10.11.2015   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


Fógra folúntais CONS/AD/119

EOLAS GINEARÁLTA

Roinn

Ard-Stiúrthóireacht A, Oifig Slándála

Áit oibre

An Bhruiséil

Teideal an phoist

Stiúrthóir Slándála

Grúpa feidhme agus grád

AD 14

Tá imréiteach slándála riachtanach don phost

TRÈS SECRET UE/EU TOP SECRET

SPRIOCDHÁTA d’IARRATAIS

8 Nollaig 2015

CÉ SINNE

Cuidíonn Ardrúnaíocht na Comhairle (ARC) le Comhairle an Aontais Eorpaigh agus leis an gComhairle Eorpach. Tá an Oifig Slándála ina cuid d’Ard-Stiúrthóireacht an Riaracháin agus déanann sí slándáil inmheánach na Comhairle agus na Comhairle Eorpaí a mhaoirsiú agus a bhainistiú, mar aon leis an tslándáil sheachtrach i ndlúthchomhar le húdaráis na Beilge. Is é an misean atá aici a áirithiú go ndéanfar daoine, sócmhainní agus faisnéis a chosaint ar rioscaí slándála, agus go gcomhlíonann Ardrúnaíocht na Comhairle a cuid dualgas cúraim maidir le baill foirne agus cuairteoirí.

Tugann an Oifig Slándála cosaint do Cheannairí Stáit agus Rialtais an Aontais Eorpaigh, d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí, d’Airí Rialtais agus Ceannairí ó thríú Stáit ar cuairt, agus déanann sí maoirseacht ar chosaint ar áitreabh na Comhairle. Déanann sí cumas freagartha 24/7 a bhainistiú, cuireann sí feasacht slándála in iúl don fhoireann agus do thoscairí agus déanann sí imscrúduithe slándála. Forbraíonn sí gníomhartha dlí agus beartais maidir le faisnéis rúnaicmithe an Aontais a chosaint, lena n-áirítear maidir le córais TF rúnaicmithe. Déanann sí faireachán agus tugann sí comhairle ar conas aghaidh a thabhairt ar bhagairtí slándála ar ghnó na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle, lena n-áirítear spiaireacht. Forbraíonn sí agus comhordaíonn sí freisin beartas leanúnachais gnó na hArdrúnaíochta.

A BHFUIL Á LORG AGAINN

Tá bainisteoir dinimiciúil á earcú againn, duine ag a bhfuil cumas ceannaireachta agus cinnteoireachta chun ceannas, spreagadh agus gríosú a thabhairt d’fhoireann ar a bhfuil thart ar 160 ball foirne i dtrí aonad in eagraíocht idirnáisiúnta, ilchultúrtha agus ilteangach, lena n-áirítear i gcásanna brú ard.

Is é atá á lorg againn duine ag a bhfuil sár-chumas cumarsáide, atá an-eolach ar pholaitíocht agus ar bheartais an Aontais, ag a bhfuil acmhainneacht láidir chun fís shoiléir straitéiseach a fhorbairt agus a chur in iúl maidir le ról na slándála i gcomhthéacs an Aontais Eorpaigh sa lá atá inniu ann.

Tá duine á lorg againn a bhfuil cúlra gairmiúil aige i bpoist bhainistíochta ardleibhéil, i dtimpeallacht idirnáisiúnta más féidir, i gceann amháin nó níos mó de na réimsí a leanas: slándáil, taidhleoireacht, prótacal, eagrú agus bainistiú imeachtaí polaitiúla ar ardleibhéal. Rachaidh taithí sa mhéid a leanas chun tairbhe don iarrthóir: bainistiú riosca slándála; bainistiú clár cuimsitheach slándála; pleanáil leanúnachais gnó; forbairt beartais maidir le cosaint faisnéise rúnaicmithe agus creidiúnú córas TF rúnaicmithe. Beidh tuiscint mhaith aige/aici ar na bagairtí slándála atá ag teacht chun cinn agus maidir leis na riachtanais chun clár cuimsitheach slándála a chur chun feidhme agus rioscaí slándála a bhainistiú go héifeachtach.

