseolas cáilíochtúil ón mbord roghnúcháin. Ní hionann duine a bheith ar an bpainéal agus aon cheart ar phost ná ráthaíocht a bheith aige go bhfaighidh sé post .
COMHDHEISEANNA AGUS SOCRUITHE SPEISIALTA
Déanann EPSO a dhícheall comhdheiseanna, comhchaitheamh agus comhrochtain a chur ar fáil do na hiarrthóirí uile.
Má tá tú faoi mhíchumas nó má tá fadhb shláinte agat, agus go bhféadfadh sin bac a chur ort na trialacha a dhéanamh, luaigh sin i d’iarratas agus abair cé na cineálacha socruithe speisialta atá de dhíth ort.
Tá tuilleadh eolais faoinár mbeartas comhdheiseanna agus faoin nós imeachta maidir le socruithe speisialta le fáil ar ár suíomh gréasáin (https://epso.europa.eu/how-to-apply/equal-opportunities_ga ) agus sna Rialacha Ginearálta atá i gceangal leis an bhfógra seo (faoi phointe 1.3. Comhdheiseanna agus socruithe speisialta).
CATHAIN IARRATAS A DHÉANAMH AGUS CONAS É A DHÉANAMH
Chun iarratas a dhéanamh is é an chéad rud nach mór duit a dhéanamh cuntas EPSO a chruthú. Ní ceadmhach ach aon chuntas EPSO amháin a bheith agat agus ní mór an cuntas sin a úsáid do gach iarratas.
Déan an t-iarratas ar shuíomh gréasáin EPSO (http://jobs.eu-careers.eu) faoin:
12 Meitheamh 2019 ar 12.00 (meán lae), Am Lár na hEorpa (CET).
IARSCRÍBHINN I
DUALGAIS
Is é is aidhm don chomórtas seo riarthóirí (AD 5/AD 7) i réimse na hiniúchóireachta a earcú.
Ar na dualgais a d’fhéadfadh a bheith ann, ach gan a bheith teoranta dóibh, tá an méid seo a leanas:
|
— |
Eolas maith a chur ar phróisis ghnó iad siúd atá á n-iniúchadh; |
|
— |
Measúnuithe riosca iniúchóireachta a dhéanamh mar chuid den phróiseas pleanála; |
|
— |
Iniúchtaí a dhéanamh ar fheidhmíocht, comhlíonadh agus luach ar airgead i réimsí éagsúla beartais agus próiseas gnó de chuid an Aontais Eorpaigh; |
|
— |
Réamhanailís a dhéanamh féachaint cuspóirí agus scóip cúraimí iniúchóireachta a chinneadh; |
|
— |
Tástáil chórasbhunaithe agus shubstainteach a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar a éifeachtaí atá próisis bhainistithe rioscaí, próisis rialachais, agus próisis inmheánacha rialaithe iad siúd atá á n-iniúchadh; |
|
— |
Torthaí iniúchtaí a dhearbhú leo siúd atá á n-iniúchadh; |
|
— |
Torthaí iniúchtaí, rioscaí agus moltaí a chur in iúl i ndréacht-tuarascálacha nó i dtuarascálacha deiridh soiléire beachta; |
|
— |
Seirbhísí comhairleacha nó comhairliúcháin a sholáthar ar iarratas ón lucht bainistíochta; |
|
— |
Iariniúchtaí a dhéanamh chun a chinntiú go ndearnadh moltaí a chur i bhfeidhm go héifeachtach. |
I dteannta an mhéid atá luaite thuas, féadfar iarraidh ar na hiarrthóirí ar Ghrád AD 7 a n-éireoidh leo:
|
— |
Nósanna imeachta iomchuí iniúchóireachta a phleanáil chun cuspóirí na gcúraimí iniúchóireachta a chomhlíonadh; |
|
— |
A bheith ina gceannaire ar thascanna iniúchóireachta ina ndéanfadh sé cúraimí a shannadh laistigh den fhoireann iniúchóireachta; |
|
— |
Maoirseacht a dhéanamh ar an obair iniúchóireachta a dhéanann baill na foirne iniúchóireachta. |
Deireadh IARSCRÍBHINN I. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.
IARSCRÍBHINN II
CRITÉIR ROGHNÚCHÁIN
Déanfaidh an bord roghnúchán na critéir seo a leanas a chur san áireamh agus an roghnú ar bhonn cáilíochtaí á dhéanamh:
Grád AD 5:
|
1. |
Teastas nó cáilíocht ghairmiúil aitheanta san iniúchóireacht inmheánach, iniúchóireacht sheachtrach (iniúchóireacht teicneolaíochta faisnéise (TF) san áireamh) nó sa chuntasaíocht; |
|
2. |
Taithí oibre aon bhliain amháin ar a laghad ar an iniúchóireacht inmheánach nó sheachtrach; |
|
3. |
Taithí oibre aon bhliain amháin ar a laghad ar iniúchóireacht TF; |
|
4. |
Taithí ar mhodhanna iniúchóireachta (seachas cúraimí iniúchóireachta) a cheapadh nó ar chúrsaí oiliúna iniúchóireachta a thabhairt; |
|
5. |
Taithí oibre aon bhliain amháin ar a laghad ar chaiteachas/cláir arna maoiniú ag an Aontas Eorpach a iniúchadh; |
|
6. |
Taithí oibre ar sheirbhísí comhairliúcháin (seachas cúraimí iniúchóireachta); |
|
7. |
Taithí oibre ar cheann amháin nó níos mó de na réimsí seo: cuntasaíocht, rialú inmheánach, bainistíocht airgeadais, baincéireacht agus airgeadas, faisnéisíocht agus/nó bainistíocht tionscadal; |
|
8. |
Taithí ar theicnící iniúchóireachta ríomhchuidithe (CAATanna) a úsáid; |
Grád AD 7:
|
1. |
Teastas nó cáilíocht ghairmiúil aitheanta san iniúchóireacht inmheánach, iniúchóireacht sheachtrach (iniúchóireacht teicneolaíochta faisnéise (TF) san áireamh) nó sa chuntasaíocht; |
|
2. |
Taithí oibre iniúchóireachta inmheánach nó seachtrach aon bhliain amháin ar a laghad, le cois na taithí atá ag teastáil faoi phointe 3 “ Coinníollacha sonracha — cáilíochtaí agus taithí oibre ” den fhógra comórtais); |
|
3. |
Taithí oibre aon bhliain amháin ar a laghad ar iniúchóireacht TF; |
|
4. |
Taithí ar mhodhanna iniúchóireachta (seachas cúraimí iniúchóireachta) a cheapadh nó ar chúrsaí oiliúna iniúchóireachta a thabhairt; |
|
5. |
Taithí oibre aon bhliain amháin ar a laghad ar chaiteachas/cláir arna maoiniú ag an Aontas Eorpach a iniúchadh; |
|
6. |
Taithí oibre ar sheirbhísí comhairliúcháin (seachas cúraimí iniúchóireachta); |
|
7. |
Taithí oibre ar cheann amháin nó níos mó de na réimsí seo: cuntasaíocht, rialú inmheánach, bainistíocht airgeadais, baincéireacht agus airgeadas, faisnéisíocht agus/nó bainistíocht tionscadal; |
|
8. |
Taithí ar theicnící iniúchóireachta ríomhchuidithe (CAATanna) a úsáid; |
|
9. |
Taithí oibre dhá bhliain ar a laghad ar bheith i gceannas ar fhoireann iniúchóireachta. |
Deireadh IARSCRÍBHINN II. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.
