25.4.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


FÓGRA FOLÚNTAIS PE/197/S

Tá nós imeachta roghnúcháin á eagrú ag Parlaimint na hEorpa ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha chun liosta d’iarrthóirí oiriúnacha a bhunú don phost seo a leanas:

GNÍOMHAIRE SEALADACH

OIFIGEACH GARCHOSANTA(AST 3)

(bean nó fear)

Sula ndéanfaidh tú iarratas a chur isteach, ní mór duit an Treoir d’Iarrthóirí atá ag gabháil leis an bhfógra folúntais seo a léamh go cúramach.

Tugann an treoir sin, ar cuid dhílis den fhógra folúntais í, soiléiriú ar na rialacha a rialaíonn an nós imeachta roghnúcháin agus conas iarratas a dhéanamh.

CLÁR NA nÁBHAR

A.

CÚRAIMÍ AGUS INCHÁILITHEACHT

B.

AN NÓS IMEACHTA

C.

IARRATAIS A CHUR ISTEACH

IARSCRÍBHINN:

TREOIR D’IARRTHÓIRÍ I NÓSANNA IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN A EAGRAÍONN PARLAIMINT NA hEORPA

A.   CÚRAIMÍ AGUS INCHÁILITHEACHT

1.   Faisnéis ghinearálta

Tá cinneadh déanta ag Parlaimint na hEorpa tús a chur leis an nós imeachta chun 11 phost sealadach a líonadh mar oifigeach garchosanta (1) (AST 3) — An tAonad um Shlándáil agus um Chosaint sa Stiúrthóireacht um Gharshlándáil agus um Chúnamh, Slándáil agus Sábháilteacht.

Déanfar na conarthaí ar feadh tréimhse neamhchinntithe. Déanfar an earcaíocht ar ghrád AST 3 an chéad chéim, ag a bhfuil buntuarastal de EUR 3 677,17 in aghaidh na míosa. Tá an tuarastal sin faoi réir cáin Chomhphobail agus asbhaintí eile dá bhforáiltear i gCoinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (CSE) (2). Tá sé díolmhaithe ó cháin náisiúnta. Féadfar an chéim ar a gceapfar na hiarrthóirí rathúla a oiriúnú, áfach, i gcomhréir lena dtaithí ghairmiúil. Ina theannta sin, íocfar liúntais sa bhreis ar an mbuntuarastal faoi choinníollacha áirithe.

Díreoidh earcú gníomhairí sealadacha ar sheirbhísí oifigeach a fháil don institiúid, arb oifigigh iad ag a mbeidh an caighdeán is airde cumas, éifeachtúlachta agus ionracas agus a earcófar ar an mbonn geografach is leithne is féidir as measc náisiúnaigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh. Roghnófar gníomhairí sealadacha gan beann ar chine, ar chreideamh polaitiúil, fealsúnach nó reiligiúnach, ar ghnéas nó ar ghnéaschlaonadh agus gan spleáchas dá stádas pósta nó dá stádas teaghlaigh.

2.   Cúraimí an phoist

Lonnaithe sa Bhruiséil (3), beidh ar na hoifigigh gharchosanta, faoi údarás Cheann an Aonaid um Chosaint den Stiúrthóireacht um Gharshlándáil agus um Chúnamh, Slándáil agus Sábháilteacht, a áirithiú go ndéanfar na gníomhartha iomchuí a bhainistiú agus a chur i bhfeidhm maidir le garchosaint Uachtarán Pharlaimint na hEorpa ar na trí shuíomh de Pharlaimint na hEorpa (an Bhruiséil, Lucsamburg agus Strasbourg) agus le linn dó nó di a bheith ag taisteal thar lear. D’fhéadfadh sé freisin go mbeadh ar na hiarrthóirí rathúla garchosaint do phearsantachtaí ar na trí shuíomh a áirithiú. Áireofar leis sin, de réir riachtanais na seirbhíse, a bheith rannpháirteach i gcúraimí cosanta faoi chuimsiú cuairteanna oifigiúla, léirsithe agus mórimeachtaí. Is iad na cúramaí seo a leanas, i measc cúraimí eile, a bheidh orthu:

garchosaint Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus pearsantachtaí eile a áirithiú;

foirgnimh a scrúdú roimh theacht an Uachtaráin nó pearsantachtaí eile;

misin shlándála a phleanáil, a chomhordú agus/nó a chur i gcrích (mar oifigeach garchosanta agus/nó oifigeach caidrimh slándála) i limistéir ardriosca;

socrú slándála a phleanáil i ndáil le gach foirgneamh nó imeacht ar a bhfuil an tUachtarán nó pearsantachtaí ag tabhairt cuairte sa Bheilg nó thar lear;

a bheith ar airdeall i gcónaí le linn seal oibre;

a bheith i dteagmháil i gcónaí le hoifigigh gharchosanta eile;

an tUachtarán nó pearsantachtaí a thionlacan le linn a misean sa Bheilg agus i dtíortha eile;

feithicil a thiomáint i gconbhua slándála;

oibriú i ndlúthchomhar le seirbhísí eile de chuid Pharlaimint na hEorpa (Seirbhísí Prótacail, Preasa agus Comhdhála);

aon chúraimí eile a chur i gcrích atá riachtanach ar mhaithe leis an tseirbhís mar a éilíonn an bhainistíocht.

Éilítear leis na poist seo a bheith ag taisteal go minic chuig ionaid oibre Pharlaimint na hEorpa agus chuig ionaid eile lasmuigh díobh sin.

Agus iarratas á chur isteach acu, glacann na hiarrthóirí go ndéanfar iad a chur faoi scrúduithe slándála agus faoi nósanna imeachta de chuid na tíre óstaí chun ceadúnas airm tine a fháil. Ar an mbealach céanna, glacann siad leis go ndéanfar iad a chur faoi ghnáthaimh sheiceála chun imréiteach slándála a bhaint amach (leibhéal EU secret). Déanfar na gnéithe sin (ceadúnas arm tine agus imréiteach slándála) a éileamh faoi chuimsiú na hearcaíochta.

3.   Incháilitheacht

Faoin dáta deiridh atá socraithe do na hiarratais a chur isteach, ní mór na coinníollacha seo a leanas a bheith comhlíonta ag na hiarrthóirí:

(a)

Coinníollacha ginearálta

I gcomhréir le hAirteagal 12(2) de na Rialacháin Foirne, ní mór do na hiarrthóirí:

a bheith ina náisiúnach de cheann amháin de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus a lánchearta mar shaoránach a bheith á dteachtadh acu;

a ndualgais a bheith comhlíonta acu i ndáil leis na hoibleagáidí seirbhíse míleata is infheidhme de réir dlí;

na teistiméireachtaí carachtair a bheith acu is iomchuí do na cúraimí atá i gceist a chomhlíonadh;

an leibhéal corpacmhainne a bheith acu atá riachtanach chun a gcuid feidhmeanna a dhéanamh. Ciallaíonn corpacmhainn folláine fhisiceach chomh maith le folláine mheabhrach. I bhfianaise nádúr an phoist mar oifigeach garchosanta (seicphointe slándála, forairdill post ar riosca sainithe), áirítear leis na coinníollacha corpacmhainneachta éisteacht mhaith agus radharc maith, lena n-áirítear cumas maith aitheanta dathanna.

(b)

Coinníollacha sonracha

(i)

Cáilíochtaí, dioplómaí agus an t-eolas is gá

Ní mór do na hiarrthóirí na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

ardoideachas deimhnithe le dioplóma arna sholáthar ag scoil phóilíneachta, acadamh míleata nó institiúid oiliúna stáit den chineál céanna;

leibhéal iar-bhunoideachais lena dtugtar rochtain ar oideachas tríú leibhéal mar aon le taithí ghairmiúil iomchuí de 3 bliana ar a laghad i ngarchosaint (4);

oiliúint choibhéiseach deimhnithe le dioplóma nó teastas arna soláthar ag scoil phóilíneachta, acadamh míleata nó institiúid oiliúna stáit den chineál céanna.

