|
21.4.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
FÓGRA FOLÚNTAIS UIMH. PE/190/S
Tá próiseas roghnúcháin á eagrú ag Parlaimint na hEorpa ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha chun liosta d’iarrthóirí oiriúnacha a bhunú don phost seo a leanas:
CEANN AONAID (AD 9)
An Parlamentarium Beag i mBeirlín
(bean nó fear)
|
Sula ndéanfaidh tú iarratas a chur isteach, ní mór duit an Treoir d’Iarrthóirí atá ag gabháil leis an bhfógra folúntais seo a léamh go cúramach. Tugann an Treoir sin, ar cuid dhílis den fhógra folúntais í, soiléiriú ar na rialacha a rialaíonn an próiseas roghnúcháin agus conas iarratas a dhéanamh. |
CLÁR NA nÁBHAR
|
A. |
CÚRAIMÍ AGUS INCHÁILITHEACHT |
|
B. |
AN NÓS IMEACHTA |
|
C. |
IARRATAIS A CHUR ISTEACH |
|
IARSCRÍBHINN: |
TREOIR D’IARRTHÓIRÍ MAIDIR LE NÓSANNA IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN A EAGRAÍONN PARLAIMINT NA hEORPA |
A. CÚRAIMÍ AGUS INCHÁILITHEACHT
1. Faisnéis Ghinearálta
Tá cinneadh déanta ag an Údarás Ceapacháin (ÚC), i gcomhréir le hAirteagal 29(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, tús a chur leis an nós imeachta chun post oifigigh, Ceann Aonaid (AD, grád 9), a líonadh in Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide, Stiúrthóireacht na nOifigí Eolais, An Parlemantarium Beag i mBeirlín.
Is é atá sa Pharlementarium Beag ná ionad nua do chuairteoirí atá suite in Áras na hEorpa i mBeirlín, áit a bhfuil oifig eolais Pharlaimint na hEorpa cheana féin.
Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa agus glacann sí le hiarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, nó a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.
Aon tagairt san fhógra seo do dhuine den ghnéas fireann measfar freisin gur tagairt í do dhuine den ghnéas baineann, agus a mhalairt go cruinn.
2. Cúraimí an phoist
Faoi cheannas Stiúrthóir na nOifigí Eolais, beidh an ceann aonaid freagrach as bainistiú a dhéanamh ar an bParlamentarium Beag.
Lonnaithe i mBeirlín (1), beidh an ceann aonaid i bhfeighil ar fhoireann agus beidh air taisteal go rialta go dtí trí ghnáthionad oibre Pharlaimint na hEorpa (an Bhruiséil, Lucsamburg agus Strasbourg) agus lasmuigh díobh.
Oibreoidh sé i ndlúthchomhar le seirbhísí eile Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide chun comhordú éifeachtúil agus comhleanúnach a áirithiú idir na seirbhísí difriúla ar gach leibhéal agus cuirfidh sé, nuair is gá, gach comhairle agus faisnéis ábhartha ar fáil don bhainistíocht maidir le saincheisteanna a bhaineann lena réimse freagrachtaí.
I bhfeidhmiú na gcúraimí seo, éilítear scileanna réamhthuair, bua na taidhleoireachta, scileanna idirphearsanta le teagmhálacha éagsúla ó chúlraí polaitíochta, eacnamaíocha agus sóisialta, mar aon le scileanna bainistithe foirne agus buiséid.
Cuirtear béim ar chumas na n-iarrthóirí déileáil le réimse leathan fadhbanna, ar fadhbanna de chineál casta go minic iad, agus ar a gcumas freagairt go tapa nuair a athraíonn cúrsaí agus cumarsáid a dhéanamh go héifeachtúil. Ní mór do na hiarrthóirí a léiriú go bhfuil siad in ann gníomhú ar a dtionscnamh féin agus go bhfuil inspreagadh láidir acu. Ní mór dóibh a bheith in ann obair go dian ar bhonn rialta, leo féin nó mar dhuine d’fhoireann, agus a bheith in ann dul i dtaithí ar thimpeallacht oibre ilchultúrtha agus ilteangach. Ina theannta sin, beidh siad tiomanta don oiliúint ghairmiúil a dhéanamh i gcaitheamh a ngairmréime.
Cuirtear in iúl do na hiarrthóirí go bhfuil an post seo faoi réir na rialacha maidir leis an mbeartas soghluaisteachta arna nglacadh ag Biúró Pharlaimint na hEorpa an 29 Márta 2004.
Seo a leanas, go príomha, na príomhchúraimí a bheidh ar an gCeann Aonaid a bheidh ar an bParlementarium Beag i mBeirlín (PBB):
|
— |
bainistiú PBB, lena n-áirítear an láthair féin, ó lá go lá a áirithiú i gcomhar leis an oifig eolais i mBeirlín; |
|
— |
gníomhaíochtaí cumarsáide agus margaíochta a leagan amach chun PBB a chur chun cinn os comhair an phobail i gcoitinne agus sna meáin náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla ar mhaithe leis an gclúdach is fearr is féidir a áirithiú do ghníomhaíochtaí PBB; |
|
— |
maoirseacht a dhéanamh ar inneachar cumarsáide PBB agus an t-inneachar sin a thabhairt cothrom le dáta; |
|
— |
bainistiú oibríochtúil ar an sruth cuairteoirí agus ar an gcóras áirithintí a áirithiú; |
|
— |
comhoibriú leis na seirbhísí ábhartha i bParlaimint na hEorpa, ní hamháin le hoifig eolais Pharlaimint na hEorpa i mBeirlín ach freisin leis an bParlamentarium sa Bhruiséil agus le heintitis eile Ardstiúrthóireacht na Cumarsáide; |
|
— |
comhoibriú le hionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh i mBeirlín chun fáiltiú roimh chuairteoirí má iarrann an ionadaíocht an méid sin; |
|
— |
oifigigh an aonaid a bhainistiú agus a spreagadh mar aon leis an úsáid is fearr a bhaint as acmhainní an aonaid le linn cáilíocht na seirbhíse a áirithiú; |
|
— |
cuspóirí agus pleananna gníomhaíochta a tharraingt suas agus a chur i bhfeidhm, chomh maith le faireachán a dhéanamh orthu, de réir an chreata a bheidh leagtha amach ag an mbainistíocht; |
|
— |
sainchomhairle a chur ar fáil; |
|
— |
páirt a ghlacadh i meithleacha agus i gcoistí; |
|
— |
bainistiú buiséadach agus airgeadais a ráthú maidir le gníomhaíochtaí uile PBB i gcomhréir leis na rialacha atá i bhfeidhm; |
|
— |
feidhmeanna oifigigh údaraithe trí fhotharmligean a fheidhmiú. |
3. Incháilitheacht
Faoin dáta deiridh atá socraithe do na hiarratais a chur isteach, ní mór na coinníollacha seo a leanas a bheith comhlíonta ag na hiarrthóirí:
(a) Coinníollacha ginearálta
I gcomhréir le hAirteagal 28 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais, ní mór do na hiarrthóirí:
|
— |
a bheith ina náisiúnach de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh; |
|
— |
a lánchearta mar shaoránach a bheith á dteachtadh acu; |
|
— |
a ndualgais a bheith comhlíonta acu i ndáil leis na hoibleagáidí míleata is infheidhme de réir dlí; |
|
— |
na teistiméireachtaí carachtair a bheith acu is iomchuí do na cúraimí atá i gceist a chomhlíonadh. |
(b) Coinníollacha sonracha
(i)
Beidh ag na hiarrthóirí leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh i réimse atá ábhartha do chúraimí an phoist a leagtar amach i Roinn A.2., agus ar cúrsa é a mhair:
|
— |
ceithre bliana ar a laghad, nuair is ceithre bliana ar a laghad an ghnáth-thréimhse do chúrsaí den sórt sin, nó |
|
— |
trí bliana mar aon le taithí ghairmiúil iomchuí d’aon bhliain amháin i réimse atá ábhartha do chúraimí an phoist, nuair is trí bliana ar a laghad an ghnáth-thréimhse do chúrsaí den sórt sin. Ní chuirfear an bhliain sin de thaithí ghairmiúil san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar an taithí ghairmiúil a éilítear faoi Roinn A.3. (b)(ii). |
Tabharfaidh an coiste roghnúcháin aird ar na córais dhifriúla oideachais. Féach na samplaí de na híoscháilíochtaí céime a éilítear sa tábla sa Treoir d’Iarrthóirí.
