12.5.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


FÓGRA COMÓRTAIS OSCAILTE

EPSO/AD/322/16

Riarthóirí i réimse na hiniúchóireachta (AD 5/AD 7)

Ní foláir clárú faoin sprioc-am seo: 14 Meitheamh 2016 ar 12 a chlog (meán lae), am na Bruiséile.

Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtas oscailte ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha chun painéil a thiomsú óna ndéanfaidh institiúidí an Aontais Eorpaigh, go háirithe an Coimisiún Eorpach sa Bhruiséil agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa i Lucsamburg, baill nua den tseirbhís shibhialta a earcú mar “riarthóirí” (grúpa feidhme AD).

Is iad an fógra comórtais seo agus na Rialacha Ginearálta maidir le Comórtais Oscailte, arna bhfoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 70 A an 27 Feabhra 2015 (http://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=OJ:C:2015:070A:TOC), creat dlí ceangailteach an nós imeachta roghnúcháin seo. Féach, áfach, nach bhfuil feidhm ag Iarscríbhinn II de na rialacha ginearálta sin maidir leis an gcomórtas seo. Ina ionad sin, tá feidhm ag Iarscríbhinn II atá ag gabháil leis an bhfógra comórtais seo.

An líon iarrthóirí atá á lorg do na painéil:

Grád AD 5: 71

Grád AD 7: 15

Cuimsíonn an fógra seo dhá ghrád. Ní féidir iarratas a dhéanamh ach ar aon ghrád amháin . Ní mór an rogha a dhéanamh tráth an chlárúcháin ar líne agus ní féidir an rogha sin a athrú i ndiaidh duit d’iarratas ar líne a bhailíochtú. Mar sin féin, i gcásanna áirithe (féach pointe 2), féadfaidh an bord roghnúcháin d’iarratas ar ghrád AD 7 a aistriú chuig grád AD 5.

DUALGAIS AN PHOIST

Is é is aidhm don chomórtas seo riarthóirí i réimse na hiniúchóireachta a earcú.

In institiúidí an Aontais Eorpaigh, is é an príomhchúram a bhíonn ar riarthóirí tacú le lucht déanta cinntí.

Maidir le hiniúchóirí, is é a bhíonn de chúram orthu siúd faisnéis a thabhairt do lucht bainistíochta na heagraíochta ina bhfuil siad ag obair trí iniúchtaí a dhéanamh i raon leathan de réimsí beartais an Aontais Eorpaigh agus scrúdú a dhéanamh féachaint an bhfuil dlíthe agus rialacha rialála á gcomhlíonadh agus an bhfuil luach ar airgead á fháil.

Déanann siad measúnú ar eagraíochtaí ó thaobh bainistiú rioscaí, rialú agus feidhmiú próiseas inmheánach. Bíonn na hiniúchtaí a dhéantar an-éagsúil ó chéile ó thaobh scóipe agus cineáil, agus ó thaobh na bpróiseas riaracháin agus oibríochtúil a chlúdaíonn siad.

Féadfar iarraidh ar iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh i dtíortha éagsúla san Aontas Eorpach agus lasmuigh de.

Cuireann iniúchóirí seirbhísí comhairliúcháin ar fáil freisin agus tugann siad comhairle don lucht bainistíochta i dtaobh conas córais agus próisis a fheabhsú.

Tá tuilleadh eolais in IARSCRÍBHINN I faoi phríomhdhualgais an phoist.

NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA

Ní mór d’iarrthóirí na coinníollacha seo UILE a chomhlíonadh nuair a bheidh siad ag bailíochtú a n-iarratais:

Coinníollacha ginearálta

A gcearta mar shaoránach de Bhallstát den Aontas Eorpach a theachtadh

Aon oibleagáidí i dtaca le seirbhís mhíleata atá orthu de réir an dlí náisiúnta a chomhlíonadh

Na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun dualgais an phoist a dhéanamh

Coinníollacha sonracha: teangacha

Teanga 1: leibhéal C1 ar a laghad i dteanga de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh

Teanga 2: leibhéal B2 ar a laghad sa Bhéarla, sa Fhraincis, nó sa Ghearmáinis (an teanga a roghnaítear mar theanga 1, ní féidir í a roghnú mar theanga 2 freisin)

Tá tuilleadh eolais i dtaobh leibhéil teanga i gComhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha

(https://europass.cedefop.europa.eu/en/resources/european-language-levels-cefr)

Ní mór an fhoirm iarratais a líonadh isteach i mBéarla, i bhFraincis nó i nGearmáinis .