IARSCRÍBHINN III
NA RIALACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE COMÓRTAIS OSCAILTE
FAISNÉIS GHINEARÁLTA
Gach áit a ndéantar tagairt do dhaoine d’inscne ar leith i bpróiseas roghnúcháin de chuid EPSO, glactar leis gur ag tagairt do dhaoine d’aon inscne eile atáthar freisin.
Maidir leis an áit dheireanach le dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, rachaidh siad ar fad ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas. Aon iarrthóir a ligfear isteach sa chomórtas arís mar thoradh ar achomharc ar éirigh leis, tabharfar cuireadh chun na chéad chéime eile den phróiseas dó.
Maidir leis an áit dheireanach ar an bpainéal, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, cuirfear iad go léir ar an bpainéal. Aon iarrthóir a ligfear isteach sa chomórtas arís mar thoradh ar achomharc ar éirigh leis ag an gcéim seo den chomórtas, cuirfear ar an bpainéal é.
1. NA DAOINE AR FÉIDIR LEO IARRATAS A DHÉANAMH
1.1. Coinníollacha ginearálta agus coinníollacha sonracha
Tá coinníollacha ginearálta agus coinníollacha sonracha gach réimse nó próifíle (eolas ar theangacha san áireamh), tá siad luaite sa roinn “Na coinníollacha incháilitheachta”.
Maidir le cáilíochtaí, taithí oibre agus eolas ar theangacha, bíonn na coinníollacha sonracha ina leith éagsúil ó phróifíl go chéile. San iarratas, ba cheart duit a oiread eolais is féidir a thabhairt, a bhaineann le dualgais an phoist , i dtaobh do cháilíochtaí agus do thaithí oibre (nuair a iarrtar sin) de réir an méid atá ráite sa roinn “Na coinníollacha incháilitheachta”thuas.
|
(a) |
Dioplómaí agus/nó teastais: Caithfidh gach dioplóma, is cuma cé acu i mBallstát den Aontas nó i dtír nach Ballstát den Aontas í a eisíodh, a bheith aitheanta ag comhlacht oifigiúil de chuid Ballstáit, e.g. roinn oideachais. Cuirfidh an bord roghnúcháin san áireamh na difir idir córais oideachais. Maidir le hoideachas iar-mheánscoile agus oiliúint ghairmiúil, oiliúint theicniúil agus sainoiliúint, luaigh na hábhair a ndearnadh staidéar orthu, fad an chúrsa agus cé acu cúrsa lánaimseartha, cúrsa páirtaimseartha nó rang oíche a bhí ann. |
|
(b) |
Maidir le taithí oibre (má iarrtar sin), ní chuirfear san áireamh í ach amháin sa chás go mbaineann sí le dualgais an phoist agus más rud é:
|
1.2. Doiciméid tacaíochta
Ag céimeanna éagsúla den phróiseas roghnúcháin, iarrfar ort doiciméad oifigiúil a sholáthar a chruthaíonn do náisiúntacht (e.g. pas, cárta aitheantais), agus ní mór an doiciméad sin a bheith bailí an dáta deiridh le hiarratais a dhéanamh (i gcás iarratas ina bhfuil dhá chuid, is é dáta deiridh na chéad choda den iarratas an dáta sin).
Ní mór bunchóipeanna nó cóipeanna deimhnithe de na nithe seo a leanas a chur ar fáil i leith gach tréimhse oibre:
|
— |
doiciméid ó iarfhostóir(í) agus ó fhostóir(í) reatha ina bhfuil cineál agus leibhéal na ndualgas a rinneadh luaite, dáta tosaigh agus dáta deiridh na tréimhse, agus suaitheantas agus stampa oifigiúil an chomhlachta ar an bpáipéar mar aon le hainm agus síniú an duine a bhí i gceannas; nó |
|
— |
conradh/conarthaí fostaíochta agus an chéad duillín pá agus an duillín pá deiridh, maille le cur síos mionsonraithe ar na dualgais a rinneadh; |
|
— |
(i gcás taithí oibre gan tuarastal, e.g. féinfhostaíocht nó fostaíocht sna gairmeacha liobrálacha) sonraisc nó foirmeacha ordaithe agus na dualgais a rinneadh sonraithe iontu, nó aon doiciméad tacaíochta oifigiúil eile a bhaineann le hábhar; |
|
— |
(i gcás comórtais d’ateangairí comhdhála ina n-iarrtar taithí oibre), doiciméid a léiríonn an líon laethanta a oibríodh agus na teangacha a ndearnadh ateangaireacht astu agus go dtí iad, agus a bhain go sonrach le hateangaireacht chomhdhála. |
Is gnách nach dteastaíonn aon doiciméid tacaíochta chun d’eolas ar theangacha a chruthú, ach amháin i gcás comórtas do theangeolaithe agus sainphróifílí áirithe.
Féadfar iarraidh ort, ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin, breis eolais nó breis doiciméad a chur ar fáil. Cuirfidh EPSO in iúl duit cé na doiciméid tacaíochta nach mór duit a chur ar fáil agus cathain nach mór iad a chur ar fáil.