Spreagann an Ardrúnaíocht cultúr na soghluaisteachta i measc bainisteoirí le go mbeidh taithí leathan acu, agus ba cheart go mbeadh na hiarrthóirí ábalta agus toilteanach dul ag obair i réimsí éagsúla gníomhaíochta le linn a ngairmréime in ARC.

CUSPÓIR FORIOMLÁN AN PHOIST

Faoi údarás an Leas-Ardstiúrthóra/Ardstiúrthóra, déanfaidh an té a cheapfar a Stiúrthóireacht a bhainistiú agus cuirfidh sé/sí comhairle ar fáil sna réimsí a bhaineann lena shainordú nó lena sainordú

Comhairle ardleibhéal beartais agus nós imeachta, anailísí agus moltaí a chur ar fáil, ó bhéal agus i scríbhinn, do na bainisteoirí sinsearacha agus don Ardrúnaí, d’Uachtaránachtaí na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle, maidir leis na hábhair uile a thagann faoi chuimsiú na stiúrthóireachta.

Ceannaireacht straitéiseach a chur ar fáil agus beartais a fhorbairt, ar choincheapa agus ar réitigh nuálacha maidir leis na hábhair uile laistigh de shainchúram na hOifige Slándála

CÚRAIMÍ

Faoi údarás an Leas-Ardstiúrthóra/Ardstiúrthóra, a Stiúrthóireacht a bhainistiú, a gníomhaíochtaí a eagrú agus tacú leis an bhfoireann agus í a spreagadh le linn di bheith i mbun a cuid oibre

Comhairle phroifisiúnta ar an leibhéal is airde maidir le hábhair shlándála agus leanúnachais gnó a thabhairt don Leas-Ardrúnaí agus don Ard-Stiúrthóir, don Ardrúnaí agus, de réir mar is gá, don Uachtaránacht agus don Chomhairle, agus d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí

Na cuspóirí atá le comhlíonadh a shainiú agus cabhrú le hiad a bhaint amach trí chlár oibre na Stiúrthóireachta a bhunú agus faireachán iomchuí ar chur chun feidhme an chláir oibre a áirithiú

Ionadaíocht a dhéanamh ar a sheirbhís/ar a seirbhís ar leibhéal an Stiúrthóra laistigh de ARC agus lasmuigh de araon, go háirithe ó thaobh an chaidrimh a bheidh aici leis an Uachtaránacht rothlach, agus leis na hinstitiúidí eile

Cáilíocht na seirbhísí agus na dtáirgí a chuireann an Stiúrthóireacht ar fáil a áirithiú

Bainistiú gairmiúil ar acmhainní na Stiúrthóireachta a áirithiú

Cumarsáid éifeachtach agus comhar éifeachtach sa Stiúrthóireacht féin agus le ranna eile in Ardrúnaíocht na Comhairle a áirithiú

A áirithiú go gcloífear leis na rialacha agus leis na nósanna imeachta atá le cur i bhfeidhm i réimsí ábhartha na Stiúrthóireachta

AN TIMPEALLACHT OIBRE

Is gá a bheith ar fáil lasmuigh de na gnáthuaireanta oibre, ag brath ar riachtanais na seirbhíse, go háirithe i gcomhair Comhairlí Eorpacha agus cruinnithe ardleibhéil eile

Misin thar lear ó am go chéile, laistigh den Aontas Eorpach de ghnáth

Ionad oibre: Foirgneamh Justus Lipsius agus foirgnimh eile de chuid na Comhairle agus na Comhairle Eorpaí

INNIÚLACHTAÍ SONRACHA

Inniúlachtaí gairmiúla

Ós rud é gurb iad an Fhraincis agus an Béarla a úsáidtear go forleathan le haghaidh cumarsáid inmheánach in ARC, beidh eolas maith ar an bhFraincis agus ar an mBéarla agus cumas cumarsáide sa dá theanga sin ag teastáil. Bheadh eolas ar theangacha oifigiúla eile de chuid an Aontais ina leas (1).