Ní mór an Béarla, an Fhraincis, nó an Ghearmáinis a roghnú mar theanga 2. Is iad sin príomhtheangacha oibre institiúidí an Aontais Eorpaigh agus, ar mhaithe leis an tseirbhís, caithfidh earcaigh nua bheith ábalta dul i mbun oibre láithreach agus cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach le linn na hoibre laethúla i gceann amháin ar a laghad de na teangacha sin.

Tá tuilleadh eolais in IARSCRÍBHINN II ar roghanna teanga an chomórtais seo.

Coinníollacha sonracha: cáilíochtaí agus taithí oibre

Grád AD 5:

Oideachas is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile a mhair 3 bliana ar a laghad agus dioplóma san iniúchóireacht, san eacnamaíocht, sa chuntasaíocht, san airgeadas, sa riarachán gnó, agus/nó san fhaisnéisíocht bainte amach ag a dheireadh.

Cáilíocht ghairmiúil ar leibhéal is comhionann le leibhéal an chúrsa atá luaite thuas, san iniúchóireacht, san eacnamaíocht, sa chuntasaíocht, san airgeadas, sa riarachán gnó, agus/nó san fhaisnéisíocht.

Grád AD 7:

1.

Oideachas is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile a mhair 4 bliana ar a laghad agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh, agus taithí oibre ábhartha 6 bliana ar a laghad a fuarthas ina dhiaidh sin agus ar bhain 3 bliana ar a laghad de leis an iniúchóireacht (iniúchóireacht inmheánach nó sheachtrach, iniúchóireacht teicneolaíochta faisnéise san áireamh).

2.

Cáilíocht ghairmiúil ar leibhéal is comhionann le leibhéal an chúrsa atá luaite i bpointe 1 thuas agus taithí oibre ábhartha 6 bliana ar a laghad a fuarthas ina dhiaidh sin agus ar bhain 3 bliana ar a laghad de leis an iniúchóireacht (iniúchóireacht inmheánach nó sheachtrach, iniúchóireacht teicneolaíochta faisnéise san áireamh).

3.

Oideachas is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile a mhair 3 bliana ar a laghad agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh, agus taithí oibre ábhartha 7 mbliana ar a laghad a fuarthas ina dhiaidh sin agus ar bhain 4 bliana ar a laghad de leis an iniúchóireacht (iniúchóireacht inmheánach nó sheachtrach, iniúchóireacht teicneolaíochta faisnéise san áireamh).

4.

Cáilíocht ghairmiúil ar leibhéal is comhionann leis an gcúrsa atá luaite i bpointe 3 thuas agus taithí oibre ábhartha 7 mbliana ar a laghad a fuarthas ina dhiaidh sin agus ar bhain 4 bliana ar a laghad de le réimse na hiniúchóireachta (iniúchóireacht inmheánach nó sheachtrach, iniúchóireacht teicneolaíochta faisnéise san áireamh)

Tá tuilleadh eolais i dtaobh dioplómaí in Iarscríbhinn I atá ag gabháil leis na Rialacha Ginearálta maidir le Comórtais Oscailte

(http://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=OJ:C:2015:070A:TOC)

CONAS A DHÉANFAR AN ROGHNÚ

1)    Na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire

Má sháraíonn an líon iarrthóirí tairseach áirithe i ngach grád, tairseach a shocraíonn EPSO ina cháil mar Údarás Ceapacháin, tabharfar cuireadh do gach iarrthóir a bhailíochtaigh a fhoirm iarratais faoin sprioc-am sraith de thrialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a dhéanamh i gceann d’ionaid chreidiúnaithe EPSO.

Má bhíonn an líon iarrthóirí faoi bhun na tairsí sin , is san ionad measúnaithe (féach pointe 3) a bheidh na trialacha ar siúl.