1.3. Comhdheiseanna agus socruithe speisialta
Má tá tú faoi mhíchumas nó má tá fadhb shláinte agat, agus go bhféadfadh sin bac a chur ort na trialacha a dhéanamh, luaigh sin i d’iarratas agus abair cé na cineálacha socruithe speisialta atá de dhíth ort. Má thagann míchumas nó fadhb shláinte ort i ndiaidh duit an t-iarratas a bhailíochtú, ní mór duit EPSO a chur ar an eolas a luaithe is féidir é ar an dóigh thíosluaite.
Tabhair do d’aire nach mór duit, chun go gcuirfear d’iarratas san áireamh, teastas ó chomhlacht stáit de chuid do Bhallstáit nó teastas dochtúra a thabhairt do EPSO. Scrúdófar do chuid doiciméad tacaíochta sa chaoi is go bhféadfar freastal réasúnta a dhéanamh ort más gá.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh le foireann inrochtana EPSO:
|
— |
trí ríomhphost (EPSO-accessibility@ec.europa.eu); |
|
— |
facs (+ 32 22998081); nó |
|
— |
tríd an bpost: |
|
An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) |
|
EPSO accessibility |
|
Avenue de Cortenbergh/Kortenberglaan 25 |
|
1049 Bruxelles/Brussels |
|
BELGIQUE/BELGIË |
2. CÉ A DHÉANFAIDH MEASÚNÚ ORM?
Ceaptar bord roghnúcháin chun iarrthóirí a chur i gcomparáid le chéile agus na hiarrthóirí is fearr díobh a roghnú ar bhonn inniúlachtaí, buanna agus cáilíochtaí, i bhfianaise na riachtanas atá leagtha amach san fhógra comórtais. Is é an bord roghnúcháin sin a chinneann leibhéal deacrachta thrialacha an chomórtais agus a fhaomhann a bhfuil iontu i bhfianaise moltaí ó EPSO.
Chun neamhspleáchas an bhoird roghnúcháin a chinntiú, tá diantoirmeasc ar iarrthóirí agus ar aon duine nach ball den bhord é iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil le haon cheann de bhaill an bhoird, ach amháin le linn trialacha ós rud é gur cuid díobh plé díreach a bheith ag iarrthóirí agus ag an mbord le chéile.
Iarrthóirí ar mian leo a gcás a mhíniú nó a gcearta a éileamh, is i scríbhinn is éigean dóibh sin a dhéanamh, agus aon chomhfhreagras atá acu do bhall ar leith de bhord roghnúcháin, is chuig EPSO is éigean dóibh é a chur. Cuirfidh EPSO an comhfhreagras ar aghaidh chuig an mbord. Tá toirmeasc ar na hiarrthóirí aon chumarsáid dhíreach nó indíreach nach gcomhlíonann na nósanna imeachta sin a dhéanamh, agus is féidir go ndícháileofar ón gcomórtas iad dá bharr.
Meastar gur coinbhleacht leasa é cóngas gaoil nó nasc ordlathach a bheith idir iarrthóir agus ball de bhord roghnúcháin, go háirithe. Iarrtar ar bhaill bord roghnúcháin aon chóngas dá leithéid a chur in iúl do EPSO a luaithe a fhaigheann siad a fhios sin. Measfaidh EPSO gach cás ar bhonn leithligh agus déanfaidh sé aon bheart is iomchuí. Mura ndéantar sin is féidir go mbeidh mar thoradh air go gcuirfear bearta araíonachta i bhfeidhm ar an mball den bhord roghnúcháin agus go ndícháileofar an t-iarrthóir ón gcomórtas (féach roinn 4.4).
Foilsítear ainmneacha baill an bhoird roghnúcháin ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu) roimh thosach an Ionaid Measúnaithe/roimh thosach chéim an mheasúnaithe.
3. CUMARSÁID
3.1. Cumarsáid a dhéanamh le EPSO
Ba cheart duit breathnú i do chuntas EPSO dhá uair sa tseachtain ar a laghad chun go mbeidh tú ar an eolas faoi dhul chun cinn atá déanta agat sa chomórtas. Mura féidir leat sin a dhéanamh de dheasca fadhb theicniúil ar thaobh EPSO, ní mór duit EPSO a chur ar an eolas faoi sin láithreach agus tríd suíomh greasáin EPSO amháin (https://epso.europa.eu/help_ga).
Forchoimeádann EPSO an ceart gan eolas a thabhairt atá tugtha go soiléir san fhógra comórtais seo, in iarscríbhinní an fhógra comórtais seo, nó ar shuíomh gréasáin EPSO, an roinn “ceisteanna coitianta”san áireamh.
I ngach comhfhreagras a bhaineann le hiarratas, iarrtar ort d’ainm a lua (an t-ainm a thug tú i do chuntas EPSO), mar aon le d’uimhir iarratais agus uimhir thagartha an phróisis roghnúcháin.
Cuireann EPSO i bhfeidhm prionsabail an Chóid um Dhea-iompraíocht Riaracháin, arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh https://ec.europa.eu/info/about-european-union/principles-and-values/ethics-and-integrity/code-conduct-eu-staff_ga. Dá réir sin, forchoimeádann EPSO an ceart deireadh a chur le haon chomhfhreagras atá míchuí (i.e. comhfhreagras atá liodánach, tarcaisneach, agus/nó nach mbaineann le hábhar).
3.2. Rochtain ar fhaisnéis
Tá cearta sonracha ag iarrthóirí sonraí áirithe a bhaineann leo go pearsanta a rochtain, cearta atá acu de bharr na hoibleagáide cúiseanna a thabhairt, ionas go bhféadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh cinntí diúltúcháin.
Ach i dteannta na hoibleagáide sin cúiseanna a thabhairt, tá rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin le cur san áireamh, rúndacht a chinntíonn neamhspleáchas an bhoird agus oibiachtúlacht an roghnaithe. Ar chúiseanna rúndachta, ní féidir an meon atá ag baill aonair de bhord roghnúcháin i leith measúnuithe ar iarrthóirí aonair ná i leith measúnuithe comparáideacha, ní féidir sin a nochtadh.
Na cearta rochtana sin, is cearta iad a bhaineann go sonrach le hiarrthóirí i gcomórtas oscailte, agus is féidir nach mbeidh aon chearta ag iarrthóirí sa bhreis ar na cearta a luaitear sa roinn seo faoin reachtaíocht atá ann maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid.