Eolas an-mhaith ar struchtúr agus ar fheidhmiú na Comhairle agus ar an gcaidreamh leis na hinstitiúidí eile

Tuiscint mhaith ar an gcomhthéacs polaitiúil agus slándála ina bhfeidhmíonn institiúidí an Aontais Eorpaigh

An cumas déileáil le faisnéis ar bhealach discréideach

Scileanna cumarsáide scríofa den scoth

Cúraimí a chur i gcrích agus torthaí a bhaint amach

Acmhainn láidir pleanála agus eagraithe oibre agus torthaí a bhaint amach (príomh-inniúlacht)

An cumas chun próisis ghnó a nuáil agus a chuíchóiriú

Buanna pearsanta

Tuiscint ghéarchúiseach ar an bhfreagracht (príomh-inniúlacht)

An cumas fadhbanna a d’fhéadfadh a bheith ann a aithint roimh ré agus a réiteach

An cumas feidhmiú i réimsí éagsúla gníomhaíochta le linn ghairmréim an duine in ARC

Scileanna idirphearsanta

An cumas idirghníomhú go héifeachtúil éifeachtach le páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha agus leis an bpobal

An cumas caidreamh oibre muiníneach a fhorbairt le páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha ábhartha ar an leibhéal sinsearach

Inniúlachtaí Bainistíochta

Obair agus acmhainní a bhainistiú, feasacht eagraíochta, cinnteoireacht, ceannaireacht agus forbairt foirne

CÉ hIAD NA DAOINE AR FÉIDIR LEO IARRATAS A DHÉANAMH

Caithfidh na coinníollacha iontrála seo a leanas a bheith á gcomhlíonadh ag na hiarratasóirí tráth a mbeidh an t-iarratas á dhéanamh:

a)

Coinníollacha ginearálta

caithfidh náisiúntacht cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh a bheith acu,

caithfidh a gcearta iomlána mar shaoránaigh a bheith á dteachtadh acu,

caithfidh gach oibleagáid a chuirtear orthu faoi na dlíthe a bhaineann le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta acu.

b)

Coinníollacha sonracha

ní mór cúrsa iomlán oideachais ollscoile a bheith críochnaithe acu arna fhianú le dioplóma (2);

caithfidh taithí ghairmiúil 15 bliana ar a laghad a bheith acu agus ní mór cúig bliana ar a laghad den taithí sin a bheith caite acu agus iad i gceannas ar eintiteas riaracháin, agus caithfidh gur chomhlíon siad na freagrachtaí bainistithe agus eagrúcháin ar bhealach éifeachtach

NÓTAÍ BREISE

Is fostóir comhdheiseanna í Ardrúnaíocht na Comhairle agus cuireann sí fáilte roimh iarratais ó iarrthóirí fireanna agus baineanna arb as an raon geografach is leithne is féidir dóibh as measc Bhallstáit an Aontais. Cuireann ARC bearta ar fáil chun réiteach a dhéanamh idir an saol gairmiúil agus an saol príobháideach agus féadfaidh sí socruithe a dhéanamh san ionad oibre do dhaoine a bhfuil míchumas orthu (chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach Iarscríbhinn I). Ós rud é nach bhfuil líon mór ban ag na leibhéil bhainistíochta is airde, chuirfí fáilte go háirithe roimh iarratais ó mhná.

Tá gá le himréiteach slándála don phost seo, lena gceadaítear rochtain ar dhoiciméid rúnaicmithe (go dtí an leibhéal TRES SECRET EU/EU TOP SECRET). Tuigfear go mbeidh na daoine a chuirfidh isteach ar an bpost seo toilteanach dul faoi scagadh slándála faoi Chinneadh Uimh. 2013/488/AE ón gComhairle (3). Ní chuirfear ceapachán chun an phoist i bhfeidhm ach amháin ar choinníoll go bhfuair an t-iarrthóir a roghnófar deimhniú bailí imréitigh slándála. Déanfar conradh sealadach a thairiscint d’iarrthóir gan imréiteach slándála go dtí go bhfaighfear toradh an nós imeachta um imréiteach slándála.