Eagrófar na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire mar seo a leanas:

Triail

Teanga

Líon ceisteanna

Fad ama

Pasmharc

Réasúnaíocht bhriathartha

Teanga 1

20 ceist

35 nóiméad

10/20

Réasúnaíocht uimhriúil

Teanga 1

10 gceist

20 nóiméad

An réasúnaíocht uimhriúil agus an réasúnaíocht theibí le chéile: 10/20

Réasúnaíocht theibí

Teanga 1

10 gceist

10 nóiméad

Is trialacha díbeartha na trialacha thuas agus ní chuirfear na marcanna a ghnóthófar iontu le marcanna na dtrialacha eile a dhéanfar san ionad measúnaithe.

2)    Roghnú ar bhonn cáilíochtaí

I dtús báire, déanfar na coinníollacha incháilitheachta a sheiceáil trí scrúdú a dhéanamh ar an eolas a thug na hiarrthóirí san iarratas ar líne. Tá dhá chás is féidir a bheith ann an tráth sin:

Má bhíonn na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire ar siúl roimh ré , déanfar seiceáil incháilitheachta ar chomhaid na n-iarrthóirí ar bhonn na marcanna a gnóthaigh siad sna trialacha sin, in ord íslitheach, go dtí go sroichfear tairseach áirithe atá socraithe do gach grád ag EPSO ina cháil mar Údarás Ceapacháin. Ní dhéanfar na comhaid eile a sheiceáil.

Mura mbíonn na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire ar siúl roimh ré , déanfar seiceáil incháilitheachta ar chomhaid na n-iarrthóirí ar fad.

Iarrthóirí ar ghrád AD 7: le linn na seiceála incháilitheachta, féadfaidh an bord roghnúcháin d’iarratas a aistriú chuig grád AD 5 sna cásanna seo a leanas:

má bhí na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire ar siúl roimh ré: tá an marc a ghnóthaigh tú ceann ar cheann de na marcanna foriomlána is airde do ghrád AD 7, agus

de réir an eolais atá i d’iarratas, ní chomhlíonann tú coinníollacha incháilitheachta ghrád AD 7, ach comhlíonann tú coinníollacha incháilitheachta ghrád AD 5, agus

thoiligh tú le haistriú d’iarratais chuig AD 5, tráth a rinne tú d’iarratas, agus

má bhí na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire ar siúl roimh ré: tá an marc a ghnóthaigh tú ar cheann de na marcanna foriomlána is airde do ghrád AD 5 freisin.

Sa chás sin, measfar gur iarrthóir ar ghrád AD 5 thú don chuid eile den nós imeachta roghnúcháin.

Ansin, i gcás na n-iarrthóirí incháilithe a roghnaíodh ar an dóigh a bhfuil cur síos thuas uirthi, agus ina gcás siúd amháin , déanfar an roghnú ar bhonn cáilíochtaí, bunaithe ar an eolas a thug na hiarrthóirí faoin gclib “An Scagthóir Buanna” (DE: Talentfilter; EN: talent screener; FR: évaluateur de talent) san bhfoirm iarratais. Tabharfaidh an bord roghnúcháin ualú (ó 1 go dtí 3) do gach critéar roghnúcháin a léiríonn tábhacht an chritéir sin le hais na gcritéar eile, agus tabharfar idir 0 pointe agus 4 phointe do gach freagra a thug an t-iarrthóir.

Ansin, iolróidh an bord roghnúcháin na pointí faoin ualú atá ag gach critéar, agus suimeoidh siad iad chun na daoine a shainaithint is mó a bhfuil a bpróifíl ag teacht le dualgais an phoist.

Tá an liosta critéar in IARSCRÍBHINN III.

3)    An t-ionad measúnaithe

I gcás gach gráid, tabharfar cuireadh go dtí an chéim seo do 3 oiread ar a mhéad an líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal. Má tá an marc a ghnóthaigh tú sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí ar cheann de na marcanna foriomlána is airde , tabharfar cuireadh duit freastal ar ionad measúnaithe ar feadh lá amháin nó dhá lá agus trialacha a dhéanamh sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 . Is é is dóichí gur sa Bhruiséil a bheidh an t-ionad measúnaithe.

Sa chás nach raibh na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a bhfuil cur síos orthu i bpointe 1 ar siúl roimh ré , déanfaidh tú san ionad measúnaithe iad.