3.2.1. Faisnéis a nochtar go huathoibríoch
Gheobhaidh tú go huathoibríoch an t-eolas seo a leanas ar fad i do chuntas EPSO i ndiaidh gach céim den phróiseas roghnúcháin:
|
— |
na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire: do thorthaí agus tábla a bhfuil na freagraí a thug tú ann mar aon le huimhir nó tagairt na bhfreagraí cearta. Ní féidir, ar chúinse ar bith, rochtain a fháil ar théacs ná ar fhreagraí na gceisteanna; |
|
— |
incháilitheacht: deirtear cé acu ar tugadh cead duit páirt a ghlacadh sa chomórtas nó nár tugadh; murar tugadh an cead sin duit, deirtear cé na coinníollacha incháilitheachta nár comhlíonadh; |
|
— |
Talent Screener (an scagthóir buanna): do thorthaí agus tábla ina bhfuil ualú gach ceiste, na pointí a tugadh do na freagraí a thug tú agus do scór iomlán; |
|
— |
na réamhthrialacha: do thorthaí; |
|
— |
na trialacha idirmheánacha: do thorthaí, mura bhfuil tú ar na hiarrthóirí ar tugadh cuireadh chun na chéad chéime eile dóibh; |
|
— |
an t-ionad measúnaithe/céim an mheasúnaithe: mura bhfuil tú dícháilithe, do phas inniúlachtaí ina léireofar na marcanna foriomlána a ghnóthaigh tú i ngach inniúlacht agus ráiteas an bhoird roghnúcháin ina mbeidh aiseolas cainníochtúil agus cáilíochtúil ar a fheabhas a chruthaigh tú san ionad measúnaithe/i gcéim an mheasúnaithe. |
Is é is gnáiche nach nochtann EPSO d’iarrthóirí aon cheann de na téacsanna a úsáideadh sna trialacha ná i gcleachtaí na dtrialacha arae bíonn sé beartaithe iad sin a úsáid arís i gcomórtais eile. I gcás téacsanna áirithe, ámh, is féidir go ndéanfaidh EPSO, ar bhonn eisceachtúil, na téacsanna sin a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin, ar chuntar:
|
— |
go bhfuil na trialacha thart; |
|
— |
go bhfuil na torthaí socraithe agus gur cuireadh in iúl do na hiarrthóirí iad; agus |
|
— |
nach bhfuil sé beartaithe iad a úsáid arís i gcomórtas eile. |
3.2.2. Faisnéis a iarraidh
Is ceadmhach duit cóip neamhcheartaithe de do chuid freagraí sna trialacha scríofa a iarraidh, ar chuntar gur ceisteanna iad nach bhfuil sé beartaithe a úsáid arís i gcomórtas eile. Ní dhéanfar, ar chúinse ar bith, freagraí cás-staidéar a chur ar fáil.
Tá scripteanna ceartaithe agus na sonraí marcála, go háirithe, faoi chumhdach rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin agus ní nochtfar iad.
Féachann EPSO leis an oiread faisnéise is féidir a chur ar fáil d’iarrthóirí, i gcomhréir leis an oibleagáid atá air cúiseanna a thabhairt, le rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin agus leis na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta. Is i bhfianaise na dtosca sin a mheasfar gach iarraidh ar faisnéis.
Is tríd an roinn “teagmháil a dhéanamh linn”ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu) ba cheart gach iarraidh ar fhaisnéis a dhéanamh, laistigh de dheich lá tar éis fhoilsiú do thorthaí i do chuntas EPSO.
4. GEARÁIN AGUS DEACRACHTAÍ
4.1. Saincheisteanna teicniúla agus eagraíochtúla
Má thagann mórdheacracht theicniúil nó eagraíochtúil romhat ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin, iarrtar ort EPSO a chur ar an eolas ina thaobh sa chaoi go bhféadfar an cás a bhreathnú agus beart a dhéanamh chun é a leigheas. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn trí shuíomh gréasáin EPSO (https://epso.europa.eu/help_ga).
Iarrtar ort d’ainm (an t-ainm a thug tú i do chuntas EPSO) a lua i ngach comhfhreagras, mar aon le d’uimhir iarratais agus uimhir thagartha an phróisis roghnúcháin.
I gcás fadhb a tharla san ionad trialacha iarrtar ort:
|
— |
na feitheoirí a chur ar an eolas láithreach sa chaoi gur féidir réiteach a aimsiú san ionad féin. I gcás ar bith, iarraidh ar na feitheoirí an gearán atá agat a chur i scríbhinn; agus |
|
— |
teagmháil a dhéanamh le EPSO tráth nach déanaí ná 3 lá féilire i ndiaidh na trialach trí shuíomh gréasáin EPSO (https://epso.europa.eu/help_ga) agus cur síos gairid a thabhairt dóibh ar an bhfadhb. |
I gcás fadhb a tharla lasmuigh den ionad trialacha (e.g. fadhb a bhaineann le hiarratas nó coinne a dhéanamh), lean na treoracha i do chuntas EPSO agus ar shuíomh gréasáin EPSO nó déan teagmháil le EPSO láithreach trí shuíomh gréasáin EPSO (https://epso.europa.eu/help_ga).
I gcás fadhbanna a bhaineann le d’iarratas, ní mór duit teagmháil a dhéanamh le EPSO láithreach agus go cinnte roimh an sprioc-am le hiarratas a dhéanamh, trí shuíomh gréasáin EPSO (https://epso.europa.eu/help_ga). Má chuirtear ceist isteach níos lú ná 5 lá oibre roimh an sprioc-am le hiarratas a dhéanamh, is féidir nach bhfreagrófar roimh an sprioc-am iad.
4.2. Nósanna imeachta um athbhreithniú inmheánach
4.2.1. Earráidí sna ceisteanna ilrogha ar ríomhaire
Déanann EPSO agus na bord roghnúcháin grinnrialú cáilíochta go seasta ar an mbunachar de cheisteanna ilrogha.
Má mheasann tú nár fhéad tú ceann amháin nó níos mó de na ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a fhreagairt toisc earráid a bheith inti nó iontu, tá tú i dteideal iarraidh ar an mbord roghnúcháin an cheist nó na ceisteanna a athbhreithniú (faoin “nós imeachta neodrúcháin”).
Faoin nós imeachta sin féadfaidh an bord roghnúcháin cinneadh ar an gceist ina bhfuil an earráid a chur ar ceal agus na marcanna don cheist sin a athdháileadh ar na ceisteanna eile. Is d’iarrthóirí a raibh an cheist earráideach le freagairt acu, agus dóibh siúd amháin, a dhéanfaidh an t-athríomh pointí difear. Ní thiocfaidh aon athrú dá thoradh sin ar scéim mharcála na dtrialacha a leagtar amach sna codanna ábhartha den fhógra comórtais seo.