Cuirfear lárionad measúnaithe ar fáil chun tacú leis an mbord comhairleach roghnúcháin. Is bailí ar feadh dhá bhliain a bheidh na tuarascálacha a ullmhóidh an t-ionad measúnaithe.

Scrúdóidh an bord comhairleach roghnúcháin cáilíochtaí, taithí agus inspreagadh na n-iarratasóirí agus cuirfidh sé liosta iarrthóirí i dtoll a chéile a n-iarrfar orthu freastal ar an gcéad agallamh. I ndiaidh an agallaimh sin, déanfaidh an bord comhairleach réamh-roghnúchán maidir leis na hiarrthóirí a rachaidh ar aghaidh go dtí ionad measúnaithe atá á riar ag comhairleoirí seachtracha earcaíochta agus go dtí an dara hagallamh leis an mbord comhairleach roghnúcháin.

Seo a leanas an phleanáil shealadach maidir le hiarrthóirí a roghnú:

Táthar ag súil go gcuirfear na hiarrthóirí a roghnófar chun agallaimh ar an eolas faoi lár mhí na Nollag,

Beartaítear go mbeidh na chéad agallaimh ar siúl ag tús mhí Eanáir 2016,

Beartaítear go mbeidh an t-ionad measúnaithe ar siúl i lár mhí Eanáir 2016,

Táthar ag súil go mbeidh an dara babhta d’agallaimh ar siúl ag deireadh mhí Eanáir 2016.

An post foilsithe i gcomhréir le hAirteagal 29 § 2 de na Rialacháin Foirne (post bainistíochta sinsearaí).

CONAS IARRATAS A DHÉANAMH

Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratais a chur isteach an 8 Nollaig 2015.

Ba cheart na hiarratais a sheoladh trí ríomhphost chuig Selection.of.Officials-Applications.Management.Posts@consilium.europa.eu tráth nach déanaí ná an dáta deiridh.

Ní mór a áireamh sna hiarratais na nithe seo a leanas chun go mbeidh siad bailí:

a)

an fhoirm iarratais (Iarscríbhinn IV) agus í comhlíonta mar is cuí agus dátaithe; is féidir an fhoirm iarratais leictreonach a fháil ar láithreán gréasáin na Comhairle faoin nasc seo a leanas: http://www.consilium.europa.eu/en/general-secretariat/jobs/job-opportunities/

b)

litir iarratais lena ngabhfaidh curriculum vitae mionsonraithe, i mBéarla nó i bhFraincis, de rogha i bhformáid an Europass (http://europass.cedefop.europa.eu), lena gcumhdófar gairmréim iomlán an iarratasóra agus ina sonrófar, inter alia, cáilíochtaí an iarratasóra, cur amach an iarratasóra ar theangacha, taithí an iarratasóra, na cúraimí atá ar an iarratasóir faoi láthair; agus

c)

fótachóipeanna de dhioplómaí lena ndeimhnítear oideachas agus fótachóipeanna de na cáilíochtaí agus de na teastais maidir leis an taithí ghairmiúil. Caithfidh doiciméid tacaíochta teacht ó thríú páirtí agus ní leor an CV a luaitear in (b) amháin a sheoladh.

Is i dtéacs Word, i bhformáid pdf nó i bhformáid jpg a chaithfidh na doiciméid tacaíochta uile a ghabhann leis an iarratas a bheith agus caithfidh ainm (EN nó FR) agus uimhir a bheith orthu i seicheamh (Iarscríbhinn 1, Iarscríbhinn 2, etc). Ní mór liosta de na hiarscríbhinní ar fad a chur i gceangal freisin. Ní fhéachfar ar aon iarratas a gheofar trí réiteach stóráil sonraí néalbhunaithe nó trí chórais chomhchomhad.

