15.3.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

15


FÓGRA FOLÚNTAIS PE/221/S

Stiúrthóir (BEAN/FEAR) — (Grúpa Feidhme AD, grád 14)

ARD-STIÚRTHÓIREACHT AN UACHTARÁIN — AN STIÚRTHÓIREACHT UM ACMHAINNÍ

 

1.   Folúntas

Tá cinneadh déanta ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa tús a chur leis an nós imeachta chun post mar Stiúrthóir (1) (AD, grád 14) a líonadh laistigh d’Ard-Stiúrthóireacht an Uachtaráin, An Stiúrthóireacht um Acmhainní, i gcomhréir le hAirteagal 29(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (2) (dá ngairtear “na Rialacháin Foirne” anseo feasta).

Seolfar an nós imeachta roghnúcháin seo, a bhfuil sé d’aidhm aige an rogha is leithne d’iarrthóirí a thabhairt don Údarás Ceapacháin, ag an am céanna leis na nósanna imeachta inmheánacha agus idirinstitiúideacha chun poist a líonadh.

Déanfar an earcaíocht ar ghrád AD14 (3). Is é EUR 14 546,67 in aghaidh na míosa an buntuarastal. I dteannta an bhuntuarastail atá faoi réir cáin Chomhphobail agus atá díolmhaithe ó cháin náisiúnta, tá liúntais áirithe a d’fhéadfaí a íoc leis an té a cheapfar, de réir mar a leagtar amach sna Rialacháin Foirne.

Ba cheart do na hiarrthóirí a thabhairt dá n-aire go bhfuil an post seo faoi réir na rialacha maidir leis an mbeartas soghluaisteachta arna nglacadh ag Biúró Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2018.

Éilítear solúbthacht leis an bpost seo agus go ndéanfar teagmháil go rialta le daoine laistigh agus lasmuigh den Pharlaimint, go háirithe le Feisirí Pharlaimint na hEorpa. Beidh ar an Stiúrthóir taisteal go minic idir láithreacha oibre na Parlaiminte agus go dtí láithreacha eile lasmuigh díobh.

2.   Ionad fostaíochta

An Bhruiséil. D’fhéadfaí an post seo a aistriú go dtí ceann de láithreacha eile oibre Pharlaimint na hEorpa.

3.   Comhionannas deiseanna

Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa agus glacann sí le hiarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó imthosca an teaghlaigh.

4.   Cúraimí an phoist

Mar oifigeach sinsearach, beidh an Stiúrthóir freagrach as na dualgais seo a leanas, de réir na dtreoirlínte agus na gcinntí arna leagan síos ag an údarás parlaiminteach agus ag an Ard-Stiúrthóir (4):

dea-fheidhmiú roinn thábhachtach d’Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa a áirithiú, ina bhfuil roinnt aonad lena gcuimsítear réimsí inniúlachta na hArd-Stiúrthóireachta;

baill foirne a bhainistiú, a dhreasú, a spreagadh agus a chomhordú — an úsáid is fearr a bhaint as acmhainní an eintitis agus cáilíocht seirbhíse (eagar, bainistiú acmhainní daonna agus buiséadacha, nuálaíocht, etc.) a áirithiú ina réimsí gníomhaíochta;

gníomhaíochtaí na Stiúrthóireachta a phleanáil (cuspóirí a leagan amach agus straitéisí a cheapadh) — na cinntí is gá a dhéanamh chun na cuspóirí aontaithe a ghnóthú; measúnú a dhéanamh ar na seirbhísí atá ar fáil chun cáilíocht na seirbhísí sin a ráthú;

comhairle a chur ar an Ard-Stiúrthóir, ar an Ardrúnaíocht agus ar na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa sna réimsí gníomhaíochta;

comhoibriú leis na stiúrthóireachtaí éagsúla san Ardrúnaíocht, ionadaíocht a dhéanamh ar an institiúid agus conarthaí nó comhaontuithe a chaibidliú ina réimsí gníomhaíochta;

tionscadail shonracha a bhféadfadh freagrachtaí airgeadais a bheith ag gabháil leo a bhainistiú agus a thabhairt chun críche;

feidhmeanna oifigigh údaraithe trí fhotharmligean a fheidhmiú.