Déanfar ocht n-inniúlacht ghinearálta agus inniúlachtaí sonracha an chomórtais seo a mheas san ionad measúnaithe. Déanfar sin le 4 thriail (agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta, agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí sonracha, gníomhaíocht i ngrúpa agus cás-staidéar), faoi mar atá léirithe sna táblaí thíos:

Inniúlacht

Triail

1.

Anailísiú agus réiteach fadhbanna

Gníomhaíocht i ngrúpa

Cás-staidéar

2.

Cumarsáid

Cás-staidéar

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta

3.

Cáilíocht agus torthaí

Cás-staidéar

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta

4.

Foghlaim agus forbairt

Gníomhaíocht i ngrúpa

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta

5.

Tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán

Gníomhaíocht i ngrúpa

Cás-staidéar

6.

Buanseasmhacht

Gníomhaíocht i ngrúpa

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta

7.

Obair bhuíne

Gníomhaíocht i ngrúpa

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta

8.

Cumas ceannaireachta

Gníomhaíocht i ngrúpa

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta

Pasmharc

3/10 do gach inniúlacht agus 40/80 don mharc foriomlán


Inniúlacht

Triail

Na hinniúlachtaí sonracha

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí sonracha

Pasmharc

50/100

4)    An painéal

I ndiaidh doiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí a sheiceáil, tiomsóidh an bord roghnúcháin painéal don dá ghrád de na hiarrthóirí incháilithe a bhfuil na marcanna is airde acu i ndiaidh an ionaid measúnaithe, go dtí go sroichfear an líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal. Is in ord aibítre a bheidh na hainmneacha ar an bpainéal.

CATHAIN IARRATAS A DHÉANAMH AGUS CONAS É A DHÉANAMH

Is féidir iarratas a dhéanamh ar shuíomh gréasáin EPSO http://jobs.eu-careers.eu. Ní foláir clárú faoin sprioc-am seo:

14 Meitheamh 2016 ar 12 a chlog (meán lae), am na Bruiséile.


IARSCRÍBHINN I

DUALGAIS

Is é is aidhm don chomórtas seo riarthóirí (AD 5/AD 7) i réimse na hiniúchóireachta a earcú.

Ar na príomhchúraimí a bheidh le déanamh ag riarthóirí tá:

Grád AD 5 agus grád AD 7:

Eolas maith a chur ar phróisis ghnó iad siúd atá á n-iniúchadh;

Measúnuithe riosca iniúchóireachta a dhéanamh mar chuid den phróiseas pleanála;

Iniúchtaí a dhéanamh ar fheidhmíocht, comhlíonadh agus luach ar airgead i réimsí éagsúla beartais agus próiseas gnó de chuid an Aontais Eorpaigh;

Réamhanailís a dhéanamh féachaint cuspóirí agus scóip tascanna iniúchóireachta a chinneadh;

Tástáil chórasbhunaithe agus shubstainteach a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar a éifeachtaí atá próisis bhainistithe riosca, próisis rialachais, agus próisis inmheánacha rialaithe iad siúd atá á n-iniúchadh;

Torthaí iniúchtaí a dhearbhú leo siúd atá á n-iniúchadh;

Torthaí iniúchtaí, rioscaí agus moltaí a chur in iúl i ndréacht-tuarascálacha nó i dtuarascálacha deiridh soiléire beachta;

Seirbhísí comhairleacha nó comhairliúcháin a sholáthar ar iarratas ón lucht bainistíochta;

Iariniúchtaí a dhéanamh chun a chinntiú go ndearnadh moltaí a chur i bhfeidhm go héifeachtach.

Grád AD 7 amháin:

Nósanna imeachta iomchuí iniúchóireachta a phleanáil chun cuspóir na gcúraimí a chomhlíonadh.

Deireadh IARSCRÍBHINN I. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.


IARSCRÍBHINN II

AN tÚDAR ATÁ LE RIALACHA TEANGA AN NÓS IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN SEO

Is é is aidhm don chomórtas seo riarthóirí i réimse na hiniúchóireachta a earcú. Na riachtanais atá leagtha amach sa roinn “NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA”, san fhógra comórtais seo, tá siad ag teacht leis na príomhriachtanais atá ag institiúidí an Aontais Eorpaigh ó thaobh sainscileanna, saintaithí agus saineolais agus leis an ngá atá ann earcaigh nua a bheith ábalta a gcuid oibre a dhéanamh go héifeachtach, i gcomhar le baill foirne eile go háirithe.