Ní mór do na hiarrthóirí ceadúnas tiomána B bailí a bheith acu.

(ii)

An taithí ghairmiúil is gá

Ní mór do na hiarrthóirí ar a laghad 3 bliana de thaithí ghairmiúil sa gharchosaint (an crios cosanta inmheánach do phearsantachtaí) a bheith acu agus ní mór an taithí sin a bheith faighte le linn dóibh seirbhís phoiblí slándála a dhéanamh sna 6 bliana roimh an dáta deiridh le haghaidh iarratas.

(iii)

Eolas ar theangacha

Ní mór eolas sármhaith a bheith ag na hiarrthóirí ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (teanga 1): an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis nó an Ungáiris mar aon le heolas maith ar cheann amháin eile ar a laghad de na teangacha sin (teanga 2).

Ar chúiseanna praiticiúla, ní mór go mbeadh máistreacht mhaith ar an bhFraincis agus ar an mBéarla ag na hiarratasóirí (5) (leibhéal B2 ar a laghad).

Cuirtear in iúl do na hiarrthóirí gur roghnaíodh an dá theanga do na trialacha sa nós imeachta roghnúcháin seo, eadhon an Fhraincis agus an Béarla, de réir leas na seirbhíse a éilíonn go mbeidh na hearcaigh nua in ann dul i mbun oibre láithreach agus go mbeidh siad in ann cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach san obair laethúil a bhíonn acu.

Déanfar na hiarrthóirí a earcú ar an mbonn geografach is leithne is féidir as measc náisiúnaigh Bhallstáit an Aontais.

Tá eolas ar an bhFraincis riachtanach chun na cúraimí éagsúla a bhaineann leis na misin ar na trí shuíomh de Pharlaimint na hEorpa a chomhlíonadh; go háirithe sa Bheilg ina ndéantar na príomhghníomhartha, agus sa Fhrainc mar gheall ar an lear mór gníomhartha a dhéantar le linn sheisiúin Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg. Mar gheall ar shainiúlacht an mhisin, ní mór do sheirbhísí cosanta na Beilge agus na Fraince oibriú i ndlúthchomhar lena chéile, chomh maith le hoibriú le gach comhpháirtí eachtrach atá i gceist.

Tá eolas ar an mBéarla riachtanach chun bheith in ann feidhmiú le linn gach misean eile lasmuigh de na trí shuíomh.

Dá bhrí sin, agus leas na seirbhíse agus riachtanais agus inniúlachtaí na n-iarrthóirí á gcur sa mheá, agus sainréimse an nós imeachta roghnúcháin á chur san áireamh, tá údar maith le trialacha a eagrú sna teangacha sin chun a áirithiú go mbeidh eolas go leibhéal leormhaith ag na hiarrthóirí uile ar an bhFraincis agus ar an mBéarla.

Tugann an measúnú ar na hinniúlachtaí sonracha teanga deis do Pharlaimint na hEorpa cumas na n-iarrthóirí a mheas trína gcur láithreach i dtimpeallacht atá cosúil leis an timpeallacht ina mbeidh siad ag obair amach anseo.

B.   AN NÓS IMEACHTA

Is ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha a eagrófar an nós imeachta.

Déanfaidh an t-údarás atá údaraithe chun conarthaí a thabhairt i gcrích liosta a chur le chéile d’iarrthóirí a chuir isteach a n-iarratas de réir na rialacha a leagtar síos agus faoin dáta deiridh i gcomhair iarratais agus a chomhlíonann na coinníollacha ginearálta a leagtar amach i Roinn A 3(a). Cuirfear an liosta sin ar aghaidh ina dhiaidh sin chuig an gcoiste roghnúcháin leis na comhaid iarratais (chun tuilleadh mionsonraí a fháil, léigh an Treoir d’Iarrthóirí) .

1.   Glacadh isteach chuig an nós imeachta roghnúcháin

Déanfaidh an coiste roghnúcháin na comhaid a scrúdú agus tarraingeoidh sé suas liosta de na hiarrthóirí a ghlacfar isteach sa nós imeachta roghnúcháin, ach na coinníollacha sonracha a leagtar amach i Roinn A.3(b) a bheith comhlíonta acu.

Agus scrúdú á dhéanamh aige ar na comhaid, déanfaidh an coiste roghnúcháin cinneadh bunaithe ar an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil san fhoirm iarratais, agus ar an bhfaisnéis sin amháin, agus a dtabharfaidh doiciméid tacaíochta bunús léi ( chun tuilleadh mionsonraí a fháil, léigh an Treoir d’Iarrthóirí ).

2.   Measúnú ar cháilíochtaí

Ar bhonn critéir a leagfar síos roimh ré, déanfaidh an coiste roghnúcháin measúnú ar cháilíochtaí na n-iarrthóirí a nglacfar leo sa nós imeachta roghnúcháin agus tarraingeoidh sé suas liosta de na 60 iarrthóir is fearr, a dtabharfar cuireadh dóibh trialacha corpacmhainneachta a dhéanamh.

Agus measúnú á dhéanamh ag an gcoiste roghnúcháin ar cháilíochtaí na n-iarrthóirí, tabharfaidh sé aird ar leith ar na nithe seo a leanas:

taithí a fuarthas le déanaí sa gharchosaint i seirbhís phoiblí slándála;

oiliúint sa gharchosaint i seirbhís oifigiúil;

dioplómaí ábhartha breise;

taithí ar airm thine a láimhseáil agus a gcuid dualgas á gcomhlíonadh acu;

oiliúint ghairmiúil lámhaigh arna soláthar ag údarás náisiúnta;

eolas ar theicnící cosanta;

ceadúnas tiomána de chatagóir C;

oiliúint i dteicnící maidir le feithiclí a thiomáint;

oiliúint sa gharchabhair;

eolas ar theangacha breise (nach ionann iad agus teanga 1, teanga 2, an Béarla agus an Fhraincis).

Marcanna: ó 0 go 30 pointe. Pasmharc: 15/30

3.   Trialacha

Chun measúnú a dhéanamh ar inniúlachtaí na n-iarrthóirí na cúraimí a dtugtar tuairisc orthu i Roinn A.2 a fheidhmiú, déanfar na trialacha seo a leanas a eagrú:

Trialacha Scríofa

(a)

snámh:

triail thar 100 méadar; agus

triail thar 50 méadar mar aon le mainicín a aisghabháil;

(b)

trialacha lámhaigh;

(c)

cúrsa aclaíochta agus féinchosaint.

Tabharfar cuireadh chun agallaimh do na hiarrthóirí a n-éireoidh leo sna trialacha seo.

Trialacha cainte

Agallamh leis an gcoiste roghnúcháin i bhFraincis agus i mBéarla ina ndéanfar measúnú, i bhfianaise na faisnéise uile sa chomhad iarratais, ar chumas na n-iarrthóirí na cúraimí a bhfuil tuairisc orthu i Roinn A.2 (“Cúraimí an Phoist”) a fheidhmiú. Féadfaidh an coiste roghnúcháin a chinneadh tástáil a dhéanamh ar eolas na n-iarrthóirí ar theangacha a bheidh sonraithe ina n-iarratas acu.

Uasfhad ama na trialach: 45 nóiméad.

Marcanna: ó 0 go 50 pointe. Pasmharc: 25/50

4.   Liosta d’iarrthóirí oiriúnacha

Beidh ar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha, de réir ord tuillteanais, an 30 iarrthóir ag a mbeidh na marcanna is airde san iomlán sa nós imeachta (an measúnú ar cháilíochtaí agus na trialacha) agus a mbeidh, i gcás inarb iomchuí, an íostairseach bainte amach acu.

Cuirfear gach iarrthóir go leithleach ar an eolas faoina thorthaí.

Rachaidh bailíocht an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha in éag an 31 Nollaig 2021. Féadfar bailíocht an liosta a fhadú. Sa chás go bhfadaítear bailíocht an liosta, cuirfear an méid sin in iúl luath go maith do na daoine atá ar an liosta.