An t-iarrthóir a roghnófar don phost, iarrfar air/uirthi bunchóipeanna na ndoiciméad thuasluaite a sholáthar.

ATHSCRÚDÚ AR IARRATAIS

Leagtar amach na nósanna imeachta maidir le hiarratais le haghaidh athbhreithnithe, achomhairc agus tarchur chuig an Ombudsman Eorpach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an bhfógra folúntais seo.

COSAINT SONRAÍ

Leagtar amach na rialacha lena rialaítear próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis an nós imeachta roghnúcháin seo in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an bhfógra folúntais seo.


(1)  Is iad seo a leanas teangacha an Aontais Eorpaigh: Béarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómainis, Seicis, Slóvaicis, Slóivéinis, Spáinnis, Sualainnis, Ungáiris.

(2)  Le hAirteagal 5(3) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (na Rialacháin Foirne), ceanglaítear nach mór do na hiarrthóirí an méid seo a leanas a bheith acu ar a laghad:

(i)

leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa ollscoile críochnaithe acu agus sin á fhianú le dioplóma nuair is é ceithre bliana nó níos mó gnáth-thréimhse an oideachais ollscoile; nó

(ii)

leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa ollscoile críochnaithe acu agus sin á fhianú le dioplóma agus taithí ghairmiúil iomchuí bliana ar a laghad nuair is trí bliana ar a laghad atá sa ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile.

(3)  IO L 274, 15.10.2013, lch. 1.


IARSCRÍBHINN I

Comhionannas Deiseanna in Ardrúnaíocht na Comhairle

Mar fhostóir, tá ARC freagrach as comhionannas deiseanna idir fir agus mná a áirithiú agus idirdhealú ar aon fhoras a chosc.

Is iad seo a leanas príomhaidhmeanna an Bheartais Comhdheiseanna atá aici:

a áirithiú go n-urramóidh na beartais acmhainní daonna agus na beartais bainistithe pearsanra atá aici prionsabail an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe,

ionadaíocht chothrom idir fir agus mná a bhaint amach, go háirithe i bpoist bhainistíochta,

staid daoine atá faoi mhíchumas a fheabhsú, ó thaobh inrochtaineacht ar a foirgnimh agus ó thaobh timpeallacht oibre atá cuimsitheach agus oiriúnaithe dá riachtanais:

D’fhéadfadh athchóiriú ar dhualgais nó ar fhreagracht, áiseanna teicniúla a chur ar fáil agus coigeartuithe eile ar an timpeallacht oibre a bheith i gceist le coigeartuithe do dhaoine atá faoi mhíchumas (“cóiríocht réasúnach”). Déanfar na bearta sin ach amháin i gcás ina gcuirfeadh siad ualach míchuí ar acmhainní na hinstitiúide.

an fhoireann atá aici a chosaint ó chiapadh san áit oibre,

riachtanais foirne chun cothromaíocht a aimsiú idir tiomantais oibre agus teaghlaigh a chur san áireamh trí phacáiste maith beart atá fabhrach do theaghlaigh, lena n-áirítear fleisc-am, teilea-obair agus comhroinnt poist, a thairiscint.

Bearta cothromaíochta oibre agus saoil

Tá córas Fleisc-ama i bhfeidhm ar fud ARC i gcomhréir le seachtain oibre 40-uair, agus deiseanna fleisc-saoire ar fáil don fhoireann neamh-bhainistíochta. Is féidir amchlár indibhidiúil, laistigh d’uaireanta creata 7.00 go dtí 20.00, a aontú i líon mór timpeallachtaí oibre.

Is féidir obair pháirtaimseartha a dheonú, mar shampla chun aire a thabhairt do leanbh cleithiúnach suas go dtí aois 12 bhliain nó 14 bliana nuair is tuismitheoir aonair an t-oifigeach.

