1.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


FÓGRA FOLÚNTAIS ECA/2016/6

Ceann Slándála

(Grúpa feidhme AD, grád 10 go grád 12)

Ardrúnaíocht – Stiúrthóireacht Acmhainní Daonna, Airgeadais agus Seirbhísí Ginearálta (SG1)

 

CÉ SINNE

Is í Cúirt Iniúchóirí na hEorpa institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh a bunaíodh leis an gConradh chun cúrsaí airgeadais AE a iniúchadh. Ag gníomhú di mar iniúchóir seachtrach, cuidíonn sí le bainistiú airgeadais AE a fheabhsú agus feidhmíonn sí mar chaomhnóir neamhspleách ar leasanna airgeadais na gcáiníocóirí.

Tá an Chúirt lonnaithe i Lucsamburg.

Tá an fhoireann slándála freagrach as slándáil na hinstitiúide agus as na bearta slándála agus sábháilteachta uile a bhaineann lena cuid foirgneamh, leis an taisteal a dhéanann baill foirne ar mhisin agus as saincheisteanna eagraíochtúla maidir le sábháilteacht agus le slándáil.

A BHFUIL Á THAIRISCINT AGAINN

Tá an Chúirt tar éis cinneadh tús a chur le nós imeachta earcaíochta don phost mar Cheann Slándála ar bhonn Airteagal 29(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh. Beidh an nós imeachta roghnúcháin á reáchtáil go comhthreomhar le nósanna imeachta earcaíochta inmheánacha agus idirinstitiúideacha chun teacht ar rogha níos leithne iarrthóirí.

Is iad EUR 8 324,49, EUR 9 418,62 agus EUR 10 656,56 na buntuarastail mhíosúla do ghrád AD 10 (céim 1), AD 11 (céim 1) agus do ghrád AD 12 (céim 1) faoi seach. Faoi na coinníollacha atá leagtha síos sna Rialacháin Foirne, féadfar liúntais áirithe a chur leis an mbuntuarastal, atá faoi réir cháin AE agus atá díothaithe ó cháin náisiúnta.

A BHFUIL Á LORG AGAINN

Is é atá á lorg againn ceann dinimiciúil slándála a bhfuil 10 mbliana ar a laghad de thaithí ghairmiúil aige/aici agus a bheidh ar fáil go mion minic, lena n-áirítear ag an deireadh seachtaine agus le linn laethanta saoire poiblí.

Faoi údarás an Stiúrthóra Acmhainní Daonna, Airgeadais agus Seirbhísí Ginearálta, déanfaidh an Ceann Slándála mar a leanas:

beidh sé/sí i gceannas ar an tSeirbhís Slándála agus Sábháilteachta (Ardrúnaíocht);

cuirfidh sé/sí measúnuithe bagartha i gcrích chun a áirithiú go ndéanfar bearta iomchuí a thabhairt isteach, ar bhealach tráthúil éifeachtach, i réimse na bhfearas agus na nósanna imeachta a bhaineann le bainistiú géarchéime, lena n-áirítear gnéithe den aslonnú;

anailís rialta ar na cásanna agus na huirlisí anailísithe riosca atá aitheanta a chur i bhfeidhm;

beidh sé nó sí freagrach as an gcomhar le ranna áitiúla póilíneachta agus slándála, le comhghleacaithe ó institiúidí eile de chuid AE, le ranna slándála sna Ballstáit agus beidh sé nó sí freagrach as teagmháil ghairmiúil a fhorbairt leo freisin.

Tá an nós imeachta roghnúcháin seo oscailte d’iarrthóirí a mbeidh, ar spriocdháta an iarratais, an méid seo a leanas curtha i gcrích acu:

I gcomhréir le hAirteagal 5 de na Rialacháin Foirne:

leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa ollscoile críochnaithe acu agus sin á fhianú ag dioplóma nuair is é 4 bliana nó níos mó gnáth-thréimhse an oideachais ollscoile, nó

leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa ollscoile críochnaithe acu agus sin á fhianú ag dioplóma agus taithí ghairmiúil iomchuí bliana ar a laghad nuair is 3 bliana ar a laghad atá sa ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile, nó

nuair is léir go bhfuil sé ar mhaithe le leas na seirbhíse, oiliúint ghairmiúil go leibhéal comhionann.