Chun críocha creidiúnúcháin, caithfidh gach iarrthóir a bheidh ar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha agus a mbeidh post tairgthe dóibh na doiciméid bhunaidh uile a éilítear a chur isteach, go háirithe dioplómaí agus, i gcás inarb iomchuí, deimhnithe oibre.

Féadfar an conradh a fhoirceannadh sna cásanna seo a leanas:

mura bhfuil an t-oifigeach in ann an t-imréiteach slándála a luaitear i bpointe A.2 a fháil;

nó mura bhfuil an t-oifigeach in ann an ceadúnas arm tine a luaitear i bpointe A.2 a fháil.

C.   IARRATAIS A CHUR ISTEACH

Ní foláir go gcomhlánóidh na hiarrthóirí an fhoirm iarratais oifigiúil i mBéarla nó i bhFraincis, ar foirm í a ghabhann leis an bhfógra earcaíochta seo agus atá foilsithe san Iris Oifigiúil seo.

Iarrtar ar na hiarrthóirí an Treoir d’Iarrthóirí a léamh go cúramach sula gcomhlánóidh siad an fhoirm iarratais.

Dáta deiridh chun iarratas a chur isteach

Ní foláir an fhoirm iarratais agus fótachóipeanna de na doiciméid a sheoladh leis an bpost cláraithe (6), agus ar an tslí sin amháin, tráth nach déanaí ná an 25 Bealtaine 2018 (arna fhianú leis an bpostmharc) chuig an seoladh poist seo a leanas:

PARLEMENT EUROPÉEN

Unité Sélection des talents

Procédure de sélection PE/197/S

(ní foláir uimhir thagartha an nós imeachta roghnúcháin seo a chur in iúl)

BMT 08 A 038

60 rue Wiertz

1047 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/ BELGIË

Ní chuirfear san áireamh na hiarratais a bheidh seolta tríd an bpost neamhchláraithe nó tríd an bpost inmheánach. Ní ghlacfaidh an tAonad um Roghnú Tallainne le hiarratais a chur isteach trí lámhsheachadadh.

Ní sheolfar aon admháil go bhfuarthas na comhaid iarratais ach amháin má tá admháil fála ag gabháil leis an bpost cláraithe.

Iarrtar ar na hiarrthóirí GAN GLAO TEILEAFÓIN a dhéanamh chun eolas a fháil faoi sceideal an nós imeachta.

Is ar na hiarrthóirí atá an fhreagracht ríomhphost (PE-197-S@ep.europa.eu) nó litir a chur chuig an Aonad um Roghnú Tallainne más rud é nach bhfuil teachtaireacht le ríomhphost maidir leis an iarratas faighte acu roimh an 16 Iúil 2018.


(1)  Aon tagairt san fhógra seo do dhuine den ghnéas fireann measfar freisin gur tagairt í do dhuine den ghnéas baineann, agus a mhalairt go cruinn.

(2)  Féach Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1) arna leasú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 723/2004 (IO L 124, 27.4.2004, lch. 1) agus arna leasú go deireanach le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (IO L 287, 29.10.2013, lch. 15).

(3)  D’fhéadfaí na poist seo a aistriú go dtí ceann de na hionad oibre eile atá ag Parlaimint na hEorpa.

(4)  Ní chuirfear an taithí ghairmiúil sin san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar an taithí ghairmiúil a éilítear faoi pointe A.3(b)(ii).

(5)  Féach Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CEFR) — http://europass.cedefop.europa.eu/sites/default/files/cefr-ga.pdf

(6)  Measfar gurb ionann an comhad a sheoladh le seirbhís phríobháideach chúiréireachta agus é a sheoladh leis an bpost cláraithe. Sa chás go ndéanfar an seoladh le cuideachta phríobháideach chúiréireachta, glacfar leis an dáta ar an bhfoirm seachadta mar dháta an tseolta.


IARSCRÍBHINN

Treoir d’iarrthóirí i nósanna imeachta roghnúcháin a eagraíonn Parlaimint na hEorpa

1.

RÉAMHRÁ 8
Cén leagan amach a bhíonn ar nós imeachta roghnúcháin? 8

2.

NA CÉIMEANNA SA NÓS IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN 8
Glacadh le comhaid iarratais 8
Scrúdú an gcomhlíontar na coinníollacha ginearálta 8
Scrúdú an gcomhlíontar na coinníollacha sonracha 9
Measúnú ar cháilíochtaí 9
Trialacha 9
Liosta d’iarrthóirí oiriúnacha 10

3.

CONAS IARRATAS A DHÉANAMH? 10
Faisnéis Ghinearálta 10
Conas comhad iarratais comhlánaithe a chur isteach? 10
Cad iad na doiciméid tacaíochta nach mór a iniamh leis an gcomhad iarratais? 10
Faisnéis Ghinearálta 10
Doiciméid tacaíochta a chruthaíonn go bhfuil na coinníollacha ginearálta á gcomhlíonadh 10
Doiciméid tacaíochta a chruthaíonn go bhfuil na coinníollacha sonracha á gcomhlíonadh agus le haghaidh cáilíochtaí a mheasúnú 11

4.

CUMARSÁID 12

5.

FAISNÉIS GHINEARÁLTA 12
Comhionannas Deiseanna 12
Iarrataí ó iarrthóirí ar fhaisnéis a bhaineann leo a rochtain 12
Cosaint sonraí pearsanta 13
Speansais taistil agus cothaithe 13
IARSCRÍBHINN I 14
IARSCRÍBHINN II 18

1.   RÉAMHRÁ

Cén leagan amach a bhíonn ar nós imeachta roghnúcháin?

Sraith céimeanna atá sa nós imeachta roghnúcháin ina dtéann na hiarrthóirí in iomaíocht lena chéile; tá an nós imeachta ar oscailt do gach saoránach den Aontas Eorpach a chomhlíonann na critéir riachtanacha faoin dáta atá socraithe chun na hiarratais a chur isteach, ar nós imeachta é a thugann deis chothrom do na hiarrthóirí go léir a scileanna a léiriú agus a thugann an deis roghnú a dhéanamh bunaithe ar thuillteanas, agus ag an am céanna prionsabal na córa comhionainne á urramú.

Déantar na hiarrthóirí a n-éiríonn leo sa nós imeachta roghnúcháin a chur ar liosta d’iarrthóirí oiriúnacha as a roghnaíonn Parlaimint na hEorpa duine don phost a luaitear san fhógra folúntais.

I gcás gach nós imeachta roghnúcháin, déantar coiste roghnúcháin a cheapadh atá comhdhéanta de chomhaltaí atá ina n-ionadaithe ar an Riarachán agus ar an gCoiste Foirne. Is ar mhodh rúin a dhéantar obair an choiste roghnúcháin agus cuirtear an obair sin i gcrích i gcomhréir le hIarscríbhinn III de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (1).

Tá toirmeasc ar na hiarrthóirí aon teagmháil a dhéanamh, go díreach nó go hindíreach, leis an gcoiste roghnúcháin. Forchoimeádann an t-údarás ceapacháin an ceart gach iarrthóir a sháraíonn an treoir sin a eisiamh as an gcomórtas.

Déanann an coiste roghnúcháin na critéir incháilitheachta, arna leagan síos san fhógra folúntais, a chur i bhfeidhm go diongbháilte le linn dó cinneadh a dhéanamh maidir le gach iarrathóir i dtaobh an nglacfaidh sé lena iarratas nó nach nglacfaidh. Má glacadh le hiarrthóir i gcomórtas nó i nós imeachta roghnúcháin roimhe seo, ní hionann sin agus a rá go bhfuil siad incháilithe go huathoibríoch don nós imeachta seo.

Chun go ndéanfar na hiarrthóirí is fearr a roghnú, déanfaidh an coiste roghnúcháin comparáid idir feidhmíocht na n-iarrthóirí chun breithniú a dhéanamh ar a gcumas na cúraimí a bhfuil tuairisc orthu san fhógra a chomhall. Dá bhrí sin, ní hamháin go bhfuil ar an gcoiste an leibhéal eolais a mheas ach ní foláir dó freisin na daoine is fearr atá cáilithe don phost a aithint, bunaithe ar thuillteanas na n-iarrthóirí.