5.   Incháilitheacht

Tá an nós imeachta roghnúcháin seo ar oscailt d’iarrthóirí a chomhlíonann na critéir riachtanacha seo a leanas faoin dáta deiridh chun iarratas a chur isteach:

(a)   Coinníollacha ginearálta

I gcomhréir le hAirteagal 28 de na Rialacháin Foirne, ní mór do na hiarrthóirí:

a bheith ina náisiúnach de cheann amháin de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh;

a lánchearta mar shaoránach a bheith á dteachtadh acu;

a ndualgais a bheith comhlíonta acu i ndáil leis na hoibleagáidí seirbhíse míleata is infheidhme de réir dlí;

na teistiméireachtaí carachtair a bheith acu is iomchuí do na cúraimí atá i gceist a chomhlíonadh.

(b)   Coinníollacha sonracha

(i)   Cáilíochtaí, céimeanna agus an taithí ghairmiúil a éilítear

Nuair is é 4 bliana nó níos mó an ghnáth-thréimhse do chúrsa léinn san ollscoil, leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh,

nuair is é 3 bliana ar a laghad an ghnáth-thréimhse do chúrsa léinn san ollscoil, leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh, mar aon le taithí ghairmiúil iomchuí de 1 bhliain amháin ar a laghad (5) i ndiaidh na céime.

Dhá bhliain déag ar a laghad de thaithí ghairmiúil a bheith bainte amach tar éis na cáilíochtaí dá dtagraítear thuas a fháil, lena n-áirítear 6 bliana ar a laghad i ndualgais bhainistíochta.

(ii)   Eolas a éilítear

sáreolas ginearálta ar ghnóthaí Eorpacha,

tuiscint den scoth ar shaincheisteanna a bhaineann leis na beartais inmheánacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta,

tuiscint an-mhaith ar na cultúir éagsúla atá sna hinstitiúidí Eorpacha,

sáreolas ar na Conarthaí,

sáreolas ar struchtúr Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa, ar a heagar, ar a timpeallacht agus ar a geallsealbhóirí éagsúla,

sáreolas ar Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa, ar a nósanna imeachta reachtacha agus ar rialacha agus cleachtais inmheánacha,

sáreolas ar na Rialacháin Foirne, ar a léirmhíniú agus ar na rialacha a dhíorthaíonn astu,

sáreolas ar an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus ar a rialacha cur chun feidhme, agus ar rialacha inmheánacha agus forálacha eile de chuid Pharlaimint na hEorpa,

sáreolas ar chúrsaí riaracháin (gnéithe acmhainní daonna agus/nó bainistíochta agus/nó buiséid agus/nó airgeadais agus/nó na teicneolaíochta faisnéise agus/nó dlíthiúla, etc.),

sáreolas ar theicnící bainistíochta.

(iii)   Eolas ar theangacha

Ní mór eolas sármhaith ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (6), agus eolas an-mhaith ar cheann amháin eile ar a laghad de na teangacha sin a éilítear a bheith ag an iarrthóir.

Tabharfaidh an Coiste Comhairleach aird ar eolas ar theangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

(iv)   Scileanna a éilítear

bua na straitéise;

cumas ceannaireachta;

cumas pleanála chun cinn;

cumas freagairt d’athruithe;

críochnúlacht;

cumas cumarsáide.

6.   Nós imeachta roghnúcháin

Chun cabhrú leis an Údarás Ceapacháin a rogha a dhéanamh, déanfaidh an Coiste Comhairleach um oifigigh shinsearacha a cheapadh liosta a dhréachtú de na hiarrthóirí agus molfaidh sé don Bhiúró na daoine a nglaofar orthu chun agallaimh. Glacfaidh an Biúró an liosta de na daoine sin, agus seolfaidh an Coiste na hagallaimh agus cuirfidh sé a thuarascáil chríochnaitheach faoi bhráid an Bhiúró le haghaidh cinnidh. Sa chomhthéacs sin, féadfaidh an Biúró na hiarrthóirí a chur faoi agallamh.