Beidh eolas maith ar an mBéarla agus ar an bhFraincis riachtanach ar chúiseanna oibríochtúla; bheadh eolas ar theangacha eile ina bhuntáiste.

Ina theannta sin, ní mór do na hiarrthóirí:

taithí ghairmiúil ar ardrangaithe sna fórsaí slándála, póilíneachta nó míleata (oifigeach ardrangaithe) a bheith acu, ar taithí í a fuarthas i gceann de Bhallstáit AE tar éis dóibh na cáilíochtaí thuasluaite a bhaint amach. 10 mbliana taithí a bheidh i gceist i gcás ghrád AD 10, 12 bhliain taithí i gcás grád AD 11 agus 15 bliana taithí i gcás grád AD 12;

taithí oibríochtúil phraiticiúil a bheith acu mar cheannaire ar fhoireann maidir le foirne, foirgnimh, sócmhainní imlíne nó faisnéis a chosaint;

taithí ghairmiúil a bheith acu ar anailísí ar bhagairtí agus tuarascálacha ar bhagairtí a ullmhú;

a bheith inniúil ar theagmhálacha gairmiúla a fhorbairt le ranna póilíneachta agus slándála;

a bheith in ann feidhmiú faoi strus agus i ndálaí deacra.

Bheadh an méid seo a leanas ina bhuntáiste ag an iarrthóir:

taithí chruthaithe i limistéir ardriosca (ambasáidí, consalachtaí, eagraíochtaí idirnáisiúnta etc.);

taithí maidir le hábhar atá go hiomlán faoi rún a láimhseáil;

a bheith ábalta cur le forbairt straitéisí agus nósanna imeachta slándála;

oiliúint theicniúil shonrach i réimse na slándála;

oiliúint bhunúsach (liachta) tacaí beatha.

BEARTAS EARCAÍOCHTA

Is fostóir comhionannas deiseanna í an Chúirt agus fáiltíonn sí roimh iarratais ó iarrthóirí fireanna agus baineanna arb as an raon geografach is leithne is féidir dóibh as measc Bhallstáit an Aontais Eorpaigh. Cuireann an Chúirt bearta ar fáil chun réiteach a dhéanamh idir an saol gairmiúil agus an saol príobháideach agus féadfaidh sí socruithe a dhéanamh san ionad oibre do dhaoine a bhfuil míchumas orthu.

COINNÍOLLACHA EARCAÍOCHTA

I gcomhréir le hAirteagal 28 de na Rialacháin Foirne, ní mór don té a roghnófar:

a bheith ina náisiúnach de Bhallstát AE;

a bheith i dteideal a chearta/a cearta iomlána mar shaoránach;

aon oibleagáidí a chuirtear orthu leis na dlíthe earcaíochta a bhaineann leis an tseirbhís mhíleata a bheith comhlíonta aige/aici;

na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn i leith na ndualgas atá i gceist.

NÓS IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN

Scrúdóidh painéal earcaíochta na hiarratais incháilithe. Tar éis an scrúdú sin a dhéanamh, iarrfar ar an 10 n-iarrthóir (ar a mhéad) is fearr cás-staidéar a ullmhú, rud a chuirfidh siad i láthair ansin ag an agallamh.

Ag deireadh an nós imeachta seo, déanfaidh an painéal liosta ionadaithe a dhréachtú den sé iarrthóir is fearr a chomhlíonann na critéir a leagtar síos san fhógra folúntais seo, de réir ord aibítre.

Beidh an liosta sin bailí go dtí an 31 Nollaig 2017 agus féadfar é a athnuachan.