Tabhair do d’aire, le do thoil, go dtógann sé idir 6 mhí agus 9 mí nós imeachta roghnúcháin a thabhairt chun críche, ag brath ar an líon iarrthóirí.

2.   NA CÉIMEANNA SA NÓS IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN

Tá na céimeanna seo a leanas sa nós imeachta roghnúcháin:

glacadh le comhaid iarratais;

scrúdú an gcomhlíontar na coinníollacha ginearálta;

scrúdú an gcomhlíontar na coinníollacha sonracha;

measúnú ar cháilíochtaí;

trialacha;

liosta d’iarrthóirí oiriúnacha.

Glacadh le comhaid iarratais

Ní foláir do na hiarrthóirí a shocraíonn iarratas a dhéanamh comhad iarratais iomlán a chur isteach ina mbeidh an fhoirm iarratais a ghabhann leis an bhfógra folúntais, í comhlánaithe agus sínithe, agus a mbeidh gach doiciméad tacaíochta a éilítear chun a léiriú go gcomhlíontar na coinníollacha ginearálta agus na coinníollacha sonracha a leagtar amach san fhógra folúntais ag gabháil léi, nó mura ndéanfaidh siad an méid sin déanfar iad a eisiamh as an nós imeachta. Ní foláir an comhad sin a sheoladh leis an bpost cláraithe faoin spriocdháta atá leagtha síos san fhógra folúntais (measfar gurb ionann an comhad a sheoladh trí chuideachta phríobháideach chúiréireachta agus an comhad a sheoladh leis an bpost cláraithe. Sa chás go ndéantar an seoladh le cuideachta phríobháideach chúiréireachta, glacfar leis an dáta ar an bhfoirm seachadta mar dháta an tseolta). Féach Roinn C den fhógra folúntais, mar a bhfuil an seoladh agus an dáta deiridh chun iarratas a chur isteach.

Scrúdú an gcomhlíontar na coinníollacha ginearálta

Scrúdóidh an tAonad um Roghnú Tallainne an féidir glacadh leis na hiarratais, is é sin le rá, an ndearnadh na hiarratais a chur isteach ar an modh iomchuí agus faoin dáta deiridh a shonraítear san fhógra folúntais agus an gcomhlíonann na hiarrthóirí na coinníollacha ginearálta incháilitheachta.

Dá réir sin, déanfar iarrthóirí a eisiamh go huathoibríoch más rud é:

go seoltar an comhad iarratais tar éis an dáta deiridh, arna fhianú ag an bpostmharc nó le foirm seachadta na cuideachta príobháidí cúiréireachta; nó

nach seoltar an comhad iarratais leis an bpost cláraithe ná le cuideachta phríobháideach chúiréireachta; nó

nach mbaintear leas as an bhfoirm iarratais a ghabhann leis an bhfógra folúntais; nó

nach bhfuil an fhoirm iarratais a ghabhann leis an bhfógra folúntais comhlánaithe go cuí; nó

nach bhfuil an fhoirm iarratais sínithe; nó

nach gcomhlíontar na coinníollacha ginearálta incháilitheachta.

Cuirfear in iúl go díreach do na hiarrthóirí má diúltaíodh dá n-iarratas agus déanfar é sin tar éis an dáta deiridh chun iarratais a chur isteach.

Déanfaidh an t-údarás ceapacháin liosta de na hiarrthóirí a chomhlíonann na coinníollacha ginearálta a shonraítear san fhógra folúntais a tharraingt suas agus cuirfidh sé an liosta sin ar aghaidh chuig an gcoiste roghnúcháin.

Scrúdú an gcomhlíontar na coinníollacha sonracha

Déanann an coiste roghnúcháin na comhaid iarratais a scrúdú agus tarraingíonn sé suas liosta de na hiarrthóirí a chomhlíonann na coinníollacha sonracha a leagtar amach san fhógra earcaíochta. Bunóidh an coiste a chinntí go huile agus go hiomlán ar an bhfaisnéis atá tugtha san fhoirm iarratais agus a dtugann na doiciméid tacaíochta bonn cirt dóibh .

Ní foláir mionsonraí iomlána maidir le cúrsaí léinn, le hoiliúint, le heolas ar theangacha agus, más gá, le taithí ghairmiúil a bheith tugtha san fhoirm iarratais, eadhon:

i gcás cúrsaí léinn: an dáta tosaigh agus an dáta críochnaithe do gach cúrsa, mar aon leis an gcineál dioplóma nó dioplómaí, lena n-áirítear na hábhair a ndearnadh staidéar orthu;

i gcás na taithí gairmiúla a d’fhéadfadh a bheith i gceist: an dáta tosaigh agus an dáta críochnaithe do gach tréimhse iomchuí agus tuairisc bheacht ar an gcineál cúraimí a bhí le comhall.

Maidir le hiarrthóirí a bhfuil saothair léinn, ailt nó téacsanna eile foilsithe acu, agus atá ábhartha do chúraimí an phoist, ba cheart dóibh iad sin a lua san fhoirm iarratais.

Déanfar na hiarrthóirí nach gcomhlíonann na coinníollacha sonracha incháilitheachta, arna leagan síos san fhógra folúntais, a eisiamh ag an gcéim seo.

Cuirfear gach iarrthóir ar an eolas i litir i dtaobh chinneadh an choiste roghnúcháin i leith glacadh nó gan glacadh lena iarratas sa nós imeachta.

Measúnú ar cháilíochtaí

Chun iarrthóirí a roghnú a dtabharfar cuireadh chuig na trialacha dóibh, déanfaidh an coiste roghnúcháin meastóireacht ar cháilíochtaí na n-iarrthóirí a mbeidh glactha leo chuig an gcéim seo den nós imeachta. Bunóidh an coiste a chinntí go huile agus go hiomlán ar an bhfaisnéis atá tugtha sna foirmeacha iarratais agus a dtugann na doiciméid tacaíochta bonn cirt dóibh (féach Roinn 3 thíos). Bunóidh an coiste roghnúcháin a chuid oibre ar na critéir a bheidh socraithe roimh ré agus aird á tabhairt aige go háirithe ar na cáilíochtaí a shonraítear i Roinn B.2 den fhógra folúntais.

Cuirfear gach iarrthóir ar an eolas i litir i dtaobh chinneadh an choiste roghnúcháin i leith glacadh nó gan glacadh leis ag céim na dtrialacha.

Trialacha

Tá na trialacha go léir éigeantach agus tá feidhm díbeartha ag roinnt leo. Tá an líon uasta d’iarrthóirí a nglacfar leo i gcomhair na dtrialacha leagtha síos i Roinn B.2 den fhógra folúntais.

Ar chúiseanna eagraíochtúla, d’fhéadfaí a iarraidh ar na hiarrthóirí na trialacha fisiceacha agus cainte uile a dhéanamh ag an am céanna. Mar sin féin, déanfar na trialacha sin a cheartú san ord ina bhfuil siad san fhógra folúntais. Dá réir sin, mura mbaineann iarrthóir amach an marc íosta atá riachtanach i gceann de na trialacha, sa chás go bhfuil marc íosta ag gabháil leis an triail, ní mharcálann an coiste roghnúcháin na trialacha a leanann.

Más rud é nach ndéanfaidh iarrthóir na trialacha go léir, ní mharcálfar ceachtar acu.

Liosta d'iarrthóirí oiriúnacha

Ní dhéanfar ach an líon uasta iarrthóirí, mar a leagtar síos i Roinn B.4 den fhógra folúntais, a chur ar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha.

Is ionann ainm iarrthóra a bheith ar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha agus go bhféadfaidh ceann de sheirbhísí na hinstitiúide cuireadh chun agallaimh a thabhairt don duine sin, ach ní hionann é sin agus ceart ná ráthaíocht go ndéanfaidh an institiúid é a earcú.

