15.5.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


Glaonna ar iarratais don tionscnamh WiFi4EU (nascacht idirlín a chur chun cinn i bpobail áitiúla), faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa i réimse na líonraí teileachumarsáide tras-Eorpacha

(Clár Oibre Leasaithe Teileachumarsáide 2017 na Saoráide um Chónascadh na hEorpa — Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2017) 7732 ón gCoimisiún)

(2018/C 168/01)

Tá an glao ar iarratais seo a leanas á sheoladh ag Ard-Stiúrthóireacht na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta sa Choimisiún Eorpach leis seo don tionscnamh WiFi4EU chun deontais a dhámhachtain ar thionscadail i gcomhréir leis na tosaíochtaí agus na cuspóirí atá leagtha amach i gClár Oibre leasaithe 2017 i réimse na líonraí teileachumarsáide tras-Eorpacha faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa.

Iarrtar iarratais a chur isteach ar an gcéad ghlao (WIFI4EU-2017-1) chun nascacht idirlín a chur chun cinn i bpobail áitiúla.

Is é EUR 17 745 000 an buiséad iomlán táscach atá ar fáil do na hiarratais a roghnófar faoin nglao seo.

Is é an 15 Meitheamh 2018 an spriocdháta le hiarratais a dhéanamh.

Ní mór iarratais don ghlao a chur isteach ar thairseach WiFi4EU: https://www.wifi4eu.eu/

Tá an doiciméadacht ábhartha don ghlao ar fáil ar shuíomh gréasáin INEA: https://ec.europa.eu/inea/en/connecting-europe-facility/cef-telecom/wifi4eu