Ag seo an dóigh le gearán a dhéanamh faoi thriail ceisteanna ilrogha ar ríomhaire:
|
— |
nós imeachta: déan teagmháil le EPSO trí shuíomh gréasáin EPSO amháin (https://epso.europa.eu/help_ga); |
|
— |
teanga: sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 don chomórtas i gceist; |
|
— |
sprioc-am: ní mór an gearán a dhéanamh laistigh de 3 lá féilire tar éis an dáta a rinne tú na trialacha ar ríomhaire; |
|
— |
faisnéis bhreise: déan cur síos ar an gceist ionas go bhféadfar í a aithint, agus mínigh chomh soiléir agus is féidir cad í an earráid a deirtear a bheith ann. |
Iarrataí a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama nó iarrataí nach bhfuil cur síos soiléir iontu ar an gceist/ar na ceisteanna atá á conspóid/á gconspóid agus ar an earráid/na hearráidí a deirtear a bheith ann, ní chuirfear san áireamh iad.
Gearáin nach bhfuil luaite iontu, cuir i gcás, ach fadhbanna aistriúcháin a deirtear a bheith ann, agus gan aon sonraí eile tugtha, ní chuirfear san áireamh iad.
Tá an nós imeachta athbhreithniúcháin céanna i bhfeidhm maidir le hearráidí sa chleachtadh inbhosca ríomhphoist.
4.2.2. Iarrataí ar athbhreithniú
Féadfaidh tú athbhreithniú a iarraidh ar aon chinneadh a rinne an bord roghnúcháin nó EPSO lena gcinntear do thorthaí nó lena gcinntear cé acu a rachaidh tú ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas nó a dhíbreofar thú.
Is féidir iarrataí ar athbhreithniú a bheith bunaithe ar:
|
— |
míréireacht ábhartha i bpróiseas an chomórtais; agus/nó |
|
— |
an bord roghnúchán nó EPSO gan na Rialacháin Foirne, an fógra comórtais, iarscríbhinní an fhógra comórtais agus/nó an cásdlí a chomhlíonadh. |
Tabhair do d’aire nach ceadmhach duit agóid a dhéanamh in aghaidh bhailíocht aon mheasúnaithe a rinne an bord roghnúcháin ar a fheabhas a chruthaigh tú i dtriail ná in aghaidh a ábhartha atá do cháilíochtaí agus do thaithí oibre. Is breith fiúntais measúnú sin an bhoird roghnúcháin agus ní haon chruthúnas é iarrthóir a bheith ag easaontú leis an mbreith a thug an bord ar a thrialacha, a thaithí agus/nó a cháilíochtaí, ní haon chruthúnas sin go bhfuil earráid déanta ag an mbord. Ní bheidh toradh dearfach ar aon iarrataí ar athbhreithniú a dhéanfar ar an mbonn sin.
Ag seo an dóigh le hiarraidh ar athbhreithniú a dhéanamh:
|
— |
nós imeachta: déan teagmháil le EPSO trí shuíomh gréasáin EPSO amháin (https://epso.europa.eu/help_ga); |
|
— |
teanga: sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 don chomórtas i gceist; |
|
— |
sprioc-am: ní mór an iarraidh a dhéanamh laistigh de 10 lá féilire tar éis an dáta a foilsíodh an cinneadh atá á chonspóid; |
|
— |
faisnéis bhreise: luaigh go soiléir an cinneadh atá á chonspóid agat agus cúiseanna na conspóide. |
Iarrataí a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama, ní chuirfear san áireamh iad.
Laistigh de 15 lá oibre gheobhaidh tú admháil go bhfuarthas d’iarraidh. An comhlacht a rinne an cinneadh atá á chonspóid, déanfaidh sé anailís air agus déanfaidh sé cinneadh i leith d’iarrata, agus a luaithe is féidir é cuirfear freagra réasúnaithe chugat.
Más toradh dearfach a bhíonn ar d’iarraidh, cuirfear isteach sa phróiseas roghnúcháin arís thú ag an gcéim a raibh tú dulta a fhad leis nuair a díbríodh thú, is cuma cén chéim atá sroichte sa chomórtas faoin tráth sin.
4.3. Modhanna eile le conspóid a dhéanamh
4.3.1. Gearáin riaracháin
I do cháil mar iarrthóir i gcomórtas oscailte, tá sé de cheart agat gearán riaracháin a chur faoi bhráid Stiúrthóir EPSO ina cháil mar údarás ceapacháin.
Ní fhéadfaidh tú gearán a dhéanamh i gcoinne cinneadh a rinneadh, nó i gcoinne cinneadh nach ndearnadh, a bhfuil tionchar díreach láithreach aige ar do stádas dlí mar iarrthóir, ach amháin más léir gur sáraíodh rialacha an phróisis roghnúcháin. Ní féidir le Stiúrthóir EPSO breith fiúntais a thug bord roghnúcháin a chur ar ceal (féach roinn 4.2.2).
Ag seo an dóigh le gearán riaracháin a dhéanamh:
|
— |
nós imeachta: déan teagmháil le EPSO trí shuíomh gréasáin EPSO amháin (https://epso.europa.eu/help_ga); |
|
— |
teanga: sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 don chomórtas i gceist; |
|
— |
sprioc-am: laistigh de 3 mhí tar éis fógra a bheith tugtha faoin gcinneadh atá á chonspóid nó tar éis an dáta ar cheart cinneadh a bheith déanta roimhe; |
|
— |
faisnéis bhreise: luaigh go soiléir an cinneadh atá á chonspóid agat agus cúiseanna na conspóide. |
Iarrataí a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama, ní chuirfear san áireamh iad.
4.3.2. Achomhairc bhreithiúnacha
I do cháil mar iarrthóir i gcomórtas oscailte, tá sé de cheart agat achomharc breithiúnach a chur faoi bhráid na Cúirte Ginearálta, faoi Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne.
Tabhair do d’aire nach mbeidh achomhairc i gcoinne cinntí a rinne EPSO seachas an bord roghnúcháin, nach mbeidh siad inghlactha os comhair na Cúirte Ginearálta mura ndearnadh achomharc riaracháin roimhe sin faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne (féach roinn 4.3.1). Go háirithe, is amhlaidh atá i gcás cinntí a bhaineann leis na critéir incháilitheachta ghinearálta, arb é EPSO a dhéanann iad seachas an bord roghnúcháin.