3.   CONAS IARRATAS A DHÉANAMH?

Faisnéis Ghinearálta

Sula ndéanfar iarratas, ba cheart do na hiarrthóirí a sheiceáil go cúramach an gcomhlíonann siad na coinníollacha iontrála go léir, idir choinníollacha ginearálta agus choinníollacha sonracha, rud a chiallaíonn gur cheart dóibh ar dtús an fógra folúntais agus an treoir seo a léamh go cúramach agus aird chuí a thabhairt ar na coinníollacha a leagtar amach iontu.

Bíodh is nach bhfuil aon teorainn aoise leagtha síos sna fógraí folúntais, tugtar ar aire go bhfuil an aois scoir don fhoireann leagtha síos i Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh.

Ní foláir do na hiarrthóirí úsáid a bhaint as an bhfoirm iarratais (an leagan bunaidh nó cóip de) atá ag gabháil leis an bhfógra folúntais agus atá foilsithe san Iris Oifigiúil seo ag Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh.

Ní chuirfear san áireamh doiciméid a sheoltar i ndiaidh an dáta deiridh chun iarratas a dhéanamh.

Maidir le hiarrthóirí faoi mhíchumas nó iarrthóirí atá i gcúinsí ar leith (e.g. iad a bheith torrach nó leanbh acu atá fós á chothú ar an gcíoch, nó mar gheall go bhfuil fadhbanna sláinte acu nó go bhfuil siad faoi chóir dochtúra), ní foláir dóibh an méid sin a thabhairt le fios ar an bhfoirm iarratais agus aon fhaisnéis ábhartha a sholáthar ionas go mbeidh an córas riaracháin in ann, más féidir, bearta iomchuí a ghlacadh. Más iomchuí, ba cheart go leagfadh siad amach ina bhfoirm iarratais, ar bhileog ar leithligh, aon socruithe speisialta a mheasann siad a bheith riachtanach chun a rannpháirtíocht sna trialacha a éascú.

Conas comhad iarratais comhlánaithe a chur isteach?

1.

Comhlánaigh agus sínigh an fhoirm iarratais atá ag gabháil leis an bhfógra folúntais.

2.

Cuir faoi iamh liosta de na doiciméid tacaíochta go léir atá i gceangal leis an gcomhad, á léiriú duit cén uimhir atá tugtha do gach ceann agat.

3.

Cuir faoi iamh na doiciméid tacaíochta riachtanacha go léir, agus bíodh siad uimhrithe ar dtús agat.

4.

Cuir isteach an comhad iarratais de réir an mhodha a shonraítear san fhógra folúntais agus faoin dáta deiridh a leagtar síos san fhógra folúntais.

Cad iad na doiciméid tacaíochta nach mór a iniamh leis an gcomhad iarratais?

Faisnéis Ghinearálta

Níor cheart leagan bunaidh de na doiciméid a chur isteach; níor cheart ach fótachóipeanna nach bhfuil fíordheimhnithe de na doiciméid a éilítear a chur faoi iamh. Ní fhéadfar tagairtí do láithreáin gréasáin a mheas mar dhoiciméid tacaíochta chun na críche sin. Ní mheastar gur deimhniúcháin iad asphriontaí de leathanaigh as suíomh gréasáin, ach féadfar iad a chur faoi iamh mar fhaisnéis bhreise agus chuige sin amháin.

Tarraingítear aird na n-iarrthóirí ar an bhfíoras go mbeidh ar iarrthóirí a bheidh ar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha agus a ndéanfar post a thairiscint dóibh na leaganacha bunaidh de gach doiciméad riachtanach a thabhairt ar aird sula bhféadfar na hiarrthóirí sin a earcú.

Ní mheastar gur doiciméad tacaíochta atá in curriculum vitae.

Ní fhéadfaidh na hiarrthóirí tagairt a dhéanamh d’fhoirmeacha iarratais ná do dhoiciméid eile a cuireadh isteach mar chuid d’iarratas a rinneadh roimhe sin (2).

Ní sheolfar aon cheann de na doiciméid atá sa chomhad ar ais chuig na hiarrthóirí.

Doiciméid tacaíochta a chruthaíonn go bhfuil na coinníollacha ginearálta á gcomhlíonadh

Ní iarrtar doiciméad ar bith ag an bpointe seo chun a chruthú:

gur náisiúnach de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh iad na hiarrthóirí;

go bhfuil a lánchearta mar shaoránach á dteachtadh ag na hiarrthóirí;

go bhfuil a ndualgais comhlíonta ag na hiarrthóirí i ndáil leis na hoibleagáidí míleata is infheidhme de réir dlí;

go bhfuil na teistiméireachtaí carachtair ag na hiarrthóirí is iomchuí do na cúraimí atá i gceist a chomhlíonadh;

go bhfuil na hiarrthóirí corpacmhainneach chun na dualgais a bhaineann lena bpost a chomhlíonadh.

Ní mór do na hiarrthóirí an fhoirm iarratais a shíniú. Is leis an síniú sin a dhearbhaíonn na hiarrthóirí ar a n-onóir go bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh acu agus go bhfuil an fhaisnéis a thugann siad fíor agus iomlán.

Doiciméid tacaíochta a chruthaíonn go bhfuil na coinníollacha sonracha á gcomhlíonadh agus le haghaidh cáilíochtaí a mheasúnú

Tá ar na hiarrthóirí an fhaisnéis go léir agus na doiciméid uile a sholáthar don choiste roghnúcháin a chuirfidh ar chumas an choiste sin beachtas na faisnéise atá tugtha san fhoirm iarratais a fhíordheimhniú.

Dioplómaí agus/nó teastais

Ní foláir do na hiarrthóirí fótachóip a sholáthar de na dioplómaí nó teastais atá acu lena ndeimhnítear gur bhain siad cáilíocht amach i gcúrsa léinn ar an leibhéal a éilítear san fhógra folúntais, mar aon lena gceadúnas tiomána.

Tabharfaidh an coiste roghnúcháin aird ar chórais dhifriúla oideachais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.

Maidir le dioplómaí tríú leibhéal, ní foláir an fhaisnéis is mionsonraithe agus is féidir a chur ar fáil, go háirithe maidir leis na hábhair a ndearnadh staidéar orthu agus an tréimhse a mhair na cúrsaí, ionas go mbeidh ar chumas an choiste roghnúcháin a mheas cé chomh hábhartha do chúraimí an phoist atá na dioplómaí sin.

Maidir le hoiliúint theicniúil nó ghairmiúil, nó le cúrsaí breisoideachais nó speisialtóireachta, ní foláir do na hiarrthóirí a chur in iúl an cúrsaí lánaimseartha, cúrsaí páirtaimseartha nó ranganna oíche a bhí i gceist leo, agus na hábhair a rinneadh mar aon le fad oifigiúil na gcúrsaí a chur in iúl chomh maith.

Taithí ghairmiúil

Más rud é go n-éilítear taithí ghairmiúil san fhógra folúntais, ní chuirfear san áireamh ach amháin an taithí ghairmiúil a bheidh faighte ag an iarrthóir i ndiaidh dó an dioplóma nó an cháilíocht léinn is gá a bhaint amach. Ní foláir cruthúnas a bheith sna doiciméid tacaíochta de thréimhse agus leibhéal na taithí gairmiúla agus ní mór an cineál cúraimí a cuireadh i gcrích a thabhairt chomh mionsonraithe agus is féidir ionas go mbeidh ar chumas an choiste roghnúcháin a mheas cé chomh hábhartha do chúraimí an phoist atá an taithí ghairmiúil sin.