7.   Iarratais a chur isteach

Is é an dáta deiridh chun iarratas a chur isteach ná

an 29 Márta 2018, ar 12:00 (meán lae, am na Bruiséile).

Iarrtar ar na hiarrthóirí ráiteas maidir leis an cúiseanna atá acu le cur isteach ar an bpost (a bheidh i bhformáid pdf agus é dírithe chuig Monsieur le Secrétaire général du Parlement européen, avis de recrutement numéro PE/211/S), mar aon le curriculum vitae i bhformáid Europass (7), a sheoladh trí ríomhphost, agus ar an modh sin amháin, agus tagairt don fhógra seo (PE/211/S) i líne an ábhair, chuig an seoladh ríomhphoist a leanas:

EP-SENIOR-MANAGEMENT@ep.europa.eu

agus is é dáta agus am seolta an ríomhphoist a bheidh mar fhianú air.

Is faoi na hiarrthóirí a bheidh sé a dheimhniú go mbeidh gach doiciméad scanta inléite.

Ní mór do na hiarrthóirí a gheobhaidh glaoch chun agallaimh, faoi dháta an agallaimh, na doiciméid tacaíochta a bhaineann lena staidéir, lena dtaithí ghairmiúil agus lena bhfreagrachtaí reatha a thabhairt ar aird, agus na doiciméid sin a bheith i bhfoirm cóipeanna nó fótachóipeanna amháin (8) . Ní thabharfar na doiciméid sin ar ais do na hiarrthóirí.

Déanfar na sonraí pearsanta a chuirfidh na hiarrthóirí in iúl faoin nós imeachta roghnúcháin seo a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndail le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí na Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (9).


(1)  Aon tagairt san fhógra seo do dhuine den ghnéas fireann measfar freisin gur tagairt í do dhuine den ghnéas baineann, agus a mhalairt go cruinn.

(2)  Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1) arna leasú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 723/2004 (IO L 124, 27.4.2004, lch. 1) agus arna leasú go deireanach le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (IO L 287, 29.10.2013, lch. 15).

(3)  Earcófar an t-oifigeach sa chéim is iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 32 de na Rialacháin Foirne.

(4)  Féach an Iarscríbhinn do phríomhdhualgais an phoist seo.

(5)  Ní chuirfear an bhliain sin de thaithí san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar an taithí ghairmiúil a éilítear sa chéad fhleasc eile den mhír seo.

(6)  Is iad seo teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh: an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis agus an Ungáiris.

(7)  http://europass.cedefop.europa.eu/

(8)  Ní bhaineann sé sin le hiarrthóirí atá ag obair do Pharlaimint na hEorpa ar an dáta deiridh le haghaidh iarratais.

(9)  IO L 295, 21.11. 2018, Ich.39.


IARSCRÍBHINN

ARDSTIÚRTHÓIREACHTA NA HUACHTARÁNACHTA

AN STIÚTHÓIRTHEACHT UM ACMHAINNÍ

PRÍOMHCHÚRAIMÍ

(Líon foirne iomlán 18 ngníomhaire: 15 oifigeach, 1 ghníomhaire sealadach agus 2 ghníomhaire chonarthacha)

Stiúradh, comhordú agus ceannaireacht in aonaid na Stiúrthóireachta um Acmhainní;

Cúnamh a thabhairt don Ard-Stiúrthóir, do na Stiúrthóireachtaí agus d’fhoireann na hArd-Stiúrthóireachta maidir le hacmhainní daonna, airgeadas, TF, lóistíocht, gairmoiliúint agus treoir ghairme;

Próiseáil chomhfhreagras oifigiúil Pharlaimint na hEorpa a áirithiú mar aon le cur chun feidhme an chórais bhainistithe doiciméad;

Ionadaíocht ar an Ard-Stiúrthóireacht i gcoistí agus ag cruinnithe inmheánacha agus seachtracha a áirithiú;

Feidhmeanna príomhoifigigh údaraithe trí tharmligean a chomhlíonadh.