Tá 20 seachtain de shaoire reachtúil mháithreachais agus is féidir suas go dtí dhá uair an chloig sa lá a dheonú do bheathú cíche. Tá sé de cheart ag aithreacha deich lá de shaoire atharthachta le pá a ghlacadh. Saoire do thuismitheoirí suas go dtí sé mhí in aghaidh an pháiste, nó go dtí dhá mhí dhéag do thuismitheoirí aonair, is féidir í a dheonú le liúntas ar ráta comhréidh. I gcás breoiteacht thromchúiseach a bheith ar pháiste nó i gcás é nó í a bheith faoi mhíchumas, tá saoire mháithreachais, atharthachta agus thuismitheoirí níos faide. Is féidir saoire theaghlaigh le liúntas ar ráta comhréidh a bheith ann i gcás ball teaghlaigh le breoiteacht thromchúiseach nó atá faoi mhíchumas. Deonaítear saoire speisialta i gcásanna amhail pósadh, breith nó uchtú linbh, agus bás nó breoiteacht thromchúiseach baill teaghlaigh. I gcásanna eisceachtúla, is féidir saoire gan phá ar fhorais phearsanta (CCP) a thabhairt.

Ag brath ar chúraimí agus ar thimpeallacht oibre, is féidir teilea-oibriú a dhéanamh faoin gcóras caighdeánach teilea-oibre (60 % sa bhaile agus 40 % san oifig) nó faoin gcóras ócáideach teilea-oibre (suas go dtí 20 lá sa bhliain).

Tá na háiseanna cúraim leanaí ar fáil do bhaill foirne le leanaí, de réir critéir thosaíochta: Creis ARC do leanaí idir 0 agus 4 bliana, áiseanna cúraim tar éis na scoile agus áiseanna saoire arna n-eagrú ag an gCoimisiún Eorpach agus gníomhaíochtaí tar éis na scoile ag na scoileanna Eorpacha.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, cuir ríomhphost chuig egalite-des-chances@consilium.europa.eu


IARSCRÍBHINN II

ATHBHREITHNIÚ A IARRAIDH – NÓSANNA IMEACHTA ACHOMHAIRC GEARÁIN CHUIG AN OMBUDSMAN EORPACH

Má mheasann tú, tráth ar bith le linn an nós imeachta roghnúcháin, go bhfuil tú thíos le cinneadh éigin a rinneadh, féadfaidh tú dul i muinín na modhanna seo a leanas:

Athbhreithniú a iarraidh ar na cinntí a rinne an bord comhairleach roghnúcháin

Laistigh de dheich lá ón dáta a bheidh ar an litir lena dtugtar fógra faoi chinneadh a rinne an bord comhairleach roghnúcháin, féadfaidh tú iarratas i scríbhinn ar athbhreithniú ar an gcinneadh sin a thíolacadh, ina leagfar amach na cúiseanna atá le d’iarratas, chuig an seoladh seo a leanas:

Conseil de l’Union européenne

Service “Recrutement”

Rue de la Loi 175

1048 Bruxelles

BELGIQUE

Seoladh ríomhphoist: Selection.of.officials@consilium.europa.eu

Nós imeachta achomhairc

Is féidir gearán a thaisceadh i gcoinne cinneadh ón Údarás Ceapacháin, faoi Airteagal 90(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, laistigh de thrí mhí tar éis fógra a fháil faoin gcinneadh sin, chuig:

Conseil de l’Union européenne

Unité des conseillers, DGA 1

Rue de la Loi, 175

1048 Bruxelles

BELGIQUE

Is féidir achomharc breithiúnach a chur isteach faoi Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne chuig:

Tribunal de la fonction publique de l’Union européenne

Rue du Fort niedergrünewald

2925 Luxembourg

LUXEMBOURG

Gearáin chuig an Ombudsman Eorpach

Is féidir, ar aon dul le gach saoránach eile an Aontais, gearán a dhéanamh le:

Médiateur européen

1, avenue du Président Robert Schuman

BP 403

67001 Strasbourg Cedex

FRANCE

faoi Airteagal 228(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa Chinneadh 94/262/CEGC, CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 1994 maidir leis na rialacháin agus leis na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman (1).