Ní foláir go mbeadh doiciméad tacaíochta ann le aghaidh gach tréimhse d’obair ghairmiúil lena mbaineann, mar shampla:

deimhniúcháin ó iarfhostóirí agus ón bhfostóir reatha lena ndeimhnítear an taithí ghairmiúil a éilítear chun cur isteach ar an nós imeachta roghnúcháin;

más rud é, ar chúiseanna rúndachta, nach féidir leis na hiarrthóirí na deimhniúcháin sin a chur faoi iamh, tá sé ríthábhachtach, ina n-ionad sin, go ndéantar fótachóip den chonradh oibre nó den litir earcaíochta agus/nó den chéad duillín pá agus den duillín pá deiridh agus go ndéantar an fhótachóip a chur faoi iamh;

i gcás nach thar ceann fostóra a rinneadh an obair ghairmiúil (duine féinfhostaithe, duine a ghabhann le saorghairmeacha etc.), glacfar mar chruthúnas le sonraisc ina dtugtar mionsonraí faoi na seirbhísí a soláthraíodh nó le haon doiciméad tacaíochta oifigiúil eile atá ábhartha.

Eolas ar theangacha

Ní foláir an t-eolas ar na teangacha a éilítear don phost (teanga 1, teanga 2, Fraincis agus Béarla) a bheith deimhnithe le dioplóma, le teastas nó le dearbhú ar onóir an iarrthóra, é sin á chur ar fáil ar bhileog ar leithligh, lena mínítear an chaoi ar baineadh amach an t-eolas ar na teangacha i dtrácht.

Más rud é, ag céim ar bith den nós imeachta, go ndéantar a shuíomh go bhfuil an fhaisnéis a thugtar san fhoirm iarratais mícheart nó nach bhfuil an fhaisnéis sin ag luí leis na doiciméid a éilítear chun an fhoirm iarratais a mheas nó nach bhfuil na coinníollacha uile a leagtar amach san fhógra folúntais á gcomhlíonadh, déanfar an t-iarrthóir a eisiamh as an nós imeachta.

4.   CUMARSÁID

Is ar na hiarrthóirí féin atá an mhortabháil a áirithiú go ndéantar an fhoirm iarratais (an leagan bunaidh nó cóip de), í comhlánaithe agus sínithe go cuí, mar aon leis na doiciméid tacaíochta a sheoladh leis an bpost cláraithe (3), faoin dáta deiridh chun iarratais a dhéanamh, arna fhianú ag an bpostmharc.

Ní chuirfear san áireamh na hiarratais a bheidh seolta tríd an bpost neamhchláraithe nó tríd an bpost inmheánach. Ní ghlacfaidh an tAonad um Roghnú Tallainne le hiarratais a chur isteach trí lámhsheachadadh.

Ní sheolfar aon admháil go bhfuarthas na comhaid iarratais ach amháin má tá admháil fála ag gabháil leis an bpost cláraithe.

Is faoi na hiarrthóirí féin atá sé litir nó teachtaireacht ríomhphoist a sheoladh (4) chuig an Aonad um Roghnú Tallainne más rud é, faoin dáta atá luaite sa mhír dheiridh den fhógra folúntais, nach mbeidh ríomhphost faighte acu maidir lena n-iarratas.

I ngach comhfhreagras a sheolann an t-iarrthóir maidir le hiarratas a cuireadh isteach, ní foláir go luafar an t-ainm a tugadh san fhoirm iarratais agus uimhir an nós imeachta roghnúcháin.

Déanfar an comhfhreagras go léir a sheolann Parlaimint na hEorpa maidir le nós imeachta roghnúcháin, lena n-áirítear cuireadh chuig trialacha, a sheoladh le ríomhphost chuig an seoladh a thugann an t-iarrthóir san fhoirm iarratais. Is ar an iarrthóir féin atá an mhortabháil a chuntas ríomhphoist a sheiceáil go tráthrialta (faoi dhó sa tseachtain ar a laghad) agus aon athrú ar a chuid sonraí pearsanta a chur in iúl don Aonad um Roghnú Tallainne.

Ba cheart gach cumarsáid a bhaineann leis an nós imeachta roghnúcháin a sheoladh mar theachtaireacht ríomhphoist chuig an mbosca poist feidhme:

PE-197-S@ep.europa.eu

Sa chás nach mbeidh ar chumas na n-iarrthóirí a gcuntas ríomhphoist a sheiceáil, is orthu féin atá an mhortabháil é sin a chur in iúl láithreach don Aonad um Roghnú Tallainne agus seoladh ríomhphoist nua a sholáthar don Aonad.

Chun a áirithiú go mbeidh an coiste roghnúcháin neamhspleách, tá toirmeasc ar na hiarrthóirí i gcúinse ar bith aon teagmháil a dhéanamh, go díreach nó go hindíreach, leis an gcoiste roghnúcháin agus má dhéanann siad é sin d’fhéadfaí iad a eisiamh as an nós imeachta roghnúcháin.

Ní foláir gur chuig an Aonad um Roghnú Tallainne ar a bhfuil an cúram déileáil le gach cumarsáid leis na hiarrthóirí nó go dtabharfar an nós imeachta roghnúcháin chun críche, a dhírítear gach comhfhreagras leis an gcoiste roghnúcháin agus aon iarraidh ar fhaisnéis nó aon chomhfhreagras eile a bhaineann leis an nós imeachta (4).

5.   FAISNÉIS GHINEARÁLTA

Comhionannas deiseanna

Glacann Parlaimint na hEorpa fíorchúram chun gach cineál d’idirdhealú a sheachaint.

Is fostóir comhionannais deiseanna í agus glacann sí le hiarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, a bheith i do dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.

Iarrataí ó iarrthóirí ar fhaisnéis a bhaineann leo a rochtain

Tá ceart sonrach ag na hiarrthóirí i nósanna imeachta roghnúcháin faisnéis áirithe a bhaineann leo go díreach agus go leithleach a rochtain, faoi réir na gcoinníollacha a dtugtar tuairisc anseo thíos orthu. De bhua an chirt sin, féadfaidh Parlaimint na hEorpa an fhaisnéis bhreise seo a leanas a sholáthar d’iarrthóir arna iarraidh sin dó:

a)

féadfaidh na hiarrthóirí nach bhfuair cuireadh chuig na trialacha fisiceacha, arna iarraidh sin dóibh, cóip a fháil de bhileog mheastóireachta a gcuid cáilíochtaí. Ní foláir aon iarraidh ar chóipeanna a dhéanamh laistigh de 1 mhí amháin ón dáta ar seoladh an litir ag tabhairt fógra don iarrthóir den chinneadh.

b)

féadfaidh na hiarrthóirí nach bhfuil i measc na n-iarrthóirí a dtugtar cuireadh chuig trialacha cainte dóibh, arna iarraidh sin dóibh, cóip a fháil de thorthaí na dtrialacha fisiceacha. Ní foláir aon iarraidh ar chóipeanna a dhéanamh laistigh de 1 mhí amháin ón dáta ar seoladh an litir ag tabhairt fógra don iarrthóir den chinneadh.

c)

maidir leis na hiarrthóirí ar tugadh cuireadh chuig na trialacha cainte dóibh agus nach bhfuil a n-ainm ar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha, ní chuirfear na torthaí a fuair siad sna trialacha éagsúla in iúl dóibh go dtí go mbeidh an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha tarraingthe suas ag an gcoiste roghnúcháin. Arna iarraidh sin dóibh, féadfaidh siad i leith gach ceann dá dtrialacha, cóip a fháil de bhileog mheastóireachta a gcuid trialacha. Ní foláir aon iarraidh ar chóip a dhéanamh laistigh de 1 mhí amháin ón dáta ar seoladh an litir ag tabhairt fógra don iarrthóir den chinneadh gan é a chur ar an liosta do dhaoine oiriúnacha.

d)

maidir leis na hiarrthóirí a bheidh ar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha, is é a ndéanfar a chur in iúl dóibh gur iarrthóirí iad ar éirigh leo sa nós imeachta roghnúcháin.

Déileálfar le hiarrataí i gcomhréir leis an gceanglas go ndéantar obair an choiste roghnúcháin ar mhodh rúin, amhail a leagtar síos i Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (Airteagal 6 d’Iarscríbhinn III) agus i gcomhlíonadh na rialacha maidir le cosaint daoine aonair a mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta a phróiseáil.