AN TAONAD UM ACMHAINNÍ DAONNA

Bainistiú acmhainní daonna na hArd-Stiúrthóireachta (nósanna imeachta earcaíochta, soghluaisteacht, oiliúint ghairmiúil, misin foirne, nósanna imeachta measúnachta, etc.) a áirithiú;

Comhairle agus cúnamh a thabhairt maidir le gach ceist a bhaineann le hacmhainní daonna don ardbhainistíocht agus don fhoireann;

Faireachán ar orduithe le haghaidh troscáin, trealamh teileafóin agus soláthairtí oifige agus an obair lóistíochta uile (GBI/IMT) laistigh den Ard-Stiúrthóireacht a áirithiú;

Seirbhís a áirithiú maidir le treoir ghairme;

Ionadaíocht a dhéanamh ar an Ard-Stiúrthóireacht nó ar an Stiúrthóireacht i meithleacha, bíodh siad inmheánach nó idirinstitiúideach.

AN TAONAD AIRGEADAIS AGUS TF

Seiceáil bhuiséadach ex-ante a áirithiú ar gach idirbheart airgeadais agus ar na conarthaí arna ndeonú san Ard-Stiúrthóireacht;

Comhairle agus treoir a thabhairt maidir le gach ceist a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid, tairiscintí agus nósanna imeachta agus scagchuarda airgeadais, lena n-áirítear nuashonrú rialta ar lámhleabhar ar nósanna imeachta agus riaracháin chóras airgeadais FINORD agus WEBCONTRATS;

Tuarascálacha tréimhsiúla agus bliantúla maidir le gníomhaíochtaí, tuarascálacha don ardbhainistíocht maidir le cur chun feidhme an bhuiséid, tuarascálacha do sheirbhísí lárnacha na hinstitiúide agus don Ardrúnaí maidir le saincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid agus le rialú inmheánach a tharraingt suas;

Cartlannú comhad airgeadais, cartlannú leictreonach agus tarchur ar éileamh a áirithiú, mar aon le faireachán ar chomhaid lena ndeimhniú;

Ionadaíocht a dhéanamh ar an Ard-Stiúrthóireacht sna coistí agus meithleacha éagsúla i réimse an bhainistithe buiséid agus na nósanna imeachta airgeadais.

Tacaíocht theicneolaíocht na faisnéise a áirithiú: tacaíocht d’úsáideoirí bhonneagar TF na hArd-Stiúrthóireachta, anailísiú ar fhadhbanna TF agus chur chun feidhme na réiteach sonrach, de réir riachtanais na n-úsáideoirí;

Bainistiú bhonneagar teicneolaíochta na hArd-Stiúrthóireachta a áirithiú, lena n-áirítear bainistíocht ar chuntais na n-úsáideoirí, fardal agus comhordú leis an Ard-Stiúrthóireacht um Nuálaíocht agus um Thacaíocht Theicniúil (ITEC);

Bainistiú a dhéanamh ar tionscadail a bhaineann le punann tionscadal na Parlaiminte: bainistíocht ar phunainn TF, go háirithe tionscadail arna n-iarraidh (ar an Ard-Stiúrthóir/láraithe) tionscadail reatha agus feidhmchláir shonracha don Ard-Stiúrthóireacht atá ann cheana;

Straitéis TF don Ard-Striúthóireacht a fhorbairt agus rannchuidiú le straitéis TF de chuid na Parlaiminte tríd an nGrúpa Stiúrtha idir-Ard-Stiúrthóireachtaí um Theicneolaíocht na Faisnéise;

Anailísiú a dhéanamh ar riachtanais eintitis na hArd-Stiúrthóireachta, i dtaca le hiarratais ar thionscadail TF (anailís ghnó) go príomha;

Bainistiú a dhéanamh ar thionscadail dhíláraithe, arna gcur chun feidhme ag an Ard-Stiúrthóireacht, agus comhordú a dhéanamh ar thionscadail láraithe, arna gcur chun feidhme ag Ard-Stiúrthóireacht ITEC (bainistiú tionscadail).