Ag seo an dóigh le hachomharc breithiúnach a dhéanamh:
|
— |
nós imeachta: gabh chuig suíomh gréasáin na Cúirte Ginearálta (http://curia.europa.eu/jcms/). |
4.3.3. An tOmbudsman Eorpach
Is féidir le gach saoránach den Aontas Eorpach agus gach duine atá ina chónaí san Aontas Eorpach gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman Eorpaigh.
Sula ndéanfaidh tú sin, ní mór duit teagmháil a dhéanamh leis na hinstitiúidí agus na comhlachtaí lena mbaineann agus na foirmeáltachtaí riaracháin iomchuí a chomhlíonadh (féach ranna 4.1–4.3).
Ní bheidh mar thoradh ar ghearán a chur faoi bhráid an Ombudsman síneadh a chur leis na sprioc-amanna atá ann le gearáin riaracháin nó achomhairc bhreithiúnacha a dhéanamh.
Ag seo an dóigh le gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman:
|
— |
nós imeachta: gabh chuig suíomh gréasáin an Ombudsman Eorpaigh (http://www.ombudsman.europa.eu/). |
4.4. Dícháiliú ón bpróiseas roghnúcháin
Féadfar tú a dhícháiliú ag aon chéim den phróiseas roghnúcháin má fhaigheann EPSO amach:
|
— |
gur chruthaigh tú níos mó ná cuntas EPSO amháin; |
|
— |
go ndearna tú iarratas ar theaglaim réimsí nó próifílí nach bhfuil ceadaithe; |
|
— |
nach gcomhlíonann tú na critéir incháilitheachta ar fad; |
|
— |
go ndearna tú dearbhuithe bréagacha nó dearbhú nach raibh na doiciméid chuí mar thaca leis; |
|
— |
nach ndearna tú coinne chun ceann amháin nó níos mó de na trialacha a dhéanamh nó nach ndearna tú ceann amháin nó níos mó de na trialacha féin; |
|
— |
go ndearna tú séitéireacht i dtriail; |
|
— |
nár dhearbhaigh tú san fhoirm iarratais na teangacha nach mór a bheith agat i gcomhréir leis an bhFógra Comórtais seo, nó nár dhearbhaigh tú na híosleibhéil a theastaíonn sna teangacha sin; |
|
— |
gur fhéach tú le dul i dteagmháil le ball den bhord roghnúcháin ar dhóigh neamhúdaraithe; |
|
— |
nár chuir tú in iúl do EPSO go bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith ann a bhaineann le ball den bhord roghnúcháin; |
|
— |
gur i dteanga seachas an teanga/na teangacha a leagadh síos san fhógra comórtais a líon tú isteach d’iarratas (féadfar teanga eile a úsáid i gcásanna áirithe, e.g. ainmneacha dílse, teidil oifigiúla, teidil poist sna doiciméid tacaíocht agus in ainmneacha/teidil dioplómaí); agus/nó |
|
— |
go ndearna tú nó gur scríobh tú sainmharc i dtrialacha scríofa a mharcáiltear gan aon ainm luaite leo nó i dtrialacha praiticiúla. |
Caithfidh daoine atá ag lorg post in institiúidí an Aontais Eorpaigh a léiriú go bhfuil siad sár-ionraic. Aon duine a dhéanann calaois nó iarracht ar chalaois, is féidir go ngearrfar pionós air, rud a d’fhéadfadh é a dhéanamh neamh-incháilithe do chomórtais eile ina dhiaidh sin.
Deireadh IARSCRÍBHINN III. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.
IARSCRÍBHINN IV
SAMPLAÍ D’ÍOSCHÁILÍOCHTAÍ, DE RÉIR TÍRE AGUS GRÁID, A FHREAGRAÍONN, I bPRIONSABAL, DO NA CINN A IARRTAR SNA FÓGRAÍ COMÓRTAS
Cliceáil anseo má tá leagan soléite de na samplaí uait.
|
TÍR |
AST-SC 1 go AST-SC 6 AST 1 go AST 7 |
AST 3 go AST 11 |
AD 5 go AD 16 |
|||||||||||||
|
Oideachas meánscoile (lenar féidir leanúint ar aghaidh go dtí an t-oideachas iar-mheánscoile) |
Oideachas iar-mheánscoile (cúrsa ardoideachais nach cúrsa ollscoile é nó cúrsa gearr ollscoile a mhair 2 bhliain ar a laghad) |
Oideachas ar leibhéal ollscoile (a mhair trí bliana ar a laghad) |
Oideachas ar leibhéal ollscoile (a mhair ceithre bliana nó níos mó) |
|||||||||||||
|
Belgique — België — Belgien |
Certificat de l’enseignement secondaire supérieur (CESS)/Diploma secundair onderwijs Diplôme d'aptitude à accéder à l'enseignement supérieur (DAES)/Getuigschrift van hoger secundair onderwijs Diplôme d'enseignement professionnel/ Getuigschrift van het beroepssecundair onderwijs |
Candidature/Kandidaat Graduat/Gegradueerde Bachelor/Professioneel gerichte Bachelor |
Bachelor académique (180 crédits) Academisch gerichte Bachelor (180 ECTS) |
Licence/Licentiaat Master Diplôme d'études approfondies (DEA) Diplôme d'études spécialisées (DES) Diplôme d'études supérieures spécialisées (DESS) Gediplomeerde in de Voortgezette Studies (GVS) Gediplomeerde in de Gespecialiseerde Studies (GGS) Gediplomeerde in de Aanvullende Studies (GAS) Agrégation/Aggregaat Ingénieur industriel/Industrieel ingenieur Doctorat/Doctoraal diploma |
||||||||||||
|
България |
Диплома за завършено средно образование |
Специалист по … |
|
Диплома за висше образование Бакалавър Магистър |
||||||||||||
|
Česká republika |
Vysvědčení o maturitní zkoušce |
Vysvědčení o absolutoriu (Absolutorium) + diplomovaný specialista (DiS.) |
Diplom o ukončení bakalářského studia (Bakalář) |
Diplom o ukončení vysokoškolského studia Magistr Doktor |
||||||||||||
|
Danmark |
Bevis for: Studentereksamen Højere Forberedelseseksamen (HF) Højere Handelseksamen (HHX) Højere Afgangseksamen (HA) Bac pro: Bevis for Højere Teknisk Eksamen (HTX) |
Videregående uddannelser = Bevis for = Eksamensbevis som (erhvervsakademiuddannelse AK) |