Cosaint sonraí pearsanta

Déanann Parlaimint na hEorpa, ina cáil mar an comhlacht atá freagrach as eagrú nósanna imeachta roghnúcháin, a áirithiú go bpróiseáiltear sonraí pearsanta na n-iarrthóirí i ndlúthchomhlíonadh Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (5), go sonrach a mhéid a bhaineann le rúndacht agus slándáil na sonraí sin.

Speansais taistil agus cothaithe

Déanfar ranníocaíocht i dtreo speansais taistil agus chothaithe na n-iarrthóirí a dtabharfar cuireadh chuig trialacha dóibh. Déanfar mionsonraí faoin nós imeachta agus na rátaí is infheidhme a thabhairt sa litir lena dtugtar cuireadh don iarrthóir chuig na trialacha.

Glacfar leis gurb é an seoladh a thabharfaidh an t-iarrthóir san fhoirm iarratais an áit óna bhfágfaidh an t-iarrthóir le dul chuig an áit ina n-iarrfar air na trialacha a dhéanamh. Maidir leis sin, ní fhéadfar aird a thabhairt ar athrú ar an seoladh a chuirfidh an t-iarrthóir in iúl tar éis do Pharlaimint na hEorpa cuirí chuig trialacha a sheoladh, ach amháin sa chás go measann an Pharlaimint go bhfuil force majeure i gceist nó gur cás é atá go hiomlán eisceachtúil.


(1)  Féach Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1), arna leasú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 723/2004 (IO L 124, 27.4.2004, lch. 1) agus arna leasú go deireanach le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (IO L 287, 29.10.2013, lch. 15).

(2)  Tá feidhm ag na coinníollacha seo maidir leis na hiarrthóirí go léir, lena n-áirítear oifigigh agus seirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh.

(3)  Measfar gurb ionann an comhad a sheoladh le seirbhís phríobháideach chúiréireachta agus é a sheoladh leis an bpost cláraithe. Sa chás go ndéantar an seoladh le cuideachta phríobháideach chúiréireachta, glacfar leis an dáta ar an bhfoirm seachadta mar dháta an tseolta.

(4)  

Seoladh: PARLEMENT EUROPÉEN, Unité de sélection des Talents — BMT 08 A 038, Procédure de sélection PE/197/S, 60 rue Wiertz, 1047 Bruxelles, Belgique.

60 rue Wiertz, 1047 Bruxelles, Belgique.

Seoladh ríomhphoist: PE-197-S@ep.europa.eu

(5)  Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach L 8, 12.1.2001, Ich.1.

IARSCRÍBHINN I

TÍR

Meánoideachas  (1) (a thugann rochtain ar ardoideachas)

Ardoideachas (Ardchúrsa neamhollscoile nó gearrchúrsa ollscoile a mhaireann tréimhse dhíthiúil de dhá bhliain ar a laghad)

Belgique – België – Belgien

Certificat de l’enseignement secondaire supérieur (CESS) / Diploma secundair onderwijs / Diplôme d'aptitude à accéder à l'enseignement supérieur (DAES) / Getuigschrift van hoger secundair onderwijs / Diplôme d'enseignement professionnel / Getuigschrift van het beroepssecundair onderwijs

Candidature – Kandidaat

Graduat – Gegradueerde

Bachelier (dit “professionnalisant” ou de “type court”)/ Professioneel gerichte Bachelor — 180 ECTS

България

Диплома за средно образование / Свидетелство за зрелост / Диплома / Диплома за завършено средно образование / Диплома за средно специално образование

Специалист по …

Česká republika

Vysvědčení o maturitní zkoušce

Vysvědčení o absolutoriu (Absolutorium) + diplomovaný specialista (DiS.)

Danmark

Bevis for: Studentereksamen

Højere Forberedelseseksamen (HF) / Højere Handelseksamen (HHX) / Højere Afgangseksamen (HA) / Bevis for Højere Teknisk Eksamen (HTX)

Videregående uddannelser = Bevis for = Eksamensbevis som (erhversakademiuddannelse AK)

Deutschland

Hochschulreife / Fachhochschulreife / Hochschulzugang für beruflich Qualifizierte Tunnistus keskhariduse baasil kutsekeskhariduse omandamise kohta

 

Eesti

Gümnaasiumi lõputunnistus + riigieksamitunnistus

Lõputunnistus kutsekeskhariduse omandamise kohta

Tunnistus keskhariduse baasil kutsekeskhariduse omandamise kohta

Éire/Ireland

Ardteistiméireacht Grád D3 i 5 ábhar / Leaving Certificate Grade D3 in 5 subjects / Gairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT) / Leaving Certificate Vocational Programme (LCVP)

Teastas Náisiúnta / National Certificate /

Céim Bhaitsiléara / Ordinary Bachelor Degree Dioplóma Náisiúnta (ND, Dip.) / National Diploma (ND, Dip.) / Dámhachtain Ardteastas Ardoideachais (120 ECTS) / Higher Certificate (120 ECTS)

Ελλάδα

α) Απολυτήριο Γενικού Λυκείου

β) Απολυτήριο Κλασικού Λυκείου

γ) Απολυτήριο Τεχνικού — Επαγγελματικού Λυκείου

δ) Απολυτήριο Ενιαίου Πολυκλαδικού Λυκείου

Απολυτήριο Ενιαίου Λυκείου / Απολυτήριο Τεχνολογικού Επαγγελματικού Εκπαιδευτηρίου / Απολυτήριο Γενικού Λυκείου / Απολυτήριο Επαγγελματικού Λυκείου

Δίπλωμα επαγγελματικής κατάρτισης (IΕΚ)

España

Bachillerato Unificado y Polivalente (BUP) + Curso de Orientación Universitaria (COU) / Bachillerato

Técnico superior / Técnico especialista

France

Baccalauréat / Diplôme d'accès aux études universitaires (DAEU) / Brevet de technicien

Diplôme d'études universitaires générales (DEUG) / Brevet de technicien supérieur (BTS) / Diplôme universitaire de technologie (DUT) / Diplôme d'études universitaires scientifiques et techniques (DEUST)

Italia

Diploma di scuola secondaria superiore (diploma di maturità o esame di Stato conclusivo dei corsi di studio di istruzione secondaria superiore))

Certificato di specializzazione tecnica superiore/attestato di competenza (4 semestri) Diploma di istruzione e formazione tecnica superiore (IFTS) / Diploma di istruzione tecnica superiore (ITS) Diploma universitario (2 anni)

Diploma di Scuola diretta a fini speciali (2 anni)

Κύπρος

Απολυτήριο

Δίπλωμα = Programmes offered by Public/Private Schools of Higher Education (for the latter accreditation is compulsory) / Higher Diploma

Latvija

Atestāts par vispārējo vidējo izglītību

Diploms par profesionālo vidējo izglītību

Diploms par pirmā līmeņa profesionālo augstāko izglītību

Lietuva

Brandos atestatas

Aukštojo mokslo diplomas

Aukštesniojo mokslo diplomas

Luxembourg

Diplôme de fin d’études secondaires et techniques

Brevet de technicien supérieur (BTS) / Brevet de maîtrise / Diplôme de premier cycle universitaire (DPCU) / Diplôme universitaire de technologie (DUT)

Magyarország

Gimnáziumi érettségi bizonyítvány / Szakközép-iskolai érettségiképesítő bizonyítvány / Érettségi bizonyítvány

Bizonyítvány felsőfokú szakképesítésről

Malta

Advanced Matriculation or GCE Advanced level in 3 subjects (2 of them grade C or higher) / Matriculation certificate (2 subjects at Advanced level and 4 at Intermediate level including systems of knowledge with overall grade A-C) + Passes in the Secondary Education Certificate examination at Grade 5 /