Tabhair faoi deara, maidir le gearáin a thaiscfear leis an Ombudsman Eorpach, nach mbeidh éifeacht fionraíochta ar bith acu maidir leis an tréimhse a leagtar síos in Airteagal 90(2) agus in Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne i ndáil le gearáin nó le hachomhairc a thaisceadh le Binse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh faoi Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 113, 4.5.1994, lch. 15.


IARSCRÍBHINN III

COSAINT SONRAÍ

Ós í Ardrúnaíocht na Comhairle an institiúid a bhfuil freagracht uirthi as an nós imeachta roghnúcháin a eagrú, áirithíonn sí go bpróiseáiltear sonraí pearsanta na n-iarratasóirí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Aontais Eorpaigh agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (1).

Is é an bunús dlí don nós imeachta roghnúcháin Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus an Cinneadh ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe an Aontais a chosaint (2013/488/AE). Is faoi fhreagracht na Stiúrthóireachta Acmhainní Daonna (DGA 1A), an tAonad Foirne agus Soghluaisteachta, a dhéantar an nós imeachta roghnúcháin a reáchtáil, agus is é ceann an aonaid sin an rialaitheoir. Beidh rochtain ag comhaltaí na hoifige um roghnú oifigeach agus ag a n-oifigigh uachtaracha, ag comhaltaí an Choiste Chomhairligh Roghnúcháin agus, i gcás inar gá, ag comhaltaí aonad na gcomhairleoirí dlí, ar an bhfaisnéis a chuireann iarratasóirí ar fáil. An fhaisnéis riaracháin lena sainaithnítear iarrthóir agus/nó eagrúchán praiticiúil an nós imeachta féin, féadfar í a sheachadadh chuig ionad measúnaithe.

Is é an cuspóir atá leis an oibríocht phróiseála sonraí a bhailiú lena sainaithneofar gach iarratasóir ar phost le hArdrúnaíocht na Comhairle agus duine a roghnú as measc na n-iarratasóirí sin.

Is iad seo a leanas na sonraí atá i gceist:

sonraí pearsanta lena bhféadfar na hiarratasóirí a shainaithint (sloinne, céadainm, dáta breithe, inscne, náisiúntacht);

faisnéis a chuireann na hiarratasóirí ar fáil chun eagrúchán praiticiúil an nós imeachta a éascú (seoladh poist, seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin);

faisnéis a chuireann na hiarratasóirí ar fáil chun go mbeifear in ann a mheas an gcomhlíonann siad na coinníollacha iontrála a leagtar síos i bhfógra an fholúntais (náisiúntacht; teangacha; cáilíochtaí na n-iarratasóirí agus an bhliain ar bronnadh iad, cineál dioplóma/céime, ainm na hinstitiúide bronnta; taithí ghairmiúil);

i gcás inarb infheidhme, faisnéis ar chineál agus ar fhad imréiteach slándála na n-iarratasóirí;

torthaí na scrúduithe a rinne na hiarratasóirí, lena n-áirítear na meastóireachtaí a rinne comhairleoirí an ionaid measúnaithe a tharraingt suas thar ceann an Choiste Roghnúcháin.

Cuirfear tús leis an bpróiseáil ar an dáta a fhaightear an t-iarratas. Cuirtear na hiarratais i gcomhad agus stóráiltear sa chartlann ar feadh dhá bhliain iad.

Féadfaidh gach iarratasóir a gceart chun rochtain ar na sonraí pearsanta a fheidhmiú chomh maith leis an gceart na sonraí sin a cheartú. Ba cheart achainíocha réasúnaithe a sheoladh trí ríomhphost chuig an oifig um roghnú oifigeach ag Selection.of.officials@consilium.europa.eu

Féadfaidh iarratasóirí dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí tráth ar bith (edps@edps.europa.eu).


(1)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.


IARSCRÍBHINN IV

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image