Ar an ábhar sin ní mór d’iarrthóirí dara teanga an chomórtais a roghnú as measc líon teoranta de theangacha oifigiúla de chuid an Aontais Eorpaigh. Tá an teorainn sin ann i ngeall ar shrianta buiséid agus oibriúcháin freisin, agus i ngeall ar mhodhanna roghnúcháin EPSO (féach pointí 1, 2, 3 thíos). Cheap Bord Bainistíochta EPSO riachtanais teanga an chomórtais seo agus aird á tabhairt aige ar na cúinsí sin agus ar riachtanais shonracha eile a bhaineann le dualgais an phoist i gceist nó leis na riachtanais ar leith atá ag institiúidí an Aontais Eorpaigh.

Is é is príomhaidhm don chomórtas seo painéal d’iarrthóirí a chur i dtoll a chéile óna bhféadfar daoine a earcú le bheith ina riarthóirí sa Choimisiún Eorpach, agus i gCúirt Iniúchóirí na hEorpa (is líon teoranta daoine a bheidh i gceist sa dara ceann acu). Tá sé ríthábhachtach riarthóirí a bheith in ann dul i mbun oibre go héifeachtach a luaithe a earcaítear iad agus a bheith ábalta cumarsáid a dhéanamh lena gcuid comhghleacaithe agus lena gcuid bainisteoirí. I bhfianaise na gcritéar maidir le húsáid teangacha i nós imeachta roghnúcháin a eagraíonn an tAontas Eorpach (féach pointe 2 thíos), is é tuairim institiúidí an Aontais Eorpaigh gurb iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis an rogha dara teangacha is oiriúnaí don chomórtas seo.

Toisc gurb iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na teangacha is mó a labhraítear, a n-aistrítear téacsanna astu agus go dtí iad, agus a úsáidtear mar theangacha cumarsáide chun críocha riaracháin idir baill foirne institiúidí an Aontais Eorpaigh, ní mór ceann amháin ar a laghad de na teangacha sin a bheith i measc an dá theanga is éigean a bheith ag iarrthóirí.

Ina cheann sin, meastar go bhfuil eolas maith ar an mBéarla, ar an bhFraincis nó ar an nGearmáinis sár-riachtanach chun anailís a dhéanamh ar chás iad siúd atá á n-iniúchadh, chun cuir i láthair a thabhairt, plé a dhéanamh agus tuarascálacha a scríobh, lena chinntiú go mbeidh comhar agus malartú faisnéise éifeachtacht ann leis na seirbhísí atá á n-iniúchadh agus leis na húdaráis a mbaineann sé leo.

An teanga a roghnóidh siad mar theanga 2 don chomórtas (an Béarla, an Fhraincis, nó an Ghearmáinis), sin í an teanga nach mór d’iarrthóirí a úsáid san fhoirm iarratais ar líne, agus is í an teanga sin nach mór do EPSO a úsáid agus é ag déanamh cumarsáid le grúpa mór iarrthóirí a chuir iarratas bailí isteach agus i roinnt de na trialacha a bhfuil cur síos orthu i bpointe 3.

1.   An t-údar atá leis an rogha teangacha i ngach nós imeachta roghnúcháin

Is é tuairim institiúidí an Aontais Eorpaigh gur ar bhonn na gcritéar seo a leanas is ceart an rogha teangacha i ngach nós imeachta roghnúcháin, agus go háirithe aon teorannú ar an rogha sin, a chinneadh:

(i)

An gá earcaigh nua a bheith in ann dul i mbun oibre láithreach

Caithfidh earcaigh nua a bheith in ann dul i mbun oibre láithreach agus a bheith ábalta na dualgais ar earcaíodh iad lena n-aghaidh a dhéanamh. Dá bhrí sin, ní mór do EPSO deimhin a dhéanamh de go bhfuil eolas leordhóthanach ag iarrthóirí ar theaglaim teangacha a chuirfidh ar a gcumas a gcuid dualgas a dhéanamh go héifeachtach agus ní mór dó, leis, deimhin a dhéanamh de, go háirithe, go bhfuil siad in ann cumarsáid éifeachtach a dhéanamh lena gcuid comhghleacaithe agus lena gcuid bainisteoirí agus a gcuid oibre laethúla á déanamh acu.

Ar an ábhar sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh údar le trialacha áirithe gan a bheith ar fáil ach i líon teoranta de theangacha cumarsáide d’fhonn féachaint chuige go bhfuil sé ar chumas gach iarrthóra a chuid oibre a dhéanamh i gceann de na teangacha sin, is cuma cén chéad teanga oifigiúil atá aige. Mura ndéanfaí sin, bheadh baol mór ann go mbeadh líon mór iarrthóirí ar éirigh leo ann nach mbeadh ábalta, faoi cheann tréimhse réasúnta, na dualgais ar earcaíodh iad lena n-aghaidh a dhéanamh. Lena chois sin, ba ionann gan sin a dhéanamh agus neamhaird a dhéanamh de go mbíonn na daoine a chuireann isteach ar phost i seirbhís shibhialta an Aontais Eorpaigh toilteanach bheith ag obair in eagraíocht idirnáisiúnta nach foláir di úsáid a bhaint as teangacha cumarsáide chun a cuid oibre a dhéanamh i gceart agus na cúraimí atá uirthi de dhroim Chonarthaí an Aontais Eorpaigh a dhéanamh.

(ii)

Cineál an nós imeachta roghnúcháin

I gcásanna áirithe d’fhéadfadh sé go mbeadh cineál an nós imeachta roghnúcháin ina údar le teorainn a chur leis an rogha teangacha.

I gcomhréir le hAirteagal 27 de na Rialacha Foirne, eagraíonn EPSO comórtais oscailte arb é is aidhm leo measúnú a dhéanamh ar scileanna iarrthóirí agus ar a gcumas a gcuid dualgas a dhéanamh.

Is éard atá san ionad measúnaithe modh roghnúcháin arb é atá ann measúnú a dhéanamh ar iarrthóirí ar dhóigh chaighdeánach, bunaithe ar ghníomhaíochtaí éagsúla a ndéanann baill an bhoird roghnúcháin breathnadóireacht orthu. Is de réir creat inniúlachtaí a dhéantar an measúnú, creat a cheapann na húdaráis cheapacháin roimh ré, agus úsáidtear modh marcála comónta agus modh comhchinnteoireachta chuige.

Trí scileanna sonracha a mheas ar an dóigh sin, is féidir le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh meastóireacht a dhéanamh ar ábaltacht na n-iarrthóirí dul i mbun oibre láithreach i dtimpeallacht atá cosúil leis an timpeallacht ina n-iarrfar orthu bheith ag obair. Tá cuid mhór taighde eolaíoch déanta a léiríonn gurb iad na hionaid measúnaithe, ar ionsamhlú d’fhíordhálaí oibre iad, is fearr a thugann caoi ar mheastóireacht a dhéanamh ar conas a chruthódh iarrthóirí sa phost i gceist i ndáiríre. Sin é an chúis a n-úsáidtear ionaid measúnaithe ar fud an domhain. I bhfianaise a fhad a mhaireann gairmréimeanna in institiúidí an Aontais Eorpaigh agus a fhusa atá sé dul ó phost go post sna hinstitiúidí céanna, tá measúnú den chineál seo fíorthábhachtach, go háirithe agus oifigigh bhuana á roghnú.

Chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil na hiarrthóirí ar aon bhonn le chéile agus measúnú á dhéanamh orthu agus gur féidir leo cumarsáid dhíreach a dhéanamh leis na measúnóirí agus leis na hiarrthóirí eile atá páirteach sna gníomhaíochtaí, measúnaítear iarrthóirí le chéile agus gan ach aon teanga amháin á húsáid. Fágann sin gur éigean – ach amháin i gcás ina bhfuil príomhtheanga amháin ag comórtas – céim an ionaid measúnaithe a dhéanamh i líon teoranta teangacha.

(iii)

Srianta buiséid agus oibriúcháin

Ar roinnt cúiseanna, is é tuairim Bhord Bainistíochta EPSO go mbeadh sé míphraiticiúil céim an ionaid mheasúnaithe de chomórtas ar leith a dhéanamh i dteangacha oifigiúla uile an Aontais Eorpaigh.

Ar an gcéad dul síos, thiocfadh impleachtaí tromchúiseacha buiséadacha as sin, a d’fhágfadh nach bhféadfadh institiúidí an Aontais Eorpaigh riar ar a riachtanais earcaíochta leis an mbuiséad atá ann faoi láthair. D’fhágfadh sé, leis, nach mbeadh luach réasúnta a gcuid airgid á fháil ag an gcáiníocóir Eorpach.

Ar an dara dul síos, dá gceadófaí céim an ionaid measúnaithe a dhéanamh i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, theastódh mórchuid ateangairí le haghaidh gach comórtais agus chaithfí na comórtais a reáchtáil in ionaid ina mbeadh botháin ateangaireachta.

Ar an tríú dul síos, ba ghá líon i bhfad níos mó daoine a cheapadh mar bhaill den bhord roghnúcháin chun na teangacha uile a d’fhéadfadh na hiarrthóirí a úsáid a chlúdach.

2.   Na critéir a roghnaítear na teangacha dá réir i ngach nós imeachta roghnúcháin

I gcás ina mbíonn ar na hiarrthóirí rogha a dhéanamh as líon teoranta teangacha de theangacha oifigiúil an Aontais Eorpaigh, caithfidh Bord Bainistíochta EPSO cinneadh a dhéanamh, cás ar chás, cén rogha teangacha a bheidh ann, agus aird á thabhairt aige ar na nithe seo a leanas:

(i)

aon rialacha sonracha inmheánacha maidir le húsáid teangacha atá ag an institiúid nó ag na hinstitiúidí nó ag na comhlachtaí i gceist;

(ii)

na riachtanais shonracha a bhaineann le dualgais an phoist agus na riachtanais ar leith atá ag an institiúid nó ag na hinstitiúidí i gceist;

(iii)

na teangacha is minice a úsáidtear san institiúid nó sna hinstitiúidí i gceist, rud a chinntear ar bhonn na nithe seo:

na scileanna teanga ag leibhéal B2, nó os a chionn sin, (scileanna atá dearbhaithe agus a bhfuil cruthúnas orthu), de Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha atá ag oifigigh bhuana de chuid an Aontais Eorpaigh atá fostaithe go gníomhach;

na teangacha is minice a n-aistrítear téacsanna go dtí iad, ar téacsanna iad a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid go hinmheánach institiúidí an Aontais Eorpaigh;

na teangacha is minice a n-aistrítear doiciméid astu, ar doiciméid iad a ullmhaíonn institiúidí an Aontais Eorpaigh go hinmheánach agus a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid lasmuigh de na hinstitiúidí;

(iv)

na teangacha cumarsáide a úsáidtear chun críocha riaracháin laistigh den institiúid nó de na hinstitiúidí i gceist.

3.   Teangacha cumarsáide

Sa roinn seo tá cur síos ar na rialacha ginearálta maidir le húsáid teangacha chun críocha cumarsáide idir EPSO agus iarrthóirí. Féach gur féidir go bhfuil riachtanais shonracha eile a leagtha amach san fhógra comórtas.

Tugann EPSO aird chuí ar an gceart atá ag iarrthóirí, de bhrí gur saoránaigh den Aontas Eorpach iad, cumarsáid a dhéanamh ina máthairtheanga. Aithníonn sé, leis, go b’fhéadfadh iarrthóirí a bhfuil a n-iarratas bailíochtaithe acu teacht chun a bheith ina mbaill de sheirbhís shibhialta na hEorpa agus tairbhiú de na cearta a eascraíonn as na Rialacháin Foirne agus a bheith faoi réir na n-oibleagáidí a ghabhann leis na Rialacháin sin. Ar an ábhar sin, is é tuairim institiúidí an Aontais Eorpaigh gur cheart do EPSO, gach uair is féidir, cumarsáid a dhéanamh le hiarrthóirí agus eolas a chur ar fáil dóibh i dteangacha oifigiúla uile an Aontais Eorpaigh. Chuige sin, cuirfear ar fáil sna teangacha oifigiúla go léir an t-ábhar buan ar fad atá ar shuíomh gréasáin EPSO, fógraí comórtais agus na rialacha ginearálta maidir le comórtais oscailte.

Sonraítear i ngach fógra comórtas cé na teangacha is ceart a úsáid agus na foirmeacha iarratais ar líne á líonadh isteach. Ní mór na treoracha maidir le líonadh isteach an iarratais a bheith ar fáil sna teangacha oifigiúla uile. Beidh na rialacha sin i bhfeidhm le linn na hidirthréimhse a theastaíonn chun próiseas déanta iarratais ar líne tosaigh a chur ar bun a bheidh ar fáil sna teangacha oifigiúla uile.

Ar mhaithe le cumarsáid a dhéanamh go gasta agus go héifeachtúil, a luaithe a bheidh iarratas tosaigh iarrthóra bailíochtaithe, is i líon teoranta de theangacha oifigiúla de chuid an Aontais a dhéanfar gach cumarsáid atá dírithe ar ghrúpa mór daoine. Is sa teanga a roghnaigh an t-iarrthóir mar theanga 1 nó sa teanga a roghnaigh sé mar theanga 2, i gcomhréir leis an bhfógra comórtais, a dhéanfar an chumarsáid sin.

Is féidir le hiarrthóirí cumarsáid a dhéanamh le EPSO ina rogha teanga oifigiúil de chuid an Aontais, ach d’fhonn cuidiú le EPSO déileáil go héifeachtúil le cumarsáid, moltar d’iarrthóirí úsáid a bhaint as an líon teoranta teangacha a bhfuil EPSO in ann plé leo gan dul i muinín an aistriúcháin.

Is féidir go mbeidh trialacha áirithe i líon teoranta de theangacha oifigiúla de chuid an Aontais Eorpaigh chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil na scileanna teanga is gá ag na hiarrthóirí chun páirt a ghlacadh i gcéim an mheasúnaithe de chomórtas oscailte. Is san fhógra comórtais a leagtar síos roghanna teanga gach trialach.

Is é tuairim institiúidí an Aontais Eorpaigh go gcinntíonn na socruithe thuasluaite go mbíonn cothromaíocht chóir chuí ann idir leas na seirbhís, ar thaobh, agus ar an taobh eile, prionsabal an ilteangachais agus an neamh-idirdhealaithe ar bhonn teangacha. Bíonn ar iarrthóirí dara teanga a roghnú nach ionann í agus an teanga a roghnaigh siad mar theanga 1 (an mháthairtheanga nó a cothrom de ghnáth), agus ó tharla go bhfuil sin amhlaidh cinntítear gur féidir iarrthóirí a chur i gcomparáid le chéile ar aon bhonn le chéile.

Deireadh IARSCRÍBHINN II. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.


IARSCRÍBHINN III

CRITÉIR ROGHNÚCHÁIN

Déanfaidh an bord roghnúcháin na critéir seo a leanas a chur san áireamh agus an roghnú ar bhonn cáilíochtaí á dhéanamh:

1.

Teastas nó cáilíocht ghairmiúil aitheanta san iniúchóireacht (iniúchóireacht inmheánach, iniúchóireacht sheachtrach agus/nó iniúchóireacht teicneolaíochta faisnéise) nó sa chuntasaíocht;

2.

Taithí oibre aon bhliain amháin ar a laghad ar an iniúchóireacht inmheánach nó sheachtrach;

3.

Taithí oibre aon bhliain amháin ar a laghad ar an iniúchóireacht teicneolaíochta faisnéise;

4.

Taithí ar mhodhanna iniúchóireachta a cheapadh nó ar chúrsaí oiliúna iniúchóireachta a thabhairt;

5.

Taithí oibre aon bhliain amháin ar a laghad ar chláir caiteachais arna maoiniú ag an Aontas Eorpach a iniúchadh (e.g. cistí struchtúracha an Aontais, talmhaíocht, taighde, forbairt agus/nó cabhair dhaonnúil);

6.

Taithí oibre aon bhliain amháin ar a laghad ar sheirbhísí comhairliúcháin;

7.

Taithí oibre i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo: cuntasaíocht, rialú inmheánach, bainistíocht airgeadais, baincéireacht agus airgeadas, faisnéisíocht agus/nó bainistíocht tionscadal;

8.

Taithí ar theicnící iniúchóireachta ríomhchuidithe (CAATanna) a úsáid;

9.

Taithí oibre dhá bhliain ar a laghad ar bheith i gceannas ar fhoireann iniúchóireachta (do ghrád AD 7 amháin).

Deireadh IARSCRÍBHINN III. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.