IARRATAS A SHEOLADH ISTEACH

Caithfidh na hiarratais a bheith scríofa i mBéarla nó i bhFraincis agus caithfear iad a sheoladh trí ríomhphost chuig an seoladh seo a leanas: vacancies@eca.europa.eu.

Luaigh an tagairt don fhógra folúntais seo i líne an ábhair. Gabhfaidh na doiciméid seo a leanas leis na hiarratais:

litir iarratais nach faide ná leathanach amháin ar a mhéad í;

CV cothrom le dáta nach faide ná trí leathanach ar a mhéad é i bhformáid “Europass” (féach: http://europass.cedefop.europa.eu);

An dearbhú foirmiúil atá i gceangal leis seo, agus é comhlíonta, sínithe agus dátaithe mar is cuí;

Dhá litir mholta ó phoist a bhí ag an iarrthóir roimhe seo.

Diúltófar d’aon iarratas nach mbeidh ag cloí go docht leis na treoracha seo.

Is é meán lae an 30 Meitheamh 2016 sprioc-am an iarratais.

ATHBHREITHNIÚ A IARRAIDH – NÓSANNA IMEACHTA ACHOMHAIRC – GEARÁIN A DHÉANAMH LEIS AN OMBUDSMAN EORPACH

Má mheasann tú, tráth ar bith le linn an nós imeachta roghnúcháin, go bhfuil tú thíos le cinneadh éigin a rinneadh, féadfaidh tú dul i muinín na modhanna seo a leanas:

ATHBHREITHNIÚ A IARRAIDH AR NA CINNTÍ A RINNE AN BORD RÉAMHROGHNÚCHÁIN

Laistigh de 10 lá ón dáta a bheidh ar an teachtaireacht lena dtugtar fógra faoi chinneadh a rinne an bord réamhroghnúcháin, féadfaidh tú iarratas i scríbhinn a thíolacadh chun go ndéanfar athbhreithniú ar an gcinneadh, ina leagfar amach na cúiseanna atá le d’iarratas. Ní foláir é sin a chur chuig an seoladh ríomhphoist seo: vacancies@eca.europa.eu

AN NÓS IMEACHTA ACHOMHAIRC

Is féidir leat gearán a thaisceadh i gcoinne cinneadh ón Údarás Ceapacháin, faoi Airteagal 90(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, laistigh de 3 mhí tar éis fógra a fháil faoin gcinneadh sin, chuig:

Cúirt Iniúchóirí na hEorpa

An tArd-Rúnaí

12, rue Alcide de Gasperi

L-1615 Lucsamburg

LUCSAMBURG

Is féidir leat achomharc breithiúnach a chur isteach faoi Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne chuig:

Binse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh

Rue du Fort Niedergrünewald

2925 Lucsamburg

LUCSAMBURG

GEARÁIN CHUIG AN OMBUDSMAN EORPACH

Is féidir, ar aon dul le gach saoránach eile de chuid AE, gearán a dhéanamh le:

An tOmbudsman Eorpach

1 avenue du Président Robert Schuman – BP 403

67001 Strasbourg Cedex

AN FHRAINC

faoi Airteagal 228(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i gCinneadh 94/262/CEGC, CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 1994 maidir leis na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman (1).

Tabhair faoi deara, maidir le gearáin a thíolacfar don Ombudsman Eorpach, nach mbeidh éifeacht fionraíochta ar bith acu maidir leis an tréimhse a leagtar síos in Airteagal 90(2) agus in Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne i ndáil le gearáin nó achomhairc a thíolacadh do Bhinse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh faoi Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

COSAINT SONRAÍ

I gcomhréir le hAirteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (2), ní dhéanfaidh an Chúirt sonraí pearsanta a phróiseáil ach amháin chun na gcríoch dá ndearnadh iad a sholáthar.


(1)  IO L 113, 4.5.1994, lch. 15.

(2)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.


Image

Image

Image

Image

Image

Image