Bachelorgrad (BA eller BS) Professionsbachelorgrad Diplomingeniør |
Kandidatgrad/Candidatus Master/Magistergrad (mag.art) Licenciatgrad ph.d.-grad |
||||||||||||
|
Deutschland |
Abitur/Zeugnis der allgemeinen Hochschulreife Fachabitur/Zeugnis der Fachhochschulreife |
|
Fachhochschulabschluss Bachelor |
Hochschulabschluss/Fachhochschulabschluss/Master Magister Artium/Magistra Artium Staatsexamen/Diplom Erstes Juristisches Staatsexamen Doktorgrad |
||||||||||||
|
Eesti |
Gümnaasiumi lõputunnistus + riigieksamitunnistus Lõputunnistus kutsekeskhariduse omandamise kohta |
Tunnistus keskhariduse baasil kutsekeskhariduse omandamise kohta |
Bakalaureusekraad (min120 ainepunkti) Bakalaureusekraad (< 160 ainepunkti) |
Rakenduskõrghariduse diplom Bakalaureusekraad (160 ainepunkti) Magistrikraad Arstikraad Hambaarstikraad Loomaarstikraad Filosoofiadoktor Doktorikraad (120–160 ainepunkti) |
||||||||||||
|
Éire/Ireland |
Ardteistiméireacht, Grád D3, I 5 ábhar/Leaving Certificate Grade D3 in 5 subjects Gairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT)/Leaving Certificate Vocational Programme (LCVP) |
Teastas Náisiúnta/National Certificate Gnáthchéim bhaitsiléara/Ordinary bachelor degree Dioplóma náisiúnta (ND, Dip.)/National diploma (ND, Dip.) Ardteastas (120 ECTS)/Higher Certificate (120 ECTS) |
Céim onóracha bhaitsiléara (3 bliana/180 ECTS) (BA, B.Sc, B.Eng)/Honours bachelor degree (3 years/180 ECTS) (BA, B.Sc, B.Eng) |
Céim onóracha bhaitsiléara (4 bliana/240 ECTS)/Honours bachelor degree (4 years/240 ECTS) Céim ollscoile/University degree Céim mháistir (60-120 ECTS)/Master’s degree (60-120 ECTS) Dochtúireacht/Doctorate |
||||||||||||
|
Ελλάδα |
Απολυτήριο Γενικού Λυκείου Απολυτήριο Κλασικού Λυκείου Απολυτήριο Τεχνικού Επαγγελματικού Λυκείου Απολυτήριο Ενιαίου Πολυκλαδικού Λυκείου Απολυτήριο Ενιαίου Λυκείου Απολυτήριο Τεχνολογικού Επαγγελματικού Εκπαιδευτηρίου |
Δίπλωμα επαγγελματικής κατάρτισης (ΙΕΚ) |
|
Πτυχίο ΑΕΙ (πανεπιστημίου, πολυτεχνείου, ΤΕΙ) Μεταπτυχιακό Δίπλωμα Ειδίκευσης (2ος κύκλος) Διδακτορικό Δίπλωμα (3ος κύκλος) |
||||||||||||
|
España |
Bachillerato + Curso de Orientación Universitaria (COU) Bachillerato BUP Diploma de Técnico especialista |
FP grado superior (Técnico superior) |
Diplomado/Ingeniero técnico |
Licenciatura Máster Ingeniero Título de Doctor |
||||||||||||
|
France |
Baccalauréat Diplôme d'accès aux études universitaires (DAEU) Brevet de technicien |
Diplôme d'études universitaires générales (DEUG) Brevet de technicien supérieur (BTS) Diplôme universitaire de technologie (DUT) Diplôme d'études universitaires scientifiques et techniques (DEUST) |
Licence |
Maîtrise Maîtrise des sciences et techniques (MST), maîtrise des sciences de gestion (MSG), diplôme d'études supérieures techniques (DEST), diplôme de recherche technologique (DRT), diplôme d'études supérieures spécialisées (DESS), diplôme d'études approfondies (DEA), master 1, master 2 professionnel, master 2 recherche Diplôme des grandes écoles Diplôme d'ingénieur Doctorat |
||||||||||||
|
Hrvatska |
Svjedodžba o državnoj maturi Svjedodžba o završnom ispitu |
Stručni pristupnik/pristupnica |
Baccalaureus/Baccalaurea (sveučilišni prvostupnik/prvostupnica) |
Baccalaureus/Baccalaurea (sveučilišni prvostupnik/prvostupnica) Stručni specijalist Magistar struke Magistar inženjer/magistrica inženjerka (mag. ing) Doktor struke Doktor umjetnosti |
||||||||||||
|
Italia |
Diploma di maturità (vecchio ordinamento) Perito ragioniere Diploma di superamento dell’esame di Stato conclusivo dei corsi di studio di istruzione secondaria superiore |
Diploma universitario (DU) Certificato di specializzazione tecnica superiore Attestato di competenza (4 semestri) |
Diploma di laurea – L (breve) |
Diploma di laurea (DL) Laurea specialistica (LS) Master di I livello Dottorato di ricerca (DR) |
||||||||||||
|
Κύπρος |
Απολυτήριο |
Δίπλωμα = Programmes offered by Public/Private Schools of Higher Education (for the latter accreditation is compulsory) Higher Diploma |
|
Πανεπιστημιακό Πτυχίο/Bachelor Master Doctorat |
||||||||||||
|
Latvija |
Atestāts par vispārējo vidējo izglītību Diploms par profesionālo vidējo izglītību |
Diploms par pirmā līmeņa profesionālo augstāko izglītību |
Bakalaura diploms (min. 120 kredītpunktu) |
Bakalaura diploms (160 kredītpunktu) Profesionālā bakalaura diploms Maģistra diploms Profesionālā maģistra diploms Doktora grāds |
||||||||||||
|
Lietuva |
Brandos atestatas |
Aukštojo mokslo diplomas Aukštesniojo mokslo diplomas |
Profesinio bakalauro diplomas Aukštojo mokslo diplomas |
Aukštojo mokslo diplomas Bakalauro diplomas Magistro diplomas Daktaro diplomas Meno licenciato diplomas |
||||||||||||
|
Luxembourg |
Diplôme de fin d’études secondaires et techniques |
BTS Brevet de maîtrise Brevet de technicien supérieur Diplôme de premier cycle universitaire (DPCU) Diplôme universitaire de technologie (DUT) |
Bachelor Diplôme d'ingénieur technicien |