2 A Levels (passes A-E) + a number of subjects at Ordinary level, or equivalent

MCAST diplomas/certificates

Higher National Diploma

Nederland

Diploma VWO / Diploma staatsexamen (2 diploma’s) / Diploma staatsexamen voorbereidend wetenschappelijk onderwijs (Diploma staatsexamen VWO) / Diploma staatsexamen hoger algemeen voortgezet onderwijs (Diploma staatsexamen HAVO)

Kandidaatsexamen

Associate degree (AD)

Österreich

Matura/Reifeprüfung

Reife-und Diplomprüfung

Berufsreifeprüfung

Kollegdiplom

Akademiediplom

Polska

Świadectwo dojrzałości

Świadectwo ukończenia liceum ogólnokształcącego

Dyplom ukończenia kolegium nauczycielskiego Świadectwo ukończenia szkoły policealnej

Portugal

Diploma de Ensino Secundário/ Certificado de Habilitações do Ensino Secundário

 

Hrvatska

Svjedodžba o zavrsnom ispitu

Associate degree (AD)

Graduate specialist

Stručni Pristupnik / Pristupnica

An Rómáin

România

Diplomă de bacalaureat

Diplomă de absolvire (Colegiu universitar) învățamânt preuniversitar

Slovenija

Maturitetno spričevalo (Spričevalo o poklicni maturi) (Spričevalo o zaključnem izpitu)

Diploma višje strokovne šole

Slovensko

vysvedčenie o maturitnej skúške

absolventský diplom

Suomi

lioppilastutkinto tai peruskoulu + kolmen vuoden ammatillinen koulutus – Studentexamen eller grundskola + treårig yrkesinriktad utbildning (Betyg över avlagd yrkesexamen på andra stadiet)

Todistus yhdistelmäopinnoista (Betyg över kombinationsstudier)

Ammatillinen opistoasteen tutkinto — Yrkesexamen på institutnivå

Sverige

Slutbetyg från gymnasieskolan (3-årig gymnasial utbildning)

Högskoleexamen (80 poäng)

Högskoleexamen, 2 år, 120 högskolepoäng Yrkeshögskoleexamen/Kvalificerad yrkeshögskoleexamen, 1– 3 år

United Kingdom

General Certificate of Education Advanced level — 2 passes or equivalent (grades A to E)

BTEC National Diploma

General National Vocational Qualification (GNVQ), advanced level

Advanced Vocational Certificate of Education, A level (VCE A level)

Higher National Diploma/Certificate (BTEC)/SCOTVEC

Diploma of Higher Education (DipHE)

National Vocational Qualifications (NVQ) and Scottish Vocational Qualifications (SVQ) level 4


(1)  Déantar daoine a fhostú ar ghrúpa feidhme AST faoin gcoinníoll breise go bhfuil taithí ghairmiúil iomchuí de 3 bliana ar a laghad acu.

IARSCRÍBHINN II

IARRATAÍ AR ATHBHREITHNIÚ — ACHOMHAIRC — GEARÁIN CHUIG AN OMBUDSMAN EORPACH

Maidir le hiarrthóirí a mheasann go ndearnadh cinneadh díobhálach ina n-aghaidh, féadfaidh siad a iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcinneadh sin, féadfaidh siad nós imeachta achomhairc a thionscnamh nó féadfaidh siad gearán a thaisceadh leis an Ombudsman Eorpach (1).

Iarrataí ar athbhreithniú

Féadfaidh na hiarrthóirí a iarraidh ar an gcoiste roghnúcháin athbhreithniú a dhéanamh ar na cinntí seo a leanas:

gan glacadh isteach chuig an nós imeachta roghnúcháin

gan cuireadh a fháil chuig na trialacha fisiceacha

gan cuireadh a fháil chuig na trialacha ó bhéal.

Ní fhéadfaidh an cinneadh gan iarrthóir a chur ar an bpainéal a bheith faoi réir athbhreithniú ag an gcoiste roghnúcháin.

Ní mór na hiarrataí ar athbhreithniú a sheoladh trí ríomhphost chuig PE-197-S@ep.europa.eu laistigh de 10 lá féilire ón dáta a seolann an tAonad um Roghnú Tallainne teachtaireacht ríomhphoist chugat a chuireann an cinneadh sin in iúl duit. Seolfar freagra chugat a luaithe agus is féidir.

Achomhairc

Féadfaidh tú gearán bunaithe ar Airteagal 90(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (2), a dhíriú chuig:

M. le Secrétaire général

Parlement européen

Bât. Konrad Adenauer

2929 Luxembourg

LUXEMBOURG

Tá an rogha seo ar fáil ag gach céim den nós imeachta roghnúcháin.

Tarraingítear d’aird ar an bhfíoras go bhfuil cumhacht fhorleathan ag coistí roghnúcháin a mbreithiúnas féin a thabhairt, agus gur go neamhspleách a dhéanann siad a gcinntí agus nach féidir leis an údarás ceapacháin na cinntí sin a athrú. Ní féidir an chumhacht bhreithiúnais sin a chur faoi réir athbhreithniú ach amháin sa chás inar léir go ndearnadh sárú soiléir ar na rialacha a rialaíonn a gcuid oibre. Féadfar, dá bhrí sin, cinneadh a dhéanann coiste roghnúcháin a agóid go díreach os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh fiú amháin mura mbíonn gearán taiscthe cheana féin faoi Airteagal 90(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh.

Féadfaidh tú achomharc a dhéanamh chuig:

Tribunal de l'Union européenne

2925 Luxembourg

LUXEMBOURG,

bunaithe ar Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ar Airteagal 91 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh.

Níl an rogha seo ar fáil ach amháin maidir le cinntí a ghlacfaidh an coiste roghnúcháin.

Ní fhéadfar achomharc a dhéanamh chuig Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh i gcoinne cinntí riaracháin lena ndiúltaítear glacadh le hiarrthóir i nós imeachta roghnúcháin ar fhorais nach bhfuil an t-iarratas ag comhlíonadh na gcoinníollacha incháilitheachta a leagtar amach i Roinn B.1 den fhógra folúntais ach amháin sa chás go mbíonn gearán taiscthe ar dtús, de réir mar atá sonraithe thuas.

Ní fhéadfar achomharc chuig Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh a dhéanamh ach amháin trí dhlíodóir atá údaraithe chun cleachtadh os comhair cúirte i mBallstát den Aontas Eorpach nó sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

Tosaíonn na tréimhsí ama a leagtar síos in Airteagal 90 agus in Airteagal 91 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, a bhfuil feidhm acu maidir leis an dá chineál achomhairc, ón dáta ar tugadh fógra den chinneadh bunaidh a bhfuil éifeacht dhíobhálach aige ort nó, sa chás amháin gur iarraidh ar athbhreithniú atá i gceist, ón dáta ar tugadh fógra duit i dtaobh fhreagra bunaidh an choiste roghnúcháin ar an iarraidh sin.

Gearáin chuig an Ombudsman Eorpach

Is féidir le hiarrthóir, faoi mar is féidir le gach saoránach den Aontas Eorpach, gearán a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach:

Médiateur européen

1, avenue du Président Robert Schuman — BP 403

67001 STRASBOURG CEDEX

FRANCE,

faoi Airteagal 228(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gCinneadh 94/262/CEGC, CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 1994 maidir le rialacháin agus coinníollacha ginearálta d’fheidhmiú fheidhmeanna an Ombudsman (3).

Ba cheart do na hiarrthóirí a thabhairt dá n-aire nach bhfuil aon éifeacht fhionraitheach ag gearáin a dhéantar leis an Ombudsman ar an tréimhse ama a leagtar síos in Airteagal 91 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh maidir le hachomhairc a thaisceadh le Binse an Aontais Eorpaigh faoi Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


(1)  Ní dhéanfaidh athbhreithnithe, achomhairc ná gearáin chuig an Ombudsman Eorpach aon chur isteach ar obair an choiste roghnúcháin.

(2)  Féach Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1), arna leasú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 723/2004 (IO L 124, 27.4.2004, lch. 1) agus arna leasú go deireanach le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (IO L 287, 29.10.2013, lch. 15).

(3)  IO L 113, 4.5.1994, Ich.15.


Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image