(ii)
Ní mór do na hiarrthóirí, i ndiaidh dóibh na cáilíochtaí is gá a bhaint amach faoi Roinn A.3. (b)(i), 10 mbliana ar a laghad de thaithí ghairmiúil a bheith acu atá ábhartha do chúraimí an phoist, lena n-áirítear 3 bliana díobh sin a bheith caite i ról bainistíochta.
(iii)
Beidh ag na hiarrthóirí:
eolas sármhaith ar an nGearmáinis (teanga 1)
agus
eolas an-mhaith ar an mBéarla nó ar an bhFraincis (teanga 2).
Tabharfaidh an coiste roghnúcháin aird ar eolas ar theangacha oifigiúla eile (2) an Aontais Eorpaigh.
|
I gcomhréir leis an mbreithiúnas a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Mór-Dhlísheomra) i gcás C-566/10 P, Poblacht na hIodáile v an Coimisiún, tugann Parlaimint na hEorpa anseo na cúiseanna a bhfuil Teanga 2 teoranta aici go dtí líon srianta de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Cuirtear in iúl do na hiarrthóirí gur roghnaíodh na teangacha do Theanga 2 (Béarla agus Fraincis) sa nós imeachta roghnúcháin seo de réir leas na seirbhíse a éilíonn go mbeidh na hearcaigh nua in ann dul i mbun oibre láithreach sa Pharlamentarium Beag i mBeirlín agus go mbeidh siad in ann cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach san obair laethúil a bhíonn acu. I bhfianaise an chleachtais sheanbhunaithe atá ag Oifigí Eolais Pharlaimint na hEorpa a mhéid a bhaineann leis na teangacha cumarsáide, agus aird á tabhairt go háirithe ar an scéal mar atá in Oifig Eolais Bheirlín mar a bhfuil, lasmuigh den Ghearmáinis, an Béarla agus an Fhraincis fós ar na teangacha is minice a úsáidtear, is dlisteanach a fhoráil, chomh maith leis an nGearmáinis, go mbeidh gá le Béarla nó Fraincis freisin le haghaidh riachtanais a bheidh ag an bParlamentarium Beag i mBeirlín a mhéid a bhaineann le heolas ar an tsochaí shibhialta agus ar an timpeallacht áitiúil. Thairis sin, is léir ó na tuarascálacha foirne in 2013 go bhfuil sé dearbhaithe ag 92 % d’fhoireann iomlán na Parlaiminte go bhfuil eolas ar an mBéarla acu agus go bhfuil sé dearbhaithe ag 84 % d’fhoireann iomlán na Parlaiminte go bhfuil eolas ar an bhFraincis acu. Seachas don Ghearmáinis, atá ag 56 %, níl an tairseach 50 % bainte amach ag an líon foirne a dhearbhaíonn go bhfuil eolas sásúil acu ar na teangacha oifigiúla eile. Dá bhrí sin, agus leas na seirbhíse agus riachtanais agus inniúlachtaí na n-iarrthóirí á gcur sa mheá, tá údar maith le heolas ar cheann amháin den dá theanga sin (Béarla agus Fraincis) a éileamh chun a áirithiú, sa bhreis ar an eolas ar Theanga 1 (Gearmáinis) atá riachtanach don timpeallacht áitiúil, go mbeidh sáreolas ag na hiarrthóirí uile ar cheann amháin ar a laghad den dá theanga oifigiúla sin. Mar sin, tugann an measúnú ar na hinniúlachtaí sonracha i gceann de na teangacha sin deis do Pharlaimint na hEorpa a mheas an mbeadh ar chumas na n-iarrthóirí feidhmiú láithreach sa timpeallacht ina mbeidh siad ag obair amach anseo. |
B. AN NÓS IMEACHTA
1. Glacadh isteach chuig an nós imeachta roghnúcháin
Is ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha a eagrófar an nós imeachta.
|
(a) |
Cuirfidh an t-údarás ceapacháin liosta le chéile d’iarrthóirí a chuir isteach a n-iarratas de réir na rialacha a leagtar síos agus faoin dáta deiridh i gcomhair iarratais, agus a chomhlíonann na coinníollacha ginearálta a leagtar amach i Roinn A.3. (a). Cuirfear an liosta sin ar aghaidh chuig an gcoiste roghnúcháin leis na comhaid iarratais (chun tuilleadh mionsonraí a fháil, léigh an Treoir d’Iarrthóirí) . |
|
(b) |
Déanfaidh an coiste roghnúcháin na comhaid a scrúdú agus tarraingeoidh sé suas liosta de na hiarrthóirí a chomhlíonann na coinníollacha sonracha a leagtar amach i Roinn A.3. (b). |
Déanfaidh an coiste cinneadh bunaithe ar an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil san fhoirm iarratais, agus ar an bhfaisnéis sin amháin , agus a dtabharfaidh doiciméid tacaíochta bunús léi (chun tuilleadh mionsonraí a fháil, léigh an Treoir d’Iarrthóirí) .
2. Measúnú ar cháilíochtaí
Ar bhonn critéir a leagfar síos roimh ré, déanfaidh an coiste roghnúcháin measúnú ar cháilíochtaí na n-iarrthóirí a nglacfar leo sa nós imeachta roghnúcháin agus tarraingeoidh sé suas liosta den 12 iarrthóir is fearr, a dtabharfar cuireadh dóibh chuig na trialacha scríofa.
Agus measúnú á dhéanamh ag an gcoiste roghnúcháin ar cháilíochtaí na n-iarrthóirí, tabharfaidh sé aird ar leith ar na nithe seo a leanas:
|
— |
taithí an iarrthóra sa chumarsáid, i gcaidreamh poiblí, i gcaidreamh leis na meáin agus i ngníomhaíochtaí agus feachtais eolais; |
|
— |
taithí an iarrthóra in imeachtaí poiblíochta; |
|
— |
taithí an iarrthóra a bheith ag obair i dtimpeallacht ilchultúrtha; |
|
— |
eolas an iarrthóra ar an Aontas Eorpach agus ar ghnóthaí idirnáisiúnta; |
|
— |
taithí an iarrthóra i mbainistiú, dreasú, imspreagadh agus comhordú foirne; |
|
— |
taithí an iarrthóra in acmhainní buiséadacha agus airgeadais a bhainistiú. |
Marcanna: ó 0 go 20 pointe.
3. Trialacha
Trialacha Scríofa
|
(a) |
Triail cheapadóireachta i dTeanga 1 (Gearmáinis) chun measúnú a dhéanamh ar scileanna anailíse, achoimrithe agus ceapadóireachta na n-iarrthóirí. Fad ama na trialach: 1 uair an chloig. Marcanna: ó 0 go 30 bpointe (pasmharc: 15). |
|
(b) |
Triail cheapadóireachta i dTeanga 2 (Béarla nó Fraincis), bunaithe ar chomhad, chun measúnú a dhéanamh ar inniúlacht na n-iarrthóirí na feidhmeanna a dtugtar tuairisc orthu faoi Roinn A.2. a fheidhmiú. Fad ama na trialach: 3 huaire an chloig. Marcanna: ó 0 go 40 pointe (pasmharc: 20 pointe). |
Iarrfar ar na 6 iarrthóir ag a mbeidh, ar an iomlán, na marcanna is airde sna trialacha scríofa freastal ar na trialacha cainte, ar choinníoll go bhfuair siad an pasmharc i ngach ceann de na trialacha.
Trialacha cainte
|
(c) |
Agallamh leis an gcoiste roghnúcháin i dTeanga 2 (Béarla nó Fraincis) ina ndéanfar measúnú, i bhfianaise na faisnéise uile sa chomhad iarratais, ar chumas na n-iarrthóirí na cúraimí a bhfuil tuairisc orthu i Roinn A.2. a fheidhmiú. Féadfaidh an coiste roghnúcháin a chinneadh tástáil a dhéanamh ar eolas na n-iarrthóirí ar theangacha a bheidh sonraithe ina n-iarratas acu. Uasfhad ama na trialach: 45 nóiméad. Marcanna: ó 0 go 40 pointe (pasmharc: 20 pointe). |
|
(d) |
Triail ghrúpdhíospóireachta i dTeanga 2 (Béarla nó Fraincis) ionas go mbeidh an coiste roghnúcháin in ann measúnú a dhéanamh ar inoiriúnaitheacht, ar chumas caibidlíochta, ar chumas cinnteoireachta agus ar iompar na n-iarrthóirí laistigh de ghrúpa. Déanfaidh an coiste roghnúcháin fad na trialach sin a shainiú de réir chomhdhéanamh críochnaitheach na ngrúpaí. Marcanna: 0 go 20 pointe (pasmharc: 10 bpointe). |
4. Liosta d’iarrthóirí oiriúnacha
Beidh ar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha, de réir ord tuillteanais, na 3 iarrthóir ag a mbeidh na marcanna is airde san iomlán sna trialacha scríofa agus cainte agus ar éirigh leo an pasmharc a bhaint amach i ngach ceann de na trialacha sin.
Cuirfear gach iarrthóir ar an eolas go díreach faoina thorthaí agus fógrófar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ar na cláir fógraí i bhfoirgnimh Pharlaimint na hEorpa.
Na hiarrthóirí a bheidh ar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha, tabharfar cuireadh chun agallaimh dóibh a reáchtálfar mar chuid den ghnáthnós imeachta chun post mar cheann aonaid a líonadh. Beidh an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha bailí go dtí go mbeidh an post líonta go cinntitheach agus déanfar an t-earcú ar ghrád AD 9.
C. IARRATAIS A CHUR ISTEACH
Ní foláir go gcomhlánóidh na hiarrthóirí an fhoirm iarratais oifigiúil (an fhoirm bhunaidh nó cóip de), ar foirm í a ghabhann leis an bhfógra folúntais seo agus atá foilsithe san Iris Oifigiúil seo ag Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh.
Iarrtar ar na hiarrthóirí an Treoir d’Iarrthóirí a léamh go cúramach sula gcomhlánóidh siad an fhoirm iarratais.
Dáta deiridh chun iarratas a chur isteach
Ní foláir an fhoirm iarratais agus fótachóipeanna de na doiciméid a sheoladh leis an bpost cláraithe (3) tráth nach déanaí ná an 23 Bealtaine 2016 (arna fhianú leis an bpostmharc) chuig an seoladh seo a leanas:
|
PARLEMENT EUROPÉEN |
|
Unité concours – MON 04 S 010 |
|
Procédure de sélection PE/190/S |
|
(ní foláir uimhir thagartha an nós imeachta roghnúcháin seo a chur in iúl) |
|
60 rue Wiertz |
|
1047 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BEGIË |
Ní chuirfear san áireamh na hiarratais a bheidh seolta tríd an bpost neamhchláraithe nó tríd an bpost inmheánach. Ní ghlacfaidh an tAonad um Chomórtais agus um Nósanna Imeachta Roghnúchán le hiarratais a chur isteach trí lámhsheachadadh.
Ní sheolfar aon admháil go bhfuarthas na comhaid iarratais ach amháin má tá admháil fála ag gabháil leis an bpost cláraithe.
Iarrtar ar na hiarrthóirí GAN GLAO TEILEAFÓIN a dhéanamh chun eolas a fháil faoin sceideal don nós imeachta.
Is ar na hiarrthóirí féin atá an mhortabháil ríomhphost (PE-190-S@ep.europa.eu) nó litir a sheoladh chuig an Aonad um Chomórtais agus um Nósanna Imeachta Roghnúcháin mura mbeidh ríomhphost maidir lena n-iarratas faighte acu faoin 30 Meitheamh 2016.
(1) D’fhéadfaí an post seo a aistriú go dtí ceann de na hionad oibre eile atá ag Parlaimint na hEorpa.
(2) Is iad teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh: an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis agus an Ungáiris.
(3) Measfar gurb ionann an comhad a sheoladh le seirbhís phríobháideach chúiréireachta agus é a sheoladh leis an bpost cláraithe. Sa chás go ndéantar an seoladh le cuideachta phríobháideach chúiréireachta, glacfar leis an dáta ar an bhfoirm seachadta mar dháta an tseolta.
IARSCRÍBHINN
Treoir d’iarrthóirí i nósanna imeachta roghnúcháin a eagraíonn Parlaimint na hEorpa
|
1. |
RÉAMHRÁ 2 | 8 |
| Cén leagan amach a bhíonn ar nós imeachta roghnúcháin? 2 | 8 |
|
2. |
NA CÉIMEANNA SA NÓS IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN 2 | 8 |
| Glacadh le comhaid iarratais 3 | 8 |
| Scrúdú an gcomhlíontar na coinníollacha ginearálta 3 | 8 |
| Scrúdú an gcomhlíontar na coinníollacha sonracha 4 | 9 |
| Measúnú ar cháilíochtaí 4 | 9 |
| Trialacha 4 | 9 |
| Liosta d’iarrthóirí oiriúnacha 5 | 10 |
|
3. |
CONAS IARRATAS A DHÉANAMH? 5 | 10 |
| Faisnéis Ghinearálta 5 | 10 |
| Conas comhad iarratais comhlánaithe a chur isteach? 5 | 10 |
| Cad iad na doiciméid tacaíochta nach mór a iniamh leis an gcomhad iarratais? 6 | 10 |
| Faisnéis Ghinearálta 6 | 10 |
| Doiciméid tacaíochta a chruthaíonn go bhfuil na coinníollacha ginearálta á gcomhlíonadh 6 | 11 |
| Doiciméid tacaíochta a chruthaíonn go bhfuil na coinníollacha sonracha á gcomhlíonadh agus le haghaidh cáilíochtaí a mheasúnú 7 | 11 |
|
4. |
CUMARSÁID 8 | 12 |
|
5. |
FAISNÉIS GHINEARÁLTA 9 | 12 |
| Comhionannas Deiseanna 9 | 12 |
| Iarrataí ó iarrthóirí ar fhaisnéis a bhaineann leo a rochtain 10 | 13 |
| Cosaint sonraí pearsanta 10 | 13 |
| Speansais taistil agus cothaithe 10 | 13 |
| IARSCRÍBHINN I | 14 |
| IARSCRÍBHINN II | 17 |
1. RÉAMHRÁ
Cén leagan amach a bhíonn ar nós imeachta roghnúcháin?
Sraith céimeanna atá sa nós imeachta roghnúcháin ina dtéann na hiarrthóirí in iomaíocht lena chéile. Tá an nós imeachta ar oscailt do gach saoránach den Aontas Eorpach a chomhlíonann na critéir riachtanacha faoin dáta deiridh atá socraithe chun na hiarratais a chur isteach, ar nós imeachta é a thugann deis chothrom do na hiarrthóirí go léir a scileanna a léiriú agus a thugann an deis roghnú a dhéanamh bunaithe ar thuillteanas, agus ag an am céanna prionsabal na córa comhionainne á urramú.
Déantar na hiarrthóirí a n-éiríonn leo sa nós imeachta roghnúcháin a chur ar liosta d’iarrthóirí oiriúnacha as a roghnaíonn Parlaimint na hEorpa duine don phost a luaitear san fhógra folúntais.
I gcás gach nós imeachta roghnúcháin, déantar coiste roghnúcháin a cheapadh atá comhdhéanta de chomhaltaí atá ina n-ionadaithe ar an gCóras Riaracháin agus ar an gCoiste Foirne. Is ar mhodh rúin a dhéantar obair an choiste roghnúcháin agus cuirtear an obair sin i gcrích i gcomhréir le hIarscríbhinn III de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (1).
Tá toirmeasc ar na hiarrthóirí aon teagmháil a dhéanamh, go díreach nó go hindíreach, leis an gcoiste roghnúcháin. Forchoimeádann an t-údarás ceapacháin an ceart gach iarrthóir a sháraíonn an treoir sin a eisiamh as an gcomórtas.
Déanann an coiste roghnúcháin na critéir incháilitheachta, arna leagan síos san fhógra folúntais, a chur i bhfeidhm go diongbháilte le linn dóibh cinneadh a dhéanamh maidir le gach iarrathóir i dtaobh an nglacfaidh siad lena iarratas nó nach nglacfaidh. Má glacadh le hiarrthóir i gcomórtas nó i nós imeachta roghnúcháin roimhe seo, ní hionann sin agus a rá go bhfuil siad incháilithe go huathoibríoch don nós imeachta seo.
Chun go ndéanfar na hiarrthóirí is fearr a roghnú, déanfaidh an coiste roghnúcháin comparáid idir feidhmíocht na n-iarrthóirí chun breithniú a dhéanamh ar a gcumas na cúraimí a bhfuil tuairisc orthu san fhógra a chomhall. Dá bhrí sin, ní hamháin go bhfuil ar an gcoiste an leibhéal eolais a mheas ach ní foláir dó freisin na daoine is fearr atá cáilithe don phost a aithint, bunaithe ar thuillteanas na n-iarrthóirí.
Tabhair do d’aire, le do thoil, go dtógann sé idir 6 agus 9 mí nós imeachta roghnúcháin a thabhairt chun críche, ag brath ar an líon iarrthóirí.
2. NA CÉIMEANNA SA NÓS IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN
Tá na céimeanna seo a leanas sa nós imeachta roghnúcháin:
|
— |
glacadh le comhaid iarratais, |
|
— |
scrúdú an gcomhlíontar na coinníollacha ginearálta, |
|
— |
scrúdú an gcomhlíontar na coinníollacha sonracha, |
|
— |
measúnú ar cháilíochtaí, |
|
— |
trialacha, |
|
— |
liosta d’iarrthóirí oiriúnacha. |
Glacadh le comhaid iarratais
Ní foláir do na hiarrthóirí a shocraíonn iarratas a dhéanamh comhad iarratais iomlán a chur isteach ina mbeidh an fhoirm iarratais a ghabhann leis an bhfógra folúntais, í comhlánaithe agus sínithe, agus a mbeidh gach doiciméad tacaíochta a éilítear chun a léiriú go gcomhlíontar na coinníollacha ginearálta agus na coinníollacha sonracha a leagtar amach san fhógra folúntais ag gabháil léi, nó mura ndéanfaidh siad an méid sin déanfar iad a eisiamh as an nós imeachta. Ní foláir an comhad sin a sheoladh leis an bpost cláraithe faoin spriocdháta atá leagtha síos san fhógra folúntais (measfar gurb ionann an comhad a sheoladh trí chuideachta phríobháideach chúiréireachta agus an comhad a sheoladh leis an bpost cláraithe. Sa chás go ndéanfar an seoladh le cuideachta phríobháideach chúiréireachta, glacfar leis an dáta ar an bhfoirm seachadta mar dháta an tseolta). Féach Roinn C den fhógra folúntais, mar a bhfuil an seoladh agus an dáta deiridh chun iarratas a chur isteach.
Scrúdú an gcomhlíontar na coinníollacha ginearálta
Scrúdóidh an tAonad um Chomórtais agus um Nósanna Imeachta Roghnúcháin an féidir glacadh leis na hiarratais, is é sin le rá, an ndearnadh na hiarratais a chur isteach ar an modh iomchuí agus faoin dáta deiridh a shonraítear san fhógra folúntais agus an gcomhlíonann na hiarrthóirí na coinníollacha ginearálta incháilitheachta.
Dá réir sin, déanfar iarrthóirí a eisiamh go huathoibríoch más rud é:
|
— |
go seoltar an comhad iarratais tar éis an dáta deiridh, arna fhianú ag an bpostmharc nó le foirm seachadta na cuideachta príobháidí cúiréireachta; nó |
|
— |
nach seoltar an comhad iarratais leis an bpost cláraithe ná le cuideachta phríobháideach chúiréireachta; nó |
|
— |
nach mbaintear leas as an bhfoirm iarratais a ghabhann leis an bhfógra folúntais; nó |
|
— |
nach bhfuil an fhoirm iarratais a ghabhann leis an bhfógra folúntais comhlánaithe go cuí; nó |
|
— |
nach bhfuil an fhoirm iarratais sínithe; nó |
|
— |
nach gcomhlíontar na coinníollacha ginearálta incháilitheachta. |
Cuirfear in iúl go díreach do na hiarrthóirí má diúltaíodh dá n-iarratas agus déanfar é sin tar éis an dáta deiridh chun iarratais a chur isteach .
Déanfaidh an t-údarás ceapacháin liosta de na hiarrthóirí a chomhlíonann na coinníollacha ginearálta a shonraítear san fhógra folúntais a tharraingt suas agus cuirfidh sé an liosta sin ar aghaidh chuig an gcoiste roghnúcháin.
Scrúdú an gcomhlíontar na coinníollacha sonracha
Déanfaidh an coiste roghnúcháin na comhaid iarratais a scrúdú agus tarraingeoidh sé suas liosta de na hiarrthóirí a chomhlíonann na coinníollacha sonracha a leagtar amach san fhógra folúntais. Bunóidh an coiste a chinntí go huile agus go hiomlán ar an bhfaisnéis atá tugtha sna foirmeacha iarratais agus a dtugann na doiciméid tacaíochta bonn cirt dóibh .
Ní foláir mionsonraí iomlána maidir le cúrsaí léinn, le hoiliúint, le heolas ar theangacha agus, más gá, le taithí ghairmiúil a bheith tugtha san fhoirm iarratais, eadhon:
|
— |
i gcás cúrsaí léinn: an dáta tosaigh agus an dáta críochnaithe do gach cúrsa, mar aon leis an gcineál dioplóma nó dioplómaí, lena n-áirítear na hábhair a ndearnadh staidéar orthu; |
|
— |
i gcás na taithí gairmiúla a d’fhéadfadh a bheith i gceist: an dáta tosaigh agus an dáta críochnaithe do gach tréimhse iomchuí agus tuairisc bheacht ar an gcineál cúraimí a bhí le comhall. |
Maidir le hiarrthóirí a bhfuil saothair léinn, ailt nó téacsanna eile foilsithe acu, agus atá ábhartha do chúraimí an phoist, ba cheart dóibh iad sin a lua san fhoirm iarratais.
Déanfar na hiarrthóirí nach gcomhlíonann na coinníollacha sonracha incháilitheachta, arna leagan síos san fhógra folúntais, a eisiamh ag an gcéim seo.
Cuirfear gach iarrthóir ar an eolas i litir i dtaobh chinneadh an choiste roghnúcháin i leith glacadh nó gan glacadh lena iarratas sa nós imeachta.
Measúnú ar cháilíochtaí
Chun iarrthóirí a roghnú a dtabharfar cuireadh chuig na trialacha dóibh, déanfaidh an coiste roghnúcháin meastóireacht ar cháilíochtaí na n-iarrthóirí a mbeidh glactha leo chuig an gcéim seo den nós imeachta. Bunóidh an coiste a chinntí go huile agus go hiomlán ar an bhfaisnéis atá tugtha sna foirmeacha iarratais agus a dtugann na doiciméid tacaíochta bonn cirt dóibh (féach Pointe 3 thíos). Bunóidh an coiste roghnúcháin a chuid oibre ar na critéir a bheidh socraithe roimh ré agus aird á tabhairt aige go háirithe ar na cáilíochtaí a shonraítear i Roinn B.2. den fhógra folúntais.
Cuirfear gach iarrthóir ar an eolas i litir i dtaobh chinneadh an choiste roghnúcháin i leith glacadh nó gan glacadh leis ag céim na dtrialacha.
Trialacha
Tá na trialacha go léir éigeantach agus tá feidhm díbeartha ag roinnt leo. Tá an líon uasta d’iarrthóirí a nglacfar leo i gcomhair na dtrialacha leagtha síos i Roinn B.2. den fhógra folúntais.
Ar chúiseanna eagraíochtúla, d’fhéadfaí a iarraidh ar na hiarrthóirí na trialacha scríofa agus cainte uile a dhéanamh ag an am céanna. Mar sin féin, déanfar na trialacha sin a cheartú san ord ina bhfuil siad san fhógra folúntais. Dá réir sin, mura mbainfidh iarrthóir amach an pasmharc atá riachtanach i gceann de na trialacha, ní mharcálfaidh an coiste roghnúcháin na trialacha a leanann.
Más rud é nach ndéanfaidh iarrthóir na trialacha go léir, ní mharcálfar ceachtar acu.
Liosta d’iarrthóirí oiriúnacha
Ní dhéanfar ach an líon uasta iarrthóirí, mar a leagtar síos i Roinn B.4. den fhógra folúntais, a chur ar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha.
Is ionann ainm iarrthóra a bheith ar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha agus go bhféadfaidh ceann de sheirbhísí na hinstitiúide cuireadh chun agallaimh a thabhairt don duine sin, ach ní hionann é sin agus ceart ná ráthaíocht go ndéanfaidh an institiúid é a earcú.
3. CONAS IARRATAS A DHÉANAMH?
Faisnéis Ghinearálta
Sula ndéanfar iarratas, ba cheart do na hiarrthóirí a sheiceáil go cúramach an gcomhlíonann siad na coinníollacha iontrála go léir, idir choinníollacha ginearálta agus choinníollacha sonracha, rud a chiallaíonn gur cheart dóibh ar dtús an fógra folúntais agus an treoir seo a léamh go cúramach agus aird chuí a thabhairt ar na coinníollacha a leagtar amach iontu.
Bíodh is nach bhfuil aon teorainn aoise leagtha síos sna fógraí folúntais, tugtar ar aire go bhfuil an aois scoir don fhoireann leagtha síos i Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh.
Ní foláir do na hiarrthóirí úsáid a bhaint as an bhfoirm iarratais (an leagan bunaidh nó cóip de) atá ag gabháil leis an bhfógra folúntais agus atá foilsithe san Iris Oifigiúil seo ag Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh.
Ní chuirfear san áireamh doiciméid a sheoltar i ndiaidh an dáta deiridh chun iarratas a dhéanamh.
Maidir le hiarrthóirí faoi mhíchumas nó iarrthóirí atá i gcúinsí ar leith a d’fhágfadh go bhféadfadh deacrachtaí a bheith acu le linn na dtrialacha (e.g. iad a bheith torrach nó leanbh acu atá fós á chothú ar an gcíoch, nó mar gheall go bhfuil fadhbanna sláinte acu nó go bhfuil siad faoi chóir dochtúra), ní foláir dóibh an méid sin a thabhairt le fios ar an bhfoirm iarratais agus aon fhaisnéis ábhartha a sholáthar ionas go mbeidh an riarachán in ann, más féidir, bearta iomchuí a ghlacadh. Más amhlaidh an cás, ba cheart go leagfadh siad amach ina bhfoirm iarratais, ar bhileog ar leithligh, aon socruithe speisialta a mheasann siad a bheith riachtanach chun a rannpháirtíocht sna trialacha a éascú.
Conas comhad iarratais comhlánaithe a chur isteach?
|
1. |
Comhlánaigh agus sínigh an fhoirm iarratais atá ag gabháil leis an bhfógra folúntais. |
|
2. |
Cuir faoi iamh liosta de na doiciméid tacaíochta go léir atá i gceangal leis an gcomhad, á léiriú duit cad í an uimhir atá tugtha do gach ceann agat. |
|
3. |
Cuir faoi iamh na doiciméid tacaíochta riachtanacha go léir, agus bíodh siad uimhrithe ar dtús agat. |
|
4. |
Cuir isteach an comhad iarratais de réir an mhodha a shonraítear san fhógra folúntais agus faoin dáta deiridh a leagtar síos san fhógra folúntais. |
Cad iad na doiciméid tacaíochta nach mór a iniamh leis an gcomhad iarratais?
Faisnéis Ghinearálta
Níor cheart leagan bunaidh de na doiciméid a chur isteach; ba cheart gur fótachóipeanna nach bhfuil fíordheimhnithe a chuirfí faoi iamh. Ní fhéadfar tagairtí do láithreáin gréasáin a mheas mar dhoiciméid tacaíochta chun na críche sin. Ní mheastar gur deimhniúcháin iad asphriontaí de leathanaigh as láithreán gréasáin, ach féadfar iad a chur faoi iamh mar fhaisnéis bhreise agus chuige sin amháin.
Tarraingítear aird na n-iarrthóirí ar an bhfíoras go mbeidh ar iarrthóirí a bheidh ar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha agus a ndéanfar post a thairiscint dóibh na leaganacha bunaidh de gach doiciméad riachtanach a thabhairt ar aird sula bhféadfar na hiarrthóirí sin a earcú.
Ní mheastar gur doiciméad tacaíochta atá in curriculum vitae.
Ní fhéadfaidh na hiarrthóirí tagairt a dhéanamh d’fhoirmeacha iarratais ná do dhoiciméid eile a cuireadh isteach mar chuid d’iarratas a rinneadh roimhe sin (2).
Ní sheolfar aon cheann de na doiciméid atá sa chomhad ar ais chuig na hiarrthóirí.
Doiciméid tacaíochta a chruthaíonn go bhfuil na coinníollacha ginearálta á gcomhlíonadh
Ní iarrtar doiciméad ar bith ag an bpointe seo chun a chruthú:
|
— |
gur náisiúnach de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh iad na hiarrthóirí; |
|
— |
go bhfuil a lánchearta mar shaoránach á dteachtadh ag na hiarrthóirí; |
|
— |
go bhfuil a ndualgais comhlíonta ag na hiarrthóirí i ndáil leis na hoibleagáidí míleata is infheidhme de réir dlí; |
|
— |
go bhfuil na teistiméireachtaí carachtair ag na hiarrthóirí is iomchuí do na cúraimí atá i gceist a chomhlíonadh. |
Ní mór do na hiarrthóirí an fhoirm iarratais a shíniú. Is leis an síniú sin a dhearbhaíonn na hiarrthóirí ar a n-onóir go bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh acu agus go bhfuil an fhaisnéis a thugann siad fíor agus iomlán.
Doiciméid tacaíochta a chruthaíonn go bhfuil na coinníollacha sonracha á gcomhlíonadh agus le haghaidh cáilíochtaí a mheasúnú
Tá ar na hiarrthóirí an fhaisnéis go léir agus na doiciméid uile a sholáthar don choiste roghnúcháin a chuirfidh ar chumas an choiste sin beachtas na faisnéise atá tugtha san fhoirm iarratais a fhíordheimhniú.
Dioplómaí agus/nó teastais lena ndeimhnítear gur bhain na hiarrthóirí cáilíocht amach i gcúrsa léinn
Ní foláir do na hiarrthóirí fótachóip a sholáthar de na dioplómaí nó teastais atá acu lena ndeimhnítear gur bhain siad cáilíocht amach i gcúrsa léinn ar an leibhéal a éilítear san fhógra folúntais.
Tabharfaidh an coiste roghnúcháin aird ar chórais dhifriúla oideachais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.
Maidir le dioplómaí tríú leibhéal, ní foláir an fhaisnéis is mionsonraithe agus is féidir a chur ar fáil, go háirithe maidir leis na hábhair a ndearnadh staidéar orthu agus an tréimhse a mhair na cúrsaí, ionas go mbeidh ar chumas an choiste roghnúcháin a mheas cé chomh hábhartha do chúraimí an phoist atá na dioplómaí sin.
Maidir le hoiliúint theicniúil nó ghairmiúil, nó le cúrsaí breisoideachais nó speisialtóireachta, ní foláir do na hiarrthóirí a chur in iúl an cúrsaí lánaimseartha, cúrsaí páirtaimseartha nó ranganna oíche a bhí i gceist leo, agus na hábhair a rinneadh mar aon le fad oifigiúil na gcúrsaí a chur in iúl chomh maith.
Taithí ghairmiúil
Más rud é go n-éilítear taithí ghairmiúil san fhógra folúntais, ní chuirfear san áireamh ach amháin an taithí ghairmiúil a bheidh faighte ag an iarrthóir i ndiaidh dó an dioplóma nó an cháilíocht léinn is gá a bhaint amach. Ní foláir cruthúnas a bheith sna doiciméid tacaíochta de thréimhse agus leibhéal na taithí gairmiúla agus ní mór an cineál cúraimí a cuireadh i gcrích a thabhairt chomh mionsonraithe agus is féidir ionas go mbeidh ar chumas an choiste roghnúcháin a mheas cé chomh hábhartha do chúraimí an phoist atá an taithí ghairmiúil sin.
Ní foláir go mbeidh doiciméad tacaíochta ann le haghaidh gach tréimhse den obair ghairmiúil lena mbaineann, mar shampla:
|
— |
deimhniúcháin ó iarfhostóirí agus ón bhfostóir reatha lena ndeimhnítear an taithí ghairmiúil a éilítear chun cur isteach ar an nós imeachta roghnúcháin; |
|
— |
más rud é, ar chúiseanna rúndachta, nach féidir leis na hiarrthóirí na deimhniúcháin sin a chur faoi iamh, tá sé ríthábhachtach, ina n-ionad sin, go ndéantar fótachóip den chonradh oibre nó den litir earcaíochta agus/nó den chéad duillín pá agus den duillín pá deiridh agus go ndéantar an fótachóip a chur faoi iamh; |
|
— |
i gcás nach thar ceann fostóra a rinneadh an obair ghairmiúil (duine féinfhostaithe, duine a ghabhann le saorghairmeacha etc.), glacfar mar chruthúnas le sonraisc ina dtugtar mionsonraí faoi na seirbhísí a soláthraíodh nó le haon doiciméad tacaíochta oifigiúil eile atá ábhartha. |
Eolas ar theangacha
Ní foláir an t-eolas ar na teangacha a éilítear don phost a bheith deimhnithe le dioplóma, le teastas nó le dearbhú ar onóir an iarrthóra, é sin á chur ar fáil ar bhileog ar leithligh, lena mínítear an chaoi ar baineadh amach an t-eolas ar na teangacha i dtrácht.
Más rud é, ag céim ar bith den nós imeachta, go ndéantar a shuíomh go bhfuil an fhaisnéis a thugtar san fhoirm iarratais mícheart nó nach bhfuil an fhaisnéis sin ag luí leis na doiciméid a éilítear chun an fhoirm iarratais a mheas nó nach bhfuil na coinníollacha uile a leagtar amach san fhógra folúntais á gcomhlíonadh, déanfar an t-iarrthóir a eisiamh as an nós imeachta.
4. CUMARSÁID
Is ar na hiarrthóirí féin atá an mhortabháil a áirithiú go ndéantar an fhoirm iarratais (an leagan bunaidh nó cóip de), í comhlánaithe agus sínithe go cuí, mar aon leis na doiciméid tacaíochta a sheoladh leis an bpost cláraithe (3) faoin dáta deiridh chun iarratais a dhéanamh, arna fhianú ag an bpostmharc.
Ní chuirfear san áireamh na hiarratais a bheidh seolta tríd an bpost neamhchláraithe nó tríd an bpost inmheánach. Ní ghlacfaidh an tAonad um Chomórtais agus um Nósanna Imeachta Roghnúchán le hiarratais a chur isteach trí lámhsheachadadh.
Ní sheolfar aon admháil go bhfuarthas na comhaid iarratais ach amháin má tá admháil fála ag gabháil leis an bpost cláraithe.
Is faoi na hiarrthóirí féin atá sé litir nó teachtaireacht ríomhphoist (4) a sheoladh chuig an Aonad um Chomórtais agus um Nósanna Imeachta Roghnúcháin más rud é, faoin dáta atá luaite sa mhír dheiridh den fhógra folúntais, nach mbeidh ríomhphost faighte acu maidir lena n-iarratas.
I ngach comhfhreagras a sheolann an t-iarrthóir maidir le hiarratas a cuireadh isteach, ní foláir go luafar an t-ainm a tugadh san fhoirm iarratais agus uimhir an nós imeachta roghnúcháin.
Déanfar an comhfhreagras go léir a sheolann Parlaimint na hEorpa maidir le nós imeachta roghnúcháin, lena n-áirítear cuireadh chuig trialacha, a sheoladh le ríomhphost chuig an seoladh a thugann an t-iarrthóir san fhoirm iarratais. Is ar an iarrthóir féin atá an mhortabháil a chuntas ríomhphoist a sheiceáil go tráthrialta (faoi dhó sa tseachtain ar a laghad) agus aon athrú ar a chuid sonraí pearsanta a chur in iúl don Aonad um Chomórtais agus um Nósanna Imeachta Roghnúcháin.
Ba cheart gach cumarsáid a bhaineann leis an nós imeachta roghnúcháin a sheoladh mar theachtaireacht ríomhphoist chuig an mbosca poist feidhme:
PE-190-S@ep.europa.eu
Sa chás nach mbeidh ar chumas na n-iarrthóirí a gcuntas ríomhphoist a sheiceáil, is orthu féin atá an mhortabháil é sin a chur in iúl láithreach don Aonad um Chomórtais agus um Nósanna Imeachta Roghnúcháin agus seoladh ríomhphoist nua a sholáthar don Aonad.
Chun a áirithiú go mbeidh an coiste roghnúcháin neamhspleách, tá toirmeasc ar na hiarrthóirí i gcúinse ar bith aon teagmháil a dhéanamh, go díreach nó go hindíreach, leis an gcoiste roghnúcháin agus má dhéanann siad é sin d’fhéadfaí iad a eisiamh as an nós imeachta roghnúcháin.
Ní foláir gur chuig an Aonad um Chomórtais agus um Nósanna Imeachta Roghnúcháin (4), ar a bhfuil an cúram déileáil le gach cumarsáid leis na hiarrthóirí nó go dtabharfar an nós imeachta roghnúcháin chun críche, a dhírítear gach comhfhreagras leis an gcoiste roghnúcháin agus aon iarraidh ar fhaisnéis nó aon chomhfhreagras eile a bhaineann leis an nós imeachta.
5. FAISNÉIS GHINEARÁLTA
Comhionannas Deiseanna
Glacann Parlaimint na hEorpa fíorchúram chun gach cineál d’idirdhealú a sheachaint.
Is fostóir comhionannais deiseanna í agus glacann sí le hiarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, a bheith i do dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.
Iarrataí ó iarrthóirí ar fhaisnéis a bhaineann leo a rochtain
Tá ceart sonrach ag na hiarrthóirí i nósanna imeachta roghnúcháin faisnéis áirithe a bhaineann leo go díreach agus go leithleach a rochtain, faoi réir na gcoinníollacha a dtugtar tuairisc anseo thíos orthu. De bhua an chirt sin, féadfaidh Parlaimint na hEorpa an fhaisnéis bhreise seo a leanas a sholáthar d’iarrthóir arna iarraidh sin dó:
|
(a) |
féadfaidh na hiarrthóirí sin nach bhfaigheann pas i dtrialacha scríofa agus/nó nach bhfuil i measc na n-iarrthóirí a dtugtar cuireadh chuig triail chainte dóibh, arna iarraidh sin dóibh, cóip a fháil de na páipéir a scríobh siad don triail mar aon le cóip den bhileog meastóireachta pearsanta ina bhfuil trácht an choiste roghnúcháin i dtaobh chomh maith agus a d’éirigh leo. Ní foláir an iarraidh ar chóipeanna a dhéanamh laistigh de mhí amháin ón dáta ar seoladh an litir ag tabhairt fógra don iarrthóir den chinneadh gur cuireadh deireadh lena rannpháirtíocht sa nós imeachta roghnúcháin; |
|
(b) |
maidir leis na hiarrthóirí ar tugadh cuireadh chuig na trialacha cainte dóibh agus nach bhfuil a n-ainm ar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha, ní chuirfear na marcanna a fuair siad sna trialacha éagsúla in iúl dóibh go dtí go mbeidh an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha tarraingthe suas ag an gcoiste roghnúcháin. Féadfaidh na hiarrthóirí sin freisin cóip dá dtrialacha scríofa a fháil ar an gcaoi chéanna a leagtar amach i bpointe (a); |
|
(c) |
maidir leis na hiarrthóirí a bheidh ar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha, is é a ndéanfar a chur in iúl dóibh gur iarrthóirí iad ar éirigh leo sa nós imeachta roghnúcháin. |
Déileálfar le hiarrataí i gcomhréir leis an gceanglas go ndéantar obair an choiste roghnúcháin ar mhodh rúin, amhail a leagtar síos i Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (Airteagal 6 d’Iarscríbhinn III) agus i gcomhlíonadh na rialacha maidir le cosaint daoine aonair a mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta a phróiseáil.
Cosaint sonraí pearsanta
Déanann Parlaimint na hEorpa, ina cáil mar an comhlacht atá freagrach as nósanna imeachta roghnúcháin a eagrú, a áirithiú go bpróiseáiltear sonraí pearsanta na n-iarrthóirí i ndlúthchomhlíonadh Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (5), go sonrach a mhéid a bhaineann le rúndacht agus slándáil na sonraí sin.
Speansais taistil agus cothaithe
Déanfar ranníocaíocht i dtreo speansais taistil agus chothaithe na n-iarrthóirí a dtabharfar cuireadh chuig trialacha dóibh. Déanfar mionsonraí faoin nós imeachta agus na rátaí is infheidhme a thabhairt sa litir lena dtugtar cuireadh don iarrthóir chuig na trialacha.
Glacfar leis gurb é an seoladh a thabharfaidh an t-iarrthóir san fhoirm iarratais an áit óna bhfágfaidh an t-iarrthóir le dul chuig an áit ina n-iarrfar air na trialacha a dhéanamh. Maidir leis sin, ní fhéadfar aird a thabhairt ar athrú ar an seoladh a chuirfidh an t-iarrthóir in iúl tar éis do Pharlaimint na hEorpa cuirí chuig trialacha a sheoladh, ach amháin sa chás go measann an Pharlaimint go bhfuil force majeure i gceist nó gur cás é atá go hiomlán eisceachtúil.
(1) Féach Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1), arna leasú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 723/2004 (IO L 124, 27.4.2004, lch. 1) agus arna leasú go deireanach le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (IO L 287, 29.10.2013, lch. 15).
(2) Tá feidhm ag na coinníollacha seo maidir leis na hiarrthóirí go léir, lena n-áirítear oifigigh agus seirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh.
(3) Measfar gurb ionann an comhad a sheoladh le seirbhís phríobháideach chúiréireachta agus é a sheoladh leis an bpost cláraithe. Sa chás go ndéantar an seoladh le cuideachta phríobháideach chúiréireachta, glacfar leis an dáta ar an bhfoirm seachadta mar dháta an tseolta.
(4) Seoladh: PARLEMENT EUROPÉEN, Unité concours – MON 04 S 010, Procédure de sélection PE/190/S, 60 rue Wiertz, 1047 Bruxelles, Belgique.
Seoladh ríomhphoist: PE-190-S@ep.europa.eu
(5) IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.
IARSCRÍBHINN I
Treoir tháscach de na cáilíochtaí is iomchuí chun cur isteach ar nósanna imeachta roghnúcháin don ghrúpa feidhme AD (1) (arna mheas ar bhonn cás ar chás)
|
TÍR |
Cúrsa ollscoile a mhaireann ceithre bliana ar a laghad |
Cúrsa ollscoile a mhaireann trí bliana ar a laghad |
|
Belgique – België – Belgien |
Licence/Licentiaat/Diplôme d'études approfondies (DEA)/Diplôme d'études spécialisées (DES)/Diplôme d'études supérieures spécialisées (DESS)/Gediplomeerde in de Voortgezette Studies (GVS)/Gediplomeerde in de Gespecialiseerde Studies (GGS)/Gediplomeerde in de Aanvullende Studies (GAS) Agrégation de l’enseignement secondaire supérieur (AESS)/Aggregaat Ingénieur industriel/Industrieel ingenieur/Master – 60/120 ECTS/Master complémentaire – 60 ECTS ou plus Agrégation de l’enseignement secondaire supérieur (AESS) – 30 ECTS Doctorat/Doctoraal diploma |
Bachelor académique (dit “de transition”) – 180 ECTS Academisch gerichte bachelor – 180 ECTS |
|
България |
Диплома за висше образование Бакалавър – 240 ECTS/Магистър – 300 ECTS/Доктор Магистър след Бакалавър – 60 ECTS/Магистър след Професионален бакалавър по … – 120 ECTS |
|
|
Česká republika |
Diplom o ukončení vysokoškolského studia/Magistr/Doktor |
Diplom o ukončení bakalářského studia (Bakalář) |
|
Danmark |
Kandidatgrad/Candidatus/Master/Magistergrad (Mag.Art)/Licenciatgrad/Ph.d.-grad |
Bachelorgrad (B.A or B. Sc)/Professionsbachelorgrad/Diplomingeniør |
|
Deutschland |
Master (alle Hochschulen)/Diplom (Univ.)/Magister/Staatsexamen/Doktorgrad |
Bachelor/Fachhochschulabschluss (FH) Staatsexamen (Regelstudienzeit 3 Jahre) |
|
Eesti |
Rakenduskõrghariduse diplom Bakalaureusekraad (160 ainepunkti)/Magistrikraad/Arstikraad/Hambaarstikraad/Loomaarstikraad/Filosoofiadoktor/Doktorikraad (120–160 ainepunkti) |
Bakalaureusekraad (min 120 ainepunkti)/Bakalaureusekraad (< 160 ainepunkti) |
|
Éire/Ireland |
Céim Onórach Bhaitsiléara (4 bliana/240 ECTS) Honours Bachelor Degree (4 years/240 ECTS)/Céim Ollscoile University Degree/ Céim Mháistir (60-120 ECTS) Master’s Degree (60-120 ECTS)/Céim Dochtúra Doctorate |
Céim Onórach Bhaitsiléara (3 bliana/180 ECTS) (BA, B.Sc, B. Eng) Honours Bachelor Degree (3 years/180 ECTS) (BA, B.Sc, B. Eng) |
|
Ελλάδα |
Πτυχίο [ΑΕI (πανεπιστημίου, πολυτεχνείου), ΤΕI υποχρεωτικής τετραετούς φοίτησης] 4 χρόνια (1ος κύκλος)bb Μεταπτυχιακό Δίπλωμα Ειδίκευσης (2ος κύκλος) Διδακτορικό Δίπλωμα (3ος κύκλος) |
|
|
España |
Licenciado/Ingeniero/Arquitecto/Graduado/Máster Universitario/Doctor |
Diplomado/Ingeniero técnico Arquitecto técnico/Maestro |
|
France |
Maîtrise/MST (maîtrise des sciences et techniques)/MSG (maîtrise des sciences de gestion) DEST (diplôme d'études supérieures techniques)/DRT (diplôme de recherche technologique) DESS (diplôme d'études supérieures spécialisées)/DEA (diplôme d'études approfondies) Master 1/Master 2 professionnel/Master 2 recherche Diplôme des grandes écoles/Diplôme d'ingénieur/Doctorat |
Licence |
|
Italia |
Diploma di Laurea (DL) – da 4 a 6 anni/Laurea specialistica (LS)/Laurea magistrale (LM)/Master universitario di primo livello/Master universitario di secondo livello/Diploma di Specializzazione (DS)/Dottorato di ricerca (DR) |
Diploma universitario (3 anni)/Diploma di Scuola diretta a fini speciali (3 anni)/Laurea – L180 crediti |
|
Κύπρος |
Πανεπιστημιακό Πτυχíο/Bachelor Master/Doctorat |
|
|
Latvija |
Bakalaura diploms (160 kredītpunkti)/Profesionālā bakalaura diploms/Maģistra diploms/Profesionālā maģistra diploms/Doktora grāds |
Bakalaura diploms (min. 120 kredītpunkti) |
|
Lietuva |
Aukštojo mokslo diplomas/Bakalauro diplomas/Magistro diplomas/Daktaro diplomas/Meno licenciato diplomas |
Profesinio bakalauro diplomas Aukštojo mokslo diplomas |
|
Luxembourg |
Master/Diplôme d'ingénieur industriel/DESS en droit européen |
Bachelor/Diplôme d'ingénieur technicien |
|
Magyarország |
Egyetemi oklevél/Alapfokozat – 240 kredit/Mesterfokozat/Doktori fokozat |
Főiskolai oklevél/Alapfokozat – 180 kredit vagy annál több |
|
Malta |
Bachelor's degree/Master of Arts/Doctorate |
Bachelor’s degree |
|
Nederland |
HBO Bachelor degree HBO/WO Master's degree Doctoraal examen/Doctoraat |
Bachelor (WO) |
|
Österreich |
Master Magister/Magistra Magister/Magistra (FH) Diplom-Ingenieur/in Diplom-Ingenieur/in (FH) Doktor/in PhD |
Bachelor Bakkalaureus/Bakkalaurea Bakkalaureus/Bakkalaurea (FH) |
|
Polska |
Magister/Magister inżynier Dyplom doktora |
Licencjat/Inżynier |
|
Portugal |
Licenciado/Mestre/Doutor |
Bacharel/Licenciado |
|
Hrvatska |
Baccalaureus/Baccalaurea (Sveučilišni prvostupnik/prvostupnica) Stručni specijalist Master degree (magistar struke) 300 kredit min. Magistar inženjer/magistrica inženjerka (mag. ing.) Doktor struke/Doktor umjetnosti |
Baccalaureus/Baccalaurea (Sveučilišni prvostupnik/prvostupnica) |
|
România |
Diplomă de Licenţă/Diplomă de inginer/Diplomă de urbanist/Diplomă de Master/Diplomă de Studii Aprofundate/Certificat de atestare (studii academice postuniversitare)/Diplomă de doctor |
Diplomă de Licență |
|
Slovenija |
Univerzitetna diploma/Magisterij/Specializacija/Doktorat |
Diploma o pridobljeni visoki strokovni izobrazbi |
|
Slovensko |
diplom o ukončení vysokoškolského štúdia/bakalár (Bc.)/magister magister/inžinier/ArtD |
diplom o ukončení bakalárskeho štúdia (bakalár) |
|
Suomi/Finland |
Maisterin tutkinto – Magisterexamen Ammattikorkeakoulututkinto – Yrkeshögskoleexamen (min. 160 opintoviikkoa – studieveckor) Tohtorin tutkinto (Doktorsexamen) joko 4 vuotta tai 2 vuotta lisensiaatin tutkinnon jälkeen – antingen 4 år eller 2 år efter licentiatexamen/Lisensiaatti/Licentiat |
Kandidaatin tutkinto – Kandidatexamen/Ammattikorkeakoulututkinto — Yrkeshögskoleexamen (min. 120 opintoviikkoa – studieveckor) |
|
Sverige |
Magisterexamen (akademisk examen omfattande minst 160 poäng varav 80 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 20 poäng eller två uppsatser motsvarande 10 poäng vardera)/Licentiatexamen/Doktorsexamen Meriter på avancerad nivå: Magisterexamen, 1 år, 60 högskolepoäng/Masterexamen, 2 år, 120 högskolepoäng Meriter på forskarnivå: Licentiatexamen, 2 år, 120 högskolepoäng/Doktorsexamen, 4 år, 240 högskolepoäng |
Kandidatexamen (akademisk examen omfattande minst 120 poäng varav 60 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 10 poäng) Meriter på grundnivå: Kandidatexamen, 3 år, 180 högskolepoäng (Bachelor) |
|
United Kingdom |
Honours Bachelor degree/Master's degree (MA, MB, MEng, MPhil, MSc)/Doctorate |
(Honours) Bachelor degree NB: Master's degree in Scotland |
(1) Déanfar daoine a fhostú ar ghráid 7 go 16 de ghrúpa feidhme AD faoin gcoinníoll breise go mbeidh taithí ghairmiúil iomchuí de bhliain amháin ar a laghad acu.
IARSCRÍBHINN II
IARRATAÍ AR ATHBHREITHNIÚ – ACHOMHAIRC – GEARÁIN CHUIG AN OMBUDSMAN EORPACH
Maidir le hiarrthóirí a mheasann go ndearnadh cinneadh díobhálach ina n-aghaidh, féadfaidh siad a iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcinneadh sin, féadfaidh siad nós imeachta achomhairc a thionscnamh nó féadfaidh siad gearán a thaisceadh leis an Ombudsman Eorpach (1).
Iarrataí ar athbhreithniú
Is féidir iarraidh ar athbhreithniú, agus na cúiseanna leis sin á lua, a sheoladh i bhfoirm ríomhphoist chuig bosca poist feidhme an nós imeachta:
PE-190-S@ep.europa.eu
laistigh de 10 lá féilire ón dáta a seolann an tAonad um Chomórtais agus um Nósanna Imeachta Roghnúcháin an teachtaireacht ríomhphoist chugat a chuireann an cinneadh sin in iúl duit.
Seolfar freagra chugat a luaithe agus is féidir.
Níl an rogha seo ar fáil ach amháin i gcomhair na gcéimeanna ag a nglactar cinneadh maidir le glacadh isteach chuig an gcomórtas agus le glacadh isteach chuig na trialacha scríofa agus cainte.
Achomhairc
|
— |
Féadfaidh tú gearán bunaithe ar Airteagal 90(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (2) a dhíriú chuig:
Tá an rogha seo ar fáil ag gach céim den nós imeachta roghnúcháin. Tarraingítear d’aird ar an bhfíoras go bhfuil ceart forleathan ag coistí roghnúcháin a mbreithiúnas féin a thabhairt, agus gur go neamhspleách a dhéanann siad a gcinntí agus nach féidir leis an údarás ceapacháin na cinntí sin a athrú. Ní féidir srian a chur leis an gcumhacht leathan breithiúnais sin ach amháin sa chás inar léir go ndearnadh sárú soiléir ar na rialacha a rialaíonn a gcuid oibre. Féadfar, dá bhrí sin, cinneadh a dhéanann coiste roghnúcháin a agóid go díreach os comhair Bhinse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh fiú amháin mura mbíonn gearán taiscthe cheana féin faoi Airteagal 90(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh. |
|
— |
Féadfaidh tú achomharc a dhéanamh chuig:
bunaithe ar Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ar Airteagal 91 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh. Níl an rogha seo ar fáil ach amháin maidir le cinntí a ghlacfaidh an coiste roghnúcháin. Ní fhéadfar achomharc a dhéanamh chuig Binse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh i gcoinne cinntí riaracháin lena ndiúltaítear glacadh le hiarrthóir i nós imeachta roghnúcháin ar fhorais nach bhfuil an t-iarratas ag comhlíonadh na gcoinníollacha don ghlacadh isteach sin a leagtar amach i Roinn B.1. den fhógra folúntais ach amháin sa chás go mbíonn gearán taiscthe ar dtús, de réir mar atá sonraithe thuas. Ní fhéadfar achomharc chuig Binse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh a dhéanamh ach amháin trí dhlíodóir atá údaraithe chun cleachtadh os comhair cúirte i mBallstát den Aontas Eorpach nó sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. |
Tosaíonn na tréimhsí ama a leagtar síos in Airteagal 90 agus in Airteagal 91 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, a bhfuil feidhm acu maidir leis an dá chineál achomhairc, ón dáta ar tugadh fógra den chinneadh bunaidh a bhfuil éifeacht dhíobhálach aige ort nó, sa chás amháin gur iarraidh ar athbhreithniú atá i gceist, ón dáta ar tugadh fógra duit i dtaobh fhreagra bunaidh an choiste roghnúcháin ar an iarraidh sin.
Gearáin chuig an Ombudsman Eorpach
Is féidir le hiarrthóir, faoi mar is féidir le gach saoránach den Aontas Eorpach, gearán a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach:
|
Médiateur européen |
|
1, avenue du Président Robert Schuman – BP 403 |
|
67001 STRASBOURG CEDEX |
|
FRANCE, |
faoi Airteagal 228(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gCinneadh 94/262/CEGC, CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 1994 maidir le rialacháin agus coinníollacha ginearálta d’fheidhmiú fheidhmeanna an Ombudsman (3).
Ba cheart do na hiarrthóirí a thabhairt dá n-aire nach bhfuil aon éifeacht fhionraitheach ag gearáin a dhéantar leis an Ombudsman ar an tréimhse ama a leagtar síos in Airteagal 91 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh maidir le hachomhairc a thaisceadh le Binse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh faoi Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
(1) Ní dhéanfaidh athbhreithnithe, achomhairc ná gearáin chuig an Ombudsman Eorpach aon chur isteach ar obair an choiste roghnúcháin.
(2) Féach Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1), arna leasú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 723/2004 (IO L 124, 27.4.2004, lch. 1) agus arna leasú go deireanach le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (IO L 287, 29.10.2013, lch. 15).