Master Diplôme d'ingénieur industriel DESS en droit européen |
||||||||||||
|
Magyarország |
Gimnáziumi érettségi bizonyítvány Szakközépiskolai érettségi-képesítő bizonyítvány |
Felsőfokú szakképesítést igazoló bizonyítvány (Higher Vocational Programme) |
Főiskolai oklevél Alapfokozat (Bachelor degree 180 credits) |
Egyetemi oklevél Alapfokozat (Bachelor degree 240 credits) Mesterfokozat (Master degree) (Osztatlan mesterképzés) Doktori fokozat |
||||||||||||
|
Malta |
Advanced Matriculation or GCE Advanced level in 3 subjects (2 of them grade C or higher) Matriculation certificate (2 subjects at Advanced level and 4 at Intermediate level including Systems of Knowledge with overall grade A-C) + Passes in the Secondary Education Certificate examination at Grade 5 2 A Levels (passes A-C) + a number of subjects at Ordinary level, or equivalent |
MCAST diplomas/certificates Higher National Diploma |
Bachelor’s degree |
Bachelor’s degree Master of Arts Doctorate |
||||||||||||
|
Nederland |
Diploma VWO Diploma staatsexamen (2 diploma's) Diploma staatsexamen voorbereidend wetenschappelijk onderwijs (Diploma staatsexamen VWO) Diploma staatsexamen hoger algemeen voortgezet onderwijs (Diploma staatsexamen HAVO) |
Kandidaatsexamen Associate degree (AD) |
Bachelor (WO) HBO bachelor degree Baccalaureus of „Ingenieur” |
HBO/WO Master's degree Doctoraal examen/Doctoraat |
||||||||||||
|
Österreich |
Matura/Reifeprüfung Reife- und Diplomprüfung Berufsreifeprüfung |
Kollegdiplom/Akademiediplom |
Fachhochschuldiplom/Bakkalaureus/Bakkalaurea |
Universitätsdiplom Fachhochschuldiplom Magister/Magistra Master Diplomprüfung, Diplom-Ingenieur Magisterprüfungszeugnis Rigorosenzeugnis Doktortitel |
||||||||||||
|
Polska |
Świadectwo dojrzałości Świadectwo ukończenia liceum ogólnokształcącego |
Dyplom ukończenia kolegium nauczycielskiego Świadectwo ukończenia szkoły policealnej |
Licencjat/Inżynier |
Magister/Magister inżynier Dyplom doktora |
||||||||||||
|
Portugal |
Diploma de Ensino Secundário Certificado de Habilitações do Ensino Secundário |
|
Bacharel Licenciado |
Licenciado Mestre Doutorado |
||||||||||||
|
România |
Diplomă de bacalaureat |
Diplomă de absolvire (colegiu universitar) Învățământ preuniversitar |
Diplomă de licență |
Diplomă de licență Diplomă de inginer Diplomă de urbanist Diplomă de master Certificat de atestare (studii academice postuniversitare) Diplomă de doctor |
||||||||||||
|
Slovenija |
Maturitetno spričevalo (spričevalo o poklicni maturi) (spričevalo o zaključnem izpitu) |
Diploma višje strokovne šole |
Diploma o pridobljeni visoki strokovni izobrazbi |
Univerzitetna diploma Magisterij Specializacija Doktorat |
||||||||||||
|
Slovensko |
Vysvedčenie o maturitnej skúške |
Absolventský diplom |
Diplom o ukončení bakalárskeho štúdia (Bakalár) |
Diplom o ukončení vysokoškolského štúdia Bakalár (Bc.) Magister Magister/Inžinier ArtD. |
||||||||||||
|
Suomi/Finland |
Ylioppilastutkinto tai peruskoulu + kolmen vuoden ammatillinen koulutus – Studentexamen eller grundskola + treårig yrkesinriktad utbildning Todistus yhdistelmäopinnoista (Betyg över kombinationsstudier) |
Ammatillinen opistoasteen tutkinto – Yrkesexamen på institutnivå |
Kandidaatin tutkinto – Kandidatexamen/Ammattikorkeakoulututkinto – Yrkeshögskoleexamen (min. 120 opintoviikkoa – studieveckor) |
Maisterin tutkinto – Magisterexamen/Ammattikorkeakoulututkinto – Yrkeshögskoleexamen (min. 160 opintoviikkoa – studieveckor) Tohtorin tutkinto (Doktorsexamen) joko 4 vuotta tai 2 vuotta lisensiaatin tutkinnon jälkeen – antingen 4 år eller 2 år efter licentiatexamen Lisensiaatti/Licentiat |
||||||||||||
|
Sverige |
Slutbetyg från gymnasieskolan (3-årig gymnasial utbildning) |
Högskoleexamen (80 poäng) Högskoleexamen, 2 år, 120 högskolepoäng Yrkeshögskoleexamen/Kvalificerad yrkeshögskoleexamen, 1–3 år |
Kandidatexamen (akademisk examen omfattande minst 120 poäng, varav 60 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 10 poäng) Meriter på grundnivå: Kandidatexamen, 3 år, 180 högskolepoäng (Bachelor) |
Magisterexamen (akademisk examen omfattande minst 160 poäng, varav 80 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 20 poäng eller två uppsatser motsvarande 10 poäng vardera)
Meriter på avancerad nivå:
Meriter på forskarnivå:
|
||||||||||||
|
United Kingdom |
General Certificate of Education Advanced level — 2 passes or equivalent (grades A to E) BTEC National Diploma General National Vocational Qualification (GNVQ), advanced level Advanced Vocational Certificate of Education, A level (VCE A level) |
Higher National Diploma/Certificate (BTEC)/SCOTVEC Diploma of Higher Education (DipHE) National Vocational Qualifications (NVQ) Scottish Vocational Qualifications (SVQ) level 4 |
(Honours) Bachelor degree NB: Master’s degree in Scotland |
Honours Bachelor degree Master’s degree (MA, MB, MEng, MPhil, MSc) Doctorate |
||||||||||||
Deireadh IARSCRÍBHINN IV. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs